EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) — lena gcinntítear bia sábháilte agus beatha ainmhithe sábháilte san AE

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 — prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus nósanna imeachta maidir le sábháilteacht bia

Rialachán (AE) 2019/1381 — trédhearcacht agus inbhuanaitheacht an mheasúnaithe riosca AE sa bhiashlabhra

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Dá ngairtear an rialachán maidir le dlí ginearálta bia, neartaítear leis na rialacha maidir le sábháilteacht bia agus beathaithe in AE.
  • Bunaítear leis freisin an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA), a thacaíonn le tástáil eolaíoch agus meastóireacht bia agus beathaithe.
  • Ní chumhdaítear sa rialachán táirgeadh ar an bhfeirm le haghaidh úsáid phríobháideach ná láimhseáil bia sa bhaile.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní dhíolfar bianna ar bith atá díobhálach don tsláinte nó mí-oiriúnach lena n–ithe. Ní mór na tosca seo a leanas a chur san áireamh:
    • na gnáthchoinníollacha faoina n–úsáideann an tomhaltóir bia;
    • faisnéis a chuirtear ar fáil don tomhaltóir;
    • an tionchar ar shláinte, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma;
    • éifeachtaí tocsaineacha carnacha;
    • na híogaireachtaí áirithe sláinte i gcatagóir ar leith de thomhaltóirí i gcás go bhfuil an bia ceaptha don chatagóir tomhaltóirí sin.
  • Má tá aon bhia nó aon bheatha neamhshábháilte mar chuid de bhaisc, glactar leis nach bhfuil an bhaisc iomlán sábháilte.
  • Cuirtear reachtaíocht bia i bhfeidhm ag gach céim den bhiashlabhra, ón táirgeadh, próiseáil, iompar agus dáileachán agus go dtí an soláthar. Go háirithe, ní mór do ghnólachtaí bia:
    • inrianaitheacht bia, beathaithe agus ainmhithe bia a ráthú ag gach céim den táirgeadh agus den dáileadh;
    • bia nó beathú a bhaint den mhargadh láithreach, nó táirgí a soláthraíodh roimhe seo a aisghairm, má cheaptar go bhfuil siad sin díobhálach don tsláinte;
    • na húdaráis chuí, agus tomhaltóirí más gá, a chur ar an eolas.
  • Soláthraíonn EFSA tacaíocht eolaíoch agus theicniúil don Choimisiún Eorpach agus do thíortha AE i ngach réimse a mbíonn tionchar acu ar shábháilteacht bia. Tá sé freagrach freisin as measúnuithe riosca a chomhordú, rioscaí atá ag teacht chun cinn a aithint agus comhairle a thabhairt maidir le bainistíocht géarchéime.
  • Nuair a dhéantar riosca a shainaithint tar éis anailís riosca sláinte, féadfaidh tíortha AE agus an Coimisiún glacadh le bearta sealadacha réamhchúraim atá i gcomhréir le hardleibhéal cosanta sláinte.
  • Leis an gcóras mear-rabhaidh maidir le bia agus beatha (RASFF) a bhaineann le tíortha AE, leis an gCoimisiún agus le EFSA, déantar foráil maidir le faisnéis a roinnt maidir le:
    • bearta chun cúrsaíocht bia a theorannú, nó chun é a tharraingt siar ón mhargadh;
    • gníomh a rinneadh chun cosc, nó teorainn ar chur le bia nó beatha a chur ar an margadh nó a úsáid sa deireadh nó coinníollacha sonracha a fhorchur maidir leis sin;
    • diúltú do bhaisc de bhia allmhairithe.
  • Ní mór an fhaisnéis seo a chur ar fáil freisin don phobal i gcoitinne más cuí.
  • I gcás go bhfuil riosca tromchúiseach ag baint le bia nó beathú agus murar féidir srian a choimeád ar an riosca don tsláinte nó don chomhshaol, d’fhéadfadh trádáil agus allmhairiú táirge a chur ar fionraí a bheith i gceist le bearta cosanta éigeandála an Choimisiúin. Féadfaidh tíortha AE bearta chomhchosúla a dhéanamh mura ngníomhaíonn an Coimisiún.
  • I dteannta le EFSA agus tíortha AE, ní mór don Choimisiún plean ginearálta bainistíochta géarchéime a dhréachtú chun cásanna a chuimsiú i gcás nach leor na gnáthbhearta cosanta éigeandála. Má aithnítear cás mar sin ní mór don Choimisiún aonad géarchéime a bhunú láithreach chun go n–aithneofar na roghanna maidir le sláinte an duine a chosaint.
  • Tá sé mar aidhm ag AE freisin tomhaltóirí a chosaint ar chleachtais chalaoiseacha nó mheabhlacha sa trádáil bia, mar shampla truailliú bia (mar shampla, feoil capaill i dtáirgí mairteola), agus bonn a sholáthar do thomhaltóirí chun roghanna eolasacha a dhéanamh faoi bhia.

Leasaítear le Rialachán (AE) 2019/1381 maidir le trédhearcacht agus inbhuanaitheacht an mheasúnaithe riosca AE sa slabhra bia Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 den chuid is mó. Féachtar leis na nithe seo a leanas a dhéanamh.

  • Níos mó trédhearcachta a áirithiú: Beidh rochtain uathoibríoch ag an bpobal ar na staidéir agus ar an bhfaisnéis go léir a chuirtear isteach mar thaca le haon iarratas a dhíreofar ar an EFSA, e.g. do gach staidéar a thacaíonn le hiarratas ar údarú ag oibreoir gnó bia, go luath sa phróiseas measúnaithe riosca. Ní nochtfar faisnéis rúnda a bhfuil údar cuí léi. Rachfar i gcomhairle freisin le páirtithe leasmhara agus leis an bpobal i gcoitinne maidir leis na staidéir a chuirfear isteach. Cuirfidh an t–aiseolas a fuarthas ar chumas EFSA rochtain a fháil ar an mbonn fianaise is leithne is féidir sula dtabharfaidh sé a chomhairle eolaíoch.
  • Neamhspleáchas agus stóinseacht na staidéar eolaíoch a chuirfear isteach a mhéadú: Cuirfear EFSA ar an eolas faoi gach staidéar, nuair a dhéanfar iad a choimisiúnú, d’fhonn nós imeachta iarratais a dhéanamh amach anseo, le linn na céime réamhiarratais. Áiritheofar dá réir go gcuirfidh cuideachtaí a bheidh iarratas á dhéanamh acu ar údaruithe an fhaisnéis ábhartha uile ar aghaidh agus nach gcoimeádfaidh siad siar staidéir neamhfhabhracha. Cuirfidh EFSA comhairle ghinearálta ar fáil d’iarratasóirí, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, sula gcuirfear an sainchomhad isteach. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar EFSA staidéir bhreise a choimisiúnú chun críocha fíoraithe in imthosca eisceachtúla ina bhfuil conspóidí tromchúiseacha nó torthaí contrártha. Déanfaidh an Coimisiún misin aimsithe fíricí freisin chun comhlíonadh saotharlann maidir leis na caighdeáin is infheidhme maidir le staidéir a dhéanamh a sheoladh chuig EFSA a fhíorú. Cuirfear toradh na misean aimsithe fíricí i láthair i dtuarascáil fhorléargais.
  • Rialachas agus comhar eolaíoch a neartú: Beidh tíortha AE, an tsochaí shibhialta agus Parlaimint na hEorpa páirteach i rialachas EFSA trí ionadaíocht chuí a bheith acu ina bhord bainistíochta. Déanfaidh tíortha AE cumas eolaíoch EFSA a spreagadh chun forbairt a dhéanamh, mar shampla, trí thionscadail chomhpháirteacha agus trí dhea–chleachtais a roinnt, agus tabharfaidh siad faoi ghníomhaíochtaí cur chun cinn chun a áirithiú go n–earcófar na saineolaithe neamhspleácha is fearr in obair EFSA.
  • Cumarsáid chuimsitheach maidir le rioscaí a fhorbairt: glacfar le plean ginearálta maidir le cumarsáid maidir le rioscaí trí ghníomh cur chun feidhme chun creat cuimsitheach cumarsáide maidir le rioscaí a áirithiú ar fud an phróisis anailíse riosca, in éineacht le hidirphlé oscailte i measc na bpáirtithe leasmhara uile.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 i bhfeidhm ón 21 Feabhra 2002.

Beidh feidhm ag na rialacha nua atá i Rialachán leasaitheach (AE) 2019/1381 ón 27 Márta 2021.

CÚLRA

Leasaítear le Rialachán (AE) 2019/1381 ocht ngníomh earnála eile freisin (i.e. gníomhartha a bhaineann le hearnálacha gaolmhara ar leith), maidir le gnéithe trédhearcachta:

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta an dlí bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta maidir le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lgh. 1-24)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) 2019/1381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le trédhearcacht agus inbhuanaitheacht mheasúnú an Aontais ar rioscaí sa bhiashlabhra lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003, Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, Rialachán (AE) 2015/2283 agus Treoir 2001/18/CE (IO L 231, 6.9.2019, lgh. 1-28)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n–aisghairtear Treoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lgh. 1-175)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (IO L 327, 11.12.2015, lgh. 1-22)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n–aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lgh. 1-50)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lgh. 1-6)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus nithe a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia agus lena n–aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lgh. 4-17)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n–úsáid i gcothú ainmhithe (IO L 268, 18.10.2003, lgh. 29-43)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha géinmhodhnaithe (IO L 268, 18.10.2003, lgh. 1-23)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 01.07.2022

Top