EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Measúnú ar éifeachtaí tionscadal ar an gcomhshaol

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2011/92/AE maidir le measúnú ar na héifeachtaí a bhíonn ag tionscadail áirithe phoiblí agus phríobháideacha ar an gcomhshaol

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá sé mar aidhm leis an treoir, ar a dtugtar Treoir MTC:

  • ardleibhéal cosanta comhshaoil a áirithiú;
  • déantar breithnithe comhshaoil a chomhtháthú in ullmhú agus údarú na dtionscadal.

Baintear an cuspóir sin amach trína n–áirithiú go ndéanfar measúnú comhshaoil na dtionscadal áirithe poiblí agus príobháideach atá liostaithe in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II den treoir (aerfoirt, suiteálacha núicléacha, iarnróid, bóithre, suiteálacha diúscartha dramhaíola, ionaid chóireála fuíolluisce, etc.).

Tá feidhm ag Treoir MTC maidir le réimse leathan tionscadal poiblí agus príobháideach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Sainítear i dTreoir 2011/92/AE próiseas an mheasúnaithe ar an tionchar ar an gcomhshaol (MTC) lena n–áirithítear go ndéanfar measúnú ar thionscadail ar dócha go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar an gcomhshaol, sula ndéanfar iad a údarú.

Glacadh reachtaíocht leasaitheach (Treoir 2014/52/AE) in 2014. I gcomhréir leis an bhfeachtas le haghaidh rialáil chliste, déantar an méid seo a leanas léi:

  • cuidítear leis an ualach riaracháin a laghdú;
  • cuirtear feabhas ar leibhéal chosaint an chomhshaoil chun cinntí gnó níos sláine, níos intuartha agus níos inbhuanaithe ar infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a cheadú;
  • cuirtear san áireamh na bagairtí agus na dúshláin atá tagtha chun cinn ó tháinig na rialacha bunaidh i bhfeidhm 30 bliain ó shin. Ciallaíonn sé sin go dtugtar níos mó airde do ghnéithe amhail éifeachtúlacht acmhainní, athrú aeráide agus cosc tubaistí, agus tá siad léirithe ar bhealach níos fearr sa phróiseas measúnaithe anois.

Is iad seo a leanas na príomhleasuithe:

  • Féadfaidh tíortha AE a nósanna imeachta éagsúla maidir le measúnú ar an gcomhshaol a shimpliú.
  • achair ama tugtha isteach le haghaidh chéimeanna éagsúla na measúnuithe comhshaoil.
  • Tá an nós imeachta um thástáil, lena ndearbhaítear cibé acu an bhfuil gá le MTC nó nach bhfuil, simplithe.
  • Ní foláir mó go mbeidh cinntí spreagtha go cuí i bhfianaise na gcritéar nuashonraithe maidir le tástáil.
  • Ní mór tuarascálacha MTC a dhéanamh níos intuigthe don phobal, go háirithe maidir le measúnuithe ar staid reatha an chomhshaoil agus roghanna eile ar an tionscadal i gceist.
  • cáilíocht agus ábhar na dtuarascálacha feabhsaithe. Ní mór do na húdaráis inniúla feabhas a chur ar a n–oibiachtúlacht chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint.
  • Ní foláir nó go mbeidh na forais maidir le cinntí tola maidir le forbairt* níos soiléire agus níos trédhearcaí don phobal.
  • Má bhíonn éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar an gcomhshaol i gceist le tionscadal, beidh sé d’oibleagáid ar na forbróirí na héifeachtaí sin a sheachaint, a chosc nó a laghdú. Ní mór monatóireacht a dhéanamh ar na tionscadail sin.

Próiseas an MTC

Oibrítear próiseas an MTC mar a leanas:

  • féadfaidh forbróir an tionscadail a iarraidh ar an údarás inniúil cad ba cheart a chumhdach faoin bhfaisnéis MTC atá le soláthar (céim scópála) a shainiú;
  • ní mór don fhorbróir faisnéis a sholáthar maidir leis an tionchar ar an gcomhshaol (i bhfoirm tuarascáil MTC a bheidh dréachtaithe i gcomhréir le hIarscríbhinn IV den treoir);
  • ní mór na húdaráis um chomhshaol agus an pobal, chomh maith leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha (chomh maith le tíortha AE ar bith lena mbaineann) a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo;
  • déanann an t–údarás inniúil cinneadh ag cur san áireamh torthaí na gcomhairliúchán; cuimsítear sa chinneadh sin chomh maith conclúid réasúnaithe maidir le héifeachtaí suntasacha an tionscadail;
  • cuireann an t–údarás an pobal ar an eolas faoina chinneadh;
  • is féidir leis an bpobal dul i gcoinne an chinnidh os comhair na gcúirteanna.

Comhairliúcháin phoiblí

Tá comhairliúchán leis an bpobal ina ghné thábhachtach de phróiseas an MTC. Chun rannpháirtíocht éifeachtach an phobail a áirithiú, ní mór tuarascáil an MTC agus faisnéis eile a chur ar fáil a luaithe is féidir. Is féidir é sin a dhéanamh ar mhodh leictreonach, trí fhógraí poiblí nó trí fhógráin a phostáil nó trí na nuachtáin áitiúla.

Freagracht na n–údarás náisiúnta

Ní mór do na húdaráis cinneadh a dhéanamh laistigh de thréimhse ama réasúnta faoi cibé an ndéanfar nó nach ndéanfar tionscadal a cheadú. Ní mór dóibh ábhar cinnidh dhearfaigh a chur ar fáil don phobal, agus do chomhlachtaí comhshaoil, áitiúla agus réigiúnacha, lena n–áirítear na príomhchúiseanna ar chinn siad an tionscadal a cheadú agus na coinníollacha comhshaoil nó coinníollacha ar bith eile a chuirfidís leis an tionscadal. Má dhiúltaíonn siad do chead forbartha, ba cheart dóibh an fáth a thabhairt.

Féadfaidh tíortha AE coinníollacha níos déine a leagan síos agus pionóis le haghaidh sáruithe a shocrú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm le Treoir 2011/92/AE ón 17 Feabhra 2012. Déantar 4 threoir níos luaithe a chódú léi (85/337/CEE, 97/11/CE, 2003/35/CE agus 2009/31/CE) a ndearnadh dlí den chéad cheann díobh an 3 Iúil 1988.

Tá feidhm le Treoir 2014/52/AE ón 25 Aibreán 2014 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 16 Bealtaine 2017.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cinneadh tola maidir le forbairt: cinneadh a dhéanann na húdaráis inniúla chun tionscadal a cheadú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú ar na héifeachtaí a bhíonn ag tionscadail áirithe phoiblí agus phríobháideacha ar an gcomhshaol (códú) (IO L 26, 28.1.2012, lgh. 1-21)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2011/92/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 23.07.2018

Top