EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Gnóthú ar ghal peitril ag stáisiúin líonta ar son aeir níos glaine

Déanann gala peitril, a astaítear nuair a bhíonn mótarfheithiclí á n-athlíonadh, dochar do shláinte an duine agus don chomhshaol. Le treoir 2009, tá gníomh á dhéanamh ag an Aontas Eorpach (AE) chun gala dá leithéid a ghnóthú.

GNÍOMH

Treoir 2009/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le gnóthú céim II ar ghal peitril nuair a bhíonn mótarfheithiclí á n-athlíonadh ag stáisiúin peitril

ACHOIMRE

Déanann gala peitril, a astaítear nuair a bhíonn mótarfheithiclí á n-athlíonadh, dochar do shláinte an duine agus don chomhshaol. Le treoir 2009, tá gníomh á dhéanamh ag an Aontas Eorpach (AE) chun gala dá leithéid a ghnóthú.

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Cinntítear leis go ndéanfar gal peitril contúirteach a ghnóthú, a bheadh astaithe, murach é, nuair a bheadh mótarfheithicil á hathlíonadh ag stáisiún peitril. Beidh gá na caidéil pheitril i neart stáisiún peitril AE a fheistiú freisin chun an gal seo a ghnóthú.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Baineann an treoir seo le stáisiúin peitril nua agus athchóirithe go mór a bhfuil tréchur bliantúil de bhreis ar 500 m3 de pheitreal acu, agus stáisiúin peitril le tréchur bliantúil de bhreis ar 100 m3 atá lonnaithe faoi chóiríochtaí maireachtála. Ní mór dóibh córais um ghnóthú ar ghal peitril (PVR) céim II a shuiteáil.
  • Ní mór do stáisiúin peitril mhóra a bhfuil tréchur bliantúil 3 000 m3 acu córais PVR a shuiteáil faoi 2018.
  • Ní mór an trealamh PVR a bheith deimhnithe ag an déantóir faoi réir na gcaighdeán teicniúla ábhartha, agus a bheith in ann 85 % de ghal peitril, ar a laghad, a ghnóthú.
  • Ní mór éifeachtúlacht an trealaimh PVR a thástáil uair amháin gach bliain, nó gach 3 bliana má tá trealamh monatóireachta uathoibríoch ag an stáisiún peitril.
  • Ní mór do stáisiúin peitril a shuiteálann trealamh PVR fógra a thabhairt do thomhaltóirí maidir leis an trealamh trí chomhartha, greamán nó fógra eile a chur ar an dáileoir peitril nó timpeall air.
  • Déantar na modhanna tástála agus caighdeáin a mbaintear úsáid astu chun éifeachtúlachta na gcóras PVR a chinneadh a chomhchuibhiú faoi Threoir 2014/99/AE.

CÚLRA

Meascán casta is ea peitreal d’ábhair orgánacha sho-ghalaithe a ghalaíonn go réidh san aer agus a chuireann le roinnt fadhbanna truaillithe. Áirítear leo sin leibhéil iomarcacha den bheinséin nimhiúil san aer comhthimpeallach agus déanmhaíocht fhótaiceimiceach d’ózón atá ina thruailleán aeir is cúis le galair riospráide amhail asma. Ina theannta sin, is gás ceaptha teasa é ózón.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach stóráil agus dáileadh peitril ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Treoir 2009/126/CE

31.10.2009

1.1.2012

IO L 285, 31.10.2009, lgh. 36-39

Gníomh leasaitheach/Gníomhartha leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Treoir 2014/99/AE

12.11.2014

12.5.2016

IO L 304, 23.10.2014, lgh. 89-90

Nuashonraithe 11.08.2015

Top