EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An clár fuinnimh Eorpach do théarnamh

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 — clár chun cúnamh leis an téarnamh eacnamaíoch trí chúnamh airgeadais AE a dheonú do thionscadail sa réimse fuinnimh

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis an clár fuinnimh Eorpach do théarnamh (CFET) chun tionscadail i bpríomhréimsí na hearnála fuinnimh a mhaoiniú:

  • bonneagar gáis agus leictreachais*;
  • fuinneamh gaoithe amach ón gcósta*; agus
  • gabháil agus stóráil charbóin*.

Bunaíodh é le tacú leis an méid seo a leanas in AE:

  • téarnamh eacnamaíoch ó ghéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais 2008; agus
  • cuspóirí beartais fuinnimh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Maoinítear faoin gclár tionscadail maidir le bonneagar gáis agus leictreachais a bhfuil sé mar aidhm leo:

  • foinsí fuinnimh agus soláthairtí a fháil agus a éagsúlú;
  • idir-inoibritheacht (idirnascadh) líonraí a dhéanamh sábháilte agus iontaofa;
  • acmhainn an líonra a fhorbairt agus a bharrfheabhsú; agus
  • foinsí inathnuaite fuinnimh a nascadh leis an eangach nó líonra fuinnimh.

Tugtar maoiniú i leith tionscadail fuinnimh gaoithe amach ón gcósta nuair a chomhlíonann siad critéir áirithe ina gcuirtear san áireamh tógáil an bhonneagair, gnéithe nuálacha an tionscadail agus cion an tionscadail leis an eangach fuinnimh gaoithe reatha.

Tugtar maoiniú i leith tionscadail ghabhála agus stórála carbóin nuair a léirítear sa tionscadal gur féidir 80 % ar a laghad de dhí-ocsaíd charbóin (CO2) a ghabháil i suiteálacha tionsclaíocha leis.

Is ionann iomlán bhuiséad an chláir agus EUR 3.98 billiún, agus tá sé miondealaithe mar a leanas:

  • EUR 2.3 billiún i leith tionscadal maidir le bonneagar gáis (EUR 1.4 billiún) agus leictreachais (EUR 910 mhilliún);
  • EUR 565 milliún i leith tionscadail fuinnimh gaoithe amach ón gcósta;
  • EUR 15 mhilliún i leith 2 thionscadal ar oileáin bheaga;
  • EUR 1.05 billiún i leith 13 thionscadal maidir le gabháil agus stóráil charbóin;
  • EUR 146 mhilliún i leith ionstraim airgeadais an chláir, a cuireadh ar bun níos déanaí faoi Rialachán (AE) Uimh. 1233/2010 lenar leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 chun tacú le tionscadail a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh.

Tá an ról anois faoin gCiste Eorpach don Éifeachtúlacht Fuinnimh, a bunaíodh in 2011, maidir le hairgead a leithdháileadh ar thionscadail ina dtacaítear leis an éifeachtúlacht fuinnimh. Tacaíonn sé le tionscadail faoina gcumhdaítear:

  • foirgnimh phoiblí agus phríobháideacha ina gcuimsítear réitigh éifeachtúlachta fuinnimh agus/nó fuinnimh inathnuaite, lena n–áirítear na cinn ina mbaintear leas as teicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide (TFCanna);
  • infheistíochtaí le haghaidh cumhachta is teas in éineacht le hardéifeachtúlacht fuinnimh, lena n–áirítear micrea-chomhghiniúint, agus gréasáin téite/fuaraithe ceantair, go háirithe ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh.
  • foinsí in-athnuaite fuinnimh díláraithe atá lonnaithe i suímh áitiúla agus na foinsí sin a chomhtháthú in eangacha leictreachais;
  • micrighiniúint ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh;
  • iompar uirbeach glan lena dtacaítear le héifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe agus lena gcomhtháthaítear foinsí inathnuaite fuinnimh (iompar poiblí, feithiclí leictreacha agus hidrigin);
  • bonneagar áitiúil, lena n–áirítear soilsiú poiblí lasmuigh amhail soilsiú, réitigh stórála leictreachais, méadrú cliste, agus eangacha cliste, lena mbaintear leas iomlán as TFCanna;
  • teicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh inathnuaite lena mbaineann acmhainn nuálaíochta agus eacnamaíoch ag baint leas as na nósanna imeachta is fearr atá ar fáil.

Tuarascálacha

Foilsíonn an Coimisiún Eorpach tuarascálacha gach bliain maidir le cur chun feidhme CFETanna. Léirítear an méid seo a leanas i dtuarascáil ar CFET a foilsíodh in 2018 i ndiaidh 7 mbliana de chur chun feidhme:

  • cuireadh 35 thionscadal as 44 thionscadal bonneagair gáis agus leictreachais i gcrích;
  • tá 4 thionscadal as 9 dtionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta i bhfeidhm; agus
  • níor cuireadh ach 1 cheann amháin de na 6 thionscadal gabhála agus stórála i gcrích agus cuireadh deireadh le 3 cinn díobh roimh am.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Lúnasa 2009.

CÚLRA

Tá CFET ina chuid den phlean don téarnamh eacnamaíoch, a bunaíodh chun éifeachtaí na géarchéime airgeadais agus fuinnimh a bhuail an geilleagar Eorpach in 2008 a leigheas.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Bonneagar gáis agus leictreachais:
  • gach líne ardvoltais, seachas líonraí dáileacháin, agus nasc fo-uisce, ar an gcoinníoll go mbaintear úsáid as an mbonneagar sin le haghaidh tarchur nó nasc idir-réigiúnach nó idirnáisiúnta;
  • píblínte gáis ardbhrú, seachas na cinn sin a bhaineann le líonraí dáileacháin;
  • saoráidí stórála faoi thalamh atá nasctha leis na píblínte gáis ardbhrú;
  • saoráidí glactha, stórála agus athghásaithe le haghaidh gás nádúrtha leachtaithe; agus
  • trealamh nó suiteálacha ar bith is gá ionas go n–oibreoidh na cineálacha bonneagair thuasluaite mar is ceart, lena n–áirítear córais chosanta, faireacháin agus rialaithe.
Tionscadail fuinnimh gaoithe amach ón gcósta: feirmeacha gaoithe ar muir.
Gabháil agus stóráil charbóin: dóigh le laghdú a dhéanamh ar an athrú aeráide a bhaineann le gabháil CO2 ó shuiteálacha tionsclaíocha, a iompar go láithreán stórála agus a instealladh i bhfoirmíochtaí geolaíocha faoi thalamh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear clár chun cúnamh leis an téarnamh eacnamaíoch trí chúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú do thionscadail sa réimse fuinnimh (IO L 200, 31.7.2009, lgh. 31-45)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Ar chur i bhfeidhm an Chláir Fuinnimh Eorpaigh do Théarnamh (COM(2018) 86 críochnaitheach, 5.3.2018).

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Ar chur i bhfeidhm an Chláir Fuinnimh Eorpaigh do Théarnamh agus an Chiste Eorpaigh don Éifeachtúlacht Fuinnimh (COM(2016) 743 críochnaitheach, 28.11.2016).

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Ar chur i bhfeidhm an Chláir Fuinnimh Eorpaigh do Théarnamh agus an Chiste Eorpaigh don Éifeachtúlacht Fuinnimh (COM(2015) 484 críochnaitheach, 8.10.2015).

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Ar chur i bhfeidhm an Chláir Fuinnimh Eorpaigh do Théarnamh (COM(2014) 669 críochnaitheach, 28.10.2014).

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Ar chur i bhfeidhm an Chláir Fuinnimh Eorpaigh do Théarnamh (COM(2013) 791 críochnaitheach, 18.11.2013).

Doiciméad oibre fhoireann an Choimisiúin — Athbhreithniú meántéarma ar an gCiste Eorpach don Éifeachtúlacht Fuinnimh — Tuarascáil doiciméid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Ar chur i bhfeidhm an chláir fuinnimh Eorpaigh do Théarnamh (SWD(2013) 457 críochnaitheach, 18.11.2013)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle Eorpach — Plean Eorpach don Téarnamh Eacnamaíoch (COM(2008) 800 críochnaitheach, 26.11.2008)

Nuashonraithe 14.09.2018

Top