EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Éifeachtúlacht fuinnimh don sprioc 2020

Chomhaontaigh ceannairí an Aontais Eorpaigh (AE) i mí an Mhárta 2007 go mbainfí amach laghdú de 20 % maidir le hídiú réamh-mheasta fuinnimh AE faoi 2020. Is ionann é sin agus 400 stáisiún cumhachta a dhúnadh. I mí Dheireadh Fómhair 2014, chomhaontaigh siad go mbainfí amach sprioc mhéadaithe um choigilt fuinnimh* de 27 %, nó níos mó, faoi 2030.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún - Éifeachtúlacht fuinnimh: an sprioc 20 % a chomhlíonadh (COM(2008) 772 final an 13 Samhain 2008).

ACHOIMRE

Chomhaontaigh ceannairí an Aontais Eorpaigh (AE) i mí an Mhárta 2007 go mbainfí amach laghdú de 20 % maidir le hídiú réamh-mheasta fuinnimh AE faoi 2020. Is ionann é sin agus 400 stáisiún cumhachta a dhúnadh. I mí Dheireadh Fómhair 2014, chomhaontaigh siad go mbainfí amach sprioc mhéadaithe um choigilt fuinnimh* de 27 %, nó níos mó, faoi 2030.

CÉARD A DHÉANANN AN TEACHTAIREACHT?

Déantar anailís sa teachtaireacht ar an dul chun cinn atá déanta cheana féin ag AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh* níos fearr a bhaint amach. Aithnítear tosca spreagthacha agus bacainní sa teachtaireacht freisin agus leagtar amach inti mionsonraí faoin phacáiste um éifeachtúlacht fuinneamh, a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún é a chur in iúl.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá na bearta seo a leanas sa phacáiste:

  • Cuirfear leis an reachtaíocht reatha maidir le héifeachtúlacht fuinnimh na bhfoirgneamh chun tuilleadh áitreabh a chur san áireamh. Creideann an Coimisiún gur féidir laghdú de 30 % a bhaint amach maidir le húsáid fuinnimh san earnáil seo.
  • An reachtaíocht lipéadaithe lena n-ordaítear gur gá mionsonraí faoi úsáid fuinnimh an táirge a thabhairt le haghaidh fearas leictreach teaghlaigh reatha, cuirfear i bhfeidhm freisin í maidir le táirgí a úsáideann fuinneamh tráchtála agus tionsclaíoch agus le táirgí gaolmhara, amhail na fuinneoga agus na mótair a úsáidtear i bhfoirgnimh.
  • Cuirfear reachtaíocht nua um lipéadú fuinnimh ar bord chun úsáid bonn breosla-éifeachtúil a spreagadh. Is féidir an roth stiúrtha a chasadh le níos lú neart buíochas leis na boinn seo agus úsáidtear níos lú breosla dá bharr.
  • Déanfar bearta reatha maidir le comhghiniúint leictreachais agus teasa a neartú.

Ina dhiaidh sin, sa bhliain 2011, mhol an Coimisiún plean um éifeachtúlacht fuinnimh lena chinntiú go mbainfear an sprioc de laghdú 20 % amach agus go gcabhrófar le geilleagar ísealcharbóin atá tíosach ar acmhainní a chur ar bun faoi 2050.

Sa bhliain 2012, ghlac an AE le treoir nua maidir le héifeachtúlacht fuinnimh. Leagtar síos sa treoir seo rialacha maidir le soláthar agus le húsáid fuinnimh níos éifeachtúla, mar aon le spriocanna náisiúnta táscacha um éifeachtúlacht fuinnimh.

CÚLRA

Baineann a lán buntáistí le héifeachtúlacht fuinnimh. Is féidir léi cabhrú le teaghlaigh agus le gnóthais a mbillí breosla a laghdú, spleáchas na hEorpa ar sholáthróirí seachtracha ola agus gáis a laghdú, dul i ngleic leis an athrú aeráide agus inbhuanaitheacht agus iomaíochas an gheilleagair AE a mhéadú.

Féach láithreán gréasáin um fhuinneamh agus um an comhshaol de chuid an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.

EOCHAIRTHÉARMAÍ

Éifeachtúlacht fuinnimh: níos lú fuinnimh a úsáid chun an tseirbhís chéanna a chur ar fáil. Mar shampla: cuisneoirí agus meaisíní níocháin atá tíosach ar fhuinneamh.

Coigilt fuinnimh: seirbhís a laghdú nó déanamh gan seirbhís chun fuinneamh a choigilt; Mar shampla: solas a mhúchadh.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (Iris Oifigiúil L 315, 14.11.2012, lgh. 1-56).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Plean maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh 2011 (COM(2011) 109 final, 8.3.2011).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Éifeachtúlacht Fuinnimh agus an méid a chuireann sí le slándáil fuinnimh agus leis an gcreat um beartas aeráide agus fuinnimh 2030 (COM(2014) 520 final, 23.7.2014).

Nuashonraithe 09.04.2015

Top