EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Iarrtar ann ar thíortha AE straitéisí náisiúnta a ghlacadh ina ndírítear ar fheabhas a chur ar chás eacnamaíoch agus sóisialta na Romach faoi 2020.
Cuireann an Coimisiún Eorpach spriocanna coiteanna maidir le cuimsiú phobal na Romach i láthair lena gcomhlánaítear cuspóirí straitéis Eoraip 2020.
Chun difríochtaí leis an gcuid eile den phobal a laghdú, roimh dheireadh 2011, bhí ar thíortha AE straitéisí maidir le himeascadh nó pacáistí beart beartais a mholadh ina ndírítear ar fheabhas a chur ar rochtain na Romach ar:
Measúnú ar straitéisí
Bhí ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na straitéisí sin in 2012 agus monatóireacht a dhéanamh ar a gcur chun feidhme, trí bhíthin sásra monatóireachta lenar bhain grúpaí éagsúla. Maidir leis sin, bhí sé le tuarascálacha bliantúla monatóireachta a thabhairt don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa.
Ar deireadh, féachadh sa teachtaireacht le hathchóirithe a spreagadh agus leis an Ardán Eorpach um Chuimsiú na Romach a neartú.
Cur chun feidhme na straitéisí náisiúnta
Bhíothas le spriocanna náisiúnta maidir le cuimsiú na Romach a leagan síos, ag cur san áireamh na riachtanais, na srianta agus na cásanna éagsúla i ngach tír AE.
Bhíothas le straitéisí maidir le himeascadh a ullmhú ina raibh na páirtithe lena mbaineann páirteach, go háirithe na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, an tsochaí shibhialta agus ionadaithe Romach.
Bhíothas le pointe náisiúnta teagmhála aonair a chruthú i ngach tír AE chun monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí.
Maoiniú
Bhíothas le foinsí maoinithe le haghaidh straitéisí náisiúnta a shainaithint go soiléir. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh an maoiniú sin ó bhuiséid náisiúnta, cistí struchtúracha nó maoiniú eile AE (amhail an Ionstraim mhicreamhaoiniúcháin don dul chun cinn nó an tionscnamh Eorpach um Nuálaíocht Shóisialta) nó deontais idirnáisiúnta.
Méadú ar AE
Baineann na spriocanna Eorpacha le haghaidh imeascadh na Romach leis na tíortha lena mbaineann beartas AE maidir le méadú. Geallann an Coimisiún go dtacóidh sé le hiarrachtaí na dtíortha sin, lena n-áirítear an maoiniú atá ar fáil a mhéadú.
Lena chois sin, déanann an Coimisiún monatóireacht ar dhul chun cinn gach tíre agus cuirtear i láthair an dul chun cinn sin sna tuarascálacha bliantúla um méadú.
Moladh ón gComhairle
In 2013, ghlac an Chomhairle moladh maidir le bearta éifeachtacha um chuimsiú na Romach. Cumhdaíodh faoi sin gníomh chun imeascadh an Romach a neartú iontu seo a leanas:
Chuathas i ngleic ann chomh maith le ceisteanna amhail:
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Creat AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le hImeascadh na Romach go dtí 2020 (COIM(2011) 173 leagan deireanach, 5.4.2011)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Aontas Comhionannais: Creat straitéiseach Rómach AE maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht (COM(2020) 620 final, 7.10.2020)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Tuarascáil maidir le cur chun feidhme straitéisí náisiúnta um imeascadh na Rómhach — 2019 (COM(2019) 406 final, 5.9.2019)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Tuarascáil um measúnú ar Chreat AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le hImeascadh na Romach go dtí 2020 (COM(2018) 785 final, 4.12.2018)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Athbreithniú meántéarma ar chreat AE do straitéisí náisiúnta maidir le himeascadh na Romach (COM(2017) 458 final, 30.8.2017)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme Chreat AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le hImeascadh na Romach agus an Mholta ón gComhairle maidir le bearta éifeachtacha maidir le himeascadh na Romach sna Ballstáit — 2016 (COM(2016) 424 final, 27.6.2016)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Tuarascáil ar chur chun feidhme Chreat AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le hImeascadh na Romach 2015 (COM(2015) 299 críochnaitheach, 17.6.2015)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Tuarascáil ar chur chun feidhme Chreat AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le hImeascadh na Romach (COM(2014) 209 final, 2.4.2014)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Céimeanna ar aghaidh ar chur i bhfeidhm Straitéisí Náisiúnta maidir le hImeascadh na Romach (COM(2013) 454 final, 26.6.2013)
Moladh ón gComhairle an 9 Nollaig 2013 maidir le bearta éifeachtacha um imeascadh na Romach sna Ballstáit (OJ C 378, 24.12.2013, lgh. 1-7)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — “Straitéisí Náisiúnta maidir le hImeascadh na Romach: an chéad chéim i gcur chun feidhme Chreat an Aontais Eorpaigh ” (COM (2012) 226 final, 21.5.2012)
Nuashonraithe 03.06.2021