EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Foréigean in aghaidh ban agus cailíní: Treoirlínte AE

 

ACHOIMRE AR:

Treoirlínte AE maidir le foréigean in aghaidh ban agus cailíní agus gach cineál idirdhealaithe ina gcoinne a chomhrac

CAD É IS AIDHM NA DTREOIRLÍNTE SEO?

  • Tá AE tiomanta do ghníomh fadtéarmach maidir le cearta ban, ag díriú ar fhoréigean in aghaidh ban* agus cailíní a chomhrac.
  • Leagtar spriocanna síos sna treoirlínte chun gníomh agus tiomantas ó thíortha AE agus ón gcuid eile den domhan a spreagadh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is rud é foréigean in aghaidh ban agus cailíní atá ag tarlú ar fud an domhain, agus bunús na faidhbe i neamhionannais eacnamaíocha agus chumhachta idir fir agus mná, i ngnásanna, traidisiúin, luachanna reiligiúnacha, éagobhsaíocht pholaitiúil agus coimhlint armtha.

Bíonn iarmhairtí tromchúiseacha aige do shláinte fhisiceach agus do mheabhairshláinte íospartach, chomh maith leis an tsochaí tríd is tríd.

Tá trí aidhm sna treoirlínte atá nasctha le chéile:

  • cosc a chur ar fhoréigean in aghaidh ban agus cailíní;
  • cosaint agus tacaíocht d’íospartaigh;
  • iad siúd dhéanann coireanna i bhforéigean den sórt sin a ionchúiseamh.

Chun iad sin a bhaint amach, le comhoibriú thíortha AE, féachtar sna treoirlínte chun:

  • comhionannas a chur chun cinn agus idirdhealú a chomhrac in aghaidh na mban, ag aithint go méadaítear an baol go ndéanfaí foréigean ar mhná mar gheall ar shrianta ar chearta socheacnamaíocha agus polaitiúla;
  • díriú ar reachtaíocht agus ar bheartais phoiblí ina ndéantar idirdhealú i gcoinne ban agus cailíní, an t-idirdhealú sa saol príobháideach agus steiréitíopáil ar bhonn inscne a chomhrac;
  • bailiú sonraí a fheabhsú, agus bealaí níos fearr a aimsiú chun na comharthaí go bhfuil foréigean á dhéanamh in aghaidh na mban a aithint;
  • straitéisí comhoibritheacha a dhearadh a oibríonn i ndáiríre, agus baint ag gach duine aonair agus earnáil sa tsochaí leo, lena n-áirítear polaiteoirí agus na meáin;
  • ceist a ardú faoi shaoirse ó phionós * dóibh siúd a bhíonn i mbun foréigin, agus a dhéanamh cinnte go mbeidh siad cuntasach as;
  • a áirithiú go ndéanfar imscrúdú go tapa agus i ndáiríre ar ghníomhartha foréigin, agus go n-oibríonn an córas ceartais choiriúil ar bhealaí ina spreagtar mná chun fianaise a thabhairt;
  • oiliúint i bhforfheidhmiú an dlí, cúnamh dlí, cosaint d’íospartaigh agus d’fhinnéithe a fheabhsú, agus dálaí a chruthú ionas nach mbeidh íospartaigh ag brath ar bhonn eacnamaíoch a thuilleadh ar na daoine sin a bhíonn ag gabháil do fhoréigean.

Ardóidh AE an tsaincheist go rialta lasmuigh den Aontas Eorpach, lena n-áirítear ag na Náisiúin Aontaithe (NA). Déanfar tagairt freisin do chearta ban i ngach ceann de shainorduithe ionadaithe agus toscairí speisialta AE. Go háirithe, spreagfaidh AE tíortha chun Coinbhinsiún AE maidir le gach cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW).

Tá sé mar aidhm ag AE cosc a chur ar fhoréigean agus tacú le híospartaigh trí thacaíocht do na nithe seo a leanas:

  • rochtain ar chearta d’íospartaigh an fhoréigin;
  • ról Rapóirtéir Speisialta NA maidir le foréigean in aghaidh na mban i gcásanna ina bhfuil foréigean forleathan agus go dtarlaíonn sé gan aon phionós a ghearradh ina leith;
  • bearta i gcoinne saoirse ó phionós trí mhonatóireacht a dhéanamh ar imeachtaí cúirte;
  • cosantóirí chearta ban agus cosantóirí chearta an duine* ar mná iad;
  • cúnamh síceolaíoch saor in aisce, cúnamh dlíthiúil, cóiríocht agus athimeascadh íospartach lena gcuid leanaí;
  • rochtain ar fhaisnéis agus ar sheirbhísí sláinte, go háirithe maidir le sláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe;
  • cláir ina gcuirtear chun cinn an ceart chun cinntí maidir le gnéasacht a dhéanamh, gan chomhéigean, idirdhealú nó foréigean;
  • cláir ina ndírítear ar mhná atá i gcásanna ina méadaítear an baol go mbeidh siad ina n-íospartaigh foréigin;
  • oideachas maidir le cearta bunúsacha agus cumhachtú ban agus cailíní;
  • ardú feasachta, ag díriú ar chomhionannas inscne agus steiréitíopáil, agus é dírithe ar fhir agus ar bhuachaillí go háirithe;
  • cláir a bhfuil sé mar aidhm leo neamhspleáchas eacnamaíoch na mban a fheabhsú;
  • feachtais ina bhfuiltear dírithe ar fhaillí córasach cailíní a láimhseáil, go háirithe maidir le clárú oifigiúil breitheanna agus scolaíocht.

I gcásanna eisceachtúla atá an-tromchúiseach, mar shampla nuair a bhíonn tír i mbun foréigin nó nuair a ghlacann tír le foréigean i gcontrátha le ceangaltais idirnáisiúnta, féadfaidh AE bearta sonracha a ghlacadh.

CÚLRA

Tarraingíonn na treoirlínte ar raon staidéar agus tionscnamh, lena n-áirítear Staidéar grinn Ard-Rúnaí na NA maidir le foréigean in aghaidh na mban (2006), obair Rapóirtéir Speisialta na NA maidir le foréigean in aghaidh na mban (2008), Rún 61/143 ó na NA maidir le foréigean in aghaidh na mban a dhíothú (2006) agus rúin 1325 (2000) agus 1820 (2008) Chomhairle Slándála na NA maidir le mná, síocháin agus slándáil.

Tarraingíonn siad freisin ar Rún 2005/2215 ó Pharlaimint na hEorpa maidir le staid na mban i gcoimhlintí armtha agus an ról a bhíonn acu ó thaobh na hatógála de.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach freisin:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Foréigean in aghaidh na mban: aon ghníomh foréigin inscne is toradh ar, nó is dócha go mbeadh mar thoradh ar, dhíobháil nó fulaingt fhisiceach, ghnéasach nó shíceolaíochta do mhná, lena n-áirítear bagairtí ar ghníomhartha den sórt sin, comhéigniú nó cailleadh treallach saoirse. Is féidir leis sin tarlú laistigh den teaghlaigh nó den phobal i gcoitinne, nó á dhéanamh nó á ghlacadh ag an tír ina hiomláine.
saoire ó phionós: díolúine nó saoirse ó phionós de bharr díobhála a rinneadh.
Cosantóirí chearta an duine: daoine aonair nó grúpaí a chuireann cearta an duine agus saoirsí bunúsacha chun cinn agus a dhéanann cosaint orthu, amhail, cearta sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha, lena n-áirítear cearta ban

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoirlínte AE maidir le foréigean in aghaidh ban agus cailíní agus gach cineál idirdhealaithe ina gcoinne a chomhrac, An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta an 8 Nollaig 2008

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint d’íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chreat-Chinneadh na Comhairle 2001/220/CGB (IO L 315, 14.11.2012, lgh. 57-73)

Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht le haghaidh na tréimhse 2014 go dtí 2020 (IO L 354, 28.12.2013, lgh. 62-72)

Nuashonraithe 27.06.2016

Top