EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Urghairí lena gcosnaítear comhleasanna tomhaltóirí (go dtí 2023)

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2009/22/CE – urghairí lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tugtar isteach léi rialacha an Aontais Eorpaigh (AE) lena áirithiú go bhfuil na hurghairí éifeachtach go leor chun deireadh a chur le sáruithe atá díobhálach do chomhleasanna tomhaltóirí.

Aisghairfear an Treoir le Treoir (AE) 2020/1828 agus cuirfear an Rialachán sin ina ionad (féach an achoimre) ón 25 Meitheamh 2023 i leith.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Is é is aidhm le hurghairí deireadh a chur le sáruithe a thagann salach ar chomhleasanna tomhaltóirí nó iad a thoirmeasc. Mar gheall ar ailíniú na reachtaíochta i gcomhréir leis an treoir seo is féidir leis na hurghairí sin a bheith níos éifeachtaí agus cuidíonn sé le margadh inmheánach AE feidhmiú ar bhealach níos rianúla.
  • Cuimsítear sna sáruithe lena mbaineann na cinn a bhaineann le creidmheas do thomhaltóirí, taisteal lánáirithe, téarmaí éagóracha i gconarthaí arna ndéanamh le tomhaltóirí, cianchonarthaí agus cleachtais tráchtála éagóracha. Is féidir teacht ar liosta cuimsitheach de na treoracha lena mbaineann in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/22/CE.
  • Má bhaintear leas as urghairí, d’fhéadfadh an méid a leanas a bheith mar thoradh air sin:
    • sárú a scor nó a thoirmeasc, trí nós imeachta achomair* de réir mar is cuí;
    • deireadh a chur le héifeachtaí leanúnacha sáraithe, go sonrach trí chinneadh a fhoilsiú;
    • pianbhreith a chur ar chosantóirí chun cinneadh a chomhlíonadh trí iallach a chur orthu fíneáil a íoc.
  • Ní mór leas dlisteanach a bheith ag comhlachtaí atá incháilithe chun caingean a thionscain lena áirithiú go gcomhlíonfar comhleasanna tomhaltóirí agus feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh. Is amhlaidh an cás, go háirithe maidir le comhlachtaí poiblí neamhspleácha atá freagrach go sonrach as comhleasanna tomhaltóirí, nó as eagraíochtaí cosanta tomhaltóirí a chosaint.
  • Bunaíonn an Coimisiún Eorpach liosta de na húdarás incháilithe a fhéadfaidh caingean a thionscnamh i gcás sáruithe laistigh den Aontas Eorpach agus foilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é. Féach anseo, le do thoil, chun liosta a fháil de na comhlachtaí cáilithe atá ábalta gníomhú i gcás sáruithe laistigh den Aontas Eorpach.
  • Féadfaidh an Ballstát AE ina bhfuil an chaingean le tionscnamh a chinneadh ar cheart comhairliúchán roimh ré idir na páirtithe a bheith ann, i láthair comhlacht incháilithe nó gan a bheith i láthair comhlacht incháilithe ón tír sin. Má leanann sárú níos faide ná 2 sheachtain tar éis an iarrata ar chomhairliúchán a bheith faighte, féadfar caingean i gcomhair sáraithe a thabhairt láithreach.
  • Rinneadh staidéar ar chur i bhfeidhm Threoir 2009/22/CE in 2011 agus úsáideadh é agus tuarascáil ón gCoimisiún á hullmhú, agus a foilsíodh in 2012.
  • Rinneadh measúnú ar an treoir in 2017 laistigh den tseiceáil oiriúnachta ar dhlí AE um thomhaltóirí agus margaíocht.

Aisghairm

Déanfar Treoir 2009/22/CE a aisghairm le Treoir (AE) 2020/1828 agus cuirfear an treoir sin ina hionad ón 25 Meitheamh 2023. Glacadh an dara ceann díobh sin i ndiaidh thionscnamh an Choimisiúin maidir le “Comhaontú nua do thomhaltóirí”.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sé i bhfeidhm ón 29 Nollaig 2009. Le Treoir 2009/22/CE códaítear Treoir 98/27/CE agus a leasuithe ina dhiaidh sin agus gabhann sí in ionad na Treorach sin agus a leasuithe ina dhiaidh sin. B’éigean dlí a dhéanamh de Threoir bhunaidh 98/27/AE sna Ballstáit faoi 2001.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Nós imeachta achomair. Nós imeachta speisialta lena gcuirtear ar chumas an bhinse eadrána éilimh neamh-incháilithe, maslacha a scriosadh ag réamhchéim imeachta eadrána.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint (leagan códaithe) (IO L 110, 1.5.2009, lgh. 30-36).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2009/22/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ar sheiceáil oiriúnachta an dlí um thomhaltóirí gus margaíocht an 25 Bealtaine 2017 (SWD(2017) 209 final).

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint (COM(2012) 635 críochnaithe, 6.11.2012)

Moladh 2013/396/AE ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2013 maidir le comhphrionsabail do shásraí comhshásaimh urghaire agus cúiteacha sna Ballstáit a bhaineann le sáruithe ar na cearta a chuirtear ar bun faoi dhlí an Aontais (IO L 201, 26.7.2013, lgh. 60-65).

Fógra ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 4(3) de Threoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint, lena ndéantar códúchán ar Threoir 98/27/CE, maidir leis na heintitis atá incháilithe chun caingean a thabhairt faoi Airteagal 2 den Treoir seo (IO C 361, 30.9.2016, lgh. 1-55).

Ceartúchán a ghabhann le Fógra ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 4(3) de Threoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint, lena ndéantar códúchán ar Threoir 98/27/CE, maidir leis na heintitis atá incháilithe chun caingean a thabhairt faoi Airteagal 2 den Treoir seo (IO C 367, 6.10.2016, lch. 6).

Nuashonraithe 03.02.2022

Top