EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Treoirlínte maidir le srianta ingearacha

 

ACHOIMRE AR:

Fógra ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le srianta ingearacha

CAD IS AIDHM LEIS NA TREOIRLÍNTE?

  • Cabhraíonn siad le cuideachtaí a sheiceáil go gcomhlíonann a gcomhaontuithe ingearacha (comhaontuithe idir cuideachtaí a fheidhmíonn ar leibhéil éagsúla den slabhra táirgthe nó dáilte, amhail monaróirí agus mórdhíoltóirí nó miondíoltóirí, chun earraí nó seirbhísí a cheannach agus a dhíol) le rialacha iomaíochta AE, mar atá leagtha síos in Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
  • Comhlánaítear leo Rialachán (AE) Uimh. 330/2010, Rialachán Blocdhíolúine (BER) an Aontais Eorpaigh, a fhágann nach bhfuil toirmeasc Airteagail 101(1) CFAE infheidhme maidir le comhaontuithe ingearacha lena gcomhlíontar ceanglais áirithe agus lena soláthraítear comhaontuithe den sórt sin le “cuan sábháilte”.
  • Leagtar amach iontu prionsabail ghinearálta chun measúnú a dhéanamh ar shrianta ingearacha agus soláthraítear iontu treoir don mheasúnú ar na cineálacha srianta ingearacha is coitianta:
    • ceangal aonbhranda (oibleagáidí gan dul in iomaíocht);
    • dáileadh eisiach;
    • leithdháileadh eisiach custaiméara;
    • dáileadh roghnaíoch;
    • saincheadú;
    • soláthar eisiach;
    • réamhíocaíochtaí rochtana;
    • comhaontuithe bainistíochta catagóirí;
    • díol nasctha; agus
    • srianta praghais athdhíola.
  • Déantar cur síos iontu ar an gcreat ginearálta anailíse agus ar an mbeartas forfheidhmithe a úsáideann an Coimisiún Eorpach i gcásanna aonair a bhaineann le comhaontuithe ingearacha.

PRÍOMHPHOINTÍ

Airteagal 101 de CFAE

  • Faoi Airteagal 101(1) CFAE, tá toirmeasc ar chomhaontuithe idir gnólachtaí a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar thrádáil idir tíortha AE agus a bhfuil sé mar chuspóir nó mar éifeacht acu iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh.
  • Luaitear in Airteagal 101(2) CFAE go bhfuil comhaontuithe, cleachtais chomhbheartaithe agus cinntí arna ndéanamh ag comhlachais gnóthas atá toirmiscthe faoi Airteagal 101(1) CFAE ar neamhní.
  • Ceadaítear comhaontuithe áirithe le hAirteagal 101(3) CFAE, áfach, — má chruthaítear go leor sochar leo ar mó iad ná na héifeachtaí frithiomaíocha — a bheith díolmhaithe ón toirmeasc in Airteagal 101(1).

Is é an príomhchuspóir le hAirteagal 101 a áirithiú nach n–úsáideann gnólachtaí comhaontuithe, lena n–áirítear comhaontuithe ingearacha, chun iomaíocht a shrianadh chun dochair do thomhaltóirí.

Comhaontuithe ingearacha nach dtagann go ginearálta faoi raon feidhme Airteagal 101

De réir na dtreoirlínte, tá na cineálacha comhaontuithe ingearacha seo a leanas lasmuigh de raon feidhme Airteagal 101:

  • comhaontuithe miontábhachta agus idir FBManna, nach ndéantar iomaíocht a shrianadh go suntasach leo mar gheall ar sciar bheag na bpáirtithe den mhargadh;
  • comhaontuithe gníomhaireachta*, an toisc chinntitheach maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101 arb é an riosca airgeadais nó tráchtála a íocfaidh an gníomhaire maidir leis na gníomhaíochtaí ar cheap an príomhaí é mar ghníomhaire dóibh;
  • comhaontuithe fochonraitheoireachta* fad is a bheidh an teicneolaíocht nó an trealamh a sholáthraíonn an conraitheoir riachtanach chun cur ar chumas an fhochonraitheora na táirgí a tháirgeadh. Mar sin féin, má fhorchuireann an conraitheoir srianta ar an bhfochonraitheoir, amhail oibleagáid a chur air nó uirthi gan a thaighde nó a taighde agus a fhorbairt nó a forbairt féin a sheoladh nó a shaothrú nó gan táirgeadh do thríú páirtithe i gcoitinne, féadfaidh an comhaontú teacht faoi raon feidhme Airteagail 101 CFAE.

Cur i bhFeidhm BER

  • D’fhormhór na srianta ingearacha, ní thagann imní faoi iomaíocht chun cinn ach amháin sa chás nach leor an iomaíocht ar leibhéal trádála amháin nó níos mó. Ciallaíonn sé sin go gcaithfear leibhéal éigin de chumhacht mhargaidh a bheith ann ar leibhéal an tsoláthróra nó an cheannaitheora nó ar an dá leibhéal.
  • Is le sciar den mhargadh an tsoláthraí ar an margadh ina ndíolann sé earraí nó seirbhísí an chonartha agus sciar den mhargadh an cheannaitheora ar an margadh ina gceannaíonn sé earraí nó seirbhísí an chonartha a chinntear infheidhmeacht na blocdhíolúine. Chun go mbeidh feidhm ag an mblocdhíolúine, ní mór sciar den mhargadh an tsoláthróra agus an cheannaitheora a bheith ionann le 30% nó níos lú (ar choinníoll nach bhfuil cruashrianta sa chomhaontú agus nach srian eisiata é an clásal lena mbaineann). Mar sin féin, ní hionann tairseach 30% an sciar den mhargadh a shárú agus toimhde na neamhdhleathachta a chruthú. Ní bhaineann an tairseach seo ach le hidirdhealú a dhéanamh idir na comhaontuithe sin lena mbaintear leas as toimhde na dlíthiúlachta ó na cinn a dteastaíonn scrúdú aonair a dhéanamh orthu. Cabhraíonn na treoirlínte le gnólachtaí scrúdú den sórt sin a dhéanamh.
  • Tá liosta de na cruashrianta in BER (Airteagal 4) as a dtiocfaidh eisiamh an chomhaontaithe ingearaigh ó raon feidhme an BER. Chiallódh sé sin go bhfuil toimhde ann go dtagann an comhaontú faoi raon feidhme Airteagal 101(1) CFAE agus nach dócha go gcomhlíonfaidh sé coinníollacha Airteagal 101(3) CFAE.
  • Cuimsítear liosta de shrianta eisiata in BER (Airteagal 5) freisin. Níl na srianta sin clúdaithe in BER fiú mura sáraítear tairseach an sciar den mhargadh. Tá feidhm ag BER fós, áfach, maidir leis an gcuid eile den chomhaontú ingearach más féidir leis an gcuid sin den chomhaontú ingearach a bheith eisiata ón srian neamhdhíolmhaithe.

An bhlocdhíolúine a tharraingt siar agus an BER a dhífheidhmiú

  • Féadfaidh toimhde na dlíthiúlachta a bhronntar leis an BER a tharraingt siar. Eascraíonn sé sin nuair a thagann comhaontú ingearach, a bhreithnítear ina aonar nó mar aon le comhaontuithe comhchosúla arna gcur i bhfeidhm ag soláthróirí nó ceannaitheoirí iomaíocha, faoi raon feidhme Airteagal 101(1) agus nach gcomhlíonann sé coinníollacha uile Airteagal 101(3). D’fhéadfadh sé sin teacht chun cinn, mar shampla, nuair a dhéanann soláthróirí áirithe dáileadh roghnach cáilíochtúil amháin ar mhargadh áirithe, agus cleachtóirí eile ag cleachtadh dáileadh roghnach cainníochtúil.
  • I gcás ina gcuirtear i bhfeidhm an nós imeachta um tharraingt siar, is ar an gCoimisiún a thiteann an dualgas cruthúnais go bhfuil an comhaontú faoi raon feidhme Airteagal 101(1) agus nach gcomhlíonann an comhaontú coinníoll amháin nó níos mó d’Airteagail 101(3).
  • Tá an chumhacht eisiach ag an gCoimisiún chun leas BER a tharraingt siar maidir le comhaontuithe ingearacha lena gcuirtear srian ar iomaíocht ar mhargadh geografach ábhartha atá níos leithne ná críoch aon tír AE amháin.
  • Ceadaítear le hAirteagal 6 den BER don Choimisiún gréasáin chomhthreomhara de shrianta ingearacha comhchosúla a eisiamh ó raon feidhme BER i gcás ina gcumhdaítear níos mó ná 50% de mhargadh ábhartha leo sin.

Sainiú margaidh agus ríomh an sciar den mhargadh

I bhfógra an Choimisiúin maidir leis an sainiú ar an margadh ábhartha chun críocha dhlí na hiomaíochta, tugtar treoir cheana féin maidir leis na rialacha, na critéir agus an fhianaise a úsáidtear agus saincheisteanna maidir le sainiú margaidh á mbreithniú.

Tá cuid de na treoirlínte dírithe ar:

  • an margadh ábhartha do ríomh an tairsigh 30% den sciar den mhargadh faoin BER — tá sciar den mhargadh a bhaineann leis an soláthróir agus leis an gceannaitheoir cinntitheach maidir le cinneadh a dhéanamh faoi cibé an bhfuil nó nach bhfuil feidhm ag an mblocdhíolúine;
  • ríomh sciartha den mhargadh faoin BER bunaithe i bprionsabal ar fhigiúirí luacha ach, nuair nach bhfuil siad sin ar fáil, ar mheastacháin a bhfuil bunús leo.

Beartas forfheidhmithe i gcásanna aonair

  • Tá feidhm ag na rialacha ginearálta a leanas agus srianta ingearacha á measúnú i gcásanna nach bhfuil feidhm ag BER:
    • i gcás scrúdú aonair ag an gCoimisiún, tá an dualgas cruthúnais ar an gCoimisiún go sáraítear Airteagal 101(1) CFAE leis an gcomhaontú atá i gceist. Tá an dualgas cruthúnais ar ghnólachtaí a éilíonn sochair Airteagal 101(3) CFAE go gcomhlíontar na coinníollacha;
    • chun a mheas cibé an bhfuil nó nach bhfuil sé d’éifeacht le comhaontú ingearach iomaíocht a shrianadh, déanann an Coimisiún an staid iarbhír nó dhóchúil sa todhchaí sa mhargadh ábhartha a mheas leis na srianta ingearacha atá i bhfeidhm seachas an cás a bheadh ann mura mbeadh na srianta ingearacha sin ann;
    • is dócha go dtarlóidh éifeachtaí frithiomaíocha suntasacha nuair a bheidh nó nuair a gheobhaidh ceann amháin ar a laghad de na páirtithe cumhacht mhargaidh áirithe agus go gcuirfidh an comhaontú leis an gcumhacht mhargaidh sin a chruthú, a choimeád nó a neartú nó nuair a ligeann sé do na páirtithe leas a bhaint as an gcumhacht sin.
  • Áirítear i measc na n–éifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar shrianta ingearacha a bhfuil sé mar aidhm ag dlí iomaíochta AE iad a chosc:
    • foriamh* frithiomaíoch soláthróirí eile nó ceannaitheoirí eile;
    • iomaíocht a mhaolú agus éascú a dhéanamh ar chlaonpháirteachas idir an soláthróir agus a chuid iomaitheoirí;
    • an iomaíocht a mhaolú idir an ceannaitheoir agus a chuid iomaitheoirí agus/nó claonpháirteachas a éascú i measc na n–iomaitheoirí sin;
    • cruthú constaicí ar chomhtháthú an mhargaidh.
  • Ar mhargadh ina scaipeann dáileoirí aonair branda(í) aon soláthróir amháin, is gnách go mbeidh níos lú iomaíochta idir dáileoirí an bhranda chéanna agus mar thoradh air sin go mbeidh níos lú iomaíochta idirbhranda ann. Mar sin féin, má tá iomaíocht idirbhranda láidir ann, ní dócha go mbeidh éifeachtaí diúltacha do thomhaltóirí ag níos lú iomaíochta idirbhranda.
  • Is iondúil go mbíonn socruithe eisiacha níos measa le haghaidh iomaíochta ná mar a bhíonn ag socruithe neamheisiacha. Mar shampla, faoi oibleagáid gan dul in iomaíocht, ní cheannaíonn an ceannaitheoir ach aon bhranda amháin. D’fhéadfaidh sé go bhfágfadh íoscheanglas ceannaigh, os a choinne sin, raon feidhme don cheannaitheoir chun earraí iomaíocha a cheannach agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sé go mbeadh leibhéal an fhoriaimh níos lú.
  • Ní hiondúil go mbíonn srianta ingearacha a chomhaontaítear le haghaidh táirgí neamhbhrandáilte chomh díobhálach leis na srianta a théann i bhfeidhm ar dháileadh táirgí brandáilte. Is minic a bhíonn an t–idirdhealú idir táirgí neamhbhrandáilte agus táirgí brandáilte i gcomhthráth leis an idirdhealú idir táirgí idirmheánacha agus táirgí deiridh.
  • Tá sé tábhachtach a aithint gur féidir le srianta ingearacha éifeachtaí dearfacha a bheith acu trí, go háirithe, iomaíocht neamhphraghais a chur chun cinn agus caighdeán feabhsaithe seirbhísí. Is láidre cás na n–éifeachtúlachtaí go ginearálta maidir le srianta ingearacha d’fhad teoranta a chuidíonn le táirgí casta nua a thabhairt isteach, a chosnaíonn infheistíochtaí a bhaineann go sonrach le caidreamh nó a éascaíonn aistriú feasa gnó.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Comhaontú gníomhaireachta: is ionann gníomhaire agus gnólacht nó duine aonair ar tugadh an chumhacht dó nó di chun conarthaí a chaibidliú agus/nó a thabhairt i gcrích thar ceann duine eile (an príomhaí), in ainm an ghníomhaire féin nó in ainm an phríomhaí, maidir le: (i) ceannach earraí nó seirbhísí ag an bpríomhaí, nó (ii) díol earraí nó seirbhísí a sholáthraíonn an príomhaí.
Comhaontú fochonraitheoireachta: comhaontú ina gcuireann conraitheoir teicneolaíocht nó trealamh ar fáil d’fhochonraitheoir a thugann faoi tháirgí áirithe a tháirgeadh ar an mbonn sin (go heisiach) don chonraitheoir.
Foriamh: iomaitheoirí a eisiamh ó rochtain ar an margadh, mar shampla, trí fhoinsí amhábhar a fháil nó trí chonarthaí fadtéarmacha a dhéanamh le soláthróirí chun ionchuir a cheannach, rud a chuirfeadh bac ar iontráil sa mhargadh faoi thráth.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Fógra ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le Srianta Ingearacha (SEC(2010) 411 críochnaitheach, 10.5.2010)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 101 (iar-Airteagal 81 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 88-89)

Teachtaireacht ón gCoimisiún — Fógra maidir le comhaontuithe miontábhachtacha nach ndéantar an iomaíocht a shrianadh go suntasach leo faoi Airteagal 101(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Fógra “De Minimis”) (IO C 291, 30.8.2014, lgh. 1-4)

Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le haicmí comhaontuithe ingearacha agus cleachtas comhbheartaithe (IO L 102, 23.4.2010, lgh. 1-7)

Fógra ón gCoimisiún maidir leis an sainiú ar an margadh ábhartha chun críocha dhlí iomaíochta an Chomhphobail (IO C 372, 9.12.1997, lgh. 5-13)

Nuashonraithe 28.03.2019

Top