EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Díolúine i gcomhair soláthar ingearach agus comhaontuithe dáileacháin
ACHOIMRE AR:
Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN AGUS AIRTEAGAL 101 DE CFAE?
Cuirtear cosc le hAirteagal 101(1) CFAE ar chomhaontuithe a d’fhéadfadh dul i gcion ar thrádáil idir tíortha AE agus lena ndéantar iomaíocht a chosc, a theorannú nó a shaobhadh. Tá comhaontuithe lena gcruthaítear go leor buntáistí ar mó iad ná na héifeachtaí frithiomaíocha díolmhaithe ón gcosc sin, áfach, faoi Airteagal 101(3) CFAE.
Tugtar blocdhíolúine leis an rialachán ó Airteagal 101(1) CFAE do chomhaontuithe ingearacha * a chomhlíonann riachtanais áirithe. Leis na comhaontuithe sin, mar shampla, d’fhéadfaí cabhrú le déantóir margadh nua a iontráil, nó fadhb a chosc ina ndéanfadh dáileoir “saorthairbhiú” ar iarrachtaí promóisin dáileora eile, nó d’fhéadfadh soláthraí infheistíocht a rinneadh do chliaint ar leith a dhímheas.
PRÍOMHPHOINTÍ
Ceanglais maidir leis an rialachán a chur i bhfeidhm
Ní mór ceanglais áirithe a chomhlíonadh sula mbeidh comhaontú ingearach díolmhaithe ó Airteagal 101(1) CFAE:
“Srianta” dochta
Tá 5 shrian dhochta ann lena bhféadfaí an comhaontú iomlán a eisiamh dá mbarr ó leas an rialacháin, fiú má bhíonn sciar margaidh an tsoláthraí agus an cheannaí níos lú ná 30%. Meastar gur srianta dochta iad sin ar iomaíocht toisc go ndóigh go ndéanfadh siad díobháil do thomhaltóirí. I bhformhór na gcásanna, beidh cosc orthu agus meastar nach dóigh go gcomhlíonfadh na comhaontuithe ingearacha iontu coinníollacha Airteagal 101(3) CFAE:
Ní cheadaítear do sholáthraithe an praghas (íosta) a shocrú ar féidir le dáileoirí a dtáirgí a athdhíol (cothabháil praghais athdhíola);
tá cosc ar dheighilt an mhargaidh ag críoch nó ag custaiméir. Ní mór do dháileoirí a bheith saor i gcónaí chun cinneadh a dhéanamh maidir le cén áit a ndíolfaidh siad agus cé leis a ndíolfaidh siad. Tá eisceachtaí sa rialachán ar an riail sin, lenar féidir, mar shampla, le comhlachtaí córas dáileacháin eisiach nó córas dáileachán bunaithe roghnaitheach a oibriú;
cé go bhfuil cosc ar dháileoirí roghnaithe díolacháin a dhéanamh le dáileoirí neamhúdaraithe, ní féidir teorainn a chur orthu maidir le na húsáideoirí deiridh ar féidir leo díolachán a dhéanamh leo;
ní mór do dháileoirí roghnaithe a bheith saor i gcónaí chun na táirgí conartha a dhíol le dáileoirí roghnaithe eile laistigh den ghréasán nó a cheannach uathu;
d’fhéadfadh sé nach gcuirfí comhaontú idir déantóir páirteanna spártha agus ceannaí a chuireann na páirteanna sin ina tháirgí féin teorainn nó cosc ar dhíolacháin le déantóir na bpáirteanna spártha chuig úsáideoirí deiridh, neamhspleách ar dheisitheoirí nó ar sholáthraithe seirbhíse.
Caidhp 30% ar sciar an mhargaidh
Clúdaítear comhaontú ingearach sa rialachán seo mura bhfuil sciar den mhargadh de chuid an tsoláthraí nó an cheannaí táirgí nó seirbhísí níos mó ná 30%. Don soláthraí, is é an sciar den mhargadh ar mhargadh soláthair ábhartha, i.e. margadh ina ndíolann sé táirgí nó seirbhísí atá cinntitheach maidir le cur i bhfeidhm na blocdhíolúine. Don cheannaí, is é an sciar den mhargadh ar mhargadh soláthair ábhartha. i.e. margadh ina gceannaíonn sé táirgí nó seirbhísí atá cinntitheach maidir le cur i bhfeidhm an rialacháin.
Na teorainneacha eisiata
Baineann an rialachán le gach teorainn ingearach seachas na cinn atá luaite thuas. Ní fhorchuirtear coinníollacha sonracha ar na 3 shrian ingearacha leis, áfach:
Mura gcomhlíontar na coinníollacha sin, déantar na srianta ingearacha a eisiamh ón ndíolúin leis an rialachán. Tá feidhm leis an rialachán fós, áfach, leis an gcuid eile den chomhaontú ingearach más féidir leis an gcuid sin oibriú go neamhspleách ó na srianta ingearacha neamhdhíolmhaithe.
D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach treoirlínte maidir le srianta ingearacha chomh maith. Déantar cur síos iontu ar an gcur chuige a glacadh i dtreo comhaontuithe ingearacha nach gclúdaítear leis an rialachán.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 1 Meitheamh 2010 agus rachaidh sé in éag an 31 Bealtaine 2022.
CÚLRA
Le tuilleadh eolais a fháil, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
PRÍOMHDHOICIMÉID
Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le haicmí comhaontuithe ingearacha agus cleachtas comhbheartaithe (IO L 102, 23.4.2010, lgh. 1-7)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 101 (iar-Airteagal 81 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 88-89)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoirlínte maidir le Srianta Ingearacha (IO C 130, 19.5.2010, lgh. 1-46)
Nuashonraithe 08.05.2020