EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Straitéis alcóil AE

ACHOIMRE AR:

Straitéis AE chun tacú le tíortha AE leis an díobháil de dheasca ólacháin a laghdú — COM(2006) 625 leagan deireanach

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TEACHTAIREACHT?

Bunaítear straitéis léi chun tacú le tíortha AE leis na fadhbanna sláinte, eacnamaíocha agus sóisialta a laghdú a bhaineann le húsáid díobhálach agus ghuaiseach an alcóil.

Leagtar síos téamaí tosaíochta sa straitéis, sainaithnítear na leibhéil éagsúla gníomhaíochta inti agus liostaítear na bearta atá déanta ag tíortha AE chun dea-chleachtais a spreagadh inti. Iarrtar inti chomh maith ar pháirtithe leasmhara eile bearta a dhéanamh chun an díobháil de dheasca ólacháin a laghdú. Rinneadh straitéisí náisiúnta sa réimse seo a chomhlánú le gníomhaíocht arna déanamh ag an gCoimisiún Eorpach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cúig thosaíocht

  • 1.

    Daoine óga, leanaí agus leanaí sa bhroinn a chosaint — áirítear leis sin trí aidhm shainiúla:

    • srian a chur le hólachán faoi aois, agus ól guaiseach agus díobhálach i measc daoine óga a laghdú;
    • an díobháil a tharlaíonn do leanaí i dteaghlaigh ina bhfuil fadhbanna de dheasca ólacháin a laghdú;
    • neamhchosaint ar alcól le linn toirchis a laghdú.
  • 2.

    Básanna agus gortuithe ar na bóithre de dheasca ólacháin a laghdú.

  • 3.
    Díobháil de dheasca ólacháin i measc daoine fásta agus a thionchar diúltach ar an áit oibre a laghdú — is iad na haidhmeanna sainiúla:
    • neamhoird ainsealacha choirp agus mheabhrach de dheasca ólacháin a laghdú;
    • líon na mbásanna de dheasca ólacháin a laghdú;
    • faisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí ionas go mbeidh siad ábalta roghanna eolasacha a dhéanamh;
    • cur le laghdú na díobhála de dheasca ólacháin ag an áit oibre.
  • 4.

    Eolas a thabhairt, oiliúint a sholáthar agus feasacht a spreagadh — cuirtear béim faoi leith ar an tionchar a bhaineann le húsáid díobhálach agus ghuaiseach an alcóil ar:

    • leanaí sa bhroinn;
    • óltóirí faoi aois;
    • feidhmíocht oibre agus tiomána.
  • 5.

    Comhbhonn fianaise a fhorbairt, a chothabháil agus tacú leis — faisnéis inchomparáide maidir le líon ceisteanna a bhailiú lena n-áirítear:

    • leibhéil óil;
    • patrúin óil;
    • iarmhairtí sóisialta agus sláinte an alcóil.

Tacú le tíortha AE

Is é ról AE sa straitéis seo iarrachtaí thíortha AE a chomhlánú, luach a chur lena ngníomhaíochtaí agus cur ar chumas thíortha AE oibriú le chéile chun déileáil le ceisteanna coiteanna.

Cuireadh tús in Eanáir 2014 le gníomhaíocht chomhpháirteach 3 bliana maidir leis an díobháil de dheasca ólacháin (RARHA) a laghdú, arna maoiniú faoi chlár sláinte AE. Is é is aidhm leis tacú le dul chun cinn thíortha AE i dtreo comhthosaíochtaí ar aon dul le straitéis alcóil AE, agus cuidiú leo dul i ngleic leis an díobháil de dheasca ólacháin agus í a laghdú.

Cur chun feidhme na Straitéise

  • I dtuarascáil in 2013 fuarthas go ndearna formhór thíortha AE a straitéisí alcóil a thabhairt cothrom le dáta agus a neartú i dtreo straitéis AE.
  • Fuarthas gur taispeánadh torthaí soiléire i straitéis AE maidir leis na cúig réimse tosaíochta i gcomhthéacs tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíocht thíortha AE.
  • D’fhéadfaí comhordú agus tacaíocht do thíortha AE a neartú trí infheictheacht an Choiste ar an mBeartas Náisiúnta um Alcól agus Gníomhaíocht (CNAPA) a mhéadú agus trí phlean oibre ilbhliantúil a thabhairt isteach.
  • D’fhéadfaí páirtithe leasmhara a spreagadh le bheith páirteach i bhFóram an AE ar Alcól agus Sláinte.

CÚLRA

Beartas um alcól

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis AE chun tacú le tíortha AE leis an díobháil de dheasca ólacháin a laghdú (COM(2006) 625 leagan deireanach an 24.10.2006)

Nuashonraithe 13.01.2016

Top