EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Láithreáin oibre shealadacha agus shoghluaiste

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 92/57/CEE — bunriachtanais sábháilteachta agus sláinte ag láithreáin tógála shealadacha agus shoghluaiste

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Is aidhm léi coinníollacha oibre níos fearr a chur chun cinn i láithreáin tógála ina bhfuil na hoibrithe nochta do rioscaí an-ard.
  • Ceanglaítear leis an treoir:
    • bearta sábháilteachta agus sláinte a chur san áireamh le linn dhearadh agus eagrú na dtionscadal;
    • slabhra freagrachta a chur ar bun, lena nasctar gach duine a bhaineann leis ionas gur féidir aon rioscaí a chosc.
  • Is í sin an t–ochtú treoir aonair laistigh de bhrí Threoir an Chreata 89/391/CEE, ina dtugtar tús áite do rialacha ginearálta agus a spreagann feabhsuithe ar shláinte agus ar shábháilteacht na n–oibrithe le linn oibre.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Tá feidhm ag an treoir maidir le láithreáin tógála shealadacha nó shoghluaiste * i ngach réimse den ghníomhaíocht, pé acu poiblí nó príobháideach, lena n–áirítear an earnáil tionsclaíoch, an earnáil talmhaíochta, an earnáil tráchtála, an earnáil riaracháin, an earnáil seirbhíse, an earnáil oideachasúil, an earnáil chultúrtha agus an earnáil caitheamh aimsire.

Níl feidhm aige le druileáil agus eastóscadh i dtionscail eastósctha.

Plean sábháilteachta agus sláinte

Ní mór don chliant * nó do mhaoirseoir an tionscadail *:

  • comhordaitheoir amháin nó níos mó a cheapadh i gcomhair cúrsaí sábháilteachta agus sláinte d’aon láithreán tógála ina bhfuil níos mó ná conraitheoir amháin i láthair. Cinntíonn an comhordaitheoir sin go bhfuil plean sábháilteachta agus sláinte deartha sula mbunaítear láithreán;
  • réamhfhógra a chur in iúl (a bheidh dréachtaithe i gcomhréir le hIarscríbhinn III den treoir) le haghaidh láithreán a bhfuil sé beartaithe go mbeidh an obair ar siúl ar feadh níos faide ná 30 lá oibre orthu agus ina bhfuil níos mó ná 20 oibrí ag obair ag an am céanna, nó a bhfuil sé beartaithe an go sáróidh an méid oibre 500 daonlá.

Ullmhúchán an tionscadail

Ní mór go gcuirfidh cliant nó maoirseoir an tionscadail prionsabail choisctheacha ghinearálta Threoir 89/391/CEE agus an plean sábháilteachta i bhfeidhm le linn:

  • céim ullmhúcháin thionscadal an láithreáin oibre;
  • na roghanna ailtireachta agus eagraíochta a rinneadh;
  • céimeanna éagsúla na hoibre.

Ní mór do chomhordaitheoirí:

  • a áirithiú go gcuirfear na prionsabail choisctheacha ghinearálta i bhfeidhm;
  • plean sábháilteachta agus sláinte a dhearadh;
  • comhad a ullmhú ina bhfuil an t–eolas sábháilteachta agus sláinte ábhartha a bheidh le cur san áireamh le linn aon oibreacha a dhéanfar ina dhiaidh sin.

Cur i bhfeidhm an tionscadail

Le linn an chur chun feidhme, ní mór do chomhordaitheoirí:

  • a áirithiú go bhfuil fostóirí agus daoine féin-fhostaithe * na prionsabail coisctheacha ábhartha a chur i bhfeidhm agus an plean sábháilteachta agus sláinte a leanúint nuair is gá;
  • comhar a eagrú idir fostaithe maidir le sábháilteacht agus sláinte;
  • a sheiceáil go bhfuil na nósanna imeachta oibre á gcur chun feidhme i gceart;
  • na bearta cuí a ghlacadh chun a áirithiú nach gceadaítear ach do dhaoine údaraithe dul isteach sa láithreán tógála.

Freagrachtaí na gcliant, mhaoirseoirí an tionscadail agus na bhfostóirí

Fiú nuair a cheaptar comhordaitheoir, tá freagrachtaí fós ag an gcliant nó ag maoirseoir an tionscadail as sábháilteacht agus sláinte:

  • ní mór d’fhostóirí cloí leis na bunriachtanais sábháilteachta agus sláinte is infheidhme maidir le láithreáin, arna leagan amach in Iarscríbhinn IV (gnéithe amhail áiseanna dáileacháin fuinnimh, bealaí agus bealaí amach éalaithe éigeandála, aerú, teocht, bealaí tráchta, trealamh sláinteachais, etc.). Ní mór dóibh freisin treoracha ón gcomhordaitheoir a chur san áireamh maidir le cúrsaí sábháilteachta agus sláinte;
  • ní mór do dhaoine féin-fhostaithe cloí leis na ceanglais sábháilteachta, go díreach maidir le húsáid trealaimh oibre agus cosaint phearsanta.

Faisnéis, comhairliúchán agus rannpháirtíocht na n–oibrithe

I gcomhréir le Treoir 89/391/CEE, maidir le hoibrithe agus/nó a n–ionadaithe:

  • ní mór iad a chur ar an eolas ar bhealach críochnúil maidir le gach beart a ghlactar ar mhaithe lena sábháilteachta agus sláinte ar an láithreán;
  • ní mór dul i gcomhairle leo maidir le hábhair atá clúdaithe sa treoir seo nuair is gá.

Treoir leasaitheach

Simplítear le Treoir 2007/30/CE na ceanglais maidir le tuairisciú don Choimisiún Eorpach ó thaobh Threoir 89/391/CEE agus a treoracha aonair eile a chur chun feidhme. Ní mór do thíortha AE tuarascáil aonair a ullmhú gach 5 bliana anois ina gclúdaítear cur chun feidhme na dtreoracha seo go léir.

Foilsíodh taighde ar chur chun feidhm ena treorach in 2017.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 17 Iúil 1992 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 31 Nollaig 1993.

CÚLRA

Le tuilleadh eolais a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Láithreáin tógála shealadacha nó shoghluaiste: aon láithreán tógála ina ndéantar oibreacha tógála nó innealtóireachta sibhialta (tugtar liosta neamh-uileghabhálach in Iarscríbhinn I na treorach).
Cliant: aon duine aonair nó eintiteas dlíthiúil dá ndéantar tionscadal.
Maoirseoir an tionscadail: aon duine aonair nó eintiteas dlíthiúil atá freagrach go hiomlán as cur i bhfeidhm tionscadail a dhearadh agus/nó a chur i bhfeidhm agus/nó a mhaoirsiú, ag gníomhú thar ceann an chliaint.
Duine féin-fhostaithe: aon duine seachas an fostóir nó fostaí, a gcabhraíonn a chuid nó a cuid gníomhaíochta leis an tionscadal a chríochnú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 92/57/CEE ón gComhairle an 24 Meitheamh 1992 maidir le bunriachtanais sábháilteachta agus sláinte a chur i bhfeidhm ag láithreáin tógála shealadacha nó shoghluaiste (an t–ochtú Treoir aonair laistigh de bhrí Airteagal 16 (1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 245, 26.8.1992, lgh. 6-22)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 92/57/CEE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉAD GAOLMHAR

Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsúcháin ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lgh. 1-8)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 26.11.2018

Top