EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Trealamh cosanta pearsanta a úsáid

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 89/656/CEE — íoscheanglais sláinte agus sábháilteachta maidir le húsáid trealamh cosanta pearsanta ag oibrithe ar an láthair oibre

CAD É AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar síos léi na híoscheanglais maidir le measúnú, roghnú agus úsáid cheart trealaimh chosanta phearsanta (TCP)* ag an obair. Ní mór tosaíocht a thabhairt do bhearta comhchoiteanna sábháilteachta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Oibleagáidí fostóirí

Ní mór do TCP rialacha ábhartha AE a chomhlíonadh maidir le dearadh agus monarú i ndáil le sláinte agus sábháilteacht (féach Rialachán (AE) 2016/425 — Trealamh cosanta pearsanta sábháilte a áirithiú d’úsáideoirí) agus leis na coinníollacha atá leagtha amach sa treoir seo. Ní mór don fhostóir an trealamh cuí a sholáthar saor in aisce agus a chinntiú go bhfuil sé in ord maith oibre agus i riocht sláinteachais.

Measúnú ar TCP

Sula roghnaítear TCP, ceanglaítear ar an bhfostóir measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann sé na coinníollacha atá leagtha amach sa treoir. Áirítear leis sin anailís ar rioscaí nach féidir a sheachaint ar aon bhealach eile chomh maith le sainmhíniú agus comparáid idir saintréithe riachtanacha an trealaimh.

Rialacha maidir le húsáid

Ní mór do thíortha AE rialacha ginearálta a thabhairt isteach maidir le TCP a úsáid agus/nó cásanna agus suíomhanna a chumhdach i gcás go n–éilítear ar an bhfostóir an trealamh sin a sholáthar. Ní mór dul i gcomhairle roimh ré le fostóirí agus eagraíochtaí oibrithe. Tá faisnéis sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an treoir chun na rialacha seo a dhréachtú:

  • tábla suirbhé riosca eiseamláireach (Iarscríbhinn I),
  • liosta neamh-uileghabhálach ítimí TCP (Iarscríbhinn II),
  • liosta neamh-uileghabhálach gníomhaíochtaí a bhféadfadh soláthar TCP a bheith ag teastáil ina leith (Iarscríbhinn III).

Faisnéis, comhairliúchán agus rannpháirtíocht oibrithe

Ní mór oibrithe a chur ar an eolas faoi gach beart atá le déanamh. Ní mór comhairliúchán agus rannpháirtíocht a dhéanamh ar na hábhair atá clúdaithe sa treoir seo.

Faoi mar a cheanglaítear le Treoir 89/391/CEE, ní mór don Choimisiún Eorpach, a fhaigheann cúnamh ó choiste ina bhfuil ionadaithe ó na tíortha AE, coigeartuithe teicniúla ar na hiarscríbhinní a ghlacadh.

Tuarascáil mheastóireachta

Foilsíodh meastóireacht ar chur chun feidhme praiticiúil na treorach in 2017.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 12 Nollaig 1989 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 31 Nollaig 1992.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Trealamh cosanta pearsanta (TCP): trealamh atá deartha agus monaraithe lena chaitheamh nó lena iompar ag duine chun iad a chosaint go pearsanta i gcoinne riosca amháin nó níos mó dá sláinte agus dá sábháilteacht. Tá líon ítimí eisiata ón sainmhíniú, amhail trealamh a úsáideann seirbhísí éigeandála agus tarrthála, féinchosaint nó trealamh coisctheach. Ní mór trealamh den chineál sin a úsáid nuair nach féidir na rioscaí atá ann cheana a theorannú go leordhóthanach trí bhealaí teicniúla cosanta comhchoitinne nó nósanna imeachta eagrúcháin oibre.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 89/656/CEE ón gComhairle an 30 Samhain 1989 maidir leis na híoscheanglais sláinte agus sábháilteachta maidir le húsáid trealamh cosanta pearsanta ag oibrithe ag an láthair oibre (an tríú treoir aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 393, 30.12.1989, lgh. 18-28)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 89/656/CEE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉAD GAOLMHAR

Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsúcháin ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lgh. 1-8)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 26.11.2018

Top