EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Eurydice — Líonra Eorpach um fhaisnéis maidir le córais agus beartais oideachais

 

ACHOIMRE AR:

Rún ón gComhairle agus ó na hAirí Oideachais maidir le líonra um fhaisnéis oideachais Eurydice

CAD IS AIDHM LEIS AN RÚN?

Féachtar ann le líonra Eurydice, ina soláthraítear faisnéis maidir le struchtúir, córais agus forbairtí náisiúnta agus Eorpacha sa réimse oideachais a neartú agus a fhorbairt.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Soláthraítear ollfhoinse faisnéise inchomparáide i Líonra Eurydice maidir le córais agus beartais oideachais Eorpacha agus raon leathan anailísí comparáideacha maidir le hábhair éagsúla na gcóras oideachais. Tugtar tacaíocht leis an líonra do chomhar Eorpach bunaithe ar fhianaise sna réimsí um oideachas agus um fhoghlaim ar feadh an tsaoil.
  • Áirítear 42 aonad náisiúnta in Eurydice faoi láthair atá bunaithe i ngach ceann den 38 tír atá rannpháirteach i gclár Erasmus+.
  • Áirítear ar an bhfaisnéis a sholáthraítear in aonaid náisiúnta Eurydice faisnéis maidir le doiciméid oifigiúla, amhail dlíthe, foraitheanta, rialacháin agus moltaí. Tá an fhaisnéis sin curtha le chéile ag láraonad Eurydice (bunaithe sa Bhruiséil) le foinsí sonraí eile — amhail sonraí staitistiúla ó Eurostat, bunachar sonraí UEE (comhbhunachar sonraí de chuid Unesco, ECFE agus Eurostat) agus torthaí suirbhéanna idirnáisiúnta oideachais — d’fhonn tuarascálacha deiridh a tháirgeadh.
  • Trína chuid oibre, tá sé mar aidhm ag Eurydice tuiscint, comhar, muinín agus soghluaisteacht a chur chun cinn ar leibhéal Eorpach agus leibhéal idirnáisiúnta. Cuimsítear aonaid náisiúnta atá lonnaithe i dtíortha Eorpacha sa líonra agus tá sé comhordaithe ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir (EACEA) de chuid AE.
  • Tá gach foilseachán Eurydice ar fáil saor in aisce ar shuíomh gréasáin Eurydice nó i bprionta nuair a iarrtar é.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rún ón gComhairle agus ó na hAirí Oideachais ag teacht le chéile laistigh den Chomhairle an 6 Nollaig 1990 maidir le Líonra um Fhaisnéis Oideachas Eurydice sa Chomhphobal Eorpach (IO C 329, 31.12.1990, lgh. 23–24)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais d’oideachas, oiliúint, óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 50–73)

Nuashonraithe 11.07.2016

Top