Oibrithe torracha agus máithreacha nua a chosaint
ACHOIMRE AR:
Treoir 92/85/CEE maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe a spreagadh ag an obair i dtaca le sábháilteacht agus sláinte oibrithe torracha agus oibrithe atá tar éis leanbh a shaolú nó atá i mbun beathú cíche
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
Tá sé mar aidhm léi sláinte agus sábháilteacht ban san ionad oibre a chosaint agus iad torrach* nó tar éis dóibh leanbh a shaolú le déanaí*, agus mná atá ag cothú linbh ar an gcíoch*.
PRÍOMHPHOINTÍ
- Ceanglaítear ar Bhallstáit AE fostóirí agus oibrithe baineanna a chur ar an eolas maidir leis na treoirlínte ón gCoimisiún Eorpach i dtaca le rioscaí don tsláinte agus don tsábháilteacht san obair mar thoradh ar shubstaintí agus ar phróisis thionsclaíocha ghuaiseacha.
- I gcás ina n–aithnítear rioscaí, ceanglaítear ar fhostóirí gníomh a dhéanamh chun na hoibrithe baineanna sin a chosaint e.g. iad a aistriú go post eile nó saoire a dheonú dóibh.
- I gcás ina ndeonaítear saoire, ní mór don fhostóir cearta fostaíochta agus íocaíocht liúntais chuí mar chúiteamh ar aon chaillteanas ioncaim a áirithiú.
- Ní cheanglaítear ar oibrithe torracha sealanna oíche a oibriú, ar an gcoinníoll go gcuirtear teastas dochtúra isteach.
- Féadfaidh oibrithe torracha dul faoi scrúduithe dochtúra réamhbhreithe le linn uaireanta oibre gan pá a chailleadh.
- Déantar soláthar sa treoir i leith saoire mháithreachais 14 seachtaine, nach mór 2 sheachtain di a ghlacadh roimh an mbreith.
- Níl cead mná a bhriseadh as obair mar thoradh ar a dtoircheas agus a máithreachas.
- Le Rialachán leasaitheach (AE) 2019/1243 tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun leasuithe teicniúla amháin a dhéanamh ar Iarscríbhinn I, d’fhonn dul chun cinn teicniúil, athruithe ar rialacháin nó sonraíochtaí idirnáisiúnta agus torthaí nua a chur san áireamh.
- Cuimsítear in Iarscríbhinn I liosta neamh–uileghabhálach de ghníomhairí fisiceacha, bitheolaíocha agus ceimiceacha agus dálaí oibre dá dtagraítear in Airteagal 4 den treoir (measúnú agus faisnéis).
- Cuimsítear in Iarscríbhinn II liosta neamh–uileghabhálach de ghníomhairí agus dálaí oibre dá dtagraítear in Airteagal 6 den treoir (cásanna ina bhfuil toirmeasc ar nochtadh).
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sí i bhfeidhm ón 24 Samhain 1992 agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin 24 Samhain 1994.
CÚLRA
- Le hAirteagal 153 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh tugtar an t–údarás don Aontas Eorpach reachtaíocht a ghlacadh i réimse na sábháilteachta agus na sláinte ag an obair, d’fhonn tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát agus iad a chomhlánú.
- Tá Treoir 92/85/CEE ar cheann de roinnt “treoracha ar leith” a glacadh faoi Threoir Réime 89/391/CEE i dtaca le sábháilteacht agus sláinte oibrithe ag an obair (féach an achoimre).
- I bPrionsabal 10 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta sonraítear go bhfuil an ceart ag oibrithe chun ardleibhéal cosanta sláinte agus sábháilteachta a fháil ag an obair.
- Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Oibrí torrach: bean thorrach a chuireann a riocht in iúl dá fostóir, faoi réir na reachtaíochta náisiúnta agus/nó an chleachtais náisiúnta.
Oibrí atá tar éis leanbh a shaolú le déanaí: bean atá tar éis leanbh a shaolú le déanaí mar a shainítear sa reachtaíocht náisiúnta agus/nó sa chleachtas náisiúnta agus a chuireann a riocht in iúl dá fostóir, faoi réir na reachtaíochta sin agus/nó an chleachtais sin.
Oibrí atá ag cothú linbh ar an gcíoch: bean atá ag cothú linbh ar a gcíoch mar a shainítear sa reachtaíocht náisiúnta agus/nó sa chleachtas náisiúnta agus a chuireann a riocht in iúl dá fostóir, faoi réir na reachtaíochta sin agus/nó an chleachtais sin.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 92/85/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe a spreagadh ag an obair i dtaca le sábháilteacht agus sláinte oibrithe torracha agus oibrithe atá tar éis leanbh a shaolú nó atá i mbun beathú cíche (an deichiú Treoir aonair de réir bhrí Airteagal 16 (1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 348, 28.11.1992, lgh. 1-7)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 92/85/CEE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal X — Beartas sóisialta — Airteagal 153 (sean-Airteagal 137 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 114-116)
Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsúcháin ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lgh. 1-8)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 02.08.2021