EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Blastáin deataigh — measúnú sábháilteachta

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 — blastáin deataigh le haghaidh bianna

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar síos ann rialacha AE maidir le húdarú agus úsáid blastán deataigh i mbianna.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tugtar isteach leis an rialachán measúnú sábháilteachta agus nós imeachta um údarú maidir le comhdhlútháin deataigh phríomhúla* agus príomhchodanna tarra* ar féidir iad a úsáid i mbianna agus ar bhianna agus/nó chun blastáin deataigh dhíorthaithe* a tháirgeadh.

Cuimsítear na táirgí príomhúla* nach léiríonn imní shláinte le linn meastóireachta ansin i liosta táirgí údaraithe faoi choinníollacha sonracha úsáide.

Deonaítear údaruithe ar feadh tréimhse 10 mbliana agus caithfear iad a athnuachan ina dhiaidh sin. Leis sin áirithítear go ndéanfar táirgí a athmheasúnú go rialta i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil is déanaí agus go mbainfear táirgí údaraithe, nach n–úsáidtear a thuilleadh, de liosta dearfach AE.

Ní mór d’iarratasóirí ar údarú táirge phríomhúil faisnéis mhionsonraithe a sholáthar maidir le:

  • an cineál adhmaid a úsáidtear chun an táirge príomhúil a tháirgeadh;
  • faisnéis mhionsonraithe maidir le modhanna táirgthe na dtáirgí príomhúla agus maidir leis an bpróiseáil bhreise i dtáirgeadh na mblastán deataigh díorthaithe;
  • na húsáidí atá beartaithe i mbianna sonracha nó ar bhianna sonracha nó i gcatagóirí sonracha bia nó ar chatagóirí sonracha bia;
  • sonraíochtaí ceimiceacha;
  • staidéir thocsaineolaíocha; agus
  • modhanna bailíochtaithe le haghaidh táirgí príomhúla agus blastáin deataigh dhíorthaithe a shampláil agus a bhrath.

Déanann an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) an measúnú sábháilteachta ar na hiarratais de réir achar ama sonraithe agus ar bhonn nósanna imeachta trédhearcacha.

Déantar an t–iarratas leis an EFSA, leis an gCoimisiún agus le tíortha AE. Má iarrann an t–iarratasóir é, féadfar sonraí íogaire áirithe a choinneáil faoi rún.

Tá measúnuithe an EFSA maidir le blastáin deataigh ar fáil anseo: Liosta AE um blastáin — Comhairle eolaíocht — 3 Bhlastán deataigh (táirgí príomhúla)

Le Rialachán (CE) Uimh. 627/2006 bunaítear critéir cháilíochta le haghaidh na modhanna anailíseacha bailíochtaithe maidir le sampláil, aithint agus tréithriú táirgí príomhúla deataigh, dá dtagraítear in Iarscríbhinn II de Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 16 Nollaig 2003 seachas Airteagal 4(2) ann lena dtoirmisctear blastán deataigh nó bia ina bhfuil nó ar a bhfuil blastán deataigh a chur ar an margadh mura n–údaraíodh an blastán, atá i bhfeidhm ón 16 Meitheamh 2005.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Comhdhlútháin deataigh phríomhúla: an chuid bunaithe ar uisce íonaithe de dheatach comhdhlúite a thagann faoin sainmhíniú ar bhlastáin deataigh.
Príomhchodanna tarra: an chuid íonaithe de chéim tharra ardluais uisce-dothuaslagtha de dheatach comhdhlúite a thagann faoin sainmhíniú ar bhlastáin deataigh.
Blastáin deataigh dhíorthaithe: blastáin a tháirgtear mar thoradh ar phróiseáil bhreise ar tháirgí príomhúla a úsáidtear i mbianna nó ar bhianna chun blas deataigh a thabhairt do na bianna sin.
Táirgí príomhúla: comhdhlútháin deataigh phríomhúla agus príomhchodanna tarra.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna (IO L 309, 26.11.2003, lgh. 1-8)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2013 lena mbunaítear liosta an Aontais de phríomhtháirgí blastáin deataigh údaraithe le húsáid i mbianna nó ar bhianna agus/nó chun blastáin deataigh dhíorthaithe a tháirgeadh (IO L 333, 12.12.2013, lgh. 54–67)

Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bhia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (IO L 354, 31.12.2008, lgh 34-50)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 627/2006 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2006 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le critéir cháilíochta le haghaidh na modhanna anailíseacha bailíochtaithe maidir le sampláil, aithint agus tréithriú táirgí príomhúla deataigh (IO L 109, 22.4.2006, lgh. 3-6)

Nuashonraithe 11.04.2018

Top