EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Imscrúduithe coiriúla trasteorann in AE atá níos tapa agus níos éifeachtúla

Cuirtear ar bun faoin Treoir maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach (OIE) córas nua cuimsitheach a chuireann ar chumas Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) fianaise a fháil i mBallstáit eile, a mbainfear úsáid aisti i gcásanna coiriúla a bhfuil baint acu le breis is thír amháin.

ACHT

Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla.

ACHOIMRE

Féachtar leis an treoir seo imscrúduithe coiriúla trasteorann in AE a shimpliú agus a luathú. Cuirtear ar bun faoin treoir an tOrdú Imscrúdaithe Eorpach, ordú a chuireann ar chumas na n-údarás breithiúnach i mBallstát AE amháin (“an Stát eisiúna”) iarratas a dhéanamh ar fhianaise a bhailiú i mBallstát AE eile agus a aistriú uaidh (“an Stát forghníomhaithe”).

Tá an OIE bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus, mar sin, tá d’oibleagáid ar na Ballstáit AE uile, i bprionsabal, iarratas dá leithéid a aithint agus a chur i gcrích. Chomh maith leis sin, ní mór gníomhú go tapa agus gan fhoirmiúlacht eile ar bith.

Buíochas leis an OIE tá sé níos éasca dul i ngleic le cionta coiriúla, lena n-áirítear coireanna amhail éilliú, gáinneáil ar dhrugaí agus coireacht eagraithe. Mar shampla, d’fhéadfadh póilíní na Gréige iarraidh ar a gcontrapháirtithe sa Ríocht Aontaithe (1) tithe a chuardach nó agallamh a chur ar fhinnéithe ar a son.

Cuirtear feabhas ar na dlíthe AE atá ann cheana féin sa réimse seo buíochas leis an OIE trí bhíthin dátaí éaga cruinne a shocrú maidir leis an fhianaise arna hiarraidh a bhailiú agus trí bhíthin na cúiseanna a theorannú a bhaineann lena leithéid d’iarratais a dhiúltú. Laghdaítear an páipéarachas chomh maith trí bhíthin foirm de chaighdeán aonair a thabhairt isteach, foirm a d’fhéadfadh na húdaráis a úsáid chun cabhair a iarraidh agus fianaise á lorg acu.

Príomhghnéithe OIE

  • Cinneadh breithiúnach arna eisiúint nó arna bhailíochtú ag údarás breithiúnach Ballstáit AE chun beart imscrúdaithe amháin nó níos mó a dhéanamh i mBallstát AE eile chun fianaise a fháil de réir na treorach seo;
  • Is féidir OIE a eisiúint chomh maith chun fianaise a fháil atá i seilbh cheana féin ag na húdaráis fhreagracha sa tír ina gcuirfear an t-iarratas i gcrích;
  • Is féidir le duine atá faoi dhrochamhras nó le cúinsí, nó lena ndlíodóir, iarratas a dhéanamh ar OIE de réir na gceart infheidhme cosanta i mBallstát AE;
  • Ní cheadmhach go gcuirfeadh OIE isteach ar chearta an duine ná ar phrionsabail dhlíthiúla, m.sh. an ceart cosanta i gcásanna coiriúla;
  • Cuimsíonn OIE gach beart imscrúdaithe, ach amháin comhfhoireann imscrúdaithe a chur ar bun;
  • Is féidir OIE a eisiúint le haghaidh cionta a mheastar gur cionta coiriúla iad nó le haghaidh gníomhartha/sáruithe dlí lena ngabhann pionós faoi dhlí náisiúnta an Stáit eisiúna.

90 lá le gníomhú

Tar éis OIE a fháil, bíonn ar an Stát forghníomhaithe gníomhú go tapa maidir leis an iarratas. Ní féidir leis an Stát forghníomhaithe diúltú don iarratas ach amháin i gcúinsí áirithe, m.sh. má théann an t-iarratas i gcoinne bhunphrionsabail dlí na tíre nó má dhéanann sé dochar do leasanna slándála náisiúnta. Bíonn ar an Stát forghníomhaithe íoc as na costais go léir a bhaineann le hiarratas a chur i gcrích.

Is féidir leis an chomhlacht atá ag dul i mbun an iarratais beart imscrúdaithe eile seachas OIE a roghnú, má chreidtear go mbeidh torthaí comhchosúla i gceist.

Ceadaítear na nithe seo a leanas faoin OIE chomh maith:

  • daoine atá i ngéibheann a aistriú go sealadach chun fianaise a bhailiú;
  • scrúduithe a dhéanamh ar chuntais bainc/chúrsaí airgeadais na ndaoine atá faoi dhrochamhras;
  • imscrúduithe faoi cheilt agus ceapadh teileachumarsáide;
  • bearta chun fianaise a chaomhnú.

Cuirtear an treoir seo i bhfeidhm maidir le Ballstáit uile an AE, ach amháin an Danmhairg agus Éire a chinn gan páirt a ghlacadh inti. Cuirtear an treoir in ionad na scéimeanna AE um chúnamh frithpháirteach dlí atá ann cheana féin, go háirithe an Coinbhinsiún AE um Chúnamh Frithpháirteach Dlí 2000 agus Cinneadh réime 2008/978/CGB maidir le Barántas Fianaise Eorpach.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2014/41/AE

21.5.2014

22.5.2017

IO L 130, 1.5.2014, lgh. 1-36

Ceartúchán

-

-

IO L 143, 9.6.2015, lgh. 16-16

Nuashonraithe 10.09.2015



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top