EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ról an chultúir i gcomhoibriú forbartha AE

ACHOIMRE AR:

Conclúidí na Comhairle maidir le ról an chultúir i gcaidreamh seachtrach AE

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SNA CONCLÚIDÍ?

  • Leagtar béim iontu ar thábhacht an chultúir mar uirlis chun déileáil le tíortha nach tíortha AE iad, ach go háirithe i gcomhthéacs na forbartha.
  • Iarrtar iontu freisin ar thíortha AE agus ar an gCoimisiún Eorpach bearta nithiúla a dhéanamh chun an cultúr a ionchorprú mar ghné shonrach nuair atáthar ag déileáil le tíortha nach tíortha AE iad i gcomhthéacs na forbartha.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Cé go bhfuil an cultúr aitheanta cheana féin mar ghné thábhachtach den fhorbairt inbhuanaithe, ba chóir cur chuige níos comhtháite a fhorbairt ina gcuirtear san áireamh, mar shampla:
    • iarrachtaí a neartú chun oidhreacht chultúrtha an domhain a chosaint;
    • tacaíocht d’fhorbairt fhadtéarmach na n-earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha i dtíortha páirtíochta nach tíortha AE iad;
    • comhlántacht idir cláir atá ann cheana agus scéimeanna maoinithe.
  • Moltar do thíortha AE agus don Coimisiún Eorpach páirt a ghlacadh i ngrúpa tasc ad-hoc eagraithe ag rialtas Lucsamburg. Cuideoidh sé seo chun cur chuige a ullmhú i dtaca leis an gcultúr agus le comhoibriú forbartha a bheidh nithiúil, bunaithe ar fhianaise, comhroinnte agus fadtéarmach. Tiocfaidh an grúpa le chéile don tréimhse tosaigh 2016-2017 agus cuirfear torthaí i láthair do chomhlachtaí ábhartha Chomhairle an Aontais Eorpaigh (ach go háirithe cultúr agus comhoibriú forbartha).
  • Moltar don Choimisiún Eorpach, i gcomhpháirt le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, cur chuige níos straitéisí a fhorbairt agus a chur i láthair i dtaca leis an gcultúr sa chaidreamh seachtrach.

CÚLRA

Féadfaidh earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha, lena n-áirítear oidhreacht chultúrtha, cuidiú le laghdú bochtanais, cosc ar choimhlint agus athmhuintearas, agus fás, fostaíocht, comhtháthú sóisialta agus forbairt áitiúil a spreagadh. Ina theannta sin, comhpháirt bhunúsach de shochaí dhaonlathach is ea earnáil neamhspleách chultúrtha agus meán.

Tá an cultúr i gcaidreamh seachtrach AE, lena n-áirítear i gcomhthéacs na forbartha, ar cheann de na tosaíochtaí i bplean oibre AE don Chultúr (2015-2018).

GNÍOMH

Conclúidí na Comhairle maidir leis an gcultúr i gcaidreamh seachtrach AE le fócas ar an gcultúr i gcomhoibriú forbartha (IO C 417, 15.12.2015, lgh. 41-43)

Nuashonraithe 31.05.2016

Top