EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Straitéis AE maidir le fás inbhuanaithe mara agus muirí: Fás Gorm

 

ACHOIMRE

Tá 5.4 milliún duine ag obair i ngníomhaíochtaí mara agus muirí san Aontas Eorpach (AE), agus tá oll-bhreisluach (OBL) díreach faoi bhun EUR 500 billiún sa bhliain ag baint leo. In 2012, thíolaic AE straitéis fhadtéarmach chun leas a bhaint as acmhainneacht na n-aigéan agus na mara dá chuid.

CÉARD A DHÉANTAR SA TEACHTAIREACHT?

Seoladh straitéis AE don earnáil mhuirí leis an teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach. Tugtar Fás Gorm ar an straitéis seo, agus cuirtear síos ann ar an méid a dhéanfaidh an earnáil mhuirí chun na spriocanna sa Straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a bhaint amach. Baineann sé leis as Beartas Muirí Comhtháite an Choimisiúin a seoladh in 2007.

PRÍOMHPHOINTÍ

Sa straitéis ar Fhás Gorm, dírítear ar acmhainneacht na n-earnálacha mara agus muirí (an geilleagar gorm) chun cur leis an téarnamh geilleagrach inbhuanaithe in AE, agus go háirithe chun poist nua a chruthú agus chun an nuálaíocht agus an fás inbhuanaithe a chur chun cinn.

Mar thoradh ar an suíomh tíreolaíoch ar leith atá ag réigiúin mhuirí agus a gcósta (i.e. ag féachaint amach), ionaid do smaointe nua agus don nuálaíocht a bhí sna réigiúin sin go traidisiúnta. Mar sin féin, is ann do 3 thoisc nua lenar dócha go ndéanfar a n-acmhainneacht ina leith sin a atreisiú a thuilleadh:

Sna deich mbliana seo a chuaigh thart, tá dul chun cinn tapa teicneolaíochta déanta (go háirithe sa róbataic, san fhísfhaireachas agus sa teicneolaíocht tumadóireachta) maidir le hobair amach ón gcósta in uiscí níos doimhne.

Agus an daonra ag fás, tá an brú ag dul i méid i gcónaí ar acmhainní na talún chun bia agus fuinneamh a chur ar fáil. Ní mór dúinn féachaint ar an 71 % de dhromchla an domhain atá ina aigéan chun teacht ar bhealaí níos inbhuanaithe le freastal ar riachtanais an chine dhaonna.

Tá ról mór ag ár bhfarraigí chun cabhrú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, trí bhíthin saoráidí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, agus chun fuinneamh a spáráil leis an iompar ar muir mar níl sé chomh truaillitheach céanna leis an iompar ar tír.

Aithnítear 5 earnáil sa straitéis a bhfuil acmhainneacht ard ag baint leo don fhás agus don fhostaíocht. Is iad na hearnálacha sin an dobharshaothrú (feirmeoireacht éisc agus sliogéisc), an turasóireacht, an bhiteicneolaíocht mhuirí, fuinneamh na n-aigéan agus an mhianadóireacht ar ghrinneall na farraige. Seoladh sraith tionscnamh de chuid an Choimisiúin chun féachaint ar an acmhainneacht fáis sna réimsí sin agus chun í a fhorbairt. Áirítear leo sin Teachtaireachtaí maidir leis na nithe seo a leanas:

Aibhsítear sa straitéis an tábhacht a bhaineann leo seo a leanas:

cur leis an eolas mara (chun táirgí agus seirbhísí nua a fhorbairt);

feabhas a chur ar bhainistiú gníomhaíochtaí mara — tá sé sin ríthábhachtach chun coimhlint fhéideartha a sheachaint agus chun sineirgí a chruthú idir gníomhaíochtaí éagsúla;

slándáil uiscí AE (i.e. faireachas muirí comhtháite orthu) chun cur ar chumas na n-údarás muirí faisnéis ar rioscaí agus ar bhagairtí a chomhroinnt.

Aithnítear ann freisin gur gá cineálacha cur chuige saincheaptha a ghlacadh i leith na 7 n-imchuach san Eoraip (Muir Aidriad agus Muir Iónach, an tAigéan Artach, an tAigéan Atlantach, Muir Bhailt, an Mhuir Dhubh, an Mheánmhuir, agus an Mhuir Thuaidh). Áirithítear leis sin go bhfreastalaítear ar riachtanais shainiúla gach imchuach, agus déantar iarracht leis freisin na tíortha lena mbaineann a spreagadh chun dul i mbun oibre lena chéile.

Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta de chuid an Choimisiúin Eorpaigh

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Deiseanna Fáis Ghoirm le haghaidh fáis inbhuanaithe mara agus mhuirí (COM(2012) 494 final an 13 Meán Fómhair 2012)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Treoirlínte Straitéiseacha maidir le Forbairt Inbhuanaithe an Dobharshaothraithe in AE (COM(2013) 229 final an 29 Aibreán 2013)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Gníomhaíocht an Fhuinnimh Ghoirm atá de dhíth chun leas a bhaint as acmhainneacht fhuinneamh na n-aigéan i mara agus in aigéin na hEorpa faoi 2020 agus ina dhiaidh sin (COM(2014) 8 final an 20 Eanáir 2014)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis Eorpach le haghaidh Fáis agus Fostaíochta sa bhreis sa Turasóireacht Chósta agus Mhuirí (COM(2014) 86 final an 20 Feabhra 2014)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: An Nuálaíocht sa Gheilleagar Gorm: acmhainneacht ár mara agus ár n-aigéan a fhíorú le haghaidh fáis agus fostaíochta (COM(2014) 254 final/2 an 8 Bealtaine 2014)

Doiciméad oibre de chuid fhoireann an Choimisiúin – Eolas Mara 2020: plean oibre ag gabháil leis an doiciméad Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: An Nuálaíocht sa Gheilleagar Gorm: acmhainneacht ár mara agus ár n-aigéan a fhíorú le haghaidh fáis agus fostaíochta (SWD(2014) 149 final an 8 Bealtaine 2014)

Nuashonraithe 02.10.2015

Top