Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Árachas agus athárachas

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2009/138/CE maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus leanúint den ghnó sin (sócmhainneacht II)

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Dar teideal sócmhainneacht II, ceanglaítear léi ar chuideachtaí árachais agus athárachais san Aontas Eorpach (AE) acmhainní airgeadais leordhóthanacha a shealbhú.
  • Leagtar amach léi freisin rialacha rialachais, bainistíochta riosca, trédhearcachta agus maoirseachta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Clúdaítear sa treoir cuideachtaí árachais neamhshaoil, cuideachtaí árachais saoil agus cuideachtaí athárachais.

Údarú

Is féidir le cuideachta árachais a cuid gníomhaíochtaí a chur chun feidhme tar éis di údarú a fháil ón maoirseoir sa Bhallstát AE ina bhfuil sí. Tá an t–údarú sin bailí ar fud an Aontais Eorpaigh.

Ceanglais chaipitil

Ní foláir nó go mbeidh caipiteal ina seilbh ag cuideachtaí árachais maidir lena bpróifílí riosca ionas gur féidir leo a ráthú go bhfuil acmhainní airgeadais imleora acu chun deacrachtaí airgeadais a sheasamh. Ní mór dóibh na ceanglais chaipitil seo a leanas a chomhlíonadh.

  • An t–íoscheanglas caipitil. An leibhéal íosta caipitil faoina nochtfaí sealbhóirí polasaithe d’ardleibhéal riosca.
  • An ceanglas maidir le caipiteal sócmhainneachta. An caipiteal a theastaíonn ó chuideachta árachais nuair is gá caillteanais mhóra a ionsú. Ríomhtar an méid caipitil trí rioscaí éagsúla a chur san áireamh, m.sh.:
    • an riosca margaidh: an riosca caillteanais nó an baol go dtiocfaidh athrú ar an staid airgeadais de bharr luaineachta sa mhargadh;
    • an riosca árachais nó an riosca frithgheallta: an riosca nár cuireadh go leor airgid ar leataobh chun íoc as éilimh nó sochair árachais amach anseo;
    • an riosca oibriúcháin: an riosca caillteanais a thagann as próisis, pearsanra nó córais inmheánacha imleora nó ar theip orthu, nó as imeachtaí seachtracha.

Má theipeann ar chuideachta árachais ceachtar ceann den dá mhéid caipitil a chomhlíonadh, ní mór don mhaoirseoir beart a dhéanamh.

Coinníollacha lena rialaítear gnó árachais

  • Córas leordhóthanach rialachais. Ní mór do chuideachtaí árachais córas leordhóthanach trédhearcach rialachais a chur i bhfeidhm ina ndéantar freagrachtaí a leithdháileadh go soiléir. Ní mór cumas leordhóthanach riaracháin a bheith acu chun déileáil le saincheisteanna éagsúla, lena n–áirítear bainistíocht riosca, comhlíonadh reachtaíochta agus iniúchadh inmheánach.
  • Féinmheasúnú riosca agus sócmhainneachta. Ní mór do chuideachtaí árachais a bhféinmheasúnú riosca agus sócmhainneachta a dhéanamh ar bhonn rialta. Is é atá i gceist leis sin measúnú a dhéanamh ar na ceanglais fhoriomlána um shócmhainneachta, i ndáil lena bpróifílí riosca, mar aon lena gcomhlíonadh leanúnach maidir leis na hacmhainní airgeadais a theastaíonn.

Maoirseacht

  • Athbhreithniú arna dhéanamh ag maoirseoirí. Leagtar amach sa reachtaíocht próiseas athbhreithnithe maoirseachta lena gcuirtear ar chumas maoirseoirí athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha ag cuideachtaí árachais. Chun na críche sin, ní mór do chuideachtaí árachais faisnéis mhionsonraithe maidir lena ngnó agus rioscaí a thuairisciú do mhaoirseoirí. Féachtar leis sin cabhrú le maoirseoirí cuideachtaí a d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith acu a aithint. Ní mór do chuideachtaí árachais faisnéis a nochtadh go poiblí freisin.
  • Maoirseoir grúpa. Ní mór do gach grúpa cuideachtaí árachais maoirseoir grúpa a bheith acu a mbeidh freagrachtaí sonracha air nó uirthi i ndlúthchomhar leis na maoirseoirí náisiúnta lena mbaineann.

Leasuithe ar Threoir 2009/138/CE

Rinneadh Cinneadh 2009/138/CE a leasú roinnt uaireanta.

  • Chun iomaíocht chóir a áirithiú idir institiúidí, síntear le Treoir leasaitheach (AE) 2016/2341 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí le haghaidh soláthar scoir ceirde (féach an achoimre) an idirthréimhse lena gceadaítear do ghnóthais árachais atá faoi réir Threoir 2009/138/CE a ngnó soláthair pinsean ceirde a fheidhmiú go dtí an 31 Nollaig 2022.
  • Le Rialachán (AE) 2017/2402 maidir le hurrúsú (féach an achoimre) leasaítear Treoir 2009/138/CE chun comhsheasmhacht leis an rialachán seo maidir le rialacha a bhaineann le hurrúsú a áirithiú, arb é is príomhchuspóir leo an margadh inmheánach a chur ar bun agus a fheidhmiú, go háirithe trí chothrom na Féinne a áirithiú sa mhargadh inmheánach do gach infheisteoir institiúideach.
  • Ceanglaítear le Treoir leasaitheach (AE) 2018/843 ar chuideachtaí árachais amhras faoi sciúradh airgid nó faoi mhaoiniú sceimhlitheoireachta a thuairisciú do na húdaráis phoiblí chun úsáid an chórais airgeadais chun na gcríoch sin a chosc faoi Threoir (AE) 2015/849 (féach an achoimre) .
  • Le Treoir leasaitheach (AE) 2019/2177 tugtar ról níos mó don Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) chun cur le cóineasú maoirseachta sa réimse um shamhlacha inmheánacha. Leagtar síos léi ceanglais níos déine maidir le fógra a thabhairt i gcás gníomhaíochta árachais trasteorann suntasacha nó i gcásanna géarchéime, mar aon leis na coinníollacha maidir le ardáin chomhair* a chur ar bun i gcás go bhfuil an ghníomhaíocht árachais trasteorann atá beartaithe ina gníomhaíocht shuntasach.
  • Le Treoir leasaitheach (AE) 2022/2556 déantar rialacha na treorach, agus roinnt treoracha gaolmhara eile, a ailíniú leis na ceanglais maidir le riosca TFC le haghaidh eintitis airgeadais a leagtar amach sa rialachán maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil na hearnála airgeadais (DORA), Rialachán (AE) 2022/2254 (féach an achoimre).

Gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme

  • Leis an Treoir um Shócmhainneacht II tugtar an ceart don Choimisiún Eorpach gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacadh. Déileáiltear iontu sin le hábhair amhail caighdeáin theicniúla agus faisnéis chun forálacha teicniúla agus cistí dílse bunúsacha a ríomh.
  • Leagtar amach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 (ar a dtugtar an rialachán tarmligthe maidir le sócmhainneacht II agus a leasaíodh roinnt uaireanta) ceanglais mhionsonraithe maidir le creat um shócmhainneacht II a chur i bhfeidhm agus feidhmíonn sé mar an leabhar rialacha stuamachta aonair do ghnólachtaí árachais agus athárachais. Clúdaítear an méid seo a leanas sa rialachán tarmligthe maidir le sócmhainneacht II:
    • luacháil sócmhainní agus dliteanais, lena n–áirítear bearta um ráthaíochtaí fadtéarmacha;
    • conas an leibhéal caipitil riachtanach a shocrú le haghaidh aicmí sócmhainní a bhféadfadh árachóir infheistiú iontu;
    • incháilitheacht ítimí cistí dílse árachóirí chun ceanglais chaipitil a chlúdach;
    • conas ba cheart cuideachtaí árachais a bhainistiú agus a rialú;
    • measúnú a dhéanamh ar choibhéis chórais sócmhainneachta na dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad maidir le rialacha AE;
    • rialacha maidir le húsáid samhlacha inmheánacha chun an ceanglas caipitil sócmhainneachta a ríomh;
    • rialacha sonracha a bhaineann le grúpaí árachais; agus
    • modhanna agus díolúintí simplithe chun sócmhainneacht II a dhéanamh níos éasca maidir le hiarratas a dhéanamh ar árachóirí beaga agus nach bhfuil chomh casta.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

B’éigean Treoir 2009/138/CE a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 31 Márta 2015. Tá na rialacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2016.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Ardán comhair. Cuirtear ardán den sórt sin ar bun nuair a fheiceann ÚEÁPC agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta ábhartha an fiúntas a bhaineann le comhar a neartú i gcás gnó trasteorann ábhartha chun margadh inmheánach fónta a éascú san Aontas Eorpach. Tríd na hardáin féadfaidh maoirseoirí baile úsáid a bhaint as saineolas agus eolas maoirseoirí óstaigh maidir le sainiúlacht an mhargaidh áitiúil.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2009/138/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (athmhúnlú) (OJ L 335, 17.12.2009, lgh. 1–155).

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin i ndiaidh a chéile ar Threoir 2009/138/CE. Úsáidtear an leagan comhdhlúite seo chun críocha tagartha amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lgh. 1–79).

Treoir (AE) 2022/2556 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE, 2014/65/AE, (AE) 2015/2366 agus (AE) 2016/2341 maidir le hathléimneacht oibríochtúil dhigiteach don earnáil airgeadais (IO L 333, 27.12.2022, lgh. 153–163).

Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n–aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lgh. 73–117).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dul i mbun ghnó an árachais agus an athárachais agus maidir le gabháil don ghnó (Sócmhainneacht II) (IO L 12, 17.1.2015, lgh. 1–797).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 20.06.2023

Top