Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Táirgí a bhaineann le cosaint: rialacha maidir le haistriú laistigh den Aontas Eorpach

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2009/43/CE lena simplítear na téarmaí agus na coinníollacha maidir le haistrithe táirgí atá gaolmhar don chosaint laistigh den Aontas Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Is é an cuspóir léi deireadh a chur leis na difríochtaí idir dlíthe agus rialacha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le táirgí a bhaineann le cosaint (idir raidhfilí, bhuamaí agus toirpéid, agus fhomhuireáin agus aerárthaí a úsáidtear chun críocha míleata).
  • Cuirtear córas um údarú ar bun faoin treoir, córas chun ceadúnais aistrithe a eisiúint do sholáthraithe.
  • Éascaítear léi cúrsaíocht thrédhearcach shlán na dtáirgí a bhaineann le cosaint san Aontas, rud a chabhraíonn le hiomaíochas earnáil chosanta AE a spreagadh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá trí chineál ceadúnais ann

  • 1.

    Ceadúnais ghinearálta, arna n–eisiúint ag Ballstát chuig na soláthraithe atá bunaithe ina críoch (ar an gcoinníoll go gcloíonn siad le coinníollacha an cheadúnais) agus lena n–iarrtar táirgí a bhaineann le cosaint a aistriú chuig faighteoirí i mBallstát eile.

  • 2.

    Ceadúnais dhomhanda, arna ndeonú ag Ballstát (a dhéanann cinneadh maidir le raon feidhme agus fad an cheadúnais) do sholáthraithe a iarrann táirgí a aistriú chuig faighteoirí i mBallstát amháin nó níos mó.

  • 3.

    Ceadúnais aonair, arna ndeonú ag Ballstát do sholáthraithe a iarrann táirgí a aistriú uair amháin chuig faighteoir amháin.

Oibleagáidí na soláthraithe

  • Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh soláthraithe táirgí atá gaolmhar don chosaint, soláthraithe atá bunaithe ina gcríoch an méid seo a leanas:
    • taifid mhionsonraithe a choimeád dá n–aistrithe;
    • na faighteoirí a chur ar an eolas faoi choinníollacha an cheadúnais (i.e. teorainneacha maidir le húsáid deiridh nó le honnmhairiú táirgí a bhaineann le cosaint);
    • a chur in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit ónár mian leo táirgí a aistriú go bhfuil sé beartaithe acu ceadúnas ginearálta a úsáid den chéad uair.
  • Ní mór do na Ballstáit ina bhfuil cónaí ar fhaighteoirí táirgí atá gaolmhar don chosaint faoi cheadúnais aistrithe dheimhniú go bhfuil na faighteoirí freagrach as teorainneacha onnmhairithe na dtáirgí lena nglacann siad a chomhlíonadh.

Tá na táirgí atá gaolmhar don chosaint, atá sonraithe sa treoir seo, liostaithe san iarscríbhinn a ghabhann leis an treoir. Déantar an iarscríbhinn a nuashonrú go rialta trí bhíthin gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach ionas go mbeidh sí ag teacht le Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh. Nuashonraíodh an iarscríbhinn an uair is déanaí le Treoir Tharmligthe (AE) 2023/277 in 2023. Nuashonraíonn an Coimisiún an liosta sin go rialta lena áirithiú go mbeidh sé ag teacht leis an liosta comhchoiteann míleata, a nuashonraíodh go deireanach ar an 28 Feabhra 2023.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

B’éigean an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta an 30 Meitheamh 2011.

Ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha nua sin ón 30 Meitheamh 2012.

Ní mór Treoir Tharmligthe (AE) 2023/277 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 31 Bealtaine 2023 agus ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha ón 7 Meitheamh 2023.

CÚLRA

Sular tháinig Treoir 2009/43/CE i bhfeidhm, cuireadh dlíthe náisiúnta ceadúnaithe i bhfeidhm maidir le haistriú táirgí atá gaolmhar don chosaint in AE. Bhí an–difríocht idir na dlíthe sin maidir le nósanna imeachta, raon feidhme agus an méid am a theastaíonn sé chun ceadúnas a fháil. Mar sin, cuireadh srian ar iomaíochas earnáil chosanta na hEorpa, agus ar fhíormhargadh Eorpach um tháirgí cosanta a bhunú.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena simplítear na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le haistrithe táirgí atá gaolmhar don chosaint laistigh den Chomhphobal (IO L146, 10.6.2009, lgh. 1-36).

Rinneadh leasuithe agus ceartúcháin chomhleantacha ar Threoir 2009/43/CE agus ar Iarscríbhinní na treorach a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir Tharmligthe (AE) 2023/277 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann liosta na dtáirgí a bhaineann le cosaint a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le Liosta Comhchoiteann Míleata nuashonraithe an Aontais Eorpaigh an 21 Feabhra 2022 (IO L 42, 10.2.2023, lgh. 1-39).

Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh (IO C 72, 28.2.2023, lgh. 2-37).

Nuashonraithe 15.02.2023

Top