This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Baineann an coinbhinsiún le sábháilteacht gléasraí cumhachta núicléiche sibhialta seasta lena n-áirítear saoráidí stóráil, láimhsiú agus cóireáil ábhar radaighníomhach atá ar an suíomh céanna agus a bhaineann go díreach le feidhmiú an ghléasra cumhachta núicléiche.
Tagann na páirtithe le chéile uair amháin gach 3 bliana ar a laghad. Déanann an Coimisiún Eorpach ionadaíocht ar son Euratom ag na cruinnithe sin nuair a thuairiscíonn na páirtithe ar na bearta atá glactha acu chun oibleagáidí an chonartha a chomhlíonadh. Cuireann an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (IAEA) rúnaíocht ar fáil don choinbhinsiún.
Tháinig an coinbhinsiún i bhfeidhm an .
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Coinbhinsiún ar shábháilteacht núicléach — Dearbhú ón gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach de réir fhorálacha Airteagal 30(4)(iii) den Choinbhinsiún ar Shábháilteacht Núicléach (IO L 318, , lgh. 21-30)
Cinneadh 1999/819/Euratom ón gCoimisiún an maidir le haontachas an Chomhphobal Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach leis an gCoinbhinsiún ar Shábháilteacht Núicléach 1994 (Euratom)(IO L 318, , lch. 20)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 1999/819/CEFA a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
nuashonrú is deireanaí