This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Le hAirteagal 14 de Chairt an Aontais Eorpaigh (AE) um Chearta Bunúsacha sonraítear “go bhfuil an ceart chun oideachais ag gach duine agus chun rochtain a fháil acu ar oiliúint leanúnach agus ar ghairmoiliúint”.
Tá Ballstáit AE freagrach as a gcórais oideachais agus oiliúna féin a eagrú agus as ábhar na gclár teagaisc. Faoi Airteagal 165 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cuireann an tAontas Eorpach le forbairt oideachais ardchaighdeáin trí chomhar idir a Bhallstáit a spreagadh agus a éascú agus, más gá, trí thacú lena ngníomhaíocht agus cur léi.
Le buiséad de níos mó ná €28 billiún, maoinítear as an gclár nua Erasmus+ (2021-2027) tionscadail maidir le hoideachas agus oiliúint, chomh maith le bearta i bhfabhar na hóige agus an spóirt.
Ina theannta sin, tá na 27 Ballstát agus an Coimisiún Eorpach ag obair i dtreo feabhas fairsing a dhéanamh ar earnáil oideachais agus oiliúna an Aontais Eorpaigh. Tugtar limistéar Eorpach oideachais (LEO) ar an bhfís chomhroinnte seo, agus tá sé mar aidhm leis fíorspás foghlama Eorpach a chruthú, a rachaidh chun tairbhe gach foghlaimeora, múinteora agus institiúide, faoi 2025, tríd an méid seo a leanas:
FÉACH FREISIN