Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 87/369/CEE — tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí agus an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis

An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí

Prótacal Leasaitheach ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH, LEIS AN GCOINBHINSIÚN AGUS LEIS AN BPRÓTACAL?

Deimhnítear leis an gcinneadh go gcuirfidh AE an coinbhinsiún idirnáisiúnta agus an prótacal leasaitheach i bhfeidhm ón 1 Eanáir 1988.

Tá sé mar aidhm leis an gcoinbhinsiún trádáil idirnáisiúnta agus bailiú, comparáid agus anailísiú staidrimh trádála a éascú trí aicmithe comhaontaithe a úsáid.

Luaitear sa phrótacal leasaitheach go dtiocfaidh an coinbhinsiún i bhfeidhm ar an 1 Eanáir i mbliain ar leith nuair a bheidh sé sínithe ag 17 dtír, aontas custaim nó eacnamaíoch ar a laghad, ach ní roimh an 1 Eanáir 1988.

PRÍOMHPHOINTÍ

Sa choinbhinsiún:

  • dearbhaítear leis go ndéanfaidh na sínitheoirí go léir an méid a leanas:
    • a ráthú go gcomhlíonfaidh siad a dtaraifí custaim agus a gceannteidil staidrimh an córas comhchuibhithe (CC) a luaithe a thiocfaidh an coinbhinsiún i bhfeidhm,
    • rialacha ginearálta an choinbhinsiúin a chur i bhfeidhm,
    • a staidreamh trádála ar allmhairí agus ar onnmhairí a chur ar fáil go poiblí de réir chóid sé dhigit an chórais chomhchuibhithe,
    • féadfaidh siad foranna a chur i bhfeidhm chun earraí atá faoi bhun leibhéal an chórais chomhchuibhithe a aicmiú;
  • ceadaítear leis do thíortha i mbéal forbartha:
    • moill a chur ar úsáid chuid d’fho-cheannteidil an chórais chomhchuibhithe nó iad go léir a úsáid, ach áitítear orthu an córas a ghlacadh laistigh de 5 bliana;
  • tugtar dá aire leis go gcuirfidh tíortha forbartha, má iarrtar é, cúnamh teicniúil ar fáil do thíortha i mbéal forbartha chun cabhrú leo an córas comhchuibhithe a chur i bhfeidhm;
  • bunaítear leis coiste an chórais chomhchuibhithe lena mbaineann an méid seo a leanas:
    • tá ionadaí amháin ó gach sínitheoir air,
    • tagann siad le chéile dhá uair in aghaidh na bliana ar a laghad go hiondúil,
    • molann siad leasuithe ar an gcoinbhinsiún,
    • ullmhaíonn siad nótaí míniúcháin, tuairimí maidir le haicmiú agus moltaí chun a áirithiú go gcuirfear an córas comhchuibhithe i bhfeidhm go haonfhoirmeach,
    • déanann sé faisnéis faoin gcóras comhchuibhithe a thiomsú agus a scaipeadh;
  • luaitear ann go scrúdaíonn an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim (EDC) (an Chomhairle um Chomhar Custaim roimhe seo) leasuithe atá beartaithe ar an gcoinbhinsiún agus molann siad iad sin do na sínitheoirí;
  • éilítear leis go socrófar aon díospóid idir sínitheoirí maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an choinbhinsiúin trí chaibidlíocht — mura ndéantar é sin, cuirfear an cheist ar aghaidh chuig coiste comhchuibhithe an EDC;
  • leagtar amach leis gur féidir leo seo a leanas an coinbhinsiún a shíniú:
    • balltíortha EDC,
    • aontais chustaim nó eacnamaíocha a bhfuil sé de chumhacht acu conarthaí a shíniú,
    • tíortha ar tugadh cuireadh dóibh déanamh amhlaidh;
  • tugann sé an ceart do shínitheoirí cinneadh a dhéanamh an bhfuil feidhm ag an gcoinbhinsiún maidir le haon cheann dá gcuid críocha cleithiúnacha;
  • beidh sé i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta.

Tagann an coinbhinsiún in ionad Choinbhinsiún na Bruiséile a síníodh sa Bhruiséil ar an 15 Nollaig 1950.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an coinbhinsiún i bhfeidhm an 1 Eanáir 1988.

CÚLRA

  • D’fhorbair an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim an Córas Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí. Úsáideann 211 gheilleagar é, a bhfuil 160 acu ina sínitheoirí ar an gcoinbhinsiún, dá dtaraifí custaim agus chun staidreamh trádála idirnáisiúnta a bhailiú.
  • Tá thart ar 5,000 grúpa tráchtearraí ann — gach ceann acu sainaitheanta le cód sé dhigit — agus aicmíonn sé os cionn 98% den trádáil idirnáisiúnta in earraí.
  • Úsáideann rialtais, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus an earnáil phríobháideach an córas comhchuibhithe chun go leor críocha eile, lena n–áirítear cánacha inmheánacha, beartais trádála, faireachán ar earraí rialaithe agus taraifí lasta. Fágann sin gur teanga eacnamaíoch uilíoch agus cód le haghaidh earraí é.
  • Déantar an coinbhinsiún a nuashonrú gach 5 bliana. Tiocfaidh an leagan is déanaí, ina mbeidh 351 leasú, i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022 (in ionad an leagain reatha ó 2017).

Chun tuilleadh faisnéise a fháil féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 87/369/CEE an 7 Aibreán 1987 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí agus an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis (IO L 198, 20.7.1987, lgh. 1-2)

An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (IO L 198, 20.7.1987, lgh. 3-10)

Prótacal Leasaitheach chun an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (IO L 198, 20.7.1987, lgh. 11-409)

Nuashonraithe 17.09.2020

Top