Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige

 

ACHOIMRE AR:

Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige

Cinneadh 98/392/CE maidir le tabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige agus an Chomhaontaithe maidir le Cuid XI de a chur chun feidhme ag an gComhphobal Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOINBHINSIÚN AGUS LEIS AN GCINNEADH?

Faomhtar leis an gcinneadh Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige agus Cuid XI den Chomhaontú a ghabhann leis an gComhaontú lena bhféadfaidh AE a bheith ina pháirtí sa dá cheann.

Leagtar amach sa choinbhinsiún réimse dlíthiúil maidir le haigéin agus farraigí an domhain lena mbunaítear na rialacha lena rialaítear úsáidí as na haigéin agus as a n–acmhainní.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar amach an méid seo a leanas sa choinbhinsiún:

  • na córais dlí comhfhreagracha sna codanna éagsúla de na haigéin lena n–áirítear:
    • an fharraige theorann*;
    • an réigiún tadhlach*;
    • an limistéar eacnamaíoch eisiach*;
    • an scairbh ilchríochach*;
    • an mhórmhuir*; agus
    • limistéar idirnáisiúnta ghrinneall na farraige (an “Limistéar”) thar theorainneacha dlínse náisiúnta;
    • mar aon leis na cearta agus na hoibleagáidí faoi seach do gach tír;
  • cearta agus na hoibleagáidí tíortha cósta maidir le bunú agus bainistíocht uiscí faoina gceannas nó faoina ndlínse:
    • an fharraige theorann (suas le 12 mhuirmhíle ó na bonnlínte bunaithe);
    • an réigiún tadhlach (suas le 24 muirmhíle ó na bonnlínte bunaithe);
    • na limistéir eacnamaíocha eisiacha (suas le 200 muirmhíle ó na bonnlínte bunaithe agus ón scairbh ilchríochach);
  • cearta agus oibleagáidí tíortha eile (lena n–áirítear tíortha talamhiata agus tíortha a mbaineann míbhuntáiste geografach leo) sna limistéir sin;
  • saoirsí na mórmhara do gach tír (lena n–áirítear tíortha talamhiata), lena n–áirítear:
    • loingseoireacht agus traseitilt;
    • leagan cáblaí agus píblínte fomhuirí;
    • tógáil oileáin saorga agus suiteálacha;
    • iascaireacht agus de thaighde eolaíochta;
  • dualgais tíortha brataí;
  • rialacha maidir le caomhnú agus bainistíocht acmhainní beo na bhfarraigí lena n–áirítear maidir le comhar le haghaidh bainistíocht agus saothrú stoc éisc comhroinnte;
  • rialacha maidir le saothrú acmhainní mianracha ghrinneall farraige an Limistéir lena n–áirítear bunú an Údaráis Idirnáisiúnta um Ghrinneall na Farraige a rialaíonn agus a údaraíonn taiscéalaíocht agus mianadóireacht i ngrinneall na farraige agus a bhailíonn agus a scaipeann ríchíosanna;
  • freagrachtaí na dtíortha atá ar theorainn farraige intíre nó leath-intíre*;
  • rialacha maidir le cosaint agus caomhnú na timpeallachta mara lena n–áirítear ceanglais maidir le measúnú tionchair a dhéanamh agus ceanglais ar thíortha maidir le truailliú muirí a chosaint agus a rialú agus a ndliteanas mura ndéanann siad é a chosc;
  • rialacha maidir le taighde eolaíoch muirí a dhéanamh;
  • rialacha maidir le forbairt acmhainne agus aistriú na teicneolaíochta muirí;
  • sásra éigeantach um réiteach díospóidí: féadfar díospóidí a chur isteach chuig an mBinse Idirnáisiúnta um Dhlí na Mara, chuig an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, nó chun eadrána. Tá dlínse eisiach ag an mBinse i ndáil le díospóidí maidir le mianadóireachta ar ghrinneall na domhainfharraige.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHOINBHINSIÚIN AGUS AN CHINNIDH?

Tá an cinneadh i bhfeidhm ón 13 Iúil 1998.

Tháinig an coinbhinsiún i bhfeidhm in 1994. Tá an coinbhinsiún sínithe ag gach tír AE. Shínigh AE an coinbhinsiún in 2003. Sainítear i ndearbhú na cúrsaí arna rialú leis an gcoinbhinsiún agus leis an gcomhaontú, maidir le cé acu inniúlacht a d’aistrigh tíortha AE chuige.

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

An fharraige theorann: síneann farraige theorann stáit suas le 12 mhuirmhíle (22.2 km; 13.8 mi) óna bonnlíne.
Réigiún tadhlach: banda uisce a shíneann níos faide ó imeall seachtrach na farraige teorann, inar féidir le stát rialú teoranta a chur i bhfeidhm chun sárú ar dhlíthe agus rialacha custaim, fioscacha, inimirce nó sláintíochta laistigh dá chríoch nó dá fharraige theorann.
Limistéar eacnamaíoch eisiach: síneann limistéar eacnamaíoch eisiach ón mbonnlíne go dtí uaslíon de 200 muirmhíle (370.4 km; 230.2 mi). Rialaíonn tír chósta gach acmhainn eacnamaíoch (e.g. iascaireacht, mianadóireacht agus sirtheoireacht ola) laistigh dá limistéar eacnamaíoch eisiach, chomh maith le truailliú ar bith maidir leis na hacmhainní sin.
Scairbh ilchríochach: síneann sé go dtí imeall seachtrach an imill ilchríochaigh ach 200 muirmhíle (370 km; 230 mi) ar a laghad ó bhonnlínte farraige teorann tíre cósta.
Mórmhuir: an t–aigéan oscailte, go háirithe aigéan nach bhfuil laistigh de dhlínse tíre.
Farraigí intíre nó leath-intíre: murascaill, abhantrach nó farraige a bhfuil tír amháin nó dhá thír thart orthu nó atá nasctha le farraige eile nó leis an aigéan trí asraon cúng — nó ina gcuimsítear, go hiomlán nó go príomha, farraigí teorann agus limistéir eacnamaíocha eisiacha 2 thír chósta nó níos mó.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige agus maidir le Cuid XI de a chur chun feidhme — Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (IO L 179, 23.6.1998, lgh. 3-134)

Cinneadh 98/392/CE an 23 Márta 1998 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig 1982 maidir le Dlí na Farraige agus an Chomhaontaithe an 28 Iúil 1994 a bhaineann le Cuid XI de a chur chun feidhme (IO L 179, 23.6.1998, lgh. 1-2)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

An comhaontú a bhaineann le Cuid XI de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige 10 Nollaig 1982 a chur chun feidhme an (IO L 215, 20.8.1994, lgh. 10-20)

Nuashonraithe 28.08.2018

Top