Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Gréasán aonair iarnróid don Eoraip

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2012/34/AE lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Is é is aidhm do Threoir 2012/34/AE na rialacha dlíthiúla is infheidhme maidir le hearnáil iarnróid an Aontais Eorpaigh (AE) a shoiléiriú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • cáilíocht a feabhsú trí iomaíocht a spreagadh;
  • maoirseacht ar an margadh a neartú; agus
  • coinníollacha infheistíochta a fheabhsú.

Leis an treoir comhcheanglaítear agus aisghairtear na trí threoir ón “gcéad phacáiste iarnróid”. Baineann na treoracha leis an méid seo a leanas:

  • forbairt iarnróid AE (Treoir 2001/12/CE);
  • cuideachtaí iarnróid a cheadúnú (Treoir 2001/13/CE); agus
  • bainistíocht an bhonneagair iarnróid (Treoir 2001/14/CE).

Le Treoir (AE) 2016/2370 leasaítear Treoir 2012/34/AE maidir leis an margadh le haghaidh seirbhísí intíre iompair do phaisinéirí d’iarnród a oscailt agus maidir le rialachas an bhonneagair iarnróid.

PRÍOMHPHOINTÍ

Caighdeán feabhsaithe trí iomaíocht

Treoir 2012/34/AE:

  • éascaítear léi níos mó trédhearcachta maidir le coinníollacha na rochtana ar an margadh iarnróid;
  • feabhsaítear léi an rochtain atá ag oibreoirí ar sheirbhísí a bhaineann leis an iarnród amhail:
    • stáisiúin iarnróid,
    • críochfoirt lasta, agus
    • saoráidí cothabhála.

Bainisteoirí bonneagair*

  • Nuair a fheidhmíonn cuideachtaí iarnróid an bonneagar a raibh ceannasacht acu go stairiúil ar an margadh, ní mór dó bheith:
    • neamhspleách ó thaobh eagrúcháin agus cinnteoireachta de; agus
    • córais chuntasaíochta ar leithligh a bheith aige.
  • Faoi réir cosaintí cuí a bheith i bhfeidhm chun neamhspleáchas an bhainisteora bonneagair a áirithiú maidir le feidhmeanna riachtanacha* maidir le bainistiú tráchta agus pleanáil chothabhála, lena leasaítear Treoir (AE) 2016/2370, is féidir le Ballstáit an Aontais rogha a dhéanamh idir samhlacha eagraíochtúla éagsúla. Ar na samhlacha sin tá deighilt struchtúrach iomlán agus comhtháthú ingearach.
  • Le Treoir (AE) 2016/2370 tugtar isteach rialacha maidir le hiasachtaí, díbhinní d’úinéirí cuideachtaí iarnróid agus sreafaí airgeadais isteach i gcuideachtaí atá comhtháite go hingearach. Ceapadh iad sin chun saobhadh na hiomaíochta a chosc, go háirithe riosca tras–fhóirdheonaithe i struchtúir chomhtháite.

Seirbhísí paisinéirí intíre

Le Treoir leasaitheach (AE) 2016/2370 áirithítear go bhfuil rochtain chothrom ar raonta agus ar stáisiúin ag gach cuideachta iarnróid. Féadfaidh na Ballstáit, áfach, teorainn a chur leis an gceart rochtana ar sheirbhísí paisinéirí idir áit imeachta ar leith agus ceann scríbe ar leith i gcás ina gcumhdaítear an bealach céanna le conradh seirbhíse poiblí amháin nó níos mó. Tá feidhm aige sin freisin nuair a chumhdaíonn conradh seirbhíse poiblí amháin nó níos mó bealach eile, dá bhfeidhmeofaí an ceart sin chun cothromaíocht eacnamaíoch an chonartha nó na gconarthaí atá i gceist a chur i mbaol.

Rialú rialála

  • Neartaítear le Treoir 2012/34/AE neamhspleáchas na gcomhlachtaí rialála náisiúnta a dhéanann maoirsiú ar an margadh náisiúnta iarnróid. Féadfaidh na comhlachtaí sin fíneálacha a ghearradh i gcás iompar míchuí nó féadfaidh siad iniúchtaí a dhéanamh. Neartaítear rialú rialála trí dhlúthchomhar idir na comhlachtaí rialála agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as sábháilteacht agus ceadúnú iarnróid.
  • Le Treoir leasaitheach (AE) 2016/2370 tugtar an chumhacht do chomhlachtaí rialála faireachán a dhéanamh ar an méid a leanas:
    • bainistiú tráchta;
    • pleanáil athnuachana; agus
    • oibreacha cothabhála sceidealaithe agus neamhsceidealaithe.

Maoiniú iarnróid

Ní mór do na húdaráis phoiblí inniúla straitéisí infheistíochta níos fadtéarmaí a ullmhú chun tuilleadh cobhsaíochta a chur ar fáil don bhainisteoir bonneagair, maidir le cinntí infheistíochta a dhéanamh agus maidir le hoibreacha a phleanáil, agus tuilleadh cinnteachta a thabhairt d’infheisteoirí, chun cuideachtaí a spreagadh chun infheistíocht a dhéanamh i nuachóiriú an bhonneagair. Ba cheart go gcumhdófar tréimhse 5 bliana ar a laghad sna straitéisí sin agus ní mór dóibh a bheith inathnuaite.

Gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe a ghlacadh

Ghlac an Coimisiún Eorpach sraith gníomhartha cur chun feidhme lena bhforlíontar Treoir 2012/34/AE agus a bhaineann leis an méid seo a leanas.

  • Tástáil chothromaíochta eacnamaíche, atá le déanamh i gcás seirbhísí nua iarnróid do phaisinéirí (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 869/2014). Ó 12 Nollaig 2020, déanfar Rialachán (AE) Uimh. 869/2014 a aisghairm le Rialachán (AE) 2018/1795 agus cuirfear in ionad an rialacháin sin é lena áirithítear go mbeidh na critéir agus na nósanna imeachta céanna i bhfeidhm maidir le gach seirbhís iarnróid do phaisinéirí, beag beann ar cé acu an seirbhísí intíre nó seirbhísí idirnáisiúnta iad.
  • Critéir le haghaidh iarratasóirí maidir le toilleadh bonneagair iarnróid (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/10).
  • Gnéithe áirithe den nós imeachta maidir le cuideachtaí iarnróid a cheadúnú (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/171).
  • Na módúlachtaí atá le leanúint chun na muirir do na costais a bhaineann le héifeachtaí torainn a chur i bhfeidhm ( Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/429).
  • Ríomh costas díreach maidir le húsáid as bonneagar iarnróid (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/909).
  • Oibleagáidí tuairiscithe Bhallstáit AE maidir le faireachán ar an margadh iarnróid (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1100).
  • Nósanna imeachta agus critéir maidir le comhaontuithe réime maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a chionroinnt (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/545).
  • Rochtain ar áiseanna seirbhíse agus ar sheirbhísí a bhaineann le hiarnród (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2177).

In 2017, ghlac an Coimisiún Cinneadh Tarmligthe (AE) 2017/2075 a chuirtear in ionad Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2012/34/AE. Baineann sé sin leis an sceideal don phróiseas maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a chionroinnt.

Paindéim COVID-19

  • Le Rialachán (AE) 2020/698 tugtar isteach solúbthacht shealadach maidir le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo, agus maidir le seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe a chur ar athlá i réimsí áirithe de reachtaíocht iompair an Aontais chun cabhrú le cuideachtaí agus údaráis déileáil leis na himthosca eisceachtúla a eascraíonn as paindéim COVID-19. Leis an rialachán, cuirtear síneadh 6 mhí leis na teorainneacha ama maidir le hathbhreithniú rialta a dhéanamh ar cheadúnais agus maidir le bailíocht ceadúnas sealadach mar a leagtar síos i dTreoir 2012/34/AE. Tá rialacha in Airteagal 13 ann freisin maidir leis an gcaoi a ndéileáiltear le ceadúnais cuideachtaí iarnróid i gcás nach gcomhlíontar ceanglais oiriúnachta airgeadais.
  • Leagtar síos le Rialachán (AE) 2020/1429 rialacha sealadacha maidir le muirir a thobhach as bonneagar iarnróid a úsáid ionas go mbeidh na húdaráis náisiúnta agus na bainisteoirí bonneagair in ann déileáil ar bhealach níos éasca le roinnt iarmhairtí diúltacha de dheasca phaindéim COVID-19, fad a bheidh na hiarmhairtí sin fós ann. Tá feidhm aige maidir le húsáid bonneagair le haghaidh seirbhísí iarnróid intíre agus idirnáisiúnta a chumhdaítear faoi Threoir 2012/34/AE ar feadh na tréimhse tagartha ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020. Ceadaítear leis bainisteoirí bonneagar muirir le haghaidh pacáistí íosrochtana agus na muirir áirithe a laghdú, a tharscaoileadh nó a iarchur. Le Rialachán (AE) 2022/312, cuirtear síneadh le tréimhse thagartha na mbeart sealadach a thugtar isteach le Rialachán (AE) 2020/1429 go dtí 30 Meitheamh 2022.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

  • B’éigean Treoir 2012/34/AE a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 16 Meitheamh 2015.
  • Rinneadh cur i bhfeidhm go leor de na rialacha a tugadh isteach trí leasú a dhéanamh ar Threoir (AE) 2016/2370 a chéimniú isteach thar thréimhse idir 1 Eanáir 2019 agus an 14 Nollaig 2020 (mar a leagtar amach in Airteagal 3(2) den treoir).

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Bainisteoir bonneagair. Aon chomhlacht nó aon ghnólacht atá freagrach as bonneagar iarnróid a oibriú, a chothabháil agus a athnuachan ar ghréasán, agus as páirt a ghlacadh ina fhorbairt de réir mar a chinnfidh Ballstát mar chuid dá bheartas ginearálta maidir lena bhonneagar a fhorbairt agus a mhaoiniú.
Feidhmeanna riachtanacha. Cinnteoireacht maidir leis na nithe seo a leanas: conairí traenach a leithdháileadh, lena n-áirítear infhaighteacht agus leithdháileadh conairí traenach aonair a shainiú agus a mheasúnú; agus muirir ar bhonneagar, lena n-áirítear muirir a chinneadh agus a bhailiú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lgh. 32-77).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2012/34/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2022/312 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/1429 a mhéid a bhaineann le fad na tréimhse tagartha chun bearta sealadacha a chur i bhfeidhm maidir le tobhach muirear ar úsáid bonneagair iarnróid (IO L 55, 28.2.2022, lgh. 1–3).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1061 ón gCoimisiún 28 Meitheamh 2021 lena gcuirtear síneadh le tréimhse thagartha Rialachán (AE) 2020/1429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear bearta le haghaidh margadh iarnróid inbhuanaithe i bhfianaise ráig COVID-19 (IO L 229, 29.6.2021, lgh. 1–2).

Rialachán (AE) 2020/1429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 lena mbunaítear margadh iarnróid margadh inbhuanaithe iarnróid i bhfianaise ráig COVID-19 (IO L 333, 12.10.2020, lgh. 1-5).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ráig COVID-19 agus i dtaca le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo agus le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe i réimsí áirithe den reachtaíocht iompair (IO L 165, 27.5.2020, lgh. 10–24).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1795 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2018 lena leagtar síos nós imeachta agus critéir maidir leis an scrúdú cóimheá eacnamaíche a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 11 de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 21.11.2018, lgh. 5-14).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2177 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2017 maidir le rochtain ar shaoráidí seirbhíse agus ar sheirbhísí a bhaineann le hiarnród (IO L 307, 23.11.2017, lgh. 1-13).

Cinneadh Tarmligthe (AE) 2017/2075 ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2017 lena n–ionadaítear Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2012/34 AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 295, 14.11.2017, lgh. 69-73).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/545 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2016 maidir le nósanna imeachta agus critéir a bhaineann le comhaontuithe réime maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a chionroinnt (IO L 94, 8.4.2016, lgh. 1-11).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1100 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2015 maidir le hoibleagáidí tuairiscithe na mBallstát faoi chuimsiú an fhaireacháin ar an margadh iarnróid (IO L 181, 9.7.2015, lgh. 1-26).

Rialachán Cur Chun feidhme (AE) 2015/909 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2015 maidir leis na rialacha mionsonraithe i ndáil le ríomh an chostais a thabhaítear go díreach mar thoradh ar an tseirbhís traenach a oibriú (IO L 148, 13.6.2015, lgh. 17-22).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/429 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 lena leagtar amach na rialacha mionsonraithe atá le leanúint chun an muirearú ar chostas na n–éifeachtaí torainn a chur i bhfeidhm (IO L 70, 14.3.2015, lgh. 36-42).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/171 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2015 maidir le gnéithe áirithe den nós imeachta maidir le gnóthais iarnróid a cheadúnú (IO L 29, 5.2.2015, lgh. 3-10).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/10 ón gCoimisiún an 6 Eanáir 2015 maidir le critéir d’iarratasóirí i ndáil le toilleadh bonneagair iarnróid a chionroinnt agus lena n–aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 870/2014 (IO L 3, 7.1.2015, lgh. 34-36).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 869/2014 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2014 maidir le seirbhísí nua paisinéirí iarnróid (IO L 239, 12.8.2014, lgh. 1-10).

Nuashonraithe 03.03.2022

Top