Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialacha airgeadais lena rialaítear buiséad an Aontais Eorpaigh

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 — rialacha airgeadais lena rialaítear buiséad AE

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN SEO?

  • Leagtar amach sa rialachán airgeadais na prionsabail oibriúcháin agus na rialacha bunúsacha lena rialaítear buiséad an Aontais Eorpaigh (AE).
  • Leagtar síos na sonraí teicniúla sna rialacha feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Déantar rialacha níos sine a athbhreithniú leis an rialachán airgeadais, rialachán arna chur i bhfeidhm in éineacht leis na rialacha feidhme an 1 Eanáir 2013. Rinneadh na seanrialacha a athbhreithniú chun cistí AE a shimpliú agus chun cur lena bhfreagracht agus a n-éifeachtúlacht do thairbhithe amhail gnóthais, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), taighdeoirí agus daoine eile.

Ar an mórgóir, dírítear na hathruithe ar thrí réimse:

  • 1.

    Simpliú: rómhaorlathas a laghdú, nósanna imeachta a ghéarú agus béim a leagan ar fheidhmíocht seachas ar an bpáipéarachas, mar shampla spriocdhátaí íocaíochta níos giorra do thairbhithe, amlínte agus spriocdhátaí táscacha níos soiléire d’iarratais chistiúcháin, agus cláir oibre ilbhliantúla seachas cláir oibre bhliantúla maidir le cistí AE a chaitheamh sa todhchaí.

  • 2.

    Freagracht: bainistíocht fhónta airgeadais agus cosaint fheabhsaithe a chinntiú maidir le leasanna airgeadais AE, mar shampla a chinntiú go nglacfaidh tíortha AE le freagracht níos mó maidir le cistí AE a bhainistiú, agus cur i bhfeidhm na gcistí AE a athchóiriú agus a chomhchuibhiú trí ghníomhaireachtaí náisiúnta na dtíortha AE, trí thíortha neamh-AE, trí eagraíochtaí idirnáisiúnta, etc.

  • 3.

    Nuálaíocht: sásraí éagsúla airgeadais, amhail iasachtaí, gnáthscaireanna agus ráthaíochtaí, a úsáid, a chuirfidh le tionchar na gcistí AE. Áirítear le nuálaíochtaí eile duaiseanna breise a bhronntar ag an gCoimisiún Eorpach as réitigh nuálacha fadhbanna, agus éascaíocht a dhéanamh ar bhunú cistí iontaobhais ag deontóirí AE agus neamh-AE araon.

Tá na rialacha feidhme leagtha amach i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún agus cumhdaíonn na rialacha sin raon gnéithe a bhaineann leis an Rialachán Airgeadais a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear prionsabail bhuiséadacha agus bunú agus struchtúr an bhuiséid.

Leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2015/1929 chun nósanna imeachta soláthair na n-institiúidí AE a ailíniú leis na rialacha nua is infheidhme maidir le tíortha AE, rialacha atá leagtha amach i dTreoir 2014/23/AE agus i dTreoir 2014/24/AE. I measc rudaí eile, éilítear sa rialachán:

  • nach mór d’institiúidí AE oibleagáidí áirithe a chomhlíonadh maidir leis an dlí comhshaoil, oibreachais agus sóisialta, trí na rudaí sin a chur san áireamh mar íosriachtanais sna conarthaí a shíníonn siad;
  • nach mór don Choimisiún córas um aimsiú agus eisiamh luath a chur ar bun chun leasanna airgeadais AE a chosaint.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN?

Cuireadh an rialachán i bhfeidhm an 1 Eanáir 2013.

CÚLRA

Rialú airgeadais agus rialacha feidhme.

GNÍOMH

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lgh. 1-96)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha feidhme Rialacháin (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lgh. 1-111). Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 24.02.2016

Top