EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document C2017/362A/01
Notice of open competitions — EPSO/AD/348/17 — Danish-language (DA) lawyer-linguists (AD 7) — EPSO/AD/349/17 — Estonian-language (ET) lawyer-linguists (AD 7) — EPSO/AD/350/17 — Irish-language (GA) lawyer-linguists (AD 7) — EPSO/AD/351/17 — Croatian-language (HR) lawyer-linguists (AD 7) — EPSO/AD/352/17 — Latvian-language (LV) lawyer-linguists (AD 7) — EPSO/AD/353/17 — Slovenian-language (SL) lawyer-linguists (AD 7)
Fógra comórtas oscailte — EPSO/AD/348/17— Dlítheangeolaithe Danmhairgise (DA) (AD 7) — EPSO/AD/349/17 — Dlítheangeolaithe Eastóinise (ET) (AD 7) — EPSO/AD/350/17 — Dlítheangeolaithe Gaeilge (GA) (AD 7) — EPSO/AD/351/17— Dlítheangeolaithe Cróitise (HR) (AD 7) — EPSO/AD/352/17 — Dlítheangeolaithe Laitvise (LV) (AD 7) — EPSO/AD/353/17 — Dlítheangeolaithe Slóivéinise (SL) (AD 7)
Fógra comórtas oscailte — EPSO/AD/348/17— Dlítheangeolaithe Danmhairgise (DA) (AD 7) — EPSO/AD/349/17 — Dlítheangeolaithe Eastóinise (ET) (AD 7) — EPSO/AD/350/17 — Dlítheangeolaithe Gaeilge (GA) (AD 7) — EPSO/AD/351/17— Dlítheangeolaithe Cróitise (HR) (AD 7) — EPSO/AD/352/17 — Dlítheangeolaithe Laitvise (LV) (AD 7) — EPSO/AD/353/17 — Dlítheangeolaithe Slóivéinise (SL) (AD 7)
OJ C 362A, 26.10.2017, p. 1–25
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
26.10.2017 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
FÓGRA COMÓRTAS OSCAILTE
EPSO/AD/348/17— DLÍTHEANGEOLAITHE DANMHAIRGISE (DA) (AD 7)
EPSO/AD/349/17 — DLÍTHEANGEOLAITHE EASTÓINISE (ET) (AD 7)
EPSO/AD/350/17 — DLÍTHEANGEOLAITHE GAEILGE (GA) (AD 7)
EPSO/AD/351/17— DLÍTHEANGEOLAITHE CRÓITISE (HR) (AD 7)
EPSO/AD/352/17 — DLÍTHEANGEOLAITHE LAITVISE (LV) (AD 7)
EPSO/AD/353/17 — DLÍTHEANGEOLAITHE SLÓIVÉINISE (SL) (AD 7)
Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 28 Samhain 2017 ar 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET)
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtais oscailte ar bhonn trialacha chun painéil a thiomsú as a ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar “dhlítheangeolaithe” (grúpa feidhme AD).
Is iad an fógra comórtas seo agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis creat dlí ceangailteach na bpróiseas roghnúcháin seo.
Tá na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte in IARSCRÍBHINN II.
An líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach comórtas:
EPSO/AD/348/17 — DA: 7 |
EPSO/AD/351/17— HR: 7 |
EPSO/AD/349/17 — ET: 7 |
EPSO/AD/352/17 — LV: 7 |
EPSO/AD/350/17 — GA: 8 |
EPSO/AD/353/17 — SL: 7 |
Baineann an fógra seo le roinnt comórtas. Ní féidir cur isteach ach ar aon cheann amháin acu. Ní mór duit an comórtas a roghnú tráth an chlárúcháin ar líne agus ní fhéadfaidh tú an rogha sin a athrú i ndiaidh duit d’iarratas ar líne a bhailíochtú.
DUALGAIS AN PHOIST
Earcaíonn institiúidí an Aontais Eorpaigh dlíodóirí ardcháilithe a chaithfidh a bheith in ann athbhreithniú a dhéanamh, i dteanga an chomórtais, ar théacsanna dlí an Aontais Eorpaigh as dhá theanga eile ar a laghad, agus comhairle a thabhairt i dtaobh dhréachtú na reachtaíochta chun cáilíocht dréachtaithe ghníomhartha dlí an Aontais Eorpaigh a chinntiú. Úsáideann dlítheangeolaithe gnáthuirlisí ríomhaireachta agus uirlisí teicneolaíochta oifige eile chun a gcuid oibre a dhéanamh.
Leanann dlítheangeolaithe nósanna imeachta reachtacha ó thús deireadh an phróisis agus cuireann siad comhairle ar fáil lena linn; seiceálann siad cáilíocht an dréachtaithe agus seiceálann siad an bhfuil na rialacha foirmiúla maidir le leagan amach téacsanna reachtacha á gcomhlíonadh. Ina cheann sin, seiceálann siad an bhfuil na téacsanna reachtacha i dteanga an chomórtais (a aistríodh agus a athbhreithníodh cheana) ag teacht leis na leaganacha teanga eile de na téacsanna sin ó thaobh teanga agus dlí de. Mar gheall ar chineál a ndualgas, bítear i dteagmháil go minic le dreamanna éagsúla a bhíonn rannpháirteach sa phróiseas reachtach.
NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA
Ní mór d’iarrthóirí na coinníollacha seo UILE a chomhlíonadh nuair a bheidh siad ag bailíochtú a n-iarratais:
1) Coinníollacha ginearálta
— |
A gcearta mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh |
— |
Aon oibleagáid dlí atá orthu i dtaca le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta acu |
— |
Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh |
2) Coinníollacha sonracha — teangacha:
Ní mór eolas a bheith agat ar 3 theanga oifigiúla ar a laghad de chuid an Aontais Eorpaigh :
— |
leibhéal C2 (sáreolas) ar theanga an chomórtais a roghnaíodh; |
— |
leibhéal C1 (máistreacht ar an teanga) ar a laghad sa Bhéarla; agus |
— |
leibhéal C1 (máistreacht ar an teanga) ar a laghad sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, san Iodáilis, sa Pholainnis nó sa Spáinnis. |
Tabhair do d’aire nach mór na híosleibhéil atá luaite thuas a bheith agat i dtaca le gach inniúlacht teanga (labhairt, scríobh, léamh agus éisteacht) atá iarrtha san fhoirm iarratais. Tá na hinniúlachtaí sin leagtha amach i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha: https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr
San fhógra comórtas seo is mar seo a thagraítear do na teangacha:
— |
Teanga 1: an teanga a roghnaíodh don chomórtas, is é sin ceann de na teangacha seo: an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Ghaeilge, an Laitvis nó an tSlóivéinis. An teanga atá le húsáid i dtrialacha ceisteanna ilrogha áirithe, i dtrialacha áirithe de chuid an ionaid measúnaithe agus sa triail aistriúcháin; |
— |
Teanga 2 ( Béarla ): an teanga atá le húsáid san fhoirm iarratais, i dtrialacha ceisteanna ilrogha áirithe, i dtrialacha áirithe de chuid an ionaid measúnaithe, sa triail aistriúcháin agus sa chumarsáid idir EPSO agus na hiarrthóirí a chuir isteach iarratas bailí; |
— |
Teanga 3: ceann de na teangacha seo: an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Iodáilis, an Pholainnis nó an Spáinnis , atá le húsáid i gceann de thrialacha an ionaid measúnaithe. |
Ní mór an Béarla a roghnú mar theanga 2.
Is i mBéarla a bhíonn formhór mór na mbundoiciméad a láimhseálann na seirbhísí i gceist, agus is ar bhonn na ndoiciméad sin a dhéantar an t-athbhreithniú dlítheangeolaíoch sna teangacha eile.
Dá bhrí sin, is ag obair le doiciméid Bhéarla, den chuid is mó, a bheidh iarrthóirí a earcófar de thoradh an chomórtais seo. Na teangacha as ar féidir teanga 3 a roghnú, is léiriú iad ar an eolas ar theangacha a theastaíonn chun go bhfeidhmeoidh na seirbhísí go réidh.
3) Coinníollacha sonracha — cáilíochtaí:
Tá cur síos in IARSCRÍBHINN I ar na cáilíochtaí sonracha a theastaíonn i ngach comórtas.
— |
Níl aon taithí oibre ag teastáil |
CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ
1) Iarratas a dhéanamh
Ní mór an fhoirm iarratais a líonadh isteach i mBéarla (féach an roinn “Coinníollacha sonracha — teangacha”).
Agus an fhoirm iarratais á líonadh isteach agat, iarrfar ort a dheimhniú go bhfuil tú incháilithe don chomórtas agus eolas breise a thabhairt a bhaineann leis an gcomórtas a roghnaigh tú (mar shampla: dioplómaí). Lena chois sin, beidh ort na teangacha a bheidh mar theanga 1, 2 agus 3 agat a roghnú.
Is ionann an t-iarratas a bhailíochtú agus a dhearbhú ar d’fhocal go gcomhlíonann tú na coinníollacha ar fad atá luaite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta” A luaithe a bheidh d’fhoirm iarratais bailíochtaithe agat, ní fhéadfaidh tú aon athrú eile a dhéanamh uirthi. Fútsa atá sé féachaint chuige go bhfuil an t-iarratas líonta isteach agus bailíochtaithe faoin sprioc-am.
2) Na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire
Má bhailíochtaíonn tú d’iarratas faoin sprioc-am, tabharfar cuireadh duit sraith de thrialacha ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.
Ach amháin má deirtear a mhalairt leat, ní mór duit coinne a dhéanamh chun na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh, de réir na dtreoracha a gheobhaidh tú ó EPSO. Is é is dóichí go dtairgfear roinnt dátaí duit ar a bhféadfaidh tú na trialacha a dhéanamh, agus roinnt ionad ina bhféadfaidh tú iad a dhéanamh freisin. Bíonn teorainn leis na tréimhsí inar féidir an choinne agus na trialacha a dhéanamh.
Ag seo leagan amach na dtrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:
Trialacha |
Teanga |
Líon ceisteanna |
Fad ama |
Pasmharc |
Réasúnaíocht bhriathartha |
Teanga 1 |
20 ceist |
35 nóiméad |
10/20 |
Réasúnaíocht uimhriúil |
Teanga 1 |
10 gceist |
20 nóiméad |
An réasúnaíocht uimhriúil agus an réasúnaíocht theibí le chéile: 8/20 |
Réasúnaíocht theibí |
Teanga 1 |
10 gceist |
10 nóiméad |
|
Triail tuisceana teanga |
Teanga 2 |
12 cheist |
25 nóiméad |
7/12 |
Trialacha díbeartha is ea na trialacha thuasluaite agus ní chuirfear na marcanna a ghnóthófar iontu leis na marcanna a ghnóthófar sna trialacha san ionad measúnaithe.
3) Seiceálacha incháilitheachta
Déanfar na coinníollacha incháilitheachta a leagtar síos sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta” thuas a sheiceáil i gcomparáid leis na sonraí a thug na hiarrthóirí ina n-iarratas ar líne. Is é EPSO a sheiceálfaidh an gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta ginearálta agus is é an bord roghnúcháin a sheiceálfaidh an gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta sonracha.
Déanfar seiceáil incháilitheachta ar iarratas na n-iarrthóirí in ord íslitheach na marcanna iomlána a ghnóthaigh siad sna trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí incháilithe a dtabharfar cuireadh dóibh an triail aistriúcháin a dhéanamh do gach comórtas. Ní sheiceálfar na comhaid eile.
4) An triail aistriúcháin
Tuairim is 7 n-oiread, nó 8 n-oiread ar a mhéad , an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach comórtas, sin é an líon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh an triail aistriúcháin a dhéanamh. Má léiríonn an t-eolas a thug tú i d’iarratas ar líne go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta agus má bhíonn an marc a ghnóthóidh tú sna trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire ar cheann de na marcanna foriomlána is airde , tabharfar cuireadh duit an triail aistriúcháin a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.
Triail |
Teanga |
Fad ama |
Pasmharc |
Aistriúchán ar théacs dlíthiúil (gan fhoclóir a úsáid) |
Ó theanga 2 go teanga 1 |
2 uair an chloig |
40/80 |
Déanfar an marc a gnóthaíodh sa triail aistriúcháin a chur leis an marc a gnóthaíodh san ionad measúnaithe chun teacht ar mharc foriomlán gach iarrthóra.
Chun cáiliú don chéad chéim eile den chomórtas ní mór an marc a ghnóthóidh tú sa triail sin a bheith ar cheann de na marcanna foriomlána is airde .
5) An tIonad Measúnaithe
Ceithre oiread, ar a mhéad, an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach comórtas, sin é an líon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun na céime seo dóibh. Má bhíonn an marc a ghnóthóidh tú sa triail aistriúcháin ar cheann de na marcanna foriomlána is airde , tabharfar cuireadh duit freastal ar ionad measúnaithe ar feadh aon lá go leith agus trialacha a dhéanamh sna teangacha a roghnaigh tú mar theangacha 1, 2 agus 3 . Is é is dóichí gur sa Bhruiséil a bheidh an t-ionad measúnaithe.
Ach amháin má deirtear a mhalairt, ní mór duit do chuid doiciméad tacaíochta a thabhairt leat (na bunchóipeanna nó cóipeanna deimhnithe díobh) go dtí an t-ionad measúnaithe. Scanfaidh EPSO na doiciméid agus tú ag déanamh thrialacha an ionaid measúnaithe agus tabharfar ar ais duit iad an lá céanna.
Déanfar 8 n-inniúlacht ghinearálta agus inniúlachtaí sonracha gach comórtais a thástáil san ionad measúnaithe. Déanfar sin, faoi mar atá léirithe sna táblaí thíos, le 4 thriail : agallamh ar bhonn inniúlachtaí ginearálta (teanga 2), cleachtadh i ngrúpa (teanga 2), cur i láthair ó bhéal agus babhta ceisteanna agus freagraí ina dhiaidh bunaithe ar na hinniúlachtaí atá agat a bhaineann go sonrach leis an bpost agus ar do chuid eolais ar dhlí an Aontais Eorpaigh d’fhonn measúnú a dhéanamh ar do chuid inniúlachtaí ginearálta agus sonracha (teanga 1), agus achoimre ar théacs (ó theanga 3 go teanga 1).
Inniúlacht |
Trialacha |
|||
|
Cur i láthair ó bhéal |
Cleachtadh i ngrúpa |
||
|
Cur i láthair ó bhéal |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cur i láthair ó bhéal |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cur i láthair ó bhéal |
Cleachtadh i ngrúpa |
||
|
Cur i láthair ó bhéal |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
Pasmharc |
3/10 i ngach inniúlacht agus 40/80 san iomlán |
Inniúlacht |
Triail |
|
Inniúlachtaí sonracha |
Cur i láthair ó bhéal |
Achoimre a dhéanamh i dteanga 1 ar théacs atá i dteanga 3 |
Pasmharc |
20/40 |
30/60 |
6) An painéal
Tar éis dó an tseiceáil a dhéanamh ar incháilitheacht na n-iarrthóirí ar bhonn a gcuid doiciméad tacaíochta, tiomsóidh an bord roghnúcháin painéal do gach comórtas de na hiarrthóirí incháilithe sin a ghnóthaigh na pasmharcanna uile agus a bhfuil na marcanna foriomlána is airde acu i ndiaidh an ionaid measúnaithe, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal.
Cuirfear ar fáil d’institiúidí an Aontais Eorpaigh, chun críocha earcaíochta agus forbairt gairme sa todhchaí, na painéil d’iarrthóirí ar éirigh leo mar aon lena bpas inniúlachtaí, rud ina mbeidh aiseolas cáilíochtúil ón mbord roghnúcháin. Ní hionann duine a bheith ar an bpainéal agus aon cheart ar phost ná ráthaíocht go bhfaighidh sé post.
CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH
Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO http://jobs.eu-careers.eu, faoin sprioc-am seo:
28 Samhain 2017 ar 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET)
IARSCRÍBHINN I
NA CÁILÍOCHTAÍ A THEASTAÍONN I nGACH COMÓRTAS
EPSO/AD/348/17 — DLÍTHEANGEOLAITHE DANMHAIRGISE (DA) (AD 7)
Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus ceann de na dioplómaí seo a leanas i ndlí na Danmhairge bainte amach dá bharr:
Juridisk kandidateksamen (cand.jur.) eller erhvervsøkonomisk-erhvervsjuridisk kandidateksamen (cand.merc.jur.)
Chun a chinneadh ar bhain an t-iarrthóir leibhéal is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile amach, is iad na rialacha a bhí i bhfeidhm tráth a gnóthaíodh an dioplóma na rialacha a chuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh.
Tá samplaí d’íoscháilíochtaí in IARSCRÍBHINN III.
EPSO/AD/349/17 — DLÍTHEANGEOLAITHE EASTÓINISE (ET) (AD 7)
Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus ceann de na dioplómaí seo a leanas i ndlí na hEastóine bainte amach dá bharr:
Akadeemiline kõrgharidus Eesti õiguses (s.o endine bakalaureusekraad õigusteaduses (160 ainepunkti) või sellega võrdsustatud diplom või magistrikraad õigusteaduses (3+2 õppekava).
Chun a chinneadh ar bhain an t-iarrthóir leibhéal is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile amach, is iad na rialacha a bhí i bhfeidhm tráth a gnóthaíodh an dioplóma na rialacha a chuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh.
Tá samplaí d’íoscháilíochtaí in IARSCRÍBHINN III.
EPSO/AD/350/17 — DLÍTHEANGEOLAITHE GAEILGE (GA) (AD 7)
Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus ceann de na dioplómaí nó na cáilíochtaí seo a leanas bainte amach dá bharr:
You must have completed a suitable course in law in Ireland or the United Kingdom, i.e. hold a degree in law attesting completion of at least 3 years’ university study or have obtained a qualification as a barrister, advocate or solicitor in Ireland or the United Kingdom. Candidates who followed a 3-year degree course must also have obtained at least one year's appropriate professional experience.
Ní mór duit cúrsa oiriúnach sa dlí a bheith críochnaithe agat in Éirinn nó sa Ríocht Aontaithe, i.e. céim sa dlí a bheith agat, ar céim í a fhianaíonn go bhfuil staidéar ollscoile 3 bliana ar a laghad críochnaithe agat, nó cáilíocht mar abhcóide nó aturnae a bheith bainte amach agat in Éirinn nó sa Ríocht Aontaithe. Maidir le hiarrthóirí a rinne cúrsa céime 3 bliana, ní mór dóibh aon bhliain amháin de thaithí ghairmiúil iomchuí ar a laghad a bheith faighte acu freisin.
Chun a chinneadh ar bhain an t-iarrthóir leibhéal is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile amach, is iad na rialacha a bhí i bhfeidhm tráth a gnóthaíodh an dioplóma na rialacha a chuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh.
Tá samplaí d’íoscháilíochtaí in IARSCRÍBHINN III.
EPSO/AD/351/17 — DLÍTHEANGEOLAITHE CRÓITISE (HR) (AD 7)
Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus ceann de na dioplómaí seo a leanas i ndlí na Cróite bainte amach dá bharr:
Diploma iz hrvatskog prava stečena na sveučilišnom studiju (magistar/magistra prava ili diplomirani pravnik/diplomirana pravnica).
Chun a chinneadh ar bhain an t-iarrthóir leibhéal is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile amach, is iad na rialacha a bhí i bhfeidhm tráth a gnóthaíodh an dioplóma na rialacha a chuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh.
Tá samplaí d’íoscháilíochtaí in IARSCRÍBHINN III.
EPSO/AD/352/17 — DLÍTHEANGEOLAITHE LAITVISE (LV) (AD 7)
Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus ceann de na dioplómaí seo a leanas sa dlí sa Laitvis bainte amach dá bharr:
Maģistra grāds tiesību zinātnē vai otrā līmeņa profesionālā augstākā izglītība tiesību zinātnē, kas piešķir jurista kvalifikāciju.
Chun a chinneadh ar bhain an t-iarrthóir leibhéal is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile amach, is iad na rialacha a bhí i bhfeidhm tráth a gnóthaíodh an dioplóma na rialacha a chuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh.
Tá samplaí d’íoscháilíochtaí in IARSCRÍBHINN III.
EPSO/AD/353/17 — DLÍTHEANGEOLAITHE SLÓIVÉINISE (SL)
Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus ceann de na dioplómaí seo a leanas i ndlí na Slóivéine bainte amach dá bharr:
V Sloveniji pridobljena univerzitetna izobrazba pravne smeri s strokovnim naslovom “univerzitetni diplomirani pravnik/univerzitetna diplomirana pravnica” (po študijskem programu za pridobitev univerzitetne izobrazbe, sprejetem pred 11. 6. 2004) oziroma univerzitetna izobrazba pravne smeri s strokovnim naslovom “diplomirani pravnik (UN)/diplomirana pravnica (UN)”, dopolnjena z magistrsko izobrazbo s strokovnim naslovom “magister prava/magistrica prava” (druga stopnja po bolonjskem programu).
Chun a chinneadh ar bhain an t-iarrthóir leibhéal is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile amach, is iad na rialacha a bhí i bhfeidhm tráth a gnóthaíodh an dioplóma na rialacha a chuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh.
Tá samplaí d’íoscháilíochtaí in IARSCRÍBHINN III.
Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.
IARSCRÍBHINN II
NA RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE COMÓRTAIS OSCAILTE
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
Gach áit a ndéantar tagairt do dhaoine d’inscne ar leith i bpróiseas roghnúcháin de chuid EPSO, glactar leis gur ag tagairt do dhaoine d’aon inscne eile atáthar freisin.
Maidir leis an áit dheireanach le dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, rachaidh siad ar fad ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc ar éirigh leis, tabharfar cuireadh chun na chéad chéime eile den phróiseas dó.
Maidir leis an áit dheireanach ar an bpainéal, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear iad go léir ar an bpainéal. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc ar éirigh leis ag an gcéim seo den chomórtas, cuirfear ar an bpainéal é.
1. NA DAOINE AR FÉIDIR LEO IARRATAS A DHÉANAMH
1.1. Coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha
Tá coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha gach réimse nó próifíle (eolas ar theangacha san áireamh), tá siad luaite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta”.
Maidir le cáilíochtaí, taithí oibre agus eolas ar theangacha, bíonn na coinníollacha sonracha ina leith éagsúil ó phróifíl go chéile. San iarratas, ba cheart duit a oiread eolais is féidir a thabhairt i dtaobh do cháilíochtaí agus do thaithí oibre (nuair a iarrtar sin), eolas a bhaineann le dualgais an phoist , de réir an méid atá ráite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta” thuas.
(a) |
Dioplómaí agus/nó teastais: Caithfidh gach dioplóma, is cuma cé acu i mBallstát den Aontas nó i dtír nach Ballstát den Aontas í a eisíodh, a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil de chuid Ballstáit, e.g. roinn oideachais. Cuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh na difir idir córais oideachais. Maidir le hoideachas iar-mheánscoile agus oiliúint ghairmiúil, oiliúint theicniúil agus sainoiliúint, luaigh na hábhair a ndearnadh staidéar orthu, fad an chúrsa agus cé acu cúrsa lánaimseartha, cúrsa páirtaimseartha nó rang oíche a bhí ann. |
(b) |
Maidir le taithí oibre (má iarrtar sin), ní chuirfear san áireamh í ach amháin sa chás go mbaineann sí le dualgais an phoist agus más rud é:
|
1.2. Doiciméid tacaíochta
Ag céimeanna éagsúla den phróiseas roghnúcháin, iarrfar ort doiciméad oifigiúil a sholáthar a chruthaíonn do náisiúntacht (e.g. pas, cárta aitheantais), agus ní mór an doiciméad sin a bheith bailí an dáta deiridh le hiarratais a dhéanamh (i gcás iarratas ina bhfuil dhá chuid, is é dáta deiridh na chéad choda den iarratas an dáta sin).
Ní mór bunchóipeanna nó cóipeanna deimhnithe de na nithe seo a leanas a chur ar fáil i leith gach tréimhse oibre:
— |
doiciméid ó iarfhostóir(í) agus ó fhostóir(í) reatha ina bhfuil cineál agus leibhéal na ndualgas a rinneadh luaite, dáta tosaigh agus dáta deiridh na tréimhse, agus suaitheantas agus stampa oifigiúil an chomhlachta ar an bpáipéar mar aon le hainm agus síniú an duine a bhí i gceannas; nó |
— |
conradh/conarthaí fostaíochta agus an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh, maille le cur síos mionsonraithe ar na dualgais a rinneadh; |
— |
(i gcás taithí oibre gan tuarastal, e.g. féinfhostaíocht nó fostaíocht sna gairmeacha liobrálacha) sonraisc nó foirmeacha ordaithe agus na dualgais a rinneadh sonraithe iontu, nó aon doiciméad tacaíochta oifigiúil eile a bhaineann le hábhar; |
— |
(i gcás comórtais d’ateangairí comhdhála ina n-iarrtar taithí oibre), doiciméid a léiríonn an líon laethanta a oibríodh agus na teangacha a ndearnadh ateangaireacht astu agus go dtí iad, agus a bhain go sonrach le hateangaireacht chomhdhála. |
Is gnách nach dteastaíonn aon doiciméid tacaíochta chun d’eolas ar theangacha a chruthú, ach amháin i gcás comórtas do theangeolaithe agus sainphróifílí áirithe.
Féadfar iarraidh ort, ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, breis eolais nó breis doiciméad a chur ar fáil. Cuirfidh EPSO in iúl duit cé na doiciméid tacaíochta nach mór duit a chur ar fáil agus cathain nach mór iad a chur ar fáil.
1.3. Comhdheiseanna agus socruithe speisialta
Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá fadhb shláinte agat, agus go bhféadfadh sin bac a chur ort na trialacha a dhéanamh, luaigh sin i d’iarratas agus abair cé na cineálacha socruithe speisialta atá de dhíth ort. Má thagann míchumas nó fadhb shláinte ort i ndiaidh an sprioc-ama le hiarratais a dhéanamh, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas a luaithe is féidir é ar an dóigh thíosluaite.
Tabhair do d’aire nach mór duit, chun go gcuirfear d’iarratas san áireamh, teastas ó chomhlacht stáit de chuid do Bhallstáit nó teastas dochtúra a thabhairt do EPSO. Scrúdófar do chuid doiciméad tacaíochta sa chaoi is go bhféadfar freastal réasúnta a dhéanamh ort más gá.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le foireann inrochtana EPSO:
— |
trí ríomhphost EPSO-accessibility@ec.europa.eu; |
— |
facs + 32 22998081; nó |
— |
tríd an bpost:
|
2. CÉ A DHÉANFAIDH MEASÚNÚ ORM?
Ceaptar bord roghnúcháin chun iarrthóirí a chur i gcomparáid le chéile agus na hiarrthóirí is fearr díobh a roghnú ar bhonn inniúlachtaí, buanna agus cáilíochtaí, i bhfianaise na riachtanas atá leagtha amach san fhógra comórtais. Is é an bord roghnúcháin sin a chinneann leibhéal deacrachta thrialacha an chomórtais agus a fhaomhann a bhfuil iontu i bhfianaise moltaí ó EPSO.
Chun neamhspleáchas an bhoird roghnúcháin a chinntiú, tá diantoirmeasc ar iarrthóirí agus ar aon duine nach ball den bhord é iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le haon cheann de bhaill an bhoird, ach amháin le linn trialacha ós rud é gur cuid díobh plé díreach a bheith ag iarrthóirí agus ag an mbord le chéile.
Iarrthóirí ar mian leo a gcás a mhíniú nó a gcearta a éileamh, is i scríbhinn is éigean dóibh sin a dhéanamh, agus aon chomhfhreagras atá acu do bhall ar leith de bhord roghnúcháin, is chuig EPSO is éigean dóibh é a chur. Cuirfidh EPSO an comhfhreagras ar aghaidh chuig an mbord. Tá toirmeasc ar na hiarrthóirí aon chumarsáid dhíreach nó indíreach nach gcomhlíonann na nósanna imeachta sin a dhéanamh, agus is féidir go ndícháileofar ón gcomórtas iad dá bharr.
Meastar gur coinbhleacht leasa é cóngas gaoil nó nasc ordlathach a bheith idir iarrthóir agus ball de bhord roghnúcháin, go háirithe. Iarrtar ar bhaill bord roghnúcháin aon chóngas dá leithéid a chur in iúl do EPSO a luaithe a fhaigheann siad a fhios sin. Measfaidh EPSO gach cás ar bhonn leithligh agus déanfaidh sé aon bheart is iomchuí. Mura ndéantar sin is féidir go mbeidh mar thoradh air go gcuirfear bearta araíonachta i bhfeidhm ar an mball den bhord roghnúcháin agus go ndícháileofar an t-iarrthóir ón gcomórtas (féach 4.4).
Foilsítear ainmneacha baill an bhoird roghnúcháin ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) roimh thosach an ionaid measúnaithe/roimh thosach chéim an mheasúnaithe.
3. CUMARSÁID
3.1. Cumarsáid a dhéanamh le EPSO
Ba cheart duit breathnú i do chuntas EPSO dhá uair sa tseachtain ar a laghad chun go mbeidh tú ar an eolas faoi dhul chun cinn atá déanta agat sa chomórtas. Mura féidir leat sin a dhéanamh de dheasca fadhb theicniúil ar thaobh EPSO, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas faoi sin láithreach ar cheann de na dóigheanna seo:
— |
tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) (an dóigh a mholtar a úsáid); nó |
— |
glao a chur ar Europe Direct (00 800 67891011); nó |
— |
tríd an bpost:
|
Forchoimeádann EPSO an ceart gan eolas a thabhairt atá tugtha go soiléir san fhógra comórtais seo, in iarscríbhinní an fhógra comórtais seo, nó ar shuíomh gréasáin EPSO, an roinn “ceisteanna coitianta” san áireamh.
I ngach comhfhreagras a bhaineann le hiarratas, iarrtar ort d’ainm a lua (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO), mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.
Cuireann EPSO i bhfeidhm prionsabail an Chóid um Dhea-iompraíocht Riaracháin, arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh https://ec.europa.eu/info/about-european-union/principles-and-values/ethics-and-integrity/code-conduct-eu-staff_ga. Dá réir sin, forchoimeádann EPSO an ceart deireadh a chur le haon chomhfhreagras atá míchuí (i.e. comhfhreagras atá liodánach, tarcaisneach, agus/nó nach mbaineann le hábhar).
3.2. Rochtain ar fhaisnéis
Tá cearta sonracha ag iarrthóirí sonraí áirithe a bhaineann leo go pearsanta a rochtain, cearta atá acu de bharr na hoibleagáide cúiseanna a thabhairt, ionas go bhféadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh cinntí diúltúcháin.
Ach i dteannta na hoibleagáide sin cúiseanna a thabhairt, tá rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin le cur san áireamh, rúndacht a chinntíonn neamhspleáchas an bhoird agus oibiachtúlacht an roghnaithe. Ar chúiseanna rúndachta, ní féidir an meon atá ag baill aonair de bhord roghnúcháin i leith measúnuithe ar iarrthóirí aonair ná i leith measúnuithe comparáideacha, ní féidir sin a nochtadh.
Na cearta rochtana sin, is cearta iad a bhaineann go sonrach le hiarrthóirí i gcomórtas oscailte, agus is féidir nach mbeidh aon chearta ag iarrthóirí sa bhreis ar na cearta a luaitear sa roinn seo faoin reachtaíocht atá ann maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid.
3.2.1. Faisnéis a nochtar go huathoibríoch
Gheobhaidh tú go huathoibríoch an t-eolas seo a leanas ar fad i do chuntas EPSO i ndiaidh gach céim den phróiseas roghnúcháin:
— |
na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire: do thorthaí agus tábla a bhfuil na freagraí a thug tú ann mar aon le huimhir nó tagairt na bhfreagraí cearta. Ní féidir, ar chúinse ar bith, rochtain a fháil ar théacs ná ar fhreagraí na gceisteanna; |
— |
incháilitheacht: deirtear cé acu ar tugadh cead duit páirt a ghlacadh sa chomórtas nó nár tugadh; murar tugadh an cead sin duit, deirtear cé na coinníollacha incháilitheachta nár comhlíonadh; |
— |
Talent screener (an scagthóir buanna): do thorthaí agus tábla ina bhfuil ualú gach ceiste, na pointí a tugadh do na freagraí a thug tú agus do scór iomlán; |
— |
na réamhthrialacha: do thorthaí; |
— |
na trialacha idirmheánacha: do thorthaí, mura bhfuil tú ar na hiarrthóirí ar tugadh cuireadh chun na chéad chéime eile dóibh; |
— |
an t-ionad measúnaithe/céim an mheasúnaithe: mura bhfuil tú dícháilithe, do phas inniúlachtaí ina léireofar na marcanna foriomlána a ghnóthaigh tú i ngach inniúlacht agus ráiteas an bhoird roghnúcháin ina mbeidh aiseolas cainníochtúil agus cáilíochtúil ar a fheabhas a chruthaigh tú san ionad measúnaithe/i gcéim an mheasúnaithe. |
Is é is gnáiche nach nochtann EPSO d’iarrthóirí aon cheann de na téacsanna a úsáideadh sna trialacha ná i gcleachtaí na dtrialacha arae bíonn sé beartaithe iad sin a úsáid arís i gcomórtais eile. I gcás téacsanna áirithe, ámh, is féidir go ndéanfaidh EPSO, ar bhonn eisceachtúil, na téacsanna sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, ar chuntar:
— |
go bhfuil na trialacha thart; |
— |
go bhfuil na torthaí socraithe agus gur cuireadh in iúl do na hiarrthóirí iad; agus |
— |
nach bhfuil sé beartaithe iad a úsáid arís i gcomórtas eile. |
3.2.2. Faisnéis a iarraidh
Is ceadmhach duit cóip neamhcheartaithe de do chuid freagraí sna trialacha scríofa a iarraidh, ar chuntar gur ceisteanna iad nach bhfuil sé beartaithe a úsáid arís i gcomórtas eile. Ní dhéanfar, ar chúinse ar bith, freagraí cás-staidéar a chur ar fáil.
Tá scripteanna ceartaithe agus na sonraí marcála, go háirithe, faoi chumhdach rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus ní nochtfar iad.
Féachann EPSO leis an oiread faisnéise is féidir a chur ar fáil d’iarrthóirí, i gcomhréir leis an oibleagáid atá air cúiseanna a thabhairt, le rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta. Is i bhfianaise na dtosca sin a mheasfar gach iarraidh ar faisnéis.
Is tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) ba cheart gach iarraidh ar fhaisnéis a dhéanamh, laistigh de 10 lá tar éis fhoilsiú do thorthaí i do chuntas EPSO.
4. GEARÁIN AGUS DEACRACHTAÍ
4.1. Deacrachtaí teicniúla
Má thagann mórdheacracht theicniúil nó eagraíochtúil romhat ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, iarrtar ort EPSO a chur ar an eolas ina thaobh láithreach sa chaoi is go bhféadfar an cás a bhreathnú agus beart a dhéanamh chun é a leigheas. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn:
— |
tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) (an dóigh a mholtar a úsáid); nó |
— |
tríd an bpost:
|
Iarrtar ort d’ainm (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO) a lua i ngach comhfhreagras, mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.
I gcás fadhb a tharla lasmuigh den ionad trialacha (e.g. fadhb a bhaineann le hiarratas nó coinne a dhéanamh), déan teagmháil le EPSO (féach roinn 3.1) agus mínigh go haicearrach cad í an fhadhb.
I gcás fadhb a tharla san ionad trialacha iarrtar ort:
— |
na feitheoirí a chur ar an eolas ar dtús agus ansin iarraidh ar na feitheoirí an gearán atá agat a chur i scríbhinn; agus |
— |
teagmháil a dhéanamh le EPSO tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) agus míniú aicearrach a thabhairt ar an bhfadhb. |
4.2. Nósanna imeachta um athbhreithniú inmheánach
4.2.1. Earráidí sna ceisteanna ilrogha ar ríomhaire
Déanann EPSO agus na bord roghnúcháin grinnrialú cáilíochta go seasta ar an mbunachar de cheisteanna ilrogha.
Má mheasann tú nár fhéad tú ceann amháin nó níos mó de na ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a fhreagairt toisc earráid a bheith inti nó iontu, tá tú i dteideal iarraidh ar an mbord roghnúcháin an cheist nó na ceisteanna a athbhreithniú (faoin “nós imeachta neodrúcháin”).
Faoin nós imeachta sin féadfaidh an bord roghnúcháin cinneadh ar an gceist ina bhfuil an earráid a chur ar ceal agus na marcanna don cheist sin a athdháileadh ar na ceisteanna eile. Is d’iarrthóirí a raibh an cheist earráideach le freagairt acu, agus dóibh siúd amháin, a dhéanfaidh an t-athríomh pointí difear. Ní thiocfaidh aon athrú dá thoradh sin ar scéim mharcála na dtrialacha a leagtar amach sna codanna ábhartha den fhógra comórtais seo.
Ag seo an dóigh le gearán a dhéanamh faoi thriail ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:
— |
nós imeachta: déan teagmháil le EPSO (féach roinn 3.1) tríd an bhfoirm theagmhála ar líne, agus tríd an bhfoirm sin amháin. |
— |
teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist; |
— |
sprioc-am: ní mór an gearán a dhéanamh laistigh de 10 lá féilire tar éis an dáta a rinne tú na trialacha ar ríomhaire; |
— |
faisnéis bhreise: déan cur síos ar an gceist ionas go bhféadfar í a aithint, agus mínigh chomh soiléir agus is féidir cad í an earráid a deirtear a bheith ann. |
Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama nó iarrataí nach bhfuil cur síos soiléir iontu ar an gceist/ar na ceisteanna atá á conspóid/á gconspóid agus ar an earráid/na hearráidí a deirtear a bheith ann, ní chuirfear san áireamh iad.
Gearáin nach bhfuil luaite iontu, cuir i gcás, ach fadhbanna aistriúcháin a deirtear a bheith ann, agus gan aon sonraí eile tugtha, ní chuirfear san áireamh iad.
4.2.2. Iarrataí ar athbhreithniú
Féadfaidh tú athbhreithniú a iarraidh ar aon chinneadh a rinne an bord roghnúcháin nó EPSO lena gcinntear do thorthaí nó lena gcinntear cé acu a rachaidh tú ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas nó a dhíbreofar thú.
Is féidir iarrataí ar athbhreithniú a bheith bunaithe ar:
— |
míréireacht ábhartha i bpróiseas an chomórtais; agus/nó |
— |
an bord roghnúchán nó EPSO gan na Rialacháin Foirne, an fógra comórtais, iarscríbhinní an fhógra comórtais agus/nó an cásdlí a chomhlíonadh. |
Tabhair do d’aire nach ceadmhach duit agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht aon mheasúnaithe a rinne an bord roghnúcháin ar a fheabhas a chruthaigh tú i dtriail ná in aghaidh a ábhartha atá do cháilíochtaí agus do thaithí oibre. Is breith fiúntais measúnú sin an bhoird roghnúcháin agus ní haon chruthúnas é iarrthóir a bheith ag easaontú leis an mbreith a thug an bord ar a thrialacha, a thaithí agus/nó a cháilíochtaí, ní haon chruthúnas sin go bhfuil earráid déanta ag an mbord. Ní bheidh toradh dearfach ar aon iarrataí ar athbhreithniú a dhéanfar ar an mbonn sin.
Ag seo an dóigh le hiarraidh ar athbhreithniú a dhéanamh:
— |
nós imeachta: déan teagmháil le EPSO (féach roinn 3.1); |
— |
teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist; |
— |
sprioc-am: ní mór an iarraidh a dhéanamh laistigh de 10 lá féilire tar éis an dáta a foilsíodh an cinneadh atá á chonspóid; |
— |
faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide. |
Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.
Laistigh de 15 lá oibre gheobhaidh tú admháil go bhfuarthas d’iarraidh. An comhlacht a rinne an cinneadh atá á chonspóid, déanfaidh sé anailís air agus déanfaidh sé cinneadh i leith d’iarrata, agus a luaithe is féidir é cuirfear freagra réasúnaithe chugat.
Más toradh dearfach a bhíonn ar d’iarraidh, cuirfear isteach sa phróiseas roghnúcháin arís thú ag an gcéim a raibh tú dulta a fhad leis nuair a díbríodh thú, is cuma cén chéim atá sroichte sa chomórtas faoin tráth sin.
4.3. Modhanna eile le conspóid a dhéanamh
4.3.1. Gearáin riaracháin
I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat gearán riaracháin a chur faoi bhráid Stiúrthóir EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin.
Ní fhéadfaidh tú gearán a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinneadh, nó i gcoinne cinneadh nach ndearnadh, a bhfuil tionchar díreach láithreach aige ar do stádas dlí mar iarrthóir, ach amháin más léir gur sáraíodh rialacha an phróisis roghnúcháin. Ní féidir le Stiúrthóir EPSO breith fiúntais a thug bord roghnúcháin a chur ar ceal (féach roinn 4.2.2).
Ag seo an dóigh le gearán riaracháin a dhéanamh:
— |
nós imeachta: déan teagmháil le EPSO (féach roinn 3.1); |
— |
teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist; |
— |
sprioc-am: laistigh de 3 mhí tar éis fógra a bheith tugtha faoin gcinneadh atá á chonspóid nó tar éis an dáta ar cheart cinneadh a bheith déanta roimhe; |
— |
faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide. |
Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.
4.3.2. Achomhairc bhreithiúnacha
I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat achomharc breithiúnach a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta.
Más mian leat achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinne EPSO, ní mór duit gearán riaracháin a dhéanamh i dtosach (féach roinn 4.3.1).
Ag seo an dóigh le hachomharc breithiúnach a dhéanamh:
— |
nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin na Cúirte Ginearálta (http://curia.europa.eu/jcms/). |
4.3.3. An tOmbudsman Eorpach
Is féidir le gach saoránach den Aontas Eorpach agus gach duine atá ina chónaí san Aontas Eorpach gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh.
Sula ndéanfaidh tú sin, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis na hinstitiúidí agus na comhlachtaí lena mbaineann agus na foirmeáltachtaí riaracháin iomchuí a chomhlíonadh (féach ranna 4.1–4.3).
Ní bheidh mar thoradh ar ghearán a chur faoi bhráid an Ombudsman síneadh a chur leis na sprioc-amanna atá ann le gearáin riaracháin nó achomhairc bhreithiúnacha a dhéanamh.
Ag seo an dóigh le gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman:
— |
nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh (http://www.ombudsman.europa.eu/). |
4.4. Dícháiliú ón bpróiseas roghnúcháin
Féadfar tú a dhícháiliú ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin má fhaigheann EPSO amach:
— |
gur chruthaigh tú níos mó ná cuntas EPSO amháin; |
— |
go ndearna tú iarratas ar theaglaim réimsí nó próifílí nach bhfuil ceadaithe; |
— |
nach gcomhlíonann tú na critéir incháilitheachta ar fad; |
— |
go ndearna tú dearbhuithe bréagacha nó dearbhú nach raibh na doiciméid chuí mar thaca leis; |
— |
nach ndearna tú coinne chun na trialacha a dhéanamh nó nach ndearna tú na trialacha iad féin; |
— |
go ndearna tú séitéireacht i dtriail; |
— |
nár dhearbhaigh tú san fhoirm iarratais an teanga, nó ceann de na teangacha, nach mór a roghnú mar theanga 2, nó nár dhearbhaigh tú an t-íosleibhéal a theastaíonn i dteanga 2; |
— |
gur fhéach tú le dul i dteagmháil le ball den bhord roghnúcháin ar dhóigh neamhúdaraithe; |
— |
nár chuir tú in iúl do EPSO go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ann a bhaineann le ball den bhord roghnúcháin; |
— |
gur i dteanga seachas an teanga/na teangacha a leagadh síos san fhógra comórtais a líon tú isteach d’iarratas (féadfar úsáid teanga eile a chur san áireamh, e.g. ainmneacha dílse, teidil oifigiúla, teidil poist sna doiciméid tacaíocht agus in ainmneacha/teidil dioplómaí); agus/nó |
— |
go ndearna tú nó gur scríobh tú sainmharc i dtrialacha scríofa a mharcáiltear gan aon ainm luaite leo nó i dtrialacha praiticiúla. |
Caithfidh daoine atá ag lorg post in institiúidí an Aontais Eorpaigh a léiriú go bhfuil siad sár-ionraic. Aon duine a dhéanann calaois nó iarracht ar chalaois, is féidir go ngearrfar pionós air, rud a d’fhéadfadh é a dhéanamh neamh-incháilithe do chomórtais eile ina dhiaidh sin.
Deireadh IARSCRÍBHINN II. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.
IARSCRÍBHINN III
SAMPLAÍ DÍOSCHÁILÍOCHTAÍ, DE RÉIR TÍRE AGUS GRÁID, A FHREAGRAÍONN, I bPRIONSABAL, DO NA CINN A IARRTAR SNA FÓGRAÍ COMÓRTAS
Cliceáil anseo má tá leagan soléite de na samplaí uait.
|
AST-SC 1 go AST-SC 6 AST 1 go AST 7 |
AST 3 go AST 11 |
AD 5 go AD 16 |
|||||||||||||
TÍR |
Oideachas meánscoile (lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile) |
Oideachas iar-mheánscoile (cúrsa ardoideachais nach cúrsa ollscoile é nó cúrsa gearr ollscoile a mhair 2 bhliain ar a laghad) |
Oideachas ar leibhéal ollscoile (trí bliana ar a laghad) |
Oideachas ar leibhéal ollscoile (ceithre bliana nó níos mó) |
||||||||||||
Belgique — België — Belgien |
Certificat de l’enseignement secondaire supérieur (CESS)/Diploma secundair onderwijs Diplôme d'aptitude à accéder à l'enseignement supérieur (DAES)/ Getuigschrift van hoger secundair onderwijs Diplôme d'enseignement professionnel Getuigschrift van het beroepssecundair onderwijs |
Candidature — Kandidaat Graduat — Gegradueerde Bachelor/Professioneel gerichte Bachelor |
Bachelor académique (180 crédits) Academisch gerichte Bachelor (180 ECTS) |
Licence/Licentiaat Master Diplôme d'études approfondies (DEA) Diplôme d'études spécialisées (DES) Diplôme d'études supérieures spécialisées (DESS) Gediplomeerde in de Voortgezette Studies (GVS) Gediplomeerde in de Gespecialiseerde Studies (GGS) Gediplomeerde in de Aanvullende Studies (GAS) Agrégation/Aggregaat Ingénieur industriel/Industrieel ingenieur Doctorat/Doctoraal diploma |
||||||||||||
България |
Диплома за завършено средно образование |
Специалист по … |
|
Диплома за висше образование Бакалавър Магистър |
||||||||||||
Česká republika |
Vysvědčení o maturitní zkoušce |
Vysvědčení o absolutoriu (Absolutorium) + diplomovaný specialista (DiS.) |
Diplom o ukončení bakalářského studia (Bakalář) |
Diplom o ukončení vysokoškolského studia Magistr Doktor |
||||||||||||
Danmark |
Bevis for: Studentereksamen Højere Forberedelseseksamen (HF) Højere Handelseksamen (HHX) Højere Afgangseksamen (HA) Bac pro: Bevis for Højere Teknisk Eksamen (HTX) |
Videregående uddannelser = Bevis for = Eksamensbevis som (erhversakademiuddannelse AK) |
Bachelorgrad (BA or BS) Professionsbachelorgrad Diplomingeniør |
Kandidatgrad/Candidatus Master/Magistergrad (mag.art) Licenciatgrad ph.d.-grad |
||||||||||||
Deutschland |
Abitur/Zeugnis der allgemeinen Hochschulreife Fachabitur/Zeugnis der Fachhochschulreife |
|
Fachhochschulabschluss Bachelor |
Hochschulabschluss/ Fachhochschulabschluss/ Master Magister Artium/Magistra Artium Staatsexamen/Diplom Erstes Juristisches Staatsexamen Doktorgrad |
||||||||||||
Eesti |
Gümnaasiumi lõputunnistus + riigieksamitunnistus Lõputunnistus kutsekeskhariduse omandamise kohta |
Tunnistus keskhariduse baasil kutsekeskhariduse omandamise kohta |
Bakalaureusekraad (min 120 ainepunkti) Bakalaureusekraad (< 160 ainepunkti) |
Rakenduskõrghariduse diplom Bakalaureusekraad (160 ainepunkti) Magistrikraad Arstikraad Hambaarstikraad Loomaarstikraad Filosoofiadoktor Doktorikraad (120–160 ainepunkti) |
||||||||||||
Éire/Ireland |
Ardteistiméireacht, Grád D3, i 5 ábhar Leaving Certificate Grade D3 in 5 subjects Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT) Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP) |
Teastas Náisiúnta National Certificate Gnáthchéim bhaitsiléara Ordinary bachelor degree Dioplóma náisiúnta (ND, Dip.) National diploma (ND, Dip.) Ardteastas (120 ECTS) Higher Certificate (120 ECTS) |
Céim onóracha bhaitsiléara (3 bliana/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng) Honours bachelor degree (3 years/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng) |
Céim onóracha bhaitsiléara (4 bliana/240 ECTS) Honours bachelor degree (4 years/240 ECTS) Céim ollscoile University degree Céim mháistir (60-120 ECTS) Master’s degree (60-120 ECTS) Dochtúireacht Doctorate |
||||||||||||
Ελλάδα |
Απολυτήριο Γενικού Λυκείου Απολυτήριο Κλασικού Λυκείου Απολυτήριο Τεχνικού Επαγγελματικού Λυκείου Απολυτήριο Ενιαίου Πολυκλαδικού Λυκείου Απολυτήριο Ενιαίου Λυκείου Απολυτήριο Τεχνολογικού Επαγγελματικού Εκπαιδευτηρίου |
Δίπλωμα επαγγελματικής κατάρτισης (IΕΚ) |
|
Πτυχίο ΑΕI (πανεπιστημίου, πολυτεχνείου, ΤΕI) Μεταπτυχιακό Δίπλωμα Ειδίκευσης (2ος κύκλος) Διδακτορικό Δίπλωμα (3ος κύκλος) |
||||||||||||
España |
Bachillerato + Curso de Orientación Universitaria (COU) Bachillerato BUP Diploma de Técnico especialista |
FP grado superior (Técnico superior) |
Diplomado/ Ingeniero técnico |
Licenciatura Máster Ingeniero Título de Doctor |
||||||||||||
France |
Baccalauréat Diplôme d'accès aux études universitaires (DAEU) Brevet de technicien |
Diplôme d'études universitaires générales (DEUG) Brevet de technicien supérieur (BTS) Diplôme universitaire de technologie (DUT) Diplôme d'études universitaires scientifiques et techniques (DEUST) |
Licence |
Maîtrise Maîtrise des sciences et techniques (MST), maîtrise des sciences de gestion (MSG), diplôme d'études supérieures techniques (DEST), diplôme de recherche technologique (DRT), diplôme d'études supérieures spécialisées (DESS), diplôme d'études approfondies (DEA), master 1, master 2 professionnel, master 2 recherche Diplôme des grandes écoles Diplôme d'ingénieur Doctorat |
||||||||||||
Italia |
Diploma di maturità (vecchio ordinamento) Perito ragioniere Diploma di superamento dell’esame di Stato conclusivo dei corsi di studio di istruzione secondaria superiore |
Diploma universitario (DU) Certificato di specializzazione tecnica superiore/ Attestato di competenza (4 semestri) |
Diploma di laurea – L (breve) |
Diploma di laurea (DL) Laurea specialistica (LS) Master di I livello Dottorato di ricerca (DR) |
||||||||||||
Κύπρος |
Απολυτήριο |
Δίπλωμα = Programmes offered by Public/Private Schools of Higher Education (for the latter accreditation is compulsory) Higher Diploma |
|
Πανεπιστημιακό Πτυχίο/Bachelor Master Doctorat |
||||||||||||
Latvija |
Atestāts par vispārējo vidējo izglītību Diploms par profesionālo vidējo izglītību |
Diploms par pirmā līmeņa profesionālo augstāko izglītību |
Bakalaura diploms (min. 120 kredītpunktu) |
Bakalaura diploms (160 kredītpunktu) Profesionālā bakalaura diploms Maģistra diploms Profesionālā maģistra diploms Doktora grāds |
||||||||||||
Lietuva |
Brandos atestatas |
Aukštojo mokslo diplomas Aukštesniojo mokslo diplomas |
Profesinio bakalauro diplomas Aukštojo mokslo diplomas |
Aukštojo mokslo diplomas Bakalauro diplomas Magistro diplomas Daktaro diplomas Meno licenciato diplomas |
||||||||||||
Luxembourg |
Diplôme de fin d’études secondaires et techniques |
BTS Brevet de maîtrise Brevet de technicien supérieur Diplôme de premier cycle universitaire (DPCU) Diplôme universitaire de technologie (DUT) |
Bachelor Diplôme d'ingénieur technicien |
Master Diplôme d'ingénieur industriel DESS en droit européen |
||||||||||||
Magyarország |
Gimnáziumi érettségi bizonyítvány Szakközépiskolai érettségi – képesítő bizonyítvány |
Felsőfokú szakképesítést igazoló bizonyítvány (Higher Vocational Programme) |
Főiskolai oklevél Alapfokozat (Bachelor degree 180 credits) |
Egyetemi oklevél Alapfokozat (Bachelor degree 240 credits) Mesterfokozat (Master degree) (Osztatlan mesterképzés) Doktori fokozat |
||||||||||||
Malta |
Advanced Matriculation or GCE Advanced level in 3 subjects (2 of them grade C or higher) Matriculation certificate (2 subjects at Advanced level and 4 at Intermediate level including Systems of Knowledge with overall grade A-C) + Passes in the Secondary Education Certificate examination at Grade 5 2 A Levels (passes A-C) + a number of subjects at Ordinary level, or equivalent |
MCAST diplomas/certificates Higher National Diploma |
Bachelor’s degree |
Bachelor’s degree Master of Arts Doctorate |
||||||||||||
Nederland |
Diploma VWO Diploma staatsexamen (2 diploma's) Diploma staatsexamen voorbereidend wetenschappelijk onderwijs (Diploma staatsexamen VWO) Diploma staatsexamen hoger algemeen voortgezet onderwijs (Diploma staatsexamen HAVO) |
Kandidaatsexamen Associate degree (AD) |
Bachelor (WO) HBO bachelor degree Baccalaureus of “Ingenieur” |
HBO/WO Master's degree Doctoraal examen/Doctoraat |
||||||||||||
Österreich |
Matura/Reifeprüfung Reife- und Diplomprüfung Berufsreifeprüfung |
Kollegdiplom/ Akademiediplom |
Fachhochschuldiplom/Bakkalaureus/Bakkalaurea |
Universitätsdiplom/ Fachhochschuldiplom/ Magister/Magistra Master Diplomprüfung, Diplom-Ingenieur Magisterprüfungszeugnis Rigorosenzeugnis Doktortitel |
||||||||||||
Polska |
Świadectwo dojrzałości Świadectwo ukończenia liceum ogólnokształcącego |
Dyplom ukończenia kolegium nauczycielskiego Świadectwo ukończenia szkoły policealnej |
Licencjat/Inżynier |
Magister/Magister inżynier Dyplom doktora |
||||||||||||
Portugal |
Diploma de Ensino Secundário/ Certificado de Habilitações do Ensino Secundário |
|
Bacharel Licenciado |
Licenciado Mestre Doutorado |
||||||||||||
Republika Hrvatska |
Svjedodžba o državnoj maturi Svjedodžba o završnom ispitu |
Stručni pristupnik/pristupnica |
Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica) |
Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica) Stručni specijalist Magistar struke Magistar inženjer/magistrica inženjerka (mag. ing) Doktor struke Doktor umjetnosti |
||||||||||||
România |
Diplomă de bacalaureat |
Diplomă de absolvire (Colegiu universitar) învățământ preuniversitar |
Diplomă de licenţă |
Diplomă de licenţă Diplomă de inginer Diplomă de urbanist Diplomă de master Certificat de atestare (studii academice postuniversitare) Diplomă de doctor |
||||||||||||
Slovenija |
Maturitetno spričevalo (spričevalo o poklicni maturi) (spričevalo o zaključnem izpitu) |
Diploma višje strokovne šole |
Diploma o pridobljeni visoki strokovni izobrazbi |
Univerzitetna diploma/magisterij/specializacija/doktorat |
||||||||||||
Slovensko |
Vysvedčenie o maturitnej skúške |
Absolventský diplom |
Diplom o ukončení bakalárskeho štúdia (Bakalár) |
Diplom o ukončení vysokoškolského štúdia Bakalár (Bc.) Magister Magister/Inžinier ArtD. |
||||||||||||
Suomi/Finland |
Ylioppilastutkinto tai peruskoulu + kolmen vuoden ammatillinen koulutus – Studentexamen eller grundskola + treårig yrkesinriktad utbildning (Betyg över avlagd yrkesexamen på andra stadiet) Todistus yhdistelmäopinnoista (Betyg över kombinationsstudier) |
Ammatillinen opistoasteen tutkinto – Yrkesexamen på institutnivå |
Kandidaatin tutkinto – Kandidatexamen/ Ammattikorkeakoulututkinto – Yrkeshögskoleexamen (min. 120 opintoviikkoa – studieveckor) |
Maisterin tutkinto – Magisterexamen/ Ammattikorkeakoulututkinto – Yrkeshögskoleexamen (min. 160 opintoviikkoa – studieveckor) Tohtorin tutkinto (Doktorsexamen) joko 4 vuotta tai 2 vuotta lisensiaatin tutkinnon jälkeen – antingen 4 år eller 2 år efter licentiatexamen Lisensiaatti/Licentiat |
||||||||||||
Sverige |
Slutbetyg från gymnasieskolan (3-årig gymnasial utbildning) |
Högskoleexamen (80 poäng) Högskoleexamen, 2 år, 120 högskolepoäng Yrkeshögskoleexamen/ Kvalificerad yrkeshögskoleexamen, 1–3 år |
Kandidatexamen (akademisk examen omfattande minst 120 poäng, varav 60 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 10 poäng) Meriter på grundnivå: Kandidatexamen, 3 år, 180 högskolepoäng (Bachelor) |
Magisterexamen (akademisk examen omfattande minst 160 poäng, varav 80 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 20 poäng eller två uppsatser motsvarande 10 poäng vardera)
Meriter på avancerad nivå:
Meriter på forskarnivå:
|
||||||||||||
United Kingdom |
General Certificate of Education Advanced level — 2 passes or equivalent (grades A to E) BTEC National Diploma General National Vocational Qualification (GNVQ), advanced level Advanced Vocational Certificate of Education, A level (VCE A level) |
Higher National Diploma/Certificate (BTEC)/SCOTVEC Diploma of Higher Education (DipHE) National Vocational Qualifications (NVQ) Scottish Vocational Qualifications (SVQ) level 4 |
(Honours) Bachelor degree NB: Master’s degree in Scotland |
Honours Bachelor degree Master’s degree (MA, MB, MEng, MPhil, MSc) Doctorate |
IARSCRÍBHINN III. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.