EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2015/201A/01

Fógra comórtas oscailte — EPSO/AD/310/15 — 1. Coimeádaí (AD 7) — 2. Oideoir músaeim (AD 7) — 3. Caomhnóir: Bainisteoir caomhantais agus bailiúcháin (AD 7) — EPSO/AST/136/15 — 1. Coimeádaí cúnta (AST 3) — 2. Cúntóir caomhantais agus bainistíochta bailiúcháin (AST 3)

OJ C 201A, 18.6.2015, p. 1–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

18.6.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA COMÓRTAS OSCAILTE

EPSO/AD/310/15

1.

Coimeádaí (AD 7)

2.

Oideoir músaeim (AD 7)

3.

Caomhnóir: Bainisteoir caomhantais agus bailiúcháin (AD 7)

EPSO/AST/136/15

1.

Coimeádaí cúnta (AST 3)

2.

Cúntóir caomhantais agus bainistíochta bailiúcháin (AST 3)

Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 23 Iúil 2015 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtais oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéil a thiomsú as a ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar ' riarthóirí ' agus ' cúntóirí ' (grúpaí feidhme AD agus AST faoi seach) d'Áras Stair na hEorpa.

An líon iarrthóirí atá á lorg do phainéal gach próifíle sa dá chomórtas:

Coimeádaí (AD 7): 20

Oideoir músaeim (AD 7): 15

Caomhnóir (Bainisteoir caomhaontais agus bailiúcháin) (AD 7): 5

Coimeádaí cúnta (AST 3): 10

Cúntóir caomhaontais agus bainistíochta bailiúcháin (AST 3): 5

Is iad an Fógra Comórtais seo agus na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte, arna bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 70 A an 27 Feabhra 2015 (http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:C:2015:070A:TOC), creat dlí ceangailteach na bpróiseas roghnúcháin seo.

Baineann an fógra seo le dhá chomórtas, agus tá roinnt próifílí i ngach ceann den dá chomórtas. Ní féidir cur isteach ach ar phróifíl amháin do gach comórtas. Ní mór an rogha a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir í a athrú i ndiaidh duit d’iarratas a bhailíochtú ar líne.

DUALGAIS AN PHOIST

Beidh sé de chúram ar choimeádaithe taispeántais músaeim a fhorbairt, go háirithe taispeántais shealadacha agus taispeántais taistil, an taispeántas buan a choinneáil cothrom le dáta, taighde a dhéanamh ar ábhar agus ar réada, cur le bailiúchán an mhúsaeim agus foilseacháin a dhréachtú. Déanfaidh siad ionadaíocht freisin ar Áras Stair na hEorpa agus iad ag plé le páirtithe leasmhara seachtracha. Cuideoidh na coimeádaithe cúnta leis an gcoimeádaí/na coimeádaithe cúraimí áirithe a luaitear thuas a dhéanamh.

Beidh sé de chúram ar na hoideoirí músaeim an straitéis foghlama agus na cláir a bhaineann leis na taispeántais a fhorbairt agus a chur i ngníomh. Beidh sé de chúram orthu imeachtaí tarraingteacha éagsúla a cheapadh do gach cineál cuairteora. Déanfaidh siad caidreamh freisin le scoileanna agus reáchtálfaidh siad ceardlanna.

Beidh sé de chúram ar chaomhnóirí bailiúchán Áras Stair na hEorpa agus na réada a fhaightear ar iasacht a chaomhnú; beidh sé de chúram orthu monatóireacht a dhéanamh ar áiseanna stórais agus ar thimpeallacht na dtaispeántas, taifid chaomhantais a choinneáil, scrúdú a dhéanamh ar an mbail atá ar réada, bearta caomhantais agus athchóirithe a mholadh agus a gcostas a mheas. Déanfaidh siad maoirseacht freisin ar chonarthaí a dhéantar le soláthróirí seachtracha. Cuideoidh na caomhnóirí cúnta leis an gcaomhnóir/na caomhnóirí cúraimí áirithe a dhéanamh a bhaineann le caomhnú bailiúcháin a luaitear thuas.

Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN I faoi phríomhdhualgais an phoist i gcás an dá chomórtais agus gach próifíle.

NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA

Ní mór d'iarrthóirí na coinníollacha UILE seo a chomhlíonadh nuair a bheidh siad ag bailíochtú a n-iarratais:

Coinníollacha ginearálta

A gcearta mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh

Aon oibleagáidí i dtaca le seirbhís mhíleata atá orthu de réir an dlí náisiúnta a chomhlíonadh

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh

Coinníollacha sonracha: teangacha

Teanga 1: leibhéal C1 ar a laghad i gceann amháin de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh

Teanga 2: leibhéal B2 ar a laghad sa Bhéarla, sa Fhraincis, nó sa Ghearmáinis; an teanga a roghnaítear mar theanga 1, ní féidir í a roghnú mar theanga 2 freisin

Tá tuilleadh eolais i dtaobh leibhéal teanga i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr)

Coinníollacha sonracha: cáilíochtaí agus taithí oibre

Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN II faoi na cáilíochtaí agus an taithí oibre a theastaíonn do gach comórtas agus próifíl

Tá tuilleadh eolais i dtaobh dioplómaí in Iarscríbhinn I atá ag gabháil leis na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte (http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:C:2015:070A:TOC)

Ní mór an Béarla, an Fhraincis, nó an Ghearmáinis a roghnú mar theanga 2. Is iad sin príomhtheangacha oibre institiúidí an Aontais Eorpaigh agus, chun leasa na seirbhíse, caithfidh earcaigh nua bheith ábalta dul i mbun oibre láithreach agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach le linn na hoibre laethúla i gceann amháin ar a laghad de na teangacha sin.

Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN III ar úsáid teangacha i gcomórtais earcaíochta an Aontais Eorpaigh.

CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ

1)    Na trialacha ceisteanna ilroghnacha ar ríomhaire

I gcás gach próifíle i ngach comórtas, má sháraíonn an líon iarrthóirí tairseach áirithe, arna socrú ag EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin, tabharfar cuireadh do gach iarrathóir a bhailíochtaigh a fhoirm iarratais faoin sprioc-am sraith de thrialacha ceisteanna ilroghnacha ar ríomhaire a dhéanamh i gceann d'ionaid chreidiúnaithe EPSO.

Má bhíonn an líon iarrthóirí faoi bhun na tairsí , is san Ionad Measúnaithe (féach pointe 3) a bheidh na trialacha ar siúl.

Eagrófar na trialacha ceisteanna ilroghnacha ar ríomhaire mar seo a leanas:

Triail

Teanga

Líon ceisteanna

Fad ama

Pasmharc

Réasúnaíocht bhriathartha

Teanga 1

20 ceist

35 nóiméad

10/20

Réasúnaíocht uimhriúil

Teanga 1

10 gceist

20 nóiméad

Réasúnaíocht uimhriúil agus theibí le chéile: 10/20

Réasúnaíocht theibí

Teanga 1

10 gceist

10 nóiméad

Is trialacha díbeartha iad seo agus ní chuirfear na marcanna a ghnóthófar iontu le marcanna na dtrialacha eile a dhéanfar san Ionad Measúnaithe.

2)    Roghnú ar bhonn cáilíochtaí

I dtús báire, déanfar na ceanglais incháilitheachta a sheiceáil trí na sonraí a soláthraíodh in iarratas ar líne na n-iarrthóirí a scrúdú. Tá dhá chás is féidir a bheith ann:

Má bhíonn na trialacha ceisteanna ilroghnacha ar ríomhaire ar siúl roimh ré , déanfar comhaid na n-iarrthóirí a sheiceáil maidir le hincháilitheacht in ord íslitheach ar bhonn na marcanna a gnóthaíodh sna trialacha sin, go dtí go sroichfear an tairseach atá luaite i bpointe 1. Ní dhéanfar na comhaid eile a sheiceáil.

Mura mbeidh na trialacha ceisteanna ilroghnacha ar ríomhaire ar siúl roimh ré déanfar seiceáil maidir le hincháilitheacht ar chomhaid na n-iarrthóirí ar fad.

Ansin, i gcás na n-iarrthóirí incháilithe a roghnaíodh faoin bpróiseas thuas , agus ina gcás siúd amháin , déanfar an roghnú ar bhonn cáilíochtaí agus é bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthair na hiarrthóirí faoin gclib 'An Scagthóir Buanna' (DE: Talentfilter, EN: talent screener, FR: évaluateur de talent) ar an bhfoirm iarratais. Tabharfaidh an bord roghnúcháin ualú do gach critéar roghnúcháin a léiríonn a thábhacht le hais na gcritéar eile (1 go dtí 3) agus tabharfar idir 0 pointe agus 4 phointe do gach freagra a thug an t-iarrthóir.

Ansin, iolróidh an bord roghnúcháin na pointí faoin ualú atá ag gach critéar, agus suimeoidh siad iad le fáil amach cé na daoine is oiriúnaí le dualgais an phoist a chomhlíonadh.

Tá an liosta critéar don dá chomórtas agus do gach próifíl in IARSCRÍBHINN II.

3)    An tIonad Measúnaithe

I gcás gach próifíle i ngach comórtas, tabharfar cuireadh go dtí an chéim seo do 3 oiread ar a mhéad an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Má ghnóthaíonn tú marc sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí atá ar cheann de na marcanna iomlána is airde , tabharfar cuireadh duit freastal ar an Ionad Measúnaithe ar feadh lá amháin nó dhá lá agus trialacha a dhéanamh sa dara teanga agat . Is é is dóichí gur sa Bhruiséil a bheidh an tIonad Measúnaithe.

Mura mbeidh na trialacha ceisteanna ilroghnacha ar ríomhaire a bhfuil cur síos orthu i bpointe 1 ar siúl roimh ré , déanfaidh tú san Ionad Measúnaithe iad.

Déanfar seacht n-inniúlacht ghinearálta don chomórtas AST agus ocht n-inniúlacht ghinearálta don chomórtas AD mar aon leis na hinniúlachtaí sonracha is gá don dá chomórtas agus do gach próifíl a mheas san Ionad Measúnaithe le 4 thriail (agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta, agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí sonracha, gníomhaíocht i ngrúpa agus cás-staidéar), faoi mar atá léirithe sa tábla thíos:

Inniúlacht

Triail

1.

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

Cás-staidéar

Gníomhaíocht i ngrúpa

2.

Cumarsáid

Cás-staidéar

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

3.

Cáilíocht agus Torthaí

Cás-staidéar

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

4.

Foghlaim agus Forbairt

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

5.

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

Cás-staidéar

Gníomhaíocht i ngrúpa

6.

Buanseasmhacht

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

7.

Obair bhuíne

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

8.

Cumas ceannaireachta (don chomórtas AD amháin)

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

Pasmharcanna don chomórtas AST

3/10 do gach inniúlacht agus 35/70 don mharc foriomlán

Pasmharcanna don chomórtas AD

3/10 do gach inniúlacht agus 40/80 don mharc foriomlán

Ualú na n-inniúlachtaí ginearálta

45 % den mharc foriomlán


Inniúlacht

Triail

Inniúlachtaí a bhaineann le réimse an chomórtais

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí sonracha

Pasmharc (AST agus AD)

50/100

Ualú na n-inniúlachtaí sonracha

55 % den mharc foriomlán

4)    An painéal

I ndiaidh doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a sheiceáil, tiomsóidh an bord roghnúcháin painéal, don dá chomórtas agus do gach próifíl, de na hiarrthóirí incháilithe a bhfuil na marcanna is airde acu i ndiaidh an Ionaid Measúnaithe, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal.

CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH

Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO http://jobs.eu-careers.eu. Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo:

23 Iúil 2015 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile


IARSCRÍBHINN I

DUALGAIS

EPSO/AD/310/15

1.   Coimeádaí (AD 7)

Beidh sé de chúram ar na coimeádaithe taispeántais mhúsaeim a fhorbairt, go háirithe taispeántais shealadacha agus taistil. Beidh orthu taighde a dhéanamh ar ábhar agus taispeántáin le haghaidh na dtaispeántas sin, bheith i mbun a gcoimeádaíochta agus iad a fhorbairt i gcomhar le dearthóirí taispeántas. Ag an am céanna, beidh sé de chúram orthu an taispeántas buan a choinneáil cothrom le dáta agus cur le bailiúchán an mhúsaeim.

Ar na dualgais beidh:

Coimeádaíocht a dhéanamh ar thaispeántais shealadacha agus taistil de réir na gcaighdeán músaeim is airde;

An taispeántas buan a choinneáil cothrom le dáta agus a athchóiriú;

Réada, íomhánna, scannáin agus ábhar eile a chuardach le cur ar taispeáint;

Taighde a dhéanamh ar bhailiúchán an mhúsaeim agus cur leis;

Téacsanna do thaispeántais agus d'fhoilseacháin a dhréachtú do phobal leathan de réir caighdeáin acadúla;

Caidreamh a dhéanamh le músaeim eile agus leis na páirtithe leasmhara a bhaineann lena réimse inniúlachta féin;

Ionadaíocht a dhéanamh ar Áras Stair na hEorpa os comhair pobal speisialaithe acadúil agus músaeim;

Foireann coimeádaithe cúnta a chomhordú.

2.   Oideoir músaeim (AD 7)

Féachfaidh na hoideoirí leis go bhfoghlaimeoidh cineálacha éagsúla grúpaí cuairteoirí agus cuairteoirí aonair an méid is féidir le linn a gcuid cuairteanna.

Ar na dualgais beidh:

An straitéis foghlama agus oideachais agus na cláir oideachais a fhorbairt;

Cur chun feidhme na gclár sin a eagrú;

Gné oideachasúil na dtaispeántas sealadach agus taistil a fhorbairt i gcomhar le daoine eile;

Acmhainní oideachais a cheapadh d'fhonn ábhar an mhúsaeim a nochtadh do chineálacha éagsúla grúpaí;

Caidreamh a dhéanamh le múinteoirí, scoileanna, comhghleacaithe agus soláthróirí seirbhísí;

Conarthaí seirbhíse éagsúla a bhainistiú;

Foireann oideoirí cúnta a bhainistiú;

Ábhar an mhúsaeim a fhorbairt agus oibriú i gcomhar le foireann ildisciplíneach;

Cuairteanna agus ceardlanna a eagrú do chineálacha éagsúla grúpaí.

3.   Caomhnóir: Bainisteoir caomhantais agus bailiúcháin (AD 7)

Beidh sé de chúram ar an gcaomhnóir bailiúchán Áras Stair na hEorpa agus na réada a fhaightear ar iasacht a chaomhnú. Tá eolas ginearálta ag teastáil ar na teicnící caomhantais a úsáidtear le haghaidh ábhair éagsúla.

Ar na dualgais beidh:

Bailiúchán an mhúsaeim agus réada atá á dtabhairt nó á bhfáil ar iasacht a bhainistiú;

Maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme straitéis bailithe Áras Stair na hEorpa;

Cinntí a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann leis an mbailiúchán, mar shampla nithe nua a fháil, rochtain oscailte a bheith ar na bailiúcháin agus ceisteanna cóipchirt;

Maoirseacht, monatóireacht agus rialú a dhéanamh ar an timpeallacht ina mbeidh an bailiúchán á stóráil nó á thaispeáint;

Bail na réad a scrúdú;

Taifid iomlán chaomhantais a choinneáil ar bhail na réad, taifid amhairc san áireamh;

Bearta coisctheacha a dhéanamh chun réada a chaomhnú;

Maoirseacht a dhéanamh ar bhearta caomhantais a dhéanann conraitheoirí seachtracha;

Bearta um athchóiriú a mholadh agus a gcostas a mheas;

Caighdeáin chuí a fhorbairt agus a chaomhnú; fanacht cothrom le dáta leis na teicnící agus na cleachtais is déanaí i mbainistiú bailiúchán agus sa chaomhantas trí thaighde agus oiliúint a dhéanamh;

Foireann caomhnóirí cúnta a bhainistiú.

EPSO/AST/136/15

1.   Coimeádaí cúnta (AST 3)

Cuideoidh coimeádaithe cúnta leis an gcóimeádaí/na coimeádaithe le réimsí áirithe den taispeántas buan a luaitear thuas. Iarrfar orthu taighde a dhéanamh laistigh dá réimse inniúlachta féin ar ábhar agus ar réada do na taispeántais agus do bhailiúchán an mhúsaeim agus iarrfar orthu cuidiú a thabhairt taispeántais shealadacha agus taistil a eagrú agus coimeádaíocht a dhéanamh orthu.

Ar na dualgais beidh:

Cuidiú a thabhairt do na coimeádaithe agus iad i mbun taighde ar ábhar agus ar bhailiúchán an mhúsaeim;

Cuidiú a thabhairt taighde a dhéanamh ar an ábhar;

Cuidiú a thabhairt taighde a dhéanamh ar réada, íomhánna, scannáin agus ábhar eile is féidir a chur ar taispeáint;

Cuidiú praiticiúil a thabhairt taispeántais shealadacha agus taistil a fhorbairt;

Cuidiú a thabhairt téacsanna do thaispeántais agus d'fhoilseacháin a dhréachtú do phobal leathan de réir caighdeáin acadúla;

Caidreamh a dhéanamh le músaeim eile agus leis na páirtithe leasmhara a bhaineann lena réimse inniúlachta féin.

2.   Cúntóir caomhantais agus bainistíochta bailiúcháin (AST 3)

Cuideoidh an cúntóir caomhantais agus bainistíochta leis an mbainisteoir caomhantais agus bailiúcháin chun bailiúchán Áras Stair na hEorpa agus na réada a fhaightear ar iasacht a chaomhnú agus a bhainistiú. Beidh sé de chúram orthu réada a láimhseáil, bail na réad a rialú, bearta caomhantais a dhéanamh, réada a iompar agus cúraimí eile ghaolmhara a dhéanamh.

Ar na dualgais beidh:

Monatóireacht agus rialú a dhéanamh ar an timpeallacht ina mbeidh an bailiúchán á stóráil nó á thaispeáint;

Bail na réad a scrúdú;

Taifid iomlán chaomhantais a choinneáil ar bhail na réad, taifid amhairc san áireamh;

Bearta coisctheacha a dhéanamh chun réada a chaomhnú;

Maoirseacht a dhéanamh ar bhearta caomhantais a dhéanann conraitheoirí seachtracha;

Bearta um athchóiriú a mholadh agus a gcostas a mheas;

Réada isteach agus réada amach a phacáil ar shlí chuí agus a iompar, agus na cúraimí sin a stiúradh; bail na réad a fhaightear ar iasacht a scrúdú;

Caighdeáin chuí a fhorbairt agus a chaomhnú; fanacht cothrom le dáta leis na teicnící agus cleachtais is déanaí i mbainistiú bailiúchán agus sa chaomhantas trí thaighde agus oiliúint a dhéanamh;

Cuidiú a thabhairt iompar réad a eagrú, seirbhísí cúiréara san áireamh.

Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


IARSCRÍBHINN II

CÁILÍOCHTAÍ, TAITHÍ OIBRE AGUS CRITÉIR ROGHNÚCHÁIN

EPSO/AD/310/15

Coimeádaí (AD 7)

1.   Cáilíochtaí agus taithí oibre

Cúrsa iomlán ollscoile, a mhair 4 bliana ar laghad agus dioplóma sa stair nó i réimse dá leithéid bainte amach ag a dheireadh, agus taithí oibre 6 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann leis an bpróifíl.

2.   Critéir roghnúcháin

Déanfaidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas a chur san áireamh agus an roghnú ar bhonn cáilíochtaí á dhéanamh:

1.

PhD sa stair nó i réimse gaolmhar a bhaineann le dualgais an phoist;

2.

Oiliúint iarchéime, seachas PhD, sa stair, sa mhúsaemeolaíocht nó i réimse gaolmhar eile a bhaineann le dualgais an phoist;

3.

Taithí oibre ar choimeádaíocht a dhéanamh ar thaispeántais staire;

4.

Taithí oibre ar thaighde a dhéanamh ar ábhar agus/nó ar thaispeántais éagsúla amhail réada, íomhánna agus/nó físeáin;

5.

Taithí oibre ar thaighde a dhéanamh ar bhailiúchán músaeim agus/nó ar a bheith ag cur le bailiúchán músaeim;

6.

Taithí oibre ar théacsanna a dhréachtú do phobal leathan, go háirithe téacsanna do thaispeántais, ailt do chatalóga agus guthú do mhíreanna closamhairc;

7.

Taithí oibre ar théacsanna a dhréachtú de réir caighdeáin acadúla;

8.

Taithí oibre ar chaighdeáin ghairmiúla a chur i bhfeidhm i réimse an mhúsaeim;

9.

Páirt a ghlacadh i líonraí gairmiúla idirnáisiúnta agus/nó i gcomhdhálacha idirnáisiúnta a bhaineann le dualgais an phoist;

10.

Taithí oibre ar fhoireann a bhainistiú;

11.

Taithí oibre ar thimpeallacht idirnáisiúnta agus/nó ildisciplíneach;

12.

Taithí oibre ar théacsanna a dhréachtú sa Bhéarla, sa Fhraincis nó sa Ghearmáinis.

Oideoir músaeim (AD 7)

1.   Cáilíochtaí agus taithí oibre

Cúrsa iomlán ollscoile, a mhair 4 bliana ar laghad agus dioplóma san oideachas músaeim, sa mhúsaemeolaíocht, sa stair nó i réimse gaolmhar bainte amach ag a dheireadh, agus taithí oibre 6 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann leis an bpróifíl.

2.   Critéir roghnúcháin

Déanfaidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas a chur san áireamh agus an roghnú ar bhonn cáilíochtaí á dhéanamh:

1.

Taithí oibre ar chláir a chur le chéile do mhúsaeim;

2.

Taithí oibre ar ghníomhaíochtaí oideachasúla a cheapadh agus/nó a chur ar siúl, gníomhaíochtaí ar nós ceardlann agus/nó turas treoraithe do chineálacha éagsúla grúpaí;

3.

Taithí oibre ar an ngné foghlama de thaispeántais (e.g. ábhar praiticiúil) a cheapadh;

4.

Taithí oibre ar ábhar oideachasúil a bheadh oiriúnach do thaispeántais agus/nó do ghrúpaí de chineálacha éagsúla a cheapadh agus/nó a dhréachtú.

5.

Taithí oibre ar shuirbhéanna a cheapadh don phobal agus/nó ar shuirbhéanna ar shásamh cuairteoirí a mheas;

6.

Taithí oibre ar chaighdeáin ghairmiúla a chur i bhfeidhm i réimse an mhúsaeim;

7.

Páirt a ghlacadh i líonraí gairmiúla idirnáisiúnta agus/nó i gcomhdhálacha idirnáisiúnta a bhaineann le dualgais an phoist;

8.

Taithí oibre ar bhainistiú tionscadal, m.sh. foirne tionscadal a bhainistiú;

9.

Taithí oibre ar nósanna imeachta soláthair phoiblí;

10.

Taithí oibre ar thimpeallacht idirnáisiúnta agus/nó ildisciplíneach;

11.

Taithí oibre ar théacsanna a dhréachtú sa Bhéarla, sa Fhraincis nó sa Ghearmáinis.

Caomhnóir – Bainisteoir caomhantais agus bailiúchán (AD 7)

1.   Cáilíochtaí agus taithí oibre

Cúrsa iomlán ollscoile, a mhair 4 bliana ar laghad agus dioplóma i léann an chaomhantais, sa mhúsaemeolaíocht, nó i réimsí gaolmhara bainte amach ag a dheireadh, agus taithí oibre 6 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann leis an bpróifíl.

2.   Critéir roghnúcháin

Déanfaidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas a chur san áireamh agus an roghnú ar bhonn cáilíochtaí á dhéanamh:

1.

Oiliúint iarchéime sa chaomhantas, sa mhúsaemeolaíocht nó i réimse gaolmhar eile a bhaineann le dualgais an phoist;

2.

Taithí oibre ar bhailiúcháin agus/nó réada a bhainistiú;

3.

Taithí oibre ar an mbail atá ar réada a mheas agus/nó ar a bheith ag déanamh amach an dteastaíonn bearta athchóirithe agus/nó cén costas a bheadh orthu;

4.

Taithí oibre ar dhálaí timpeallachta agus soilsithe áiseanna stórais, ionad taispeántas agus/nó cásanna taispeántais a rialú;

5.

Taithí oibre ar réada a láimhseáil;

6.

Taithí oibre ar dhoiciméid a ullmhú d'iasachtóirí maidir le dálaí slándála agus caomhantais i gcás iasachtaí;

7.

Taithí oibre ar bearta coisctheacha a dhéanamh chun réada nó ábhar a chaomhnú;

8.

Taithí oibre ar chaighdeáin ghairmiúla a chur i bhfeidhm i réimse an mhúsaeim;

9.

Páirt a ghlacadh i líonraí gairmiúla idirnáisiúnta agus/nó i gcomhdhálacha idirnáisiúnta a bhaineann le dualgais an phoist;

10.

Taithí oibre ar fhoireann a bhainistiú;

11.

Taithí oibre ar thimpeallacht idirnáisiúnta agus/nó ildisciplíneach;

12.

Taithí oibre ar théacsanna a dhréachtú sa Bhéarla, sa Fhraincis nó sa Ghearmáinis.

EPSO/AST/136/15

Coimeádaí cúnta (AST 3)

1.   Cáilíochtaí agus taithí oibre

Oideachas iar-mheánscoile agus dioplóma sa stair nó i réimse gaolmhar bainte amach ag a dheireadh, agus taithí oibre 3 bliana ar a laghad i réimse taispeántas músaem.

Meánoideachas agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh lena bhféadfadh an duine leanúint ar aghaidh go dtí oideachas iar-mheánscoile agus taithí oibre 6 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann leis an bpróifíl, agus 3 bliana ar a laghad den taithí sin caite ag obair le taispeántais mhúsaem.

2.   Critéir roghnúcháin

Déanfaidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas a chur san áireamh agus an roghnú ar bhonn cáilíochtaí á dhéanamh:

1.

Oiliúint iarchéime sa stair, sa mhúsaemeolaíocht nó i réimse gaolmhar eile a bhaineann le dualgais an phoist;

2.

Taithí oibre ar choimeádaíocht a dhéanamh ar thaispeántais staire;

3.

Taithí oibre ar thaighde a dhéanamh ar ábhar agus/nó ar thaispeántais éagsúla amhail réada, íomhánna agus/nó físeáin;

4.

Taithí oibre ar théacsanna a dhréachtú do phobal leathan, go háirithe téacsanna do thaispeántais, ailt do chatalóga agus/nó guthú do mhíreanna closamhairc;

5.

Taithí oibre ar chaighdeáin ghairmiúla a chur i bhfeidhm i réimse an mhúsaeim;

6.

Páirt a ghlacadh i líonraí gairmiúla idirnáisiúnta agus/nó i gcomhdhálacha idirnáisiúnta a bhaineann le dualgais an phoist;

7.

Taithí oibre ar thimpeallacht idirnáisiúnta agus/nó ildisciplíneach;

8.

Taithí oibre ar théacsanna ar dhréachtú sa Bhéarla, sa Fhraincis nó sa Ghearmáinis.

Cúntóir caomhantais agus bainistíochta bailiúcháin (AST 3)

1.   Cáilíochtaí agus taithí oibre

Oideachas iar-mheánscoile agus dioplóma sa chaomhantas bainte amach ag a dheireadh, agus taithí oibre 3 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann leis an bpróifíl.

Oideachas dara leibhéal agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh lena bhféadfadh an duine leanúint ar aghaidh go dtí oideachas iar-mheánscoile, agus taithí oibre 6 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann leis an bpróifíl.

2.   Critéir roghnúcháin

Déanfaidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas a chur san áireamh agus an roghnú ar bhonn cáilíochtaí á dhéanamh:

1.

Oiliúint i dteicnící caomhantais maidir le réimse réad nó ábhar;

2.

Taithí oibre ar chaomhantas agus/nó teicnící caomhantais maidir le réimse réad nó ábhar;

3.

Taithí oibre ar an mbail atá ar réada a mheas agus/nó ar a bheith ag déanamh amach an dteastaíonn bearta athchóirithe agus/nó cén costas a bheadh orthu;

4.

Taithí oibre ar dhálaí timpeallachta agus soilsithe áiseanna stórais, ionad taispeántas agus/nó cásanna taispeántais a rialú, nó taithí oibre ar úsáid ceistneoirí maidir le dálaí slándála agus caomhantais i gcás iasachtaí;

5.

Taithí oibre ar taifid chaomhantais a choinneáil ar bhail na réad, taifid amhairc san áireamh;

6.

Taithí oibre ar bearta coisctheacha a dhéanamh chun réada nó ábhar a chaomhnú;

7.

Taithí oibre ar réada isteach agus réada amach a phacáil ar shlí chuí agus a iompar, nó taithí oibre ar na cúraimí sin a stiúradh;

8.

Taithí oibre ar chaighdeáin ghairmiúla a chur i bhfeidhm i réimse an mhúsaeim;

9.

Páirt a ghlacadh i líonraí gairmiúla idirnáisiúnta agus/nó i gcomhdhálacha idirnáisiúnta a bhaineann le dualgais an phoist;

10.

Taithí oibre ar thimpeallacht idirnáisiúnta agus/nó ildisciplíneach;

11.

Taithí oibre ar théacsanna a dhréachtú sa Bhéarla, sa Fhraincis nó sa Ghearmáinis.

Deireadh IARSCRÍBHINN II. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


IARSCRÍBHINN III

TEANGACHA

I bhfianaise an bhreithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór-Dhlísheomra) i gCás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, is mian le hinstitiúidí an Aontais a shonrú cé na fáthanna a bhfuil na teangacha as ar féidir an dara teanga a roghnú teoranta acu sa chomórtas seo do líon srianta de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Dá bhrí sin, cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh dara teangacha an chomórtais seo de réir leas na seirbhíse, leas a fhágann go gcaithfidh earcaigh nua bheith in ann dul i mbun oibre láithreach agus nach mór é a bheith ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn na hoibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór le hobair na n-institiúidí.

Cleachtas seanbhunaithe is ea é an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis a úsáid le haghaidh cumarsáid inmheánach in institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe in Áras Stair na hEorpa, agus, lena chois sin, is iad sin na teangacha is minice a mbíonn gá leo nuair a bhítear ag déanamh cumarsáide leis an saol lasmuigh nó ag láimhseáil cásanna. Ar a bharr sin, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na dara teangacha is leitheadaí san Aontas Eorpach agus is iad is mó a ndéantar staidéar orthu mar dhara teangacha. Ós amhlaidh atá, is féidir bheith ag súil faoi láthair le leibhéal áirithe oideachais agus inniúlachtaí gairme a bheith ag iarrthóirí ar na poist in institiúidí an Aontais Eorpaigh, mar atá, sáreolas ar cheann de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus riachtanais agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá ábhar maith ann trialacha a eagrú sna trí theanga sin chun a chinntiú go mbeidh na hiarrthóirí uile in ann a gcuid oibre a dhéanamh i gceann amháin de na teangacha sin ar a laghad, is cuma cén chéad teanga oifigiúil atá acu. Trí na hinniúlachtaí sonracha a mheas ar an dóigh sin, is féidir le hinstitiúidí an Aontais a meas a thabhairt ar ábaltacht na n-iarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair.

Ar na cúiseanna céanna, tá ciall le teangacha cumarsáide idir na hiarrthóirí agus an institiúid a theorannú, teanga na n-iarratas san áireamh. Cinnteoidh sin, leis, go mbeidh an chomparáid a dhéanfar idir na hiarrthóirí agus an tseiceáil a dhéanfar orthu ar bhonn a n-iarratais, go mbeidh siad ar aon dul le chéile.

Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann de na trí theanga ina príomhtheanga oifigiúil aige, trialacha áirithe a dhéanamh sa dara teanga aige, agus beidh an dara teanga le roghnú as na trí theanga sin.

Tá na bearta sin gan dochar d’fhoghlaim tríú teanga ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de na Rialacháin Foirne.

Deireadh IARSCRÍBHINN III. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


Top