EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document C2015/183A/01
Notice of open competitions — Doctors (AD 11) — EPSO/AD/308/15 — Brussels site — EPSO/AD/309/15 — Luxembourg and Ispra sites
Fógra comórtas oscailte — Dochtúirí (AD 11) — EPSO/AD/308/15 – Ionad na Bruiséile — EPSO/AD/309/15 – Ionaid Lucsamburg agus Ispra
Fógra comórtas oscailte — Dochtúirí (AD 11) — EPSO/AD/308/15 – Ionad na Bruiséile — EPSO/AD/309/15 – Ionaid Lucsamburg agus Ispra
OJ C 183A, 4.6.2015, p. 1–8
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
4.6.2015 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
FÓGRA COMÓRTAS OSCAILTE
Dochtúirí (AD 11)
EPSO/AD/308/15 – Ionad na Bruiséile
EPSO/AD/309/15 – Ionaid Lucsamburg agus Ispra
Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 7 Iúil 2015 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile.
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtais oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéil a thiomsú as a ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar ' dhochtúirí ' (grúpa feidhme AD) dá n-ionaid i mBruiséil na Beilge, i Lucsamburg agus in Ispra na hIodáile.
Is iad an Fógra Comórtais seo agus na Rialacha Ginearálta maidir le comórtais oscailte arna bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 70 A an 27 Feabhra 2015 (http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:C:2015:070A:TOC), creat dlí ceangailteach an phróisis roghnúcháin seo.
An líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal:
EPSO/AD/308/15 – an Bhruiséil: 10
EPSO/AD/309/15 – Ionad 1. Lucsamburg: 5; Ionad 2. Ispra: 5
Tá sé beartaithe dochtúirí a earcú le dul ag obair sna háiteanna dá dtagraítear san fhógra seo, ach ní fhágann sin nach bhféadfar Airteagal 7 de na Rialacháin Foirne a chur a i bhfeidhm. Faoin Airteagal sin féadfar oifigigh a aistriú chuig áit fostaíochta eile le linn a ngairmréime más gá sin chun leasa na seirbhíse. (Tá Airteagal 7 le fáil i Rialachán 31 (http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=CONSLEG:1962R0031:20140101:EN:PDF))
Tá dhá rogha sa chomórtas EPSO/AD/309/15. Ní féidir cur isteach ach ar aon cheann amháin acu. Ní mór an rogha a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir í a athrú i ndiaidh duit d’iarratas a bhailíochtú ar líne.
DUALGAIS AN PHOIST
Má earcaítear thú i ndiaidh an chomórtais seo beidh na ceithre phríomhchúram seo ort:
1. |
Scrúduithe sláinte a chur ar bhaill foirne agus ar iarrthóirí ar phoist agus comhairleoireacht a thabhairt dóibh |
2. |
Bheith ag plé le feachtais um chur chun cinn na sláinte agus cosc agus cosaint ar an obair |
3. |
Caidreamh a dhéanamh le dochtúirí seachtracha agus/nó le seirbhísí ospidéil |
4. |
Foireann a bhainistiú agus a riaradh |
Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN I faoi phríomhdhualgais an phoist.
NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA
Ní mór d'iarrthóirí na coinníollacha UILE seo a chomhlíonadh nuair a bheidh siad ag bailíochtú a n-iarratais:
Coinníollacha ginearálta |
|
||||||
Coinníollacha sonracha: Teangacha |
Tá tuilleadh eolais i dtaobh leibhéil teanga i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha ( https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr) |
||||||
Coinníollacha sonracha: Cáilíochtaí agus taithí oibre |
Tá tuilleadh eolais i dtaobh leibhéil dioplómaí in Iarscríbhinn I atá ag gabháil leis na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte ( http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:C:2015:070A:TOC)
|
Ní mór an Béarla, an Fhraincis, nó an Ghearmáinis a roghnú mar dhara teanga. Is iad sin príomhtheangacha oibre institiúidí an Aontais Eorpaigh agus, chun leasa na seirbhíse, caithfidh earcaigh nua bheith ábalta dul i mbun oibre láithreach agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach le linn na hoibre laethúla i gceann amháin ar a laghad de na teangacha sin.
Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN II ar úsáid teangacha i gcomórtais an Aontais Eorpaigh.
CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ
1) Roghnú ar bhonn cáilíochtaí
I dtús báire, déanfar na ceanglais incháilitheachta a sheiceáil do gach comórtas trí na sonraí a soláthraíodh in iarratas ar líne na n-iarrthóirí a scrúdú.
Ansin, i gcás na n-iarrthóirí incháilithe agus ina gcás siúd amháin , déanfar an roghnú ar bhonn cáilíochtaí agus é bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthair na hiarrthóirí faoin gclib 'An Scagthóir Buanna' (DE: Talentfilter, EN: talent screener, FR: évaluateur de talent) ar an bhfoirm iarratais. Tabharfaidh an bord roghnúcháin ualú do gach critéar roghnúcháin a léiríonn a thábhacht le hais na gcritéar eile (1 go dtí 3) agus tabharfar idir 0 pointe agus 4 phointe do gach freagra a thug an t-iarrthóir.
Ansin, iolróidh an bord roghnúcháin na pointí faoin ualú atá ag gach critéar, agus suimeoidh siad iad le fáil amach cé na daoine is mó a dtagann a bpróifíl le dualgais an phoist.
Tá an liosta critéar do gach ionad in IARSCRÍBHINN III.
2) An tIonad Measúnaithe
Tabharfar cuireadh go dtí an chéim seo do 3 oiread ar a mhéad an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal sa dá chomórtas agus do na hionaid éagsúla. Má ghnóthaíonn tú marc sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí atá ar cheann de na marcanna iomlána is airde, tabharfar cuireadh duit freastal ar an Ionad Measúnaithe ar feadh lá amháin nó dhá lá, agus trialacha a dhéanamh sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 . I gcás EPSO/AD/308/15 is é is dóichí gur sa Bhruiséil a bheidh an tIonad Measúnaithe, agus i gcás EPSO/AD/309/15, is é is dóichí gur i Lucsamburg a bheidh sé.
Déanfar ocht n-inniúlacht ghinearálta agus inniúlachtaí sonracha an chomórtais a mheas san Ionad Measúnaithe le 5 thriail (agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta, agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí sonracha, gníomhaíocht i ngrúpa, cás-staidéar agus plé ar dhá chás chliniciúla) faoi mar atá léirithe sa tábla thíos:
Inniúlacht |
Triail |
|||
|
Cás-staidéar |
Gníomhaíocht i ngrúpa |
||
|
Cás-staidéar |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cás-staidéar |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Gníomhaíocht i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cás-staidéar |
Gníomhaíocht i ngrúpa |
||
|
Gníomhaíocht i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Gníomhaíocht i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Gníomhaíocht i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
Pasmharc |
3/10 do gach inniúlacht agus 40/80 don mharc foriomlán |
|||
Inniúlachtaí sonracha |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí sonracha |
Plé ar dhá chás chliniciúla |
||
Pasmharc |
30/60 |
30/60 |
3) An painéal
I ndiaidh doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a sheiceáil, tiomsóidh an bord roghnúcháin painéal, do gach comórtas agus do gach ionad, de na hiarrthóirí incháilithe a bhfuil na marcanna is airde acu i ndiaidh an Ionaid Measúnaithe, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal.
CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH
Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO http://jobs.eu careers.eu. Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo:
7 Iúil 2015 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile.
IARSCRÍBHINN I
DUALGAIS
Tá na comórtais oscailte seo á n-eagrú chun Riarthóirí (AD11) a earcú arb é a bheidh de chúram orthu dualgais oifigeach leighis de chuid na hinstitiúide a dhéanamh, mar atá:
— |
scrúduithe sláinte ar fhoireann agus ar iarrthóirí ar phoist; |
— |
scrúduithe agus comhairliúcháin a bhaineann le sláinte shaothair; |
— |
tuairimí leighis riaracháin; |
— |
rialú leighis ar neamhláithreachtaí de dheasca tinnis; |
— |
éigeandálaí leighis (Ispra amháin); |
— |
feachtas um chur chun cinn na sláinte; |
— |
cosaint i gcoinne na radaíochta (Lucsamburg agus Ispra amháin); |
— |
páirt a ghlacadh san obair a dhéanann fóraim éagsúla:
|
— |
bainistiú foirne; |
— |
caidreamh a dhéanamh le dochtúirí seachtracha agus/nó le hospidéil i réimsí a speisialtóireachtaí; |
— |
cásanna agus nósanna imeachta riaracháin a láimhseáil. |
Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs
IARSCRÍBHINN II
TEANGACHA
I bhfianaise an bhreithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór-Dhlísheomra) i gCás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, is mian le hinstitiúidí an Aontais a shonrú cé na fáthanna a bhfuil rogha an dara teanga teoranta acu sa chomórtas seo do líon srianta de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.
Dá bhrí sin, cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh dara teangacha an chomórtais seo de réir leas na seirbhíse, leas a fhágann go gcaithfidh earcaigh nua bheith in ann dul i mbun oibre láithreach agus nach mór é a bheith ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn na hoibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór le hobair na n-institiúidí.
Cleachtas seanbhunaithe is ea é an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis a úsáid le haghaidh cumarsáid inmheánach in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus, lena chois sin, is iad sin na teangacha is minice a mbíonn gá leo nuair a bhítear ag déanamh cumarsáide leis an saol lasmuigh nó ag láimhseáil cásanna. Ar a bharr sin, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na dara teangacha is leitheadaí san Aontas Eorpach agus is iad is mó a ndéantar staidéar orthu mar dhara teangacha. Ós amhlaidh atá, is féidir bheith ag súil faoi láthair le leibhéal áirithe oideachais agus inniúlachtaí gairme a bheith ag iarrthóirí ar na poist in institiúidí an Aontais Eorpaigh, mar atá, sáreolas ar cheann de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus riachtanais agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá ábhar maith ann trialacha a eagrú sna trí theanga sin chun a chinntiú go mbeidh na hiarrthóirí uile in ann a gcuid oibre a dhéanamh i gceann amháin de na teangacha sin ar a laghad, is cuma cén chéad teanga oifigiúil atá acu. Trí na hinniúlachtaí sonracha a mheas ar an dóigh sin, is féidir le hinstitiúidí an Aontais a meas a thabhairt ar ábaltacht na n-iarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair.
Ar na cúiseanna céanna, tá ciall le teangacha cumarsáide idir na hiarrthóirí agus an institiúid a theorannú, teanga na n-iarratas san áireamh. Cinnteoidh sin, leis, go mbeidh an chomparáid a dhéanfar idir na hiarrthóirí agus an tseiceáil a dhéanfar orthu ar bhonn a n-iarratais, go mbeidh siad ar aon dul le chéile.
Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann de na trí theanga ina príomhtheanga oifigiúil aige, trialacha áirithe a dhéanamh sa dara teanga aige, agus beidh an dara teanga le roghnú as na trí theanga sin.
Tá na bearta sin gan dochar d’fhoghlaim tríú teanga ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de na Rialacháin Foirne.
Deireadh IARSCRÍBHINN II. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs
IARSCRÍBHINN III
CRITÉIR ROGHNÚCHÁIN
Déanfaidh an bord roghnúchán na critéir seo a leanas a chur san áireamh agus an roghnú a dhéanamh ar bhonn cáilíochtaí:
EPSO/AD/308/15 – ionad na Bruiséile
1. |
Taithí oibre 5 bliana ar a laghad ar an leigheas saothair ( is gá an t-iarrthóir a bheith fós i mbun na hoibre sin ) |
2. |
Taithí oibre 3 bliana ar a laghad ar rialú leighis ar neamhláithreachtaí de dheasca tinnis |
3. |
Taithí oibre 3 bliana ar a laghad ar an leigheas ginearálta |
4. |
Taithí oibre 3 bliana ar a laghad ar an leigheas inmheánach |
5. |
Taithí oibre 2 bhliain ar a laghad ar an eirgeanamaíocht |
6. |
Taithí oibre 2 bhliain ar a laghad ar an tsláinte phoiblí |
7. |
Taithí oibre 2 bhliain ar a laghad ar an tsíciatracht |
8. |
Taithí oibre 2 bhliain ar a laghad ar an leigheas trópaiceach |
9. |
Taithí oibre ar chásanna agus nósanna imeachta riaracháin a láimhseáil i dtimpeallacht leighis |
10. |
Taithí oibre ar fhoireann leighis a bhainistiú. |
11. |
Taithí oibre 3 bliana ar a laghad i dtimpeallacht idirnáisiúnta/ilchultúrtha ar cheann de na réimsí seo a leanas: leigheas saothair, leigheas ginearálta, leigheas inmheánach, leigheas trópaiceach, eirgeanamaíocht, rialú leighis ar neamhláithreachtaí de dheasca tinnis, sláinte phoiblí nó síciatracht. |
12. |
Eolas, a bhfuil cruthúnas air, ar an mBéarla nó ar an bhFraincis (teastaíonn ar a laghad an leibhéal seo: B2 de Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha http://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr) |
EPSO/AD/309/15 – ionaid Lucsamburg/Ispra
1. |
Taithí oibre 5 bliana ar a laghad ar an leigheas saothair ( is gá an t-iarrthóir a bheith fós i mbun na hoibre sin ) |
2. |
Taithí oibre 3 bliana ar a laghad ar rialú leighis ar neamhláithreachtaí de dheasca tinnis |
3. |
Taithí oibre 3 bliana ar a laghad ar an leigheas ginearálta |
4. |
Taithí oibre 3 bliana ar a laghad ar chosaint i gcoinne radaíochta |
5. |
Taithí oibre 2 bhliain ar a laghad ar an leigheas éigeandála (Ispra amháin) |
6. |
Taithí oibre 3 bliana ar a laghad ar an leigheas inmheánach |
7. |
Taithí oibre 2 bhliain ar a laghad ar an eirgeanamaíocht |
8. |
Taithí oibre 2 bhliain ar a laghad ar an tsláinte phoiblí |
9. |
Taithí oibre 2 bhliain ar a laghad ar an tsíciatracht |
10. |
Taithí oibre 2 bhliain ar a laghad ar an leigheas trópaiceach |
11. |
Taithí oibre ar chásanna agus nósanna imeachta riaracháin a láimhseáil i dtimpeallacht leighis |
12. |
Taithí oibre ar fhoireann leighis a bhainistiú. |
13. |
Taithí oibre 3 bliana ar a laghad i dtimpeallacht idirnáisiúnta/ilchultúrtha ar cheann de na réimsí seo a leanas: leigheas saothair, leigheas ginearálta, leigheas inmheánach, leigheas trópaiceach, eirgeanamaíocht, rialú leighis ar neamhláithreachtaí de dheasca tinnis, sláinte phoiblí, síciatracht, leigheas éigeandála (Ispra amháin) nó cosaint i gcoinne radaíochta. |
14. |
Eolas, a bhfuil cruthúnas air, ar an mBéarla nó ar an bhFraincis (teastaíonn ar a laghad an leibhéal seo: B2 de Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha http://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr) |
15. |
Eolas, a bhfuil cruthúnas air, ar cheann amháin nó níos mó de na teangacha seo a leanas: An Ísiltíris agus/nó an Ghearmáinis i gcás Lucsamburg; An Iodáilis agus/nó an Spáinnis i gcás Ispra (teastaíonn ar a laghad an leibhéal seo: B2 de Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha http://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr) |
Deireadh IARSCRÍBHINN III. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs