EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document C2015/003A/01
Notice of open competition EPSO/AST-SC/03/15 — Secretaries/Clerks (SC 1 and SC 2) in the following fields: 1. Administrative support, 2. Financial support, 3. Secretarial support
Fógra Comórtais Oscailte EPSO/AST-SC/03/15 — Rúnaithe/Cléirigh (SC 1 agus SC 2) sna réimsí seo a leanas: 1) Cúnamh riaracháin 2) Cúnamh airgeadais 3) Cúnamh rúnaíochta
Fógra Comórtais Oscailte EPSO/AST-SC/03/15 — Rúnaithe/Cléirigh (SC 1 agus SC 2) sna réimsí seo a leanas: 1) Cúnamh riaracháin 2) Cúnamh airgeadais 3) Cúnamh rúnaíochta
OJ C 3A, 8.1.2015, p. 1–11
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
8.1.2015 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE
EPSO/AST-SC/03/15
Rúnaithe/Cléirigh (SC 1 agus SC 2) sna réimsí seo a leanas:
1) |
Cúnamh riaracháin |
2) |
Cúnamh airgeadais |
3) |
Cúnamh rúnaíochta |
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte, ar bhonn trialacha, chun painéil a thiomsú óna bhféadfar oifigigh mar “Rúnaithe” agus “Cléirigh” (1) a earcú d’institiúidí an Aontais Eorpaigh.
Sula gcuirfidh tú iarratas isteach, ba cheart duit na Rialacha Ginearálta maidir le comórtais oscailte a foilsíodh in Iris Oifigiúil C 60 A an 1 Márta 2014 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go grinn. Is cuid dhílis den fhógra comórtais na rialacha sin. |
CLÁR
I. |
CÚLRA |
II. |
DUALGAIS |
III. |
INCHÁILITHEACHT |
IV. |
TRIALACHA IONTRÁLA |
V. |
TRIALACHA MEASÚNAITHE |
VI. |
DEARBHUITHE NA nIARRTHÓIRÍ A SHEICEÁIL |
VII. |
PAINÉIL |
IARSCRÍBHINN I: |
RÉIMSE 1. CÚNAMH RIARACHÁIN |
IARSCRÍBHINN II: |
RÉIMSE 2. CÚNAMH AIRGEADAIS |
IARSCRÍBHINN III: |
RÉIMSE 3. CÚNAMH RÚNAÍOCHTA |
I. CÚLRA
|
Is éard atá sna figiúirí sin líon iomlán na n-iarrthóirí is féidir a chur ar an bpainéal agus a d’iarr na hinstitiúidí uile. Tabhair do d’aire gurb iad na hInstitiúidí atá suite i Lucsamburg is mó a dhéanfaidh earcú ag grád SC 2. |
||||||||||||||
|
Tá trí réimse i gceist san fhógra comórtais oscailte seo, agus dhá ghrád i ngach réimse. I ngeall ar shrianta buiséadacha agus riaracháin, agus ionas go mbeidh painéal d’iarrthóirí speisialaithe ar fáil ag an tseirbhís agus iad réidh le dul i mbun oibre láithreach, ní féidir le hiarrthóirí cur isteach ach ar aon réimse amháin agus ar aon ghrád amháin. Ní mór an rogha sin a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir í a athrú i ndiaidh duit d’iarratas a dhearbhú agus a bhailíochtú ar líne. Os a choinne sin, más rud é, sa réimse a roghnaigh tú,
féadfaidh an bord roghnúcháin, má thoilíonn tú chuige, d’iarratas a aistriú chuig grád SC 1 (2). Sa chás sin, cuirfear do thorthaí i gcomparáid le torthaí na n-iarrthóirí ar ghrád SC 1 agus, má tá tú ar na hiarrthóirí ar an ngrád sin a ghnóthaigh na marcanna is airde, cuirfear d’ainm le liosta na n-iarrthóirí ar SC 1 a gheobhaidh cuireadh na trialacha measúnaithe a dheanamh. Déanfar an t-aistriú sin sula dtabharfar cuireadh duit na trialacha measúnaithe a dhéanamh agus ar bhonn na ndearbhuithe a rinne tú san iarratas ar líne. Iarrthóirí a mbeidh a marcanna faoi bhun thairseach na marcanna is airde do ghrád SC 2 de réir an réimse, ní fhéadfar a n-iarratas a aistriú go grád SC 1. |
||||||||||||||
|
Ní mór duit clárú ar líne ar an dóigh a léirítear ar shuíomh gréasáin EPSO, agus sa treoirleabhar maidir le clárúchán go háirithe. Spriocam (an bailíochtú san áireamh): An 10 Feabhra 2015 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile. |
II. DUALGAIS
Déanann rúnaithe agus cléirigh (grúpa feidhme AST SC) cúraimí cléireachais agus rúnaíochta, bainistiú oifige agus cúraimí eile den chineál céanna a bhfuil leibhéal éigin neamhspleáchais de dhíth lena ndéanamh.
Tá cur síos sna hiarscríbhinní ar dhualgais gach réimse.
III. INCHÁILITHEACHT
Ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chlárúchán ar líne, ní mór duit na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:
|
|||||||||||
|
|||||||||||
2.1. |
Cáilíochtaí (3) Féach na hiarscríbhinní. |
||||||||||
2.2. |
Taithí oibre Féach na hiarscríbhinní. |
||||||||||
2.3. |
Eolas ar theangacha (4) |
||||||||||
Teanga 1 |
An phríomhtheanga (an t-íosleibhéal a theastaíonn: C1) Sáreolas ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. |
||||||||||
Teanga 2 |
An dara teanga, nach ionann í agus teanga 1 (an t-íosleibhéal a theastaíonn: B2) Eolas sásúil ar an mBéarla, ar an bhFraincis nó ar an nGearmáinis. I bhfianaise an bhreithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór Dhlísheomra) i gCás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, is mian le hinstitiúidí an Aontais a shonrú cé na fáthanna a bhfuil na teangacha as ar féidir an dara teanga a roghnú teoranta acu sa chomórtas seo do líon srianta de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh dara teangacha an chomórtais seo de réir leas na seirbhíse, leas a fhágann go gcaithfidh na hearcaigh nua bheith in ann dul i mbun oibre láithreach agus go mbeidh sé ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn na hoibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór ar obair na n-institiúidí. Is fada an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis ina bpríomhtheangacha cumarsáide inmheánaí in institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus is iad is minice a mbíonn gá leo chun cumarsáid a dhéanamh le páirtithe seachtracha agus chun comhad a láimhseáil. Ar a bharr sin, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na dara teangacha is leitheadaí san Aontas Eorpach agus is iad is mó a ndéantar staidéar orthu mar dhara teangacha. Ós amhlaidh atá, is féidir bheith ag súil faoi láthair le leibhéal áirithe oideachais agus inniúlachtaí gairme a bheith ag iarrthóirí ar na poist in institiúidí an Aontais, mar atá, sáreolas ar cheann de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus riachtanais agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá ábhar maith ann trialacha a eagrú sna trí theanga sin chun a chinntiú go mbeidh na hiarrthóirí uile in ann a gcuid oibre a dhéanamh i gceann amháin de na teangacha sin ar a laghad, is cuma cén chéad teanga oifigiúil atá acu. Mar sin, ligean an measúnú ar na hinniúlachtaí sonracha d’institiúidí an Aontais a mheas a ábalta is atá na hiarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair. Ar na cúiseanna céanna, tá ciall leis na teangacha cumarsáide idir na hiarrthóirí agus an institiúid a theorannú, teanga na n-iarratas san áireamh. Cinnteoidh sin, leis, go mbeidh an chomparáid a dhéanfar idir na hiarrthóirí agus an tseiceáil a dhéanfar orthu ar bhonn a n-iarratais, go mbeidh siad ar aon dul le chéile. Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir, – fiú má tá ceann de na trí theanga sin ina céad teanga oifigiúil aige – , trialacha áirithe a dhéanamh sa dara teanga aige, agus beidh an dara teanga le roghnú as na trí theanga sin. Tá sin ar fad gan dochar don fhéidearthacht tríú teanga a fhoghlaim níos faide anonn i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de na Rialacháin Foirne. |
IV. TRIALACHA IONTRÁLA
Is é EPSO a eagróidh na trialacha iontrála ar ríomhaire. Is é an bord roghnúcháin a chinnfidh leibhéal deacrachta na dtrialacha atá luaite sa tábla thíos (pointe 2) agus is é a fhaomhfaidh a mbeidh iontu ar bhonn moltaí ó EPSO.
|
Tabharfar cuireadh duit na trialacha a dhéanamh má bhailíochtaigh tú d’iarratas in am (féach Roinn I.3). Tabhair do d’aire:
|
|||||||
|
Sraith de thrialacha bunaithe ar cheisteanna ilroghnacha chun do chumas agus d’inniúlachtaí ginearálta a mheasúnú maidir leis na nithe seo a leanas: |
|||||||
Triail (a) |
Réasúnaíocht bhriathartha |
Marcálfar an triail seo as 20 pointe. |
||||||
Triail (b) |
Réasúnaíocht uimhriúil |
Marcálfar an triail seo as 10 bpointe. An pasmharc do gach triail: Réimse 1: 4 Réimse 2: 5 Réimse 3: 4 |
||||||
Triail (c) |
Réasúnaíocht theibí: |
Marcálfar an triail seo as 10 bpointe. |
||||||
|
pasmharc foriomlán thrialacha (a) agus (c): 15 |
|||||||
Triail (d) |
Inniúlachtaí oibre: Cruinneas agus beachtas |
Marcálfar an triail seo as 40 pointe. |
||||||
Triail (e) |
Inniúlachtaí oibre: Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán |
Marcálfar an triail seo as 40 pointe. |
||||||
|
An pasmharc foriomlán do thrialacha (d) agus (e): 40 |
|||||||
|
Teanga 1 i gcás thrialacha (a), (b) agus (c) Teanga 2 i gcás thrialacha (d) agus (e) |
V. TRIALACHA MEASÚNAITHE
|
Tabharfar cuireadh duit páirt a ghlacadh sna trialacha measúnaithe. Is gnách go mbíonn na trialacha sin ar siúl sa Bhruiséil ar feadh lae amháin:
Triail díbeartha atá i dtriail (b) ach ní chuirfear marcanna na trialach sin le marcanna na dtrialacha eile chun na hiarrthóirí a dtabharfar dóibh cuireadh na trialacha measúnaithe a dhéanamh a aithint. An líon iarrthóirí (6) a dtabharfar cuireadh dóibh na trialacha measúnaithe a dheanamh, beidh sé tuairim is 2 oiread líon na n-iarrthóirí is féidir a chur ar an bpainéal do gach réimse agus do gach grád mar atá luaite san fhógra comórtais seo, ach beidh sé faoi bhun a 2,5 oiread. Foilseofar an líon sin ar shuíomh gréasáin EPSO (http://blogs.ec.europa.eu/eu-careers.info/) freisin. Má thugtar cuireadh duit na trialacha measúnaithe a dhéanamh, beidh ort an comhad iomlán a bhaineann le d’iarratas a thabhairt leat, na doiciméid tacaíochta uile maidir le do cháilíochtaí agus maidir le do thaithí oibre san áireamh) chun na dtrialacha measúnaithe (7). Sonraí praiticiúla: Féach pointe 2.1.7 de na Rialacha Ginearálta maidir le comórtais oscailte. |
||||||||||||||||||||||
|
Déanfaidh tú dhá chineál trialacha, i dTeanga 2 agat, agus is é an bord roghnúcháin a dhéanfaidh a mbeidh iontu a fhaomhadh, chun measúnú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:
Measúnófar d’inniúlachtaí sonracha leis na trialacha seo a leanas: Réimse 1: Cúnamh riaracháin
Triail (f): marcálfar an triail seo as 25 phointe. An pasmharc: 15 Triail (g): marcálfar an triail seo as 10 bpointe. An pasmharc: 6 Comhualú: 30 % den mharc foriomlán Réimse 2: Cúnamh airgeadais
Triail (f): a mharcálfar as 30 pointe. An pasmharc: 15 Triail (g): a mharcálfar as 10 bpointe. An pasmharc: 6 Comhualú: 30 % den mharc foriomlán Réimse 3 Cúnamh rúnaíochta
Triail (f): marcálfar an triail seo as 20 bpointe. An pasmharc: 12 Triail (g): marcálfar an triail seo as 10 bpointe. An pasmharc: 6 Comhualú: 30 % den mharc foriomlán Measúnófar d’inniúlachtaí ginearálta (9) leis na trialacha seo a leanas: Le haghaidh na 3 réimse:
Marcálfar na trialacha seo as 10 bpointe do gach ceann de na hinniúlachtaí ginearálta. An pasmharc: 35 phointe as 70 do na 7 n-inniúlacht ghinearálta ar fad Comhualú: 70 % den mharc foriomlán |
Scrúdófar gach ceann de na hinniúlachtaí ginearálta sin mar atá léirithe sa tábla seo thíos:
|
inbhosca ríomhphoist |
Agallamh struchtúrtha |
Anailísiú agus réiteach fadhbanna |
x |
|
Cumarsáid |
|
x |
Cáilíocht agus torthaí |
x |
|
Foghlaim agus forbairt |
|
x |
Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán |
x |
|
Buanseasmhacht |
|
x |
Obair bhuíne |
|
x |
VI. DEARBHUITHE NA nIARRTHÓIRÍ A SHEICEÁIL
I ndiaidh na dtrialacha measúnaithe, déanfar na dearbhuithe a rinne na hiarrthóirí ina n-iarratas ar líne a sheiceáil i dtaca leis na doiciméid tacaíochta a chuir siad ar fáil; is é EPSO a dhéanfaidh an tseiceáil sin i dtaca leis na coinníollacha ginearálta, agus is é an bord roghnúcháin a dhéanfaidh i dtaca leis na coinníollacha sonracha.
Déanfar an tseiceáil, in ord íslitheach tuillteanais, ar iarratas na n-iarrthóirí a ghnóthaigh pas i dtrialacha (f), (g), (h) agus (i), agus na marcanna foriomlána is airde. Leanfar den tseiceáil sin go dtí mbainfear amach an líon is mó iarrthóirí is féidir a bheith ar an bpainéal de réir an réimse agus an ghráid, ar iarrthóirí iad a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta ar fad. Ní scrúdófar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a bheidh faoi bhun na tairsí sin.
Má thagann sé chun solais sa tseiceáil nach bhfuil na dearbhuithe a rinne an t-iarrthóir san iarratas ar líne ag luí leis na doiciméid tacaíochta ábhartha, dícháileofar an t-iarrthóir sin den chomórtas.
VII. PAINÉIL
|
Cuirfidh an bord roghnúcháin d’ainm ar an bpainéal:
|
||||||
|
Tiomsófar na liostaí de réir an réimse agus an ghráid agus beidh na hainmneacha iontu in ord aibítre. |
(1) Gach áit san fhógra seo a bhfuil tagairt don fhirinscne, glactar leis gur ag tagairt don fhirinscne agus don bhaininscne atáthar.
(2) Iarrfar an toiliú sin ort tráth an chlárúcháin ar líne.
(3) Ní ghlacfar ach dioplómaí a d’eisigh comhlachtaí/ollscoileanna aitheanta in 28 mBallstát an Aontais Eorpaigh. Na hiarrthóirí a bhfuil dioplóma acu a eisíodh i stát nach Ballstát den Aontas é, iarrfar orthu aitheantas oifigiúil ón Aontas ar na dioplómaí sin a chur ar fáil.
(4) Féach Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFR)
(http://europass.cedefop.europa.eu/europass/home/hornav/Downloads/CEF/LanguageSelfAssessmentGrid.csp).
(5) Seiceálfar an fhaisnéis sin, trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid tacaíochta, sula dtiomsófar an painéal (féach Roinn VI agus Roinn VII.1).
(6) Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, tabharfar cuireadh dóibh go léir na trialacha measúnaithe a dhéanamh.
(7) Déanfar dáta do choinne san ionad measúnaithe a chur in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO.
(8) Sa chuireadh na trialacha measúnaithe a dhéanamh, beidh cur síos ar an méarchlár a bheidh ar fáil. Is iad na gnáth-mhéarchláir a úsáidtear san Eoraip a chuirfear ar fáil d’iarrthóirí.
(9) Tá cur síos ar na hinniúlachtaí seo i bpointe 1.2 de na forálacha ginearálta is infheidhme maidir le comórtais oscailte.
(10) Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear ainmneacha na n-iarrthóirí sin ar fad ar an bpainéal.
IARSCRÍBHINN I
RÉIMSE 1. CÚNAMH RIARACHÁIN
1. Dualgais an phoist
Tá na hinstitiúidí ar lorg baill foirne a dhéanfaidh cúraimí cúnaimh riaracháin ina ranna, na ranna teanga san áireamh.
Déanfaidh gníomhairí Cúnaimh Riaracháin cúraimí cúnaimh agus cabhrach le huirlisí ríomhaireachta. Bainfidh na cúraimí sin go háirithe le cúnamh riaracháin theicniúil/oibriúcháin.
Seo samplaí de na cúraimí éagsúla is féidir a bheith le déanamh:
— |
comhaid riaracháin agus teicniúla a láimhseáil agus obair iardain a dhéanamh orthu i gcomhréir leis an gcreat is infheidhme, amhail:
|
— |
comhfhreagras, nótaí, miontuairiscí agus/nó tuarascálacha a dhréachtú, |
— |
doiciméid a bhainistiú agus a chur i gcartlann. Is féidir clárú, ionchódú, sannadh agus dáileadh doiciméad/poist (bíodh siad/sé ag teacht isteach nó ag dul amach) a bheith i gceist leis sin; doiciméid/comhaid a chur i gcartlann agus a rúndacht a chosaint i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur i gcartlann, cosaint sonraí agus rúndachta, |
— |
cúnamh a thabhairt obair na roinne a chomhordú agus a phleanáil. |
Chun na dualgais sin a dhéanamh is gá sáreolas ar uirlisí ríomhaireachta amhail próiseáil focal, scarbhileoga agus bunachair sonraí.
2. Cáilíochtaí
Gráid SC 1 agus SC 2
Oideachas iar-mheánscoile aon bhliana amháin ar a laghad agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh a bhaineann le dualgais an phoist.
nó
Oideachas dara leibhéal agus cáilíocht bainte amach ag a dheireadh a thugann rochtain ar an oideachas iar-mheánscoile, agus taithí oibre trí bliana ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin a bhaineann den chuid is mó le dualgais an phoist.
nó
Oiliúint oibre (coibhéiseach le Leibhéal 4 den Chreat Eorpach um Cháilíochtaí) (1) a mhair bliain amháin ar a laghad agus trí bliana taithí oibre ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin. Ní mór an oiliúint agus an taithí a bheith bainteach, den chuid is mó, le dualgais an phoist.
NB: |
Ní áireofar na trí bliana thuasluaite ar na blianta de thaithí oibre a iarrtar thíos. |
3. Taithí oibre
Grád SC2 amháin
Taithí oibre ceithre bliana ar a laghad a bhaineann, den chuid is mó, le dualgais an phoist.
Ní chuirfear an taithí oibre sin san áireamh mura bhfuarthas í i ndiaidh bhaint amach na céime a lig don iarrthóir cur isteach ar an gcomórtas.
(1) Féach an Creat Eorpach um Cháilíochtaí – http://ec.europa.eu/ploteus/search/site?f%5B0%5D=im_field_entity_type%3A97
IARSCRÍBHINN II
RÉIMSE 2. CÚNAMH AIRGEADAIS
1. Dualgais an phoist
Tá na hinstitiúidí ar lorg baill foirne a dhéanfaidh cúraimí cúnaimh i réimse bhainistíocht an bhuiséid agus an airgeadais.
Is post do ghníomhaire cúnaimh airgeadais an post. Tugann na gníomhairí sin cúnamh riaracháin airgeadais i ranna nó in aonaid na n-institiúidí.
Seo samplaí de na cúraimí éagsúla is féidir a bheith le déanamh:
— |
comhaid cur chun feidhme buiséid a láimhseáil i gcomhréir leis na rialacha airgeadais atá i bhfeidhm (monatóireacht riarthach ar ghlaonna ar thairiscintí, ullmhú conarthaí, monatóireacht ar idirbhearta a bhaineann leo sin etc.), |
— |
leabharchoimeád, |
— |
sonraisc a sheiceáil, |
— |
bailíochtú idirbheart a thaifeadadh agus monatóireacht a dhéanamh orthu (moltaí gealltanais, orduithe íocaíochta, orduithe gnóthúcháin, sonraí i ndáil le conarthaí agus conraitheoirí etc.), |
— |
sceidil sonrasctha agus bhailiúcháin a láimhseáil, |
— |
comhaid airgeadais a láimhseáil, comhfhreagras, comhadú agus cur i gcartlann san áireamh. |
Chun na dualgais sin a dhéanamh is gá sáreolas ar uirlisí ríomhaireachta amhail próiseáil focal, scarbhileoga agus úsáid bogearraí cuntasaíochta.
2. Cáilíochtaí
Gráid SC1 agus SC2
Oideachas iar-mheánscoile aon bhliana amháin ar a laghad agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh a bhaineann le dualgais an phoist.
nó
Oideachas dara leibhéal agus cáilíocht bainte amach ag a dheireadh a thugann rochtain ar an oideachas iar-mheánscoile, agus taithí oibre trí bliana ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin agus a bhaineann, den chuid is mó, le dualgais an phoist.
nó
Oiliúint oibre (coibhéiseach le Leibhéal 4 den Chreat Eorpach um Cháilíochtaí) (1) a mhair aon bhliain amháin ar a laghad agus trí bliana taithí oibre ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin. Ní mór an oiliúint agus an taithí a bheith bainteach, den chuid is mó, le dualgais an phoist.
NB: |
Ní áireofar na trí bliana thuasluaite ar na blianta de thaithí oibre a iarrtar thíos. |
3. Taithí oibre
Grád SC2 amháin
Taithí oibre ceithre bliana ar a laghad a bhaineann, den chuid is mó, le dualgais an phoist.
Ní chuirfear an taithí oibre sin san áireamh mura bhfuarthas í i ndiaidh bhaint amach na céime a lig don iarrthóir cur isteach ar an gcomórtas.
(1) Féach an Creat Eorpach um Cháilíochtaí – http://ec.europa.eu/ploteus/search/site?f%5B0%5D=im_field_entity_type%3A97
IARSCRÍBHINN III
RÉIMSE 3. CÚNAMH RÚNAÍOCHTA
1. Dualgais an phoist
Tá na hinstitiúidí ar lorg baill foirne a dhéanfaidh cúraimí rúnaíochta ina ranna, na ranna teanga san áireamh.
Cé gur minic a bhíonn na cúraimí sin ar lucht bainistíochta riaracháin/oifige, is féidir go mbeidh siad éagsúil le chéile de réir an phoist. De ghnáth, tugann rúnaí cúnamh do dhuine amháin nó do roinnt daoine in aonad nó roinn institiúide.
Seo samplaí de na cúraimí éagsúla is féidir a bheith le déanamh:
— |
gníomhaíochtaí riaracháin agus cúnaimh na roinne a eagrú (cruinnithe, taisteal oifigiúil etc.), |
— |
doiciméid agus iarratais ar ghníomhú a láimhseáil/a bhainistiú/a chur i gcartlann (doiciméid, tuarascálacha agus comhfhreagras a ghlacadh, a phróiseáil agus a chur sa chartlann agus obair iardain a dhéanamh orthu), |
— |
doiciméid a ullmhú, a phróiseáil, a thabhairt chun críche agus a sheiceáil (cur in eagar/dréachtú, leagan amach leathanach, formáidiú, táblaí) le ríomhchláir shainiúla, |
— |
faisnéis a lorg, a thiomsú agus a scaipeadh (bunachair shonraí agus comhaid a thabhairt cothrom le dáta), |
— |
cúrsaí riaracháin agus teicniúla a láimhseáil agus obair iardain a dhéanamh orthu don roinn/aonad, |
— |
dialann an aonaid/na roinne a choimeád agus a choinneáil cothrom le dáta, glaonna a ghlacadh, teachtaireachtaí a ghlacadh. |
Chun na dualgais sin a dhéanamh is gá sáreolas ar uirlisí ríomhaireachta amhail próiseáil focal, scarbhileoga agus bunachair sonraí.
2. Cáilíochtaí
Gráid SC1 agus SC2
Oideachas iar-mheánscoile aon bhliana amháin ar a laghad ar baineadh dioplóma amach ag a dheireadh i réimse na rúnaíochta
nó
Oideachas dara leibhéal agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh a thugann rochtain ar an oideachas iar-mheánscoile, agus taithí oibre trí bliana ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin a bhaineann den chuid is mó le dualgais an phoist
nó
Oiliúint oibre (coibhéiseach le Leibhéal 4 den Chreat Eorpach um Cháilíochtaí) (1) a mhair bliain amháin ar a laghad agus trí bliana taithí oibre ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin. Ní mór an oiliúint agus an taithí a bheith bainteach, den chuid is mó, le dualgais an phoist.
NB: |
Ní áireofar na trí bliana thuasluaite ar na blianta de thaithí oibre a iarrtar thíos. |
3. Taithí oibre
Grád SC2 amháin
Taithí oibre ceithre bliana ar a laghad a bhaineann den chuid is mó le dualgais an phoist.
Ní chuirfear an taithí oibre sin san áireamh mura bhfuarthas í i ndiaidh bhaint amach na cáilíochta a lig don iarrthóir cur isteach ar an gcomórtas.
(1) Féach an Creat Eorpach um Cháilíochtaí - http://ec.europa.eu/ploteus/search/site?f%5B0%5D=im_field_entity_type%3A97