EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2014/412A/01

Fógra folúntais don phost de chomhalta boird achomhairc

OJ C 412A, 19.11.2014, p. 1–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

19.11.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA FOLÚNTAIS DON PHOST DE CHOMHALTA BOIRD ACHOMHAIRC

Tá an Oifig um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí), “an Oifig”, ag lorg iarrthóirí chun post nó poist i gcomhair Comhalta Boird Achomhairc a líonadh.

Teideal poist

COMHALTA BOIRD ACHOMHAIRC

Feidhmghrúpa/grád

AD 11

Cineál conartha

Gníomhaire Sealadach

Tagairt

VEXT/14/957/AD 11/BOA_Member

Spriocdháta le haghaidh iarratas

An 17 Nollaig 2014 24:00 Am Alicante (CET)

Áit fostaíochta

Alicante, AN SPÁINN

Dáta beartaithe maidir le tosú i mbun dualgas

Le linn 2015/2016

1.   CÚLRA

Bunaíodh an Oifig faoi Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis an trádmharc Comhphobail (CTMR) (1). Tá an Oifig lonnaithe in Alicante na Spáinne.

Is Gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh í an Oifig, a bhfuil pearsantacht dhlítheanach agus spleáchas airgeadais agus spleáchas riaracháin aici, agus is í atá freagrach as córais trádmharcanna agus dearaí an Chomhphobail a riar. Bíonn éifeacht ar fud an Aontais Eorpaigh ag trádmharcanna agus dearaí an Chomhphobail arna gclárú ag an Oifig. Oibríonn an Oifig i ndlúth-chomhpháirtíocht freisin le hoifigí náisiúnta Maoine Intleachtúla i mBallstáit AE, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus leis an gCoimisiún Eorpach ar réimse leathan saincheisteanna a mbíonn tionchar acu ar úinéirí agus úsáideoirí na gceart maoine intleachtúla, lena n-áirítear an troid i gcoinne an ghóchumtha agus cuidiú leis an bhforfheidhmiú a fhágáil níos éifeachtaí.

Ó bunaíodh an Oifig i 1996, fuarthas breis agus 1 3 00  000 iarratas ar thrádmharc de chuid an Chomhphobail a raibh clárú ina thoradh orthu. Feidhmíonn an Oifig taobh le taobh le hoifigí náisiúnta Maoine Inteachtúla. Rinneadh 1 14  479 iarratas ar thrádmharc de chuid an Chomhphobail agus 23  193 iarratas ar dhearadh de chuid an Chomhphobail (86  840 dearadh) a chomhdú le linn 2013. Tá buiséad timpeall is EUR 420 milliún ag an Oifig do 2014, agus tá timpeall is 780 post inti.

Cé go bhfuil siad comhtháite i gcórais riaracháin agus bhainistíochta na hOifige, bunaíodh na Boird Achomhairc faoin Rialachán mar aonad bainistíochta ar leith laistigh den Oifig chun athbhreithniú neamhspleách ar chinntí na hOifige a sholáthar, agus féadfar achomhairc bhreise a dhéanamh chuig na Cúirteanna Eorpacha i Lucsamburg.

Tá na Boird Achomhairc comhdhéanta faoi láthair d’Uachtarán amháin, triúr cathaoirleach agus ceathrar comhalta dhéag a fhaigheann cuidiú ó bhaill foirne dlí agus riaracháin. Tá thart ar 80 duine ag obair sna Boird Achomhairc, lena n-áirítear an Chlárlann agus na seirbhísí Tacaíochta Eolais agus Faisnéise.

In 2013, rinneadh 2  602 achomharc a chomhdú agus eisíodh 2  568 cinneadh. Glacann Uachtarán na mBord Achomhairc freagracht fhoriomlán as an sruth oibre agus as cúrsaí bainistíochta.

Is iad Béarla, Gearmáinis, Spáinnis, Fraincis agus Iodáilis teangacha na hOifige. Bhí Béarla mar theanga na n-imeachtaí i dtimpeall is 63 % de na cásanna go léir, agus ina dhiaidh sin Gearmáinis (22 %), Spáinnis (6 %), Fraincis (4 %), Iodáilis (2 %) agus teangacha eile (3 %).

2.   DUALGAIS

Beifear ag súil go ndéanfaidh an t-iarrthóir nó na hiarrthóirí a n-éireoidh leis, léi, nó leo na feidhmeanna seo a leanas:

 

Athbhreithniú a dhéanamh ar chásanna agus cinntí a ullmhú ar achomhairc i gcoinne chinntí céadchéime na hOifige (imscrúdú trádmhairc nó dearaidh, cur i gcoinne, cur ar ceal agus neamhbhailíocht dearaí). Bíonn cinntí na mBord Achomhairc á nglacadh ag Boird atá comhdhéanta de chathaoirleach agus beirt chomhalta, a bhfuil cáilíocht dlí ag beirt acu ar a laghad. I gcásanna sainiúla ar leith, is é an Bord méadaithe faoi Chathaoirleacht Uachtarán na mBord Achomhairc a ghlacann na cinntí, nó glacann comhalta aonair a bhfuil cáilíocht dlí aige/aici iad.

Bítear ag súil go n-ullmhóidh gach comhalta timpeall is 130 dréachtchinneadh in aghaidh na bliana, agus go mbeidh sé nó sí páirteach i gcáil an tríú comhalta sa chinnteoireacht maidir le timpeall is 250 cás eile.

D'fhonn a chuid nó a cuid dualgas a chomhlíonadh, faigheann comhalta tacaíocht ó chúntóir dlí amháin agus ó bhall foirne riaracháin amháin.

De réir riachtanais seirbhíse, d’fhéadfaí comhaltaí a cheapadh ar Bhord Achomhairc amháin nó ar roinnt Bord Achomhairc.

3.   CÁILÍOCHTAÍ AGUS TAITHÍ ATÁ DE DHÍTH

Chun a bheith inghlactha le haghaidh an nós imeachta roghnúcháin seo, ní mór d’iarrthóirí gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh faoin spriocdháta maidir le hiarratais a chur isteach:

Coinníollacha ginearálta

A bheith ina náisiúnach de Bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh;

Gan a bheith ciontaithe agus gan cinneadh ciontach a bheith glactha ina leith i ndáil le cion coiriúil;

Comhlíonadh a bheidh déanta ar aon oibleagáidí arna gcur i bhfeidhm ag na dlíthe maidir le seirbhís mhíleata;

A bheith corpacmhainneach chun na dualgais a chomhlíonadh;

A bheith in ann sainordú iomlán 5 bliana a chomhlíonadh roimh aois scoir a shlánú, i.e. deireadh na míosa ina slánóidh an duine 66 bliana d'aois.

Oideachas

Leibhéal oideachais a bheith orthu a chomhfhreagraíonn do staidéir ollscoile curtha i gcrích agus dearbhaithe ag dioplóma nuair is tréimhse ceithre bliana ollscolaíochta nó níos mó atá i gceist;

Leibhéal oideachais a bheith orthu a chomhfhreagraíonn do staidéir ollscoile curtha i gcrích agus dearbhaithe ag dioplóma, agus taithí ghairmiúil bliana ar a laghad a bheith acu, nuair is gnáth-thréimhse oideachais ollscoile trí bliana nó níos mó atá i gceist.

Taithí ghairmiúil

Faoin spriocdháta maidir le hiarratais a chur isteach, íosmhéid de 15 bliana (16 bliana i gcás céim ollscoile trí bliana) de thaithí ghairmiúil a bheith acu de chineál agus ar leibhéal na ndualgas atá le comhlíonadh, agus a fuarthas tar éis dháta na céime ábhartha. Ní mór ar a laghad ocht mbliana as na 15 bliana sin a bheith caite sa réimse maoine intleachtúla, agus, go háirithe, i réimse na dtrádmharcanna agus/nó na ndearaí.

Scileanna teanga

Ceann amháin de theangacha an Aontais Eorpaigh a bheith ar a dtoil acu;

Eolas sásúil ar theanga eile de chuid an Aontais Eorpaigh a mhéad is gá chun na dualgais a chomhlíonadh.

Ní mór gur ceann de chúig theanga na hOifige a bheidh i gceist le ceann de na teangacha sin. Is iad sin Béarla (EN), Gearmáinis (DE), Spáinnis (ES), Fraincis (FR) agus Iodáilis (IT).

4.   BUNTÁISTÍ

Chun na hiarrthóirí is fearr atá cáilithe a roghnú le haghaidh agallaimh, measfar na critéir seo a leanas a bheith ina mbuntáistí:

Céim ollscoile nó iarchéim sa dlí;

Taithí ghairmiúil maidir le gníomhaíochtaí dlínse nó gníomhaíochtaí coibhéiseacha;

A bheith in ann oibriú i dtimpeallacht ilteangach;

Taithí ghairmiúil ar bheith ag obair i dteanga nach máthairtheanga an iarrthóra í;

An Béarla a bheith ar a dtoil acu;

Aon cheann eile de theangacha na hOifige (EN, DE, ES, FR, IT) a bheith ar a dtoil acu seachas na teangacha a luaitear faoi phointe 3.

5.   COINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA

Ceapfaidh Bord Riaracháin na hOifige an t-iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi ar feadh téarma 5 bliana. Féadfar an téarma oifige sin a athnuachan ar feadh tréimhsí breise cúig bliana nó go dtí aois scoir má shlánaítear an aois sin le linn an téarma nua oifige.

Déanfar conradh mar bhall den fhoireann shealadach de bhun Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh i gcatagóir AD, grád 11 a thairgeadh don iarrthóir nó do na hiarrthóirí a cheapfar.

Is é EUR 9  197,87 an buntuarastal míosúil a chomhfhreagraíonn do chéad chéim an ghráid sin faoi láthair. Soláthraítear costais aistrithe, liúntas teaghlaigh, liúntas taistil agus liúntas suiteála, ag brath ar an gcás pearsanta, mar aon le hárachas timpiste agus sláinte agus scéim phinsin. Tá an pá faoi réir cáin Eorpach agus dá bhrí sin níl aon cháin náisiúnta dlite ina leith. Cuirtear i bhfeidhm asbhaintí eile mar atá leagtha síos i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach. Is féidir le leanaí spleácha freastal ar an Scoil Eorpach in Alicante, saor in aisce.

D’fhéadfadh Bord Riaracháin na hOifige, ar mholadh ó Uachtarán na mBord Achomhairc, aon chomhalta Boird Achomhairc a ndéanfar é nó í a cheapadh de bharr an nós imeachta roghnúcháin seo agus a bheidh a théarma nó a téarma oifige á athnuachan go ceann tréimhse bhreise 5 bliana i gcomhréir le hAirteagal 136(1) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, a athaicmiú i bhfeidhmghrúpa AD, grád 12, i bhfianaise na taithí a bhí aige nó aici roimhe seo mar chomhalta Boird Achomhairc.

Aon chomhalta de chuid na mBord Achomhairc arna cheapadh de bharr an nós imeachta roghnúcháin seo:

ar cheap an Chomhairle é nó í roimhe seo mar chomhalta de chuid na mBord Achomhairc de bhua an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 136(2) de Rialachán Uimh. 207/2009, roimh an leasú ar foráladh dó i Rialachán (CE) Uimh. 422/2004 (2),

ar bunaíodh a chonradh nó a conradh tosaigh faoi iar-Choinníollacha fostaíochta sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach (“CEOS”), agus

a dhéantar a théarma nó a téarma oifige a athnuachan de bharr an nós imeachta roghnóireachta seo, agus

a bhfuil a ghrád nó a grád tráth na hathnuachana níos airde ná an grád AD12,

féadfaidh Bord Riaracháin na hOifige, bunaithe ar mholadh ó Uachtarán na mBord Achomhairc, an té sin a athaicmiú i ngrád (suas go dtí grád AD13) agus i gcéim sa chaoi is, i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha síos sa CEOS atá i bhfeidhm, go mbeidh buntuarastal an té sin ar an leibhéal is gaire is féidir (trí bharrachas nó trí easnamh) don bhuntuarastal (3) a fuair sé/sí ag deireadh an téarma oifige a bhí aige nó aici díreach roimhe sin.

Cuirfear deireadh leis an bhfostaíocht ag deireadh an téarma nó ar iarratas ón iarrthóir a cheapfar, ar réamhfhógra trí mhí, gan dochar d’fhorálacha ábhartha na gCoinníollacha Fostaíochta thuasluaite.

De bhun Airteagal 136 CTMR, beidh comhaltaí na mBord neamhspleách. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon treoracha ina gcinntí. Déanfaidh na comhaltaí a seandícheall a gcuid dualgas a chomhlíonadh, agus ní bheidh siad faoi threoir ag leas pearsanta nó leas náisiúnta, nó ag tionchar de chineál ar bith ón taobh amuigh. Ní chuirfear as oifig iad seachas sa chás ina mbeidh údar tromchúiseach le haghaidh déanamh amhlaidh agus sa chás ina ndéanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 136 CTMR, an cinneadh é sin a dhéanamh.

6.   CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

Féadfar iarratais a chur isteach, ar an ríomhphost de rogha, chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas:

ABBCIF@oami.europa.eu,

ag baint úsáide as an bhfoirm iarratais atá ar fáil ar láithreán gréasáin na hOifige:

https://oami.europa.eu/ohimportal/en/vacancies

Ba chóir iarratais a chuirfear trí theachtaire a sheoladh chuig:

Cathaoirleach an Bhoird Riaracháin

An Oifig um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach

(Trádmharcanna agus Dearaí)

Avenida de Europa, 4

03008 Alicante

AN SPÁINN

Ní mór iarratais a bheith istigh roimh mheán oíche ar an 17 Nollaig 2014

Tabhair do d’aire, go háirithe, le do thoil, gur gá gach cuid den fhoirm a chomhlánú ina hiomláine. Ní ghlacfar san áireamh foirm iarratais neamhiomlán (mar shampla, foirm ina bhfuil nótaí amhail “féach an CV nó an litir inspreagtha atá ceangailte”).

Na hiarrthóirí sin a dtabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh (féach an nós imeacht roghnúcháin thíos), beidh orthu, tráth an agallaimh, na doiciméid ábhartha tacaíochta a bheith soláthraithe acu ina dtacaítear leis na bunriachtanais atá leagtha amach, agus leis na cáilíochtaí agus an taithí eile atá éilithe acu san iarratas uathu:

Cóip de dhoiciméad aitheantais (amhail pas nó cárta aitheantais);

Cóipeanna de dhioplómaí;

Cóipeanna de theastais a bhaineann leis an taithí ghairmiúil a luadh ag pointe 3.

Ní ghlacfar le doiciméid eile, go háirithe curricula vitae. Tabhair do d’aire go ndéanfar neamhaird de cháilíocht nó de thaithí ghairmiúil ar bith nach féidir a thacú le fianaise dhoiciméadach, amhail cóipeanna de dhioplómaí nó de theastais fostaíochta, agus go bhféadfaí an t-iarratas a dhiúltú mar gheall air sin.

7.   NÓS IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN

Déanfar an nós imeacht roghnúchán faoi réir rialú Bhord Riaracháin na hOifige. Déanfaidh Coiste Réamhroghnúcháin, arna cheapadh ag an mBord Riaracháin, réamh-mheasúnú ar na hiarratais agus cuirfidh sé na hiarrthóirí is fearr cáilithe faoi agallamh. Nuair a bheidh an nós imeachta roghnóireachta curtha i gcrích, cuirfear na hiarrthóirí ar éirigh leo ar liosta ionadaithe. Cé nach ráthaítear go dtairgfear post do gach duine ar an liosta ionadaithe, tugann an liosta an deis don Oifig iarrthóir nó iarrthóirí a cheapadh ón liosta mar chomhalta nó mar chomhaltaí de Bhord Achomhairc, ag brath ar na poist a bheidh ar fáil. Beidh an liosta ionadaithe bailí go dtí an 31 Nollaig 2016.

Beidh na hagallaimh ar bun in Alicante. Gheobhaidh na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh an t-eolas i dtráth cuí maidir le dáta agus am cruinn an agallaimh. Déanfar na hagallaimh i dteanga amháin de chuid na hOifige (EN, DE, ES, FR, IT) seachas máthairtheanga an iarrthóra mar a bhí léirithe ar an bhfoirm iarratais.

8.   COMHDHEISEANNA

Cuireann an Oifig beartas comhdheiseanna i bhfeidhm agus glacann sí le hiarratais gan aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail inscne, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairimí eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó claonadh gnéasach.

9.   COSAINT SONRAÍ PEARSANTA

Ina cáil mar an comhlacht atá ag eagrú an roghnúcháin, áirithíonn an Oifig go ndéantar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí a phróiseáil mar a éilítear de réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (4). Tá feidhm shonrach aige sin maidir le rúndacht agus slándáil na sonraí sin.

10.   ACHOMHARC

Má cheapann iarrthóir go raibh tionchar dochrach ag cinneadh ar leith air/uirthi, féadfaidh sé/sí gearán riaracháin a thaisceadh faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh, atá ar fáil ag an seoladh seo a leanas:

An Oifig um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach

An Roinn Acmhainní

Avenida de Europa, 4

03008 Alicante

AN SPÁINN

Ina theannta sin, is féidir le hiarrthóir achomharc breithiúnach a chur isteach faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne chuig:

An Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh

Boulevard Konrad Adenauer

2925 Lucsamburg

LUCSAMBURG

Le haghaidh sonraí maidir le conas achomharc a chur isteach, féach le do thoil ar láithreán gréasáin an Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh: http://curia.europa.eu/jcms/jcms/T5_5230//

11.   TUILLEADH FAISNÉISE

Féadfar tuilleadh faisnéise a fháil ó:

Susana PEREZ FERRERAS, Uasal

Stiúrthóir na Roinne Acmhainní Daonna

An Oifig um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí)

Oifig AE04-P4-069

Avenida de Europa 4

03008 Alicante

AN SPÁINN

ríomhphost: Susana.PEREZ@oami.europa.eu

Má bhíonn neamhréitigh idir na leaganacha sna teangacha éagsúla, glacfar an leagan Béarla mar an leagan ceart.


(1)  IO L 78, 24.3.2009, Lch 1.

(2)  IO L 70, 9.3.2004, Lch 1.

(3)  Arna ríomh tar éis fheidhmiú deiridh an fhachtóra iolrúcháin.

(4)  IO L 8, 12.1.2001, lch 1.


Top