EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2014/334A/01

Fógra comórtais oscailte — EPSO/AST-SC/02/14 — Gníomhairí Slándála Inmheánaí (SC 1)

OJ C 334A, 25.9.2014, p. 1–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

25.9.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

EPSO/AST-SC/02/14

GNÍOMHAIRÍ SLÁNDÁLA INMHEÁNAÍ (SC 1)

 

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha arb é is aidhm leis painéal a thiomsú chun poist fholmha d’oifigigh den ghrád “AST-SC” a bheidh ag obair mar gníomhairí slándála inmheánaí (1) a líonadh i gComhairle an Aontais Eorpaigh.

Sula gcuirfidh tú iarratas isteach, ní mór duit na Rialacha Ginearálta maidir le comórtais oscailte a foilsíodh in Iris Oifigiúil C 60 A an 1 Márta 2014 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go grinn.

Is cuid dhílis den fhógra comórtais na rialacha sin agus cuideoidh siad leat rialacha na nósanna imeachta agus na bealaí ar a gcuirtear iarratas isteach a thuiscint.

CLÁR

I.

CÚLRA

II.

DUALGAIS

III.

INCHÁILITHEACHT

IV.

TRIALACHA IONTRÁLA

V.

CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ

VI.

COMÓRTAS OSCAILTE

VII.

DEARBHUITHE NA nIARRTHÓIRÍ A SHEICEÁIL

VIII.

PAINÉAL

I.   CÚLRA

1

An líon iarrthóirí a n-éireoidh leo

28

2

Conas iarratas a chur isteach

Ní mór duit clárú ar líne sa tslí atá léirithe ar shuíomh gréasáin EPSO, agus sa leabhar maidir le clárúchán go háirithe.

Spriocam (an bailíochtú san áireamh): 28 Deireadh Fómhair 2014 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile

II.   DUALGAIS

Faoi chúram an riarthóra nó an chúntóra stiúrthaigh agus ar bhonn treoracha ginearálta, déanfaidh an t-oifigeach cúraimí bainistíochta, cur i bhfeidhm agus rialaithe. A leithéidí seo:

aitheantas daoine a sheiceáil agus rochtain a rialú ag bealaí isteach foirgneamh agus seomraí cruinnithe, agus cuid foirgneamh agus saoráidí na hinstitiúide a fhaire;

dul i mbun gnímh aon uair atá slándáil daoine nó maoine i mbaol agus tuarascáil slándála a ullmhú maidir le gach teagmhas a thiteann amach;

cuidiú le baill foirne agus le toscaireachtaí/cuairteoirí i gcásanna éigeandála (dóiteán, garchabhair, aslonnú);

féachaint chuig cosaint daoine, maoine agus faisnéise rúnda atá i seilbh na hinstitiúide;

féachaint chuig cúrsaí sábháilteachta agus rialaithe i limistéir shlándála le linn cruinnithe den Aontas Eorpach;

sealobair a dhéanamh, i bhfoireann oibrithe, sa lárionad comhordúcháin (mar bhfuil an córas CCTV agus óna ndéantar rialú rochtana), ceithre huaire an chloig fichead seacht lá na seachtaine, agus monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú saoráidí teicniúla agus slándála na hinstitiúide;

treoracha slándála a chur i bhfeidhm;

cumarsáid a éascú idir na seirbhísí seachtracha (prótacal, cuairteanna, etc.) agus na seirbhísí inmheánacha ó thaobh cúrsaí slándála (e.g. slándáil inmheánach, teicnící slándála agus bainistiú rioscaí);

faoi údarás an bhaill foirne shinsearaigh, gach beart is gá a dhéanamh chun go mbeidh an tseirbhís a chuirtear ar fáil leanúnach, gairmiúil, cuirtéiseach agus cruthaitheach agus chun sástachta na hinstitiúide, agus chomh maith leis sin, cúnamh a thabhairt aon teagmhas a thiteann amach a láimhseáil;

nuair a thiteann amach teagmhais amhail gadaíocht, cailliúint giuirléidí, ionsaithe, damáiste nó díobháil d’aon saghas.

D’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar oifigigh obair a dhéanamh sa lá nó san oíche, an deireadh seachtaine agus laethanta saoire poiblí.

D’fhéadfadh sé gur ghá airm a iompar agus a láimhseáil chun dualgais an phoist a dhéanamh.

Trí iarratas a chur isteach, toilíonn iarrthóirí dul faoi thrialacha roghnúcháin breise chun a n-inniúlachtaí teicniúla a chruthú agus dul faoi scagadh agus nósanna imeachta slándála na tíre óstaí chun ceadúnas iompartha airm a fháil. Ní féidir cúraimí cosanta a dhéanamh ar chríoch na Beilge agus i saoráidí Ardrúnaíocht na Comhairle ina éagmais sin.

Iarrfar údarú maidir le sonraí rúnaicmithe a rochtain mar chuid den phróiseas earcaíochta (féach Iarscríbhinn I.III, IO L 274 an 15.10.2013: http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=OJ:L:2013:274:TOC).

III.   INCHÁILITHEACHT

Ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chlárú ar líne, ní mór duit na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:

1.

Coinníollacha ginearálta

(a)

Bheith i do shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach.

(b)

Do chearta mar shaoránach a theachtadh.

(c)

Aon oibleagáid dlí atá ort i dtaca le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta agat.

(d)

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun na dualgais i gceist a dhéanamh.

2.

Coinníollacha sonracha

2.1

Cáilíochtaí agus taithí oibre

Oideachas dara leibhéal agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh a thugann rochtain ar an oideachas tríú leibhéal, agus taithí oibre trí bliana ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin agus a bhaineann le dualgais an phoist.

Taithí oibre deich mbliana ar a laghad, ar bhain na cúig bliana di, ar a laghad, le dualgais an phoist.

2.2

Eolas ar theangacha  (2)

Teanga 1

Príomhtheanga (an t-íosleibhéal a theastaíonn: C1)

Sáreolas ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh

Teanga 2

Dara teanga, nach ionann í agus teanga 1 (an t-íosleibhéal a theastaíonn: B2)

Eolas sásúil ar an mBéarla, ar an bhFraincis nó ar an nGearmáinis.

Le post a fháil i seirbhísí slándála Chomhairle an Aontais Eorpaigh, teastaíonn tuiscint mhaith ar an bhFraincis nó ar an mBéarla (a labhairt agus a scríobh), rud is gá chun an obair i gceist a dhéanamh agus chun déileáil le páirtithe seachtracha.

I bhfianaise an bhreithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór-Dhlísheomra) i gCás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, is mian le hinstitiúidí an Aontais a shonrú cé na fáthanna a bhfuil rogha an dara teanga teoranta acu sa chomórtas seo do líon srianta de theangacha oifigiúla an AE.

Dá bhrí sin, cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh dara teangacha an chomórtais seo de réir leas na seirbhísí, leas a éilíonn go mbeidh na hearcaigh nua in ann dul i mbun oibre láithreach agus go mbeidh sé ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn na hoibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór ar obair na n-institiúidí.

Ar bhonn an chleachtais sheanbhunaithe atá ag institiúidí an Aontais maidir leis na teangacha cumarsáide inmheánaí, agus riachtanais na seirbhísí maidir le cumarsáid sheachtrach agus próiseáil comhad á gcur san áireamh, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na teangacha is mó a úsáidtear. Ar a bharr sin, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na dara teangacha is leitheadaí san Aontas Eorpach agus is iad is mó a ndéantar staidéar orthu mar dhara teangacha. Ós amhlaidh atá, is féidir a bheith ag súil le leibhéal oideachais agus inniúlachtaí gairme iarrthóirí ar na poist in institiúidí an Aontais, mar atá, sáreolas ar cheann de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá ábhar maith ann trialacha a eagrú sna trí theanga sin chun a chinntiú go mbeidh máistreacht ag na hiarrthóirí uile, is cuma cén phríomhtheanga atá acu, ar cheann de na trí theanga oifigiúla sin mar theanga oibre. Mar sin, ligeann an measúnú ar na hinniúlachtaí sonracha d’institiúidí an Aontais a mheas a ábalta is atá na hiarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair.

Ar na cúiseanna céanna, moltar an teanga chumarsáide idir na hiarrthóirí agus an institiúid a theorannú, an teanga ina scríobhtar na hiarratais san áireamh. Cinnteoidh sin, leis, go mbeidh an chomparáid idir na hiarrthóirí agus an tseiceáil a dhéanfar orthu ar bhonn a n-iarratais, go mbeidh siad ar aon dul le chéile.

Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann de na trí theanga sin ina príomhtheanga oifigiúil aige, trialacha áirithe a dhéanamh sa dara teanga aige, agus beidh an dara teanga le roghnú as na trí theanga sin.

Tá na bearta seo gan dochar d’fhoghlaim tríú teanga ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 45 (2) de na Rialacháin Foirne.

IV.   TRIALACHA IONTRÁLA

Ní eagróidh EPSO na trialacha iontrála ar ríomhaire ach amháin má bhíonn an líon daoine a chláróidh don chomórtas os cionn tairsí áirithe. Is é stiúrthóir EPSO, ina cháil mar údarás a bhfuil cumhacht ainmniúcháin aige, a shocróidh an tairseach sin, i ndiaidh deireadh a theacht le clárú na n-iarrthóirí. Cuirfear an tairseach in iúl duit trí do chuntas EPSO.

Is é an bord roghnúcháin a chinnfidh leibhéal deacrachta na dtrialacha iontrála (féach na táblaí thíos) agus a fhaomhfaidh an t-ábhar a bheidh iontu i bhfianaise moltaí ó EPSO.

Mura mbíonn trialacha iontrála ann, beidh na trialacha inniúlachtaí ar siúl san ionad measúnaithe (féach Roinn VI.2).

1.

Cuireadh

Tabharfar cuireadh duit na trialacha a dhéanamh má bhailíochtaigh tú d’iarratas in am (féach Roinn I.2).

Tabhair do d’aire:

1.

Is ionann d’iarratas a bhailíochtú agus a dhearbhú go gcomhlíonann tú coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III.

2.

Chun na trialacha a dhéanamh, ní mór duit dáta a chur in áirithe; tá sé sár-riachtanach sin a dhéanamh roimh an spriocam a chuirfear in iúl duit trí do chuntas EPSO.

2.

Cineál agus marcáil na dtrialacha

Sraith de thrialacha bunaithe ar cheisteanna ilroghnacha chun measúnú a dhéanamh ar do chuid inniúlachtaí réasúnaíochta:

Triail (a)

réasúnaíocht bhriathartha

marcálfar an triail seo as 20 pointe

an pasmharc: 10 bpointe

Triail (b)

réasúnaíocht uimhriúil

marcálfar an triail seo as 10 bpointe

Triail (c)

réasúnaíocht theibí

marcálfar an triail seo as 10 bpointe

 

10 bpointe an pasmharc d’iomlán thrialacha (b) agus (c)

3.

Teanga na dtrialacha

Teanga 1

V.   CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ

1.   Nós imeachta

An scrúdú ar na coinníollacha ginearálta agus sonracha agus an roghnú ar bhonn cáilíochtaí, déanfar iad ar bhonn na ndearbhuithe a rinne tú i d’iarratas.

(a)

Scrúdófar do chuid freagraí i leith na gcoinníollacha ginearálta agus sonracha féachaint an bhfuil tú ar na daoine a gcomhlíonann coinníollacha iontrálacha uile an chomórtais.

(b)

Ansin, déanfaidh an bord roghnúcháin, i gcás na n-iarrthóirí a chomhlíonann coinníollacha incháilitheachta an chomórtais, roghnú ar bhonn cáilíochtaí chun na hiarrthóirí a aithint a bhfuil an taithí oibre is ábhartha acu i dtaca leis na dualgais agus na critéir roghnúcháin atá leagtha síos san fhógra comórtais seo. Is ar bhonn na ndearbhuithe a rinne tú sa chluaisín “scagthóir buanna” (DE: Talentfilter, EN: talent screener, FR: évaluateur de talent), agus ar an mbonn sin amháin, a dhéanfar an roghnú sin, de réir na scéime marcála seo thíos:

tabharfar ualú ó 1 go dtí 3 do gach critéar roghnúcháin (féach pointe 2 thíos), de réir na tábhachta a mheasann an bord roghnúcháin a bheith leis;

scrúdóidh an bord roghnúcháin freagraí na n-iarrthóirí agus tabharfaidh sé marc ó 0 go dtí 4 do gach freagra, de réir cháilíochtaí an iarrthóra. Déanfar na marcanna sin, arna n-iolrú faoi ualú gach ceiste, a shuimiú chun marc foriomlán a fháil.

I gcás ina n-eagrófar trialacha iontrála roimh ré féach Roinn IV), déanfar na coinníollacha ginearálta agus sonracha a scrúdú, in ord íslitheach na bpointí a gnóthaíodh sna trialacha iontrála, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí a shocraigh an t-údarás a bhfuil cumhacht ainmniúcháin aige  (3) , ar iarrthóirí iad:

a ghnóthaigh na pasmharcanna agus na marcanna is fearr sna trialacha iontrála agus

a chomhlíonann coinníollacha iontrála an chomórtais

Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear na hiarrthóirí sin ar fad san áireamh nuair a bheidh an roghnú ar bhonn cáilíochtaí á dhéanamh (féach (a) agus (b) thuas). Ní scrúdófar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a bheidh faoi bhun na tairsí sin.

Ansin, tiomsóidh an bord roghnúcháin liosta de na hiarrthóirí in ord na marcanna foriomlána. An líon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe dóibh (4), beidh sé comhionann le trí oiread ar a laghad an líon iarrthóirí a n-éireoidh leo (féach Roinn 1). Foilseofar an líon sin ar shuíomh gréasáin EPSO (http://blogs.ec.europa.eu/eu-careers.info/).

2.   Critéir roghnúcháin

Sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:

1.

Taithí oibre i seirbhís slándála náisiúnta, idirnáisiúnta nó príobháideach.

2.

Taithí oibre i lárionad comhordúcháin, go háirithe taithí ar dhea-fheidhmiú saoráidí teicniúla.

3.

Taithí oibre ar láimhseáil arm tine.

4.

Oiliúint ghairmiúil san fhéinchosaint.

5.

Teastas garchabhrach.

6.

Taithí oibre ar chomhordú seirbhísí seachtracha (prótacal, cuairteanna, etc.) agus seirbhísí inmheánacha ó thaobh cúrsaí slándála.

7.

Taithí oibre ar láimhseáil teagmhas.

8.

Taithí ar bheith ag obair de réir amchláir sholúbtha (i.e. seirbhís gan bhriseadh 24/7).

9.

Taithí oibre ar a bheith i bhfoireann ilchultúrtha i réimse na slándála.

10.

Taithí oibre ar fheidhmchláir ríomhaireachta oifige a úsáid.

VI.   COMÓRTAS OSCAILTE

1.

Cuireadh

Má bhíonn tú ar na hiarrthóirí (5)

a chomhlíonann, de réir na ndearbhuithe a rinneadh sa chlárú ar líne, coinníollacha iontrála ginearálta agus sonracha Roinn III

agus

a ghnóthaigh ceann de na marcanna is fearr sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí,

tabharfar cuireadh duit na trialacha measúnaithe a dhéanamh, rud is gnách a bheith ar siúl sa Bhruiséil (6) ar feadh lá nó dhó.

Má bhíonn tú ar dhuine de na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh chun an ionaid mheasúnaithe, beidh ort an comhad iomlán a bhaineann le d’iarratas a thabhairt leat (7) (an fhoirm iarratais ar líne agus í sínithe, na doiciméid tacaíochta san áireamh chun an ionaid mheasúnaithe.

Sonraí praiticiúla: féach pointe 2.1.7 de na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte.

2.

Trialacha inniúlachtaí

Déanfar trí chineál measúnaithe ort agus is é an bord roghnúcháin a dhéanfaidh a mbeidh iontu a fhaomhadh:

measúnú ar do chuid inniúlachtaí réasúnaíochta (mura mbeidh measúnú déanta orthu cheana sna trialacha iontrála a eagraíodh roimh ré), leis na trialacha seo a leanas:

(a)

scrúdú réasúnaíochta briathartha

(b)

scrúdú réasúnaíochta uimhriúla

(c)

scrúdú réasúnaíochta teibí

measúnú ar do chuid inniúlachtaí sonracha , leis na trialacha seo a leanas:

(d)

agallamh struchtúrtha ar inniúlachtaí an réimse i gceist, ar bhonn an eolais a tugadh san iarratas sa chluaisín “scagthóir buanna”

measúnú ar d’inniúlachtaí ginearálta  (8) leis na trialacha seo a leanas:

(e)

agallamh struchtúrtha

(f)

breithiúnas suíomhúil

Scrúdófar gach ceann de na hinniúlachtaí ginearálta mar atá léirithe sa tábla seo thíos:

 

Agallamh struchtúrtha

Breithiúnas suíomhúil

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

x

x

Cumarsáid

x

 

Cáilíocht agus torthaí

x

x

Foghlaim agus forbairt

x

 

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

x

x

Buanseasmhacht

x

x

Obair bhuíne

x

x


3.

Teanga na dtrialacha measúnaithe

Teanga 1 i gcás thrialacha (a), (b) agus (c)

Teanga 2 i gcás thrialacha (d), (e) agus (f)

4.

Marcáil agus ualú

Inniúlachtaí réasúnaíochta

(a)

réasúnaíocht bhriathartha: marcálfar an triail seo as 20 pointe

an pasmharc: 10 bpointe

(b)

réasúnaíocht uimhriúil: marcálfar an triail seo as 10 bpointe

(c)

réasúnaíocht theibí: marcálfar an triail seo as 10 bpointe

an pasmharc foriomlán do thrialacha (b) agus (c): 10 bpointe

Trialacha díbeartha is ea trialacha (a), (b) agus (c) ach ní chuirfear marcanna na dtrialacha sin le marcanna na dtrialacha measúnaithe.

Inniúlachtaí sonracha

triail (d): marcálfar an triail seo as 100 pointe

an pasmharc: 50 pointe

ualú: 50 % den mharc foriomlán

Inniúlachtaí ginearálta (trialacha (e) agus (f))

marcálfar gach ceann de na trialacha inniúlachtaí ginearálta as 10 bpointe

an pasmharc:

3 phointe do gach inniúlacht agus

35 pointe as 70 d’iomlán na 7 n-inniúlacht ghinearálta

ualú: 50 % den mharc foriomlán

VII.   DEARBHUITHE NA nIARRTHÓIRÍ A SHEICEÁIL

I ndiaidh na dtrialacha measúnaithe agus i bhfianaise na dtorthaí a gnóthaíodh iontu, déanfaidh EPSO na dearbhuithe a rinne na hiarrthóirí ina n-iarratas ar líne a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha ginearálta agus déanfaidh an bord roghnúcháin iad a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha sonracha. Maidir leis na cáilíochtaí a mheas, ní chuirfear na doiciméid tacaíochta san áireamh ach amháin chun na freagraí a tugadh cheana sa chluaisín “scagthóir buanna” a dhearbhú. Má thagann sé chun solais sa tseiceáil nach bhfuil na dearbhuithe sin ag luí leis na doiciméid tacaíochta ábhartha, dícháileofar na hiarrthóirí a mbaineann siad leo den chomórtas.

Déanfar an tseiceáil, in ord íslitheach tuillteanais, ar na hiarrthóirí sin a ghnóthaigh na pasmharcanna agus na marcanna foriomlána is fearr do thrialacha inniúlachta (d), (e) agus (f). I gcásanna áirithe, beidh ar na hiarrthóirí an pasmharc a ghnóthú i dtrialacha inniúlachta (a), (b) agus (c). Déanfar an tseiceáil sin go dtí go sroichfear an líon is mó iarrthóirí is féidir a bheith ar an bpainéal, ar iarrthóirí iad a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta ar fad. Ní scrúdófar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a bheidh faoi bhun na tairsí sin.

VIII.   PAINÉAL

1.

Ainmneacha a chur ar an bpainéal

Cuirfidh an bord roghnúcháin d’ainm ar an bpainéal

má tá tú ar dhuine de na hiarrthóirí (9) a ghnóthaigh na pasmharcanna d’iomlán thrialacha (a go (f agus ceann de na marcanna foriomlána is fearr d’iomlán thrialacha measúnaithe (d, (e agus (f (féach líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo, Roinn I.1

agus más léir, i bhfianaise na ndoiciméad tacaíochta, go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta ar fad (féach Roinn III).

2.

Aicmiú

Tiomsófar an painéal in ord aibítre.


(1)  Gach áit anseo a bhfuil tagairt don fhirinscne, glactar leis gur ag tagairt don fhirinscne agus don bhaininscne atáthar.

(2)  Féach Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CECR): (http://europass.cedefop.europa.eu/europass/home/hornav/Downloads/CEF/LanguageSelfAssessmentGrid.csp).

(3)  Beidh an líon sin cothrom leis an tairseach dá dtagraítear sa chéad pharagraf de Roinn IV.

(4)  Na hiarrthóirí nach bhfuair cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe, féadfaidh siad torthaí a measúnaithe a fháil, chomh maith leis an ualú a thug an bord roghnúcháin do gach ceist.

(5)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, tabharfar cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe dóibh go léir.

(6)  Ar chúiseanna praiticiúla, d’fhéadfadh na trialacha inniúlachtaí a bheith ar siúl in ionaid scrúdúcháin sna Ballstáit, is cuma cá mbeidh na trialacha eile measúnaithe ar siúl.

(7)  Cuirfear in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO cén dáta atá socraithe duit na trialacha inniúlachtaí a dhéanamh.

(8)  Tá cur síos ar na hinniúlachtaí sin i bpointe 1.2 de na Rialacha Ginearálta maidir le comórtais oscailte.

(9)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear ainmneacha na n-iarrthóirí sin ar fad ar an bpainéal.


Top