EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52017PC0253

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle

COM/2017/0253 final - 2017/085 (COD)

An Bhruiséil,26.4.2017

COM(2017) 253 final

2017/0085(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n
x001e
aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle

{SWD(2017) 202 final}
{SWD(2017) 203 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.    COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Ag leanúint as tarraingt siar an togra ón gCoimisiún in 2008 chun athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 92/85/CEE ón gComhairle maidir le bearta a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh feabhsúcháin a chur ar aghaidh ag an obair i dtaca le sábháilteacht agus sláinte oibrithe toircheasacha agus oibrithe atá tar éis leanbh a shaolú nó atá i mbun beathú cíche (an Treoir maidir le Saoire Mháithreachais feasta), d’fhógair an Coimisiún go bhfuil rún aige tionscnamh nua a ullmhú a dhéanfadh cur chuige níos leithne a ghabháil de láimh a chuirfeadh na forbairtí sa tsochaí le deich mbliana anuas i gcuntas 1 .

Is cuid de phacáiste beart é an togra le haghaidh Treorach seo chun tiomantas an Choimisiúin a bhaint amach. Is é is aidhm don phacáiste sin ná aghaidh a thabhairt ar easpa ionadaíochta na mban san fhostaíocht agus tacaíocht a thabhairt dóibh ina ndul chun cinn gairme trí choinníollacha feabhsaithe chun gur féidir leo comhréiteach a fháil idir a ndualgais oibre agus a dualgais phríobháideacha. Cuireann sé leis na cearta agus na beartais atá ann cheana agus ní laghdaíonn sé an leibhéal cosanta a chuireann acquis AE ar fáil agus caomhnaíonn sé na cearta atá ann cheana féin arna ndeonú faoi dhlí an Aontais Eorpaigh. Sa bhreis air sin, feabhsaíonn sé na cearta atá ann cheana féin agus tugann sé isteach cinn nua do mhná agus d’fhir araon, agus sa tslí sin tugtar aghaidh leis ar chóir chomhionann agus ar dheiseanna comhionannais i margadh saothair an lae inniu, agus déantar neamh-idirdhealú a chur chun cinn agus comhionannas inscne a chothú.

In 2015, shroich ráta fostaíochta na mban (aois 20-64) 64.3%, i gcomparáid le ráta 75.9 % d’fhir. Tá an bhearna fostaíochta idir na hinscní sa mhargadh saothair le sonrú go háirithe i gcás tuismitheoirí agus daoine a bhfuil freagrachtaí cúraim eile orthu. Ar an meán in 2015, bhí ráta fostaíochta na mban a raibh leanbh amháin acu faoi 6 bliana d’aois beagnach 9% níos lú ná ráta na mban gan leanaí óga, agus i roinnt tíortha sháraigh an difríocht sin 30% 2 . Ar an gcaoi chéanna, is mó an seans go nglacfaidh mná ról an chúramóra neamhfhoirmiúil do ghaolta scothaosta nó cleithiúnacha ná fir3. Is mó an seans freisin go noibreoidh mná go páirt-aimseartha mar gheall ar fhreagrachtaí cúraim. Cuireann sé sin go suntasach leis an mbearna phá idir na hinscní (arb ionann é agus 28% i roinnt Ballstát), ní a chruthaíonn bearna phinsin idir na hinscní níos faide anonn sa saol (bearna 40% ar an meán in AE) agus a ardaíonn an riosca bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta do mhná, go háirithe do mhná scothaosta. Léiríonn na réamh-mheastacháin ar an gcás bonnlíne nach rachfar i ngleic go leordhóthanach leis na dúshláin thuasluaite gan gníomhaíocht ó AE. Táthar ag súil go mbeidh an bhearna fostaíochta idir fir agus mná fós ionann le 9 bpointe céatadáin (pc) in 2055.

Ceann de na príomhchúiseanna atá leis an bhfadhb sin ná beartas neamhleor maidir le cothromaíocht oibre is saoil. Tá sé léirithe go ngéaraítear ar dhúshláin fostaíochta na mban de dheasca leagan amach míchothrom an chórais saoire idir fir agus mná, toisc nach mbíonn dreasachtaí leordhóthanacha ann d’fhir saoire a ghlacadh chun aire a thabhairt do leanaí/do ghaolta cleithiúnacha, de dheasca na ndeiseanna teoranta atá ann úsáid a bhaint as socruithe solúbtha oibre, toisc nach leor na seirbhísí foirmiúla cúraim agus de dheasca dídhreasachtaí eacnamaíocha.

Leis an gcreat dlíthiúil atá anois ann ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát, cuirtear forálacha teoranta ar fáil d’fhir chun sciar de fhreagrachtaí cúraim a ghlacadh chucu féin atá cothrom le sciar na mban . Mar shampla, níl aon reachtaíocht ó AE ann faoi láthair lena ndéantar foráil maidir le saoire atharthachta nó saoire chun aire a thabhairt do ghaol atá tinn nó cleithiúnach, seachas neamhláithreacht ar bhonn force majeure. I roinnt mhaith Ballstát, tá easpa socruithe saoire le pá ann d’aithreacha i gcomparáid le máithreacha. Treisíonn an mhíchothromaíocht i leagan amach na bhforálacha i leith na cothromaíochta oibre is saoil idir mná agus fir éagsúlachtaí inscne san obair agus sa chúram dá bhrí sin. Os a choinne sin, léiríodh go mbíonn tionchar dearfach ag úsáid socruithe don chothromaíocht oibre is saoil ag aithreacha ar a rannpháirtíocht i dtógail na clainne níos faide anonn, ní a laghdaíonn an méid gaolmhar oibre teaghlaigh gan phá a dhéanann mná agus a fhágann go mbeidh tuilleadh ama acu d’fhostaíocht íoctha.

Is é cuspóir ginearálta na Treorach seo cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais idir fir agus mná maidir le deiseanna sa mhargadh saothair agus cóir chomhionann san obair a áirithiú. Leis an Treoir seo, lena ndéanfar creat dlíthiúil AE a leasú agus a nuachóiriú, beidh tuismitheoirí agus cúramóirí in ann cothromaíocht níos fearr a bheith acu idir a gcuid oibre agus a gcuid freagrachtaí cúraim. Cuireann an Treoir leis na cearta atá ann cheana féin agus neartaíonn sí iad in áiteanna nó tugtar isteach cearta nua léi. Coinníonn sí an leibhéal cosanta atá á chur ar fáil cheana féin ag acquis AE.

Sainítear cuspóirí sonracha na Treorach mar seo a leanas:

go bhfeabhsófar rochtain ar shocruithe don chothromaíocht oibre is saoil– amhail saoirí agus socruithe solúbtha oibre;

go nglacfaidh fir níos mó saoirí a bhaineann leis an teaghlach agus go mbainfidh siad leas níos mó as socruithe solúbtha oibre.

Léiríodh go maolaítear go mór an tionchar a bhíonn ag freagrachtaí cúraim ar dheiseanna oibre na mban nuair a bhíonn saoirí agus socruithe solúbtha oibre ar fáil. Is lú seans a bheidh ann go bhfágfaidh tuismitheoirí agus cúramóirí an margadh saothair má chuirtear rogha níos fearr ar fáil dóibh maidir le bainistíocht a dhéanamh ar a gcuid oibre agus ar a gcuid freagrachtaí cúraim. Thairis sin, toisc gur tearc iad na deiseanna agus na dreasachtaí d’fhir chun leas a bhaint as socruithe cothromaíochta oibre is saoil agus toisc nach nglacann dóthain fear iad dá réir i bhformhór na mBallstát, is féidir cur le cothromú maidir le dáileadh an chúraim sa teaghlach trí leagan amach na socruithe sin a fheabhsú ó thaobh cothromaíocht idir na hinscní de 3 .

Tá sé beartaithe go mbeidh an-tairbhe i gceist leis an togra seo do dhaoine aonair, do chuideachtaí agus don tsochaí níos leithne. Bainfidh tuismitheoirí agus cúramóirí tairbhe as cothromaíocht oibre is saoil atá curtha in oiriúint ar bhealach níos fearr do riachtanais theaghlaigh an lae inniu, agus beidh tionchar dearfach ag an méadú ar fhostaíocht na mban, agus ag tuillimh níos airde agus dul chun cinn gairme na mban, ar rathúnas eacnamaíoch, cuimsiú sóisialta agus sláinte a dteaghlach. Bainfidh cuideachtaí tairbhe as spriocghrúpa oibrithe níos leithne, as lucht saothair níos spreagtha agus níos táirgiúla, agus as ráta neamhláithreachta níos ísle. Cuirfidh an méadú ar fhostaíocht na mban leis an réiteach ar na dúshláin a bhaineann le daonra atá ag dul in aois, agus áireofar cobhsaíocht airgeadais na mBallstát leis chomh maith.

Comhsheasmhacht le forálacha atá sa réimse beartais cheana

Tá roinnt gníomhartha reachtaíochta tánaistigh in acquis an Aontais Eorpaigh a bhaineann le réimse beartais an togra seo. Is iad seo a leanas na cinn is tábhachtaí acu sin:

Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm agus lena naisghairtear Treoir 86/613/CEE (IO L 180, 15.07.2010, lch. 1).

Leagtar síos leis an Treoir seo creat chun prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe, nó a chuireann le saothrú na gníomhaíochta sin, a chur i bhfeidhm. Áirítear inti go sonrach go ndeonófar liúntas máithreachais leordhóthanach d’oibrithe mná féinfhostaithe agus do mhná céille lena gceadaítear briseadh 14 seachtaine ar a laghad dóibh ina ngníomhaíocht ghairme de bharr toirchis nó máithreachais.

Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (athmhúnlú) (IO L 204, an 26.07.2006, lch. 23).

Is é is aidhm don Treoir seo cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha a áirithiú. Déantar foráil inti maidir le pá comhionann, cóir chomhionann i scéimeanna slándála sóisialta gairme, cóir chomhionann maidir le fostaíocht, gairmoiliúint, arduithe céime agus dálaí oibre agus gabhann rialacha léi maidir le leigheasanna agus forfheidhmiú agus cur chun cinn na córa comhionainne trí chainteanna.

Treoir 92/85/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le bearta a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh feabhsúcháin a chur ar aghaidh ag an obair i dtaca le sábháilteacht agus sláinte oibrithe toircheasacha agus oibrithe atá tar éis leanbh a shaolú nó atá i mbun beathú cíche (an deichiú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 348, an 28.11.1992, lch. 1).

Leagtar amach bunchearta na mban roimh thoircheas agus ina dhiaidh, lena náirítear an ceart 14 seachtaine saoire máithreachais le pá a fháil. Leagtar amach ann freisin bearta chun sláinte agus sábháilteacht cheirde a áirithiú do mhná torracha agus déantar foráil léi do chosaint speisialta ar dhífhostú ó thús an toirchis go dtí deireadh na saoire máithreachais.

Treoir 97/81/CE ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 i dtaca leis an gComhaontú Réime maidir le hobair pháirtaimseartha a thug UNICE, CEEP agus an ETUC chun críche (IO L 14, an 20.01.1998, lch 9).

Cuirtear cosc leis an Treoir ar idirdhealú a dhéanamh ar oibrithe páirtaimseartha agus foráiltear leis gur cheart go mbreithneodh fostóirí iarrataí ó oibrithe obair pháirt-aimseartha a dhéanamh. Mar sin féin, ní fhoráiltear leis an Treoir go mbeadh an ceart ag fostaí cineálacha eile socruithe solúbtha oibre a iarraidh atá tábhachtach don chothromaíocht oibre is saoil.

Treoir 2010/18/AE ón gComhairle, an 8 Márta 2010, lena ndéantar an Creat-Chomhaontú athbhreithnithe um shaoire do thuismitheoirí a thug BUSINESSEUROPE, UEAPME, CEEP agus CEC chun críche a chur chun feidhme agus lena naisghairtear Treoir 96/34/CE (IO L 68, 18.3.2010, lch. 13).

Tugtar ceart aonair d’oibritheoirí leis an Treoir seo (“an Treoir maidir le Saoire do Thuismitheoirí”) chun saoire do thuismitheoirí a mhairfidh ceithre mhí ar laghad a bheith acu ar an bhforas gur saolaíodh nó gur uchtaíodh leanbh. Cuirfear ar a laghad mí amháin de shaoire do thuismitheoirí ar fáil ar bhonn neamh-inaistrithe. Ní fhorchuirtear aon oibleagáidí leis an Treoir maidir le pá le linn na saoire do thuismitheoirí agus fágtar faoi na Ballstáit é na rialacha agus na coinníollacha mionsonraithe a shainiú a bhainfidh leis an tsaoire sin. Déantar foráil leis an Treoir maidir le Saoire do Thuismitheoirí maidir le cosaint ar dhífhostú agus ar chóir is lú fabhar ar an mbonn gur cuireadh isteach ar shaoire do thuismitheoirí nó gur glacadh saoire do thuismitheoirí, cé nach sonraítear na socruithe mionsonraithe don chosaint sin.

Moladh Uimh. 92/241/CEE, ón gComhairle an 31 Márta 1992, maidir le cúram leanaí (IO L 123, an 8.05.1992, lch.16).

Moltar ann go nglacfaidh na Ballstáit tionscnaimh chun saoire speisialta a sholáthar do thuismitheoirí a bhíonn ag obair, chun rannpháirtíocht na bhfear i bhfreagrachtaí cúraim leanaí a spreagadh, chun timpeallacht oibre a chruthú ina dtugtar tacaíocht do thuismitheoirí atá ag obair agus chun cúram leanaí ar chostas réasúnta agus ar ardchaighdeán a sholáthar.

Moladh Uimh 2013/112/AE ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2013, Infheistíocht a dhéanamh i leanaí: timthriall an mhíbhuntáiste a bhriseadh, IO L 59, 2.3.2013, lch. 5-16)

Sa mholadh sin, moltar do na Ballstáit tacú le tuismitheoirí maidir lena rochtain ar an margadh saothair agus a áirithiú gur fiú dóibh a bheith ag obair ó thaobh airgid de. Cuirtear béim sa Mholadh ar an ngá atá le rochtain ar luathoideachas leanaí agus ar chúram leanaí ar chostas réasúnta a fheabhsú agus le tacaíochtaí ioncaim leordhóthanacha a sholáthar amhail liúntais leanaí agus teaghlaigh.

Rinneadh anailís mar is iomchuí ar ábhar na ngníomhartha thuasluaite agus cuireadh ábhar na ngníomhartha sin san áireamh sa phróiseas ullmhúcháin don togra seo. Mar thoradh air sin, tá an togra, ar láimh amháin, i gcomhréir leis na forálacha atá ann cheana agus, ar an láimh eile, tógtar forbairtí reachtacha isteach leis i gcás ina meastar nach bhfuil an reachtaíocht atá ann anois leordhóthanach agus gur gá í a athrú i gcomhréir le hathruithe sa tsochaí.

Doiciméad Inmheánach Oibre ón gCoimisiúin ina ndéantar trácht ar an gcomhairliúchán poiblí a ghabhann leis an doiciméad Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta 4 .

Féachtar ar thorthaí na gcomhairliúchán poiblí maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta sa tuarascáil. Maidir le cothromaíocht oibre is saoil, aontaíodh go forleathan gur cheart tacú le comhionannas inscne agus cothromaíocht oibre is saoil trí chreat dlíthiúil athbhreithnithe comhleanúnach lena gcumhdaítear saoire mháithreachais, saoire atharthachta, saoire do thuismitheoirí agus saoire cúramóirí, lena spreagtar glacadh cothrom saoire idir fir agus mná chun rochtain na mban ar an margadh saothair agus a seasamh ann a fheabhsú.

Maidir le Treoir 2010 maidir le Saoire do Thuismitheoirí, is é is aidhm don togra seo an gníomh iomlán a aisghairm agus forálacha an téacs seo a chur ina ionad, fad a choinnítear na cearta agus na hoibleagáidí atá ann cheana. Mar a mhínítear sa bhrollach, níor cheart aon ní sa Togra beartaithe a léirmhíniú mar laghdú ar na cearta atá ann cheana faoin Treoir maidir le Saoire do Thuismitheoirí. Cuireann an Treoir seo leis na cearta sin agus neartaíonn sí iad. Ba cheart an Treoir maidir le Saoire do Thuismitheoirí a aisghairm, ar láimh amháin, mar gheall ar chineál dlítheanach agus bonn dlíthiúil sonrach (Airteagal 155(2) CFAE) na Treorach maidir le Saoire do Thuismitheoirí, lena gcuirtear comhaontú de chuid na gcomhpháirtithe sóisialta Eorpacha i bhfeidhm, agus ar an láimh eile, ar chúiseanna a bhaineann le trédhearcacht, le simpliú (gníomh aonair chun cearta sainiúla maidir le cothromaíocht oibre is saoil a rialú ar bhealach cuimsitheach), le deimhneacht dhlíthiúil agus le hin-fhorfheidhmíocht na gceart.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Cuirfidh an tionscnamh seo leis na spriocanna faoi na Conarthaí i dtaca le comhionannas idir fir agus mná maidir le deiseanna sa mhargadh saothair agus cóir chomhionann san obair agus cur chun cinn ardleibhéal fostaíochta san AE. De réir an Chonartha, tá sé mar aidhm ag AE neamhionannais a dhíothú agus comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn ina chuid gníomhaíochtaí ar fad. Tá an comhionannas inscne ag croílár bheartais AE: toisc gur mór an bhearna idir na hinscní i rátaí fostaíochta na mban a bhfuil leanaí acu agus fir a bhfuil leanaí acu, is ríthábhachtach go ndéanfar an bhearna sin a dhúnadh má táthar chun sprioc AE maidir le rátaí fostaíochta a bhaint amach. Tá sé fíorthábhachtach an bhearna a laghdú freisin chun go mbeidh comhionannas inscne níos fearr ann.

Chuirfeadh sé chomh maith céanna le tosaíochtaí an Choimisiúin maidir le poist agus fás, mar a shonraítear iad sna treoirlínte polaitiúla ón Uachtarán Juncker don Choimisiún Eorpach. Tá nasc ann freisin idir an tionscnamh seo agus tionscnamh Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, arb é an aidhm atá leis gné shóisialta an Aontais a neartú agus cur le cóineasú níos daingne idir na Ballstáit maidir le feidhmíocht shóisialta.

2.    BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 153 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Níos cruinne fós:

Déantar an fhoráil seo le hAirteagal 153(1)(i) CFAE “D'fhonn cuspóirí Airteagal 151 a ghnóthú, tacóidh an tAontas le gníomhaíochtaí na mBallstát agus comhlánóidh sé iad sna réimsí seo a leanas: (…)

(i) comhionannas idir fir agus mná ar mhargadh an tsaothair agus cóir chomhionann san obair;"

Bunaítear an méid seo le hAirteagal 153(2)(b) CFAE: “Chun na críche sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle: (…)

(b) trí bhíthin treoracha, ceanglais íosta a chuirfear chun feidhme de réir a chéile a ghlacadh sna réimsí dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) de mhír 1, ag féachaint do na dálaí agus do na rialacha teicniúla i ngach ceann de na Ballstáit. Staonfar sna treoracha sin ó shrianta riarthacha, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur a bheadh ina mbac ar bhunú nó ar fhorbairt gnóthas beag agus meánmhéide.

Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún. (…)"

Coimhdeacht

Tá creat reachtach de chuid AE ann cheana maidir le beartais don chothromaíocht oibre is saoil lena náirítear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle an 8 Márta 2010. Is léiriú é sin ar an aontú comhchoiteann go bhfuil gá le gníomhaíocht ar leibhéal AE sa réimse sin, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta.

Mar a mhínítear i roinn 1, ní leor na bearta reachtacha sin atá anois ann chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le hoibleagáidí teaghlaigh agus oibre a thabhairt le chéile mar is ceart i dtimpeallachtaí eacnamaíochta agus sóisialta an lae inniu agus chun comhionannas idir fir agus mná a áirithiú maidir le deiseanna sa mhargadh saothair agus cóir san obair.

Is ar mhná den chuid is mó a thiteann ualach an chúraim fós, mar nach bhfuil an creat dlíthiúil atá anois ann leordhóthanach maidir le dáileadh níos cothroime freagrachtaí teaghlaigh agus oibre a spreagadh agus a éascú idir fir agus mná. Maidir le saoire atharthachta, saoire cúramóirí (réimse nach ann d’fhorálacha ar leibhéal AE faoi láthair) agus socruithe solúbtha oibre, is iomaí Ballstát nach bhfuil aon bhearta ann, nó nach leordhóthanach na bearta atá acu. Thairis sin, i gcás ina bhfuil forálacha i bhfeidhm ag na Ballstáit, bíonn difríochtaí eatarthu maidir leis na coinníollacha (e.g. pá), agus leanann cearta míchothroma, cosaint mhíchothrom saoránach AE ar fud AE agus difríochta i bhfeidhmiú na margaí saothair as sin.

Dá bhrí sin, ní féidir nuachóiriú an chreata dhlíthiúil a bhfuil sé mar aidhm leis comhchaighdeáin íosta a chur ar fáil do bheartais don chothromaíocht oibre is saoil a bhaint amach ach amháin le gníomhaíocht ar leibhéal AE agus ní le gníomhaíocht na mBallstát aonair.

Nuair a dhéantar anailís ar an bhfadhb atá le réiteach agus ar an bhfaisnéis atá ar fáil faoi láthair faoin ábhar léirítear an méid seo a leanas go soiléir:

ní thagann reachtaíocht i bhfeidhm i ngach Ballstát go dtí go dtagann reachtaíocht AE i bhfeidhm;

is le gníomhaíocht ó AE amháin a áiritheofar go ndéanfar dul chun cinn leordhóthanach sna Ballstáit ar fad;

is le hidirghabháil ar leibhéal AE amháin a bheidh an fhéidearthacht ann maolú a dhéanamh ar na treochtaí atá ann i roinnt Ballstát faoi láthair na forálacha don chothromaíocht oibre is saoil a laghdú.

is le hidirghabháil ar leibhéal AE amháin a thabharfar aghaidh ar na difríochtaí idir na forálacha sa dlí náisiúnta atá anois ann maidir le saoire atharthachta, saoire do thuismitheoirí, saoire cúramóirí agus socruithe solúbtha oibre; dá ainneoin sin, ní chuirfear cosc ar na Ballstáit le gníomhaíocht ó AE leibhéil níos airde cosanta a chur ar fáil.

is le gníomhaíocht ar leibhéal AE amháin a dhéanfar comhcheanglais íosta a sholáthar don chothromaíocht oibre is saoil lena dtacófar le comhionannas idir fir agus mná maidir le deiseanna sa mhargadh saothair agus cóir san obair; tá ábharthacht ar leith ag baint le comhchaighdeáin íosta i gcomhthéacs shaorghluaiseacht na noibrithe agus na saoirse seirbhísí a sholáthar i Margadh Inmheánach AE. 

I ngeall ar na hargóintí thuasluaite, tá údar ann tabhairt faoi ghníomhaíocht reachtach agus gníomhaíocht beartais AE sa réimse sin.

Comhréireacht

Agus bunús tugtha don bhreisluach a bheadh le hidirghabháil ar leibhéal AE, áirítear leis an ionstraim dlí a roghnaíodh lena cur chun feidhme (féach thíos), ina ndéantar foráil maidir le caighdeáin íosta, go gcoinneofar an idirghabháil ar an leibhéal is lú is gá chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí an togra.

Tugtar urraim leis an Treoir seo do chomhaontaithe náisiúnta fadbhunaithe do shaoirí agus do shocruithe solúbtha oibre agus an fhéidearthacht atá ann go gcinnfidh na Ballstáit agus na comhpháirtithe sóisialta na forálacha sonracha a bhaineann leis sin. Na Ballstáit a bhfuil forálacha níos fabhraí i bhfeidhm acu cheana ná na forálacha a chuirtear ar aghaidh sa Treoir seo, ní bheidh orthu a reachtaíocht a athrú. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh dul thar na caighdeáin íosta a leagtar amach sa Treoir seo.

Urramaítear go hiomlán leis an Treoir seo saoirse agus roghanna pearsanta daoine aonair agus teaghlach a saol féin a bhainistiú agus ní fhorchuirtear aon oibleagáid orthu leas a bhaint as forálacha na Treorach.

Dá bhrí sin, fágtar an oiread scóip is féidir do chinntí aonair pearsanta agus do chinntí náisiúnta le gníomhaíocht bheartaithe an Aontais, ach déantar na cuspóirí maidir le rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair a ardú a bhaint amach freisin. Tugtar urraim do phrionsabal na comhréireachta agus cuirtear méid agus cineál na bhfadhbanna sainaitheanta san áireamh.

An rogha ionstraime

Déantar foráil fhollasach le hAirteagal 153(2)(b) in éineacht le 153 (1)(i) CFAE gurb í an Treoir an ionstraim dlí a úsáidfear chun na ceanglais íosta a bhunú a bheidh le cur chun feidhme ag na Ballstáit de réir a chéile.

3.    TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Mar chuid den obair a bhain leis an Measúnú Tionchair, rinneadh an fhaisnéis a bhí ar fáil maidir le feidhmiú an chreata atá anois ann a chruinniú agus a mheas.

Rinneadh an anailís sin ar na bunúis seo a leanas:

staidéar a rinne an conraitheoir seachtrach, arna choimisiúnú i lár na bliana 2016 chun an measúnú tionchair a ullmhú, chomh maith le meastóireacht éadrom ar chreat na cothromaíochta oibre is saoil;

taighde ábhartha a bhí ar fáil amhail tuarascálacha ón gCoimisiún Eorpach agus ó na hInstitiúidí Eorpacha eile chomh maith leis an Líonra Eorpach de Shaineolaithe Dlí, agus i gcás ina raibh fáil orthu, tuarascálacha agus faisnéis náisiúnta arna gcur le chéile ag comhlachtaí comhionannais;

sonraí arna mbailiú tríd an reachtaíocht maidir le cothromaíocht oibre is saoil ar leibhéal na mBallstát a mhapáil chomh maith le tuairimí na ngeallsealbhóirí a bhailiú.

Rinneadh measúnú ar dhá cheann de na Treoracha thuasluaite, is iad sin an Treoir maidir le Saoire Mháithreachais (92/85/CEE) agus an Treoir maidir le Saoire do Thuismitheoirí (2010/18/AE) ó thaobh éifeachta, éifeachtúlachta, comhréireachta, ábharthachta agus luach breise AE de.

Ba é conclúid na meastóireachta nach uirlis éifeachtach atá sa chreat atá anois ann chun na cuspóirí atá á saothrú a ghnóthú, agus níor baineadh amach fós iad dá bharr.

Maidir leis an Treoir maidir le Saoire do Thuismitheoirí (2010/18/AE), níor gnóthaíodh go leordhóthanach an cuspóir cothromaíocht oibre is saoil a bhaint amach trí dháileadh níos cothroime oibre agus cúraim idir fir agus mná. Ní spreagann leagan amach na saoire do thuismitheoirí mar atá sé glacadh comhionann idir tuismitheoirí, agus tarlaíonn sé go dtógann formhór na mban saoire. Is é is cúis leis sin den chuid is mó ná an easpa pá i mórán Ballstát agus an riail lena gceadaítear do thuismitheoirí formhór a dteidlíochta a aistriú chuig an tuismitheoir eile. I gcleachtas, aistríonn fir a sciar den tsaoire do thuismitheoirí chuig an máthair.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Rinneadh comhairliúchán poiblí oscailte idir Samhain 2015 agus Feabhra 2016 chun tuairimí a lorg ó pháirtithe leasmhara agus saoránaigh éagsúla 5 . Rinne raon leathan páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a roinnt: na Ballstáit; eagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta; eagraíochtaí na sochaí sibhialta; comhlachtaí comhionannais; agus eagraíochtaí eile, chomh maith le daoine aonair. Fuarthas freagra amháin ar a laghad ó gach Ballstát. Fuarthas 786 aighneacht ar an iomlán, 229 díobh ó eagraíochtaí agus 557 díobh ó dhaoine aonair. Ba iad na príomhthorthaí maidir le roghanna beartais don todhchaí ná:

- tuairimí a chóineasú i measc geallsealbhóirí maidir le tábhacht ghníomhaíochtaí AE i réimse na cothromaíochta oibre is saoil;

- tuairimí a chóineasú maidir leis an ngá féidearthachtaí agus/nó dreasachtaí a fheabhsú do thuismitheoirí agus do dhaoine eile a bhfuil cleithiúnaithe acu maidir le freagrachtaí cúraim agus bearta don chothromaíocht oibre agus saoil a ghlacadh;

- tuairimí a chóineasú maidir leis an ngá cúram leanaí a chur ar fáil ar chostas réasúnta;

- tuairimí a chóineasú maidir le treoir bheartais bhreise, faireachán agus malartú dea-chleachtas ar leibhéal AE;

- cóineasú áirithe tuairimí maidir leis an gá atá le gníomhaíochtaí reachtacha AE

Chuathas i gcomhairle freisin le Coiste Comhairleach AE um chomhionannas idir mná agus fir agus chuir an coiste a thuairimí in iúl ag cruinniú coiste an 8 Nollaig 2016.

De bhun CFAE, thug an Coimisiún faoi chomhairliúchán dhá chéim leis na comhpháirtithe sóisialta maidir leis na dúshláin a bhaineann le cothromaíocht oibre is saoil. Cé gur aontaigh na comhpháirtithe sóisialta ar an iomlán leis na dúshláin a bhaineann le cothromaíocht oibre is saoil agus leis an sprioc rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair a fheabhsú, bhí tuairimí éagsúla acu faoin ngá atá le gníomhaíocht reachtach bhreise agus ní raibh comhaontú ann i measc na gcomhpháirtithe sóisialta dul i mbun caibidlíochta chun comhaontú a thabhairt chun críche ar leibhéal an Aontais. Tá sé tábhachtach, áfach, an chosaint a fheabhsú sa réimse sin tríd an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair a nuachóiriú agus a oiriúnú, fad a chuirtear torthaí na gcomhairliúchán sin san áireamh. Thug na ceardchumainn le fios go bhfuil siad ar son reachtaíocht ar leibhéal AE maidir le saoire do thuismitheoirí agus saoire cúramóirí; an fad, an pá agus an chosaint ar dhífhostú a mhéadú do shaoire mháithreachais; ceart a bheith ag fostaí cineálacha eile socruithe solúbtha oibre a iarraidh; agus an Treoir maidir le Saoire do Thuismitheoirí a leasú chun síneadh a chur le fad agus neamh-inaistritheacht na saoire chomh maith le híocaíocht a thabhairt isteach lena haghaidh. Chuir na ceardchumainn béim air gur cheart na bearta sin a chomhcheangal le seirbhísí foirmiúla cúraim atá ar fáil, inrochtana, ar chostas réasúnta agus ar ardchaighdeán. Ní raibh na heagraíochtaí fostóirí báúil le gníomhaíocht reachtach bhreise de chuid AE a bheith ann, ach thacaigh siad le bearta neamhreachtacha chun seirbhísí foirmiúla cúraim a fhorbairt.

Tá iarrtha ag Parlaimint na hEorpa go gcuirfí fad le saoire mháithreachais le pá agus go dtabharfaí cosaint ar dhífhostú, agus go ndéanfaí an tsaoire do thuismitheoirí a fhadú agus pá a chur léi; go dtabharfaí isteach saoire atharthachta agus saoire cúramóirí; go ndéanfaí spriocanna Barcelona do chúram leanaí a nuashonrú agus spriocanna a thabhairt isteach do sheirbhísí cúraim fadtéarmacha.

Tá iarrtha ag go leor geallsealbhóirí eile freisin go dtabharfadh AE níos mó reachtaíochta isteach agus go ndéanfadh sé níos mó gníomhaíocht neamhreachtach i réimse na cothromaíochta oibre is saoil.

Bailiú agus úsáid saineolais

Rinne an Coimisiún conradh a bhronnadh chun anailís a dhéanamh ar na costais agus na buntáistí a ghabhfadh le beartais fhéideartha AE maidir le cothromaíocht oibre is saoil a éascú do thuismitheoirí agus do chúramóirí.

Sa bhreis air sin, tharraing an Coimisiún ar a chonarthaí reatha chun fianaise a bhailiú mar thacaíocht don mheasúnú tionchair sin. Áirítear leis sin:

tuarascáil théamach arna hullmhú ag an Líonra Eorpach um Beartas Sóisialta maidir le bearta don chothromaíocht oibre is saoil do dhaoine a bhfuil gaolta cleithiúnacha acu;

athbhreithniú ar an litríocht a bhaineann leis na costais agus na buntáistí a ghabhann le bearta don chothromaíocht oibre is saoil, arna dhéanamh ag taighdeoirí ó Scoil Eacnamaíochta Londan;

roinnt staidéir ábhartha eile ar leibhéal réigiúnach, náisiúnta, Eorpach agus idirnáisiúnta, lena náirítear an fhianaise arna soláthar ag EIGE.

Ina theannta sin, d’ullmhaigh Líonra Eorpach na gComhlachtaí Comhionannais suirbhé ar a mbaill maidir le tuairiscí ar idirdhealú san áit oibre agus ar dhífhostuithe a bhaineann le tuismitheoireacht.

Measúnú tionchair

De réir na gceanglas maidir le Rialáil níos Fearr, bunaíodh grúpa stiúrtha idirsheirbhíse (ISG) de chuid an Choimisiúin, faoi chathaoirleacht na hArd-Rúnaíochta, i mí Mheán Fómhair 2015 chun obair a dhéanamh ar ullmhú an tionscnaimh seo. Tháinig ISG le chéile 5 huaire sa tréimhse ó Mheán Fómhair 2015 go dtí Márta 2017.

Cuireadh an Measúnú Tionchair faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála (RSB), agus pléadh leis an mBord é, an 18 Eanáir 2017. Cuireadh leagan athbhreithnithe den Mheasúnú Tionchair faoina bhráid, an 8 Márta 2017, inar tugadh aghaidh mar ba chuí ar shaincheisteanna a d’ardaigh RSB. An 20 Márta, d’eisigh RBS tuairim dhearfach a raibh barúlacha ag gabháil léi a cuireadh san áireamh sa mheasúnú tionchair deiridh.

Le linn na hoibre a rinneadh ar an Measúnú Tionchair, breithníodh raon beart neamhreachtach agus reachtach ar fud na réimsí uile ar léiríodh iad a bheith tábhachtach ó thaobh aghaidh a thabhairt ar easpa ionadaíochta na mban sa mhargadh saothair, eadhon: saoire mháithreachais, saoire atharthachta, saoire do thuismitheoirí, saoire cúramóirí agus socruithe solúbtha oibre.

Tar éis measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht, ar éifeachtúlacht agus ar chomhleanúnachas gach rogha, sainaithníodh teaglaim de roghanna tosaíochta. Áirítear i measc na teaglama tosaíochta:

Saoire mháithreachais: bearta neamhreachtacha chun feabhas a chur ar fhorfheidhmiú na reachtaíochta reatha maidir le cosaint ar dhífhostú, feasacht a ardú maidir le mná torracha a dhífhostú agus treoir bheartais a thabhairt chun cuidiú le mná aistriú go sásúil idir saoire mháithreachais agus fostaíocht (lena náirítear saoráidí agus sosanna le haghaidh cothú cíche).

Saoire atharthachta: teidlíocht indibhidiúil 10 lá in aghaidh na bliana a thabhairt isteach, a d’íocfaí ar leibhéal pá breoiteachta ar a laghad.

Saoire do thuismitheoirí: athbhreithniú ar an teidlíocht reatha atá ann chun foráil a dhéanamh (i) maidir leis an gceart uaireanta solúbtha a dhéanamh (i.e. páirtaimseartha, ilroinnte), (ii) maidir le 4 mhí de shaoire neamh-inaistritheach idir tuismitheoirí, agus (iii) maidir le híocaíocht pá 4 mhí, ar leibhéal pá breoiteachta ar a laghad.

Saoire cúramóirí: teidlíocht indibhidiúil 5 lá in aghaidh na bliana ar a laghad, íoctha ar leibhéal pá breoiteachta.

Socruithe solúbtha oibre: an ceart a bheith ag tuismitheoirí, a bhfuil leanaí suas le 12 bhliain d’aois acu, agus ag cúramóirí solúbthacht a iarraidh ina nuaireanta oibre, ina sceideal oibre nó ina náit oibre ar feadh tréimhse shocraithe ama, gan aon oibleagáid a bheith ar an bhfostóir an tathrú a iarradh a dheonú.

I ndáil leis an tionchar a mheastar a bheidh ag an teaglaim de roghanna tosaíochta, is léir ón anailís chainníochtúil a rinneadh sa Mheasúnú Tionchair go mbeidh tionchar dearfach ag an teaglaim de roghanna tosaíochta ar OTI (+ EUR 840 billiún, NPV 2015-2055), ar fhostaíocht (+ 1.6 milliún in 2050) agus ar an lucht saothair (+ 1.4 milliún in 2050). Léirítear san anailís go mbainfidh na méaduithe fostaíochta agus an rannpháirtíocht an lucht saothair go príomha le mná. Meastar freisin go nardóidh fíorioncaim faoi 0.52% in 2050. Cé go bhfuil sé sách beag, tá costas i gceist leis le haghaidh cuideachtaí. Tá formhór an chostais sin, áfach, tiomáinte ag an rogha i dtaobh socruithe solúbtha oibre, mar a nglactar leis go bhfuil leibhéal an-ard éilimh ann ar shocruithe solúbtha oibre chomh maith le leibhéal ard éilimh chun fónamh do na socruithe sin, cé gur féidir le fostóirí diúltú d’iarrataí ar obair sholúbtha, go háirithe i gcás ina bhfuil costas iomarcach ag baint leis don chuideachta. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an costas iomlán a bhainfeadh leis an teaglaim a bheith i bhfad níos ísle do chuideachtaí.

Ba cheart a chur san áireamh freisin go bhfuil sinéirgí maithe idir na roghanna tosaíochta sa teaglaim agus go bhféadfadh costais theaglaim na roghanna tosaíochta a bheith níos ísle ná suim na gcostas indibhidiúil le haghaidh gach rogha.

Cearta bunúsacha

Is prionsabal bunúsach de chuid an Aontais é comhionannas idir fir agus mná. De réir Airteagal 3(3), mír 2, den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) 6 , is ceann d’aidhmeanna an Aontais é cur chun cinn an chomhionannais idir mná agus fir. Deirtear in Airteagal 8 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CFAE) freisin go bhfuil sé mar aidhm ag an Aontas neamhionannais a dhíchur agus comhionannas idir mná agus fir a chur ar aghaidh ina ghníomhaíochtaí uile.

Leis an togra éascófar freisin feidhmiú na gceart a aithnítear in Airteagal 23 7 agus in Airteagal 33 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha, a thagraíonn go sonrach don chomhionannas idir fir agus mná agus don chomhréiteach idir saol an teaghlaigh agus an saol gairmiúil. 

4.    IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní éilíonn an togra seo acmhainní breise ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

5.    EILIMINTÍ EILE

Socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ní mór do na Ballstáit an Treoir seo a thrasuí dhá bhliain i ndiaidh a glactha agus na bearta forghníomhaithe náisiúnta a chur in iúl don Choimisiún trí Bhunachar Sonraí MNE. I gcomhréir le hAirteagal 153(4) CFAE, féadfaidh siad an cúram sin a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta trí bhíthin comhaontú.

Chun measúnú a dhéanamh ar a éifeachtúla atá an Treoir i ngnóthú cuspóirí ginearálta agus sonracha an tionscnaimh seo, tá an Coimisiún tar éis croítháscairí maidir leis an dul chun cinn a shainaithint chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme rathúil 9 . Déanfaidh an Coimisiún faireachán go minic ar na táscairí seo agus fónfaidh siad mar bhonn le haghaidh mheastóireacht an tionscnaimh. Ar bhonn na dtáscairí sin agus na faisnéise atá le soláthar ag na Ballstáit, is féidir leis an gCoimisiún tuairisc faoin dul chun cinn a chur faoi bhráid phríomhinstitiúidí an Aontais Eorpaigh go rialta, lena náirítear Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thionchar na dtograí reachtacha cúig bliana tar éis a dteacht i bhfeidhm agus déanfaidh sé tuarascáil mheastóireachta a tharraingt suas.

Chomh maith leis sin, leanfaidh an Coimisiún de bheith ag déanamh faireacháin ar fhostaíocht na mban agus ar fhorálacha na mBallstát maidir le cothromaíocht oibre is saoil, lena náirítear Tuarascálacha Comhpháirteacha Fostaíochta agus Tíre de chuid an tSeimeastair Eorpaigh.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Airteagal 1 – Ábhar

Leis an bhforáil seo, dearbhaítear ábhar na Treorach agus liostaítear ann na cearta indibhidiúla a bhfuil ceanglais íosta leagtha síos ina leith ar leibhéal an Aontais.

Airteagal 2 – Raon Feidhme

Sainmhínítear leis an bhforáil seo cé hiad na daoine atá i dteideal leas a bhaint as na cearta a rialaítear leis an Treoir seo.

Airteagal 3 – Sainmhínithe

Sainmhínítear san fhoráil seo roinnt téarmaí agus coincheap atá ann chun soiléiriú a dhéanamh ón tús conas mar ba chóir iad a thuiscint i gcás ina luaitear iad i dtéacs na Treorach.

Airteagal 4 – Saoire atharthachta

Faoi láthair níl aon chaighdeáin íosta ann le haghaidh saoire atharthachta ar leibhéal AE.

Tugann an fhoráil seo isteach an ceart d’aithreacha a bheith in ann saoire atharthachta a thógáil mar chuid de thréimhse ghearr saoire, nach lú í ná 10 lá oibre, tráth a shaolaítear a leanbh. Is gá an tsaoire sin a thógáil timpeall thráth na breithe agus is gá go mbeadh nasc soiléir iad an tsaoire agus an bhreith.

Ba cheart go mbeadh tabhairt isteach an chirt chun saoire atharthachta ina chuidiú chun dul i ngleic le fadhb na ndeiseanna neamhionanna atá ann idir mná agus fir a mhéid a bhaineann le laethanta saoire a ghlacadh an tráth a shaolaítear leanbh agus ba cheart go spreagfadh sé fir sciar níos comhionainne de na freagrachtaí cúraim a ghlacadh, agus ar an gcaoi sin cuidiú leo dlúthghaol a chruthú go luath idir aithreacha agus leanaí.

Chun nach mbeadh aon idirdhealú ann idir lánúin phósta agus lánúin neamhphósta agus idir lánúin heitrighnéasacha agus homaighnéasacha, ba cheart go mbeadh an ceart chun saoire atharthachta gan dochar do stádas pósta nó teaghlaigh mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta.

Airteagal 5 – Saoire do thuismitheoirí

Déantar foráil cheana féin sa Treoir maidir le Saoire do Thuismitheoirí (2010/18/AE) maidir le cearta indibhidiúla cheithre mhí ar a laghad saoire do thuismitheoirí a thógáil ar an bhforas gur saolaíodh nó gur uchtaíodh leanbh agus chun aire a thabhairt don leanbh sin. Cuireann an fhoráil seo, dá bhrí sin, leis na cearta atá cheana ag tuismitheoirí agus cuireann sí feabhas ar na cearta sin do mhná agus d’fhir araon.

Tar éis na hanailíse a rinneadh sa chéim ullmhúcháin, meastar nach leor í an Treoir maidir le Saoire do Thuismitheoirí atá ann faoi láthair chun go bhféadfaidh an bheirt tuismitheoirí leas comhionann a bhaint as a dteidlíochtaí. Ós rud é nach dtugann an Treoir sin aon ráthaíocht i dtaca le liúntas le linn saoire do thuismitheoirí, d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé d’acmhainn ag go leor de na teaghlaigh an tsaoire sin a ghlacadh. Níor éirigh leis an Treoir, ach oiread, rannpháirtíocht na naithreacha i bhfreagrachtaí cúraim a chur chun cinn. Léiríonn an fhianaise nach mbaineann tromlach na naithreacha féin leas as a gceart chun saoire do thuismitheoirí agus aistríonn siad sciar suntasach dá dteidlíocht saoire chuig máithreacha. Is é a lean as sin ná go bhfuil difríochtaí suntasacha ann idir máithreacha agus aithreacha a mhéid a bhaineann leis an meánráta ag a nglactar saoire do thuismitheoirí, agus i gcás aithreacha tá sé sin fós ró-íseal i roinnt mhaith Ballstát.

Tá sé d’aidhm ag an bhforáil seo dul i ngleic leis na heasnaimh atá sainaitheanta trí (i) thréimhse íosta ceithre mhí ar a laghad nach féidir a aistriú idir tuismitheoirí a bhunú le haghaidh saoire do thuismitheoirí, (ii) níos mó solúbthachta a thabhairt isteach i ndáil leis na cineálacha saoire do thuismitheoirí is féidir a ghlacadh (ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha, nó cineálacha eile solúbthachta), i bhfianaise go ndéanann solúbthacht é níos dóchúla go mbainfidh tuismitheoirí, go háirithe aithreacha, leas as a dteidlíocht i leith na saoire sin. Foráil eile atá sa Treoir seo is ea aghaidh a thabhairt ar cheist an luacha saothair le linn na saoire mar go bhfuil mórthionchar aige sin ar aithreacha a bheith ag glacadh saoire.

Fágann an fhoráil faoin mBallstát é cinneadh a dhéanamh (i) fad na tréimhse fógra atá le tabhairt ag an oibrí, (ii) an bhféadfadh an ceart chun saoire do thuismitheoirí a bheith faoi réir cáilíochta i leith tréimhse oibre agus/nó i leith fad seirbhíse, agus (iii) chun na himthosca a shainaithint ina bhféadfaidh cead a bheith ag an bhfostóir deonú na saoire do thuismitheoirí a chur siar ar feadh tréimhse réasúnach. Ar deireadh, tá sé mar aidhm ag an bhforáil seo a áirithiú gur cheart go ndéanfadh na Ballstáit measúnú ar an ngá atá leis na coinníollacha rochtana agus na socruithe mionsonraithe a bhaineann le saoire do thuismitheoirí a choigeartú de réir riachtanais shonracha na dtuismitheoirí, go háirithe cásanna a bhfuil míbhuntáiste ar leith ag gabháil leo agus a bhaineann le míchumas nó breoiteacht fhadtéarmach agus le tuismitheoirí uchtála.

Airteagal 6 – Saoire cúramóirí

Leis an bhforáil seo tugtar isteach ceart nua le haghaidh oibrithe go bhféadfaidís tréimhse saoire a ghlacadh ón obair gach bliain i gcás breoiteacht thromchúiseach nó i gcás ina mbeadh duine gaoil leo cleithiúnach orthu, de réir mar a shainmhínítear sa Treoir féin. Chun an fostóir a chosaint ar mhí-úsáid an chirt, féadfar a cheangal gur gá cruthúnas ar an mbreoiteacht nó ar an staid chleithiúnachta a sholáthar sula ndeonófar an tsaoire.

An réasúnaíocht is bun le tabhairt isteach an chirt sin ná má chuirtear feabhas ar na féidearthachtaí atá ann d’oibrithe tréimhse ghearr saoire a ghlacadh ón obair chun cúram a thabhairt do dhuine gaoil leo is féidir leis feabhas a chur ar an gcothromaíocht oibre is saoil agus, ag an am céanna, a áirithiú nach mbíonn orthu an margadh saothair a fhágáil go huile agus go hiomlán.

Airteagal 7 – Am saor ón obair ar bhonn force majeure

Leis an bhforáil seo coinnítear na cearta atá ag oibrithe cheana féin am a thógáil saor ón obair i gcás force majeure.

Féadfaidh gach oibrí leas a bhaint as an gceart sin, dá bhforáiltear cheana féin leis an Treoir maidir le Saoire do Thuismitheoirí 10 , (ní tuismitheoirí nó cúramóirí amháin de réir bhrí na Treorach seo) ar chúiseanna práinneacha teaghlaigh.

Airteagal 8 – Ioncam leordhóthanach

Ní bhunaítear leis an Treoir maidir le Saoire do Thuismitheoirí (2010/18/AE) ceanglais íosta i ndáil le liúntas leordhóthanach.

Bunaítear leis an bhforáil seo an ceart d’oibrithe leas a bhaint as cineálacha éagsúla saoire chun liúntas leordhóthanach a fháil agus iad ar thréimhse íosta saoire, faoi mar a fhoráiltear sa Treoir seo. Ba cheart leibhéal an liúntais a bheith coibhéiseach, ar a laghad, le leibhéal an phá breoiteachta.

Airteagal 9 – Socruithe solúbtha oibre

Foráiltear cheana féin leis an Treoir maidir le Saoire do Thuismitheoirí go bhfuil dhá chineál socruithe solúbtha oibre is féidir a iarraidh (patrúin oibre agus uaireanta oibre) le haghaidh tuismitheoirí ar fhilleadh dóibh tar éis saoire do thuismitheoirí. Déanann an togra seo an tríú cineál socraithe solúbtha oibre (deiseanna cian-oibre) a chur leis anuas ar an dá chineál atá ann cheana féin, agus leathnaíonn sé tuilleadh raon feidhme pearsanta na gceart sin chun go gcuimseofar gach cúramóir agus oibrí a bhfuil leanaí acu suas go dtí aois áirithe, arb é dhá bhliain déag ar a laghad an aois sin.

Chun tuismitheoirí atá ag obair a bhfuil leanaí óg acu agus cúramóirí a spreagadh fanacht sa mhargadh saothair, ba cheart go mbeidís in ann a sceidil oibre a chur in oiriúint dá riachtanais agus dá dtosaíochtaí pearsanta.

Dá bhrí sin, cuireann an fhoráil seo an deis ar fáil do na hoibrithe thuasluaite leas a bhaint as (i) laghdú ar uaireanta oibre, (ii) sceidil don obair sholúbtha, agus (iii) féidearthachtaí don chian-obair.

Chun riachtanais na bhfostóirí agus na noibrithe a chur san áireamh, tugann an fhoráil seo an deis do na Ballstáit teorainn a chur le ré na socruithe cian-oibre. Tá an fhéidearthacht seo ábharthach go sonrach don obair pháirt-aimseartha. Cé gur léiríodh go bhfuil an socrú seo úsáideach chun deis a thabhairt do mhná fanacht sa mhargadh saothair tar éis dóibh leanaí a bheith acu, chonacthas freisin go bhféadfadh sé gurb é a leanfadh as tréimhse fhada líon laghdaithe uaireanta oibre ná go mbeadh ranníocaíochtaí slándála sóisialta níos ísle ann agus as sin gur teidlíochtaí pinsin atá laghdaithe nó nach ann dóibh ar chor ar bith a bheadh mar thoradh air sin tráth níos faide anonn.

Airteagal 10 – Cearta fostaíochta

Forálann an Treoir maidir le Saoire do Thuismitheoirí (2010/18/AE) cheana féin do chearta fostaíochta áirithe agus áirithítear leis an Treoir sin nach dtarlódh cóir neamhfhabhrach rud a fhágann go bhfuil oibrithe in ann a gceart chun saoire do thuismitheoirí a theachtadh 11 . Áirítear leis sin an ceart filleadh ar an bpost céanna nó, mura bhfuil sé sin indéanta, ar phost coibhéiseach nó comhchosúil, chomh maith leis an gceart cearta atá faighte ag an oibrí nó atá á bhfáil ag an oibrí amhail an dáta a dtosaíonn an tsaoire do thuismitheoirí a choinneáil. Ar deireadh, spreagann an Treoir oibrithe agus fostóirí chun teagmháil a choinneáil le chéile le linn na tréimhse saoire agus socruithe a dhéanamh le haghaidh aon bhearta ath-lánpháirtithe iomchuí.

Leis an bhforáil maidir le saoire tá sé beartaithe tacú le tuismitheoirí agus cúramóirí atá ag obair le linn tréimhsí sonracha ama; tá sé sin dírithe ar iad a choinneáil sa mhargadh saothair agus é sin a chur chun cinn fad atá siad ag tabhairt aghaidh ar a bhfreagrachtaí sa bhaile.

Chun go mbeidh an méid sin indéanta, forbraíonn an fhoráil seo na cearta atá cheana ann agus forálann sí freisin do chosaint íosta atá le tabhairt do chearta fostaíochta tuismitheoirí agus cúramóirí trí chead a thabhairt dóibh filleadh ar a bpost (nó ar phost coibhéiseach), chun go bhféadfadh siad tairbhiú d’aon fheabhas ar dhálaí oibre le linn a neamhláithreacha, na cearta atá faighte acu a choinneáil agus a gcaidreamh fostaíochta a choinneáil le linn dóibh a bheith ar saoire.

Airteagal 11 – Neamh-idirdhealú

Tugann an Treoir maidir le Saoire do Thuismitheoirí cosaint cheana féin d’oibrithe ar chóir nach bhfuil chomh fabhrach a chur orthu as cur isteach ar shaoire do thuismitheoirí nó má ghlacann siad saoire do thuismitheoirí. Thairis sin, cuireann Airteagal 19(1) de Threoir 2006/54/CE ualach an chruthúnais ar an bhfostóir i gcás ina ndéantar sárú ar phrionsabal na córa comhionainne. Sonraítear in Airteagal 19(4) de Threoir 2006/54 go bhfuil feidhm freisin ag an riail sin i dtaca leis an ualach cruthúnais maidir leis an Treoir maidir le Saoire do Thuismitheoirí; tá an tagairt don Treoir maidir le Saoire do Thuismitheoirí atá i dTreoir 2006/54 fós slán mar go bhforordaítear sa Treoir seo go ndéanfar tagairtí don Treoir maidir le Saoire do Thuismitheoirí a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo.

Déantar an chosaint a thugtar faoi láthair sa Treoir maidir le Saoire do Thuismitheoirí a choimeád agus a leathnú sa chaoi go bhfuil oibrithe a bhaineann leas as cineálacha eile saoire nó as socruithe solúbtha oibre cosanta freisin ar chóir nach bhfuil chomh fabhrach agus idirdhealú as cur isteach ar chearta áirithe a dheonaítear leis an Treoir seo nó mar gheall gur úsáid siad cearta áirithe a dheonaítear leis an Treoir seo.

Airteagal 12 – Cosaint ar dhífhostú agus dualgas cruthúnais

Tugann an Treoir maidir le Saoire do Thuismitheoirí (2010/18/AE) cosaint cheana féin ar dhífhostú ar an bhforas go ndéantar iarratas ar shaoire do thuismitheoirí nó go nglactar saoire do thuismitheoirí.

Tá sé mar aidhm ag an bhforáil seo an chosaint reatha d’oibrithe a choinneáil agus an chosaint sin a leathnú trí chosaint ar dhífhostú a sholáthar d’oibrithe a bhaineann leas as saoire atharthachta 12 , saoire do thuismitheoirí 13 , saoire cúramóirí agus socruithe solúbtha oibre le linn na tréimhse dá ndéanann siad iarratas ar na cearta sin nó a mbaineann siad úsáid as na cearta sin.

Más rud é, in ainneoin na cosanta sin, go measann oibrí go ndearnadh é nó í a dhífhostú ar an bhforas gur chuir sé nó sí isteach ar na cearta dá dtagraítear in Airteagal 4, in Airteagal 5 nó in Airteagal 6, nó ar an bhforas go bhfuil na cearta sin á dteachtadh aige nó aici, nó ar an bhforas go bhfuil an ceart chun socruithe maidir le hobair sholúbtha dá dtagraítear in Airteagal 9 á theachtadh aige nó aici, cuireann an fhoráil seo an tualach ar an bhfostóir a chruthú go raibh an dífhostú dlite ar chúiseanna oibiachtúla eile.

Airteagal 13 - Pionóis

Cuirtear ceangal leis an bhforáil seo ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha, maidir le sáruithe na noibleagáidí faoin Treoir seo agus maidir lena áirithiú go bhfuiltear dá gcomhlíonadh.

Airteagal 14 – Cosaint ar chóir dhíobhálach nó ar iarmhairtí díobhálacha

Ceanglaíonn an fhoráil seo ar an Ballstáit go ndéanfar cosaint bhreithiúnach leormhaith ar aon chóir dhíobhálach nó aon iarmhairtí díobhálacha ó thaobh an fhostóra de a sholáthar d’oibrithe a dhéanann gearán faoi sháruithe ar fhoráil náisiúnta a ghlactar de bhun na Treorach seo, agus d’uireasa na cosanta sin nach mbeadh sé indéanta prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme go héifeachtach.

Airteagal 15 – Comhlachtaí comhionannais

Forálann Treoir 2006/54/CE cheana féin go ndéanfaidh na Ballstáit comhlacht nó comhlachtaí a ainmniú chun cóir chomhionann do gach duine a chur chun cinn, anailís agus faireachán a dhéanamh air sin, agus tacú leis an gcóir chomhionann sin gan idirdhealú ar fhorais ghnéis, lena náirítear aon chóir nach bhfuil chomh fabhrach i leith ban mar gheall ar thoircheas nó máithreachas.

Bunaítear leis an bhforáil seo gur cheart go mbeadh comhlachtaí náisiúnta comhionannais inniúil sna réimsí dá gcuimsítear sa Treoir seo. Ba cheart go ndéanfadh sé seo, ar lámh amháin, athneartú ar leibhéal na cosanta le haghaidh na gceart dá bhforáiltear sa Treoir seo, agus ar an lámh eile, faireachán ar a cur chun feidhme.

Airteagal 16– Leibhéal na cosanta

I bhfianaise acquis AE atá cheana ann agus atá trasuite sna Ballstáit agus i bhfianaise chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, go háirithe i dtaca le saoire do thuismitheoirí, ba cheart béim a chur air go gcaomhnaíonn an togra seo na cearta atá deonaithe cheana faoi na Treoracha Eorpacha maidir le comhionannas inscne agus go bhforbraíonn an togra seo iad ar mhaithe le feabhas a chur ar chearta do mhná agus fir araon.

Is foráil chaighdeánach é seo a thugann deis do na Ballstáit leibhéal níos airde cosanta a thabhairt thar a bhfuil ráthaithe leis an Treoir.

Airteagal 17 – Faisnéis a leathadh

Tá sé mar aidhm ag an bhforáil seo ardú feasachta maidir leis na cearta a dheonaítear leis an treoir seo, agus freisin maidir le cearta eile sa réimse céanna atá ar marthain cheana féin, a áirithiú sna Ballstáit.

Airteagal 18 – Tuairisciú agus athbhreithniú

Is foráil chaighdeánach é seo lena mbunaítear an oibleagáid ar Bhallstáit faisnéis i dtaca le cur i bhfeidhm an Treorach seo a chur in iúl don Choimisiún agus an oibleagáid ar an gCoimisiún tuairisciú chuig an gcomhreachtóir maidir leis an bpointe seo agus, má mheasann sé gur riachtanach sin, tograí a dhéanamh chun an Treoir a athbhreithniú agus a nuashonrú.

Airteagal 19 – Aisghairm

San iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir maidir le Saoire do Thuismitheoirí (2010/18/EU), tá téacs an chomhaontaithe réime idir na comhpháirtithe sóisialta ina leagtar síos forálacha sonracha maidir le saoire do thuismitheoirí. Ós rud é nach raibh na comhpháirtithe sóisialta in ann teacht ar chomhaontú maidir leis an gcomhaontú réime sin a athchaibidliú chun na feabhsúcháin riachtanacha a thabhairt isteach i leith an chórais reatha maidir le saoire do thuismitheoirí, chinn an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, athruithe reachtacha a mholadh.

Nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil leasú ar ghníomh le déanamh trí leas a bhaint as an mbunús dlí céanna a úsáideadh nuair a bhí an gníomh bunaidh á ghlacadh, rud nach bhfuil indéanta sa chás seo mar gheall ar an mbunús dlí ar leith a úsáidtear le haghaidh reachtaíocht atá bunaithe ar chomhaontuithe na gcomhpháirtithe sóisialta, meastar gurb í an rogha dhlíthiúil is oiriúnaí atá ar fáil ná an Treoir maidir le Saoire do Thuismitheoirí a aisghairm agus Treoir eile a chur ina hionad. Meastar freisin go bhfuil gníomh cuimsitheach aonair ar an rogha is fearr, ar chúiseanna trédhearcachta, simplithe, deimhneachta dlíthiúla agus in-fhorfheidhmitheachta na gceart.

Ba cheart a thabhairt ar aird, nach ndéanann an togra seo na cearta atá ar marthain faoi láthair a laghdú in aon slí, ach go bhforbraíonn sé acquis AE atá ann cheana agus go bhfuil sé mar aidhm aige na cearta atá ag tuismitheoirí agus cúramóirí a bhíonn ag obair a leathnú nó a atreisiú.

Dá thoradh sin, sonraítear san fhoráil seo an dáta a ndéanfar Treoir 2010/18/AE a aisghairm, agus ag an am céanna sonraítear go ndéanfar na tagairtí uile don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir nua.

Airteagal 20 – Trasuí

Bunaítear leis an bhforáil seo an uastréimhse a bheidh ar fáil don Bhallstát sin chun Treoir a thrasuí ina dhlí náisiúnta agus na téacsanna ábhartha a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Tá an tréimhse ama sin socraithe ag dhá bhliain. Thairis sin, leagtar béim air leis gur féidir leis na Ballstáit, de bhun Airteagal 153(3) CFAE, cur chun feidhme na Treorach seo a chur ar iontaoibh na gComhpháirtithe Sóisialta, i gcásanna ina niarrann na Comhpháirtithe Sóisialta é sin a dhéanamh agus a fhad agus go ndéanann na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú gur féidir leo na torthaí arna lorg faoin Treoir seo a ráthú i gcónaí.

Airteagal 21 – Teacht i bhfeidhm

Is foráil chaighdeánach é seo lena sonraítear go dtiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe san Iris Oifigiúil.

Airteagal 22 – Seolaithe

Is foráil chaighdeánach é seo maidir leis na seolaithe, á dhéanamh soiléir go bhfuil an Treoir seo dírithe chuig na Ballstáit.

2017/0085 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena naisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 153 (1) (i) agus 153(2)(b)] de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 14 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 15 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Le hAirteagal 153(1)(i) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cuirtear ar chumas an Aontais tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí na mBallstát, i réimse an chomhionannais idir fir agus mná i ndáil le deiseanna sa mhargadh saothair agus le cóir chomhionann san obair agus na gníomhaíochtaí sin a chomhlánú.

(2)Is prionsabal bunúsach de chuid an Aontais é comhionannas idir fir agus mná. De réir Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach is ceann d’aidhmeanna an Aontais é cur chun cinn an chomhionannais idir fir agus mná. Ar an gcaoi chéanna, ceanglaítear le hAirteagal 23 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh nach mór an comhionannas idir mná agus fir a áirithiú i ngach réimse, lena náirítear fostaíocht, obair agus pá.

(3)Le hAirteagal 33 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, foráiltear go mbeidh ag gach duine an ceart chun cosaint a fháil ar dhífhostú ar chúis atá bainteach le máithreachas agus an ceart chun saoire mháithreachais le pá agus chun saoire do thuismitheoir tar éis breithe nó uchtála linbh, chun gur féidir comhréiteach a fháil idir saol an teaghlaigh agus an saol gairmiúil.

(4)Is páirtí é an tAontas i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas. Dá bhrí sin, ó theacht i bhfeidhm dó, is cuid lárnach de dhlíchóras an Aontais Eorpaigh iad forálacha an Choinbhinsiúin sin agus ní mór reachtaíocht an Aontais a léirmhíniú, a mhéid is féidir, ar bhealach atá comhsheasmhach leis an gCoinbhinsiún. Foráiltear in Airteagal 7 den Choinbhinsiún, i measc nithe eile, go ndéanfaidh na páirtithe gach beart is gá chun a áirithiú go mbeidh leanaí atá faoi mhíchumas in ann leas iomlán a bhaint as cearta uile an duine agus as saoirsí bunúsacha ar bhonn cothrom le leanaí eile.

(5)Ba cheart beartais maidir le cothromaíocht oibre is saoil a bheith ina gcuidiú chun comhionannas inscne a bhaint amach trí rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair a chur chun cinn, trína dhéanamh níos fusa d’fhir freagrachtaí cúraim a chomhroinnt ar bhonn comhionann le mná, agus trí bhearnaí idir na hinscní maidir le tuillimh agus pá a dhúnadh. Ba cheart na beartais sin athruithe déimeagrafacha a chur san áireamh, lena náirítear na héifeachtaí a bhíonn ag daonra atá ag dul in aois.

(6)Ar leibhéal an Aontais, i roinnt Treoracha i réimsí an chomhionannais inscne agus na ndálaí oibre tá aghaidh tugtha cheana ar shaincheisteanna áirithe atá ábhartha maidir le cothromaíocht oibre is saoil, go háirithe Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 16 , Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 , Treoir 92/85/CEE ón gComhairle 18 , Treoir 97/81/CE ón gComhairle 19 agus Treoir 2010/18/AE ón gComhairle 20 .

(7)Is dúshlán suntasach í cothromaíocht oibre is saoil fós, áfach, do mhórán tuismitheoirí agus oibrithe a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu, a imríonn drochthionchar ar fhostú na mban. Is toisc mhór a chuireann le heaspa ionadaíochta na mban sa mhargadh saothair í an deacracht a bhaineann le hoibleagáidí oibre agus oibleagáidí teaghlaigh a chothromú. Nuair a bhíonn leanaí acu, is nós le mná níos lú uaireanta an chloig a chaitheamh i bhfostaíocht íoctha agus níos mó ama a chaitheamh chun freagrachtaí cúraim neamh-íoctha a chomhlíonadh. Léiríodh go nimrítear drochthionchar ar fhostaíocht na mban, agus uaidh sin go bhfágann roinnt ban an margadh saothar, nuair a bhíonn gaol atá breoite nó gaol cleithiúnach acu.

(8)Le creat dlíthiúil reatha an Aontais cuirtear dreasachtaí teoranta ar fáil d’fhir chun sciar cothrom d’fhreagrachtaí cúraim a ghlacadh chucu féin. Toisc nach ann do shaoire atharthachta agus do shaoire do thuismitheoirí i roinnt Ballstát, cuireann sé sin leis an líon íseal aithreacha a ghlacann saoire den chineál sin. Treisíonn an mhíchothromaíocht i gceapadh na mbeartas maidir le cothromaíocht oibre is saoil idir mná agus fir na héagsúlachtaí idir na hinscní ó thaobh oibre agus cúraim de. Os a choinne sin, léiríodh go mbíonn dea-thionchar ag an úsáid a bhaineann aithreacha as socruithe maidir le cothromaíocht oibre is saoil, amhail saoire nó socruithe solúbtha oibre, maidir le maolú ar an méid coibhneasta d’obair theaghlaigh gan phá a dhéanann mná agus fágann sé níos mó ama dóibh d’fhostaíocht le pá.

(9)Rinne an Coimisiún comhairliúchán dhá chéim leis na comhpháirtithe sóisialta maidir leis na dúshláin a bhaineann le cothromaíocht oibre is saoil, i gcomhréir le hAirteagal 154 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ní raibh comhaontú ann i measc na gcomhpháirtithe sóisialta dul i mbun caibidlíochta maidir leis na nithe sin, saoire do thuismitheoirí san áireamh. Tá sé tábhachtach, áfach, gníomhú sa réimse sin tríd an gcreat dlíthiúil reatha a nuachóiriú agus a oiriúnú, ag cur thorthaí na gcomhairliúchán sin san áireamh, mar aon le torthaí an chomhairliúcháin oscailte phoiblí a rinneadh chun tuairimí na ngeallsealbhóirí agus na saoránach a lorg.

(10)Is iomchuí Treoir 2010/18/AE, lena rialaítear saoire do thuismitheoirí faoi láthair trí chomhaontú réime a chur i bhfeidhm a chuir na comhpháirtithe sóisialta i gcrích, a aisghairm agus treoir eile a chur ina hionad. Cuireann an Treoir seo, go háirithe, leis na rialacha a leagtar síos le Treoir 2010/18/AE agus comhlíonann sé iad trí na cearta atá ann cheana a neartú agus trí chearta nua a thabhairt isteach.

(11)Leis an Treoir seo, leagtar síos na híoscheanglais a bhaineann le saoire atharthachta, le saoire do thuismitheoirí, le saoire cúramóirí agus le socruithe solúbtha oibre do thuismitheoirí agus d’oibrithe a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu. Trí chomhréiteach idir saol na hoibre agus saol an teaghlaigh do thuismitheoirí agus do chúramóirí a éascú, ba cheart an Treoir seo a bheith ina cuidiú leis na spriocanna faoi na Conarthaí maidir le comhionannas idir fir agus mná sa mhargadh saothair, cóir chomhionann san obair agus ardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn san Aontas.

(12)Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir leis na hoibrithe ar fad a bhfuil conarthaí fostaíochta nó caidreamh fostaíochta eile acu. Faoi mar atá faoi láthair faoi Chlásal 2(3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2010/18/AE, ba cheart a áireamh leis sin conarthaí a bhaineann le fostaíocht nó le caidreamh fostaíochta atá ag oibrithe páirtaimseartha, ag oibrithe ar chonarthaí ar théarma seasta nó ag daoine a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta sealadach acu le gníomhaireacht.

(13)Chun comhroinnt níos cothromaí maidir le freagrachtaí cúraim a spreagadh idir mná agus fir, ba cheart an ceart chun saoire atharthachta d’aithreacha, a thógfar ar shaolú linbh, a thabhairt isteach. Chun na difríochtaí i measc na mBallstát a chur san áireamh, ba cheart an ceart chun saoire atharthachta a bheith beag beann ar stádas pósta nó teaghlaigh mar a shainítear sa dlí náisiúnta.

(14)Ós rud é nach mbaineann formhór na naithreacha leas as a gceart chun saoire do thuismitheoirí nó go naistríonn siad sciar suntasach dá dteidlíocht saoire chuig máithreacha, chun an dara tuismitheoir a spreagadh le saoire do thuismitheoirí a ghlacadh, méadaítear leis an Treoir seo, ó mhí amháin go ceithre mhí, tréimhse na saoire do thuismitheoirí nach féidir a aistriú ó thuismitheoir amháin go tuismitheoir eile, fad a choinnítear ceart gach tuismitheora ceithre mhí ar a laghad de shaoire do thuismitheoirí a ghlacadh, dá bhforáiltear i dTreoir 2010/18/AE.

(15) Chun féidearthacht níos mó a sholáthar do thuismitheoirí saoire do thuismitheoirí a úsáid agus a leanaí ag fás aníos, ba cheart an ceart chun saoire do thuismitheoirí a dheonú go dtí go bhfuil an leanbh dhá bhliain déag d’aois ar a laghad. Ba cheart é a bheith ar chumas na mBallstát fad tréimhse an fhógra a shonrú, atá le tabhairt ag an oibrí don fhostóir nuair atá sé ag cur isteach ar shaoire do thuismitheoirí, agus a chinneadh an mbeidh an ceart chun saoire do thuismitheoirí faoi réir tréimhse seirbhíse áirithe. I bhfianaise an mhéadaithe atá tagtha ar éagsúlacht na socruithe conarthacha, ba cheart suim na gconarthaí i ndiaidh a chéile ar théarma seasta leis an bhfostóir céanna a chur san áireamh chun an tréimhse seirbhíse a ríomh. Chun riachtanais na noibrithe agus na bhfostóirí a chothromú, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh an sainíonn siad an gceadaítear don fhostóir deonú na saoire do thuismitheoirí a chur siar faoi imthosca áirithe. I gcásanna mar sin, ba cheart don fhostóir an bonn cirt atá leis an gcur siar a sholáthar.

Ós rud é go neascraíonn seans níos fearr as solúbthacht go nglacfaidh dara tuismitheoirí, go háirithe aithreacha, a dteidlíocht maidir le saoire den chineál sin, ba cheart oibrithe a bheith in ann cead a lorg saoire do thuismitheoirí a thógáil ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha nó i gcineálacha eile solúbtha. Ba cheart gur faoin bhfostóir a bheadh sé glacadh nó gan glacadh leis an iarraidh sin ar shaoire do thuismitheoirí i gcineálacha eile solúbtha nach saoire lánaimseartha iad. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a mheas ar cheart na coinníollacha agus na socruithe mionsonraithe maidir le saoire do thuismitheoirí a oiriúnú do riachtanais shonracha na dtuismitheoirí atá i ndálaí míbhuntáisteacha faoi leith.

(16)Chun é a dhéanamh níos éasca filleadh ar an obair tar éis saoire do thuismitheoirí a thógáil, ba cheart oibrithe agus fostóirí a spreagadh le fanacht i dteagmháil le linn na tréimhse saoire agus féadfaidh siad socruithe a dhéanamh maidir le bearta athimeasctha iomchuí, a bheidh le cinneadh idir na comhpháirtithe lena mbaineann, ag cur an dlí náisiúnta, comhaontuithe comhchoiteanna agus cleachtais chomhchoiteanna san áireamh.

(17)Chun deiseanna níos mó a sholáthar ar mhaithe le fanacht mar chuid den lucht saothair d’fhir agus mná atá ag tabhairt aire do bhall teaghlaigh aosta agus/nó gaolta eile a bhfuil gá acu le cúram, ba cheart an ceart a bheith ag oibrithe a bhfuil gaol acu ar a bhfuil trombhreoiteacht nó atá cleithiúnach, am saor ón obair a thógáil i bhfoirm saoire cúramóirí chun aire a thabhairt don ghaol sin. Chun mí-úsáid an chirt sin a chosc, féadfar fianaise ar an trombhreoiteacht nó ar an gcleithiúnas a iarraidh sula ndeonófar saoire.

(18)Sa bhreis ar an gceart chun saoire cúramóirí dá bhforáiltear sa Treoir seo, ba cheart go gcoinneodh gach oibrí a cheart am saor a thógáil ón obair ar bhonn force majeure i gcomhair cúiseanna teaghlaigh práinneacha agus gan choinne, dá bhforáiltear faoi láthair i dTreoir 2010/18/AE, faoi na coinníollacha arna mbunú ag na Ballstáit.

(19)Chun na dreasachtaí maidir leis na tréimhsí saoire dá bhforáiltear sa Treoir seo a mhéadú d’oibrithe a bhfuil clann agus freagrachtaí cúraim orthu, ba cheart iad a bheith i dteideal liúntas leordhóthanach agus iad ar saoire. Ba cheart leibhéal an liúntais a bheith coibhéiseach, ar a laghad, lena bhfaigheadh an toibrí lena mbaineann i gcás saoire breoiteachta. Ba cheart do na Ballstáit an tábhacht a bhaineann le leanúnachas na dteidlíochtaí maidir le slándáil shóisialta, lena náirítear cúram sláinte, a chur san áireamh.

(20)I gcomhréir le Treoir 2010/18/AE, tá sé de cheangal ar na Ballstáit an stádas atá ag conradh fostaíochta nó ag caidreamh fostaíochta a shainiú do thréimhse na saoire do thuismitheoirí. I gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, coinnítear, dá bhrí sin, an caidreamh fostaíochta idir an toibrí agus a fhostóir le linn na tréimhse saoire agus, mar thoradh air sin, chun críocha dhlí an Aontais, le linn na tréimhse sin, is oibrí é tairbhí na saoire sin fós. Agus an stádas atá ag conradh fostaíochta nó ag caidreamh fostaíochta á shainiú le linn na tréimhse saoire dá gcumhdaítear leis an Treoir seo, lena náirítear teidlíochtaí maidir le slándáil shóisialta, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, dá bhrí sin, go gcoinnítear an caidreamh fostaíochta.

(21)Chun tuismitheoirí a bhíonn ag obair agus cúramóirí a spreagadh chun fanacht mar chuid den lucht saothair, ba cheart na hoibrithe sin a bheith in ann a sceidil oibre a chur in oiriúint dá riachtanais phearsanta agus dá dtosaíochtaí pearsanta. Dá bhrí sin, ba cheart tuismitheoirí agus cúramóirí a bhíonn ag obair a bheith ábalta socruithe solúbtha oibre a iarraidh, rud a chiallaíonn go mbeadh an fhéidearthacht ag oibrithe a bpátrúin oibre a athrú, lena náirítear trí úsáid a bhaint as socruithe maidir le hobair go cianda, sceidil sholúbtha oibre, nó laghdú ar uaireanta oibre, chun críocha cúraim. Chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na noibrithe agus na bhfostóirí, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann teorainn a chur le fad na socruithe solúbtha oibre, lena náirítear laghdú ar líon na nuaireanta oibre. Cé gur léiríodh go bhfuil obair pháirtaimseartha úsáideach maidir le cur ar chumas roinnt ban fanacht sa mhargadh saothair tar éis dóibh leanaí a bheith acu, d’fhéadfadh ranníocaíochtaí slándála sóisialta níos ísle a bheith mar thoradh ar thréimhsí fada uaireanta oibre laghdaithe, rud a chruthódh teidlíochtaí pinsin atá laghdaithe nó nach ann dóibh ar chor ar bith. Ba cheart an cinneadh deireanach a bheith ag an bhfostóir i leith glacadh nó gan glacadh le hiarraidh ó oibrí maidir le socruithe oibre solúbtha. D’fhéadfadh athrú teacht ar dhálaí sonracha, a thabharfadh bunús le socruithe oibre solúbtha. Dá bhrí sin, ba cheart an ceart a bheith ag oibrithe ní hamháin filleadh ar a ngnáthphatrúin oibre ag deireadh tréimhse comhaontaithe áirithe, ach freisin, ba cheart iad a bheith in ann a leithéid a iarraidh aon uair ina bhfuil gá leis mar thoradh ar athrú ar na bun-imthosca.

(22)Tá sé mar aidhm ag socruithe saoire tacú le tuismitheoirí agus cúramóirí a bhíonn ag obair le linn tréimhse áirithe ama, agus tá siad dírithe ar a nasc leanúnach leis an margadh saothair a choinneáil agus a spreagadh. Dá bhrí sin, is iomchuí go ndéanfaí foráil shainráite chun cearta fostaíochta na noibrithe atá ag tógáil saoire a chumhdaítear leis an Treoir seo a chosaint, agus go háirithe a gceart filleadh ar an bpost céanna nó post comhionann, agus gan aon dochar a bheith ann dá dtéarmaí agus dá gcoinníollacha mar thoradh ar a neamhláithreacht. Ba cheart oibrithe a dteidlíocht maidir le cearta ábhartha atá faighte acu cheana, nó atá á bhfáil acu faoi láthair, a choinneáil go dtí go mbeidh an tsaoire sin thart.

(23)Ba cheart oibrithe a fheidhmíonn a gceart chun saoire nó socruithe solúbtha oibre a iarraidh a chosaint ar idirdhealú nó ar aon chóir is lú fabhar ar an bhforas sin.

(24)Ba cheart oibrithe a fheidhmíonn a gcearta saoire a thógáil nó socruithe solúbtha oibre a iarraidh, dá bhforáiltear sa Treoir seo, a chosaint ar dhífhostú agus ar aon ullmhú maidir le dífhostú féidearthach ar an bhforas go ndearna siad iarraidh ar shaoire, nó go bhfuil an tsaoire sin tógtha acu nó go bhfuil an ceart socruithe solúbtha oibre den chineál sin a iarraidh feidhmithe acu. Nuair a mheasann oibrithe gur dífhostaíodh iad ar an bhforas sin, ba cheart iad a bheith in ann a iarraidh ar an bhfostóir foras cuí-réasúnaithe don dhífhostú a sholáthar.

(25)An dualgas cruthúnais nár tharla dífhostú ar an bhforas go ndearna oibrithe iarraidh ar an tsaoire, nó gur thóg siad an tsaoire, dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 5 nó Airteagal 6, nó gur fheidhmigh siad an ceart socruithe solúbtha oibre a iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 9, ba cheart gur ar an bhfostóir a thitfeadh sé má bhunaíonn oibrithe, os comhair cúirte nó údaráis inniúil eile, fíricí ónar féidir toimhde a dhéanamh de go ndearnadh iad a dhífhostú ar fhorais den sórt sin.

(26)Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha i gcás go sáraítear na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo nó na forálacha ábhartha atá i bhfeidhm cheana a bhaineann leis na cearta atá laistigh de raon feidhme na Treorach seo. Éilítear le cur chun feidhme éifeachtach phrionsabal na córa comhionainne go mbeadh cosaint bhreithiúnach leordhóthanach ag oibrithe ar chóir dhíobhálacha nó ar iarmhairtí díobhálacha a eascraíonn as gearán nó as imeacht a bhaineann leis na cearta faoin Treoir seo. D’fhéadfadh go dtabharfaí ar íospartaigh gan a gcearta a fheidhmiú mar gheall ar riosca frithbheartaíochta agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a chosaint ar aon chóir dhíobhálach nuair a fheidhmíonn siad a gcearta dá bhforáiltear sa Treoir seo. Tá an chosaint sin ábhartha go háirithe maidir le hionadaithe oibrithe atá i mbun fheidhmiú a bhfeidhme.

(27)D’fhonn leibhéal cosanta na gcearta dá bhforáiltear sa Treoir seo a fheabhsú tuilleadh, ba cheart go mbeadh comhlachtaí comhionannais náisiúnta inniúil freisin sna réimsí dá gcumhdaítear sa Treoir seo.

(28)Leis an Treoir seo, leagtar síos íoscheanglais, sa chaoi is go dtugtar an rogha do na Ballstáit forálacha níos fabhraí a thabhairt isteach nó a choinneáil. Ba cheart go mbeadh feidhm fós ag cearta a fuarthas faoin gcreat reachtúil atá ann cheana, mura dtugtar forálacha níos fabhraí isteach leis an Treoir seo. Ní féidir cur chun feidhme na Treorach seo a úsáid chun maolú ar na cearta atá ann cheana féin atá leagtha amach i reachtaíocht an Aontais atá ann cheana sa réimse seo, ná ní fhéadfaidh sé a bheith mar fhoras bailí chun leibhéal ginearálta na cosanta a thugtar d’oibrithe sa réimse dá gcumhdaítear sa Treoir seo a laghdú.

(29)Go háirithe, níor cheart aon ní sa Treoir seo a léiriú amhail go laghdaítear cearta atá ann cheana féin faoi Threoir 2010/18/AE agus faoi Threoir 2006/54/CE, lena náirítear Airteagal 19 den Treoir sin. Ba cheart gach tagairt don Treoir aisghairthe 2010/18/AE a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo.

(30)Ba cheart don Treoir seo staonadh ó shrianta riarthacha, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur a bheadh ina mbac ar bhunú nó ar fhorbairt gnóthas beag agus meánmhéide. Dá bhrí sin, tugtar cuireadh do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag a ngníomh trasuite ar FBManna d’fhonn a áirithiú nach mbeidh éifeacht dhíréireach aige ar FBManna, le haird faoi leith ar mhicrifhiontair agus ar ualach riaracháin.

(31)Féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme na Treorach seo a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta go comhpháirteach, i gcásanna ina niarrann na comhpháirtithe sóisialta é sin a dhéanamh agus a fhad agus go ndéanann na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú gur féidir leo na torthaí arna lorg faoin Treoir seo a ráthú i gcónaí.

(32)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais idir fir agus mná sa mhargadh saothair agus cóir chomhionann san obair a áirithiú ar fud an Aontais, a bhaint amach go leordhóthanach, ach gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Treoir seo, leagtar síos na híoscheanglais atá ceaptha comhionannas a bhaint amach idir fir agus mná maidir le deiseanna sa mhargadh saothair agus maidir le cóir chomhionann san obair trí chomhréiteach idir saol na hoibre agus saol an teaghlaigh do thuismitheoirí agus do chúramóirí a éascú.

Chuige sin, déantar foráil léi do chearta aonair a bhaineann le:

(a) saoire atharthachta, saoire do thuismitheoirí agus saoire cúramóirí;

(b) socruithe oibre solúbtha do thuismitheoirí agus do chúramóirí atá i mbun fostaíochta.

Airteagal 2

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le gach oibrí, idir fhir agus mhná, a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) ciallaíonn “saoire atharthachta” saoire ón obair d’aithreacha atá le tógáil ar shaolú linbh;

(b) ciallaíonn “saoire do thuismitheoirí” saoire ón obair ar an bhforas gur saolaíodh nó gur uchtaíodh leanbh chun aire a thabhairt don leanbh sin;

(c) ciallaíonn “cúramóir” oibrí a sholáthraíonn cúram pearsanta nó tacaíocht i gcás breoiteacht thromchúiseach nó i gcás go mbeadh gaol leo cleithiúnach;

(d) ciallaíonn “gaol” mac, iníon, máthair, athair, céile oibrí nó a pháirtí i bpáirtnéireacht shibhialta, i gcás ina bhfuil páirtnéireachtaí den chineál sin leagtha síos sa dlí náisiúnta;

(e) ciallaíonn “cleithiúnas” cás ina mbíonn gá ag duine, go sealadach nó go buan, le cúram mar gheall ar mhíchumas nó ar riocht sláinte tromchúiseach nach galar tromchúiseach é;

(f) ciallaíonn “socruithe solúbtha oibre” an fhéidearthacht d’oibrithe a phatrúin oibre a athrú, lena náirítear trí úsáid socruithe maidir le hobair go cianda, sceidil sholúbtha oibre, nó laghdú ar uaireanta oibre.

Airteagal 4

Saoire atharthachta

1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an ceart ag aithreacha saoire atharthachta deich lá oibre ar a laghad a thógáil ar shaolú linbh.

2. Deonófar an ceart chun saoire atharthachta dá dtagraítear i mír 1, beag beann ar stádas pósta nó teaghlaigh mar a shainítear sa dlí náisiúnta.

Airteagal 5

Saoire do thuismitheoirí

1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an ceart aonair ag oibrithe saoire do thuismitheoirí, a mhairfidh ceithre mhí ar a laghad, a thógáil sula mbeidh an leanbh in aois áirithe, dhá bhliain déag d’aois ar a laghad.

2. I gcás ina gceadaíonn na Ballstáit do thuismitheoir amháin a theidlíocht maidir le saoire do thuismitheoirí a aistriú chuig an tuismitheoir eile, áiritheoidh siad nach féidir ar a laghad ceithre mhí de shaoire do thuismitheoirí a aistriú.

3. Bunóidh na Ballstáit tréimhse fógra a bheidh le tabhairt ag oibrithe do na fostóirí agus an ceart chun saoire do thuismitheoirí á fheidhmiú acu. Agus an méid sin á dhéanamh acu, cuirfidh na Ballstáit riachtanais na bhfostóirí agus na noibrithe araon san áireamh. Áiritheoidh na Ballstáit go sonrófar tús agus deireadh beartaithe na tréimhse saoire in iarraidh an oibrithe.

4. Féadfaidh na Ballstáit an ceart chun saoire do thuismitheoirí a chur faoi réir tréimhse cáilíochta oibre nó faoi réir cáilíocht fad seirbhíse nach mairfidh níos faide ná bliain amháin. I gcás conarthaí ar théarma seasta i ndiaidh a chéile, de réir bhrí Threoir 1999/70/CE ón gComhairle 21 , leis an bhfostóir céanna, cuirfear suim na gconarthaí sin san áireamh chun an tréimhse cháilithe a ríomh.

5. Féadfaidh na Ballstáit na himthosca a shainiú inar féidir le fostóir, tar éis comhairliúchán a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le comhaontuithe comhchoiteanna agus/nó le cleachtas, deonú saoire do thuismitheoirí a chur siar ar feadh tréimhse réasúnach ama ar choinníoll go gcuirfeadh sé as go mór d’fheidhmiú ceart an ghnólachta. Tabharfaidh fostóirí bonn cirt i scríbhinn le haon chur siar ar shaoire do thuismitheoirí.

6. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil an ceart ag oibrithe saoire do thuismitheoirí a iarraidh freisin ar bhonn páirt-aimseartha, i sealanna atá scartha óna chéile le tréimhsí oibre nó i gcineálacha eile solúbtha. Breithneoidh fostóirí na hiarrataí sin agus tabharfaidh siad freagra orthu, agus riachtanais na bhfostóirí agus na noibrithe araon á gcur san áireamh acu. Tabharfaidh fostóirí bonn cirt i scríbhinn le haon diúltú ar iarraidh den chineál sin.

7. Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an ngá atá le coinníollacha rochtana agus na socruithe mionsonraithe maidir le hiarraidh ar shaoire do thuismitheoirí a oiriúnú do na riachtanais atá ag tuismitheoirí uchtála, tuismitheoirí faoi mhíchumas agus tuismitheoirí a bhfuil leanaí atá faoi mhíchumas nó a bhfuil breoiteacht fhadtréimhseach orthu.

Airteagal 6

Saoire cúramóirí

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an ceart ag oibrithe saoire cúramóirí cúig lá oibre ar a laghad in aghaidh an oibrí a ghlacadh gach bliain. D’fhéadfadh sé go mbeadh an ceart sin faoi réir cruthúnas iomchuí maidir leis an riocht sláinte atá ar ghaol an oibrí.

Airteagal 7

Am saor ón obair ar bhonn force majeure

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil an ceart ag oibrithe am saor a thógáil ón obair ar bhonn force majeure i gcomhair cúiseanna práinneacha teaghlaigh i gcásanna breoiteachta nó tionóisce ina mbeadh sé riachtanach go mbeadh an toibrí i láthair láithreach. Féadfaidh na Ballstáit teorainn tréimhse áirithe ama in aghaidh na bliana nó in aghaidh an cháis, nó iad araon, a chur ar an gceart chun am a thógáil saor ón obair ar bhonn force majeure.

Airteagal 8

Ioncam leordhóthanach

I gcomhréir leis na himthosca náisiúnta, amhail an dlí náisiúnta, comhaontuithe comhchoiteanna agus/nó cleachtas, agus ag cur na gcumhachtaí arna dtarmligean chuig na comhpháirtithe sóisialta san áireamh, áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh oibrithe a fheidhmíonn an ceart chun saoire dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 5 nó Airteagal 6, pá nó liúntas leordhóthanach atá ar a laghad coibhéiseach leis an méid a gheobhaidh an toibrí lena mbaineann i gcás saoire bhreoiteachta.

Airteagal 9

Socruithe solúbtha oibre

1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an ceart socruithe solúbtha oibre chun críocha cúraim a iarraidh ag oibrithe ag a bhfuil leanaí atá faoi aois áirithe, arb é dhá bhliain déag ar a laghad an aois sin. Féadfar fad na socruithe solúbtha oibre sin a chur faoi réir teorainn réasúnta.

2. Breithneoidh fostóirí iarrataí maidir le socruithe solúbtha oibre dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh siad freagra orthu, agus riachtanais na bhfostóirí agus na noibrithe araon á gcur san áireamh acu. Tabharfaidh fostóirí bonn cirt le haon diúltú ar iarraidh den chineál sin.

3. Nuair a bhíonn teorainn le fad na socruithe solúbtha oibre dá dtagraítear i mír 1, beidh an ceart ag an oibrí filleadh ar an ngnáthphatrún oibre ag deireadh na tréimhse comhaontuithe. Beidh an ceart ag an oibrí freisin a iarraidh go bhfillfeadh sé ar an ngnáthphatrún oibre nuair a bhíonn bonn cirt leis mar thoradh ar athrú ar imthosca. Beidh ar na fostóirí na hiarrataí sin a bhreithniú agus freagra a thabhairt orthu, agus riachtanais na bhfostóirí agus na noibrithe araon á gcur san áireamh acu.

Airteagal 10

Cearta fostaíochta

1. Coinneofar cearta atá faighte ag na hoibrithe, nó atá á bhfáil acu ar an dáta a thosaíonn an tsaoire dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 5 nó Airteagal 6 go dtí deireadh na saoire sin. Ag deireadh na saoire sin, beidh feidhm ag na cearta sin, lena náirítear aon athruithe a eascraíonn ón dlí náisiúnta, ó chomhaontuithe comhchoiteanna nó ó chleachtais chomhchoiteanna.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh oibrithe i dteideal, ag deireadh na saoire dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 5 nó Airteagal 6, filleadh ar a bpoist nó ar phoist chomhionanna lena mbaineann téarmaí agus coinníollacha nach lú fabhar iad dóibh, agus go mbeidh siad i dteideal tairbhe a bhaint as aon fheabhas ar choinníollacha oibre a mbeidís ina dteideal le linn a neamhláithreachta.

3. Saineoidh na Ballstáit an stádas atá ag conradh fostaíochta nó ag caidreamh fostaíochta don tréimhse saoire dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 5 nó Airteagal 6, lena náirítear maidir le teidlíochtaí i leith na slándála sóisialta, agus iad ag áirithiú go gcoinnítear an caidreamh fostaíochta le linn na tréimhse sin.

Airteagal 11

Neamh-idirdhealú

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cosc a chur ar chóir is lú fabhar d’oibrithe ar an bhforas go ndearna siad iarraidh ar an tsaoire, nó gur thóg siad an tsaoire, dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 5 nó Airteagal 6 nó ar an bhforas gur fheidhmigh siad a gceart chun socruithe solúbtha oibre dá dtagraítear in Airteagal 9.

Airteagal 12

Cosaint ar dhífhostú agus dualgas cruthúnais

1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cosc a chur ar dhífhostú oibrithe agus gach ullmhú chun oibrithe a dhífhostú, ar an bhforas go ndearna siad iarraidh ar an tsaoire, nó gur thóg siad an tsaoire, dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 5 nó Airteagal 6, nó gur fheidhmigh siad an ceart socruithe solúbtha oibre a iarraidh dá thagraítear in Airteagal 9.

2. Oibrithe a mheasann gur dífhostaíodh iad ar an bhforas go ndearna siad iarraidh ar an tsaoire, nó gur thóg siad an tsaoire, dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 5 nó Airteagal 6, nó gur fheidhmigh siad an ceart socruithe solúbtha oibre a iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 9, féadfaidh siad iarraidh ar an bhfostóir foras cuí-réasúnaithe don dífhostú a sholáthar. Déanfaidh an fostóir an foras sin a sholáthar i scríbhinn.

3. Má shuíonn na hoibrithe dá dtagraítear i mír 2, os comhair cúirte nó údarás inniúil eile, fíricí as ar féidir a thoimhdiú go raibh dífhostú den chineál sin ann, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh sé faoin bhfreagróir a chruthú go raibh foras leis an dífhostú nárbh aon cheann díobh sin dá dtagraítear i mír 1 é.

4. Ní chuirfidh mír 3 cosc ar na Ballstáit rialacha fianaise a thabhairt isteach atá níos fabhraí do ghearánaithe.

5. Ní gá do na Ballstáit mír 3 a chur i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta ina bhfuil sé faoin gcúirt nó faoin gcomhlacht inniúil fíorais an cháis a imscrúdú.

6. Ní bheidh feidhm ag mír 3 maidir le nósanna imeachta coiriúla, mura bhforáiltear a mhalairt sna Ballstáit.

Airteagal 13

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo nó na forálacha ábhartha atá i bhfeidhm cheana maidir leis na cearta atá laistigh de raon feidhme na Treorach seo. Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin i bhfeidhm. Beidh pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. D’fhéadfadh fíneáil a bheith i gceist. D’fhéadfadh freisin go mbeadh íocaíocht cúitimh ann.

Airteagal 14

Cosaint ar chóir dhíobhálach nó ar iarmhairtí díobhálacha

Tabharfaidh na Ballstáit na bearta is gá isteach chun oibrithe a chosaint, lena náirítear oibrithe ar ionadaithe iad ar son na bhfostaithe, ar aon chóir dhíobhálach a dhéanann fostóir nó ar iarmhairtí díobhálacha mar thoradh ar ghearán a taisceadh sa ghnólacht nó aon imeachtaí dlíthiúla ar cuireadh tús leo chun comhlíonadh na gceart dá bhforáiltear sa Treoir seo a fhorfheidhmiú.

Airteagal 15

Comhlachtaí comhionannais

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an comhlacht arna ainmniú nó na comhlachtaí arna nainmniú de bhun Airteagal 20 de Threoir 2006/54/CE, chun cóir chomhionann tuismitheoirí agus cúramóirí a chur chun cinn, chun anailís agus faireachán a dhéanamh uirthi agus chun tacú léi, gan idirdhealú ar bhonn inscne, inniúil freisin ó thaobh na saincheisteanna a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.

Airteagal 16

Leibhéal na cosanta

Féadfaidh na Ballstáit forálacha a thabhairt isteach nó a choinneáil atá níos fabhraí ó thaobh na noibrithe de, nach iad na forálacha a leagtar síos sa Treoir seo. Áiritheoidh siad, áfach, go mbeidh ar a laghad ceithre mhí de shaoire do thuismitheoirí fós neamh-inaistritheach i gcomhréir le hAirteagal 5(2).

Airteagal 17

Faisnéis a leathadh

Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar na forálacha arna nglacadh de bhun na Treorach seo, in éineacht leis na forálacha ábhartha atá i bhfeidhm cheana a bhaineann leis an ábhar mar atá leagtha amach in Airteagal 1 den Treoir seo, ar aird do na daoine lena mbaineann ar fud a gcríche, ar gach bealach is féidir.

Airteagal 18

Tuairisciú agus athbhreithniú

1. Cúig bliana ar a dhéanaí tar éis teacht i bhfeidhm na Treorach seo, déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann le cur i bhfeidhm na Treorach seo a chur in iúl don Choimisiún, a bhfuil gá ag an gCoimisiún léi chun tuarascáil a tharraingt suas do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo.

2. Ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn na Ballstáit de bhun mhír 1, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfaidh sé athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na Treorach seo, lena ngabhfaidh togra reachtach, más iomchuí.

Airteagal 19

Aisghairm

Aisghairtear Treoir 2010/18/AE le héifeacht ó dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo. Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn.

Airteagal 20

Trasuí

1. Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm, dhá bhliain tar éis di teacht i bhfeidhm ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

3. Féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme na Treorach seo a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta go comhpháirteach, i gcásanna ina niarrann na comhpháirtithe sóisialta é sin a dhéanamh agus a fhad agus go ndéanann na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú gur féidir leo na torthaí arna lorg faoin Treoir seo a ráthú i gcónaí.

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 22

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) Féach ar an bPreasráiteas ón gCoimisiún Eorpach ó 2015: Bearta a dhéanamh do thuismitheoirí; Tarraingíonn an Coimisiún an togra stadta maidir le saoire mháithreachais siar agus leagann sé amach an bealach i dtreo cur chuige nua.
(2) Maidir leis na bearnaí idir na hinscní san fhostaíocht, tá bearna 24.7 pc ina measc siúd a bhfuil leanbh amháin acu faoi bhun 6 bliana d’aois, bearna 25.6 pc ina measc siúd a bhfuil beirt leanaí acu (an leanbh is óige faoi bhun 6 bliana d’aois) agus bearna 35.4 pc ina measc siúd a bhfuil triúr leanaí nó níos mó acu.
(3) OECD (2013) Closing the Gender Gap.
(4) SWD(2017) 206
(5) http://ec.europa.eu/justice/newsroom/gender-equality/opinion/1511_roadmap_reconciliation_en.htm
(6) “Déanfaidh sé an teisiamh sóisialta agus an tidirdhealú a chomhrac agus an ceartas sóisialta agus an chosaint shóisialta, an comhionannas idir mná agus fir, an dlúthpháirtíocht idir na glúnta agus an chosaint ar chearta an linbh a chur chun cinn.”
(7)

   “Airteagal 23 - Comhionannas idir mná agus fir

Ní mór an comhionannas idir mná agus fir a áirithiú i ngach réimse, lena náirítear fostaíocht, obair agus pá.

Ní chuirfidh prionsabal an chomhionannais cosc ar bhearta a choimeád ar bun nó a ghlacadh lena bhforáiltear do bhuntáistí sonracha i bhfabhar an ghnéis thearcionadaithe.

(8)

   "Airteagal 33 – Saol an teaghlaigh agus an saol gairmiúil

"1. Beidh ag an teaghlach cosaint dhlítheanach, eacnamaíoch agus shóisialta.

2. Chun gur féidir comhréiteach a fháil idir saol an teaghlaigh agus an saol gairmiúil, beidh ag gach duine an ceart chun cosaint a fháil ar dhífhostú ar chúis atá bainteach le máithreachas agus an ceart chun saoire mháithreachais le pá agus chun saoire do thuismitheoir tar éis breithe nó uchtála linbh.

(9) Tagann na croítháscairí a roghnaíodh ó fhoinsí sonraí comparáideacha (Eurostat, ECFE), ach i gcás nach bhfuil aon táscairí ann, féadtar faisnéis a thógáil ó shonraí náisiúnta. Is féidir teacht ar liosta de na táscairí sa Mheasúnú Tionchair.
(10) Clásal 7
(11) Clásal 5.
(12) Baineann Airteagal 16 de Threoir 2006/54 le cosaint ar dhífhostú i gcás saoire atharthachta dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta.
(13) Féach Clásal 5(4) den Treoir maidir le Saoire do Thuismitheoirí.
(14) IO C , , lch. .
(15) IO C , , lch. .
(16) Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23).
(17) Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm agus lena naisghairtear Treoir 86/613/CEE (IO L 180, 15.7.2010, lch. 1).
(18) Treoir 92/85/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe a spreagadh ag an obair i dtaca le sábháilteacht agus sláinte oibrithe toircheasacha agus oibrithe atá tar éis leanbh a shaolú nó atá i mbun beathú cíche (an deichiú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16 (1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 348, 28.11.1992, lch. 1).
(19) Treoir 97/81/CE ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir leis an gComhaontú Réime maidir le hobair pháirtaimseartha a thug UNICE, CEEP agus an ETUC chun críche - Iarscríbhinn: Comhaontú Réime maidir le hobair pháirtaimseartha (IO L 14, 20.1.1988, lch. 9).
(20) Treoir 2010/18/AE ón gComhairle, an 8 Márta 2010, lena ndéantar an Creat-Chomhaontú athbhreithnithe um shaoire do thuismitheoirí a thug BUSINESSEUROPE, UEAPME, CEEP agus CEC chun críche a chur chun feidhme agus lena naisghairtear Treoir 96/34/CE (IO L 68, 18.3.2010, lch. 13).
(21) Treoir ón gComhairle, an 28 Meitheamh 1999 i dtaca leis an gcomhaontú réime maidir le hobair théarma shocraithe a thug ETUC, UNICE agus CEEP chun críche (IO L 175, 10.7.1999, lch.43).
Top

An Bhruiséil,26.4.2017

COM(2017) 253 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n
x001e
aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle

{SWD(2017) 202 final}
{SWD(2017) 203 final}


IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena naisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle

Tábla comhghaoil

Treoir 2010/18/AE ón gComhairle an 8 Márta 2010 lena ndéantar an Chomhaontú Réime athbhreithnithe um shaoire do thuismitheoirí a thug BUSINESSEUROPE, UEAPME, CEEP agus CEC chun críche a chur chun feidhme agus lena naisghairtear Treoir 96/34/CE (IO L 68, 18.03.2010, lch. 13)

An Treoir seo

Clásal 1(1)

Airteagal 1

Clásal 1(2)

Airteagal 2

Clásal 1(3)

Airteagal 2

Clásal 2(1)

Airteagal 5(1) agus (2)

Clásal 2(2)

Airteagal 5(1) agus (2)

Clásal 3(1)(a)

Airteagal 5(5)

Clásal 3(1)(b)

Airteagal 5(4)

Clásal 3(1)(c)

Airteagal 5(6)

Clásal 3(1)(d)

---

Clásal 3(2)

Airteagal 5(3)

Clásal 3(3)

Airteagal 5(7)

Clásal 4(1)

Airteagal 5(7)

Clásal 5(1)

Airteagal 10(2)

Clásal 5(2)

Airteagal 10(1)

Clásal 5(3)

Airteagal 10(3)

Clásal 5(4)

Airteagal 11

Clásal 5(5), céad fhomhír

Airteagal 10(3)

Clásal 5(5), dara fomhír

Airteagal 8(3)

Clásal 6(1)

Airteagal 9

Clásal 6(2)

---

Clásal 7(1)

Airteagal 7

Clásal 7(2)

Airteagal 7

Clásal 8(1)

Airteagal 16

Clásal 8(2)

---

Clásal 8(3)

---

Clásal 8(4)

---

Clásal 8(5)

---

Clásal 8(6)

---

Clásal 8(7)

---

Top