EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52017PC0208

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán Uimh. 648/2012, i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe trí chontrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála

COM/2017/0208 final - 2017/090 (COD)

An Bhruiséil,4.5.2017

COM(2017) 208 final

2017/0090(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán Uimh. 648/2012, i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe trí chontrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2017) 148 final}
{SWD(2017) 149 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1.Cúiseanna agus cuspóirí an togra

Tar éis na géarchéime airgeadais, ghlac an tAontas Eorpach in 2012 an Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach 1 (EMIR) chun aghaidh a thabhairt ar na laigí a tugadh faoi deara i bhfeidhmiú mhargadh na ndíorthach thar an gcuntar.

Ceann de na laigí is mó nach raibh a ndóthain faisnéise ag na rialtóirí faoi ghníomhaíocht i margadh na ndíorthach thar an gcuntar; chiallaigh sin gurbh fhéidir nach dtabharfaí faoi deara rioscaí a bhí ann go dtí go dtiocfadh siad chun cinn. Ar a bharr sin, is minic nach raibh aon mhaolú ar an riosca creidmheasa contrapháirtí idir contrapháirtithe díorthach thar an gcuntar, agus d'fhéadfadh, mar gheall air sin, caillteanais teacht chun cinn dá mainneodh contrapháirtí amháin sular chomhlíon sé a oibleagáidí. De bharr cuid mhór idirbheart thar an gcuntar ar fud mhargadh na ndíorthach agus idirnascthacht rannpháirtithe sa mhargadh, d'fhéadfadh go mbeadh na caillteanais sin ina mbagairt níos forleithne ar an gcóras airgeadais 2 .

Is mar gheall ar na laigí sin a gheall ceannairí G20 go gcuirfidís bearta leitheadacha ar bun chun cobhsaíocht mhargadh na ndíorthach thar an gcuntar a mhéadú, lena náirítear a leagan síos gur cheart gach conradh caighdeánaithe díorthach thar an gcuntar a imréiteach trí chontrapháirtithe lárnacha agus gur cheart conarthaí díorthach thar an gcuntar a thuairisciú do stórtha trádála.

Is é EMIR a chuireann gealltanas G20 2009 chun feidhme san Aontas. Is é príomhchuspóir EMIR, an riosca sistéamach a laghdú trí thrédhearcacht mhargadh na ndíorthach thar an gcuntar a mhéadú, tríd an riosca creidmheasa contrapháirtí a mhaolú agus tríd an riosca oibríochtúil a bhaineann le díorthaigh thar an gcuntar a laghdú. Chun na críche sin, leagtar síos in EMIR príomhcheanglais maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála. Ar na ceanglais sin tá:

1.Imréiteach lárnach ar chonarthaí caighdeánaithe díorthach thar an gcuntar;

2.Ceanglais maidir le corrlaigh do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe go lárnach;

3.Ceanglais maidir le maolú rioscaí oibríochtúla do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe go lárnach;

4.Oibleagáidí tuairiscithe maidir le conarthaí díorthach;

5.Ceanglais ar chontrapháirtithe lárnacha; agus

6.Ceanglais ar stórtha trádála;

De réir mar a cruthaíodh ar feadh corradh le ceithre bliana ó tháinig EMIR i bhfeidhm, feidhmíonn an creat go han-mhaith ar an iomlán. Níor tháinig fadhbanna praiticiúla maidir le cur i bhfeidhm an chreata nua chun cinn ach i mbeagán réimsí. Dá bhrí sin, tá roinnt mionathruithe ar EMIR leagtha amach sa togra seo agus is é is príomhaidhm leo na rialacha a shimpliú agus a dhéanamh níos comhréirí. San am céanna tá príomheilimintí uile an chreata, a bhfuil sé cruthaithe gur féidir cuspóirí EMIR a bhaint amach leo, tá siad sa togra seo freisin.

Tháinig EMIR i bhfeidhm an 16 Lúnasa 2012. Mar sin féin, níorbh infheidhme an chuid is mó de na ceanglais láithreach, mar gur thug EMIR de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh inar leagadh amach cúrsaí teicniúla praiticiúla agus sceideal i leith na príomhcheanglais a chéimniú isteach. Dá bharr sin, tháinig na ceanglais i bhfeidhm ag céimeanna éagsúla. Tá cuid acu, amhail ceanglais maidir le himréiteach éigeantach agus corrlaigh le haghaidh díorthaigh neamh-imréitithe, nár tháinig i bhfeidhm ach le déanaí.

I gcomhréir le hAirteagal 85(1) de EMIR, tugadh de shainordú don Choimisiún EMIR a athbhreithniú faoi Lúnasa 2015 agus tuarascáil ghinearálta a ullmhú lena chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Ó Bhealtaine go Lúnasa 2015, rinne an Coimisiún measúnú forleathan ar na rialacha atá ar bun faoi láthair maidir leis an tuarascáil agus, b'fhéidir, togra reachtach a ullmhú. Mar chuid den mheasúnú sin rinneadh comhairliúchán poiblí ina bhfuarthas corradh 170 aighneacht ó réimse leathan geallsealbhóirí chomh maith le tuarascálacha atá éigeantach de réir Airteagal 85(1) de EMIR ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM), ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach agus ón gCóras Eorpach Banc Ceannais. Ar a bharr sin, rinneadh an cinneadh fanacht go dtí go bhfaighfí an taiseolas ón nGlao ar Fhianaise maidir le creat rialála an Aontais Eorpaigh do sheirbhísí airgeadais, glao a rinneadh idir Meán Fómhair 2015 agus Eanáir 2016 chun tuilleadh fianaise a fháil ar conas atá EMIR á chur chun feidhme.

I Samhain 2016, ghlac an Coimisiún tuarascáil EMIR 3 . Ar thaobh amháin, bhí sé le tuiscint as an tuarascáil nár cheart aon bhunathrú a dhéanamh ar phríomhcheanglais EMIR, ceanglais ar cuid dhílis iad d'áirithiú trédhearcachta agus de mhaolú rioscaí sistéamacha i margadh na ndíorthach agus a bhfuil na húdaráis agus na rannpháirtithe sa mhargadh ag tabhairt tacaíocht dóibh go ginearálta. Lena chois sin, ní féidir athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar thionchar EMIR fós ó tá cuid de na príomhcheanglais dá bhforáiltear faoi EMIR nár cuireadh chun feidhme nó nár cuireadh i gcrích fós.

Ar an taobh eile, luadh sa tuarascáil gurbh fhéidir EMIR a leasú i réimsí sonracha áirithe chun deireadh a chur leis na costais dhíréireacha agus na hualaí díréireacha a bhí ar chontrapháirtithe díorthach áirithe – go háirithe contrapháirtithe neamhairgeadais – agus chun rialacha a shimpliú gan teacht salach ar chuspóirí na reachtaíochta.

Ós rud é gur gá deireadh a chur le costais dhíréireacha agus na hualaí díréireacha ar chuideachtaí beaga, agus rialacha a shimpliú gan an chobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol, bhí athbhreithniú EMIR ina chuid de chlár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála an Choimisiúin (REFIT) 2016 4 .

Mar chuid de REFIT, rinne an Coimisiún measúnú ar an méid a bhain ceanglais bheartais shonracha in EMIR a gcuspóirí amach go héifeachtúil éifeachtach agus, san am céanna, iad a bheith comhleanúnach ábhartha agus breisluach mar gheall ar an Aontas a bheith leo. Tá sé le tuiscint as an meastóireacht go mbaineann costais díréireacha, ualaí díréireacha agus ceanglais shárchasta le EMIR, agus d'fhéadfaí cuspóir EMIR (an chobhsaíocht airgeadais a mhéadú) a bhaint amach ar chaoi níos éifeachtúla. Ar na réimsí sin tá: (1) comhlíonadh i gcás contrapháirtithe díorthach atá ar imeall líonra trádála na ndíorthach (e.g. contrapháirtithe airgeadais beaga, contrapháirtithe neamhairgeadais, cístí pinsean); (2) trédhearcacht; agus (3) rochtain ar imréiteach.

Dá bhrí sin tá costais agus buntáistí na réimsí de chuid EMIR ina bhféadfaí a áirithiú go gcomhlíonfaí cuspóirí EMIR ar chaoi ní ba chomhréirí, ní b'éifeachtúla agus ní b'éifeachtaí le bearta spriocdhírithe, tá na costais agus na buntáistí sin curtha san áireamh sa tuarascáil ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an tuarascáil seo.

De réir fianaise chuimsitheach atá sa mheasúnú tionchair, is féidir na costais agus na hualaí a laghdú agus EMIR a shimpliú san am céanna gan cur isteach ar an gcobhsaíocht airgeadais. Chuirfeadh na tograí atá beartaithe le cuspóirí Aontas na Margaí Caipitil agus leis an gclár oibre maidir le poist agus fás, rud a bheadh ag teacht le tosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin.

1.2.Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann anois sa réimse beartais

Tá gaol idir EMIR agus roinnt píosaí de reachtaíocht an Aontais, lena náirítear an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil 5 , an Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais (MiFID I 6 agus MiFID II 7 ) agus an Rialachán lena mbaineann 8 , agus an togra ón gCoimisiún maidir le téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha 9 .

Tá an togra seo comhsheasmhach leis an togra reachtach ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 10 a leasú. Mar chuid den togra sin, tá sé d'aidhm ag an gCoimisiún na corrlaigh thosaigh ar idirbhearta díorthach a imréitíodh go lárnach arna bhfáil ag institiúidí mar airgead tirim óna gcliaint agus arna gcur ar aghaidh chuig na contrapháirtithe lárnacha, na corrlaigh thosaigh sin a eisiamh as an gcóimheas luamhánaithe ceangailteach. Dá bhrí sin, tríd an togra chun Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú, éascófar an rochtain ar imréiteach mar go laghdófar na ceanglais chaipitil maidir le seirbhísí imréitigh cliant nó seirbhísí indíreacha a chur ar fáil.

Lena chois sin, beidh an togra seo comhsheasmhach le MiFID I agus le MiFID II agus leis an Rialachán lena mbaineann agus is féidir iad a úsáid mar bhonn chun díorthaigh agus contrapháirtithe airgeadais a shainiú. I dtaca leis sin de, beidh tionchar ag an gcur i bhfeidhm a dhéanfar in Eanáir 2018 ar MiFID I agus MiFID II ar raon na gcontrapháirtithe a mheasfar a bheith ina gcontrapháirtithe airgeadais agus ar chomhchuibhiú sainiú conarthaí malartaithe eachtraigh a bheidh faoi EMIR. Tá creat MiFID II dírithe ar thrádálaithe neamhairgeadais tráchtearraí a athaicmiú mar chontrapháirtithe airgeadais agus 'triail gníomhaíochta coimhdí' a dhéanamh lena socrófar an méid neamhfhálúcháin a fhéadfaidh gnólachtaí neamhairgeadais a thrádálann tráchtearraí a dhéanamh sula measfar nach bhfuil an ghníomhaíocht 'coimhdeach i leith phríomhghnó' na gnólachta agus go mbeidh ar an ngólacht údarú MiFID a fháil. Dá bhrí sin, beidh ar na contrapháirtithe neamhairgeadais is mó údarú MiFID a fháil. De bharr an athraithe sin beidh na contrapháirtithe neamhairgeadais is mó faoi réir oibleagáid imréitigh EMIR. Maidir le comhchuibhiú sainmhínithe conarthaí díorthach malartaithe eachtraigh, beifear in ann rialacha EMIR a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach comhsheasmhach maidir leis na conarthaí sin laistigh den Aontas dá bharr.

Lena chois sin, tá an togra seo comhsheasmhach leis an togra ón gCoimisiún maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha. Méadófar scála agus tábhacht contrapháirtithe lárnacha san Eoraip agus lasmuigh di de bharr na hoibleagáide a bheidh ann díorthaigh chaighdeánaithe thar an gcuntar a imréiteach. Bainistíonn contrapháirtithe lárnacha na rioscaí a bhaineann le margaí airgeadais (e.g. riosca contrapháirtí, riosca neamhleachtachta agus riosca margaidh). Dá bhrí sin, feabhsaítear cobhsaíocht agus stóinseacht ghinearálta na margaí airgeadais. I gcomhthéacs an phróisis sin, is pointe criticiúil sa chóras airgeadais iad na contrapháirtithe lárnacha; déanann siad nasc idir gníomhairí airgeadais éagsúla agus sciar maith den neamhchosaint a dháileadh thar rioscaí éagsúla. Is ríthábhachtach é bainistíocht riosca a dhéanamh ar an gcontrapháirtí lárnach agus maoirseacht a dhéanamh chun a áirithiú go gcumhdófar an neamhchosaint sin go leordhóthanach. Déanann EMIR contrapháirtithe lárnacha a rialáil ó thaobh a áirithiú go bhfuil contrapháirtithe stóinseach go leor, ach ní dhéanann sé rialáil ar na roghanna téarnaimh agus réitigh. Comhlánaíonn an togra seo an creat atá beartaithe le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha tríd an sásra a thabhairt isteach chun oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí go sealadach i gcásanna seachas cásanna imréitigh.

Chomh maith le sin, tá an togra seo comhsheasmhach leis an Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (EU) 2015/2205 Rialachán (EU) 2016/592 agus Rialachán (EU) 2016/1178 i dtaca leis an sprioc-am comhlíontachta i leith oibleagáidí imréitigh ar chontrapháirtithe áirithe atá ag plé le díorthaigh thar an gcuntar 11 . Leis an Rialachán Tarmligthe seo cuirfear síneadh leis an sprioc-am maidir le comhlíonadh i gcás contrapháirtithe i 'gCatagóir 3' (contrapháirtithe airgeadais beaga) atá sainithe sna caighdeáin rialála theicniúla ábhartha 12 go dtí an 21 Meitheamh 2019 mar gheall ar na deacrachtaí mór a bhíonn ag na contrapháirtithe sin agus iad ar lorg rochtain ar imréiteach.

Ar deireadh, tá an togra seo comhsheasmhach le hobair atá ar siúl ar an leibhéal idirnáisiúnta i gcreat an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais a bhfuil sé d'aidhm leis, le cois aidhmeanna eile, (i) cur i bhfeidhm comhsheasmhach na bPrionsabal do Bhonneagar na Margaí Airgeadais a cheap an Coiste ar Chórais Íocaíochta agus Socraíochta agus Bord na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrúis (IOSCO); (ii) faireachán ar chun feidhme athchóirithe G20 ar mhargaí díorthach (le meitheal díorthach thar an gcuntar an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais). (iii) tuilleadh treoirlínte a cheapadh maidir le himréiteach contrapháirtithe lárnacha (Meitheal Imréitigh an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais); agus (iv) na córais tuairiscithe díorthach thar an gcuntar (an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais agus na meithle CPMI-IOSCO le haghaidh deireadh a chur le bacainní dlí roimh rialtóirí i leith sonraí a rochtain nó ceapadh an Aitheantóir Uathúil Idirbhirt agus an Aitheantóir Uathúil Táirge).

1.3.Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra seo gaolmhar agus seasmhach leis an tionscnamh atá ar siúl faoi láthair chun aontas margaí caipitil a bhunú. Is gá córais iarthrádála agus margaí comhthaobhachta éifeachtúla stóinseacha chun go mbeidh aontas margaí caipitil dea-fheidhmiúil ann agus doimhníonn siad na hiarrachtaí tacú le hinfheistíochtaí, fás agus poist i gcomhréir le tosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

2.1.Bunús dlí

Is é Airteagal 114 CFAE bunús dlí an togra seo agus is é bunús dlí EMIR é freisin. Tá sé ráite san anailís a rinneadh mar chuid den tuarascáil ar an measúnú tionchair gur gá gnéithe de EMIR a leasú chun deireadh a chur le costais dhíréireacha agus ualaí díréireacha ar roinnt contrapháirtithe díorthach agus na rialacha a shimpliú gan an chobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol. Ag comhreachtóirí amháin atá sé d'inniúlacht na leasuithe riachtanacha a dhéanamh.

2.2.Coimhdeacht (d'inniúlacht neamheisiatach)

Tá EMIR ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí EMIR, mar atá rioscaí conarthaí díorthach thar an gcuntar a mhaolú agus a dtrédhearcacht agus a gcaighdeánú a fheabhsú trí cheanglais aonfhoirmeacha a leagan síos le haghaidh na gconarthaí sin agus le haghaidh fheidhmiú ghníomhaíochtaí na gcontrapháirtithe lárnacha agus na stórtha trádála, a ghnóthú go leordhóthanach, agus, dá bhrí sin, is fearr is féidir, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 de CFAE é.

2.3.Comhréireacht

Tá sé d'aidhm ag an togra seo a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí EMIR ar chaoi atá níos níos comhréirí, níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí. Is dá bharr sin atá ceanglais de chuid EMIR níos simplí nó laghdaithe chun ualach riarachán an Rialacháin ar gheallsealbhóirí, na geallsealbhóirí is lú go háirithe, a laghdú. Chomh maith leis sin, trí cheanglais áirithe de chuid EMIR a athchalabrú, beidh an togra seo in a chuidiú díreach i leith EMIR a dhéanamh níos comhréirí ar an iomlán. San am céanna ní dhéanann an togra níos mó ná mar is gá chun na cuspóirí a bhaint amach, ós rud é gur gá faireachán a dhéanamh ar rioscaí na ndíorthach i leith na cobhsaíochta airgeadais agus na rioscaí sin a laghdú.

2.4.Rogha na hionstraime

Rialachán is ea é EMIR agus, dá bhrí sin, is gá Rialachán chun é a leasú.

3.TORTHAÍ NA MEASTÓIREACHTAÍ EX-POST, AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR.

3.1.Meastóireachtaí/ seiceálacha folláine ex-post na reachtaíochta reatha

Sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo, tá tuarascáil mheastóireachta ar EMIR.

Bhí EMIR ina chuid de chlár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála an Choimisiúin (REFIT) 2016. Rinneadh sin mar go raibh gá ann réimsí spriocdhírithe de chuid EMIR a shimpliú agus a dhéanamh níos comhréirí, mar is léir ar na haighneachtaí a cuireadh isteach chuig an gcomhairliúchán poiblí maidir le EMIR, ar an nGlao ar Fhianaise faoi rialáil airgeadais agus ar athbhreithniú an Choimisiúin ar chur i bhfeidhm EMIR. Sa chomhthéacs sin, rinneadh measúnú mar chuid den mheastóireacht ar an méid a bhain ceanglais bheartais shonracha in EMIR a gcuspóirí amach agus go háirithe ar cé acu a rinneadh sin leis na ceanglais go héifeachtúil éifeachtach nó nach ndearnadh agus, san am céanna, iad a bheith comhleanúnach ábhartha agus breisluach mar gheall ar Aontas a bheith leo.

Tá roinnt príomhcheanglas de chuid EMIR nár éirigh infheidhme ach le déanaí nó nach bhfuil infheidhme fós. Dá bhrí sin, tá easpa fianaise leordhóthanaí ann agus tá sé róluath le conclúid dhaingean a bhaint amach maidir le tionchair fhadtéarmacha. Ar an ábhar sin, ní raibh an measúnú ina meastóireacht iomlán ar EMIR. Ina ionad sin, rinneadh meastóireacht mar chuid den mheasúnú ar cé acu a bhain príomhcheanglais EMIR, mar atá díorthaigh thar an gcuntar a thuairisciú, díorthaigh chaighdeánaithe thar an gcuntar a imréiteach go lárnach, agus modhanna maolaithe riosca agus rialacha corrlach a chur i bhfeidhm maidir le díorthaigh thar an gcuntar neamh-imréitithe, ar cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon siad na ceanglais oibríochtúla seo: i) faisnéis iomlán chuimsitheach a fháil faoi shuíomhanna díorthach thar an gcuntar, ii) úsáid imréitigh contrapháirtithe lárnacha a mhéadú agus iii) cleachtais imréitigh dhéthaobhacha a fheabhsú. A mhéid is féidir, rinneadh anailísiú san athbhreithniú ar cheanglais ábhartha EMIR i dtaca le cúig chritéar measúnaithe: 1) éifeachtúlacht 2) éifeachtacht 3) ábharthacht: 4) comhleanúnachas; agus 5) breisluach mar gheall ar ghníomhú an Aontais.

Maidir le héifeachtúlacht cheanglais EMIR maidir le faisnéis iomlán chuimsitheach a fháil faoi dhíorthaigh thar an gcuntar, úsáid imréitigh contrapháirtithe lárnacha a mhéadú agus modhanna maolaithe riosca agus rialacha corrlach a chur i bhfeidhm maidir le díorthaigh thar an gcuntar neamh-imréitithe, is é conclúid na meastóireachta seo gur féidir, cé go bhfuil na torthaí tosaigh sásúil, na ceanglais a shimpliú gan an chobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol. Maidir le tuairisciú, is é conclúid na meastóireachta go ndearnadh dul chun cinn ó thaobh faisnéis a bhailiú faoi mhargadh na ndíorthach thar an gcuntar, ach gur féidir na ceanglais tuairiscithe a shruthlíniú chun cáilíocht na sonraí a thuairiscítear a fheabhsú agus chun an mhaoirseacht a dhéanamh níos éifeachtaí. Maidir leis an oibleagáid imréitigh, is é conclúid na meastóireachta gurb amhlaidh, cé gur tháinig méadú ar an sciar de dhíorthaigh thar an gcuntar a imréitítear go lárnach, atá roinnt bacainní roimh rochtain ar imréiteach lárnach i gcás geallsealbhóirí áirithe agus atá gá ann sásra a thabhairt isteach lenar féidir an oibleagáid imréitigh a chuir ar fionraí ar chúiseanna a bhaineann leis an gcobhsaíocht airgeadais.

Maidir le héifeachtúlacht, tá réimsí sonracha sainaitheanta sa mheastóireacht inar féidir na ceanglais a chalabrú níos fearr chun deireadh a chur le costais dhíréireacha agus le hualaí díréireacha a bhaineann le hidirbhearta áirithe nó le contrapháirtithe díorthach áirithe (i.e. contrapháirtithe airgeadais beaga, contrapháirtithe neamhairgeadais, cistí pinsean). Maidir le hábharthacht, is é conclúid na meastóireachta seo go bhfuil príomhcheanglais EMIR fós ina gcuid dhílis de na hiarrachtaí idirnáisiúnta atá á ndéanamh ar mhargadh idirnáisiúnta na ndíorthach thar an gcuntar a athchóiriú. Cuideoidh rialacha maidir le EMIR atá éifeachtach éifeachtúil leis an gCoimisiún an tionscnamh atá ar siúl aige a dhéanamh, mar atá aontas margaí caipitil a bhunú agus clár oibre Post agus Fáis a chur ar bun, rud a bheidh ag teacht le tosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin

Tá EMIR comhsheasmhach le píosaí eile de reachtaíocht an Aontais, mar atá luaite san obair iardain ar an nGlao ar Fhianaise agus sa leasú ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil atá beartaithe ag an gCoimisiún. Ó thaobh breisluach mar gheall ar an Aontas de, líon EMIR bearna a bhí sa reachtaíocht trí chreat nua a thabhairt isteach atá dírithe ar aghaidh a thabhairt, i bpróiseas aonfhoirmeach ar leibhéal an Aontais, ar easpa trédhearcachta mhargadh na ndíorthach thar an gcuntar agus na rioscaí sistéamacha a bhaineann leis an easpa sin.

3.2.Comhairliúcháin geallsealbhóirí

Tá comhairliúchán maidir le hathbhreithniú EMIR a rinneadh ó Bhealtaine go Lúnasa 2015 ina bhonn ag an togra seo. Cuireadh corradh le 170 aighneacht ó réimse leathan geallsealbhóirí chuig an gcomhairliúchán sin 13 . Mar chuid den chomhairliúchán, reáchtáladh éisteacht phoiblí sa Bhruiséil an 29 Bealtaine 2015 agus tháinig tuairim agus 200 geallsealbhóir chuige 14 . Fuarthas ionchur sonrach ó ÚEUM, ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach agus ón gCóras Eorpach Banc Ceannais i gcomhréir leis an sainordú atá ag an gCoimisiún EMIR a athbhreithniú. I réimse a bhaineann leis sin, rinne an Coimisiún comhairliúchán poiblí dar teideal Glao ar Fhianaise idir Meán Fómhair 2015 agus Eanáir 2016. Lorgaíodh aiseolas mar chuid den chomhairliúchán sin, samplaí nithiúla agus fianaise impiriciúil faoi thionchar chreat rialála an Aontais Eorpaigh do sheirbhísí airgeadais. Luaigh freagróirí an Ghlao ar Fhianaise sin éilimh maidir le EMIR freisin 15 . Reáchtáladh éisteacht phoiblí sa Bhruiséil an 17 Bealtaine 2016 16 . An 7 Nollaig 2016, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe ó na Ballstáit maidir le roghanna beartais éagsúla a sainaithníodh sa tuarascáil ar athbhreithniú EMIR 17 .

Ar an iomlán, tugadh tacaíocht do chuspóirí EMIR maidir le trédhearcacht agus caighdeánú a chur chun cinn i margaí díorthach agus leis an riosca sistéamach a laghdú lena phríomhcheanglais. Chonacthas do na rannpháirtithe go rabhthas, leis na príomhcheanglais sin – imréiteach lárnach, ceanglais corrlach, na ceanglais maidir le maolú an riosca oibríochtúil, ceanglais tuairiscithe do chontrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála –, go rabhthas ag baint amach chuspóirí EMIR agus ag comhlíonadh a ghealltanas idirnáisiúnta maidir le hathchóiriú rialála. Mar sin féin, chuir na geallsealbhóirí béim ar roinnt réimsí inarbh fhéidir EMIR a choigeartú gan teacht salach ar a chuspóirí foriomlána chun: (i) na ceanglais a shimpliú agus a dhéanamh níos éifeachtaí; agus (ii) costais dhíréireacha agus ualaí díréireacha a laghdú. Tá an taiseolas sin ó na geallsealbhóirí curtha san áireamh sa togra trí leasuithe spriocdhírithe a thabhairt isteach in EMIR, go háirithe trí bhíthin i) cur i bhfeidhm roinnt ceanglas a chalabrú níos fearr le haghaidh gníomhairí sonracha, go háirithe contrapháirtithe airgeadais beaga, contrapháirtithe neamhairgeadais agus cistí pinsean, ii) deireadh a chur le bacainní roimh imréiteach agus iii) na rialacha a shimpliú, ceanglais tuairiscithe san áireamh. Bhí roinnt iarrataí ó na geallsealbhóirí nárbh fhéidir aghaidh a thabhairt orthu sa togra mar go raibh gá ann a áirithiú go leanfadh EMIR de bheith ag baint na gcuspóirí sin amach maidir le trédhearcacht agus caighdeánú a chur chun cinn sna margaí díorthach agus an riosca sistéamach a laghdú, mar gheall ar shrianta institiúideacha nó mar go mbaineann an togra le REFIT. Is féidir gur gá ceisteanna eile a bhaineann le EMIR a mheasúnú agus a fhorbairt in am agus i dtráth de réir athruithe a thiocfaidh ar an scéal amach anseo.

3.3.Measúnú Tionchair

Rinne an Coimisiún measúnú tionchair ar na roghanna beartais ábhartha. Rinneadh roghanna beartais a mheasúnú i dtaca leis na príomhchuspóirí, mar atá comhréireacht na rialacha a mhéadú a mbíonn ualaí riaracháin agus costais chomhlíontachta neamhriachtanacha ann dá mbarr gan an chobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol agus trédhearcacht suíomhanna agus neamhchosaintí díorthach thar an gcuntar a mhéadú.

D'fhormheas an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an measúnú tionchair an 16 Feabhra 2017. Tíolacadh chuig an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála é an 1 Feabhra, ach rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála roinnt moltaí maidir le feabhsuithe agus, dá bhrí sin, atíolacadh an measúnú tionchair chuig an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála an 8 Feabhra. Is iad seo a leanas na mionathruithe a tugadh isteach sa mheasúnú tionchair chun na moltaí ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála a chur san áireamh:

1. An fhadhb a shainiú. Tuairisc níos fearr ar chreat dlí foriomlán an Aontais maidir le margaí díorthach agus athchóirithe G20 ar dhíorthaigh thar an gcuntar a chur chun feidhme i ndlínsí eile. Príomhghnéithe iarscríbhinn na meastóireachta a chur isteach i gcorp an mheasúnaithe tionchair. Tagairt d'fhianaise cháilíochtúil agus chainníochtúil eile sa tuairisc ar na fadhbanna chun a léiriú cé chomh mór atá siad, go háirithe i gcás gníomhaithe beaga margaidh. Míniú ar an gcúis nár measúnaíodh na ceisteanna uile a chuir na geallsealbhóirí.

2. Trádmhalartuithe polaitiúla. Tagairt shainráite don chobhsaíocht airgeadais sna roghanna beartais le haghaidh measúnú ar an trádmhalartú idir na laghduithe ualaigh is féidir a bheith ann do ghníomhaithe margaidh agus ar na rioscaí is féidir a bheith ann maidir leis an gcobhsaíocht airgeadais.

3. An laghdú ar an ualach a ríomh. Roinnt sonraí cainníochtúla a chur isteach le haghaidh ríomh na laghduithe ualaigh d'imreoirí margaidh éagsúla, agus na teorainneacha atá ann faoi láthair maidir leis an laghdú foriomlán ar an ualach a ríomh á gcur san áireamh. Príomhthoimhdí foluiteacha an mheastacháin ar chostais a chur isteach i gcorp na tuarascála, chomh maith le rabhaidh bhreise faoina iontaofa atá na meastacháin. Tuairisc ar na costais nach bhfuil cainníochtaithe.

4. Roghanna. Na roghanna a shruthlíniú chun pacáistí malartacha beart a chur i láthair.

Baineann na roghanna a bhfuil plé orthu sa mheasúnú tionchair le coigeartuithe spriocdhírithe ar fhorálacha sonracha in EMIR. Chun na cuspóirí atáthar a iarraidh a bhaint amach, sainaithníodh roinnt roghanna beartais tosaíochta.

·Ba cheart díolúine eatramhach nua ón oibleagáid imréitigh a thabhairt do na socruithe do scéimeanna pinsean, ar an mbonn nár tháinig chun cinn aon réiteach inmharthana chun rannpháirtíocht socruithe do scéimeanna pinsean san imréiteach lárnach go dtí seo. Ní hionann agus na roghanna eile a ndearnadh meastóireacht orthu, tabharfaidh an rogha seo níos mó ama do chontrapháirtithe lárnacha, do chomhaltaí imréitigh agus do shocruithe do scéimeanna pinsean chun réitigh agus bearta teicniúla a thriail chun iad a éascú, agus cloí leis an gcuspóir de chuid EMIR gurb é is aidhm fós le socruithe do scéimeanna pinsean imréiteach lárnach a dhéanamh a luaithe is indéanta.

·Ba cheart a áirithiú go gcalabrófar níos fearr na rialacha maidir le hincháilitheacht contrapháirtithe neamhairgeadais atá faoi réir ceanglais imréitigh agus chorrlach trí chineál na nidirbheart díorthach a bhfuil contrapháirtithe neamhairgeadais ag dul isteach iontu inar cheart imréiteach a bheith éigeantach a chur san áireamh. Laghdóidh sin na costais ar chontrapháirtithe neamhairgeadais áirithe agus ní thabharfaidh sé ábhair imní chun cinn ó thaobh na cobhsaíochta airgeadais de. San am céanna, déanfar contrapháirtithe áirithe a mheastar faoi láthair a bheith ina gcontrapháitrithe lárnacha ach, de bharr an chineáil gníomhaíochtaí a dhéanann siad, ar contrapháirtithe airgeadais iad (e.g. cistí infheistíochta faoi chreata náisiúnta) a chur san áireamh sa sainmhíniú ar chontrapháirtí airgeadais agus, dá bhrí sin, ní mheasfar iad a bheith ina gcontrapháirtithe neamhairgeadais a thuilleadh.

·Ba cheart catagóir na gcontrapháirtithe airgeadais beaga a shainiú sa chaoi nach mbeidh contrapháirtithe airgeadais beaga nach féidir leo imréiteach lárnach a dhéanamh ar chúiseanna eacnamaíocha mar gur fíorbheagán gníomhaíochta a dhéanann siad, nach mbeidh siad faoi réir na hoibleagáide imréitigh. Bainfidh sin den ualach ar na contrapháirtithe airgeadais beaga sin a bhíonn ag plé le beagán díorthach, agus beidh an oibleagáid fós ar an gcuid eile de na contrapháirtithe airgeadais beaga (iad siúd atá i 'gCatagóir 3' mar atá sainithe sna caighdeáin rialála theicniúla ábhartha) imréiteach a dhéanamh nuair a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse a chéimniú isteach atá leagtha amach sna caighdeáin rialála theicniúla, agus coinneofar ar bun ar an gcaoi sin na spreagthaí do chontrapháirtithe lárnacha, do bhaill imréitithe agus dá gcliaint réitigh a fhorbairt chun an cineál sin contrapháirtithe airgeadais a thabhairt ar bord.

·Ba cheart deireadh a chur leis an oibleagáid sonraí stairiúla a thuairisciú ('cúl-ualú'). Má dhéantar sin, laghdófar go mór na costais agus na hualaí ar chontrapháirtithe lárnacha agus cuirfear deireadh leis an mbacainn is féidir a bheith dosháraithe, mar atá an oibleagáid a bheith ann sonraí a thuairisciú is féidir nach mbeidh ar fáil gan riachtanais stuamachta a shárú. San am céanna, i dtaca leis an status quo, caillfear i bhfad níos lú sonraí ná mar a chailltear faoi na rialacha is infheidhme faoi láthair.

·Ba cheart idirbhearta laistigh de ghrúpa ina bhfuil contrapháirtí neamhairgeadais páirteach a dhíolmhú ar an oibleagáid tuairiscithe. Mar gheall ar chineál agus méid teoranta na nidirbheart sin, tá an buntáiste leis sin go laghdódh sé go mór na costais agus na hualaí tuairiscithe ar na contrapháirtithe sin a ndéanann an ceanglas an difear is díréirí dóibh, agus ní dhéanfaidh an méid fíorbheag sonraí a chaillfear difear mór do chumas na núdarás faireachán a dhéanamh ar an riosca sistéamach i margaí na ndíorthach thar an gcuntar.

·I gcás idirbhearta díorthach a thrádáiltear ar mhalartán, ba cheart tuairisciú aontaobhach a dhéanann contrapháirtithe lárnacha a thabhairt isteach. Tá sé de bhuntáiste aige sin go simpleofar go mór tuairisciú díorthach a thrádáiltear ar an malartán gan dochar a dhéanamh do thrédhearcacht mhargadh na ndíorthach. Cé go mbeidh ualach beagán níos mó ar chontrapháirtithe lárnacha, tá siad breá ábalta an cúram sin a dhéanamh agus laghdófar an tualach tuairiscithe foriomlán ós rud é go gcuirfear deireadh leis an gceanglas tuairiscithe maidir le hidirbhearta a thrádáiltear ar an malartán i gcás na gcontrapháirtithe uile eile.

·I gcás idirbhearta nach dtrádáiltear ar an malartán, ba cheart an fhreagracht, an dliteanas dlíthiúil san áireamh, as idirbhearta idir contrapháirtí neamhairgeadais beag (i.e. nach bhfuil an oibleagáid imréitigh air) agus contrapháirtí airgeadais, ba cheart an fhreagracht sin a bheith ar an gcontrapháirtí airgeadais sa trádáil. Laghdóidh sin go mór ualach an tuairiscithe ar chontrapháirtithe beaga, na contrapháirtithe ar mó orthu an tualach sin, gan aon chaillteanas sonraí a theacht as. Leis sin, tabharfar rialacha tuairiscithe isteach in EMIR a bheidh an-chosúil leis na rialacha i Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hidirbhearta maoinithe urrús.

·Ba cheart na rialacha agus na nósanna imeachta tuairiscithe a chomhchuibhiú a thuilleadh agus ba cheart é a chur de cheangal ar na stórtha trádála cáilíocht na sonraí a áirithiú. Cuideoidh sin trédhearcacht margaí díorthach thar an gcuntar a mhéadú, an cúram atá ar na húdaráis ábhartha faireachán a dhéanamh ar an riosca sistéamach a dhéanamh níos fusa agus an tailíniú le caighdeáin idirnáisiúnta sa réimse seo a choinneáil ar bun a mhéid is féidir. Lena chois sin, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, méadóidh an cur chuige seo comhréireacht na rialacha tuairiscithe agus laghdóidh sé costais agus ualaí.

·Ba cheart an uasteorainn leis an méid fíneálacha as sáruithe ar cheanglais EMIR arna ndéanamh ag stórtha trádála a mhéadú. Is é an buntáiste atá leis an rogha seo, go méadófar éifeachtúlacht agus éifeacht athchomhairleach ag na bhfíneálacha agus measann rialthóirí gur gá an éifeacht sin chun ardcháilíocht sonraí a spreagadh agus comhréireacht na rialacha a áirithiú san am céanna.

·Ba cheart an tidirghníomhú idir uirlisí bainistíochta mainneachtana EMIR agus rialacha náisiúnta dócmhainneachta a shoiléiriú chun a áirithiú go mbeidh sócmhainní cliant neamhbhainteach le féimheacht.

·An prionsabal gur cheart seirbhísí imréitigh a chur ar fáil ar théarmaí tráchtála cothroma réasúnacha neamh-idirdhealaitheacha, an prionsabal sin a thabhairt isteach in EMIR. Leis na bearta sin, téitear i ngleic le bacainní éagsúla roimh imréiteach; tá údar cuí leis an ualach rialála breise ós rud é gur leis an leas poiblí é go ndéanfar an obair imréitigh lárnaigh agus go gcomhlíonfar an oibleagáid imréitigh.

Cuireadh san áireamh sa mheasúnú tionchair freisin costais fhoriomlána agus tairbhí foriomlána na roghanna tosaíochta, d'fhonn na costais chomhlíontachta agus an tualach comhlíontachta ar rannpháirtithe sa mhargadh a laghdú, gan cur isteach ar an gcobhsaíocht airgeadais.

Agus EMIR ag leanúint den chuspóir ginearálta maidir leis an riosca sistéamach a laghdú trí shábháilteacht agus éifeachtúlacht mhargadh na ndíorthach thar an gcuntar a mhéadú, tá sé d'aidhm leis an tionscnamh atá ar siúl faoi láthair cur i bhfeidhm EMIR a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla agus, trí cheanglais áirithe a chalabrú níos fearr, an tualach rialála agus an tualach comhlíontachta ar rannpháirtithe sa mhargadh a laghdú i gcás ina sáraíonn na costais chomhlíontachta na tairbhí stuamachta, gan an chobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol dá ainneoin sin. Tá sin i gcomhréir le Clár Oibre an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr.

Cé go mbaineann teorainneacha áirithe le méid beacht na laghduithe ar chostais a ríomh, de réir an mheastacháin sa mheasúnú tionchair beidh laghduithe ó EUR 2.3 billiún go EUR 6.9 billiún ar chostais sheasta (aon uaire) agus ó EUR 1.1 billiún go EUR 2.66 billiún ar chostais oibríochtúla, arna ríomh chun críche an mheasúnaithe tionchair amháin, mar éifeacht ag na roghanna tosaíochta uile. In Iarscríbhinn 8 den mheasúnú tionchair, tá cur i láthair mionsonraithe ar na toimhdí foluiteacha as ar tháinig na meastacháin sin agus na teorainneacha lena niontaofacht. Is é an fáth a raibh na príomhdhúshláin i leith laghduithe ar chostais a chainníochtú ann, den chuid is mó, gur tháinig an chuid is mó de cheanglais EMIR i bhfeidhm le déanaí (e.g. oibleagáidí imréitigh agus ceanglais chorrlach), agus go bhfuil cuid acu nár tháinig i bhfeidhm fós (e.g. an oibleagáid imréitigh ar chontrapháirtithe airgeadais i gCatagóir 3). Dá bhrí sin, tá na meastacháin ar laghduithe ar chostais ag brath ar líon teoranta sonraí atá ar fáil go poiblí agus ar fhianaise mhargaidh starógach, agus is féidir nach léireoidh siad sin go beacht éagsúlacht agus sonraíocht na gcontrapháirtithe atá i gceist. Ciallaíonn sin freisin nach bhfuil na meastacháin ar laghduithe ar chostais bailí ach san am i láthair amháin. Ar deireadh, ó bhí na ríomha bunaithe ar laghduithe ar chostais, tá roinnt costas coigeartúcháin íosta nár cainníochtaíodh. Mar sin féin, tá miontuairisc chainníochtúil ar na costais sin in Iarscríbhinn 7 den mheasúnú tionchair.

Ar an iomlán, bainfidh cuideachtaí, FBManna agus micrea-fhiontair, go háirithe, tairbhe as (i) laghdú ar na ceanglais rialála i gcásanna inar cosúil go sáraíonn costais chomhlíontachta dhíréireacha na tairbhí stuamachta agus (ii) feabhas ar an rochtain ar imréiteach. Bainfidh na contrapháirtithe uile, FBManna san áireamh, tairbhe as an simpliú ar cheanglais tuairiscithe. Sa bhreis air sin, bainfidh contrapháirtithe neamhairgeadais tairbhe as an gcontrapháirtí sa trádáil na hidirbhearta a thuairisciú. Ar deireadh, beidh sé níos fusa do chuid mhór contrapháirtithe rochtain a fháil ar imréiteach mar gur tugadh isteach an prionsabal gur cheart seirbhísí imréitigh a chur ar fáil ar théarmaí cothroma réasúnta neamh-idirdhealaitheacha.

Tá miondealú ar dháileachán laghduithe costais/costas coigeartúcháin íosta i Roinn 6 den mheasúnú tionchair faoina bhfuil na contrapháirtithe uile cumhdaithe.

Ar an gcéad dul síos, maidir le raon na gceanglas imréitigh, bainfidh contrapháirtithe neamhairgeadais tairbhe as an méadú ar chomhréireacht i gcur i bhfeidhm na rialacha imréitigh agus áiritheofar leis go mbeidh cothrom iomaíochta is fearr ann i leith incháilitheacht contrapháirtithe neamhairgeadais atá faoi réir ceanglais imréitigh agus chorrlach, sa chaoi go mbeidh siad cosanta ar chostais sheasta ó EUR 9.6 milliún go EUR 26.7 milliún. Má dhéantar athchalabrú ar cén cineál contrapháirtí airgeadais bhig ar a mbeadh an ceanglas imréitigh, beidh contrapháirtiThe airgeadais atá beag (an-bheag) nach féidir leo imréiteach lárnach a dhéanamh ar chúiseanna eacnamaíocha, beidh siad in ann costais mheasta ó EUR 509.7 milliún go EUR 1.4 billiún a sheachaint. Bainfidh socruithe do scéimeanna pinsean, agus, go hindíreach, sealbhóirí polasaí, tairbhe as díolúine eatramhach nua ó imréiteach ar an mbonn nár tháinig aon réiteach teicniúil ar imréiteach chun cinn go dtí seo. De réir an mheastacháin, ba cheart go mbeadh na costais oibríochtúla a sheachnófar chomh hard le EUR 780 milliún go EUR 1.56 billiún Sa bhreis air sin, tar éis na nathruithe ar raon na gceanglas tuairiscithe, táthar ag súil go mbainfidh na contrapháirtithe a dhéanann tuairisciú tairbhe as éadromú ceanglas tuairiscithe áirithe, amhail deireadh a bheith curtha leis an oibleagáid 'cúl-ualúcháin' agus le tuairisciú idirbheart a thrádáiltear ar an malartán. Go háirithe, táthar ag súil go laghdófar costais chomhlíontachta don 'fhíorgheilleagar' a bhaineann le EMIR de bharr an díolmhaithe ar an oibleagáid idirbhearta laistigh de ghrúpa a thuairisciú má tá ceann de na contrapháirtithe sa ghrúpa sin ina chontrapháirtí neamhairgeadais agus na díolúine ón oibleagáid atá ar chontrapháirtithe neamhairgeadais beaga freisin idirbhearta idir iad féin agus contrapháirtithe airgeadais a thuairisciú. Tá an garbhmheastachán ar an laghdú iomlán ar chostais a bhaineann le EMIR atá ar chorparáidí idir EUR 350 milliún go EUR 1.1 billiún i gcás costais oibríochtúla, agus ó EUR 1.8 billiún go EUR 5.3 billiún i gcás costais sheasta.

Ar an dara dul síos, ós rud é go mbeidh díorthaigh agus neamhchosaintí thar an gcuntar níos trédhearcaí, beidh údaráis in ann aon fhadhbanna féideartha a bheidh ann a shainaithint tráth níos luaithe agus gníomhú go luath chun aghaidh a thabhairt ar aon rioscaí a bheidh ann, rud a chuirfidh le stóinseacht na margaí airgeadais agus a fhágfaidh go mbeidh costais choigeartúcháin íosta ar chontrapháirithe agus ar stórtha trádála.

Ar an tríú dul síos, ós rud é go mbeidh feabhas ar an rochtain ar imréiteach, beidh rannpháirtithe breise sa mhargadh, go háirithe rannpháirtithe as an "bhfíorgheilleagar", in ann a rioscaí a bhainistiú agus a fhálú agus, tríd an dóchúlacht go mbeidh suaití tobanna agus cur isteach ar ghnó ann a ísliú, ní bheidh forbairt ghnó agus sábháilteacht poist a bhfostaithe chomh luaineach agus a bhí. Go háirithe, ba cheart go mbainfeadh na corparáidí ar a mbeidh an oibleagáid imréitigh fós mar gheall ar a bpróifíl riosca shistéamaigh tairbhe as laghdú ar chostais sheasta ó EUR 24.8 milliún go EUR 69.5 milliún. Mar an gcéanna, de réir na meastachán, ba cheart go mbeadh na tairbhí ó fheabhas ar rochtain ar imréiteach do chontrapháirithe airgeadais shistéamacha beaga chomh hard le EUR 32.6 milliún go EUR 91.3 nuair a bheidh an oibleagáid imréitigh i bhfeidhm. Dá bhrí sin, cuirfidh na laghduithe sin ar chostais deiseanna breise infheistíochta ar fáil, rud a rachaidh chun tairbhe do chuspóirí Aontas na Margaí Caipitil agus chlár oibre Fáis agus Post an Choimisiúin

Ar an iomlán, níor cheart go mbeadh aon chostas sóisialta agus eacnamaíoch ábhartha mór ann. De bharr an tsimplithe agus an mhéadaithe ar chomhréireacht rialacha maidir le tuairisciú atá beartaithe, beifear in ann cuspóirí EMIR a bhaint amach agus, san am céanna, an tualach riaracháin foriomlán atá ar chontrapháirtithe atá faoi réir ceanglais tuairiscithe faoi EMIR a laghdú go mór. Maidir le mionathrú ar an bhfreagracht i gcás na hoibleagáide tuairiscithe beidh na heintitis ar cheart dóibh an oibleagáid tuairiscithe a ghlacadh amach anseo, beidh siad níos ábalta an cúram sin a dhéanamh, agus, de bharr na mbarainneachtaí scála lena mbaineann, ba cheart go laghdófaí na costais chomhiomlána fhoriomlána. Go háirithe, beidh costais choigeartúcháin íosta ar chontrapháirtithe lárnacha maidir leis an ngá a bheidh ann tuairisciú idirbheart a thrádáiltear ar an malartán a thabhairt isteach. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil líon mór sonraí ag contrapháirtithe lárnacha cheana i ndáil leis na hidirbhearta sin agus go bhfuil sé de cheangal orthu cheana na hidirbhearta uile a imréitítear go lárnach a thuairisciú faoi EMIR, is beag an tualach breise a bheadh ar chontrapháirtithe lárnacha. Is féidir, ar a mhéad, go mbeidh roinnt bheag costas coigeartúcháin riaracháin i gceist leis na bearta breise chun ríomh na dtairseach le haghaidh imréitigh agus chun comhchuibhiú breise a dhéanamh ar rialacha agus nósanna imeachta maidir le tuairisciú, go háirithe i gcás stórtha trádála, ag chéad chéimeanna an chur chun feidhme, ach ba cheart go dtiocfadh éifeachtúlacht níos mó i réimsí éagsúla astu agus go laghdóidís an tualach foriomlán sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Maidir le stórtha trádála, ós rud é go mbeadh orthu nósanna imeachta leordhóthanacha a chur chun feidhme in aon chor chun ceanglais a chomhlíonadh de bhun an Rialacháin maidir le hIdirbhearta Maoinithe Urrús, ní chruthódh an gníomhú beartais faoi EMIR atáthar a phlé sa mheasúnú tionchair seo, ní chruthódh sé ualach breise mór. Mar an gcéanna, táthar ag súil nach mbainfidh ach costais riaracháin bhreise bheaga ar chomhaltaí a dhéanann imréiteach le ceanglas go gcomhlíonfaí téarmaí tráchtála cothroma réasúnacha neamh-idirdhealaitheacha.

3.4.Cearta bunúsacha

Sa chomhthéacs seo, ní dócha go mbeidh tionchar díreach ag an togra ar na cearta sin atá liostaithe i bpríomhchoinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, atá mar dhlúthchuid de Chonarthaí an Aontais, agus sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon impleachtaí ag an togra ar bhuiséad an Aontais.

Má ghlactar an togra, beidh ar ESMA cúig chaighdeán theicniúla a thabhairt cothrom le dáta agus a fhorbairt. Tá na caighdeáin le bheith i bhfeidhm 9 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin. Ní bheidh ar ESMA poist bhreise a chur ar bun chun na cúraimí atá beartaithe a dhéanamh; is féidir iad a dhéanamh leis na hacmhainní atá ann cheana.

5.EILIMINTÍ EILE

5.1.Pleananna feidhmiú agus monatóireacht, meastóireacht agus socruithe tuairiscithe

De réir an clásal atá sa togra ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar EMIR ina iomláine, agus díriú go háirithe ar a éifeachtúla agus a éifeachtachtaí atá sé ag baint amach cuspóirí tosaigh EMIR agus ba cheart d'ÚEUM tuairisciú faoi roinnt eilimintí sonracha:

·an bhfuil forbairt déanta ar réitigh inmharthana chun rannpháirtíocht socruithe do scéimeanna pinsean san imréiteach lárnach a éascú agus tionchar na réiteach sin ar leibhéal an imréitigh lárnaigh a dhéanann socruithe scéimeanna pinsean;

·tionchar na réiteach arna moladh ar leibhéal imréitigh contrapháirtithe neamhairgeadais mar aon le scrúdú ar dháileachán an imréitigh laistigh d'aicme na gcontrapháirtithe neamhairgeadais, go háirithe i dtaca le hoiriúnacht na tairsí/na dtairseach imréitigh;

·tionchar na réiteach arna moladh ar leibhéal imréitigh contrapháirtithe neamhairgeadais beaga mar aon le scrúdú ar dháileachán an imréitigh laistigh d'aicme na gcontrapháirtithe neamhairgeadais beaga, go háirithe i dtaca le hoiriúnacht na tairsí/na dtairseach imréitigh;

·cáilíocht na sonraí idirbheart a thuairiscítear chuig stórtha trádála, inrochtaineacht ar na sonraí sin agus cáilíocht na faisnéise a fhaightear ó stórtha trádála;

·an inrochtaineacht ar imréiteach chuig na contrapháirtithe uile.

I bprionsabal, ba cheart an mheastóireacht sin a dhéanamh ar a dhéanaí 3 bliana ó chur i bhfeidhm na leasuithe arna dtabhairt isteach ag an togra seo. I gcásanna áirithe, agus i gcás socruithe do scéimeanna pinsean go sonrach, tá sé tábhachtach faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le réitigh a bheith ar fáil d'imréiteach socruithe scéimeanna pinsean ar bhonn leanúnach.

5.2.Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leasuithe ar an oibleagáid imréitigh (Airteagail 2, 4, 4a nua, 6b nua, 10, 85 agus 89 de EMIR)

Contrapháirtithe airgeadais

Leasaítear le hAirteagal 1(2) den togra seo pointe (a) d'Airteagal 4(1) de EMIR ionas go ndéanfar na coinníollacha faoina dtiocfaidh na conarthaí díorthach thar an gcuntar faoi réir na hoibleagáide imréitigh nuair is contrapháirtí airgeadais é an contrapháirtí, go ndéanfar na coinníollacha sin a shonrú sa dara fomhír d'Airteagal 4a(1) nua. Cuirtear isteach an tAirteagal nua seo in Airteagal 1(3) den togra seo. Leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 4a(1) nua tairseacha imréitigh do chonarthaí arna dtabhairt i gcrích ag contrapháirtithe airgeadais trí thagairt a dhéanamh do na tairseacha imréitigh a leagtar amach de bhua phointe (b) d'Airteagal 10(4), agus ar an gcaoi sin is ionann na tairseacha imréitigh dóibh sin agus do chontrapháirtithe neamhairgeadais. Sonraítear le pointe (b) den dara fomhír d'Airteagal 4a(1) go ngníomhachtaíonn sárú ceann amháin de na luachanna a leagtar amach d'aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar an oibleagáid imréitigh do na haicmí sócmhainní uile. Ina theannta sin mínítear in Airteagal 4a(1) nua an chaoi ina ndéantar na tairseacha imréitigh a ríomh. Tagann contrapháirtí airgeadais faoi réir na hoibleagáide imréitigh má sháraíonn a mheánsuíomh cinn míosa rollach do Mhárta, d'Aibreán agus do Bhealtaine an tairseach imréitigh. Comhfhreagraíonn sin do thairseacha imréitigh arna ríomh ag contrapháirtithe neamhairgeadais.

Ar deireadh, lena áirithiú go gcumhdófar leis an sainmhíniú na heintitis go léir ar contrapháirtithe iad mar gheall ar na gníomhaíochtaí a dhéanann siad, le hAirteagal 1(1) tugtar isteach faoin sainmhíniú ar chontrapháirtí airgeadais in Airteagal 2 de EMIR cistí infheistíochta malartacha arna gclárú faoin dlí náisiúnta a meastar faoi láthair gur contrapháirtithe neamhairgeadais iad faoi EMIR, Taisclanna Lárnacha Urrúis agus Eintitis Sainchuspóra Urrúsúcháin. Measfar gur contrapháirtithe airgeadais na heintitis sin faoi EMIR.

Contrapháirtithe neamhairgeadais

Leasaítear le hAirteagal 1(8) mír 1 agus mír 2 d'Airteagal 10 de EMIR. Athraítear le mír 1 leasaithe an chaoi a ndéantar na tairseacha imréitigh a ríomh. Tagann contrapháirtí airgeadais faoi réir na hoibleagáide imréitigh i gcás ina sáraíonn a mheánsuíomh cinn míosa rollach do Mhárta, d'Aibreán agus do Bhealtaine na tairseacha imréitigh, agus ní i gcás ina sáraíonn an meánsuíomh rollach na tairseacha thar thréimhse oibre 30 lá, mar atá faoi láthair faoi Rialacha EMIR. Ciallaíonn an tagairt do mhír 3 go gcoinneofar an díolúine fhálaithe atá ann cheana agus dá bhrí sin ní ríomhfar de réir na dtairseach ach na conarthaí díorthach thar an gcuntar nach féidir a thomhas go hoibiachtúil mar chonarthaí lena laghdaítear na rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí tráchtála nó le gníomhaíochtaí um maoiniú cisteáin.

Sonraítear i bpointe (b) den dara fomhír de mhír 1 nach mbeidh feidhm ag an oibleagáid imréitigh ach amháin maidir leis an aicme sócmhainní nó na haicmí sócmhainní ar sáraíodh an tairseach imréitigh acu agus a bhfuil oibleagáid imréitigh ann dóibh.

Socruithe do scéimeanna pinsean

Cuirtear Airteagal 1(20) in ionad an chéad fhomhír de mhír 1 Airteagal 89 de EMIR d'fhonn síneadh trí bliana a chur leis an díolúine shealadach ón oibleagáid imréitigh socruithe do scéimeanna pinsean, i gcás nach ann do réiteach teicniúil inmharthana ar chomhthaobhacht neamhairgid a aistriú mar chorrlaigh athrúcháin ag socruithe do scéimeanna pinsean. Cuirtear pointe (b) d'Airteagal 1(19) in áit mhír 2 d'Airteagal 85 de EMIR agus leagtar síos faoi phointí (a), (b), (c), (d), (e) agus (f) na critéir a ndéanfaidh an Coimisiún measúnú orthu agus aghaidh a thabhairt orthu i dtuarascáil ar an dul chun cinn maidir le réitigh theicniúla inmharthana, le hionchur ó ÚEUM, ÚEÁP, ÚBE agus BERS. Cé go raibh cosc ar réitigh den chineál sin a fhorbairt go dtí seo i ngeall ar fhachtóirí éagsúla, measann an Coimisiún gur féidir réitigh theicniúla inmharthana a fhorbairt laistigh de thrí bliana tar éis an togra a ghlacadh, agus tá sé ag súil go noibreoidh rannpháirtithe sa mhargadh de réir na hamlíne sin. Cúis eile leis an meas sin, go bhfuiltear ag tuar go rachfar i ngleic sa tréimhse sin le roinnt dídhreasachtaí rialála atá ann chun seirbhísí imréitigh a chur ar fáil ar bhonn níos forleithne (mar shampla ceanglais chaipitil atá bunaithe ar an gcóimheas luamhánaithe). Ach amháin sa chás neamhdhóchúil go dtiocfaidh forbairtí tábhachtacha nár tuaradh chun cinn, tabharfar an chumhacht don Choimisiún síneadh dhá bhliain a chur leis an maolú uair amháin trí bhíthin gníomh tarmligthe má bhíonn cúinsí arna meas go cúramach ina gcúis mhaith leis sin.

Deireadh a chur leis an gceanglas tús-ualúcháin

Le pointe (b) d'Airteagal 1(2) cuirtear deireadh leis an gceanglas a leagtar síos i bpointe (ii) de phointe (b) d'Airteagal 4(1) de EMIR gur gá imréiteach a dhéanamh ar chonarthaí díorthach thar an gcuntar a rinneadh nó a nuadh nuair a gheobhaidh ÚEUM fógra ó údarás inniúil nó ina dhiaidh sin maidir le contrapháirtí lárnach a údarú aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar a imréiteach ach roimh an dáta a thiocfaidh an oibleagáid imréitigh i bhfeidhm i gcás inar mó an aibíocht iarmhair ná an íosaibíocht iarmhair a chinnfear le Rialáil Tharmligthe ón gCoimisiún maidir le ceanglais imréitigh faoi Airteagal 5(2)(c).

An oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí

Le hAirteagal 1(6) cuirtear Airteagal 6b nua in EMIR lena dtugtar an chumhacht don Choimisiún, ar fhorais shonracha, aon oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí go sealadach arna iarraidh sin ag ÚEUM agus lena leagfar síos an nós imeachta maidir leis an gcur ar fionraí. Faoi mar a luaigh ÚEUM freisin, tá gá leis an gcumhacht sin faoi chúinsí sonracha áirithe de bhrí nach bhféadfaí an oibleagáid imréitigh a chur i bhfeidhm go leanúnach (mar shampla, toisc go bhféadfaidh an contrapháirtí lárnach/na contrapháirtithe lárnacha atá ag imréiteach an chuid is mó d'aicme áirithe de dhíorthaigh thar an gcuntar, an margadh sin a fhágáil) nó go bhféadfadh an oibleagáid imréitigh sin éifeachtaí díobhálacha a bheith aici ar an gcobhsaíocht airgeadais (mar shampla, toisc go gcuirfeadh an oibleagáid imréitigh srian le fálú déthaobhach do chontrapháirtithe nach mbeadh rochtain acu ar mhargadh a d'imréiteofaí go lárnach. Féadfaidh forbairtí den chineál sin teacht chun cinn gan choinne, agus bíonn an nós imeachta maidir le deireadh a chur le hoibleagáid imréitigh lena néileofaí caighdeán teicniúil rialála a leasú, bíonn an nós imeachta sin rómhall, in amanna, chun freagairt do chúinsí margaidh a bhíonn ag athrú de shíor nó d'ábhair imní maidir leis an gcobhsaíocht airgeadais. Tá an chumhacht nua faoi réir coinníollacha a bhfuil creat dlúth umpu agus bheadh teorainn ama leis an gcur ar fionraí. Níl aon athrú ar an nós imeachta le haghaidh deireadh a chur leis an oibleagáid agus is faoi leasú ar chaighdeán rialála theicniúil a dhéanfaí sin i gcónaí.

Leasuithe d'fhonn an timréiteach a dhreasú agus rochtain air a mhéadú (Airteagal 4 agus Airteagal 39 de EMIR)

I bpointe (c) d'Airteagal 1(2) tugtar isteach mír 3a nua d'Airteagal 4(3) de EMIR faoina ndéanfaidh comhaltaí imréitigh agus a gcliaint a chuireann seirbhísí imréitigh ar fáil do chontrapháirtithe eile nó a chuireann ar chumas a gcliant seirbhísí den chineál sin a chur ar fáil dá gcliaint, déanfaidh siad sin ar théarmaí cothroma réasúnacha neamh-idirdhealaitheacha. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún a shonrú cad is téarmaí cothroma réasúnacha neamh-idirdhealaitheacha ann.

Cuirtear mír nua in Airteagal 39 de EMIR le hAirteagal 1(11) lena shoiléiriú nach bhfuil sócmhainní lena gclúdaítear na suíomhanna arna dtaifeadadh i gcuntas ina gcuid d'eastát dócmhainneachta an chontrapháirtí lárnaigh nó an chomhalta imréitigh a choinníonn taifid agus cuntais ar leithligh. Leis an bhforáil sin cuirtear cinnteacht ar fáil dóibhsean a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh dá gcliaint nó a chuireann ar chumas a gcliant seirbhísí den chineál sin a chur ar fáil go bhféadfaidh siad a ngealltanais a chomhlíonadh i dtaca le nósanna imeachta bainistíochta réamhshocraithe EMIR. Leis sin dreasaítear iad chun rochtain ar imréiteach lárnach chonarthaí díorthach thar an gcuntar a chur ar fáil mar sheirbhís. Chomh maith leis sin, cuirtear cinnteacht ar fáil do chliaint agus cliaint indíreacha go mbeidh a sócmhainní faoi chosaint i gcás ina mainneoidh comhalta imréitigh nó cliant a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh agus go bhféadtar, ar an gcaoi sin, iad a aistriú chuig comhaltaí imréitigh eile nó cliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh indíreacha. Dreasaíonn sin an timréiteach lárnach a thuilleadh.

Leasuithe ar na ceanglais maidir le trédhearcacht contrapháirtithe lárnacha (Airteagal 38 de EMIR)

Le hAirteagal 1(10) cuirtear mír 6 agus mír 7 le hAirteagal 38 de EMIR ionas go mbeidh ceanglas ar chontrapháirtithe lárnacha uirlisí a chur ar fáil dá gcomhaltaí imréitigh chun a gceanglais chorrlaigh tosaigh a ionsamhlú (mír 6) mar aon le hachoimre mhionsonraithe ar thréithe na samhlacha corrlaigh tosaigh a úsáideann siad (mír 7).

Leasuithe ar na teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag contrapháirtí lárnach (Airteagal 11 de EMIR)

Chun neamhréireachtaí a sheachaint ar fud an Aontais i gcur i bhfeidhm na dteicnící maolaithe riosca, tugtar sainordú le hAirteagal 1(9) d'ÚMEanna dréachtchaighdeáin rialála theicniúla a fhorbairt chun an nós imeachta maidir leis an bhformheas maoirseachta a priori ar na nósanna imeachta bainistíochta riosca a shonrú lena gceanglaítear malartú tráthúil comhthaobhachta a bheidh cruinn agus deighilte go hiomchuí, agus athruithe suntasacha ar na nósanna imeachta bainistíochta riosca.

Leasuithe ar an oibleagáid tuairiscithe ( Airteagal 9 de EMIR)

Le pointe (a) d'Airteagal 1(7) cuirtear deireadh leis an gceanglas atá in EMIR Airteagal 9(1) idirbhearta stairiúla a thuairisciú, i.e. idirbhearta nach raibh gan íoc ar an dáta a cuireadh tús leis an oibleagáid tuairiscithe an 12 Feabhra 2014. Ina theannta sin cuireann sé foráil le hAirteagal 9(1) de EMIR sa chaoi go ndéanfar idirbhearta laistigh de ghrúpa i gcás ina bhfuil ceann de na contrapháirtithe neamhairgeadais díolmhaithe ón oibleagáid tuairiscithe.

Le pointe (b) d'Airteagal 1(7) cuirtear isteach mír 1a nua d'Airteagal 9. Leagtar síos i mír 1a nua rialacha nua maidir leis an oibleagáid tuairiscithe i gcásanna sonracha áirithe lena shuí cé atá freagrach as an tuairisciú lena náirítear aon dliteanas a eascraíonn as sin:

·maidir le hidirbhearta nach idirbhearta díorthach thar an gcuntar iad (idirbhearta a thrádáiltear ar mhalartán) is é an contrapháirtí lárnach atá freagrach, agus dliteanach go dlíthiúil, as tuairisciú thar ceann an dá chontrapháirtí.

·maidir le hidirbhearta idir contrapháirtí airgeadais agus contrapháirtí neamhairgeadais nach bhfuil faoi réir oibleagáid imréitigh, is é an contrapháirtí airgeadais atá freagrach, agus dliteanach go dlíthiúil as tuairisciú thar ceann an dá pháirtí san idirbheart;

·an chuideachta bhainistíochta a dhéanann gnóthas le haghaidh comh-infheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) a bhainistiú agus ar chontrapháirtí i gconradh díorthach thar an gcuntar í, tá sí freagrach, agus dliteanach go dlíthiúil, as tuairisciú thar ceann GCUI;

·tá an bainisteoir freagrach, agus dliteanach go dlíthiúil, as tuairisciú thar ceann ciste infheistíochta malartach ar contrapháirtí é i gconradh díorthach thar an gcuntar.

I gcás ar bith ní mór do na contrapháirtithe agus na contrapháirtithe lárnacha a áirithiú go ndéanfar mionsonraí a gconarthaí díorthach a thuairisciú gan aon dúbailt. Ina theannta sin, féadfaidh siad an oibleagáid tuairiscithe a tharmligean.

Leathnaítear le pointe (c) d'Airteagal 1(7) an sainordú atá ag ÚEUM caighdeáin theicniúla a fhorbairt chun gur féidir na rialacha agus na ceanglais tuairiscithe a chomhchuibhiú a thuilleadh, na caighdeáin sonraí, na modhanna agus na socruithe maidir le tuairisciú go háirithe.

Leasuithe lena náirítear cáilíocht na sonraí ( Airteagal 78 agus Airteagal 81 de EMIR)

Le hAirteagal 1(16) cuirtear leis na ceanglais ghinearálta ar stórtha trádála in Airteagal 78 de EMIR na ceanglais maidir le nósanna imeachta leordhóthanacha a bheith ann chun sonraí idir stórtha trádála a réiteach; nósanna imeachta leordhóthanacha a bheith ann chun cáilíocht sonraí arna dtuairisciú a áirithiú; beartais leordhóthanacha a bhunú le haghaidh sonraí a aistriú go hordúil chuig stórtha trádála eile i gcás ina niarrfaidh gnóthas é sin faoi réir an cheanglais tuairiscithe faoi Airteagal 9 nó ina niarrfar é ar chúis éigin eile. Ina theannta sin, tugtar údarás d'ÚEUM nósanna imeachta a fhorbairt a chuirfidh i bhfeidhm an stór trádála i bhfeidhm chun na sonraí arna dtuairisciú a bhailíochtú maidir lena niomláine agus a gcruinneas agus chun sonraí idir stórtha trádála a thabhairt chun réitigh.

Le pointe (b) d'Airteagal 1(17) cuirtear mír nua 3a le hAirteagal 81 de EMIR lena gcuirfear ceanglas ar stórtha trádála rochtain a thabhairt do chontrapháirtithe ar na sonraí go léir a dhéanfar a thuairisciú thar a gceann chun go bhféadfar a gcruinneas a fhíorú.

Leasuithe ar chlárú stórtha trádála ( Airteagal 56 agus Airteagal 72 de EMIR)

Le pointe (a) d'Airteagal 1(12) leasaítear Airteagal 56 de EMIR tríd an bhféidearthacht a thabhairt isteach iarratas simplithe ar shíneadh ama a chur isteach do stórtha trádála atá cláraithe cheana tríd an Rialachán maidir le hIdirbhearta Maoinithe Urrús. Le pointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 1(12) tugtar údarás d'ÚEUM caighdeáin theicniúla a fhorbairt d'iarratas simplithe ar shíneadh ama le go seachnófar dúbailt nósanna imeachta. Le hAirteagal 1(14) cuirtear isteach athrú iarmhartach ar Airteagal 72(1) maidir leis na táillí atá le híoc nuair atá stór trádála cláraithe cheana faoin rialachán maidir le hidirbhearta maoinithe urrús.

Leasuithe ar an maoirseacht ar stórtha trádála (Airteagal 65 agus Iarscríbhinn I de EMIR)

Ba cheart na fíneálacha a fhéadfaidh ÚEUM a ghearradh ar stórtha trádála atá faoina mhaoirseacht dhíreach a bheith éifeachtach comhréireach agus athchomhairleach go leor chun éifeachtúlacht cumhachtaí maoirseachta ÚEUM a áirithiú. Dá bhrí sin leasaítear le hAirteagal 1(13) Airteagal 65(2) de EMIR trí uasteorainn méideanna bunúsacha na bhfíneálacha a bhféadfaidh ÚEUM a ghearradh ar stórtha trádála a mhéadú go EUR 100 000 nó EUR 200 000 ag brath ar an sárú. Ina theannta sin, tugtar isteach leis an leasú méideanna bunúsacha fíneálacha atá ar iarraidh do na sáraithe a bhaineann le bacainní ar ghníomhaíochtaí maoirseachta, dá dtagraítear i Roinn IV d'Iarscríbhinn I. Maidir leis na sáruithe sin, tá sé beartaithe méid na bhfíneálacha a bheith cothrom le EUR 5 000 ar a laghad agus faoi bhun EUR 10 000.

Leasaítear le hAirteagal 1(21) Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán trí sháruithe a chomhfhreagraíonn do na ceanglais ghinearálta nua maidir le stórtha trádála mar a chumhdaítear i mír 9 nua d'Airteagal 78 de EMIR agus an sárú atá in Airteagal 55(4) nuair nach ndéanann stór trádála ÚEUM a chur ar an eolas in am cuí faoi athruithe ábhartha ar staid a chláraithe tosaigh, trí na sáruithe sin a chur isteach i liosta na sáruithe atá san Iarscríbhinn sin.

Leasuithe ar na ceanglais maidir le hinfhaighteacht na sonraí i stórtha trádála (Airteagal 76a agus Airteagal 81)

Le hAirteagal 1(15) cuirtear Airteagal 76a nua in EMIR. Tugtar rochtain dhíreach d'údaráis i dtríú tíortha a bhfuil stórtha trádála acu ar na sonraí atá i stórtha trádála an Aontais má bhíonn gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún inar dearbhaíodh (a) go bhfuil na stórtha trádála sa tríú tír údaraithe go hiomchuí, (b) go ndéantar maoirseacht agus forghníomhú éifeachtach ar stórtha trádála ar bhonn leanúnach; (c) go bhfuil ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla ann, lena náirítear go ndéanfar rúin ghnó a chosaint, ar rúin iad a roinneann na húdaráis le tríú páirtithe, agus go mbeidh siad coibhéiseach ar a laghad leis na ráthaíochtaí sin a leagtar amach sa Rialachán seo; agus (d) go bhfuil stórtha trádála atá údaraithe sa tríú tír sin faoi réir oibleagáid atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá in-fhorghníomhaithe rochtain dhíreach láithreach a thabhairt ar na sonraí d'údaráis ábhartha an Aontais. Tugtar isteach le hAirteagal 1(17) athrú ar Airteagal 81 de EMIR i dtaca leis an liosta d'eintitis a bhfuil ar na stórtha trádála faisnéis a chur ar fáil dóibh le go mbeidh siad in ann a gcuid freagrachtaí agus sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh. Is gá na hathruithe sin chun freagairt don mholadh a chuirtear i láthair in athbhreithniú piarach téamach an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais ar thuairisciú ar thrádáil díorthach thar an gcuntar i Samhain 2015, an moladh go mbeadh, faoi Meitheamh 2018 ar a dhéanaí, creatlach rialála acu chun cead a thabhairt d'údaráis sna Ballstáit agus d'údaráis eachtracha rochtain a bheith acu ar shonraí atá ar coinneáil i stór trádála i mBallstát. Tá an tathrú seo spriocdhírithe ar rochtain fhrithpháirteach ar shonraí d'údaráis phoiblí, agus is leis sin amháin a bhaineann sé.

Tugtar isteach le pointe (b) d'Airteagal 1(17) ceanglas nua ar stórtha trádála rochtain a thabhairt do chontrapháirtithe agus do chontrapháirtithe lárnacha a ndearna a noibleagáidí tuairiscithe a tharmligean maidir leis na sonraí a thuairiscítear thar a gceann.

Le pointe (c) d'Airteagal 1(17) leathnaítear an sainordú a thabharfar d'ÚEUM faoi Airteagal 81(5) de EMIR dréachtchaighdeáin rialála theicniúla a fhorbairt le go ndéanfar na téarmaí agus coinníollacha, socruithe agus doiciméadacht a shonrú agus a chomhchuibhiú ar an mbonn ar a dtabharfaidh stórtha trádála rochtain dhíreach láithreach do na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 81 (3).

An clásal meastóireachta (EMIR, Airteagal 85)

In Airteagal 1(19) tá sainordú tugtha isteach, mar atá go ndéanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar EMIR agus go nullmhóidh sé tuarascáil ghinearálta agus í a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle chomh maith le aon tograí is iomchuí.

2017/0090 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán Uimh. 648/2012, i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe trí chontrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 18 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 19 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach 20 ,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Foilsíodh Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 27 Iúil 2012 agus tháinig sé i bhfeidhm an 16 Lúnasa 2012. Ar na ceanglais atá ann, tá conarthaí caighdeánaithe díorthach thar an gcuntar a imréiteach go lárnach; ceanglais corrlach; ceanglais maidir le maolú rioscaí oibríochtúla do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe go lárnach; oibleagáidí tuairiscithe maidir le conarthaí díorthach; cuidíonn ceanglais ar chontrapháirtithe lárnacha agus ceanglais ar stórtha trádála leis an riosca sistéamach a laghdú trí thrédhearcacht na margaí díorthach thar an gcuntar a mhéadú agus tríd an riosca creidmheasa do chontrapháirtithe agus an riosca oibríochtúil a bhaineann le díorthaigh thar an gcuntar a laghdú.

(2)Tá simpliú réimsí áirithe a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus cur chuige níos comhréirí maidir leis na réimsí sin, i gcomhréir le clár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála an Choimisiúin (REFIT) ina leagtar béim ar an ngá atá le costais a laghdú agus le simpliú ionas go gcomhlíonfaidh beartais an Aontais a gcuspóirí ar an gcaoi is éifeachtúla, agus é mar aidhm dó go háirithe ualaí riaracháin agus rialála a laghdú.

(3)Is eilimintí riachtanacha de chórais iarthrádála agus margaí comhthaobhachta éifeachtúla athléimneacha aontais margaí caipitil dhea-fheidhmiúil agus cuireann siad le dlús na niarrachtaí tacú le hinfheistíochtaí, fás agus poist i gcomhréir le tosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin.

(4)In 2015 agus 2016 reáchtáil an Coimisiún dhá chomhairliúchán phoiblí ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Fuair an Coimisiún ionchur freisin maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin sin ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ('ÚEUM'), ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach agus ón gCóras Eorpach Banc Ceannais. Bhí sé le tuiscint as na comhairliúcháin sin go dtacaíonn geallsealbhóirí le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus nach gá athrú ó bhonn a dhéanamh ar an Rialachán. An 23 Samhain 2016, ghlac an Coimisiún tuarascáil athbhreithniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 85(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. D'ainneoin nach bhfuil forálacha uile Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 infheidhme go hiomlán fós agus nach bhfuil meastóireacht chuimsitheach ar an Rialachán sin indéanta go fóill dá bharr sin, sainaithníodh sa tuarascáil réimsí ina bhfuil gá le gníomhaíocht spriocdhírithe lena áirithiú go mbainfear amach cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ar dóigh atá níos comhréirí, níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí.

(5)Ba cheart na contrapháirtithe airgeadais uile a d'fhéadfadh a bheith ina riosca sistéamach tábhachtach don chóras airgeadais a bheith cumhdaithe le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Dá bhrí sin ba cheart an sainmhíniú ar chontrapháirtithe airgeadais a leasú.

(6)Contrapháirtithe nach leor méid a ngníomhaíochtaí ar mhargaí díorthach thar an gcuntar le bheith ina riosca sistéamach tábhachtach don chóras airgeadais agus nach leor é chun go bhféadfaí imréiteach a dhéanamh go hinmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de, ba cheart na contrapháirtithe a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh ach iad a choinneáil faoi réir an ceanglas atá orthu comhthaobhacht a mhalartú chun aon riosca sistéamach a mhaolú. Ba cheart sárú na tairsí imréitigh d'aicme amháin de díorthaigh thar an gcuntar ar a laghad a dhéanann contrapháirtí airgeadais an oibleagáid imréitigh a ghníomhaíochtú do gach aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar i bhfianaise idirnascthacht na gcontrapháirtithe airgeadais agus an riosca sistéamach a d'fhéadfadh a bheith ann mura ndéanfaí na conarthaí díorthach a imréiteach go lárnach.

(7)Ní bhíonn contrapháirtithe neamhairgeadais chomh hidirnasctha agus a bhíonn contrapháirtithe airgeadais. Is minic nach mbíonn siad gníomhach ach in aon réimse amháin de dhíorthaigh thar an gcuntar. Is lú an riosca sistéamach don chóras airgeadais a d'fhéadfadh a bheith ag baint lena ngníomhaíochtaí ná le gníomhaíocht na gcontrapháirtithe airgeadais. Dá bharr sin ba cheart raon feidhme na hoibleagáide imréitigh do chontrapháirtithe neamhairgeadais a chúngú, ionas nach mbeadh an oibleagáid imréitigh ar chontrapháirtithe neamhairgeadais ach amháin i gcás na haicme sócmhainní nó na naicmí sócmhainní a sháródh an tairseach imréitigh, agus an ceanglas maidir le malartú comhthaobhachta a choinneáil i gcás ina mbeadh aon cheann de na tairseacha imréitigh sáraithe.

(8)An ceanglas atá ann conarthaí díorthach thar an gcuntar áirithe a imréiteach, dá dtabharfaí an ceanglas sin chun críche sula ngabhfadh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh, chruthódh sin éiginnteacht dhlíthiúil agus castachtaí oibríochtúla agus is beag an leas a bhainfí as. Go sonrach, i ngeall ar an gceanglas bheadh costais bhreise agus ar na contrapháirtithe sna conarthaí sin agus bheadh orthu iarrachtaí breise a dhéanamh, agus bheadh tionchar aige ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh agus ní thiocfadh as aon fheabhsú suntasach ar chur i bhfeidhm aonfhoirmeach comhleanúnach Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus ní bhunófaí cothrom iomaíochta do na rannpháirtithe sa mhargadh. Dá bhrí sin ba cheart an ceanglas sin a scriosadh.

(9)Bheadh deacrachtaí ag contrapháirtithe a bhfuil méid teoranta gníomhaíochta acu i margaí díorthach thar an gcuntar rochtain a fháil ar imréiteach lárnach, bíodh sin ina gcáil mar chliant comhalta imréitigh nó trí shocruithe imréitigh indíreacha. An ceanglas ar chomhaltaí imréitigh seirbhísí imréitigh indíreacha a éascú ar théarmaí réasúnacha tráchtála, níl an ceanglas sin éifeachtúil. Comhaltaí imréitigh agus cliaint comhaltaí imréitigh a chuireann seirbhísí imréitigh ar fáil go díreach do chontrapháirtithe eile nó go hindíreach trí ligean dá gcliaint féin na seirbhísí sin a chur ar fáil do chontrapháirtithe eile, ba cheart ceanglas sainráite a bheith orthu sin na seirbhísí réitigh a chur ar fáil ar théarmaí cothroma réasúnacha neamh-idirdhealaitheacha.

(10)Ba cheart an deis a bheith ann an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí i gcásanna áirithe. Ar an gcéad dul síos, ba cheart an deis a bheith ann an cur ar fionraí sin a chur i bhfeidhm i gcás nach bhfuil na critéir faoinar cuireadh aicme shonrach de dhíorthaigh thar an gcuntar faoi réir na hoibleagáide imréitigh á gcomhlíonadh a thuilleadh. D'fhéadfadh sé sin tarlú i gcás nach bhfuil aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar oiriúnach a thuilleadh d'imréiteach lárnach éigeantach nó i gcás inar tháinig athrú ábhartha ar cheann de na critéir sin i dtaca le haicme áirithe de dhíorthaigh thar an gcuntar. Ba cheart an deis a bheith ann an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí freisin i gcás inar scoir contrapháirtí lárnach de sheirbhís imréitigh a chur ar fáil d'aicme shonrach de dhíorthaigh thar an gcuntar nó do chineál sonrach contrapháirtí nó nach bhféadann contrapháirtithe lárnacha eile gníomhú sách tapa chun cúram na seirbhísí imréitigh sin a ghlacadh chucu féin. Ar deireadh, ba cheart an deis a bheith ann oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí i gcás ina meastar gur gá sin chun bagairt thromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais a sheachaint.

(11)Léiríodh go bhfuil sé deacair idirbhearta stairiúla a thuairisciú toisc nach ann do mhionsonraí tuairiscithe áirithe toisc nach raibh ceanglas ann iad a thuairisciú roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ach go bhfuil ceanglas ann iad a thuairisciú anois. Is é a bhí mar thoradh air sin ráta mainneachtana tuairiscithe ard agus sonraí tuairiscithe de cháilíocht íseal, agus ualach mór a bheith i gceist leis na sonraí sin a thuairisciú san am céanna. Dá bhrí sin tá dóchúlacht ard ann nach núsáidfear na sonraí stairiúla sin. Agus anuas air sin, faoin am a bheidh éifeacht leis an sprioc-am le haghaidh idirbhearta stairiúla a thuairisciú, beidh roinnt de na hidirbhearta sin dulta in éag agus, dá bharr sin, beidh na neamhchosaintí agus na rioscaí comhfhreagracha dulta in éag chomh maith. Chun an scéal sin a leigheas, ba cheart an ceanglas idirbhearta stairiúla a thuarascáil a scriosadh.

(12)Idirbhearta laistigh de ghrúpa, is céatadán sách beag iad sin d'idirbhearta díorthach thar an gcuntar a bhfuil contrapháirtithe neamhairgeadais bainteach leo agus is le haghaidh fálú inmheánach laistigh de ghrúpaí is mó a úsáidtear iad. Ní chuireann na hidirbhearta sin go mór leis an riosca sistéamach agus leis an idirnascthacht, ach san am céanna cuireann an oibleagáid tuarascáil a dhéanamh go mór le costais agus le hualach riaracháin contrapháirtithe neamhairgeadais. Maidir le hidirbhearta laistigh de ghrúpa i gcás inar contrapháirtí neamhairgeadais ceann amháin de na contrapháirtithe ba cheart na hidirbhearta sin a dhíolmhú ón oibleagáid tuairiscithe.

(13)Cuireann an ceanglas conarthaí díorthach arna dtrádáil ar mhalartán a thuarascáil ualach riaracháin mór ar chontrapháirtithe i ngeall ar an líon ard conarthaí díorthach arna dtrádáil ar mhalartán a chuirtear i gcrích ar bhonn laethúil. Anuas ar sin, ós rud é go bhfuil sé leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 gach conradh díorthach arna dtrádáil ar mhalartán a imréiteach ag contrapháirtí lárnach, tá formhór mionsonraí na gconarthaí sin ina seilbh ag contrapháirtithe lárnacha cheana. Chun an tualach a bhaineann le conarthaí díorthach arna dtrádáil ar mhalartán a thuairisciú a laghdú, ba cheart an fhreagracht, lena náirítear aon dliteanas dlíthiúil, conarthaí díorthach arna dtrádáil ar mhalartán a thuairisciú thar ceann an dá chontrapháirtí agus cruinneas na mionsonraí arna dtuairisciú a chur ar an gcontrapháirtí lárnach.

(14)Chun an tualach tuairiscithe a laghdú do chontrapháirtithe neamhairgeadais beaga, ba cheart an contrapháirtí airgeadais a bheith freagrach, agus dliteanach ó thaobh an dlí de, as tuairisciú thar a cheann féin agus thar ceann an chontrapháirtí neamhairgeadais nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide imréitigh maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar a dhéanfaidh an contrapháirtí neamhairgeadais sin agus as cruinneas na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú.

(15)Chomh maith leis sin, ba cheart a chinneadh cé atá freagrach as tuairisciú a dhéanamh ar chonarthaí díorthach eile. Ba cheart a shonrú dá bhrí sin gurb é comhlacht bainistíochta Gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe (GCUI) atá freagrach, agus dliteanach ó thaobh an dlí de, as tuairisciú thar ceann GCUI maidir le conarthaí díorthacha thar an gcuntar a dhéanfaidh GCUI agus as cruinneas na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú. Mar an gcéanna, ba cheart bainisteoir ciste infheistíochta malartach a bheith freagrach, agus dliteanach ó thaobh an dlí de, as tuairisciú thar ceann an chiste infheistíochta mhalartaigh sin maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar a dhéanfaidh an ciste infheistíochta malartach sin agus as cruinneas na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú.

(16)Chun neamhréireachtaí a sheachaint ar fud an Aontais i gcur i bhfeidhm na dteicnící maolaithe riosca, ba cheart do mhaoirseoirí nósanna imeachta bainistíochta riosca a fhaomhadh lena gceanglófaí malartú tráthúil comhthaobhachta contrapháirtithe cruinn agus deighilte go hiomchuí, agus aon athrú suntasach ar na nósanna imeachta sin, sula gcuirfear i bhfeidhm iad.

(17)Chun trédhearcacht agus intuarthacht na gcorrlach tosaigh a mhéadú agus chun srian a chur le contrapháirtithe i leith a samhlacha corrlaigh tosaigh a mhodhnú ar dhóigheanna a d'fhéadfadh a thabhairt le fios go bhfuil siad comh-thimthriallach, ba cheart do chontrapháirtithe uirlisí a sholáthar dá gcomhaltaí imréitigh lena riachtanais corrlaigh tosaigh a ionsamhlú agus forléargas ar na samhlacha corrlaigh tosaigh a úsáideann siad a chur leis an ionsamhlú sin. Tá sé sin comhsheasmhach leis na caighdeáin idirnáisiúnta arna bhfoilsiú ag an gCoiste ar Chórais Íocaíochta agus Socraíochta agus ag Bord na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrúis (IOSCO), agus leis an gcreat nochta arna fhoilsiú i Nollaig 2012 23 agus na caighdeáin nochta chainníochtúla phoiblí do chontrapháirtithe arna bhfoilsiú in 2015 24 , atá ábhartha maidir le tuiscint chruinn a chothú ar na rioscaí agus na costais a ghabhann le haon rannpháirtíocht i gcontrapháirtí lárnach a dhéanann comhaltaí imréitigh agus maidir le trédhearcacht contrapháirtithe lárnacha do rannpháirtithe a fheabhsú.

(18)Tá neamhchinnteacht ann i gcónaí faoin méid atá sócmhainní atá i gcuntais chomhthiomsaithe nó i gcuntais leithscartha neamhbhainteach le féimheacht. Ní léir dá bharr sin céard iad na cásanna ina bhféadann contrapháirtithe suíomhanna cliaint a traschur le cinnteacht dhlíthiúil leordhóthanach i gcás ina mhainníonn comhalta imréitigh, nó céard iad na cásanna ina bhféadann contrapháirtithe, le cinnteacht dhlíthiúil leordhóthanach, luach leachtaithe a íoc go díreach le cliaint. Chun imréiteach a dhreasú agus chun rochtain air a fheabhsú, ba cheart na rialacha maidir le neamhbhainteacht le féimheacht a shoiléiriú.

(19)Ba cheart na fíneálacha a fhéadann ÚEUM a ghearradh ar stórtha trádála atá faoi mhaoirseacht dhíreach aige a bheith éifeachtach comhréireach agus athchomhairleach go leor chun éifeachtúlacht chumhachtaí maoirseachta ÚEUM a áirithiú agus chun trédhearcacht suíomhanna agus neamhchosaintí díorthach thar an gcuntar a mhéadú. Is léir nach bhfuil méideanna na bhfíneálacha dá bhforáladh ar dtús i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 athchomhairleach go leordhóthanach i bhfianaise láimhdeachas na stórtha trádála, rud a d'fhéadfadh éifeachtacht cumhachtaí maoirseachta ÚEUM a theorannú faoin Rialachán i leith stórtha trádála. Ba cheart uasteorainn mhéideanna bunúsacha na bhfíneálacha a mhéadú dá bharr sin.

(20)Ba cheart rochtain a bheith ag údaráis tríú tír ar shonraí arna dtuairisciú do stórtha trádála san Aontas i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha áirithe lena ndéantar próiseáil na sonraí sin a ráthú agus ina ndéanann an tríú tír foráil maidir le hoibleagáid atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá infhorghníomhaithe lena dtugtar rochtain dhíreach d'údaráis an Aontais ar shonraí arna dtuairisciú do stórtha trádála sa tríú tír sin.

(21)Ceadaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 nós imeachta clárúcháin simplithe do stórtha trádála arna gclárú cheana i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus ar mian leis síneadh ama a chur leis an gclárúchán sin sa chaoi go bhféadfaidh siad a gcuid seirbhísí i dtaca le hidirbhearta maoinithe urrús a chur ar fáil. Ba cheart nós imeachta clárúcháin simplithe den chineál sin a chur ar bun do stórtha trádála arna gclárú cheana i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365 agus ar mian leo síneadh ama a chur leis an gclárúchán sin sa chaoi go bhféadfaidh siad a gcuid seirbhísí i dtaca le conarthaí díorthach a sholáthar.

(22)De bharr cáilíocht agus trédhearcacht neamhleordhóthanach na sonraí arna gcur ar fáil ag na stórtha trádála is deacair d'eintitis ar deonaíodh rochtain dóibh ar na sonraí sin iad a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar na margaí agus cuireann sin cosc ar rialtóirí agus ar mhaoirseoirí rioscaí cobhsaíochta airgeadais a aithint in am trátha. Chun feabhas a chur ar cháilíocht agus trédhearcacht sonraí agus chun na ceanglais tuairiscithe a ailíniú faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 le ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365 agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, is gá na rialacha agus na ceanglais tuairiscithe agus, go háirithe, caighdeáin sonraí, modhanna, agus socruithe maidir le tuairisciú a chomhchuibhiú a thuilleadh, mar aon le nósanna imeachta a bheidh le cur i bhfeidhm ag stórtha trádála chun sonraí tuairiscithe a bhailíochtú maidir lena niomláine agus a gcruinneas, agus sonraí a réiteach le stórtha trádála eile. Ina theannta sin, ba cheart do stórtha trádála rochtain a thabhairt do chontrapháirtithe, arna iarraidh sin, ar na sonraí go léir a tuairiscíodh thar a gceann chun ligean do na contrapháirtithe sin cruinneas na sonraí sin a fhíorú.

(23)I dtéarmaí na seirbhísí arna gcur ar fáil ag stórtha trádála, tá timpeallacht iomaíoch bunaithe faoi Rialachán Uimh. 648/2012. Ba cheart an deis a bheith ag contrapháirtithe an stór trádála ar mhaith leo tuairisciú chuige a roghnú agus malartú ó stór trádála go céile dá mba rogha leo. Chun an malartú sin a éascú agus chun a áirithiú go mbeadh sonraí ar fáil go leanúnach ba cheart do stórtha trádála beartais iomchuí a bhunú chun malartú ordúil sonraí arna dtuairisciú chuig stórtha trádála eile a áirithiú i gcás ina niarrfadh gnóthas é sin faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe.

(24)Tá sé leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nár cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid imréitigh ar shocruithe do scéimeanna pinsean go dtí go gceapfadh contrapháirtithe lárnacha réiteach teicniúil oiriúnach do mhalartú comhthaobhachta neamhairgid mar chorrlaigh athrúcháin. De bhrí nár cruthaíodh aon réiteach inmharthana fós chun imréiteach lárnach socruithe do scéimeanna pinsean a éascú, ba cheart síneadh ama a chur leis an maolú sealadach sa chaoi go mbeadh feidhm aige go ceann trí bliana eile. Ba cheart go leanfadh an timréiteach lárnach de bheith ina aidhm ar deireadh thiar de bhrí go gcuireann na forbairtí rialála agus margaidh atá ann cheana ar chumas rannpháirtithe margaidh réitigh teicniúla oiriúnacha a chruthú laistigh den réimse sin. Le cabhair ÚEUM, ÚBE, an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde ('ÚEÁPC') agus an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanann contrapháirtithe lárnacha, comhaltaí imréitigh agus socruithe do scéimeanna pinsean maidir le réitigh inmharthana lena néascófaí rannpháirtíocht socruithe do scéimeanna pinsean san imréiteach lárnach agus tuarascáil ar an dul chun cinn a ullmhú. Ba cheart don tuarascáil na réitigh agus na costais do shocruithe do scéimeanna pinsean a ghabhfadh leo a chumhdach, agus ar an gcaoi sin forbairtí rialála agus margaidh a chur san áireamh amhail athruithe ar an gcineál contrapháirtí airgeadais atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh. D'fhonn foráil a dhéanamh maidir le forbairtí nár tuaradh ag am ghlactha an Rialacháin seo, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún síneadh ama a chur leis an maolú sin go ceann dhá bhliain eile, tar éis an gá a d'fhéadfadh a bheith le cinneadh den chineál sin a mheasúnú.

(25)Ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na coinníollacha a shonrú faoina meastar téarmaí tráchtála maidir le seirbhísí imréitigh a chur ar fáil a bheith cothrom réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach, agus i ndáil le síneadh a chur leis an tréimhse nach mbeidh feidhm ag an oibleagáid imréitigh maidir le socruithe do scéimeanna pinsean lena linn.

(26)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo, agus maidir le hinfhaighteacht na faisnéise atá i stórtha trádála an Aontais ag údaráis ábhartha tríú tíortha, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 .

(27)Chun comhchuibhiú comhsheasmhach na rialacha maidir le maolú riosca, clárú stórtha trádála agus ceanglais tuairiscithe a áirithiú, ba cheart don Choimisiún dréachtchaighdeáin rialála theicniúla arna bhforbairt ag ÚBE, ÚEÁPC agus ÚEUM a ghlacadh maidir le nósanna imeachta maoirseachta chun bailíochtú tosaigh agus leanúnach na nósanna imeachta bainistíochta riosca a éilíonn comhthaobhacht atá leithscartha go hiomchuí tráthúil cruinn, mionsonraí iarratais shimplithe ar shíneadh ar chlárú stór trádála atá cláraithe cheana faoi Rialachán (AE) 2015/2365, mionsonraí na nósanna imeachta a bheidh le cur i bhfeidhm ag an stór trádála lena fhíorú go bhfuil an contrapháirtí nó an teintiteas atá ag déanamh an tuairiscithe ag comhlíonadh na gceanglas tuairiscithe agus go bhfuil an fhaisnéis arna tuairisciú agus mionsonraí na nósanna imeachta maidir le sonraí a thabhairt chun réitigh idir stórtha trádála iomlán agus cruinn. Ba cheart don Choimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin arna bhforbairt ag ÚEUM a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 , Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 .

(28)Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh arna bhforbairt ag ÚEUM trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 den Chonradh ar an Aontais Eorpach agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 i dtaca le caighdeán na sonraí le tuairisciú i ndáil leis na haicmí díorthach éagsúla agus na bealaí agus na socruithe tuairiscithe.

(29)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon comhréireacht na rialacha a áirithiú a mbíonn ualaí riaracháin neamhriachtanacha agus costais chomhlíontachta ann dá mbarr gan an chobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol agus trédhearcacht suíomhanna agus neamhchosaintí díorthach thar an gcuntar a mhéadú, na cuspóirí sin a chur i gcrích go leordhóthanach, ach de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, agus gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(30)Ba cheart cur i bhfeidhm forálacha áirithe den Rialachán sin a chur siar chun na bearta cur chun feidhme riachtanacha a chur ar bun agus chun an deis a thabhairt do na rannpháirtithe uile sa mhargadh gach beart is gá a dhéanamh chun críocha comhlíontachta.

(31)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 agus thug sé tuairim an [...].

(32)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 mar a leanas:

(1)In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (8):

"(8)    ciallaíonn 'contrapháirtí airgeadais' comhlacht infheistíochta arna údarú i gcomhréir le Treoir 2014/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 , institiúid chreidmheasa arna húdarú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gnóthas árachais nó athárachais arna údarú i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 , gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE, institiúid le haghaidh soláthair sochair scoir ceirde de réir bhrí Airteagal 6(a) de Threoir 2003/41/CE, ciste infheistíochta malartach mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(a) de Rialachán 2011/61/AE, taisclann lárnach urrús arna húdarú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 , agus eintiteas sainchuspóra urrúsúcháin mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(66) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 34 ;".

(2)Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)Leasaítear pointe (a) de mhír 1 mar seo a leanas:

(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (i) go dtí (iv):

"(i)idir dhá chontrapháirtí airgeadais atá faoi réir na gcoinníollacha sa dara fomhír d'Airteagal 4a(1);

(ii)idir contrapháirtí airgeadais atá faoi réir na gcoinníollacha sa dara fomhír d'Airteagal 4a(1) agus contrapháirtí neamhairgeadais atá faoi réir na gcoinníollacha sa dara fomhír d'Airteagal 10(1);

(iii)idir dhá chontrapháirtí neamhairgeadais atá faoi réir na gcoinníollacha sa dara fomhír d'Airteagal 10(1);

(iv)idir, ar thaobh amháin, contrapháirtí airgeadais atá faoi réir na gcoinníollacha sa dara fomhír d'Airteagal 4a(1) nó contrapháirtí neamhairgeadais atá faoi réir na gcoinníollacha sa dara fomhír d'Airteagal 10(1) agus, ar an taobh eile, eintiteas atá bunaithe i dtríú tír a bheadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá mbeadh an teintiteas sin bunaithe san Aontas;";

(b)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)    déantar iad a dhéanamh nó a nuachan an dáta óna dtiocfaidh an oibleagáid imréitigh i bhfeidhm, nó tar éis an dáta sin;

(c)cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:

"3a. Déanfaidh comhaltaí imréitigh agus cliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh, bíodh sin go díreach nó go hindíreach, na seirbhísí sin a chur ar fáil ar théarmaí trádála cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha.

Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun na coinníollacha a shonrú dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoina meastar go bhfuil na téarmaí tráchtála cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach.";

(3)Cuirtear isteach Airteagal 4a seo a leanas:

Airteagal 4a

Contrapháirtithe faoi réir oibleagáid imréitigh

1.    Déanfaidh contrapháirtí airgeadais a ghlacann glansuíomhanna i gconarthaí díorthach thar an gcuntar a mheánsuíomh cinn míosa a ríomh go bliantúil do Mhárta, d'Aibreán agus do Bhealtaine i gcomhréir le mír 3.

Nuair a sháróidh toradh an ríomha sin na tairseacha réitigh de réir mar a shonraítear in Airteagal 10(4)(b), déanfaidh an contrapháirtí airgeadais an méid seo a leanas:

(a)    cuirfidh sé fógra láithreach maidir leis sin chuig ÚEUM agus chuig an údarás inniúil;

(b)    beidh sé faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4 do chonarthaí díorthach thar an gcuntar, cibé aicme sócmhainní nó aicmí sócmhainní ar sáraíodh an tairseach imréitigh ina leith;

(c)    faoi cheann ceithre mhí tar éis teacht faoi réir na hoibleagáide imréitigh dó, déanfaidh sé na conarthaí dá dtagraítear i bpointe (b) a imréiteach.

2.    Maidir le contrapháirtí airgeadais atá tagtha faoi réir na hoibleagáide imréitigh i gcomhréir le mír 1 agus a léiríonn ina dhiaidh sin don údarás inniúil ábhartha nach sáraíonn a mheánsuíomh cinn míosa rollach do Mhárta, d'Aibreán agus do Bhealtaine an tairseach imréitigh a thuilleadh dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh sé faoi réir na hoibleagáide imréitigh a thuilleadh a leagtar amach in Airteagal 4.

3.    Nuair a bheidh na suíomhanna dá dtagraítear i mír 1 á ríomh aige, cuirfidh an contrapháirtí airgeadais san áireamh na conarthaí díorthach thar an gcuntar uile a rinne an contrapháirtí airgeadais nó aon eintiteas eile laistigh den ghrúpa a mbaineann an contrapháirtí airgeadais leis.";

(4)In Airteagal 5(2) scriostar pointe (c);

(5)in Airteagal 6(2), scriostar pointe (e);

(6)Cuirtear an tAirteagal 6b seo a leanas isteach:

"Airteagal 6b

Oibleagáidí imréitigh a chur ar fionraí i gcásanna seachas imréitigh

1.    Cé is moite de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 6a(1), féadfaidh ÚEUM iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) maidir le haicme shonrach de dhíorthaigh thar an gcuntar nó cineál sonrach contrapháirtí i gcás ina gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)    níl an aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar oiriúnach a thuilleadh don imréiteach lárnach ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 4 agus i mír 5 d'Airteagal 5;

(b)    is dócha go scoirfidh contrapháirtí lárnach den aicme shonrach de dhíorthaigh thar an gcuntar a imréiteach agus nach bhfuil aon chontrapháirtí lárnach in ann an aicme shonrach de dhíorthaigh thar an gcuntar a imréiteach gan bhriseadh;

(c)    is gá an oibleagáid imréitigh d'aicme shonrach de dhíorthaigh thar an gcuntar nó do chineál contrapháirtí sonrach a chur ar fionraí chun riosca tromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais a sheachaint nó aghaidh a thabhairt uirthi agus an cur ar fionraí a bheith i gcomhréir leis an aidhm sin.

Chun críche phointe (c) den chéad fhomhír rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach roimh an iarraidh dá dtagraítear ann.

I gcás ina niarrann ÚEUM ar an gCoimisiún an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a chur ar fionraí, luafaidh sé cúiseanna agus tabharfaidh sé fianaise gur comhlíonadh ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír.

2.    Ní dhéanfar an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a phoibliú.

3.    Déanfaidh an Coimisiún, faoi cheann 48 nuair an chloig tar éis na hiarrata dá dtagraítear i mír 1 agus bunaithe ar na cúiseanna agus ar an bhfianaise arna gcur ar fáil ag ÚEUM, an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí don aicme shonrach de dhíorthaigh thar an gcuntar nó don chineál sonrach contrapháirtí dá dtagraítear i mír 1, é sin nó an cur ar fionraí arna iarraidh a dhiúltú.

4.    An cinneadh ón gCoimisiún an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí, déanfar an cinneadh sin a chur in iúl d'ÚEUM, agus déanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin agus sa chlár poiblí dá dtagraítear in Airteagal 6.

5.    Beidh cur ar fionraí na hoibleagáide imréitigh de bhun an Airteagail seo bailí ar feadh tréimhse nach faide ná trí mhí ó dháta fhoilsithe an chur ar fionraí sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

6.    Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le hÚEUM, síneadh ama a chur leis an gcur ar fionraí dá dtagraítear i mír 5 ar feadh tréimhsí breise de thrí mhí, agus nach mó ná dhá mhí dhéag tréimhse iomlán an chur ar fionraí. Déanfar síneadh ama ar an gcur ar fionraí a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 4.

Chun críche na chéad fhomhíre, cuirfidh an Coimisiún in iúl d'ÚEUM go bhfuil sé beartaithe aige síneadh ama a chur le cur ar fionraí na hoibleagáide imréitigh. Tabharfaidh ÚEUM tuairim maidir le síneadh ama a chur leis an gcur ar fionraí faoi cheann 48 nuair an chloig tar éis fógra a fháil.";

(7)Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. Áiritheoidh na contrapháirtithe agus na contrapháirtithe lárnacha go ndéanfar mionsonraí aon chonradh díorthach atá curtha i gcrích acu agus aon mhodhnú nó foirceannadh i leith an chonartha sin a thuairisciú i gcomhréir le mír 1a do stór trádála a cláraíodh i gcomhréir le hAirteagal 55 nó a sainaithníodh i gcomhréir le hAirteagal 77. Déanfar na mionsonraí a thuairisciú tráth nach déanaí ná an chéad lá oibre tar éis an conradh a chur i gcrích, a mhodhnú nó a fhoirceannadh.

Beidh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe maidir le conarthaí díorthach:

(a)    a rinneadh roimh 12 Feabhra 2014 agus atá fós le híoc an dáta sin;

(b)    a rinneadh an 12 Feabhra 2014 nó tar a éis sin.

Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe maidir le hidirbhearta laistigh de ghrúpaí dá dtagraítear in Airteagal 3 i gcás inar contrapháirtí neamhairgeadais ceann amháin de na contrapháirtithe.”;

(b)cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas:

"1a.    Déanfar mionsonraí conarthaí díorthacha dá dtagraítear i mír 1 a thuairisciú mar a leanas:

(a)Beidh contrapháirtithe lárnacha freagrach as mionsonraí conarthaí díorthach nach conarthaí díorthach thar an gcuntar iad a thuairisciú thar ceann an dá chontrapháirtí agus as cruinneas na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú;

(b)beidh contrapháirtithe airgeadais freagrach as conarthaí díorthach thar an gcuntar arna dtabhairt i gcrích le contrapháirtí neamhairgeadais nach bhfuil faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 10(1) a thuairisciú thar ceann an dá chontrapháirtí agus as cruinneas na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú;

(c)beidh comhlacht bainistíochta gnóthais le haghaidh comh-infheistíochta in urrúis inaistrithe freagrach as tuairisciú mionsonraí conarthaí díorthach thar an gcuntar ina bhfuil an gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis ina chontrapháirtí agus as cruinneas na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú;

(d)beidh comhlacht bainistíochta ciste infheistíochta mhalartaigh freagrach as tuairisciú mionsonraí conarthaí díorthacha thar an gcuntar ina bhfuil ciste infheistíochta malartach ina chontrapháirtí agus as cruinneas na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú;

(e)áiritheoidh na contrapháirtithe agus na contrapháirtithe lárnacha go ndéanfar mionsonraí a gconarthaí díorthach a thuairisciú go cruinn gan aon dúbailt.

Féadfaidh contrapháirtithe agus contrapháirtithe lárnacha atá faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe dá dtagraítear i mír 1 an oibleagáid tuairiscithe sin a tharmligean.";

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 3, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt ina sonrófar:

(a)caighdeáin agus formáidí sonraí na faisnéise a bheidh le tuairisciú, ina mbeidh ceann amháin den mhéid seo a leanas ar a laghad:

(i)    aitheantóirí eintitis dhlítheanaigh;

(ii)    uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISINanna);

(iii)    aitheantóirí uathúla trádála;

(b)na modhanna agus na socruithe maidir le tuairisciú;

(c)minicíocht na dtuarascálacha;

(d)an dáta faoina ndéanfar conarthaí díorthach a thuairisciú, lena náirítear aon chéimniú isteach le haghaidh conarthaí a rinneadh sula raibh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla á bhforbairt aige, cuirfidh ÚEUM san áireamh forbairtí agus caighdeáin idirnáisiúnta a aontófar ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal domhanda, agus a gcomhsheasmhacht leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365* agus Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta 9 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tabharfar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.";

__________________________________________________________________

*    Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).

(8)In Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

“1.    Déanfaidh contrapháirtí airgeadais a ghlacann glansuíomhanna i gconarthaí díorthach thar an gcuntar a mheánsuíomh cinn míosa a ríomh go bliantúil do Mhárta, d'Aibreán agus do Bhealtaine i gcomhréir le mír 3.

Nuair a sháróidh toradh an ríomha sin na tairseacha réitigh de réir mar a shonraítear de bhun Airteagal 4(b), déanfaidh an contrapháirtí airgeadais an méid seo a leanas:

(a)cuirfidh sé fógra láithreach maidir leis sin chuig ÚEUM agus chuig an údarás a ainmníodh i gcomhréir le mír 5 de;

(b)beidh sé faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4 do chonarthaí díorthach thar an gcuntar, cibé aicme de shócmhainní nó aicmí de shócmhainní dár sáraíodh an tairseach imréitigh;

(c)laistigh de cheithre mhí tar éis teacht faoi réir na hoibleagáide imréitigh, déanfaidh sé na conarthaí dá dtagraítear i bpointe (b) a imréiteach.

2.    Maidir le contrapháirtí neamhairgeadais atá tagtha faoi réir na hoibleagáide imréitigh i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 agus a léiríonn ina dhiaidh sin don údarás a ainmnítear i gcomhréir le mír 5 nach sáraíonn a mheánsuíomh cinn míosa rollach do Mhárta, d'Aibreán agus do Bhealtaine bliana ar leith an tairseach imréitigh dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh sé faoi réir na hoibleagáide imréitigh feasta a leagtar amach in Airteagal 4”;

(9)Leasaítear mír 15 d'Airteagal 11 mar seo a leanas:

(a)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)    na nósanna imeachta bainistíochta riosca, lena náirítear leibhéil agus cineál na comhthaobhachta agus na socruithe leithscartha dá dtagraítear i mír 3, mar aon le nósanna imeachta maoirseachta gaolmhara chun bailíochtú nósanna imeachta bainistíochta riosca tosaigh agus leanúnach a áirithiú;”;

(b)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 2:

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi cheann [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta: 9 mí tar éis dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].”;

(10)In Airteagal 38, cuirtear isteach mír 6 agus mír 7 mar seo a leanas:

“6.    Cuirfidh contrapháirtí lárnach uirlis ionsamhlúcháin ar fáil dá chomhaltaí imréitigh lena bhféadfaidh siad a chinneadh, ar bhonn comhiomlán, an méid corrlaigh tosaigh breise a fhéadfaidh contrapháirtí lárnach a éileamh agus idirbheart nua á imréiteach. Is ar bhonn slánrochtana amháin a thabharfar rochtain ar an uirlis sin agus ní bheidh torthaí an ionsamhlúcháin ina gceangal.

7.    Cuirfidh contrapháirtí lárnach faisnéis maidir leis na samhlacha corrlaigh tosaigh a úsáideann sé ar fáil dá chomhaltaí imréitigh. Comhlíonfaidh an fhaisnéis sin na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)tá míniú soiléir ann ar dhearadh na samhla corrlaigh tosaigh agus an dóigh ina noibríonn sí;

(b)    tá míniú soiléir ann ar phríomhthoimhdí agus príomhtheorainneacha na samhla corrlaigh tosaigh agus na cúinsí faoi nach bhfuil na toimhdí sin bailí a thuilleadh

(c)    tá sé doiciméadaithe.";

(11)In Airteagal 39, cuirtear isteach an mhír 11 seo a leanas:

“11. I gcás ina gcomhlíonfar an ceanglas dá dtagraítear i mír 9, ní mheasfar gur cuid d'eastát dócmhainneachta an chontrapháirtí lárnaigh nó an chomhalta imréitigh na sócmhainní agus na suíomhanna arna dtaifeadadh sna cuntais sin.”;

(12)Leasaítear Airteagal 56 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.Chun críocha Airteagal 55(1) déanfaidh stór trádála ceann amháin díobh seo a leanas a chur faoi bhráid ÚEUM:

(a)iarratas ar chlárú;

(b)iarraidh ar shíneadh ama ar an gclárú i gcás ina bhfuil an stór trádála cláraithe cheana faoi Chaibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365.”;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an méid seo a leanas:

(a)mionsonraí an iarratais maidir leis an gclárú dá dtagraítear i mír 1(a);

(b)mionsonraí iarratais shimplithe ar shíneadh ama ar an gclárú dá dtagraítear i mír 1(b).

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi cheann [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta: 9 mí tar éis dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 1, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt ina sonrófar an méid seo a leanas:

(a)formáid an iarratais ar chlárú dá dtagraítear i mír 1(a);

(b)formáid an iarratais ar shíneadh ama ar an gclárú dá dtagraítear i mír 1(b).

Maidir le pointe (b) den chéad fhomhír, forbróidh ÚEUM formáid shimplithe.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi cheann [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta: 9 mí tar éis dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tabharfar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.";

(13)Leasaítear Airteagal 65(2) mar a leanas:

(a)i bpointe(a), cuirtear “EUR 200 000”; in ionad “EUR 20 000”;

(b)i bpointe(b), cuirtear “EUR 100 000”; in ionad “EUR 10 000”;

(c)cuirtear an pointe (c) seo a leanas isteach:

“(c)    maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i Roinn I d'Iarscríbhinn I, EUR 5 000 ar a laghad a bheidh i méid na bhfíneálacha agus ní fhorchuirfear fíneáil níos mó ná EUR 10 000.”;

(14)In Airteagal 72, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2.    Cumhdóidh méid na táille a ghearrfar ar stór trádála na costais riaracháin go léir a thabhóidh ÚEUM dá ghníomhaíochtaí clárúcháin agus maoirseachta agus beidh sé comhréireach le láimhdeachas an stóir trádála lena mbaineann agus leis an gcineál clárúcháin agus maoirseachta a chuirfear i bhfeidhm.";

(15)Cuirtear isteach Airteagal 76a seo a leanas:

Airteagal 76a

Rochtain fhrithpháirteach dhíreach ar shonraí

1.    I gcás inar gá é chun a ndualgais a fheidhmiú, beidh rochtain dhíreach ag údaráis tríú tíortha ina bhfuil stór trádála amháin nó níos mó ná sin bunaithe ar fhaisnéis i stórtha trádála atá bunaithe san Aontas ar choinníoll go mbeidh gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 2 chuige sin.

2.    Arna iarraidh sin ag na húdaráis dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2), lena gcinntear an gcomhlíonann creat dlíthiúil thríú tír an údaráis iarrthaigh na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)    tá stórtha trádála arna mbunú sa tríú tír sin údaraithe go hiomchuí;

(b)    go ndéantar maoirseacht éifeachtach ar stórtha trádála agus forghníomhú éifeachtach ar a noibleagáidí sa tríú tír sin ar bhonn leanúnach;

(c)    tá ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla ann agus tá na ráthaíochtaí sin coibhéiseach ar a laghad leis na ráthaíochtaí sin a leagtar síos sa Rialachán seo, lena náirítear rúin a roinneann na húdaráis le tríú páirtithe;

(d)    tá stórtha trádála atá údaraithe sa tríú tír sin faoi réir oibleagáid atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá in-fhorghníomhaithe rochtain dhíreach láithreach ar an bhfaisnéis a dheonú do na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 81(3).”;

(16)In Airteagal 78, cuirtear isteach mír 9 agus mír 10 mar seo a leanas:

“(9)    Cuirfidh stór trádála ar bun na nósanna imeachta agus na beartais seo a leanas:

(a)    na nósanna imeachta chun sonraí idir stórtha trádála a réiteach go héifeachtach;

(b)    nósanna imeachta chun cruinneas agus iomláine na sonraí tuairiscithe a áirithiú;

(c)    beartais maidir le sonraí a aistriú go hordúil chuig stórtha trádála eile arna iarraidh sin ag na contrapháirtithe nó na contrapháirtithe lárnacha dá dtagraítear in Airteagal 9 nó i gcás eile inar gá sin.

(10)    Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar:

(a)    na nósanna imeachta le haghaidh sonraí idir stórtha trádála a réiteach;

(b)    na nósanna imeachta a chuirfidh an stór trádála i bhfeidhm chun comhlíontacht an chontrapháirtí atá ag déanamh na tuairiscithe agus an eintitis atá ag déanamh tíolacadh a fhíorú agus chun iomláine agus cruinneas na faisnéise a tuairiscíodh faoi Airteagal 9 a fhíorú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta: 9 mí tar éis dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

(17)Leasaítear Airteagal 81 mar a leanas:

(a)cuirtear an pointe (q) seo a leanas le mír 3:

“(q)    na húdaráis ábhartha tríú tír a bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha de bhun Airteagal 76(a) ina leith;”;

(b)cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:

"3a.    Cuirfidh stór trádála an fhaisnéis a thuairiscigh sé thar a gceann in iúl do chontrapháirtithe agus do chontrapháirtithe lárnacha dá dtagraítear sa tríú mír d'Airteagal 9(1a).”;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5. D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar an méid seo a leanas:

(a)    an fhaisnéis a fhoilseofar nó a chuirfear ar fáil i gcomhréir le mír 1 agus mír 3;

(b)    minicíocht tuairiscithe na faisnéise dá dtagraítear i mír 1;

(c)    na caighdeáin oibríochtúla is gá chun sonraí a chomhiomlánú agus chun comparáid a dhéanamh ar na sonraí idir na stórtha agus is gá d'eintitis dá dtagraítear i mír 3 chun rochtain a fháil ar fhaisnéis;

(d)    na téarmaí agus na coinníollacha, na socruithe agus an doiciméadacht riachtanach faoina ndeonaíonn stórtha trádála rochtain ar na heintitis dá dtagraítear i mír 3.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta: 9 mí tar éis dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla sin á bhforbairt aige, áiritheoidh ÚEUM nach nochtfar le foilsiú na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 céannacht aon pháirtí in aon chonradh.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

(18)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 82(2):

“2.    Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(6), Airteagal 4(3) Airteagal 64(7), Airteagal 70, Airteagal 72(3), Airteagal 76a agus Airteagal 85(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe.”;

(19)Leasaítear Airteagal 85 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.    Faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta an dáta is déanaí teacht i bhfeidhm + 3 bliana] déanfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mheasúnú agus tuarascáil ghinearálta a ullmhú. Cuirfidh an Coimisiún sin an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí.

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.    Faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta teacht i bhfeidhm + 2 bhliain], ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil ina mheasúnófar an ndearnadh forbairt ar réitigh theicniúla inmharthana chun socruithe do scéimeanna pinsean airgid agus neamhairgid a aistriú mar chorrlaigh athrúcháin agus ina ndéanfar measúnú ar an ngá atá ann le haon bheartais chun na réitigh theicniúla sin a éascú.

Cuirfidh ÚEUM, faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta teacht i bhfeidhm +18 mí dhéag], i gcomhar le hÚEÁPC, ÚBE agus ÚEUM, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina ndéanfar measúnú ar an méid seo a leanas:

(a)    an bhfuil forbairt déanta ar réitigh theicniúla inmharthana a dhéanann contrapháirtithe, comhaltaí imréitigh agus socruithe scéimeanna pinsean chun rannpháirtíocht socruithe scéimeanna pinsean san imréiteach lárnach a éascú trí chomhthaobhacht airgid agus neamhairgid a phostáil mar chorrlaigh athrúcháin , lena náirítear impleachtaí na réiteach sin ar leachtacht agus comh-thimthriallacht an mhargaidh;

(b)    méid agus cineál gníomhaíochtaí socruithe scéimeanna pinsean i margaí díorthach thar an gcuntar imréitithe agus neamh-imréitithe, de réir aicme sócmhainní, agus aon riosca sistéamach gaolmhar don chóras airgeadais;

(c)    iarmhairtí an cheanglais imréitigh nach mór socruithe do scéimeanna pinsean a straitéisí infheistíochta a chomhlíonadh, lena náirítear aon athruithe ar leithdháileadh a sócmhainní airgid agus neamhairgid;

(d)    impleachtaí na dtairseach imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 10(4) ar shocruithe scéimeanna pinsean;

(e)    tionchar ceanglas dlíthiúil eile ar an difreálach costais idir idirbhearta díorthach thar an gcuntar imréitithe agus idirbhearta díorthach thar an gcuntar neamh-imréitithe, lena náirítear na ceanglais corrlaigh maidir le díorthaigh neamh-imréitithe agus ríomh an chóimheasa luamhánaithe a dhéanfar de bhun Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(f)    an bhfuil gá le bearta breise chun réiteach imréitigh do shocruithe scéimeanna pinsean a éascú.

Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun síneadh dhá bhliain uair amháin a chur leis an tréimhse trí bliana dá dtagraítear in Airteagal 89(1), i gcás ina gcinnfidh sé nár forbraíodh aon réiteach teicniúil inmharthana agus nach mbeidh aon athrú ar éifeacht dhochrach conarthaí díorthacha a imréiteach go lárnach ar shocair scoir pinsinéirí sa todhchaí.”;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.    Faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach 6 mhí roimh an dáta dtagraítear i mír 1] tabharfaidh ÚEUM tuarascáil don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas:

(a)    an bhfuil forbairt déanta ar réitigh theicniúla chun rannpháirtíocht socruithe scéimeanna pinsean san imréiteach lárnach a éascú agus tionchar na réiteach sin ar an méid imréitigh lárnaigh a dhéanann socruithe scéimeanna pinsean, agus an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 á cur san áireamh;

(b)    tionchar an Rialacháin seo ar leibhéal an imréitigh a dhéanann contrapháirtithe neamhairgeadais agus ar leithdháileadh an imréitigh laistigh d'aicme na gcontrapháirtithe neamhairgeadais, go háirithe maidir le hoiriúnacht na dtairseach imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 10(4);

(c)    tionchar an Rialacháin seo ar leibhéal an imréitigh a dhéanann contrapháirtithe airgeadais cé is moite díobh sin atá faoi réir Airteagal 4a(2) agus ar leithdháileadh an imréitigh laistigh d'aicme na gcontrapháirtithe airgeadais sin, go háirithe maidir le hoiriúnacht na dtairseach imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 10(4);

(d)    an feabhas ar cháilíocht na sonraí i ndáil le hidirbhearta a thuairiscítear chuig stórtha trádála, inrochtaineacht ar na sonraí sin agus cáilíocht na faisnéise a fhaightear ó stórtha trádála i gcomhréir le hAirteagal 81;

(e)    an inrochtaineacht ar imréiteach a dhéanann contrapháirtithe ”;

(20)In Airteagal 89, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhí 1:

“1.    Go dtí an [Oifig na bhFoilseachán:cuir isteach an dáta teacht i bhfeidhm + 3 bliana], ní bheidh feidhm ag an oibleagáid imréitigh a leagtar amach in Airteagal 4 maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar ar féidir a thomhas go hoibiachtúil mar idirbhearta a laghdóidh rioscaí infheistíochta a bhaineann go díreach le sócmhainneacht airgeadais na socruithe do scéimeanna pinsin, agus le heintitis a bhunaíodh chun cúiteamh a chur ar fáil do chomhaltaí socruithe scéim pinsin i gcás mainneachtain socrú scéim pinsin.”;

(21)Déantar Iarscríbhinn I a leasú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1(3), Airteagal 1(7)(d), agus mír 8, mír 10, agus mír 11 d'Airteagal 1[Oifig na bhFoilseachán:cuir isteach an dáta 6 mhí tar éis dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus ag Airteagal 1(2)(c), Airteagal 1(7)(e), Airteagal 1(9), pointí(b) agus (c) d'Airteagal 1(12) agus Airteagal 1(16) [Oifig na bhFoilseachán:cuir isteach an dáta 18 mí tar éis dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. 

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála.
(2) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin - Measúnú Tionchair a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála. SEC(2010) 1059, le fáil ag http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52010SC1058 .
(3) An tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoi Airteagal 85(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála, COM(2016) 857 final an 23.11.2016. http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1480141638729&uri=COM:2016:857:FIN .
(4) An Coimisiún Eorpach, REFIT agus 10 dTosaíocht an Choimisiún, an 25 Deireadh Fómhair 2016. http://ec.europa.eu/atwork/pdf/201621025_refit_scoreboard_summary_en.pdf .
(5) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(6) Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 85/611/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/6/CEE ón gComhairle agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 93/22/CEE ón gComhairle (IO L 145, 30.1.2004, lch. 1).
(7) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
(9) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus Rialachán (AE) 2015/2365, COM(2016) 856 final.
(10) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i dtaca leis an gcóimheas giarála, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an riosca creidmheasa contrapháirtí, leis an riosca margaidh, leis na neamhchosaintí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na neamhchosaintí ar ghnóthais chomh-infheistíochta,leis na neamhchosaintí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
(11) An Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) …/...an 16.3.2017 lena leasaítear Rialachán (EU) 2015/2205 Rialachán (EU) 2016/592 agus Rialachán (EU) 2016/1178 i dtaca leis an sprioc-am maidir le comhlíonadh i leith oibleagáidí imréitigh do chontrapháirtithe áirithe atá ag plé le díorthaigh thar an gcuntar, C(2017) 1658 final.
(12) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/2205 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na hoibleagáide imréitigh (IO L 314, 1.12.2015, lch. 15). Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2016/592 ón gCoimisiún an 1 Márta 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na hoibleagáide imréitigh (IO L 103, 19.4.2016, lch. 5). Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2016/1178 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na hoibleagáide imréitigh (IO L 195, 20.7.2016, lch. 3).
(13) Tá an comhairliúchán agus an achoimre ar na freagraí le fáil ag http://ec.europa.eu/finance/consultations/2015/emir-revision/index_en.htm.
(14) Tá eolas le fáil ag http://ec.europa.eu/finance/events/2015/0529-emir-revision/index_en.htm.
(15) Tá an comhairliúchán le fáil ag http://ec.europa.eu/finance/consultations/2015/financial-regulatory-framework-review/index_en.htm .
(16) Tuilleadh eolais ag http://ec.europa.eu/finance/events/2016/0517-call-for-evidence/index_en.htm.
(17) Tuilleadh eolais ag http://ec.europa.eu/transparency/regexpert/index.cfm?do=groupDetail.groupDetailDoc&id=30153&no=2.
(18) IO C […], […], lch. […].
(19) IO C […], […], lch. […].
(20) An seasamh ó Pharlaimint na hEorpa ... (IO ...) agus cinneadh ón gComhairle ...
(21) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).
(22) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 201 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
(23) http://www.bis.org/cpmi/publ/d106.pdf
(24) http://www.bis.org/cpmi/publ/d125.pdf
(25) Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).
(26) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(27) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún, IO L 331, 15.12.2010, lch. 12.
(28) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).
(29) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(30) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(31) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(32) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus leis an ngnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(33) Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257 28.8.2014. lch. 1).
(34) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
Top

An Bhruiséil,4.5.2017

COM(2017) 208 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán Uimh. 648/2012, i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe trí chontrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála

{SWD(2017) 148 final}
{SWD(2017) 149 final}


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(1)I Roinn I, cuirtear isteach pointe (i), pointe (j) agus pointe (k) seo a leanas:

“(i)    sháraigh stór trádála Airteagal 78(9)(a) más rud é nár chuir sé nósanna imeachta leordhóthanacha ar bun chun sonraí idir stórtha trádála a réiteach;

(j)    sháraigh stór trádála Airteagal 78(9)(a) más rud é nár chuir sé nósanna imeachta leordhóthanacha ar bun chun cruinneas agus iomláine na sonraí tuairiscithe a áirithiú;

(k)    sháraigh stór trádála Airteagal 78(9)(a) más rud é nár chuir sé beartais leordhóthanacha ar bun maidir le sonraí a aistriú go hordúil chuig stórtha trádála eile arna iarraidh sin ag na contrapháirtithe nó na contrapháirtithe lárnacha dá dtagraítear in Airteagal 9 nó i gcás eile inar gá sin.”;

(2)I Roinn IV, cuirtear isteach an pointe (d) seo a leanas:

“(d)    sháraigh stór trádála Airteagal 55(4) más rud é nár chuir sé ÚEUM ar an eolas in am trátha faoi athruithe ábhartha ar staid a chláraithe.”.

Top