EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52017PC0010

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le meas ar an saol príobháideach agus cosaint sonraí pearsanta i gcumarsáid leictreonach agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/58/CE (Rialachán maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach)

COM/2017/010 final - 2017/03 (COD)

An Bhruiséil,10.1.2017

COM(2017) 10 final

2017/0003(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le meas ar an saol príobháideach agus cosaint sonraí pearsanta i gcumarsáid leictreonach agus lena n
x001e
aisghairtear Treoir 2002/58/CE (Rialachán maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2017) 3 final}
{SWD(2017) 4 final}
{SWD(2017) 5 final}
{SWD(2017) 6 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1.Forais agus cuspóirí an togra

Is é is cuspóir leis an Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach ("Straitéis DSM") 1 muinín i seirbhísí digiteacha chomh maith le slándáil seirbhísí digiteacha a mhéadú. Bhí athchóiriú an chreata um chosaint sonraí, agus go háirithe glacadh Rialachán (AE) 2016/679, an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí ("RGCS") 2 , ina bheart bunúsach chuige sin. Fógraíodh freisin sa straitéis maidir le margadh aonair digiteach athbhreithniú Rialachán 2002/58/CE ("an Treoir maidir le ríomh-Phríobháideachas") 3 chun leibhéal ard cosanta ar phríobháideachas a chur ar fáil d’úsáideoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí chomh maith le cothrom iomaíochta do na gníomhaithe ar fad sa mhargadh. Athbhreithnítear leis an togra seo an Treoir maidir le ríomh-Phríobháideachas, ag tuar cuspóirí sa straitéis maidir le margadh aonair digiteach agus ag áirithiú comhsheasmhachta le RGCS.

Áirithítear leis an Treoir maidir le ríomh-Phríobháideachas cosaint ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha, go háirithe an meas ar an saol príobháideach, rúndacht chumarsáide agus cosaint sonraí pearsanta in earnáil na cumarsáide leictreonaí. Chomh maith leis sin, ráthaítear léi freisin saorghluaiseacht sonraí cumarsáide leictreonaí, trealaimh agus seirbhísí san Aontas. Cuirtear chun feidhme leis i ndlí tánaisteach an Aontais an ceart bunúsach don mheas ar an saol príobháideach, maidir le cumarsáid, mar a chumhdaítear in Airteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ("Cairt").

Ar aon dul leis na ceanglais maidir le ‘Rialáil Níos Fearr’, chuir an Coimisiún Clár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála ("meastóireacht REFIT") ex post i gcrích ar an Treoir maidir le ríomh-Phríobháideachas. Léiríonn toradh na meastóireachta go bhfuil cuspóirí agus prionsabail an chreata reatha fónta i gcónaí. Mar sin féin, tharla forbairtí tábhachtacha teicneolaíocha agus eacnamaíocha sa mhargadh ó rinneadh an tathbhreithniú deiridh ar an Treoir maidir le ríomh-Phríobháideachas in 2009. Bíonn tomhaltóirí agus gnólachtaí ag brath níos mó ar sheirbhísí nua bunaithe ar an idirlíon lena gcumasaítear cumarsáid idirphearsanta amhail Prótacal Idirlín Guthaithe, cur teachtaireachtaí meandracha agus seirbhísí poist gréasáin, in ionad seirbhísí cumarsáide traidisiúnta. Go ginearálta, níl na Seirbhísí Cumarsáide de Mhuin an Idirlín ("OTTanna") sin faoi réir chreat reatha an Aontais maidir le cumarsáid leictreonach, lena náirítear an Treoir maidir le ríomh-Phríobháideachas. Dá réir sin, níor coinníodh an Treoir suas le forbairtí teicneolaíocha agus mar thoradh air sin tá folús ann maidir le cosaint cumarsáide a iompraítear trí sheirbhísí nua.

1.2.Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Is lex specialis in RGCS é an togra seo agus déanfaidh sé é a shonrú agus a chomhlánú maidir le sonraí cumarsáide leictreonaí a cháilíonn mar shonraí pearsanta. Cumhdaítear in RGCS na hábhair uile maidir le próiseáil sonraí pearsanta nach dtéitear i ngleic go sonrach leo sa togra. Mar thoradh ar an ailíniú le RGCS aisghaireadh cuid de na forálacha, amhail oibleagáidí slándála Airteagal 4 den Treoir maidir le ríomh-Phríobháideachas.

1.3.Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an Treoir maidir le ríomh-Phríobháideachas mar chuid den chreat rialála maidir le cumarsáid leictreonach. In 2016, ghlac an Coimisiún an togra le haghaidh Treoir lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach ("CCLE") 4 , lena ndéantar athbhreithniú ar an gcreat. Cé nach dlúthchuid den CCLE é an togra reatha, braitheann sé go páirteach ar shainmhínithe a thugtar ann, lena náirítear an sainmhíniú ar ‘sheirbhísí cumarsáide leictreonaí’. Cosúil le CCLE, tugtar soláthraithe OTTanna faoi réim feidhme an togra seo chun réadúlacht an mhargaidh a léiriú. Ina theannta sin, déantar le CCLE an togra seo a chomhlánú trí shlándáil seirbhísí cumarsáide leictreonaí a áirithiú.

Déantar margadh aonair do threalamh raidió a áirithiú leis an Treoir maidir le Trealamh Raidió 2014/53/AE 5 . Éilítear leis, go háirithe, nach mór go mbeadh cosaintí san áireamh i dtrealamh raidió sula gcuirtear ar an margadh é lena áirithiú go ndéantar sonraí pearsanta agus príobháideachas an úsáideora a chosaint. Faoin Treoir maidir le Trealamh Raidió agus faoin Rialachán maidir le Caighdeánú Eorpach (AE) 1025/2012 6 , tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún bearta a ghlacadh. Ní dhéantar leis an togra seo difear don Treoir maidir le Trealamh Raidió.

Níl aon fhorálacha sonracha sa togra sa réimse a bhaineann le sonraí a choinneáil. Coinníonn sé substaint Airteagal 15 den Treoir maidir le ríomh-Phríobháideachas agus déanann sé é a ailíniú le foclaíocht shonrach Airteagal 23 de RGCS, a chuireann forais ar fáil do Bhallstáit chun srian a chur le raon feidhme na gceart agus na noibleagáidí in airteagail shonracha den Treoir maidir le ríomh-Phríobháideachas. Dá bhrí sin, tá saorchead ag na Ballstáit creata náisiúnta um shonraí a choinneáil nó a chruthú, a fhorálann, inter alia, do bhearta coinneála spriocdhírithe, a mhéid a chomhlíonann creata den sórt sin dlí an Aontais, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh maidir le léiriú ar an Treoir maidir le ríomh-Phríobháideachas agus ar an gCairt um Chearta Bunúsacha 7 .

Ar deireadh, ní bhaineann an togra le gníomhaíochtaí institiúidí chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais. Mar sin féin, cuireadh a chuid prionsabal agus a chuid oibleagáidí ábhartha i ndáil leis an gceart do shaol agus do chumarsáid phríobháideach maidir le sonraí cumarsáide leictreonaí a phróiseáil san áireamh sa Togra le haghaidh Rialachán lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 8 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

2.1.Bunús dlí

Is iad Airteagal 16 agus Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”) an bunús dlí ábhartha don togra.

Tugann Airteagal 16 CFAE bunús dlí ar leith isteach chun rialacha a ghlacadh a bhaineann le cosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí an Aontais, ag Ballstáit nuair a bhíonn gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais á ndéanamh, agus rialacha a bhaineann le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin. Ó tharla go gcáileoidh cumarsáid leictreonach a bhaineann le duine nádúrtha mar shonraí pearsanta de ghnáth, ba cheart cosaint daoine nádúrtha maidir le príobháideachas cumarsáide agus próiseáil sonraí den sórt sin a bhunú ar Airteagal 16.

Ina theannta sin, is é is aidhm don togra cumarsáid agus leasanna dlisteanacha gaolmhara daoine dlítheanacha a chosaint. Beidh brí agus raon feidhme na gceart faoi Airteagal 7 den Chairt, i gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt, mar an gcéanna leo siúd atá leagtha síos in Airteagal 8(1) den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint ("CECD"). Maidir le raon feidhme Airteagal 7 den Chairt, deimhníonn cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ("CJEU") 9 agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine 10 nach féidir gníomhaíochtaí gairmiúla daoine dlítheanacha a eisiamh ó chosaint an chirt a ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt agus le hAirteagal 8 de CECD.

Ó tharla go bhfuil cuspóir dúbailte á shaothrú ag an tionscnamh agus nach féidir a mheas nach bhfuil sa chuid a bhaineann le cumarsáid daoine dlítheanacha a chosaint agus san aidhm a bhaineann leis an margadh inmheánach a bhaint amach don chumarsáid leictreonach sin agus a fheidhmiú a áirithiú i dtaca leis sin, ach cuid theagmhasach, ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh an tionscnamh bunaithe freisin ar Airteagal 114 de CFAE.

2.2.Coimhdeacht

Is ceart bunúsach, a aithnítear sa Chairt, é an meas ar chumarsáid. Is féidir leis an ábhar i gcumarsáid leictreonach faisnéis aníogair a nochtadh faoi na húsáideoirí deiridh atá bainteach leis an gcumarsáid. Mar an gcéanna, is féidir le meiteashonraí a fhaightear ó chumarsáid leictreonach, faisnéis atá aníogair agus pearsanta a nochtadh, mar atá aitheanta go sainráite ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh 11 . Chomh maith leis sin, aithníonn formhór na mBallstát an gá atá le cumarsáid a chosaint mar cheart bunreachtúil ar leith. Cé gur féidir le Ballstáit beartais a achtú a áirithíonn nach ndéantar an ceart sin a shárú, ní dhéanfaí é sin a bhaint amach ar bhealach aonfhoirmeach gan rialacha an Aontais agus chruthófaí srianta ar shreabhadh trasteorann sonraí pearsanta agus neamhphearsanta a bhaineann le húsáid seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Ar deireadh, chun comhsheasmhacht a choinneáil le RGCS, is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le ríomh-Phríobháideachas chun an dá ionstraim a ailíniú.

Tá an cás i gcomhair beart ag leibhéal an Aontais neartaithe ag na forbairtí teicneolaíocha agus ag na huaillmhianta sa straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach. Braitheann an rath a bheidh ar Mhargadh Aonair Digiteach AE ar cé chomh héifeachtach agus is féidir le hAE sadhlanna agus bacainní náisiúnta a bhaint anuas agus na buntáistí agus an bharainneacht a bhaineann le margadh aonair digiteach Eorpach a thapú. Thairis sin, de bhrí nach ann do theorainneacha i gcás teicneolaíochtaí idirlín agus digiteacha, téann diminsean na faidhbe thar chríoch Ballstáit faoi leith. Ní féidir le Ballstáit na fadhbanna a réiteach go héifeachtach sa staid reatha. Tá gá le cothrom iomaíochta i gcomhair oibreoirí eacnamaíocha a chuireann seirbhísí inionadaithe ar fáil agus le cosaint chothrom d’úsáideoirí deiridh ar leibhéal an Aontais le go noibreodh an Margadh Aonair Digiteach i gceart.

2.3.Comhréireacht

Is gá leathnú a chur le raon feidhme chun soláthraithe OTTanna a chumhdach le cosaint dlí éifeachtach maidir le meas ar phríobháideachas agus ar chumarsáid a áirithiú. Cé go gcomhlíonann roinnt soláthraithe OTTanna a bhfuil tóir orthu an prionsabal i dtaca le rúndacht chumarsáide, nó go gcomhlíonann siad go páirteach é, ní féidir cosaint ceart bunúsach a fhágáil faoi fhéinrialáil ag earnáil na tionsclaíochta. Chomh maith leis sin, tá an tábhacht a bhaineann le príobháideachas trealaimh teirminéil a chosaint go héifeachtach ag méadú mar nach féidir déanamh dá uireasa sa saol pearsanta agus sa saol gairmiúil chun faisnéis íogair a stóráil. Ní raibh cur chun feidhme na Treorach maidir le ríomh-Phríobháideachas éifeachtach i dtaca le húsáideoirí deiridh a chumhachtú. Dá bhrí sin, le go mbainfear amach an aidhm, is gá an prionsabal a chur chun feidhme trí thoiliú i mbogearraí a lárú agus faisnéis faoi na socruithe príobháideachais atá i bhfeidhm a mheabhrú d’úsáideoirí. Maidir le forfheidhmiú an Rialacháin sin, braitheann sé ar na húdaráis mhaoirseachta agus ar shásra comhsheasmhachta RGCS. Ina theannta sin, ceadaíonn an togra do Bhallstáit bearta maolaithe a ghlacadh chun críocha dlisteanacha sonracha. Dá réir sin, ní théann an togra thar an méid is gá chun na haidhmeanna a bhaint amach agus comhlíonann sé prionsabal na comhréireachta faoi mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Coinnítear na hoibleagáidí a chuirtear ar na seirbhísí dá ndéantar difear ag an leibhéal is ísle is féidir, gan cur isteach ar na cearta bunúsacha lena mbaineann.

2.4.An rogha ionstraime

Cuireann an Coimisiún togra ar aghaidh le haghaidh Rialachán chun comhsheasmhacht le RGCS a áirithiú chomh maith le deimhneacht dhlíthiúil d’úsáideoirí agus do ghnólachtaí araon trí léirmhíniú éagsúil sna Ballstáit a sheachaint. Is féidir leibhéal cothrom cosanta d’úsáideoirí ar fud an Aontais agus costais chomhlíonta níos ísle do ghnólachtaí a fheidhmíonn thar theorainneacha a áirithiú le Rialachán.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

3.1.Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Scrúdaigh meastóireacht REFIT cé chomh héifeachtach agus a chuir an Treoir maidir le ríomh-Phríobháideachas le cosaint leordhóthanach a chur ar fáil don mheas ar an saol príobháideach agus do rúndacht chumarsáide in AE. Chomh maith leis sin, rinne sí iarracht sainaithint a dhéanamh ar iomarcaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann.

Tháinig meastóireacht REFIT ar an gconclúid go mbaineann cuspóirí thuasluaite na Treorach le hábhar fós. Cé go ndéanann RGCS cosaint sonraí pearsanta a áirithiú, déanann an Treoir maidir le ríomh-Phríobháideachas rúndacht chumarsáide a áirithiú, a bhféadfadh sonraí neamhphearsanta agus sonraí a bhaineann le duine dlítheanach a bheith inti freisin. Dá bhrí sin, ba cheart go ndéanfadh ionstraim ar leith cosaint éifeachtach ar Airteagal 7 den Chairt a áirithiú. Chomh maith leis sin, is léir go mbaineann forálacha eile le hábhar fós, amhail na rialacha maidir le cumarsáid mhargaíochta gan iarraidh a sheoladh.

Ó thaobh éifeachtachta agus éifeachtúlachta de, fuarthas amach i meastóireacht REFIT nár baineadh amach cuspóirí na Treorach go hiomlán. Chuir an dréachtú doiléir a rinneadh ar fhorálacha áirithe agus an débhríocht i gcoincheapa dlíthiúla comhchuibhiú i mbaol, agus dá réir sin cruthaíodh dúshláin do ghnólachtaí maidir le feidhmiú thar theorainneacha. Thaispeáin an mheastóireacht freisin gur chuir roinnt de na forálacha ualach neamhriachtanach ar ghnólachtaí agus ar thomhaltóirí. Mar shampla, theip ar riail an toilithe maidir le cosaint a dhéanamh ar rúndacht trealaimh teirminéil a cuid cuspóirí a bhaint amach mar go bhfuil úsáideoirí deiridh ag tabhairt aghaidh ar iarratais chun glacadh le fianáin rianaithe agus gan tuiscint acu ar an mbrí atá leo agus, i gcásanna áirithe, tá siad faoi thionchar fianáin a bheith socraithe agus gan aon toiliú faighte uathu. Tá riail an toilithe róchuimsitheach, mar go gcumhdaíonn sí freisin cleachtais nach bhfuil ionsáiteach maidir le príobháideachas, agus níl sí cuimsitheach a dótháin mar nach gcumhdaíonn sí go soiléir roinnt teicnící rianaithe (e.g. méarlorgaireacht feiste) a bhféadfadh sé nach mbeadh rochtain/stóráil san fheiste i gceist leo. Ar deireadh, d'fhéadfadh a cur chun feidhme a bheith costasach ar ghnólachtaí.

Tháinig an mheastóireacht ar an gconclúid go mbaineann breisluach AE fós leis na rialacha ríomh-Phríobháideachais mar gur fearr is féidir an cuspóir a bhaineann le príobháideachas ar líne a áirithiú a bhaint amach tríothu i bhfianaise margadh cumarsáide leictreonaí atá ag éirí níos trasnáisiúnta. Léirigh sí freisin go bhfuil na rialacha ar aon dul le reachtaíocht ábhartha eile, cé gur sainaithníodh roinnt iomarcaíochtaí i leith RGCS nua (féach i Roinn 1.2).

3.2.Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

D’eagraigh an Coimisiún comhairliúchán poiblí idir an 12 Aibreán agus an 5 Iúil 2016 agus fuarthas 421 freagra 12 . Is iad seo a leanas na príomhthorthaí 13 :

An gá atá le rialacha speisialta don earnáil cumarsáide leictreonaí maidir le rúndacht cumarsáide leictreonaí: Aontaíonn 83.4 % de na saoránaigh agus de na heagraíochtaí tomhaltóirí agus sochaí sibhialta a d’fhreagair, chomh maith le 88.9 % de na húdaraís phoiblí, ach ní aontaíonn 63.4 % de na freagróirí ó earnáil na tionsclaíochta.

An raon feidhme a leathnú chuig seirbhísí cumarsáide nua (OTTanna): Aontaíonn 76 % de na saoránaigh agus den tsochaí shibhialta chomh maith le 93.1 % d’údaráis phoiblí, ach níl ach 36.2 % de na freagróirí ó earnáil na tionsclaíochta i bhfabhar leathnú den sórt sin.

Leasú a dhéanamh ar na heisceachtaí maidir le toiliú i gcomhair sonraí tráchta agus suímh a phróiseáil: B'fhearr le 49.1 % de na saoránaigh agus den tsochaí shibhialta chomh maith le 36 % d’údaráis phoiblí nach ndéanfaí leathnú ar na heisceachtaí, ach tá 36 % den tionscal i bhfabhar leathnú a chur leis na heisceachtaí agus molann 2/3 d’earnáil na tionsclaíochta nár chóir ach na forálacha a aisghairm.

Tacaíocht do réitigh atá molta ar cheist an toilithe le fianáin: Tacaíonn 81.2 % de an saoránaigh agus 63 % d’údaráis phoiblí le hoibleagáidí a fhorchur ar mhonaróirí trealaimh teirminéil táirgí a bhfuil socruithe príobháideachas mar réamhshocruithe gníomhachtaithe orthu a chur ar an margadh, ach tá 58.3 % d’earnáil na tionsclaíochta i bhfabhar na rogha a thacaíonn le féinrialáil/comhrialáil.

Ina theannta sin, d’eagraigh an Coimisiún Eorpach dhá cheardlann in Aibreán na bliana 2016, ceann amháin a bhí oscailte do na páirtithe leasmhara ar fad agus ceann a bhí oscailte d’údaráis náisiúnta inniúla, ag tabhairt aghaidh ar phríomhcheisteanna na gcomhairliúchán poiblí. Léirigh na tuairimí a nochtadh le linn na gceardlanna torthaí an chomhairliúcháin phoiblí.

Chun tuairimí na saoránach a fháil, reáchtáladh suirbhé Eorabharaiméadair maidir le ríomh-Phríobháideachas 14 ar fud AE. Is iad seo a leanas na príomhthorthaí 15 :

Deir 78 % go bhfuil sé antábhachtach nach féidir rochtain a fháil ar fhaisnéis phearsanta ar a ríomhairí, ar a bfóin chliste nó ar a gcuid táibléad ach amháin lena gcead.

Luann 72 % go bhfuil sé antábhachtach go mbeadh rúndacht a gcuid ríomphost agus a gcuid teachtaireachtaí meandracha ar líne ráthaithe.

Aontaíonn 89 % leis an rogha a moladh go gcuirfeadh réamhshocruithe a mbrabhsálaí cosc le roinnt a gcuid faisnéise.

3.3.Bailiú agus úsáid saineolais

Bhí an Coimisiún ag brath ar an gcomhairle shaineolaíoch sheachtrach seo a leanas:

Comhairliúcháin spriocdhírithe na ngrúpaí saineolaithe de chuid AE: An tuairim ó mheitheal Airteagal 29; An tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí; An tuairim ó Ardán REFIT; na tuairimí ó BEREC; na tuairimí ó ENISA agus an Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí.

Saineolas seachtrach, go háirithe an dá staidéar seo a leanas:

An Staidéar "an Treoir maidir le ríomh-Phríobháideachas: measúnú ar thrasuíomh, éifeachtacht agus comhoiriúnacht le Rialachán atá beartaithe maidir le Cosaint Sonraí" (SMART 2013/007116).

An Staidéar "Meastóireacht agus athbhreithniú ar Threoir 2002/58 maidir le príobháideachas agus earnáil na cumarsáide leictreonaí" (SMART 2016/0080).

3.4.Measúnú tionchair

Rinneadh measúnú tionchair don togra seo agus ar an 28 Meán Fómhair 2016 d’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach ina leith 16 . Chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí an Bhoird, tugtar míniú níos fearr sa mheasúnú tionchair ar raon feidhme an tionscnaimh, a chomhleanúnachas le hionstraimí dlí eile (RGCS, CCLE, an Treoir maidir le Trealamh Raidió) agus an gá atá le hionstraim ar leith. Déantar tuilleadh forbartha agus soiléirithe ar an an gcás bonnlíne. Déantar an anailís ar na tionchair a neartú agus a dhéanamh níos cothroime, ag soiléiriú agus ag treisiú na tuairisce ar na costais agus ar na buntáistí a bhfuiltear ag súil leo.

Scrúdaíodh na roghanna beartais seo a leanas in aghaidh chritéir na héifeachtachta, na héifeachtúlachta agus an chomhleanúnachais:

Rogha 1: Bearta neamhreachtacha ("reachtaíocht bhog");

Rogha 2: Treisiú teoranta ar phríobháideachas/rúndacht agus simpliú;

Rogha 3: Treisiú tomhaiste ar phríobháideachas/rúndacht agus simpliú;

Rogha 4: Treisiú forleathan ar phríobháideachas/rúndacht agus simpliú;

Rogha 5: An Treoir maidir le ríomh-Phríobháideachas a aisghairm.

Roghnaíodh Rogha 3, maidir le tromlach na ngnéithe, mar rogha thosaíochta chun na cuspóirí a bhaint amach, agus a héifeachtacht agus a comhleanúnachas á gcur san áireamh. Is iad seo a leanas na príomhbhuntáistí:

Feabhas a chur ar rúndacht chumarsáide leictreonaí trí shíneadh a chur le raon feidhme na hionstraime dlí chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá coibhéiseach ó thaobh feidhmiúlachta a chur san áireamh. Ina theannta sin, cuirtear feabhas ar rialú an úsáideora deiridh leis an Rialachán trína shoiléiriú gur féidir toiliú a chur in iúl le socruithe teicniúla iomchuí.

Feabhas a chur ar chosaint in aghaidh cumarsáid gan iarraidh, agus oibleagáid a thabhairt isteach go gcuirfí aitheantas na líne glao ar fáil nó réimír éigeantach do ghlaonna margaíochta agus féidearthachtaí níos fearr chun glaonna a bhacadh ó uimhreacha nach bhfuil ag teastáil.

An timpeallacht rialála a shimpliú agus a shoiléiriú, tríd an lamháil solúbthachta atá ag Ballstáit a laghdú, forálacha atá as dáta a aisghairm agus na heisceachtaí do rialacha an toilithe a leathnú.

Táthar ag súil go mbeidh tionchar eacnamaíoch Rogha 3 i gcomhréir fhoriomlán le haidhmeanna an togra. Cuirtear deiseanna gnó a bhaineann le próiseáil sonraí cumarsáide ar fáil i gcomhair seirbhísí cumarsáide leictreonaí traidisiúnta, ach beidh soláthraithe OTTanna faoi réir na rialacha céanna. Tugann sé sin le tuiscint go mbeidh roinnt costais bhreise maidir le comhlíonadh i gceist do na hoibreoirí sin. Mar sin féin, ní dhéanfaidh an tathrú seo difear suntasach do na hOTTanna sin a fheidhmíonn cheana féin ar bhonn toiliú. Ar deireadh, ní mhothófaí éifeacht na rogha sna Ballstáit a bhfuil na rialacha seo leathnaithe amach chuig OTTanna acu cheana féin.

Dá ndéanfaí an toiliú a lárú i mbogearraí mar bhrabhsálaithe idirlín agus dá dtabharfaí leid d’úsáideoirí a gcuid socruithe príobháideachais a roghnú agus dá leathnófaí na heisceachtaí don riail maidir le toiliú le fianáin, d'fhéadfadh líon suntasach gnólachtaí fáil réidh le meirgí agus fógraí fianán, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh laghdú suntasach ar chostais chomh maith le simpliú mar thoradh air sin. Mar sin féin, d'fhéadfadh sé go mbeadh sé níos deacra ar fhógróirí atá dírithe ar líne toiliú a fháil má roghnaíonn cuid mhór úsáideoirí na socruithe "diúltaigh d’fhianáin tríú páirtí". Ag an am céanna, má dhéantar toiliú a lárú ní chiallaíonn sé sin nach féidir le hoibreoirí láithreán gréasáin toiliú a fháil fós trí iarratas aonair chuig úsáideoirí deiridh agus dá réir sin a múnla gnó reatha a choinneáil. Bheadh costais bhreise i gceist do roinnt soláthraithe brabhsálaithe nó bogearraí dá leithéid mar go gcaithfidís siúd socruithe a bheadh fabhrach do phríobháideachas a áirithiú.

Rinne an staidéar seachtrach sainaithint ar thrí cinn de chásanna ar leith chun Rogha 3 a chur chun feidhme, de réir an eintitis a bhunóidh an bosca dialóige idir na socruithe "diúltaigh d'fhianáin tríú páirtí" nó "ná rianaigh" a bheith roghnaithe ag an úsáideoir agus suíomhanna gréasáin ar tugadh cuairt orthu atá ag iarraidh ar an úsáideoir idirlín athbhreithniú a dhéanamh ar a rogha. Is iad seo a leanas na heintitis a bhféadfaí iad a chur i gceannas ar an tasc teicniúil seo: 1) bogearraí amhail brabhsálaithe idirlín; 2) an rianaire tríú páirtí; 3) na suíomhanna gréasáin faoi leith (i.e. seirbhís na sochaí faisnéise iarrtha ag an úsáideoir). Bheadh coigilteas foriomlán ó thaobh an chostais comhlíonta mar thoradh ar Rogha 3 i gcomparáid leis an gcás bonnlíne de 70% (€948.8 milliún de choigilteas) sa chéad chás (réiteach an bhrabhsálaí), á chur chun feidhme sa togra seo. Bheadh coigilteas costais níos lú i gceist sna cásanna eile. De bhrí go dtagann na coigiltis fhoriomlána ó laghdú ansuntasach ar an líon gnólachtaí a gcuirfí as dóibh, bheadh an méid aonair de chostais chomhlíonta a thabhódh gnólacht amháin, de réir mar atá tuartha, níos airde - ar an meán - ná mar atá sé faoi láthair.

3.5.Oiriúnacht rialála agus simpliú

Tugann na bearta beartais a mholtar faoin rogha thosaíochta aghaidh ar an gcuspóir a bhaineann le simpliú agus laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin, ar aon dul le torthaí mheastóireacht REFIT agus Tuairim Ardán REFIT 17 .

D’eisigh Ardán REFIT trí shraith moltaí chuig an gCoimisiún:

Ba cheart an chosaint ar shaol príobháideach na saoránach a neartú tríd an Treoir maidir le ríomh-Phríobháideachas a ailíniú leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí;

Bá cheart feabhas a chur ar éifeachtacht na gcosaintí don saoránach in aghaidh margaíocht gan iarraidh trí eisceachtaí ó riail an ‘toilithe’ i gcomhair fianán a chur leo;

Tugann an Coimisiún aghaidh ar fhadhbanna náisiúnta cur chun feidhme agus éascaíonn sé malartú an dea-chleachtais i measc na mBallstát.

Áiríonn an togra go sonrach:

Sainmhínithe atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de a úsáid chun seirbhísí agus teicneolaíochtaí nua a ghabháil lena chinntiú go seasfaidh an Rialachán an aimsir;

Na rialacha slándála a aisghairm chun deireadh a chur le dúbláil rialála;

Soiléiriú ar an raon feidhme chun cuidiú le deireadh a chur leis an mbaol go mbeidh éagsúlacht ag baint leis an gcur chun feidhme sna Ballstáit (pointe 3 den Tuairim), nó an baol sin a laghdú;

Soiléiriú agus simpliú ar riail an toilithe maidir le fianáin agus aitheantóirí eile a úsáid, mar atá mínithe i Roinn 3.1 agus 3.4 (pointe 2 den Tuairim);

Na húdaráis mhaoirseachta a ailíniú leis na húdaráis atá inniúil maidir le RGCS a fhorfheidhmiú agus iontaoibh i sásra comhsheasmhachta RGCS.

3.6.Tionchar ar chearta bunúsacha

Is é is aidhm leis an togra an leibhéal cosanta ar phríobháideachas agus ar shonraí pearsanta a phróiseáiltear i dtaca le cumarsáid leictreonach a dhéanamh níos éifeachtaí agus é a mhéadú i gcomhréir le hAirteagal 7 agus 8 den Chairt agus deimhneacht dhlíthiúil níos mó a áirithiú. Déanann an togra RGCS a chomhlánú agus a shonrú. Tá cosaint éifeachtach ar rúndacht chumarsáide ríthábhachtach chun an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus cearta gaolmhara eile a fheidhmiú, amhail an ceart maidir le cosaint sonraí pearsanta nó saoirse smaoinimh, coinsiasa agus reiligiúin.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí sa togra do bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

5.1.Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm an Rialacháin agus cuirfidh sé tuarascáil ar a mheastóireacht faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa gach trí bliana. Beidh na tuarascálacha seo poiblí agus sonróidh siad cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo.

5.2.Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá na forálacha ginearálta seo a leanas i gCaibidil I: an tábhar (Airteagal 1), an raon feidhme (Airteagail 2 agus 3) agus a chuid sainmhínithe, lena náirítear tagairtí do shainmhínithe ábhartha ó ionstraimí eile de chuid AE, mar RGCS.

Tá na príomhfhorálacha a dhéanann rúndacht chumarsáide leictreonaí a áirithiú (Airteagal 5) i gCaibidil II agus na críocha agus na coinníollacha teoranta a cheadaítear do phróiseáil sonraí cumarsáide den sórt sin (Airteagail 6 agus 7). Chomh maith leis sin, tugtar aghaidh inti ar chosaint trealaimh teirminéil, trí (i) shláine na faisnéise atá stóráilte ann a ráthú agus (ii) tríd an bhfaisnéis a astaítear as trealamh teirminéil a chosaint, mar go bhféadfadh sí aithint a húsáideora deiridh a chumasú (Airteagal 8). Ar deireadh, sonraítear toiliú na núsáideoirí deiridh in Airteagal 9, foras dlíthiúil lárnach den Rialachán seo, a thagraíonn go sonrach dá shainmhíniú agus dá choinníollacha faoi mar a chuir an RGSS ar fáil iad, agus in Airteagal 10 déantar oibleagáid a fhorchur ar sholáthraithe bogearraí a cheadaíonn cumarsáid leictreonach cuidiú le húsáideoirí deiridh chun roghanana éifeachacha a dhéanamh i leith socruithe príobháideachais. Sonraítear in Airteagal 11 na críocha agus na coinníollacha chun go srianfadh Ballstáit na forálacha thuas.

Baineann Caibidil III le cearta úsáideoirí deiridh seoladh agus glacadh cumarsáide leictreonaí a rialú chun a bpríobháideachas a chosaint: (i) an ceart atá ag úsáideoirí deiridh léiriú shainaithint na líne glao a chosc chun neamhainmníocht a ráthú (Airteagal 12) agus a chuid teorainneacha (Airteagal 13); agus (ii) an oibleagáid atá ar sholáthraithe cumarsáide idirphearsanta atá bunaithe ar uimhreacha agus atá ar fáil go poiblí soláthar a dhéanamh don fhéidearthacht a bhaineann le glacadh glaonna gan iarraidh a theorannú (Airteagal 14). Chomh maith leis sin, rialaíonn an Chaibidil seo na coinníollacha faoinar féidir úsáideoirí deiridh a áireamh in eolairí atá ar fáil go poiblí (Airteagal 15) agus na coinníollacha faoinar féidir cumarsáid gan iarraidh maidir le margaíocht dhíreach a sheoladh (Airteagal 17). Baineann sí freisin le priacail slándála agus forálann sí d’oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí úsáideoirí deiridh a chur ar an eolas maidir le priacal faoi leith a d’fhéadfadh slándáil líonraí agus seirbhísí a chur i mbaol. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí sa RGCS agus sa CCLE maidir le soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí.

Leagtar amach maoirseacht agus forfheidhmiú an Rialacháin seo i gCaibidil IV agus cuirtear mar chúram ar na húdaráis mhaoirseachta i bhfeighil RGCS iad, i bhfianaise na sineirgí láidre idir ceisteanna ginearálta a bhaineann le cosaint sonraí agus rúndacht chumarsáide (Airteagal 18). Déantar cumhachtaí an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí a leathnú amach (Airteagal 19) agus beidh feidhm ag an sásra comhoibrithe agus comhsheasmhachta a fhoráiltear faoi RGCS maidir le hábhair thrasteorann a bhaineann leis an Rialachán seo (Airteagal 20).

Sonraítear i gCaibidil V na leigheasanna éagsúla atá ar fáil d’úsáideoirí deiridh (Airteagail 21 agus 22) agus na pionóis is féidir a ghearradh (Airteagal 24), lena náirítear na coinníollacha ginearálta maidir le fíneálacha riaracháin a ghearradh (Airteagal 23).

Baineann Caibidil VI le gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 agus 291 den Chonradh.

Ar deireadh, tá na forálacha deiridh den Rialachán seo i gCaibidil VII. Aisghairm na Treorach maidir le ríomh-Phríobháideachas, an faireacháin agus an tathbhreithniú, an teacht i bhfeidhm agus an cur i bhfeidhm. Maidir leis an athbhreithniú, tá sé is gceist ag an gCoimisiún, a mheas, inter alia, an bhfuil beart dlí faoi leith riachtanach fós i bhfianaise forbairtí dlíthiúla, teicniúla nó eacnamaíocha agus an chéad mheastóireacht ar Rialachán (AE) 2016/679 atá dlite faoin 25 Bealtaine 2020 á cur san áireamh.

2017/0003 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le meas ar an saol príobháideach agus cosaint sonraí pearsanta i gcumarsáid leictreonach agus lena naisghairtear Treoir 2002/58/CE (Rialachán maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16 agus Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 18 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 19 ,

Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpacha ar Chosaint Sonraí 20 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)In Airteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ("An Chairt") déantar cosaint ar na cearta bunúsacha atá ag gach duine go léireofaí meas ar a shaol príobháideach agus ar a shaol teaghlaigh, ar a áit chónaithe agus ar a chuid cumarsáide. Gné riachtanach den cheart seo is ea meas ar chumarsáid an duine. Áirithíonn rúndacht chumarsáide leictreonaí nach féidir faisnéis a mhalartaítear idir páirtithe ná na gnéithe seachtracha de chumarsáid den sórt sin, lena náirítear an áit ar seoladh an fhaisnéis chuici, an áit ónar seoladh an fhaisnéis nó an duine ar seoladh an fhaisnéis chuige a nochtadh do dhuine ar bith seachas na páirtithe atá páirteach sa chumarsáid. Ba cheart feidhm a bheith ag prionsabal na rúndachta maidir le modhanna cumarsáide reatha agus modhanna cumarsáide amach anseo, lena náirítear glaonna, rochtain idirlín, feidhmchláir a bhaineann le teachtaireachtaí meandracha, ríomhphost, glaonna gutháin ar an idirlíon, agus teachtaireachtaí pearsanta a chuirtear ar fáil trí na meáin shóisialta.

(2)D'fhéadfadh ábhar cumarsáide leictreonaí faisnéis aníogair a nochtadh faoi na daoine nádúrtha atá páirteach sa chumarsáid, mar shampla fainéis faoi eispéiris agus mothúcháin phearsanta, riochtaí sláinte, gnéaschlaonadh agus tuairimí polaitiúla, agus d'fhéadfadh dochar pearsanta agus sóisialta, caillteanas eacnamaíoch agus náire a bheith mar thoradh ar nochtadh faisnéise den sórt sin. Mar an gcéanna, is féidir le meiteashonraí a fhaightear ó chumarsáid leictreonach, faisnéis atá aníogair agus pearsanta a nochtadh freisin. Ar na meiteashonraí sin, mar shampla, tá na huimhreacha ar glaodh orthu, na suíomhanna gréasáin ar tugadh cuairt orthu, suíomh geografach, an tam agus an dáta a ndearna an duine an glaoch chomh maith le fad an ghlao etc., agus is féidir conclúidí beachta a bhaint as sonraí den sórt sin maidir le saol príobháideach na ndaoine a bhí páirteach sa chumarsáid leictreonach, amhail a gcaidrimh sóisialta, a nósanna agus a ngníomhaíochtaí laethúla, na nithe is díol spéise dóibh, na nithe is maith leo etc.

(3)D'fhéadfadh sonraí cumarsáide leictreonaí faisnéis maidir le heintitis dhlíthiúla a nochtadh freisin, mar shampla rúin ghnó nó faisnéis íogair eile a bhfuil luach eacnamaíoch ag baint léi. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo maidir le daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha araon. Thairis sin, ba cheart a áirithiú leis an Rialachán seo go mbeadh feidhm freisin ag forálacha Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 , maidir le húsáideoirí deiridh ar daoine dlítheanacha iad. Tá an sainmhíniú ar thoiliú faoi Rialachán (AE) 2016/679 san áireamh anseo freisin. Nuair a thagraíonn úsáideoir deiridh do thoiliú, lena náirítear daoine dlítheanacha, ba cheart feidhm a bheith ag an sainmhíniú seo. Ina theannta sin, ba cheart na cearta céanna a bheith ag daoine dlítheanacha agus atá ag úsáideoirí deiridh ar daoine nádúrtha iad maidir leis na húdaráis mhaoirseachta; agus ar a bharr sin, ba cheart údaráis mhaoirseachta faoin Rialachán seo a bheith freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le daoine dlítheanacha.

(4)De bhun Airteagal 8(1) den Chairt agus in Airteagal 16(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá sé de cheart ag gach duine go ndéanfaí na sonraí pearsanta a bhaineann leis a chosaint. Leagtar síos rialacha i Rialachán (AE) 2016/679 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus rialacha a bhaineann le saorghluaiseacht sonraí pearsanta. D'fhéadfadh sonraí pearsanta a bheith san áireamh i sonraí cumarsáide leictreonaí mar atá sainmhínithe i Rialachán (AE) 2016/679.

(5)Déantar na rialacha ginearálta maidir le cosaint sonraí pearsanta atá leagtha síos i Rialachán (AE) 2016/679 maidir le sonraí cumarsáide leictreonaí a cháilíonn mar shonraí pearsanta, a shonrú agus a chomhlánú le forálacha an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ní laghdaítear an leibhéal cosanta atá ag daoine nádúrtha faoi Rialachán (AE) 2016/679 leis an Rialachán seo. Níor cheart cead a bheith ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí cumarsáide leictreonaí a phróiseáil ach amháin i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(6)Cé go bhfuil prionsabail agus forálacha Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 fónta fós go ginearálta, níor choinnigh an Treoir sin suas go hiomlán le teacht chun cinn réadúlacht na teicneolaíochta agus an mhargaidh, agus mar thoradh air sin ní raibh ach cosaint neamh-chomhsheasmhach nó neamhleor ó thaobh éifeachtachta ar phríobháideachas agus ar rúndacht maidir le cumarsáid leictreonach. San áireamh sna forbairtí seo tá seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá tar éis teacht isteach ar an margadh agus iad inionadaithe do sheirbhísí traidisiúnta ó thaobh an tomhaltóra de, ach nach bhfuil orthu an tsraith chéanna rialacha a chomhlíonadh. Baineann forbairt eile le teicnící nua a cheadaíonn iompar úsáideoirí deiridh ar líne a rianú, agus nach bhfuil cumhdaithe ag Treoir 2002/58/CE. Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2002/58/CE a aisghairm agus an Rialachán seo a chur in háit.

(7)Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit, laistigh de theorainneacha an Rialacháin seo, forálacha náisiúnta a thabhairt isteach nó a choinneáil chun cur i bhfeidhm rialacha an Rialacháin seo a shonrú agus a shoiléiriú tuilleadh chun cur i bhfeidhm agus léirmhíniú éifeachtach na rialacha sin a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart go gcoinneodh an lamháil discréide atá ag Ballstáit ina leith seo, an chothromaíocht idir cosaint a thabhairt don saol príobháideach agus do shonraí pearsanta agus saorghluaiseacht sonraí cumarsáide leictreonaí.

(8)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, soláthraithe eolairí atá ar fáil go poiblí, agus sotháthraithe bogearrraí a cheadaíonn cumarsáid leictreonach, lena náirítear faisnéis a aisghabháil agus a chur i láthair ar an idirlíon. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le daoine nádúrtha agus maidir le daoine dlítheanacha a úsáideann seirbhísí cumarsáide leictreonaí chun faisnéis tráchtála a bhaineann le margaíocht dhíreach a sheoladh nó chun faisnéis a bhailiú a bhaineann le trealamh teirminéil úsáideoirí deiridh nó atá stóráilte ann.

(9)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le sonraí cumarsáide leictreonaí a phróiseáiltear i dtaca le seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chur ar fáil agus a úsáid san Aontas, is cuma an ndéantar an phróiseáil san Aontas nó nach ndéantar. Ina theannta sin, chun nach ndéanfar cosaint éifeachtach a cheilt ar úsáideoirí deiridh san Aontas, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le sonraí cumarsáide leictreonaí a phróiseáiltear i dtaca le seirbhísí cumarsáide leictreonaí ó lasmuigh den Aontas a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh san Aontas.

(10)Ní mór do threalamh raidió agus a chuid bogearraí a chuirtear ar an margadh inmheánach san Aontas, Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh 23 . Níor cheart difear a dhéanamh leis an Rialachán seo d’infheidhmeacht aon cheanglas atá i dTreoir 2014/53/AE ná do chumhacht an Choimisiúin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Threoir 2014/53/AE lena néilítear go nionchorprófaí cosaintí i gcatagóirí nó in aicmí sonracha de threalamh raidió chun a áirithiú go bhfuil cosaint ag sonraí pearsanta agus ag príobháideachas úsáideoirí deiridh.

(11)Tá na seirbhísí a úsáidtear i gcomhair cumarsáide, agus na modhanna teicniúla chun iad a sheachadadh, tar éis teacht chun cinn go mór. Tá úsáideoirí deiridh ag cur níos mó seirbhísí ar líne atá coibhéiseach ó thaobh feidhmiúlachta de mar Phrótacal idirlín Guthaithe, seirbhísí teachtaireachtaí, agus seirbhísí ríomhphoist gréasánbhunaithe in ionad guth-theileafónaíocht traidisiúnta, teachtaireachtaí téacs (SMS) agus seirbhísí iompair ríomhphost. Lena áirithiú go bhfuil cosaint atá cothrom agus éifeachtach ag úsáideoirí deiridh agus seirbhísí atá coibhéiseach ó thaobh feidhmiúlachta de á núsáid acu, úsáidtear sa Rialachán seo an sainmhíniú ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí atá leagtha amach sa [Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach 24 ]. Cuimsíonn an sainmhíniú sin ní hamháin seirbhísí rochtana idirlín agus ar seirbhísí iad atá go hiomlán nó go páirteach ag iompar comharthaí ach freisin seirbhísí cumarsáide idirphearsanta, a bhféadfaidís a bheith nó gan a bheith bunaithe ar uimhreacha, mar shampla, Prótacal Idirlín Guthaithe, seirbhísí teachtaireachtaí, agus seirbhísí ríomhphoist gréasánbhunaithe. Tá sé ríthábhachtach freisin rúndacht chumarsáide a chosaint maidir le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá coimhdeach i ndáil le seirbhís eile; dá bhrí sin, ba cheart seirbhísí den sórt sin a bhfuil feidhmiúlacht chumarsáide acu a chumhdach faoin Rialachán seo.

(12)Déanann gléasanna agus meaisíní atá nasctha cumarsáid le chéile níos minice anois ag úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí (Idirlíon na nEarraí). Bíonn iompar comharthaí thar ghréasán i gceist le tarchur cumarsáide meaisíngo-meaisín agus, dá réir sin, is seirbhís cumarsáide leictreonaí atá ann de ghnáth. Chun cosaint iomlán ar chearta i leith príobháideachais agus i leith rúndacht chumarsáide a áirithiú, agus chun Idirlíon na nEarraí atá iontaofa agus slán a chur chun cinn sa mhargadh aonair digiteach, is gá a shoiléiriú gur cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le tarchur cumarsáide meaisíngo-meaisín. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith freisin ag prionsabal na rúndachta atá cumhdaithe sa Rialachán seo maidir le tarchur cumarsáide idir meaisíní. D’fhéadfaí cosaintí sonracha a ghlacadh freisin faoi reachtaíocht earnála, mar shampla Treoir 2014/53/AE.

(13)Chothaigh an fhorbairt ar theicneolaíochtaí gan sreang atá tapa agus éifeachtúil infhaighteacht mhéadaithe don phobal ar rochtain idirlín le líonraí gan sreang ag aon duine i spásanna poiblí nó i spásanna leathphríobháideacha amhail ‘baill the’ atá suite in ionaid éagsúla laistigh de chathair, siopaí ilrannacha, siopalanna agus ospidéil. Sa mhéid agus go gcuirtear na líonraí cumarsáide sin ar fáil do ghrúpa úsáideoirí deiridh gan aithint, ba cheart rúndacht na cumarsáide a tharchuirtear trí líonraí den sórt sin a chosaint. Fiú dá bhféadfadh seirbhísí cumarsáide leictreonaí a bheith coimhdeach i ndáil le seirbhísí eile, níor cheart dó sin a bheith ina bhac ar rúndacht sonraí cumarsáide a chosaint agus ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le sonraí cumarsáide leictreonaí a úsáideann seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus líonraí cumarsáide poiblí. I gcodarsnacht leis sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le grúpaí dúnta d’úsáideoirí deiridh cosúil le líonraí corparáideacha, nach bhfuil rochtain orthu ach ag baill na corparáide.

(14)Ba cheart sonraí cumarsáide leictreonaí a shainmhíniú ar bhealach atá leathan go leor agus neodrach go leor ó thaobh na teicneolaíochta le go gcuimseoidís aon fhaisnéis a bhaineann leis an ábhar a tharchuirtear nó a mhalartaítear (ábhar cumarsáide leictreonaí) agus an fhaisnéis a bhaineann le húsáideoir deiridh seirbhísí cumarsáide leictreonaí a phróiseáiltear ar mhaithe le malartú an ábhair i gcumarsáid leictreonach a tharchur, a dháileadh nó a chumasú; lena náirítear sonraí chun foinse agus ceann scríbe cumarsáide a rianú agus a shainaithint, chomh maith leis an suíomh geografach agus dáta, am, fad agus cineál na cumarsáide. Pé acu an ndéantar comharthaí agus sonraí gaolmhara den sórt sin a iompar trí shreang, raidió, nó trí bhealach optúil nó leictreamaighnéadach, lena náirítear líonraí saitilíte, líonraí cábla, líonraí suite (ciorcadlasctha agus paicéadlasctha, lena náirítear an tidirlíon) agus líonraí soghluaiste trastíre, nó córais cáblaí leictreachais, ba cheart na sonraí a bhaineann le comharthaí den sórt sin a mheas mar mheiteashonraí cumarsáide leictreonaí agus dá bhrí sin go mbeidís faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo. D'fhéadfadh faisnéis atá mar chuid den tsuibscríbhinn don tseirbhís a bheith san áireamh i meiteashonraí cumarsáide leictreonaí nuair a dhéantar faisnéis den sórt sin a phróiseáil ar mhaithe le hábhar cumarsáide leictreonaí a tharchur, a dháileadh nó a mhalartú.

(15)Ba cheart féachaint ar shonraí cumarsáide leictreonaí mar shonraí rúnda. Ciallaíonn sé sin gur cheart aon chur isteach ar tharchur sonraí cumarsáide leictreonaí a thoirmeasc, pé acu go díreach le hidirghabháil ó dhuine nó le hidirghabháil ó mheaisíní próiseála uathoibrithe, gan toiliú ó pháirtithe na cumarsáide. Ba cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc ar idircheapadh sonraí cumarsáide le linn dóibh a bheith á niompar, i.e. go dtí go mbeidh ábhar na cumarsáide leictreonaí faighte ag an seolaí a bhí ceaptha é a fháil. D'fhéadfadh idircheapadh sonraí cumarsáide leictreonaí tarlú, mar shampla, nuair a éisteann duine eile seachas na páirtithe atá ag déanamh cumarsáide lena chéile le glaonna, nuair a dhéanann siad ábhar cumarsáide leictreonaí a léamh, a scanadh nó a stóráil, nó na meiteashonraí gaolmhara chun críocha seachas malartú cumarsáide. Tarlaíonn idircheapadh freisin nuair a dhéanann tríú páirtithe faireachán ar shuíomhanna gréasáin ar tugadh cuairt orthu, ar thráthúlacht na gcuairteanna, ar idirghníomhú le daoine eile, etc., gan toiliú ón úsáideoir deiridh lena mbaineann. De réir mar a thagann an teicneolaíocht chun cinn, tá fás dá réir tagtha ar na bealaí teicniúla chun idircheapadh a dhéanamh. D’fhéadfadh raon bealaí a bheith i gceist idir suiteáil trealaimh a bhailíonn sonraí ó threalamh teirminéil thar réimsí sonraithe, amhail glacairí IMSI (Aitheantas Suibscríobhaí Soghluaiste Idirnáisiúnta) mar a thugtar orthu agus cláir agus teicnící a dhéanann faireachán go rúnda ar nósanna brabhsála ar mhaithe le próifílí úsáideoirí deiridh a chruthú. Samplaí eile d’idircheapadh is ea sonraí pálasta nó sonraí ábhair a ghabháil ó líonraí gan sreang agus ródairí nach bhfuil criptithe, lena náirítear nósanna brabhsála gan toiliú ó na húsáideoirí deiridh.

(16)Níl sé i gceist go gcuirfeadh an toirmeasc ar chumarsáid a stóráil cosc ar aon uathstóráil, ná ar aon stóráil idirmheánach nó neamhbhuan ar an bhfaisnéis sin a mhéid a dhéantar é sin díreach ar mhaithe leis an tarchur a chur i gcrích sa líonra cumarsáide leictreonaí. Níor cheart dó sin cosc a chur ach oiread le próiseáil sonraí cumarsáide leictreonaí chun slándáil agus leanúnachas na seirbhísí cumarsáide leictreonaí a áirithiú, lena náirítear láithreacht bhagairtí slándála cosúil le bogearraí mailíseacha a sheiceáil nó meiteashonraí a phróiseáil chun an caighdeán is gá do riachtanais seirbhíse a áirithiú, mar aga folaigh, giodam etc.

(17)Is féidir le próiseáil sonraí cumarsáide leictreonaí a bheith úsáideach do ghnólachtaí, tomhaltóirí agus don tsochaí ina hiomláine. Maidir le Treoir 2002/58/CE, leathnaíonn an Rialachán seo na féidearthachtaí atá ann do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí meiteashonraí cumarsáide leictreonaí a phróiseáil, bunaithe ar thoiliú ó úsáideoirí deiridh. Mar sin féin, tá rúndacht a gcuid cumarsáide antábhachtach d’úsáideoirí deiridh, lena náirítear a gcuid gníomhaíochtaí ar líne, agus tá siad ag iarraidh úsáid sonraí cumarsáide leictreonaí chun críocha seachas cumarsáid a iompar a rialú. Dá bhrí sin, ba cheart a chur de cheangal ar sholáthraithe cumarsáide leictreonaí leis an Rialachán seo go bhfaighidís toiliú ó úsáideoirí deiridh chun meiteashonraí cumarsáide leictreonaí a phróiseáil, ar cheart a áireamh ann sonraí maidir le suíomh na feiste arna nginiúint ar mhaithe le rochtain ar an tseirbhís agus nasc léi a cheadú agus a choinneáil. Níor cheart a mheas gur meiteashonraí iad aon sonraí suímh a ghintear ach amháin iad siúd a ghintear sa chomhthéacs a bhaineann le seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chur ar fáil. D'fhéadfaí soláthar teasléaráidí déine a chur san áireamh mar shamplaí de na húsáidí tráchtála a bhaineann soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí as meiteashonraí cumarsáide leictreonaí; léiriú ghrafach ar shonraí ag úsáid dathanna chun láithreacht daoine aonair a léiriú. Chun na gluaiseachtaí tráchta i dtreonna áirithe a thaispeáint le linn tréimhse áirithe ama, tá gá le haitheantóir chun suíomhanna daoine aonair ag eatraimh ama ar leith a nascadh. Bheadh an taitheantóir sin ar iarraidh dá núsáidfí sonraí anaithnide agus ní fhéadfaí gluaiseacht den chineál sin a léiriú. Dá ndéanfaí meiteashonraí cumarsáide leictreonaí a úsáid ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh údaráis phoiblí agus oibreoirí iompair phoiblí, mar shampla, leas a bhaint astu chun an áit ar cheart bonneagar nua a fhorbairt a shainmhíniú, bunaithe ar úsáid an struchtúir atá ann cheana agus ar an mbrú atá air. Nuair is dócha go mbeidh baol mór do chearta agus do shaoirse daoine nádúrtha i gceist le cineál próiseála ar mheiteashonraí cumarsáide leictreonaí, go háirithe ag úsáid teicneolaíochtaí nua, agus nádúr, scóip, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh, ba cheart measúnú tionchair maidir le cosaint sonraí agus, de réir mar a bheidh, comhairliúchán leis an údarás maoirseachta a dhéanamh roimh an bpróiseáil, i gcomhréir le hAirteagal 35 agus 36 de Rialachán (AE) 2016/679.

(18)Is féidir le húsáideoirí deiridh toiliú a thabhairt go ndéanfaí a gcuid meiteashonraí a phróiseáil chun seirbhísí sonracha a fháil amhail seirbhísí cosanta in aghaidh gníomhaíochtaí calaoiseacha (trí anailís a dhéanamh ar shonraí úsáide, ar shuíomh agus ar chuntas an chustaiméara i bhfíor-am). Sa gheilleagar digiteach, is minic a chuirtear seirbhísí ar fáil in aghaidh frithfheidhmíochta seachas airgead, trí úsáideoirí deiridh a bheith nochta d’fhógraí, mar shampla. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart an bhrí chéanna a bheith le toiliú úsáideora deiridh agus é a bheith faoi réir na gcoinníollacha céanna le toiliú an ábhair sonraí faoi Rialachán (AE) 2016/679, is cuma an túsáideoir deiridh a bheith ina dhuine nádúrtha nó ina dhuine dlítheanach. Déanfar rochtain bhunúsach ar leathanbhanda idirlín agus seirbhísí cumarsáide gutha a mheas mar sheirbhísí riachtanacha chun go mbeadh daoine aonair ábalta cumarsáid a dhéanamh agus a bheith páirteach ar mhaithe leis an ngeilleagar digiteach. Ní bheidh toiliú chun sonraí úsáide ón idirlíon nó ó chumarsáid ghutha bailí mura bhfuil rogha atá dílis agus saor ag an ábhar sonraí nó mura bhfuil sé in ann diúltú don toiliú a thabhairt nó é a tharraingt siar gan díobháil.

(19)Baineann ábhar cumarsáide leictreonaí le héirim an chirt bhunúsaigh go léireofaí meas ar an saol príobháideach, ar shaol an teaghlaigh, ar an áit chónaithe agus ar chumarsáid atá cosanta faoi Airteagal 7 den Chairt. Níor cheart aon chur isteach ar ábhar cumarsáide leictreonaí a cheadú ach amháin faoi choinníollacha atá ansoiléir agus sonraithe, chun críocha sainiúla agus é a bheith faoi réir cosaintí leordhóthanacha in aghaidh mí-úsáide. Foráiltear sa Rialachán seo don fhéidearthacht go ndéanfadh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí cumarsáide leictreonaí a phróiseáil faoi bhealach, le toiliú feasach na núsáideoirí deiridh ar fad lena mbaineann. Mar shampla, d'fhéadfadh soláthraithe seirbhísí a thairiscint lena ndéantar scanadh ar ríomhphoist chun ábhar réamhshainithe ar leith a bhaint amach astu. Mar gheall ar an íogaireacht a bhaineann le hábhar cumarsáide, leagtar amach sa Rialachán seo toimhde gurb é an toradh a bheidh ar phróiseáil sonraí ábhair den sórt sin go mbeidh priacail arda ann i dtaca le cearta agus saoirse daoine nádúrtha. Nuair a bhíonn sonraí den sórt sin á bpróiseáil, ba cheart do sholáthraí na seirbhíse cumarsáide leictreonaí dul i gcomhairle i gcónaí leis an údarás maoirseachta roimh an bpróiseáil. Ba cheart comhairliúchán den sórt sin a bheith i gcomhréir le hAirteagal 36 (2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/679. Ní chuimsíonn an toimhde próiseáil sonraí ábhair chun seirbhís a chur ar fáil a d’iarr an túsáideoir deiridh sa chás gur thoiligh an túsáideoir deiridh le próiseáil den sórt sin agus go bhfuil sí á déanamh chun na críocha agus ar feadh na tréimhse ama atá fíor-riachtanach agus comhréireach do sheirbhís den sórt sin. Tar éis don úsáideoir deiridh ábhar cumarsáide leictreonaí a bheith seolta aige nó aici agus é a bheith faighte ag an úsáideoir deiridh nó ag na húsáideoirí deiridh a bhí ceaptha é a fháil, is féidir leis an úsáideoir deiridh, na húsáideoirí deiridh nó tríú páirtí ar chuir siad de chúram air sonraí den sórt sin a thaifeadadh nó a stóráil, é a thaifeadadh nó a stóráil. Ní mór go gcomhlíonfadh aon phróiseáil ar shonraí den sórt sin Rialachán (AE) 2016/679.

(20)Is cuid de réimse príobháideach na núsáideoirí deiridh é an trealamh teirminéil atá ag úsáideoirí deiridh na líonraí cumarsáide leictreonaí agus aon fhaisnéis a bhaineann le húsáid trealaimh den sórt sin, pé acu, go háirithe, an bhfuil sí stóráilte sa trealamh sin nó á hastú aige, á hiarraidh uaidh nó á próiseáil aige chun go mbeidh ar a chumas nascadh le feiste eile agus/nó le trealamh líonra, agus is gá iad a chosaint faoin gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a chosaint. Ó tharla go bhfuil faisnéis a d'fhéadfadh sonraí faoi chastachtaí mothúchánacha, polaitiúla agus sóisialta an duine aonair a nochtadh, lena náirítear ábhar cumarsáide, pictiúir agus suíomh daoine aonair trí rochtain ar chumas GPS na feiste, liostaí teagmhálaithe, agus faisnéis eile atá stóráilte san fheiste cheana féin, i dtrealamh den sórt sin nó go ndéanann sé faisnéis den sórt sin a phróiseáil, is gá go dtabharfaí cosaint príobháideachais sa bhreis don fhaisnéis a bhaineann le trealamh den sórt sin. Thairis sin, is féidir le hearraí spiaireachta mar a thugtar orthu, speicéirí gréasáin, aitheantóirí folaithe, fianáin rianaithe agus uirlisí rianaithe eile gan iarraidh den sórt céanna dul isteach i dtrealamh teirminéil an úsáideora deiridh i ngan fhios dóibh chun teacht ar fhaisnéis, chun faisnéis fholaithe a stóráil agus chun na gníomhaíochtaí a rianú. Chomh maith leis sin, is féidir faisnéis a bhaineann le feiste an úsáideora deiridh a bhailiú go cianda chun críche aitheanta agus rianaithe, ag úsáid teicnící amhail ‘méarlorgaireacht feiste’, i ngan fhios don úsáideoir deiridh go minic, rud a d'fhéadfadh cur isteach go mór ar phríobháideachas na núsáideoirí deiridh sin. Tá teicnící a dhéanann faireachán rúnda ar ghníomhaíochtaí úsáideoirí deiridh, mar shampla trína gcuid gníomhaíochtaí ar líne nó suíomh a gcuid trealaimh teirminéil a rianú, nó chun oibriú threalamh teirminéil an úsáideora deiridh a threascairt, mar bhagairt thromchúiseach ar phríobháideachas úsáideoirí deiridh. Dá bhrí sin, níor cheart aon chur isteach den sórt sin ar threalamh teirminéil an úsáideora deiridh a cheadú ach amháin le toiliú an úsáideora deiridh agus chun críocha sonracha agus trédhearcacha.

(21)Ba cheart eisceachtaí i leith na hoibleagáide a bhaineann le toiliú a fháil chun úsáid a bhaint as cumas próiseála agus stórála trealaimh teirminéil a bheith teoranta do chúinsí nach mbíonn aon chur isteach ar phríobháideachas i gceist leo, nó sin cur isteach atá anteoranta. Mar shampla, níor cheart toiliú a iarraidh maidir le húdarú le haghaidh stóráil nó rochtain theicniúil atá fíor-riachtanach agus comhréireach chun críche dlisteanaí a bhaineann le seirbhís ar leith atá iarrtha go sainráite ag an úsáideoir deiridh a chumasú. D'fhéadfaí a áireamh leis sin stóráil fianán ar feadh seisiún bunaithe amháin ar shuíomh gréasáin chun ionchur an úsáideora deiridh a rianú agus é ag comhlánú foirmeacha ar líne a bhfuil roinnt leathanach iontu. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh fianáin a bheith mar uirlis dhlisteanach agus úsáideach, mar shampla, chun trácht gréasáin chuig suíomh gréasáin a thomhas. Níor cheart gurb ionann soláthraithe na sochaí faisnéise a bheith ag déanamh seiceáil chumraíochta chun an tseirbhís a chur ar fáil i gcomhréir le socruithe an úsáideora deiridh agus nach ndéanann siad ach logáil a dhéanamh ar an bhfíoras nach bhfuil feiste an úsáideora deiridh ábalta an tábhar a d’iarr an túsáideoir deiridh a fháil, agus rochtain ar fheiste den sórt sin nó úsáid chumas próiseála na feiste.

(22)Ba cheart na modhanna a úsáidtear chun faisnéis a chur ar fáil agus chun toiliú an úsáideora deiridh a fháil a bheith chomh háisiúil agus is féidir don úsáideoir. Ó tharla go mbaintear úsáid uileláithreach as fianáin rianaithe agus as teicnící rianaithe eile, iarrtar ar úsáideoirí deiridh níos minice anois toiliú le fianáin rianaithe den sórt sin a stóráil ar a dtrealamh teirminéil. Mar thoradh air sin, bíonn úsáideoirí deiridh báite le hiarratais chun toiliú a chur ar fáil. D'fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo, b'fhéidir, trí úsáid a bhaint as bealaí teicniúla chun toiliú a thabhairt agus as socruithe trédhearcacha atá áisiúil don úsáideoir, mar shampla. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo don fhéidearthacht go ndéanfaí toiliú a léiriú trí úsáid a bhaint as na socruithe iomchuí brabhsálaí nó feidhmchláir eile. Ba cheart na roghanna a dhéanann úsáideoirí deiridh nuair a bhíonn socruithe ginearálta brabhsálaí nó feidhmchláir eile i leith príobháideachais á mbunú acu a bheith ceangailteach ar thríú páirtithe agus iad a bheith infhorghníomhaithe i gcoinne aon tríú páirtithe. Is cineál bogearraí feidhme iad brabhsálaithe gréasáin a cheadaíonn aisghabháil agus léiriú faisnéise ar an idirlíon. Tá an cumas céanna ag cineálacha eile feidhmchlár, cosúil leis na cinn a cheadaíonn glaoch agus cur teachtaireachtaí nó a chuireann treoraíocht bealaigh ar fáil. Déanann brabhsálaithe gréasáin mórán dá dtarlaíonn idir an túsáideoir deiridh agus an suíomh gréasáin a eadránú. Ón taobh sin de, tá sé de phribhléid acu a bheith ábalta ról gníomhach a ghlacadh i dtaca le cuidiú leis an úsáideoir deiridh an sreabhadh faisnéise chuig an trealamh teirminéil agus amach as a rialú. Is féidir brabhsálaithe gréasáin a úsáid mar gheatóirí, go háirithe, agus ar an gcaoi sin cuidíonn siad le húsáideoirí deiridh chun rochtain faisnéise nó stóráil faisnéise óna dtrealamh teirminéil (mar shampla fón cliste, táibléad nó ríomhaire) a chosc.

(23)Rinneadh na prionsabail maidir le cosaint sonraí trí dhearadh nó mar réamhshocrú a chódú faoi Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/679. Faoi láthair, tá na réamhshocruithe i gcomhair fianán socraithe ag ‘glac le gach fianán’ i bhformhór na mbrabhsálaithe reatha. Dá bhrí sin, ba cheart a bheith mar oibleagáid ar sholáthraithe bogearraí a chumasaíonn aisghabháil agus léiriú faisnéise ar an idirlíon na bogearraí a chumrú sa chaoi go dtairgeann siad rogha maidir le tríú páirtithe a chosc ó fhaisnéis a stóráil ar an trealamh teirminéil. léirítear é sin go minic mar ‘diúltaigh d’fhianáin tríú páirtí’. Ba cheart sraith de roghanna a thairiscint d’úsáideoirí deiridh maidir le socrú príobháideachais, idir an réimse ard (mar shampla, ‘ná glac le fianáin riamh’) agus an réimse íseal (mar shampla, ‘glac le fianáin i gcónaí’) agus an réimse idirmheánach (mar shampla, ‘diúltaigh d'fhianáin tríú páirtí’ nó ‘ná glac ach le fianáin céad pháirtí’). Ba cheart socruithe príobháideachais den sórt sin a léiriú ar bhealach atá sofheicthe agus intuigthe.

(24)Chun go mbeadh ar chumas brabhsálaithe gréasáin toiliú a fháil ó úsáideoirí deiridh mar atá sainmhínithe faoi Rialachán (AE) 2016/679, mar shampla, chun fianáin rianaithe tríú páirtí a stóráil, ba cheart é a bheith de cheanglas orthu, i measc nithe eile, go léireodh úsáideoir deiridh an trealaimh teirminéil le gníomhaíocht shoiléir dhearfach go dtugann sé toiliú, faoi shaoirse, go sonrach, go feasach agus gan débhrí maidir le stóráil agus rochtain fianán den sórt sin sa trealamh teirminéil agus amach as. D’fhéadfaí a mheas go raibh gníomhaíocht den sórt sin dearfach, dá mbeadh ar úsáideoirí deiridh ‘glac le fianáin tríú páirtí’ a roghnú go gníomhach chun a dtoiliú a dheimhniú agus go dtabharfaí an fhaisnéis atá riachtanach dóibh chun an rogha a dhéanamh. Chuige sin, is gá go mbeadh sé de cheangal ar sholáthraithe bogearraí a chumasaíonn rochtain ar an idirlíon a chur in iúl d’úsáideoirí deiridh nuair a bhíonn na bogearraí á suiteáil gur féidir leo socruithe príobháideachais a roghnú i measc na roghanna éagsúla agus a iarraidh orthu rogha a dhéanamh. Níor cheart go náiteofaí ar úsáideoirí deiridh san fhaisnéis a chuirtear ar fáil gan socruithe arda príobháideachais a roghnú agus ba cheart faisnéis ábhartha a áireamh faoi na priacail a bhaineann le cead a thabhairt fianáin tríú páirtí a stóráil sa ríomhaire, lena náirítear taifid fhadtéarmacha ar stair bhrabhsála daoine aonair a thiomsú agus taifid den sórt sin a úsáid chun fógraíocht spriocdhírithe a sheoladh. Spreagtar brabhsálaithe gréasáin chun bealaí éasca a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh chun na socruithe a athrú ag am ar bith le linn úsáide agus cead a thabhairt don úsáideoir eisceachtaí a dhéanamh i gcás suíomhanna gréasáin faoi leith nó iad a bhánliostú nó na suíomhanna gréasáin a shonrú a gceadaítear fianáin (tríú) páirtí ina leith i gcónaí nó nach gceadaítear riamh iad ina leith.

(25)Tá gá le pacáistí áirithe sonraí a astú go rialta chun rochtain a fháil ar líonraí cumarsáide leictreonaí chun nasc a aimsiú nó a choinneáil leis an líonra nó le feistí eile ar an líonra. Ina theannta sin, ní mór go mbeadh seoladh uathúil sannta d'fheistí le go mbeidís inaitheanta ar an líonra sin. Ar an gcaoi chéanna, baineann astú comharthaí gníomhacha ina bhfuil aitheantóirí uathúla mar sheoladh MAC, agus IMEI (Aitheantóir Idirnáisiúnta Fón Póca), an IMSI etc. le caighdeáin teileafón gan sreang agus le teileafóin cheallacha. Tá raon faoi leith ag stáisiún bunáite gan sreang aonair (i.e. tarchuradóir agus glacadóir), amhail pointe rochtana gan sreang, ar féidir faisnéis den sórt sin a ghabháil laistigh de. Tá soláthraithe seirbhíse tagtha chun cinn a thairgeann seirbhísí rianaithe bunaithe ar scanadh faisnéise a bhaineann le trealamh agus a bhfuil feidhmiúlachtaí ilghnéitheacha aici, lena náirítear sonraí a chur ar fáil maidir leis an líon daoine atá ag fanacht i líne, an líon daoine i limistéar faoi leith a dhearbhú, etc. D'fhéadfaí an fhaisnéis sin a úsáid chun críocha níos ionsáití, amhail teachtaireachtaí tráchtála le tairiscintí pearsantaithe a sheoladh chuig úsáideoirí deiridh, nuair a théann siad isteach i siopaí mar shampla. Cé nach mbaineann priacail mhóra le cuid de na feidhmiúlachtaí sin ó thaobh príobháideachais de, ní mar sin do chuid eile acu, mar shampla, iad siúd a bhaineann le daoine aonair a rianú thar thréimhse ama, lena náirítear cuairteanna iomadúla ar láithreacha sainithe. Ba cheart do sholáthraithe a bhíonn páirteach i gcleachtais den sórt sin fógraí feiceálacha a thaispeáint, suite ar imeall an limistéir atá cumhdaithe, ag cur in iúl d’úsáideoirí deiridh sula dtéann siad isteach sa limistéar sainithe go bhfuil an teicneolaíocht ag oibriú laistigh d’imlíne áirithe, cuspóirí an rianaithe, an duine atá freagrach as agus aon bheart a d’fhéadfadh úsáideoir deiridh an teirminéil a ghlacadh chun an bailiú a íoslaghdú nó a stopadh. Ba cheart faisnéis bhreise a chur ar fáil sa chás go ndéantar sonraí pearsanta a bhailiú de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/679.

(26)Nuair a bhíonn próiseáil sonraí cumarsáide leictreonaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí laistigh dá raon feidhme, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo go bhféadfadh an tAontas nó na Ballstáit, faoi choinníollacha sonracha, oibleagáidí agus cearta áirithe a shrianadh de réir dlí nuair is beart riachtanach agus comhréireach é an srianadh sin i sochaí daonlathach chun leasanna poiblí ar leith a chosaint lena náirítear slándáil náisiúnta, cosaint, slándáil phoiblí agus cionta coiriúla a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh, nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena náirítear cosaint in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus iad a chosc agus cuspóirí tábhachtacha eile a bhaineann le leas poiblí ginearálta an Aontais nó Ballstáit, go háirithe leas tábhachtach eacnamaíoch nó airgeadais de chuid an Aontais nó Ballstáit nó feidhm faireacháin, chigireachta nó rialála a bhaineann le húdarás oifigiúil a fheidhmiú maidir le leasanna den sórt sin. Dá bhrí sin, níor cheart difear a dhéanamh leis an Rialachán seo do chumas na mBallstát idircheapadh dleathach a dhéanamh ar chumarsáid leictreonach nó bearta eile a ghlacadh, más gá agus má tá siad comhréireach, chun na leasanna poiblí a luadh thuas a chosaint, i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a chosaint, arna léiriú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí foráil dhéanamh maidir le nósanna imeachta iomchuí chun iarratais dhlisteanacha ó údaráis inniúla a éascú agus, más iomchuí, ról an ionadaí atá ainmnithe de bhun Airteagal 3(3) a chur san áireamh freisin.

(27)Maidir le líne ghlao a shainaithint, is gá cosaint a thabhairt don cheart atá ag páirtí an ghlao léiriú shainaithint na líne óna bhfuil an glao á dhéanamh a choinneáil siar agus cosaint a thabhairt don cheart atá ag an bpáirtí ar glaodh air diúltú do ghlaonna ó línte gan aithint. Tá leas ag úsáideoirí deiridh áirithe, go háirithe línte cabhrach, agus eagraíochtaí cosúil leo, maidir le neamhainmníocht a gcuid glaoiteoirí a ráthú. Maidir le líne nasctha a shainaithint, is gá ceart agus leas dlisteanach an pháirtí ar glaodh air a chosaint maidir le léiriú shainaithint na líne a bhfuil an páirtí atá ag glaoch nasctha léi iarbhír.

(28)Tá bonn cirt le sárú a dhéanamh ar an díothú maidir le léiriú shainaithint na líne glao i gcásanna sainiúla. Ba cheart cearta úsáideoirí deiridh i leith príobháideachais maidir le líne ghlao a shainaithint a shrianadh nuair is gá glaonna núise a aimsiú agus maidir le líne ghlao agus sonraí suímh a shainaithint nuair atá sé sin riachtanach chun go mbeadh ar chumas seirbhísí éigeandála amhail eCall, a gcuid cúraimí a chur i gcrích chomh héifeachtach agus is féidir.

(29)Tá teicneolaíocht ann a chuireann ar chumas soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí glacadh glaonna gan iarraidh ag úsáideoirí deiridh a theorannú ar bhealaí éagsúla, lena náirítear bac a chur ar ghlaonna tostacha chomh maith le glaonna calaoiseacha agus núise eile. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá bunaithe ar uimhreacha agus atá ar fáil go poiblí feidhm a bhaint as an teicneolaíocht sin agus úsáideoirí deiridh a chosaint ar ghlaonna núise agus é sin a dhéanamh saor in aisce. Ba cheart do sholáthraithe a áirithiú go bhfuil úsáideoirí deiridh feasach ar fheidhmiúlachtaí den sórt sin a bheith ann, mar shampla, tríd an bhfíric sin a phoibliú ar a leathanach gréasáin.

(30)Déantar eolairí a bhfuil fáil orthu go poiblí i dtaca le húsáideoirí deiridh seirbhísí cumarsáide leictreonaí a scaipeadh go forleathan. Ciallaíonn eolairí atá ar fáil go poiblí aon eolaire nó seirbhís ina bhfuil faisnéis úsáideoirí deiridh amhail uimhreacha teileafóin (lena náirítear uimhreacha fóin póca), seoladh ríomhphoist, sonraí teagmhála agus seirbhísí fiosrúcháin san áireamh. Éilíonn an ceart maidir le príobháideachas agus le cosaint sonraí pearsanta duine nádúrtha go niarrfaí toiliú ar úsáideoirí deiridh ar daoine nádúrtha iad sula gcuirfí a gcuid sonraí pearsanta san áireamh in eolaire. Éilíonn leas dlisteanach eintiteas dlíthiúil go bhfuil sé de cheart ag úsáideoirí deiridh ar eintitis dhlíthiúla iad cur i gcoinne na sonraí a bhaineann leo a chur san áireamh in eolaire.

(31)Má thoilíonn úsáideoirí deiridh ar daoine nádúrtha iad lena gcuid sonraí a chur san áireamh in eolairí den sórt sin, ba cheart dóibh a bheith ábalta a chinneadh ar bhonn toilithe céard iad na catagóirí de shonraí pearsanta a chuirtear san áireamh san eolaire (mar shampla, ainm, seoladh ríomhphoist, seoladh baile, ainm úsáideora, uimhir theileafóin). Ina theannta sin, ba cheart do sholáthraithe eolairí atá ar fáil go poiblí cuspóirí an eolaire agus feidhmeanna cuardaigh an eolaire a chur in iúl d’úsáideoirí deiridh sula gcuirtear san áireamh san eolaire sin iad. Ba cheart úsáideoirí deiridh a bheith in ann a chinneadh le toiliú cad iad na catagóirí de shonraí pearsanta ar féidir a gcuid sonraí pearsanta a chuardach ar a mbonn. Ní gá go mbeadh na catagóirí de shonraí pearsanta atá san áireamh san eolaire ar aon dul leis na catagóirí de shonraí pearsanta ar féidir sonraí teagmhála an úsáideora a chuardach ar a mbonn.

(32)Sa Rialachán seo, tagraíonn margaíocht dhíreach d'aon chineál fógraíochta lena gcuireann duine nádúrtha nó duine dlítheanach cumarsáid maidir le margaíocht dhíreach go díreach chuig úsáideoir deiridh amháin nó níos mó atá aitheanta nó inaitheanta ag úsáid seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Chomh maith le táirgí agus seirbhísí a thairiscint chun críocha tráchtála, ba cheart a chur san áireamh anseo freisin teachtaireachtaí a sheolann páirtithe polaitiúla a dhéanann teagmháil le daoine nádúrtha trí sheirbhísí cumarsáide leictreonaí chun a gcuid páirtithe a chur chun cinn. Ba cheart feidhm a bheith ag an rud céanna maidir le teachtaireachtaí a sheolann eagraíochtaí neamhbhrabúis chun tacú le cuspóirí na heagraíochta.

(33)Ba cheart cosaintí a chur ar fáil chun úsáideoirí deiridh a chosaint in aghaidh cumarsáid gan iarraidh chun críocha na margaíochta dírí, a chuireann isteach ar shaol príobháideach úsáideoirí deiridh. Meastar go bhfuil an méid den chur isteach ar phríobháideachas agus an núis mórán ar aon dul le chéile neamhspleách ar an réimse leathan de theicneolaíochtaí agus de chainéil a úsáidtear chun an chumarsáid leictreonach sin a reáchtáil, pé acu an úsáidtear córais ghlao agus chumarsáide uathoibrithe, feidhmchláir do chur teachtaireachtaí meandracha, ríomhphoist, SMS, MMS, Bluetooth, etc. Dá bhrí sin, tá bonn cirt faoin gceanglas go bhfaighfí toiliú ón úsáideoir deiridh sula seolfaí cumarsáid tráchtála leictreonaí ar mhaithe le margaíocht dhíreach chuig úsáideoirí deiridh chun daoine aonair a chosaint go héifeachtach ar chur isteach ar a saol príobháideach chomh maith le leas dlisteanach daoine dlítheanacha. Tugann deimhneacht dhlíthiúil agus an gá atá lena áirithiú go seasfaidh na rialacha a thugann cosaint in aghaidh cumarsáid leictreonach gan iarraidh an aimsir údar leis an riachtanas sraith amháin rialacha a shainiú nach nathraíonn de réir na teicneolaíochta a úsáidtear chun an chumarsáid sin gan iarraidh a iompar agus, ag an am céanna a ráthaíonn leibhéal coibhéiseach cosanta do gach saoránach ar fud an Aontais. Mar sin féin, tá sé réasúnach úsáid sonraí teagmhála ríomhphoist a cheadú laistigh de chomhthéacs ina mbeadh caidreamh custaiméara ann cheana féin maidir le táirgí nó seirbhísí den chineál céanna a thairiscint. Níor cheart feidhm a bheith ag féidearthacht den sórt sin ach amháin i gcás na cuideachta céanna a fuair na sonraí teagmhála leictreonaí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

(34)Nuair a bhíonn toiliú tugtha ag úsáideoirí deiridh chun cumarsáid gan iarraidh a fháil chun críocha na margaíochta dírí, ba cheart a bheith ar a gcumas fós a dtoiliú a tharraing siar ar bhealach éasca ag am ar bith. Chun forfheidhmiú éifeachtach rialacha an Aontais maidir le teachtaireachtaí gan iarraidh i leith margaíocht dhíreach a éascú, is gá ceilt na céannachta agus úsáid céannachta bréagaí, seoltaí fillte nó uimhreacha bréagacha nuair a bhíonn cumarsáid tráchtála gan iarraidh á seoladh chun críocha na margaíochta dírí, a thoirmeasc. Dá bhrí sin, ba cheart cumarsáid mhargaíochta gan iarraidh a bheith so-aitheanta go héasca mar chumarsáid dá leithéid agus ba cheart a léiriú inti céannacht an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh atá ag tarchur na cumarsáide nó an bhfuil an chumarsáid á tarchur ar a shon agus go gcuirfí an fhaisnéis riachtanach ar fáil d’fhaighteoirí chun a gceart a fheidhmiú maidir le cur i gcoinne tuilleadh teachtaireachtaí margaíochta a fháil i scríbhinn agus/nó ó bhéal.

(35)Chun go mbeadh sé éasca toiliú a tharraingt siar, ba cheart do dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha a bhfuil cumarsáid mhargaíochta leictreonaí á reáchtáil acu le ríomhphost nasc nó seoladh ríomhphoist bailí a léiriú, is féidir le húsáideoirí deiridh a úsáid go héasca chun a dtoiliú a tharraingt siar. Ba cheart do dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha a reáchtálann cumarsáid a bhaineann le margaíocht dhíreach le glaonna pearsanta agus le córais ghlaoite agus chumarsáide uathoibrithe a líne aitheantais ar féidir glaoch ar an gcuideachta uirthi a thaispeáint nó sin cód faoi leith a léiriú lena sainaithnítear gur glao margaíochta é an glao.

(36)Glaonna margaíochta dírí pearsanta nach mbaineann córais ghlaoite agus chumarsáide uathoibrithe leo, ó tharla go bhfuil siad níos costasaí don seoltóir agus nach gcuireann siad aon chostais airgid ar úsáideoirí deiridh. Dá bhrí sin, ba cheart Ballstáit a bheith ábalta córais náisiúnta a bhunú agus a choinneáil nach gceadaíonn glaonna den sórt sin ach amháin chuig úsáideoirí deiridh nár chuir ina gcoinne.

(37)Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí a thairgeann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chur in iúl d’úsáideoirí deiridh na bearta is féidir leo a ghlacadh chun slándáil a gcuid cumarsáide a chosaint, mar shampla, trí chineálacha bogearraí nó teicneolaíochtaí criptithe ar leith a úsáid. Ní urscaoileann an ceanglas maidir le priacail slándála ar leith a chur in iúl d’úsáideoirí deiridh an soláthraí seirbhíse ón oibleagáid bearta iomchuí a ghlacadh láithreach, ar a chostas féin, chun aon phriacail nua slándála gan choinne a leigheas agus gnáthleibhéal slándála na seirbhíse a thabhairt ar ais. Ba faisnéis faoi phriacail slándála a chur ar fáil don suibscríobhaí saor in aisce. Déantar slándáil a mheas i bhfianaise Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/679.

(38)Chun comhsheasmhacht iomlán a áirithiú le Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart forfheidhmiú fhorálacha an Rialacháin seo a chur de chúram ar na húdaráis chéanna atá freagrach as forálacha Rialachán (AE) 2016/679 a fhorfheidhmiú agus braitheann an Rialachán seo ar shásra comhsheasmhachta Rialachán (AE) 2016/679. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit níos mó ná údarás maoirseachta amháin a bheith acu, d'fhonn struchtúr bunreachtúil, eagraíochtúil agus riaracháin an Bhallstáit a léiriú. Chomh maith leis sin, ba cheart na húdaráis mhaoirseachta a bheith freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le sonraí cumarsáide leictreonaí d’eintitis dhlíthiúla. Níor cheart go gcuirfeadh cúraimí breise den sórt sin cumas an údaráis maoirseachta a chuid cúramaí i dtaca le sonraí pearsanta a chosaint faoi Rialachán (AE) 2016/679 agus faoin Rialachán seo i gcontúirt. Ba cheart na hacmhainní breise airgeadais agus daonna, chomh maith leis na foirgnimh agus an bonneagar atá riachtanach chun na cúraimí faoin Rialachán seo a fheidhmiú go héifeachtach a chur ar fáil do gach údarás maoirseachta.

(39)Ba cheart do gach údarás maoirseachta a bheith inniúil ar chríoch a Bhallstáit féin chun na cumhachtaí agus na cúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo a fheidhmiú. D'fhonn faireachán agus forfheidhmiú comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart na cúraimí céanna agus na cumhachtaí éifeachtacha céanna a bheith ag na húdaráis mhaoirseachta i ngach Ballstát, gan dochar do chumhachtaí na núdarás ionchúisimh faoi dhlí Ballstáit, chun na húdaráis bhreithiúnacha a chur ar an eolas faoi aon sárú a dhéantar ar an Rialachán seo agus chun imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh. Moltar do na Ballstáit agus dá núdaráis mhaoirseachta riachtanais shonracha na micrifhiontar, na bhfiontar beag agus na bhfiontar meánmhéide a chur san áireamh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

(40)Chun forfheidhmiú rialacha an Rialacháin seo a neartú, ba cheart a bheith de chumhacht ag gach údarás maoirseachta pionóis a ghearradh, lena náirítear fíneálacha riaracháin, maidir le haon sárú ar an Rialachán seo, sa bhreis ar, nó in ionad aon bhearta iomchuí eile de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart a léiriú sa Rialachán seo sáruithe agus an uasteorainn agus na critéir chun na fíneálacha riaracháin a bhaineann leo a shocrú, ar cheart don údarás maoirseachta inniúil iad a chinneadh i ngach cás aonair, agus na himthosca ábhartha uile den staid shonrach á gcur san áireamh, agus aird chuí á tabhairt go háirithe ar chineál, ar thromaíocht agus ar fhad an tsáraithe agus ar a iarmhairtí agus ar na bearta a dhéantar chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí faoin Rialachán seo agus chun iarmhairtí an tsáraithe a chosc nó a mhaolú. Chun fíneáil a shocrú faoin Rialachán seo, ba cheart gnóthas a thuiscint mar ghnóthas i gcomhréir le hAirteagal 101 agus le hAirteagal 102 den Chonradh.

(41)Chun cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh, eadhon cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint agus go háirithe a gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus saorghluaiseacht sonraí pearsanta laistigh den Aontas a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh. Go háirithe, ba cheart gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i dtaca leis an bhfaisnéis atá le léiriú, lena náirítear trí dheilbhíní caighdeánaithe chun forléargas atá sofheicthe go héasca agus intuigthe a thabhairt ar bhailiú faisnéise a astaíonn trealamh teirminéil, an cuspóir atá leis, an duine atá freagrach as agus aon bheart is féidir le húsáideoir deiridh an trealaimh teirminéil a ghlacadh chun an bailiú a íoslaghdú. Chomh maith leis sin, tá gníomhartha tarmligthe riachtanach chun cód a shonrú chun glaonna margaíochta dírí a shainaithint lena náirítear iad siúd a dhéantar trí chórais ghlaoite agus chumarsáide uathoibrithe. Tá sé tábhachtach, go sonrach, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí agus, go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 25 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. Thairis sin, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún nuair a fhoráiltear dóibh sin leis an Rialachán seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(42)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon, leibhéal coibhéiseach cosanta do dhaoine nádúrtha agus do dhaoine dlítheanacha agus saorshreabhadh sonraí leictreonacha ar fud an Aontais a áirithiú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(43)Ba cheart Treoir 2002/58/CE a aisghairm.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1
Ábhar

1.Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le cosaint ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha i dtaca le soláthar agus úsáid seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus, go sonrach, na cearta maidir le meas ar an saol príobháideach agus ar chumarsáid phríobháideach agus maidir le cosaint daoine nádúrtha i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta.

2.Leis an Rialachán seo áirithítear saorghluaiseacht sonraí cumarsáide leictreonaí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí laistigh den Aontas, nach ndéanfar iad a shrianadh ná a thoirmeasc ar chúiseanna a bhaineann le meas ar shaol agus ar chumarsáid phríobháideach daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha agus le cosaint daoine nádúrtha i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta.

3.Déanann na forálacha sa Rialachán seo Rialachán (AE) 2016/679 a shonrú agus a chomhlánú trí rialacha sonracha a leagan síos chun na críocha a luaitear i mír 1 agus i mír 2.

Airteagal 2
Raon Feidhme Ábhartha

1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le próiseáil sonraí cumarsáide leictreonaí a bhaineann le soláthar agus úsáid seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus maidir le faisnéis a bhaineann le trealamh teirminéil úsáideoirí deiridh.

2.Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leo seo a leanas:

(a)gníomhaíochtaí atá lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais;

(b)gníomhaíochtaí na mBallstát a thagann faoi raon feidhme Chairt 2 de Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach;

(c)seirbhísí cumarsáide leictreonaí nach bhfuil ar fáil go poiblí;

(d)gníomhaíochtaí a dhéanann údaráis inniúla ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena náirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a chur leis na bagairtí sin;

3.Tá próiseáil sonraí cumarsáide leictreonaí ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais á rialú ag Rialachán (AE) 00/0000 [Rialachán nua a thagann in ionad Rialachán 45/2001].

4.Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 2000/31/CE 26 , go háirithe maidir leis na rialacha dliteanais a bhaineann le soláthraithe idirmheánacha seirbhíse in Airteagal 12 go hAirteagal 15 den Treoir sin.

5.Tá an Rialachán seo gan dochar d’fhorálacha Threoir 2014/53/AE.

Airteagal 3
Raon feidhme críche agus ionadaíochta

1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leo seo a leanas:

(a)soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí d’úsáideoirí deiridh san Aontas, beag beann ar íocaíocht an úsáideora deiridh a bheith de dhíth nó gan a bheith de dhíth;

(b)úsáid seirbhísí den sórt sin;

(c)cosaint faisnéise a bhaineann le trealamh teirminéil úsáideoirí deiridh atá lonnaithe san Aontas.

2.Sa chás nach bhfuil soláthraí seirbhíse cumarsáide leictreonaí bunaithe san Aontas ainmneoidh sé ionadaí san Aontas i scríbhinn.

3.Beidh an tionadaí bunaithe i gceann de na Ballstáit ina bhfuil úsáideoirí deiridh na seirbhísí cumarsáide leictreonaí lonnaithe.

4.Beidh sé de chumhacht ag an ionadaí ceisteanna a fhreagairt agus faisnéis a sholáthar sa bhreis ar an soláthraí nó in ionad an tsoláthraí a bhfuil sé ag déanamh ionadaíochta ar a shon, go sonrach, d’údaráis mhaoirseachta agus d’úsáideoirí deiridh, maidir le gach saincheist a bhaineann le próiseáil sonraí cumarsáide leictreonaí ar mhaithe le comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

5.Beidh ainmniú ionadaí de bhun mhír 2 gan dochar do chaingne dlí, a d'fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann próiseáil ar shonraí cumarsáide leictreonaí a bhaineann le soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí ó lasmuigh den Aontas chuig úsáideoirí deiridh san Aontas.

Airteagal 4
Sainmhínithe

1.Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)na sainmhínithe i Rialachán (AE) 2016/679;

(b)na sainmhínithe ar ‘líonra cumarsáide leictreonaí’, ‘seirbhís cumarsáide leictreonaí’, ‘seirbhís cumarsáide idirphearsanta’, ‘seirbhís cumarsáide idirphearsanta atá bunaithe ar uimhreacha’, ‘seirbhís cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhreacha’, ‘úsáideoir deiridh’, agus ‘glao’ i bpointí (1), (4), (5), (6), (7), (14), agus (21) faoi seach d’Airteagal 2 den [Treoir lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach];

(c)an sainmhíniú ar 'threalamh teirminéil' i bpointe (1) d’Airteagal 1 de Threoir 2008/63/CE ón gCoimisiún 27 .

2.Chun críocha phointe (b) de mhír 1, áireofar sa sainmhíniú ar ‘sheirbhís cumarsáide idirphearsanta’ seirbhísí a éascaíonn cumarsáid idirphearsanta agus idirghníomhach nach bhfuil inti ach mionfheidhm choimhdeach atá nasctha go dlúth le seirbhís eile.

3.Ina theannta sin, chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn ‘sonraí cumarsáide leictreonaí’ ábhar cumarsáide leictreonaí agus meiteashonraí cumarsáide leictreonaí;

(b)ciallaíonn ‘ábhar cumarsáide leictreonaí’ an tábhar a mhalartaítear trí bhithín seirbhísí cumarsáide leictreonaí, amhail téacs, guth, físeáin, íomhánna, agus fuaim;

(c)ciallaíonn ‘meiteashonraí cumarsáide leictreonaí’ sonraí a phróiseáiltear i líonra cumarsáide leictreonaí ar mhaithe le hábhar cumarsáide leictreonaí a tharchur, a dháileadh nó a mhalartú; lena náirítear sonraí a úsáidtear chun foinse agus ceann scríbe cumarsáide a rianú agus a shainaithint, sonraí maidir le suíomh na feiste arna nginiúint i gcomhthéacs seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chur ar fáil agus, an dáta, an tam, fad agus cineál na cumarsáide;

(d)ciallaíonn ‘eolaire atá ar fáil go poiblí’ eolaire úsáideoirí deiridh seirbhísí cumarsáide leictreonaí, pé acu i bhfoirm chlóite nó i bhfoirm leictreonach, a fhoilsítear nó a chuirtear ar fáil don phobal nó do chuid den phobal, lena náirítear trí sheirbhís eolaí teileafóin;

(e)ciallaíonn ‘ríomhphost’ aon teachtaireacht leictreonach ina bhfuil faisnéis amhail téacs, guth, físeán, fuaim nó íomhá a sheoltar thar líonra cumarsáide leictreonaí ar féidir í a stóráil sa líonra nó in áiseanna ríomhaireachta atá gaolmhar leis, nó i dtrealamh teirminéil an fhaighteora;

(f)ciallaíonn ‘cumarsáid mhargaíochta dírí’ aon chineál fógraíochta, i scríbhinn nó ó bhéal, a sheoltar chuig úsáideoir deiridh seirbhísí cumarsáide leictreonaí amháin atá sainaitheanta nó insainaitheanta nó chuig níos mó ná aon cheann acu, lena náirítear trí chórais ghlaoite agus chumarsáide uathoibrithe, le hidirghníomhaíocht dhaonna nó gan idirghníomhaíocht dhaonna, trí ríomhphost, trí SMS, etc.; 

(g)ciallaíonn ‘glaonna pearsanta margaíochta dírí’ glaonna beo, nach mbaineann feidhm as córais ghlaoite agus chumarsáide uathoibrithe;

(h)ciallaíonn ‘córais ghlaoite agus chumarsáide uathoibrithe’ córais atá ábalta glaonna a thionscnamh go huathoibríoch chuig faighteoir amháin nó chuig roinnt faighteoirí i gcomhréir le treoracha atá socraithe don chóras sin, agus fuaimeanna a tharchur nach caint bheo iad, lena náirítear glaonna a dhéantar ag úsáid córais ghlaoite agus chumarsáide uathoibrithe a nascann an duine a bhfuiltear ag glaoch air le duine aonair.

CAIBIDIL II
CUMARSÁID LEICTREONACH DAOINE NÁDÚRTHA AGUS DAOINE DLÍTHEANACHA AGUS AN FHAISNÉIS ATÁ STÓRÁILTE INA dTREALAMH TEIRMINÉIL A CHOSAINT

Airteagal 5
Rúndacht sonraí cumarsáide leictreonaí

Beidh sonraí cumarsáide leictreonaí rúnda. Beidh toirmeasc ar aon chur isteach ar shonraí cumarsáide leictreonaí, amhail éisteacht, cúléisteacht, stóráil, faireachán, scanadh nó cineálacha eile idircheaptha, faireachas nó próiseáil sonraí cumarsáide leictreonaí, ag daoine seachas na húsáideoirí deiridh, ach amháin nuair atá sé sin ceadaithe leis an Rialachán seo.

Airteagal 6
Próiseáil sonraí cumarsáide leictreonaí atá ceadaithe

1.Féadfaidh soláthraithe líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí cumarsáide leictreonaí a phróiseáil más rud é:

(a)go bhfuil sé sin riachtanach chun cumarsáid a tharchur, ar feadh na tréimhse ama atá riachtanach chun na críche sin; nó

(b)go bhfuil sé riachtanach chun slándáil líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a choinneáil nó a athshlánú, chun fabhtanna teicniúla agus/nó earráidí maidir le tarchur cumarsáide leictreonaí a bhrath, ar feadh na tréimhse ama atá riachtanach chun na críche sin.

2.Féadfaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí meiteashonraí cumarsáide leictreonaí a phróiseáil más rud é:

(a)go bhfuil sé sin riachtanach chun ceanglais a bhaineann le cáilíocht éigeantach seirbhíse a chomhlíonadh de bhun [Treoir lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach] nó Rialachán (AE) 2015/2120 28 ar feadh na tréimhse ama atá riachtanach chun na críche sin; nó

(b)más rud é go bhfuil sé riachtanach i gcomhair billeála, chun íocaíochtaí idirnaisc a ríomh, chun úsáid seirbhísí cumarsáide leictreonaí nó síntiús leo atá calaoiseach nó míúsáideach a bhrath nó a stopadh; nó

(c)más rud é gur thug an túsáideoir deiridh lena mbaineann a thoiliú chun a mheiteashonraí a phróiseáil ar mhaithe le críoch sonraithe amháin nó níos mó, lena náirítear seirbhísí sonracha a chur ar fáil do na húsáideoirí deiridh sin, ar choinníoll nach bhféadfaí an chríoch nó na críocha lena mbaineann a chomhlíonadh trí fhaisnéis a chuirfí i riocht anaithnid a phróiseáil.

3.Ní fhéadfaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí cumarsáid leictreonach a phróiseáil ach amháin:

(a)chun seirbhís shonrach a chur ar fáil d’úsáideoir deiridh agus chun na críche sin amháin, má thoiligh an túsáideoir nó na húsáideoirí deiridh le próiseáil a ábhair cumarsáide leictreonaí agus nach féidir soláthar na seirbhíse sin a chomhlíonadh gan an tábhar sin a phróiseáil; nó

(b)má thoiligh gach úsáideoir deiridh lena mbaineann le próiseáil a nábhair cumarsáide leictreonaí ar mhaithe le críoch sonraithe amháin nó níos mó nach féidir a chomhlíonadh trí fhaisnéis a chuirtear i riocht anaithnid a phróiseáil, agus go ndeachaigh an soláthraí i gcomhairle leis an údarás maoirseachta. Beidh feidhm ag pointí (2) agus (3) d’Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2016/679 maidir le dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta.

Airteagal 7
Stóráil agus léirscriosadh sonraí cumarsáide leictreonaí

1.Gan dochar do phointe (b) d’Airteagal 6(1) agus do phointí (a) agus (b) d’Airteagal 6(3), déanfaidh soláthraí na seirbhíse cumarsáide leictreonaí ábhar cumarsáide leictreonaí a léirscriosadh nó an tábhar sin a chur i riocht anaithnid tar éis ábhar cumarsáide leictreonaí a bheith faighte ag an bhfaighteoir nó ag na faighteoirí atá ceaptha iad a fháil. Féadfaidh na húsáideoirí deiridh nó tríú páirtí a chuirtear de chúram air sonraí den sórt sin a thaifeadadh, a stóráil nó a phróiseáil ar dhóigh eile sonraí den sórt sin a thaifeadadh nó a stóráil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

2.Gan dochar do phointe (b) d’Airteagal 6(1) agus do phointí (a) agus (c) d’Airteagal 6(2), déanfaidh soláthraí na seirbhíse cumarsáide leictreonaí meiteashonraí cumarsáide leictreonaí a léirscriosadh nó na sonraí sin a chur i riocht anaithnid nuair nach bhfuil siad riachtanach a thuilleadh ar mhaithe le cumarsáid a tharchur.

3.Nuair a dhéantar próiseáil ar mheiteashonraí cumarsáide leictreonaí chun críche billeála i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 6(2), féadfar na meiteashonraí ábhartha a choinneáil go dtí deireadh na tréimhse inar féidir agóid a dhéanamh go dleathach i gcoinne bille nó inar féidir dul sa tóir ar íocaíocht i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 8
Cosaint faisnéise atá stóráilte i dtrealamh teirminéil úsáideoirí deiridh agus a bhaineann leis an trealamh sin

1.Toirmeascfar cumas próiseála agus cumas stórála trealaimh teirminéil a úsáid agus bailiú faisnéise ó threalamh teirminéil úsáideoirí deiridh, lena náirítear faisnéis faoina chuid bogearraí agus crua-earraí, seachas ag an úsáideoir deiridh lena mbaineann, ach amháin ar na forais seo a leanas:

(a)go bhfuil sé riachtanach díreach ar mhaithe le cumarsáid leictreonach a tharchur thar líonra cumarsáide leictreonaí; nó

(b)go bhfuil a thoiliú tugtha ag an úsáideoir deiridh; nó

(c)go bhfuil sé riachtanach chun seirbhís na sochaí faisnéise atá iarrtha ag an úsáideoir deiridh a chur ar fáil; nó

(d)go bhfuil sé riachtanach chun lucht leanúna gréasáin a thomhas, ar choinníoll go ndéanann soláthraí sheirbhís na sochaí faisnéise atá iarrtha ag an úsáideoir deiridh an tomhas sin.

2.Toirmeascfar bailiú faisnéise a astaíonn trealamh teirminéil chun go mbeadh ar a chumas nascadh le feiste eile agus, nó le trealamh líonra, ach amháin:

(a)má dhéantar é chun nasc a bhunú agus chuige sin amháin, agus ar feadh na tréimhse ama atá riachtanach chuige sin amháin; nó

(b)má dhéantar fógra atá soiléir agus feiceálach a thaispeáint a chuireann, ar a laghad, módúlachtaí an bhailithe in iúl, an cuspóir atá leis, an duine atá freagrach as agus gach faisnéis eile a éilítear faoi Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/679 nuair a dhéantar sonraí pearsanta a bhailiú, chomh maith le haon bheart is féidir le húsáideoir deiridh an trealaimh teirminéil a ghlacadh chun an bailiú a íoslaghdú nó a stopadh.

Beidh bailiú faisnéise den sórt sin coinníollach ar bhearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a bheith i bhfeidhm chun a áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm an leibhéal slándála atá oiriúnach do na priacail, mar atá leagtha amach in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/679.

3.Is féidir an fhaisnéis atá le soláthar de bhun phointe (b) de mhír 2 a sholáthar in éineacht le deilbhíní caighdeánaithe chun forléargas lánbhrí a thabhairt ar an mbailiú ar bhealach atá sofheicthe, intuisceana agus inléite go soiléir.

4.Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27 lena socrófar an fhaisnéis a bheidh le tíolacadh ag an deilbhín caighdeánaithe agus na nósanna imeachta i ndáil le soláthar deilbhíní caighdeánaithe.

Airteagal 9
Toiliú

1.Beidh feidhm ag an sainmhíniú ar thoiliú agus ag na coinníollacha i gcomhair toiliú dá bhforáiltear faoi Airteagal 4(11) agus Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2016/679/AE.

2.Gan dochar do mhír 1, nuair atá sé sin indéanta agus féideartha go teicniúil chun críocha phointe (b) d’Airteagal 8(1), féadfar toiliú a léiriú trí úsáid a bhaint as na socruithe teicniúla iomchuí ar bhogearraí feidhme a chumasaíonn rochtain ar an idirlíon.

3.Tabharfar deis d’úsáideoirí deiridh a thoiligh le sonraí cumarsáide leictreonaí a phróiseáil mar atá leagtha amach i bpointe (c) d’Airteagal 6(2) agus i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 6(3) a dtoiliú a tharraingt siar ag am ar bith mar atá leagtha amach faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2016/679 agus cuirfear an fhéidearthacht sin i gcuimhne dóibh ag eatraimh thréimhsiúla de 6 mhí, fad agus a leanann an phróiseáil ar aghaidh.

Airteagal 10
Faisnéis agus roghanna do shocruithe príobháideachais atá le soláthar

1.Tairgfidh bogearraí a chuirtear ar an margadh agus a cheadaíonn cumarsáid leictreonach, lena náirítear faisnéis ar an idirlíon a aisghabháil agus a léiriú, an rogha maidir le tríú páirtithe a chosc ó fhaisnéis a stóráil ar threalamh teirminéil an úsáideora deiridh nó ó fhaisnéis a phróiseáil atá stóráilte ar an trealamh sin cheana.

2.Nuair a bhíonn siad á suiteáil, tabharfaidh na bogearraí eolas don úsáideoir deiridh faoi na socruithe príobháideachais agus, chun leanúint ar aghaidh leis an suiteáil, beidh ar an úsáideoir deiridh toiliú le socrú.

3.I gcás bogearraí a bhí suiteáilte cheana féin ar an 25 Bealtaine 2018, comhlíonfar na ceanglais faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 ag an am a ndéanfar an chéad nuashonrú ar na bogearraí, ach ag tráth nach déanaí ná an 25 Lúnasa 2018.

Airteagal 11
Srianta

1.Féadfaidh dlí an Aontais nó dlí Ballstáit raon feidhme na noibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear in Airteagail 5 go 8 a shrianadh le beart reachtach nuair a urramaíonn an srian sin éirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha agus nuair is beart riachtanach, iomchuí agus comhréireach é, i sochaí dhaonlathach, chun ceann amháin nó níos mó de na leasanna poiblí ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 23(1)(a) go (e) de Rialachán (AE) 2016/679 a choimirciú nó feidhm faireacháin, chigireachta nó rialála a bhaineann le feidhmiú údaráis oifigiúil i gcomhair leasanna den sórt sin.

2.Bunóidh soláthraithe seirbhísí leictreonaí nósanna imeachta inmheánacha chun freagairt d’iarratais maidir le rochtain ar shonraí cumarsáide leictreonaí úsáideoirí deiridh bunaithe ar bheart reachtach a glacadh de bhun mhír 1. Cuirfidh siad faisnéis ar fáil don údarás maoirseachta inniúil, ar éileamh, faoi na nósanna imeachta sin, an líon iarratas a fuarthas, an bonn cirt dlíthiúil a agraíodh agus a bhfreagairt.

CAIBIDIL III
CEARTA DAOINE NÁDÚRTHA AGUS DAOINE DLÍTHEANACHA CHUN CUMARSÁID LEICTREONACH A RIALÚ

Airteagal 12
Sainaithint línte glao agus línte nasctha a léiriú agus a shrianadh

1.I gcás ina dtairgtear sainaithint na líne glao agus na líne nasctha a léiriú i gcomhréir le hAirteagal [107] den [Treoir lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach] cinnteoidh na soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí idirphearsanta atá bunaithe ar uimhreacha agus atá ar fáil go poiblí go mbeidh na féidearthachtaí a leanas ann:

(a)go bhféadfadh úsáideoir deiridh an ghlao léiriú shainaithint líne an ghlao a thoirmeasc, de réir an ghlao, de réir an naisc nó go buan;

(b)go bhféadfadh an túsáideoir deiridh ar glaodh air léiriú shainaithint líne an ghlao a thoirmeasc, i gcás glaonna isteach;

(c)go bhféadfadh an túsáideoir deiridh ar glaodh air diúltú do ghlaonna isteach i gcás ina bhfuil léiriú shainaithint líne an ghlao toirmiscthe ag an úsáideoir deiridh atá ag déanamh an ghlao;

(d)go bhféadfadh an túsáideoir deiridh ar glaodh air léiriú shainaithint na líne nasctha don úsáideoir deiridh atá ag déanamh an ghlao a thoirmeasc;

2.Cuirfear na féidearthachtaí dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) agus (d) de mhír 1 ar fáil d’úsáideoirí deiridh ar bhealaí éasca agus saor in aisce.

3.Chomh maith leis sin, beidh feidhm ag pointe (a) de mhír 1 maidir le glaonna de thionscnamh an Aontais chuig tríú tíortha. Beidh feidhm freisin ag pointí (b), (c), agus (d) de mhír 1 maidir le glaonna isteach de thionscnamh tríú tíortha.

4.Nuair a dhéantar léiriú shainaithint na líne glao nó na líne nasctha a thairiscint, cuirfidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá bunaithe ar uimhreacha agus atá ar fáil go poiblí faisnéis ar fáil don phobal maidir leis na roghanna atá leagtha amach i bpointí (a), (b), (c) agus (d) de mhír 1.

Airteagal 13
Eisceachtaí ó léiriú agus srianadh sainaitheanta línte glao agus sainaitheanta línte nasctha

1.Is cuma má thoirmisc nó nár thoirmisc an túsáideoir deiridh atá ag déanamh an ghlao léiriú shainaithint líne an ghlao, i gcás ina gcuirtear glao ar na seirbhísí éigeandála, sáróidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá bunaithe ar uimhreacha agus atá ar fáil go poiblí díchur léiriú shainaithint na líne glao agus diúltú nó easnamh thoiliú an úsáideora deiridh chun meiteashonraí a phróiseáil, de réir líne i gcás eagraíochtaí atá ag déileáil le cumarsáid éigeandála, lena náirítear pointí freagartha glaonna éigeandála, chun freagairt do chumarsáid den sórt sin. 

2.Bunóidh Ballstáit forálacha níos sonraí maidir le nósanna imeachta a bhunú agus na cúinsí ina sáróidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá bunaithe ar uimhreacha agus atá ar fáil go poiblí díchur léiriú shainaithint na líne glao ar bhonn sealadach, i gcás ina niarrann úsáideoirí deiridh go ndéanfaí glaonna mailíseacha nó núise a rianú.

Airteagal 14
Bac a chur le glaonna isteach

Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá bunaithe ar uimhreacha agus atá ar fáil go poiblí feidhm a bhaint as bearta úrscothacha chun glacadh glaonna gan iarraidh ag úsáideoirí deiridh a theorannú agus chomh maith leis sin cuirfidh siad na féidearthachtaí seo a leanas ar fáil, saor in aisce, don úsáideoir deiridh ar glaodh air:

(a)bac a chur le glaonna isteach ó uimhreacha sonracha nó ó fhoinsí anaithnide;

(b)tríú páirtí a chosc ar ghlaonna a chur ar aghaidh go huathoibríoch chuig trealamh teirminéil an úsáideora deiridh.

Airteagal 15
Eolairí atá ar fáil go poiblí

1.Gheobhaidh soláthraithe eolairí atá ar fáil go poiblí toiliú na núsáideoirí deiridh ar daoine nádúrtha iad maidir lena gcuid sonraí pearsanta a chur ar fáil san eolaire agus, dá réir sin, gheobhaidh siad toiliú ó na húsáideoirí deiridh sin chun sonraí a áireamh de réir chatagóir na sonraí pearsanta, sa mhéid go bhfuil sonraí den sórt sin ábhartha maidir le cuspóir an eolaire de réir mar a chinneann soláthraí an eolaire. Tabharfaidh soláthraithe na modhanna chun sonraí den sórt sin a fhíorú, a cheartú agus a scriosadh d’úsáideoirí deiridh ar daoine nádúrtha iad.

2.Cuirfidh soláthraithe eolairí atá ar fáil go poiblí na feidhmeanna cuardaigh i leith an eolaire in iúl do na húsáideoirí deiridh ar daoine nádúrtha iad agus a bhfuil a gcuid sonraí pearsanta san eolaire agus gheobhaidh siad toiliú na núsáideoirí deiridh sula ndéantar feidhmeanna cuardaigh den sórt sin a bhaineann lena gcuid sonraí féin a chumasú. 

3.Cuirfidh soláthraithe eolairí atá ar fáil go poiblí an fhéidearthacht ar fáil d’úsáideoirí deiridh ar daoine dlítheanacha iad chun cur i gcoinne sonraí a bhaineann leo a chur san áireamh in eolaire. Tabharfaidh soláthraithe na modhanna chun sonraí den sórt sin a fhíorú, a cheartú agus a scriosadh d’úsáideoirí deiridh ar daoine dlítheanacha iad.

4.Cuirfear an fhéidearthacht nach gcuirfí úsáideoirí deiridh san áireamh in eolaire atá ar fáil go poiblí, nó an fhéidearthacht aon sonraí a bhaineann leo a fhíorú, a cheartú nó a scriosadh ar fáil saor in aisce.

Airteagal 16
Cumarsáid gan iarraidh

1.Féadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha seirbhísí cumarsáide leictreonaí a úsáid chun cumarsáid maidir le margaíocht dhíreach a chur chuig úsáideoirí deiridh ar daoine nádúrtha iad agus a bhfuil toiliú tugtha acu.

2.Sa chás go bhfaigheann duine nádúrtha nó dlítheanach sonraí teagmhála leictreonaí i gcomhair ríomhphoist ó chustaiméir dá chuid, i gcomhthéacs a bhaineann le díol táirge nó seirbhíse, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, ní fhéadfaidh an duine nádúrtha nó dlítheanach sin na sonraí teagmhála leictreonaí sin a úsáid chun margaíocht dhíreach a dhéanamh ach amháin má thugtar an deis do chustaiméirí go soiléir agus follasach cur i gcoinne na húsáide sin, ar bhealach éasca agus saor in aisce. Tabharfar an ceart cur ina choinne ag am an bhailithe agus gach uair a chuirtear teachtaireacht.

3.Gan dochar do mhír 1 agus do mhír 2, déanfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha a úsáideann seirbhísí cumarsáide leictreonaí chun glaonna a bhaineann le margaíocht dhíreach a dhéanamh an méid seo a leanas:

(a)sainaithint líne ar féidir teagmháil a dhéanamh leo uirthi a léiriú; nó

(b)cód/nó réimír faoi leith a léiriú lena sainaithnítear gur glao margaíochta é an glao.

4.D’ainneoin mhír 1, féadfaidh Ballstáit a fhoráil de réir dlí nach gceadófar glaonna margaíochta dírí, ar glaonna pearsanta iad, a chur ar úsáideoirí deiridh ar daoine nádúrtha iad ach amháin nuair nár chuir na daoine sin aon agóid in iúl maidir leis an gcumarsáid sin a fháil.

5.Déanfaidh Ballstáit a áirithiú, i gcreat Dhlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta is infheidhme, go bhfuil cosaint leordhóthanach tugtha do leas dlisteanach úsáideoirí deiridh ar daoine dlítheanacha iad maidir le cumarsáid gan iarraidh a chuirtear trí na modhanna a leagtar amach faoi mhír 1.

6.Cuirfidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach a úsáideann seirbhísí cumarsáide leictreonaí chun cumarsáid a bhaineann le margaíocht dhíreach a tharchur in iúl do na húsáideoirí deiridh gur glao de chineál margaíochta atá sa chumarsáid chomh maith le céannacht an duine dhlítheanaigh nó nádúrtha a bhfuil an chumarsáid á tarchur ar a shon agus cuirfidh sé an fhaisnéis riachtanach ar fáil d’fhaighteoirí, chun gur féidir leo an ceart atá acu a dtoiliú a tharraingt siar a fheidhmiú, ar bhealach éasca, maidir le tuilleadh cumarsáide margaíochta a fháil.

7.Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún bearta cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26(2) lena sonraítear an cód/nó an réimír chun glaonna margaíochta a shainaithint, de bhun phointe (b) de mhír 3.

Airteagal 17
Faisnéis faoi phriacail slándála a bhraitear

I gcás priacal faoi leith a d’fhéadfadh slándáil líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chur i mbaol, cuirfidh soláthraí seirbhíse cumarsáide leictreonaí úsáideoirí deiridh ar an eolas maidir le priacal den sórt sin agus, nuair atá an priacal lasmuigh de raon feidhme na mbeart atá le glacadh ag soláthraí na seirbhíse, cuirfidh an soláthraí aon leigheasanna féideartha in iúl d’úsáideoirí deiridh, lena náirítear léiriú ar na costais a d'fhéadfadh a bheith i gceist.

CAIBIDIL IV
ÚDARÁIS MHAOIRSEACHTA NEAMHSPLEÁCHA AGUS FORFHEIDHMIÚ

Airteagal 18
Údaráis mhaoirseachta neamhspleácha

1.Beidh na húdaráis mhaoirseachta neamhspleácha nó an túdarás maoirseachta neamhspleách atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE)2016/679 freagrach freisin as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Caibidil VI agus VII de Rialachán (AE) 2016/679. Feidhmeofar cúramaí agus cumhachtaí na núdarás maoirseachta i dtaca le húsáideoirí deiridh.

2.Comhoibreoidh na húdaráis mhaoirseachta nó an túdarás maoirseachta dá dtagraítear i mír 1, nuair is iomchuí, le húdaráis náisiúnta a bunaíodh de bhun [na Treorach lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach] 

Airteagal 19
An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí

Beidh inniúlacht ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, a bunaíodh faoi Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2016/679, a áirithiú go gcuirfear Caibidil II den Rialachán seo i bhfeidhm go comhsheasmhach. Chuige sin, feidhmeoidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí na cúraimí a leagtar síos in Airteagal 70 de Rialachán (AE) 2016/679. Chomh maith leis sin, beidh na cúraimí seo a leanas ar an mBord:

(a)comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le haon leasú a mholtar ar an Rialachán seo;

(b)scrúdú a dhéanamh, ar a thionscnamh féin, arna iarraidh sin do chomhalta dá chuid nó don Choimisiún, ar cheist ar bith lena gcumhdaítear cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr a eisiúint, d'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a spreagadh.

Airteagal 20
Nósanna imeachta maidir le comhar agus comhsheasmhacht

Cuirfidh gach údarás maoirseachta le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud an Aontais. Chun na críche sin, comhoibreoidh na húdaráis mhaoirseachta lena chéile agus leis an gCoimisiún i gcomhréir le Caibidil VII de Rialachán (AE) 2016/679 i dtaca leis na hábhair a chumhdaítear i gCaibidil II den Rialachán seo.

CAIBIDIL V
LEIGHEASANNA, DLITEANAS AGUS PIONÓIS

Airteagal 21
Leigheasanna

1.Gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó breithiúnach eile, beidh na leigheasanna céanna dá bhforáiltear in Airteagail 77, 78 agus 79 de Rialachán (AE) 2016/679 ag gach úsáideoir deiridh seirbhísí cumarsáide leictreonaí.

2.Beidh sé de cheart ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach seachas úsáideoirí deiridh a ndéanann sáruithe ar an Rialachán seo dochar dóibh agus a bhfuil leas dlisteanach acu i scor nó i dtoirmeasc na sáruithe a líomhnaítear, lena náirítear soláthraí seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ag cosaint a leasanna dlisteanacha gnó, imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh i dtaca le sáruithe den sórt sin.

Airteagal 22
An ceart chun cúiteamh a fháil agus dliteanas

Beidh sé de cheart ag aon úsáideoir deiridh seirbhísí cumarsáide leictreonaí a mbaineann damáiste ábhartha nó neamhábhartha dó mar thoradh ar shárú an Rialacháin seo, cúiteamh a fháil ón té a rinne an sárú i leith an damáiste a bhain dó, mura gcruthaíonn an té a rinne an sárú nach bhfuil sé freagrach ar bhealach ar bith as an imeacht ba shiocair leis an damáiste i gcomhréir le hAirteagal 82 de Rialachán (AE) 2016/679.

Airteagal 23
Coinníollacha ginearálta maidir le fíneálacha riaracháin a ghearradh

1.Chun críche an Airteagail seo, beidh feidhm ag Caibidil VII de Rialachán (AE) 2016/679 maidir le sáruithe ar an Rialachán seo.

2.Beidh sáruithe ar na forálacha seo a leanas den Rialachán seo, de réir mhír 1, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 10 000, 000 EUR, nó i gcás gnóthais, suas le 2 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

(a)na hoibleagáidí atá ar aon duine dlítheanach nó nádúrtha a dhéanann próiseáil ar shonraí cumarsáide de bhun Airteagal 8;

(b)na hoibleagáidí atá ar sholáthraí bogearraí a chumasaíonn cumarsáid leictreonach, de bhun Airteagal 10;

(c)na hoibleagáidí atá ar sholáthraithe eolairí atá ar fáil go poiblí de bhun Airteagal 15;

(d)na hoibleagáidí atá ar aon duine dlítheanach nó nádúrtha a úsáideann seirbhísí cumarsáide leictreonaí de bhun Airteagal 16;

3.Beidh sáruithe ar an bprionsabal i leith rúndacht chumarsáide, próiseáil sonraí cumarsáide leictreonaí atá ceadaithe, teorainneacha ama i gcomhair léirscriosta de bhun Airteagail 5. 6, agus 7 i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 20 000, 000 EUR, nó i gcás gnóthais, suas le 4 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

4.Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis i leith sáruithe ar Airteagail 12, 13, 14, agus 17.

5.Beidh neamhchomhlíonadh ordaithe ag údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 18, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 20 000 000 EUR, nó i gcás gnóthais, suas le 4 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

6.Gan dochar do na cumhachtaí ceartúcháin atá ag údaráis mhaoirseachta de bhun Airteagal 18, féadfaidh gach Ballstát rialacha a leagan síos faoi cibé an bhféadfar, agus a mhéid a fhéadfar, fíneálacha riaracháin a ghearradh ar údaráis phoiblí agus ar chomhlachtaí poiblí a bunaíodh sa Bhallstát sin.

7.Beidh feidhmiú a chumhachtaí ag an údarás maoirseachta faoin Airteagal seo faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlí Ballstáit, lena náirítear leigheas breithiúnach éifeachtach agus próis chuí.

8.I gcás nach bhforáiltear i gcóras dlí an Bhallstáit do ghearradh fíneálacha riaracháin, féadfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm sa chaoi is go ndéanfaidh an túdarás maoirseachta inniúil an gearradh sin a thionscnamh agus go ngearrfaidh cúirteanna náisiúnta inniúla é, agus é á áirithiú acu go mbeidh na leigheasanna dlí sin éifeachtach agus go mbeidh éifeacht choibhéiseach acu ar na fíneálacha riaracháin a ghearrfaidh na húdaráis mhaoirseachta. Ar aon chaoi, beidh na fíneálacha a ghearrfar éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit sin fógra don Choimisiún faoi fhorálacha a ndlíthe féin a ghlacann siad de bhun na míre seo faoi [xxx] agus, tabharfaidh siad fógra freisin gan mhoill faoi aon dlí leasaitheach nó aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.

Airteagal 24
Pionóis

1.Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis eile is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo, go háirithe sáruithe nach bhfuil faoi réir fíneálacha riaracháin de bhun Airteagal 23, agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin ina dhlí atá á nglacadh aige de bhun mhír 1, tráth nach déanaí ná 18 mí i ndiaidh an dáta a leagtar amach faoi Airteagal 29(2) agus, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear do na forálacha sin.

CAIBIDIL VI
GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 25
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Sula nglacann sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 26
An Coiste

1.Cuideoidh an Coiste Cumarsáide, arna bhunú faoi Airteagal 110 den [Treoir lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach] leis an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 29 .

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL VII
FORÁLACHA DEIRIDH

Airteagal 27
Aisghairm

1.Déantar Treoir 2002/58/CE a aisghairm ón 25 Bealtaine 2018.

2.Déanfar aon tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 28
Clásal faireacháin agus meastóireachta

Faoin 1 Eanáir 2018, ar a dhéanaí, bunóidh an Coimisiún clár mionsonraithe chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht an Rialacháin seo.

Tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé na príomhchinntí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Cuirfidh an mheastóireacht sin, i gcás inarb iomchuí, bonn eolais faoi thogra chun an Rialachán seo a leasú nó a aisghairm i bhfianaise forbairtí dlíthiúla, teicniúla nó eacnamaíocha.

Airteagal 29
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.Beidh feidhm aige ón 25 Bealtaine 2018.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach don Eoraip, COM(2015) 192 críochnaitheach.
(2) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1–88).
(3) Treoir 2002/58/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).
(4) Togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (Athmhúnlú) (COM/2016/0590 críochnaitheach - 2016/0288 (COD)).
(5) Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena naisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62–106).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE ón gComhairle agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12–33).
(7) Féach Cásanna Uamtha C-293/12 agus C-594/12 Digital Rights Ireland and Seitlinger and Others, ECLI:EU:C:2014:238; Cásanna Uamtha C-203/15 agus C-698/15 Tele2 Sverige AB and Secretary of State for the Home Department, ECLI:EU:C:2016:970.
(8) Rialachán (CE) Uimh.45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1-22).
(9) Féach C-450/06 Varec SA, ECLI:AE:C:2008:91, §48.
(10) Féach, inter alia, CECD, breithiúnais Niemietz v Germany, breithiúnas an 16 Nollaig 1992, Sraith A n° 251-B, §29; Société Colas Est and Others v France, uimh. 37971/97, §41; CECD 2002-III; Peck v The United Kingdom uimh. 44647/98, §57, CECD 2003-I; agus freisin Vinci Construction and GTM Génie Civil et Services v. France, uimhreacha. 63629/10 agus 60567/10, § 63, 2 Aibreán 2015.
(11) Féach fonóta 7.
(12) 162 ionchur ó shaoránaigh, 33 ón tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí tomhaltóirí; 186 ó earnáil na tionsclaíochta agus 40 ó údaráis phoiblí, lena náirítear údaráis inniúla a fhorfheidhmíonn an Treoir maidir le ríomh-Phríobháideachas.
(13) Tá an tuarascáil iomlán ar fáil: https://ec.europa.eu/digital-single-market/news-redirect/37204.
(14) Suirbhé Eorabharaiméadair (EB) 443 maidir le ríomh-Phríobháideachas (SMART 2016/079).
(15) Tá an tuarascáil iomlán ar fáil: https://ec.europa.eu/digital-single-market/news-redirect/37205.
(16) http://ec.europa.eu/transparency/regdoc/?fuseaction=ia.
(17) http://ec.europa.eu/smart-regulation/refit/refit-platform/docs/recommendations/opinion_comm_net.pdf.
(18) IO C , , lch. .
(19) IO C , , lch. .
(20) IO C , , lch. .
(21) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1–88).
(22) Treoir 2002/58/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil chumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).
(23) Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena naisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62).
(24) Togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (Athmhúnlú) (COM/2016/0590 críochnaitheach - 2016/0288 (COD)).
(25) Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1–14).
(26) Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (‘an Treoir um thrádáil leictreonach’) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1-16).
(27) Treoir 2008/63/CEE ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2008 maidir le hiomaíocht sna margaí i dtrealamh teileachumarsáide teirminéil (IO L 162, 21.6.2008, lch. 20-26).
(28) Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 a bhaineann le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 310, 26.11.2015, lch. 1–18).
(29) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13-18).
Top