EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52016PC0721

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1036 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad agus Rialachán (AE) 2016/1037 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad

COM/2016/0721 final - 2016/0351 (COD)

An Bhruiséil,9.11.2016

COM(2016) 721 final

2016/0351(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1036 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad agus Rialachán (AE) 2016/1037 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad

{SWD(2016) 370 final}
{SWD(2016) 371 final}
{SWD(2016) 372 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Cumhdaíonn an togra seo leasuithe spriocdhírithe ar Rialachán (AE) 2016/1036 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (an Rialachán Frithdhumpála Bunúsach) agus Rialachán (AE) 2016/1037 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (an Rialachán Frithfhóirdheontais Bunúsach).

1.1.Leasuithe ar an Rialachán Frithdhumpála Bunúsach

1.1.1.A chinneadh cé an gnáthluach nuair atá saobhadh sa mhargadh

Tá an bonn ar a gcinntear gnáthluach leagtha síos in Airteagail 2(1) go dtí 2(7) den Rialachán Frithdhumpála Bunúsach. Mar gheall ar na cúinsí atá i réim i dtíortha áirithe ar baill de EDT iad agus an taighde a rinneadh ar an gcásdlí, is iomchuí leasú a dhéanamh ar an modh lena gcinntear an gnáthluach agus an corrlach dumpála le haghaidh na dtíortha lena mbaineann, go háirithe na tíortha siúd atá faoi réir fhorálacha Airteagal 2(7)(b) agus (c) faoi láthair.

Dá bharr sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Airteagal 2(7) a leasú agus foráil nua a thabhairt isteach, mar atá Airteagal 2(6)a le haghaidh tíortha ar baill de EDT iad.

(a)    An gnáthluach i gcás baill de EDT

I gcás baill de EDT, is gnách go gcinntear an gnáthluach ar bhonn phraghsanna intíre an táirge chomhchosúil nó ar bhonn gnáthluach sainithe.

I gcúinsí áirithe, áfach, níorbh fhéidir bonn réasúnach a fháil sna praghsanna agus costais intíre. Is féidir gurb amhlaidh a bheadh, mar shampla, nuair nach toradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad praghsanna nó costais mar go bhfuil tionchar ag idirghabháil an rialtais orthu. Ar na cúinsí a bhaineann leis an gcás sin tá an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, smacht, maoirseacht bheartais nó stiúir údaráis na tíre is onnmhaireoir; an stát a bheith i láthair i gcuideachtaí sa chaoi gur féidir leis an stát cur isteach a dhéanamh maidir le praghsanna nó costais; beartais phoiblí nó bearta poiblí a bheith ann lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthraithe intíre nó lena nimrítear tionchar ar chaoi eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir; agus an rochtain ar mhaoiniú ó institiúidí a chuireann cuspóirí beartas poiblí chun feidhme.

Sna cásanna sin, níorbh iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun an luach a chinneadh ar ar cheart an táirge comhchosúil a dhíol de ghnáth ("an gnáthluach") agus tá sé leagtha amach i bhforáil nua (Airteagal 2(6)a) gur ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nár saobhadh nó táscairí a shaineofaí an gnáthluach agus ní ar an tseanchaoi. Chun na críche sin, bheadh praghsanna, costais nár saobhadh agus táscairí idirnáisiúnta nó costais chomhfhreagracha táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí ina bhfuil leibhéal comhchosúil forbartha eacnamaíoch mar an tír is onnmhaireoir, bheadh sin ar na foinsí a fhéadfar a úsáid.

Leis an modh sin bheadh an Coimisiún in ann méid iarbhír na dumpála a dhéantar faoi ghnáthchúinsí margaidh nuair nach mbíonn saobhadh ann a chinneadh agus a thomhas.

Ar mhaithe le trédhearcacht agus éifeachtacht, tá seirbhísí an Choimisiúin ag brath tuarascálacha poiblí a eisiúint ina mbeidh cur síos ar an gcás sonrach maidir le cúinsí margaidh i dtír áirithe nó in earnáil áirithe. Tá sé tábhachtach go mbeadh tionscadal an Aontais Eorpaigh in ann brath ar an bhfaisnéis sna tuarascálacha sin agus tagairt di nuair a bheadh sé ag líomhain i ngearán nó in iarraidh ar athbhreithniú go raibh na praghsanna agus costais intíre sa tír is onnmhaireoir míoiriúnach ó thaobh an gnáthluach a chinneadh. Ina theannta sin, chuirfí na tuarascálacha sin agus an fhaisnéis ar a mbeadh siad bunaithe i gcomhad aon imscrúdaithe maidir leis an tír sin nó an earnáil sin sa chaoi gurbh fhéidir leis na páirtithe leasmhara uile a dtuairimí a thabhairt.

(b)An gnáthluach i gcás baill de EDT

I gcás na dtíortha sin nach baill de EDT iad agus atá liostaithe in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2015/755 an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe, cinnfear an gnáthluach ar bhonn an mhodha de réir tír analógach dá bhforáiltear in Airteagal 2(7) de réir mar a leasaíodh é.

1.1.2.Aistriú ón gcóras atá ann faoi láthair go dtí an córas nua

Leis an togra tugtar smachtbhannaí sonracha isteach lena náiritheofar go dtiocfaidh an córas nua i bhfeidhm go hordúil trédhearcach agus nach gcruthóidh an taistriú éiginnteacht dlí i gcásanna a bhfuiltear ag obair orthu faoi láthair nó nach nimreoidh sé tionchar rómhór ar bhearta atá ann cheana.

Dá bhrí sin, tá sé soiléirithe sa togra gur maidir le cásanna a tionscnaíodh ar theacht i bhfeidhm na bhforálacha leasaithe agus maidir leis na cásanna sin amháin a bheadh feidhm ag an gcóras nua. Is faoi réir na smachtbhannaí a bhí ann cheana a bheadh aon imscrúdú a rabhthas ag obair air nuair a tháinig an córas nua i réim. Ní bheadh aon athrú ann sa chás sin.

A mhéid a bhaineann leis na bearta atá ann faoi láthair, measann an Coimisiún nach ionann tabhairt isteach na smachtbhannaí nua amháin agus cúiseanna leordhóthanacha chun na bearta sin a athbhreithniú de réir bhrí Airteagal 11(3) den Rialachán Frithdhumpála Bunúsach. Ní amháin sin ach níor cheart athbhreithnithe ar bhearta atá ann cheana a dhéanamh ach i gcás athrú ar fhíricí chás na nonnmhaireoirí lena mbaineann, seachas athrú ar na smachtbhannaí dlí a bhfuil siad faoina réir, agus go bhfuil athrú chomh mór sin orthu gur léir nach iomchuí a thuilleadh an leibhéal beart atá ann faoi láthair. Ina theannta sin, má thionscnaítear athbhreithniú mar gheall ar athrú oibiachtúil ar chás onnmhaireora, d'fhéadfaí an tathbhreithniú a dhéanamh fós ar bhonn an mhodha atá ann faoi láthair murar tháinig athrú ar na cúinsí sonracha is cúis le cur i bhfeidhm an mhodha sin, lena náirítear an modh atá bunaithe ar Airteagal 2(7)(a) agus Airteagal 2(7)(b). Murar tháinig athrú ar na cúinsí iarbhír atá ina núdar le modh áirithe a úsáid, beidh gnáthluach an chorrlaigh dumpála bunaithe ar an modh céanna as ar tháinig forchur an bhirt a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh air. Tá sin soiléirithe in Airteagal 11(9) den Rialachán Dumpála Bunúsach agus tá gá leis chun an cás a sheachaint ina dtiocfadh cur i bhfeidhm dhá mhodh éagsúla le himeacht ama as cúinsí nár tháinig aon athrú mór orthu.

Ina theannta sin, tá foráil sa togra go measfar, i gcás aistriú ó ghnáthluach a ríomhadh de bhun Airteagal 2(7)(a) nó Airteagal 2(7)(b) go gnáthluach a ríomhadh de bhun mhíreanna 1 go dtí 6a d'Airteagal 2, go rachaidh an tréimhse réasúnach ama dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d'Airteagal 11(3) den Rialachán Frithdhumpála Bunúsach in éag ar an dáta a thionscnófar an chéad athbhreithniú éaga tar éis an aistrithe sin.

Ba cheart an cur chuige céanna a bheith i bhfeidhm maidir le hathbhreithnithe nuatheachtaí a dhéantar de bhun Airteagal 11(4) den Rialachán Dumpála Bunúsach

1.2.Leasuithe ar an Rialachán Frithdhumpála Bunúsach

Measann an Coimisiún freisin go bhfuil sé sár-riachtanach gur féidir an Rialachán Frithfhóirdheontais Bunúsach a bheith iomlán éifeachtach. Maidir leis sin, is léir ar an taithí a fuarthas nach léir i gcónaí méid iarbhír an fhóirdheonaithe tráth an tionscnaithe. Is minic gurb amhlaidh a fhaightear amach go bhfaigheann onnmhaireoirí a ndearnadh imscrúdú orthu fóirdheontais nárbh fhéidir a dhéanamh amach gur tugadh iad sula rinneadh an timscrúdú. Dá ainneoin sin, is léir go dtugann na fóirdheontais sin buntáiste éagothrom do na honnmhaireoirí lena mbaineann agus gur féidir leo bheith ag díol ar phraghsanna a dhéanann díobháil do mhargadh an Aontais Eorpaigh.

Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go mbraithfear na fóirdheontais sin go leordhóthanach san anailís deiridh agus go gcuirfear san áireamh iad sa leibhéal dleachta a fhorchuirfear.

Chun na críche sin agus ar mhaithe le próis chuí agus trédhearcacht, tá sé soiléirithe sa Rialachán gur cheart don Choimisiún, nuair a fhaightear na fóirdheontais sin le linn imscrúdú áirithe nó athbhreithniú áirithe, comhairliúcháin bhreise a thairiscint don tír thionscnaimh nó don tír is onnmhaireoir lena mbaineann maidir leis na fóirdheontais a aithníodh le linn an imscrúdaithe. Sna cásanna sin, déanfaidh an Coimisiún achoimre ar na príomhghnéithe a bhaineann leis na fóirdheontais eile sin a chur chuig an tír thionscnaimh agus/nó an tír is onnmhaireoir chun a áirithiú go mbeidh comhairliúcháin fhóinteacha ann.

2.TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

2.1.Comhairliúcháin le páirtithe leasmhara

Bhí deis ag páirtithe leasmhara a mbaineann an togra seo leo páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí a rinneadh ó Fheabhra go hAibreán 2016. Foilsíodh achoimre ar thorthaí an chomhairliúcháin phoiblí mar chuid den Measúnú Tionchair a ghabhann leis an togra reachtach seo. Tá an Measúnú Tionchair le fáil ar shuíomh gréasáin AS TRADE.

2.2.Bailiú agus úsáid saineolais

Tugadh staidéar neamhspleách ar thionchar roinnt roghanna chun aghaidh a thabhairt ar an gcaoi a ríomhtar an gnáthluach i gcás allmhairí ó thíortha nach bhfuil geilleagar margaidh acu chun críche i mBealtaine 2016 agus foilsíodh é ar shuíomh gréasáin AS TRADE an tráth céanna a eisíodh an togra reachtach.

2.3.Measúnú tionchair

Rinneadh measúnú tionchar in Earrach 2016 agus cuireadh san áireamh ann torthaí an chomhairliúcháin phoiblí, an staidéar neamhspleách agus an taithí leathan atá ag an gCoimisiún ar na huirlisí a úsáid. Tá anailísiú ar roghanna éagsúla sa mheasúnú tionchair. Rinne an Bord am Measúnú Tionchair an tuarascáil a mheas i Meitheamh 2016 agus thug sé tuairim fhabhrach uirthi faoi réir roinnt athbhreithnithe uirthi. Rinneadh an tuarascáil a athbhreithniú agus a thabhairt chun críche ó shin. Is iad na réitigh thosaíochta an mheasúnaithe is bonn leis an togra seo.

3.EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

3.1.Bunús dlí

Is é is bunús dlí don togra seo Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus is i gcomhréir leis a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta ina saineofar an creat chun an comhbheartas tráchtála a chur chun feidhme.

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/1036 agus Rialachán (AE) 2016/1037 leis an togra seo.

3.2.Prionsabal na coimhdeachta

De bhun Airteagal 3(1)(e) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

3.3.Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta.

3.4. Rogha ionstraimí

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

Ní bheadh modhanna eile leormhaith ar an gcúis seo a leanas: ní mór Rialachán a leasú le Rialachán eile.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl infheidhme.

5.EILIMINTÍ ROGHNACHA

Níl infheidhme.

2016/0351 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1036 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad agus Rialachán (AE) 2016/1037 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:    

(1)Le Rialachán (AE) 2016/1036 1 ghlac an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa rialacha coitianta maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas iad.

(2)Tá an bonn ar ar cheart gnáthluach a chinneadh i gcás allmhairí ó thíortha nach bhfuil geilleagar margaidh acu leagtha síos in Airteagal 2(7)(a) agus Airteagal 2(7)(b) de Rialachán 2016/1036. I bhfianaise athruithe a tháinig a bhaineann le tíortha áirithe ar baill den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) iad, is iomchuí an gnáthluach a chinneadh, i gcás na dtíortha sin, ar bhonn mhíreanna 1 go dtí 6a d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/1036, le héifeacht ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm agus faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo. I gcás tíortha nach baill de EDT iad ar an dáta tionscnaimh agus nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2015/755 2 , ba cheart gnáthluach a chinneadh ar bhonn mhír 7 d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/1036, de réir mar a leasaíodh é leis an Rialachán seo. Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do chinneadh a dhéanamh an geilleagar margaidh aon bhall de EDT nó nach ea.

(3)I bhfianaise na taithí a fuarthas in imeachtaí roimhe seo, is iomchuí a shoiléiriú cé na cúinsí ina bhféadfar a mheas go bhfuil saobhadh suntasach ann a imríonn tionchar mór ar fhórsaí an mhargaidh shaoir. Go háirithe, is iomchuí a shoiléiriú go bhféadfar a mheas go bhfuil an cás sin ann, inter alia, nuair nach torthaí ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad na praghsanna nó na costais a tuairiscíodh mar go raibh tionchar ag idirghabháil rialtais orthu. Is iomchuí a shoiléiriú chomh maith go bhféadfar, agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil a leithéid de chás ann, dearcadh, inter alia, ar an tionchar is féidir a bheith ag na nithe seo a leanas: an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, smacht, maoirseacht bheartais nó stiúir údaráis na tíre is onnmhaireoir; an stát a bheith i láthair i gcuideachtaí sa chaoi gur féidir leis an stát cur isteach a dhéanamh maidir le praghsanna nó costais; beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthraithe intíre nó lena nimrítear tionchar ar chaoi eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir; agus rochtain ar mhaoiniú ó institiúidí a chuireann cuspóirí beartas poiblí chun feidhme. Is iomchuí freisin foráil a dhéanamh go bhféadfaidh seirbhísí an Choimisiúin tuarascáil a eisiúint lena gcuirfear síos ar an gcás sonrach maidir leis na critéir sin i dtír áirithe nó in earnáil áirithe; go bhféadfaidh an tuarascáil sin agus an fhianaise ar a bhfuil sí bunaithe a chur i gcomhad aon imscrúdaithe a bhaineann leis an tír sin nó leis an earnáil sin; agus gur cheart an deis a bheith ag na páirtithe leasmhara a dtuairimí a thabhairt faoin tuarascáil agus faoin bhfianaise ar a bhfuil sí bunaithe i ngach imscrúdú ina núsáidfear an tuarascáil sin nó an fhianaise sin.

(4)Is iomchuí freisin a chuimhneamh go ba cheart na costais a ríomh de ghnáth ar bhonn taifid a choinníonn an tonnmhaireoir nó an táirgeoir ar a bhfuiltear ag déanamh imscrúdú. Os a choinne sin, má bhíonn saobhadh suntasach sa tír is onnmhaireoir sa chaoi go bhfuil na costais atá léirithe sa tuarascáil níos lú ná mar is dual dóibh, féadfar na costais sin a choigeartú nó a shocrú ar aon bhonn atá réasúnta, lena náirítear faisnéis ó mhargaí ionadaíocha eile agus praghsanna nó táscairí idirnáisiúnta. I bhfianaise na taithí a fuarthas in imeachtaí roimhe seo, is iomchuí a shoiléiriú chomh maith gur cheart, chun na forálacha a tugadh isteach leis an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm, an fhianaise ábhartha uile a chur san áireamh go hiomchuí, lena náirítear tuarascálacha measúnaithe ábhartha maidir leis na cúinsí atá i réim i margadh intíre na dtáirgeoirí is onnmhaireoirí agus an fhianaise ar a bhfuil siad bunaithe, a cuireadh sa chomhad agus a raibh deis ag na páirtithe leasmhara a dtuairimí a thabhairt fúithi.

(5)Maidir leis an modh a úsáidtear sa chéad imscrúdú agus is féidir a úsáid san imscrúdú athbhreithniúcháin, is iomchuí freisin a chuimhneamh go bhfuil feidhm ag Airteagal 11(9) de Rialachán (AE) 2016/1036. Sa chomhthéacs sin, is iomchuí a shoiléiriú gur cheart, nuair a bheifear ag déanamh imscrúdú féachaint an bhfuil táscaire ann a léiríonn gur tháinig athrú ar na cúinsí, an fhianaise ábhartha uile a chur san áireamh go hiomchuí, lena náirítear tuarascálacha measúnaithe ábhartha maidir leis na cúinsí atá i réim i margadh intíre na dtáirgeoirí is onnmhaireoirí agus an fhianaise ar a bhfuil siad bunaithe, a cuireadh sa chomhad agus a raibh deis ag na páirtithe leasmhara a dtuairimí a thabhairt fúithi.

(6)In éagmais aon rialacha idirthréimhseacha lena rialálfaí an cás, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo le gach cinneadh i leith imeachtaí a thionscnamh agus maidir leis na himeachtaí uile, lena nairítear céadimscrúduithe a tionscnaíodh ar an dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm nó ina dhiaidh, faoi réir Airteagal 11(9) de Rialacháin (AE) 2016/1036. Lena chois sin, mar riail idirthréimhseach shonrach, agus á chur san áireamh nach bhfuil aon riail idirthréimhseach eile ann lena rialálfaí an cás seo, is iomchuí a fhoráil, i gcás aistriú ó ghnáthluach a ríomhadh de bhun Airteagal 2(7)(a) nó Airteagal 2(7)(b) go gnáthluach a ríomhadh de bhun mhíreanna 1 go dtí 6a d'Airteagal 2, gur cheart a mheas go rachaidh an tréimhse réasúnach ama dá bhforáiltear in Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2016/1036 in éag ar an dáta a thionscnófar an chéad athbhreithniú éaga tar éis an aistrithe sin. Chun an riosca go rachfar thart ar fhorálacha an Rialacháin seo a laghdú, ba cheart an cur chuige céanna a bheith ann i gcás athbhreithnithe a dhéanfar de bhun Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2016/1036. Is iomchuí freisin a chuimhneamh, dá ndéanfaí aistriú ó ghnáthluach a ríomhadh de bhun Airteagal 2(7)(a) nó Airteagal 2(7)(b) go gnáthluach a ríomhadh de bhun mhíreanna 1 go dtí 6a d'Airteagal 2, nach leor an taistriú sin féin mar fhianaise de réir bhrí Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2016/1036. Ba cheart go líonfadh na rialacha idirthréimhseacha sin bearna is féidir a bheadh ina cúis le héiginnteacht dlí, ba cheart go gcruthódh siad deis réasúnach do pháirtithe leasmhara iad féin a oiriúnú do dhul in éag na seanrialacha agus do theacht i bhfeidhm na rialacha nua, agus go ndéanfadh siad níos fusa Rialachán (AE) 2016/1036 a chur i bhfeidhm.

(7)Le Rialachán (AE) 2016/1037 3 ghlac an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa rialacha coitianta maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad. Is léir ar an taithí a fuarthas gur le linn an imscrúdaithe ábhartha is gnách a fhaightear amach méid iarbhír an fhóirdheonaithe. Go háirithe, is minic gurb amhlaidh a fhaightear amach go bhfaigheann onnmhaireoirí a ndearnadh imscrúdú orthu fóirdheontais nárbh fhéidir a thabhairt faoi deara le modhanna réasúnacha gur tugadh iad sula rinneadh an timscrúdú. Is iomchuí a shoiléiriú gur cheart don Choimisiún, nuair a fhaightear na fóirdheontais sin le linn imscrúdú áirithe nó athbhreithniú áirithe, comhairliúcháin bhreise a thairiscint don tír thionscnaimh nó don tír is onnmhaireoir lena mbaineann maidir leis na fóirdheontais a aithníodh le linn an imscrúdaithe. In éagmais aon rialacha idirthréimhseacha lena rialálfaí an cás, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le gach cinneadh i leith imeachtaí a thionscnamh agus maidir leis na himeachtaí uile, lena nairítear céadimscrúduithe a thionscnófar ar an dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm nó ina dhiaidh.

(8)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 2016/1036 agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/1037 a leasú dá réir.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/1036 mar a leanas:

(1)In Airteagal 2, cuirtear isteach mír 6a mar seo a leanas:

'6a.    (a) Má chinntear, agus an fhoráil seo nó aon fhoráil ábhartha eile sa Rialacháin seo, nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir mar go bhfuil saobhadh suntasach ann, saineofar an gnáthluach ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nár saobhadh nó táscairí. Chun na críche sin, beidh praghsanna, costais nár saobhadh agus táscairí nó costais chomhfhreagracha táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí ina bhfuil leibhéal comhchosúil forbartha eacnamaíoch mar an tír is onnmhaireoir, ar choinníoll gur furasta teacht ar na sonraí costais ábhartha, beidh sin ar na foinsí a fhéadfar a úsáid. Ina chuid den ghnáthluach sainithe beidh méid réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh brabúis.

(b) Féadfar a mheas go bhfuil saobhadh suntasach ann de réir bhrí phointe (a), inter alia, nuair nach torthaí ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad na praghsanna nó na costais arna dtuairisciú mar go raibh tionchar ag idirghabháil rialtais orthu. Féadfar, agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil saobhadh suntasach ann, dearcadh, inter alia, ar an tionchar is féidir a bheith ag na nithe seo a leanas: an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, smacht, maoirseacht bheartais nó stiúir údaráis na tíre is onnmhaireoir; an stát a bheith i láthair i gcuideachtaí sa chaoi gur féidir leis an stát cur isteach a dhéanamh maidir le praghsanna nó costais; beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthraithe intíre nó lena nimrítear tionchar ar chaoi eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir; agus rochtain ar mhaoiniú ó institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme.

(c) Nuair is iomchuí, féadfaidh seirbhísí an Choimisiúin tuarascáil a eisiúint lena gcuirfear síos ar an gcás sonrach maidir leis na critéir atá liostaithe i bpointe (b) i dtír áirithe nó in earnáil áirithe; Féadfaidh an tuarascáil sin agus an fhianaise ar a bhfuil sí bunaithe a chur i gcomhad aon imscrúdaithe a bhaineann leis an tír sin nó leis an earnáil sin; Beidh an deis ag na páirtithe leasmhara a dtuairimí a thabhairt faoin tuarascáil agus faoin bhfianaise ar a bhfuil sí bunaithe, cur leis an tuarascáil nó brath uirthi i ngach imscrúdú ina núsáidfear an tuarascáil sin nó an fhianaise sin. Cuirfear an fhianaise ábhartha uile atá sa chomhad san áireamh sna cinntí.

(d) Féadfaidh an tionscadal de chuid an Aontais brath ar an tuarascáil dá dtagraítear i bpointe (c) chun an gnáthluach a ríomh agus é ag cur gearán isteach i gcomhréir le hAirteagal 5 le haghaidh athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 11.

(e) Cuirfear na páirtithe san imscrúdú go gairid tar éis a thionscanta aoi na foinsí ábhartha atá an Coimisiún ag brath a úsáid chun críche phointe (a) agus beidh 10 lá acu chun tuairim a thabhairt. Chun na críche sin, beidh rochtain ag na páirtithe leasmhara ar an gcomhad, lena náirítear aon fhianaise ar a bhfuil an túdarás imscrúdúcháin ag brath, gan dochar d'Airteagal 19'.

(2)In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

'I gcás allmhairí ó thíortha nach bhfuil geilleagar margaidh acu agus nach baill de EDT iad ar an dáta tionscnaimh, agus atá liostaithe in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2015/755, déanfar an gnáthluach a chinneadh ar bhonn an phraghais nó an luacha ríofa i dtríú tír a bhfuil geilleagar margaidh aici, nó an praghas ón triú tír sin chuig tíortha eile, Ballstáit an Aontais san áireamh, nó, nuair nach féidir sin a dhéanamh, ar aon bhonn réasúnach eile, lena náirítear an praghas iarbhír a íocadh nó atá iníoctha san Aontas ar an táirge comhchosúil, arna gcoigeartú mar is iomchuí chun corrlach brabúis réasúnach a chur san áireamh.

Roghnófar tríú tír oiriúnach a bhfuil geilleagar margaidh aici ar bhealach nach bhfuil míréasúnach, agus aird iomchuí á tabhairt ar aon fhaisnéis iontaofa a chuirfear ar fáil tráth an roghnúcháin. Cuirfear teorainneacha ama san áireamh freisin. nuair is iomchuí, úsáidfear tríú tír a bhfuil geilleagar margaidh aici atá faoi réir an imscrúdaithe chéanna.

Cuirfear na páirtithe san imscrúdú ar an eolas go gairid tar éis thionscnamh an imscrúdaithe faoin tríú tír a bhfuil geilleagar margaidh aici atá beartaithe agus beidh 10 lá acu chun a dtuairimí a thabhairt.'

(3)Sa chéad fhomhír d'Airteagal 11(3), cuirtear an méid seo a leanas isteach:

'I gcás aistriú ó ghnáthluach a ríomhadh de bhun Airteagal 2(7)(a) nó Airteagal 2(7)(b) go gnáthluach a ríomhadh de bhun mhíreanna 1 go dtí 6a d'Airteagal 2, measfar go rachaidh an tréimhse réasúnach ama in éag ar an dáta a thionscnófar an chéad athbhreithniú éaga tar éis an aistrithe sin.

(4)In Airteagal 11(4), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

   'I gcás aistriú ó ghnáthluach a ríomhadh de bhun Airteagal 2(7)(a) nó Airteagal 2(7)(b) go gnáthluach a ríomhadh de bhun mhíreanna 1 go dtí 6a d'Airteagal 2, measfar go rachaidh an tréimhse réasúnach ama in éag ar an dáta a thionscnófar an chéad athbhreithniú éaga tar éis an aistrithe sin.'

(5)In Airteagal 11(9), cuirtear an méid seo a leanas isteach:

   'Maidir leis na cúinsí atá ábhartha i leith a chinneadh cén gnáthluach atá ann de bhun Airteagal 2, cuirfear san áireamh go hiomchuí, chun na forálacha a tugadh isteach leis an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm, an fhianaise ábhartha uile, lena náirítear tuarascálacha measúnaithe ábhartha maidir leis na cúinsí atá i réim i margadh intíre na dtáirgeoirí is onnmhaireoirí agus an fhianaise ar a bhfuil siad bunaithe, a cuireadh sa chomhad agus a raibh deis ag na páirtithe leasmhara a dtuairimí a thabhairt fúithi.'

Airteagal 2

In Airteagal 10(7) de Rialachán (AE) 2016/1037, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

'Ina theannta sin, táirgfidh an Coimisiún comhairliúcháin don tír thionscnaimh agus/nó don tír is onnmhaireoir lena mbaineann maidir le fóirdheontais eile a sainaithníodh le linn an imscrúdaithe. Sna cásanna sin, déanfaidh an Coimisiún achoimre ar na príomhghnéithe a bhaineann le fóirdheontais eile, go háirithe na fóirdheontais dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo, a chur chuig an tír thionscnaimh agus/nó an tír is onnmhaireoir. Mura gcumhdóidh an fógra tionscnaimh na fóirdheontais bhreise, leasófar é, foilseofar an leagan leasaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus tabharfar cuireadh do na páirtithe leasmhara uile a dtuairimí a thabhairt.'

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Beidh feidhm ag an Rialachán (AE) seo maidir le gach cinneadh i leith imeachtaí a thionscnamh agus maidir leis na himeachtaí uile, lena nairítear céadimscrúduithe a tionscnaíodh ar an dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm nó ina dhiaidh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa                    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                    An tUachtarán

(1) Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO L 176, 30.6.2016, lch. 21).
(2) Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33).
(3) Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO L 176, 30.6.2016, lch. 55).
Top