EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52016PC0594

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar is infheidhme maidir le cineálacha áirithe tarchuir ar líne de chuid eagraíochtaí craoltóireachta agus maidir le hatarchur clár teilifíse agus raidió

COM/2016/0594 final - 2016/0284 (COD)

An Bhruiséil,14.9.2016

COM(2016) 594 final

2016/0284(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar is infheidhme maidir le cineálacha áirithe tarchuir ar líne de chuid eagraíochtaí craoltóireachta agus maidir le hatarchur clár teilifíse agus raidió

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

{SWD(2016) 301 final}
{SWD(2016) 302 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Cúiseanna agus cuspóirí an togra

Le teicneolaíochtaí digiteacha, éascaítear dáileadh saothar agus ábhar cosanta eile agus rochtain orthu, agus déanann 49% d'úsáideoirí idirlín an Aontais ceol, ábhar closamhairc agus cluichí a rochtain ar líne 1 . Tá méadú ar an infheistíocht atá á déanamh ag craoltóirí agus ag soláthraithe seirbhísí atarchuir i bhforbairt seirbhísí digiteacha agus seirbhísí ar líne chun cláir raidió agus theilifíse a dháileadh. I measc na seirbhísí atá á dtairiscint ar líne ag craoltóirí, áirítear go háirithe seirbhísí comhchraolta (cainéil teilifíse/raidió arna dtarchur ar líne taobh leis an gcraoladh traidisiúnta ar shatailít, ar chábla nó ar chóras trastíre), seirbhísí teilifíse athdheise 2 agus podchraoltaí. In ainneoin éagsúlacht na seirbhísí ar líne atá ag dul i méid, is minic nach mbíonn cláir na gcraoltóirí ar fáil ar líne do shaoránaigh Eorpacha a bhfuil cónaí orthaí i mBallstáit eile. Ina theannta sin, ní hionann an éagsúlacht cainéal teilifíse agus raidió ó Bhallstáit eile arna soláthar le seirbhísí atarchuir ar fud an Aontais.

Déanann eagraíochtaí craoltóireachta líon ard clár nuachta, cultúir, polaitíochta, faisnéise nó siamsaíochta, a fhaigheann siad ar cheadúnas ó chomhlachtaí eile nó a léiríonn siad iad féin, a tharchur ar bhonn laethúil. Cuimsítear sna cláir sin ábhar cosanta éagsúil amhail saothair chlosamhairc, cheoil, liteartha nó ghrafacha. Teastaíonn imréiteach casta ceart leis an iliomad sealbhóirí cirt chuige sin. Go minic, is gá na cearta a imréiteach in achar ama gearr, go háirithe agus cláir amhail cláir nuachta nó cúrsaí reatha á nullmhú. Lena gcuid seirbhísí a chur ar fáil thar theorainneacha, teastaíonn na cearta riachtanacha do na críocha ábhartha ó eagraíochtaí craoltóireachta, rud a chuireann le castacht an imréitigh ceart. I gcás na craoltóireachta ar shatailít, éascaíodh an timréiteach ceart le cur i bhfeidhm phrionsabal na tíre tionscnaimh atá cumhdaithe sa Treoir maidir le craoltóireacht satailíte agus atarchur ar chábla (Treoir 93/83/CEE), treoir a fhágann nach gá do chraoltóirí na cearta a imréiteach ach in aon Bhallstát amháin. Níl feidhm ag an Treoir sin nuair a dhéanann craoltóir cearta a imréiteach le haghaidh a sheirbhísí ar líne.

Bíonn deacrachtaí freisin ag oibreoirí seirbhísí atarchuir, a bhailíonn le chéile líon ard cainéal teilifíse agus raidió ina bpacáistí, maidir leis na cearta riachtanacha ar fad a fháil chun cláir theilifíse agus raidió na neagraíochtaí craoltóireachta a atarchur. Foráiltear leis an Treoir maidir le craoltóireacht satailíte agus atarchur cábla do chóras comhbhainistíochta éigeantaí le haghaidh atarchur cábla craoltaí teilifíse agus raidió ó Bhallstáit eile. Ní bhaineann an córas seo, trína néascaítear an timréiteach ceart, le seirbhísí atarchuir arna soláthar ar bhealach eile seachas cábla ar líonraí cumarsáide leictreonaí iata, amhail IPTV (teilifís/raidió thar líonraí ciorcaid iata IP-bhunaithe). Dá bhrí sin, bíonn ualach mór imréitigh ceart ar oibreoirí seirbhísí atarchuir den sórt sin ionas gur féidir leo a seirbhísí a sholáthar, go háirithe agus craoltaí teilifíse agus raidió ó Bhallstáit eile á natarchur acu.

Is é is aidhm don togra seo soláthar trasteorann seirbhísí ar líne atá coimhdeach le craoltaí a chur chun cinn agus atarchur digiteach thar líonraí iata de chláir theilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit eile a éascú trí chreat dlíthiúil an Aontais a oiriúnú. Trí dhul i ngleic leis na deacrachtaí a bhaineann le himréiteach ceart, cruthaítear leis na dálaí lena gcuirtear ar chumas craoltóirí agus oibreoirí seirbhísí atarchuir rochtain níos fairsinge ar chláir theilifíse agus raidió a thairiscint ar fud an Aontais. Mar thoradh air sin, déanfaidh an togra seo rochtain tomhaltóirí ar líon níos mó clár teilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit eile a chur chun cinn, idir sheirbhísí coimhdeacha ar líne de chuid eagraíochtaí craoltóireachta agus seirbhísí atarchuir. Tugtar isteach leis an togra cur chuige comhchoiteann san Aontas agus cosaint ardleibhéil á cothabháil do shealbhóirí cirt. Agus é sin á dhéanamh, cuireann sé le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh mar limistéar gan teorainneacha inmheánacha.

Comhsheasmhacht le forálacha atá ann anois sa limistéar beartais

Sa Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach 3 , cuirtear réimse tionscnamh chun cinn d’fhonn margadh inmheánach d’ábhar digiteach agus do sheirbhísí digiteacha a chruthú. I Nollaig 2015, ghlac an Coimisiún céim thosaigh leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiniomparthacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne a áirithiú sa mhargadh inmheánach 4 .

Freagraítear sa togra seo do cheann de na príomhchuspóirí atá sainaitheanta sa Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach: rochtain ar líne níos fairsinge ar chláir theilifíse agus raidió a fheabhsú d’úsáideoirí ar fud an Aontais. Céim shuntasach is ea an soláthar trasteorann seirbhísí ar líne atá coimhdeach le craoltaí a chur chun cinn agus atarchur digiteach de chláir theilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit eile a éascú trína dtéitear i ngleic le constaic shonrach ar rochtain trasteorann ar ábhar craolta chun leasa úsáideoirí.

Tá an togra seo ag teacht leis na hionstraimí dlí i réimse an chóipchirt, go háirithe Treoir 93/83/CEE, Treoir 2001/29/CE, Treoir 2006/115/CE agus Treoir 2014/26/AE. Leis na Treoracha sin, mar aon leis an togra seo, cuirtear le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, áirithítear cosaint ardleibhéil do shealbhóirí cirt agus éascaítear an timréiteach ceart.

Leis an togra seo, cuirtear le feabhsú clúdaigh trasteorann seirbhísí closamhairc freisin agus, ar an ábhar sin, comhlánaítear Treoir 2010/13/AE 5 leis.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Maidir le Airteagal 167 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tabharfaidh an tAontas aird ar ghnéithe cultúrtha ina ghníomhaíocht faoi na Conarthaí. Trí rochtain ar chláir theilifíse agus raidió a éascú, chuirfí feabhas leis an togra seo ar rochtain ar ábhar cultúrtha, nuacht agus faisnéis.

Cabhraíonn an togra seo le leasanna tomhaltóirí a chur chun cinn trí rochtain níos mó ar chláir theilifíse agus raidió ó Bhallstáit eile a chur chun cinn agus, dá réir sin, tá sé ag teacht le beartais an Aontais i réimse na cosanta tomhaltóirí agus le hAirteagal 169 de CFAE.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra seo le haghaidh Rialacháin bunaithe ar Airteagal 114 CFAE. Leis an Airteagal seo tugtar ar an Aontais an chumhacht chun bearta a ghlacadh arb é a gcuspóir mhargaidh inmheánaigh a bhunú agus fheidhmiú. Áirítear leis seo an tsaoirse chun seirbhísí a fháil agus a chuir ar fáil.

Tá comhchuibhiú déanta ag Aontas ar na cearta atá ábhartha chun saothair agus ábhar cosanta eile a scaipeadh ar líne agus chun cláir theilifíse agus raidió a atarchur (go háirithe na cearta maidir le hatáirgeadh, cur in iúl don phobal, agus cur ar fáil) atá i dTreoir 2001/29.

Baineann an togra reatha le haghaidh Rialacháin le héascú an imréitigh ceart i gcomhair seirbhísí coimhdeacha ar líne de chuid eagraíochtaí craoltóireachta trí phrionsabal tíre tionscnaimh a thabhairt isteach, ar dá réir a dhéanfar an gníomh cóipchirt ábhartha sa Bhallstát ina bhfuil an eagraíocht craoltóireachta bunaithe agus sa Bhallstát sin amháin. Éascaítear leis freisin an timréiteach ceart le haghaidh seirbhísí atarchuir thar líonraí iata (seachas ar chábla) trí rialacha a thabhairt isteach maidir le comhbhainistíocht éigeantach. Is é is aidhm don togra aird a thabhairt, inter alia, ar na hathruithe sa teicneolaíocht a fhágann gur gá an creat dlíthiúil, a comhchuibhíodh roimhe seo, a chur in oiriúint.

Rialachán atá san ionstraim atá beartaithe i bhfianaise a riachtanaí atá sé a áirithiú go mbaintear an cuspóir amach ar bhealach aonfhoirmeach leis na rialacha agus go bhfuil na rialacha infheidhmithe go díreach.

Coimhdeacht (do inniúlacht neamheisiatach)

Is de chineál trasteorann, go bunúsach, an tsaincheist ar a dtugtar aghaidh sa togra seo, mar atá rochtain níos forleithne ar chláir theilifíse agus raidió ag saoránaigh ar fud an Aontais. Ní fhéadfar ach le hionstraim de chuid an Aontais riail a leagan síos lena gcuirfear prionsabal na tíre tionscnaimh i bhfeidhm ar atarchur trasteorann clár teilifíse agus raidió. Maidir le feidhmiú ceart atarchuir, ní fhéadfar ach le hionstraim de chuid an Aontais deireadh a chur le hilroinnt reatha na margaí sa chaoi a mbainistítear cearta i gcás seirbhísí atarchuir digiteacha agus, ar an ábhar sin, deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú le haghaidh oibreoirí atarchuir. Mar sin féin, ba cheart gurbh iad na Ballstáit a chinnfidh forálacha sonracha áirithe i dtaobh chur i bhfeidhm na comhbhainistíochta éigeantaí ar sheirbhísí atarchuir arna soláthar thar líonraí iata.

Comhréireacht

Bunaítear leis an togra sásraí cumasúcháin chun imréiteach cóipchirt agus ceart gaolmhar a éascú i leith cineálacha áirithe tarchuir ar líne agus atarchuir thar líonraí iata clár teilifíse agus raidió thar líonraí. Tá sé spriocdhírithe agus ní chuimsítear leis ach deighleoga sonracha den mhargadh (seirbhísí coimhdeacha ar líne de chuid craoltóirí agus seirbhísí atarchuir áirithe arna soláthar trí IPTV agus líonraí cumarsáide leictreonaí “iata”) agus tá seirbhísí eile (mar shampla seirbhísí ar éileamh nach mbaineann le craoladh) lasmuigh dá raon feidhme. Ina theannta sin, ní cheanglaítear leis an togra ar eagraíochtaí craoltóireachta a seirbhísí coimhdeacha ar líne a sholáthar thar theorainneacha, ná ní cheanglaítear leis ar oibreoirí seirbhísí atarchuir cláir ó Bhallstáit eile a thairiscint. Ní chuirtear cosc leis an togra ar fheidhmiú shaoirse chonarthach na gcomhpháirtithe teorainn a chur le saothrú na gceart a bhfuil tionchar ag prionsabal na tíre tionscnaimh orthu arna dhéanamh de réir dhlí an Aontais.

Maidir le riail na tíre tionscnaimh is infheidhme i leith imréiteach ceart i gcás sheirbhísí coimhdeacha ar líne na gcraoltóirí, ní dhéantar léi ach na gníomhartha cóipchirt ábhartha a logánú ar mhaithe leis na cearta a fheidhmiú (e.g. ceadúnas a fháil). Dá bhrí sin, níl tionchar ag an tír thionscnaimh ar logánú na ngníomhartha cóipchirt ábhartha i gcás nach bhfuil imréiteach déanta ar chearta (i.e. i gcás tarchur neamhúdaraithe).

Maidir leis na cearta atarchuir, níl feidhm leis an togra ach ar fheidhmiú na gceart atarchuir agus fágtar slán na cearta sin. Ina theannta sin, cuimsítear atarchur leis an togra a mhéid a bhaineann siad le cláir theilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit eile.

An rogha ionstraime

Bíonn rialachán infheidhme go díreach i mBallstáit agus, dá bhrí sin, áirithítear leis an ionstraim sin cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha ar fud an Aontais agus a dteacht i bhfeidhm ag an am céanna. Ar an ábhar sin, d’fhéadfaí deimhneacht dhlíthiúil iomlán a áirithiú do sholáthraithe seirbhíse ag feidhmiú i gcríocha éagsúla. Le hinfheidhmeacht dhíreach fhorálacha an togra seo, chuirfí cosc leis an ilroinnt dhlíthiúil agus sholáthrófaí sraith chomhchuibhithe rialacha chun soláthar trasteorann clár teilifíse agus raidió ar líne agus seirbhísí atarchuir a éascú.

3.TORTHAÍ MEASTÓIREACHTA EX-POST, COMHCHOMHAIRLE PHÁIRTÍ LEASMHARA AGUS MEASÚNACHTAÍ TIONCHAIR

Seiceálacha meastóireachtaí/ oiriúnachta ex-post na reachtaíochta reatha

Rinne an Coimisiún meastóireacht ar Threoir 93/83/CEE 6 agus go háirithe ar éifeachtacht agus ar ábharthacht phrionsabal na tíre tionscnaimh de réir mar a bhaineann sé le tarchur satailíte agus ar na rialacha maidir le comhbhainistíocht éigeantach le haghaidh atarchur cábla. Léiríodh sa mheastóireacht gur éascaíodh leis na sásraí sin imréiteach cóipchirt agus ceart gaolmhar le haghaidh tarchur satailíte trasteorann agus le haghaidh atarchur comhuaineach cábla de chraoltaí ó Bhallstáit eile. Tugadh le fios ann, áfach, nach bhfuil feidhm ag Treoir 93/83/CEE – de bharr chineál na bhforálacha ann a bhaineann go sonrach leis an teicneolaíocht – i leith na dteicneolaíochtaí digiteacha nua a úsáidtear le haghaidh tarchur agus atarchur clár teilifíse agus raidió atá tagtha chun cinn le roinnt blianta anuas.

Comhairliúcháin geallsealbhóirí

Rinneadh comhairliúchán poiblí maidir leis an athbhreithniú ar Threoir 93/83/CEE idir 24 Lúnasa agus 16 Samhain 2015. 7 Iarradh ar fhreagróirí aiseolas a thabhairt ar fheidhmiú na rialacha a bhaineann le himréiteach ceart i gcás craoltóirí satailíte agus oibreoirí cábla agus measúnú a dhéanamh ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann na rialacha sin a leathnú chun go gcuimseofaí leo tarchur ar líne agus atarchur ar bhealaí eile seachas ar chábla. Ina theannta sin, rinne an Coimisiún plé fairsing le páirtithe leasmhara (craoltóirí poiblí agus tráchtála, oibreoirí teileachumarsáide, sealbhóirí cirt agus eagraíochtaí comhbhainistíochta) in 2015-2016 chun saincheisteanna a bhaineann le tarchur ar líne agus le hatarchur clár teilifíse agus raidió a phlé.

Go ginearálta, tá tomhaltóirí i bhfabhar leathnú fairsing ar phrionsabal na tíre tionscnaimh chun gach seirbhís ar líne a chuimsiú, cé go measann cuid acu go bhféadfaí nach leor an sásra sin chun rochtain trasteorann a áirithiú. Éilíonn gach craoltóir seirbhíse poiblí mar aon leis na stáisiúin raidió tráchtála go gcuirfí prionsabal na tíre tionscnaimh i bhfeidhm ar sheirbhísí ar líne a bhaineann le craoltóireacht. I gcomparáid leis sin, léiríonn craoltóirí tráchtála, sealbhóirí cirt agus eagraíochtaí comhbhainistíochta amhras mór maidir le feidhmiú phrionsabal na tíre tionscnaimh a leathnú. Measann siad go gcuirfí srian ar a gcumas cearta a cheadúnú ar bhonn críochach le leathnú ar bith den sórt sin.

Tá tomhaltóirí, oibreoirí cábla agus teileachumarsáide, craoltóirí seirbhíse poiblí agus formhór mór na neagraíochtaí comhbhainistíochta i bhfabhar leathnú féideartha ar an gcomhbhainistíocht éigeantach chun go gcuimseofaí léi atarchur comhuaineach clár teilifíse agus raidió ar ardáin seachas cábla. Éilíonn go leor eagraíochtaí comhbhainistíochta agus craoltóirí seirbhíse poiblí mar aon le roinnt oibreoirí cábla agus teileachumarsáide gur cheart go mbeadh an leathnú teoranta do “thimpeallachtaí iata” a fheidhmíonn ar bhealach atá inchomparáide le cábla. Tá formhór na sealbhóirí cirt i gcoinne leathnú féideartha ar an gcóras comhbhainistíochta éigeantaí de bharr na héifeachta suaití féideartha ar na margaí. Bíonn claonadh ag craoltóirí tráchtála ina choinne sin freisin.

Leis na bearta a fhoráiltear sa togra seo, tugtar aird ar roinnt ábhar imní atá curtha in iúl ag páirtithe leasmhara, go háirithe maidir le raon feidhme an leathnaithe ar phrionsabal na tíre tionscnaimh (e.g. tá seirbhísí físeáin ar éileamh de chuid na gcraoltóirí lasmuigh den raon feidhme agus ní bhaineann an idirghabháil ach le himréiteach na gceart sin a bhfuil gá leo le haghaidh na seirbhísí coimhdeacha ar líne) agus ar shásra na comhbhainistíochta éigeantaí ar chearta (atá teoranta do líonraí iata).

Bailiú agus úsáid saineolais

Tá staidéir dhlíthiúla 8 agus eacnamaíocha 9 déanta ar fheidhmiú dhlíthe cóipchirt an Aontais ar an timpeallacht dhigiteach (go háirithe maidir le tarchur agus le hatarchur ar líne i líonraí digiteacha). Ina theannta sin, rinneadh staidéar in 2015/2016 chun tacú leis an meastóireacht ar an Treoir maidir le craoltóireacht satailíte agus atarchur cábla agus leis an measúnú ar a leathnú féideartha. 10  

Measúnú tionchair

Rinneadh measúnú tionchair maidir leis an togra seo 11 . An 22 Iúil 2016, thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach uaidh ar an tuiscint go gcuirfear feabhas breise ar an measúnú tionchair. 12 Tugtar aird sa Mheasúnú Tionchair deiridh ar na barúlacha a bhí sa tuairim sin.

Féachtar sa mheasúnú tionchair ar an dá shraith roghanna beartais, arb é is aidhm leo imréiteach ceart a éascú (i) le haghaidh tarchur ar líne de chláir theilifíse agus raidió; agus (ii) le haghaidh atarchur digiteach de chláir theilifíse agus raidió.

Maidir le tarchur ar líne clár teilifíse agus raidió, rinneadh iniúchadh ar thrí rogha beartais sa bhreis ar an rogha bonnlíne. Maidir le rogha neamhreachtach (Rogha 1) arbh é a bhí i gceist léi comhaontuithe deonacha a chur chun cinn d’fhonn imréiteach ceart a éascú le haghaidh seirbhísí ar líne de chuid craoltóirí áirithe, níor coinníodh í mar ba thoradh éiginnte a bheadh uirthi, ag brath ar thoilteanas na bpáirtithe leasmhara cearta a cheadúnú, agus ní áiritheofaí léi córas ceadúnaithe aonchineálach. Rinneadh iniúchadh ar fheidhmiú phrionsabal na tíre tionscnaimh i leith atarchur ar líne trí dhá rogha reachtacha: faoi Rogha 2, bhí raon feidhme an churtha i bhfeidhm teoranta do sheirbhísí ar líne na gcraoltóirí atá coimhdeach leis na craoltaí tosaigh (go háirithe seirbhísí comhchraolta agus teilifíse athdheise); faoi Rogha 3, leathnaíodh an cur i bhfeidhm chun tarchur nach mbaineann le craoladh (seirbhísí craolta gréasáin) a chuimsiú. Faoi Rogha 2, laghdófaí go mór na costais idirbhirt a bhíonn ar chraoltóirí atá toilteanach tarchur a chur ar fáil ar líne agus thar theorainneacha. Leathnófaí na tairbhí sin i bprionsabal chun craoltóirí gréasáin a chuimsiú faoi Rogha 3; mar sin féin, nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil an margadh craolta gréasáin ag céim forbartha i gcónaí agus go bhféadfadh oibreoirí ar líne a mbunú san Aontas a athlonnú go héasca, chruthófaí leis freisin éiginnteacht dhlíthiúil do shealbhóirí cirt agus d’fhéadfaí an leibhéal cosanta a laghdú mar thoradh uirthi. Diúltaíodh do Rogha 3 dá bhrí sin. Measadh gurbh iomchuí prionsabal na tíre tionscnaimh a chur i bhfeidhm ar sheirbhísí áirithe sainaitheanta ar líne de chuid na gcraoltóirí (Rogha 2), agus ar na seirbhísí sin amháin. Trí na costais idirbhirt a bhaineann le tarchur trasteorann a laghdú, soláthrófar deiseanna nua do chraoltóirí faoin rogha seo chun a seirbhísí ar líne a thairiscint thar theorainneacha, go háirithe i gcás ábhair nach bhfuil ag brath ar eisiachas críochach. Leis an rogha seo, ní chuirtear srian ar fhéidearthacht na sealbhóirí cirt agus na gcraoltóirí leanúint de chearta a cheadúnú ar bhonn críochach, faoi réir riachtanais an Aontais agus an dlí náisiúnta.

Maidir le hatarchur digiteach clár teilifíse agus raidió, féachadh ar dhá rogha beartais sa bhreis ar an rogha bonnlíne. Faoi Rogha 1, bhí raon feidhme an churtha i bhfeidhm de chomhbhainistíocht éigeantach ar chearta teoranta do sheirbhísí atarchuir IPTV agus do sheirbhísí atarchuir eile arna soláthar thar líonraí cumarsáide leictreonaí “iata”, agus faoi Rogha 2 chuimseofaí leis seirbhísí atarchuir iomarcacha freisin, fad is a sholáthraítear iad do líon sainithe úsáideoirí. Cé gur faoi Rogha 2 a chuirfí ar chumas réimse níos leithne seirbhísí atarchuir tairbhe a bhaint as costais idirbhirt laghdaithe don imréiteach ceart, bheadh an baol ann freisin go mbainfí an bonn de chearta eisiacha ar líne agus de straitéisí dáileacháin na sealbhóirí cirt, as a dtiocfadh laghdú ar an ioncam ón gceadúnú. Ní raibh baol den sórt sin i gceist le Rogha 1, mar bíonn formhór na seirbhísí atarchuir arna soláthar thar líonraí cumarsáide leictreonaí “iata” ag brath ar an mbonneagar atá bunaithe i gcríoch ar leith cheana féin. Rogha 1 a roghnaíodh mar an rogha tosaíochta. Meastar go gcuirfear leis an rogha atá ag tomhaltóirí i dtéarmaí seirbhísí atarchuir craoltaí teilifíse agus raidió ó Bhallstáit mar thoradh uirthi.

Meastar go dtiocfaidh torthaí dearfacha chun cinn i dtéarmaí tairbhí in aghaidh costas mar thoradh ar an togra. Ba cheart go dtiocfadh laghdú ar na costais idirbhirt a bhaineann le himréiteach ceart, rud a chothóidh rogha níos fearr do thomhaltóirí gan éifeachtaí suaiteacha ar shealbhóirí cirt. Ina theannta sin, d’fhéadfaí deiseanna ceadúnúcháin nua do shealbhóirí cirt agus ioncam breise ón gceadúnú a ghiniúint leis an togra.

Oiriúnacht Rialála agus simpliú

Laghdófar na costais idirbhirt ar chraoltóirí teilifíse agus raidió mar aon le soláthraithe seirbhísí atarchuir mar thoradh ar an togra agus, ar an ábhar sin, rud dearfach a bheadh ann do FBManna sa réimse seo. Meastar freisin go rachaidh sé chun tairbhe sealbhóirí cirt, go háirithe sealbhóirí cirt aonair, micreachuideachtaí agus FBManna nach bhfuil d’acmhainneacht acu idirbhearta ceadúnúcháin ar leith a bhainistiú le líon ard soláthraithe seirbhísí i gcríocha éagsúla. Dá bhrí sin, níor measadh go bhfuil gá le micreachuideachtaí a dhíolmhú ná le bearta maolaithe i bhfabhar FBManna.

Rinneadh iniúchadh grinn ar fhorbairtí teicneolaíocha nua agus tugadh aird orthu sa togra seo, ina ndírítear ar tharchur ar líne agus ar atarchur digiteach de chláir theilifíse agus raidió. Eisíodh cineálacha áirithe seirbhísí tarchuir agus atarchuir ar líne ó raon feidhme an togra seo, ar bhonn na héiginnteachta a bhaineann le forbairtí margaidh leanúnacha agus le cineál nuaghinte seirbhísí áirithe go príomha.

Cearta bunúsacha

Trí na córais cheadúnúcháin atá infheidhmithe ar chineálacha áirithe tarchuir thrasteorann ar líne agus atarchuir thar líonraí iata a chur ar bun, beidh tionchar teoranta ag an togra ar an gcóipcheart mar cheart maoine agus ar an tsaoirse chun gnó a dhéanamh, atá cosanta faoi Airteagal 17 agus Airteagal 16 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ag an am céanna, beidh tionchar tairbhiúil ag an togra ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, arna cosaint faoi Airteagal 11 den Chairt, mar méadófar leis an togra soláthar agus fáil trasteorann de chláir theilifíse agus raidió atá de thionscnamh Ballstáit eile.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon tionchar ag an togra ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna feidhmiú agus monatóireacht, meastóireacht agus socruithe tuairiscithe

Ba cheart sonraí a bhailiú den chéad uair nuair a thiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm chun an bhonnlíne do mheastóireachtaí amach anseo a dhearbhú. Dhíreofaí sa phróiseas faireacháin ansin ar an dul chun cinn arna dhéanamh maidir le fáil trasteorann clár teilifíse agus raidió, agus bhaileofaí sonraí gach dhá bhliain nó gach trí bliana.

De bhun Airteagal 6 den togra, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán agus tíolacfaidh sé tuarascáil ar na príomhthátail chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa. Áireofar leis an tuarascáil sin measúnú ar éifeachtaí an Rialacháin ar fháil trasteorann seirbhísí coimhdeacha ar líne. Déanfar an tathbhreithniú de réir Threoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr.

Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Sainmhínítear in Airteagal 1 na seirbhísí atá cuimsithe faoi na bearta (go háirithe “seirbhísí coimhdeacha ar líne” agus seirbhísí “atarchuir”). Cuirfear na sainmhínithe sin chun feidhme go haonfhoirmeach san Aontas.

Bunaítear le hAirteagal 2 gur sa Bhallstát ina bhfuil an eagraíocht craoltóireachta bunaithe, agus sa Bhallstát sin amháin, a tharlaíonn na gníomhartha cóipchirt atá ábhartha maidir le seirbhís choimhdeach ar líne a sholáthar. Bheadh an coincheap um “príomháit ghnó” eagraíochta craoltóireachta ag teacht le dlí an Aontais.

Rialaítear le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4 feidhmiú an chirt atarchuir atá cuimsithe faoin togra. Leagtar síos iontu rialacha atá cosúil leo siúd atá leagtha síos in Airteagal 9 agus in Airteagal 10 de Threoir 93/83/CE maidir le hatarchur ar chábla. Fágtar rogha áirithe ag na Ballstáit in Airteagal 3 amhail i gcás atarchur ar chábla faoi Threoir 93/83/CE. Áirítear le hAirteagal 3 agus Airteagal 4 forálacha maidir le comhbhainistíocht éigeantach cóipchirt agus ceart gaolmhar atá ábhartha le haghaidh atarchuir, maidir le toimhdí dlíthiúla ionadaíochta ag eagraíochtaí comhbhainistíochta agus maidir le feidhmiú an chirt atarchuir ar chábla ag eagraíochtaí craoltóireachta.

Airteagal 5 – Forálacha idirthréimhseacha.

Foráiltear in Airteagal 6 go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán agus tíolacfaidh sé tuarascáil ar na príomhthátail. Ceanglaítear leis ar na Ballstáit an fhaisnéis a thabhairt don Choimisiún atá riachtanach chun an tuarascáil sin a ullmhú.

Leagtar amach in Airteagal 7 na forálacha críochnaitheacha, mar atá dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin agus an dáta óna mbeidh feidhm leis an Rialachán.

2016/0284 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar is infheidhme maidir le cineálacha áirithe tarchuir ar líne de chuid eagraíochtaí craoltóireachta agus maidir le hatarchur clár teilifíse agus raidió

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 13 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 14 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)D'fhonn rannchuidiú le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, is gá foráil a dhéanamh maidir le scaipeadh níos leithne clár teilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit eile chun leasa úsáideoirí ar fud an Aontais trí cheadúnú cóipchirt agus ceart gaolmhar a éascú i saothair agus in ábhar cosanta eile atá i gcraoltaí clár den sórt sin. Go deimhin, is meáin thábhachtacha iad cláir theilifíse agus raidió chun an éagsúlacht chultúrtha agus teanga, comhtháthú sóisialta, agus rochtain ar fhaisnéis a chur chun cinn.

(2)Le forbairt teicneolaíochtaí digiteacha agus an idirlín, tá athrú ó bhonn tagtha ar dháileadh clár teilifíse agus raidió agus ar rochtain orthu. Tá méadú ag teacht ar an méid a mbíonn úsáideoirí ag súil go mbeidh rochtain bheo agus ar éileamh acu ar chláir theilifíse agus raidió, trí na cainéil thraidisiúnta amhail satailít nó cábla agus trí sheirbhísí ar líne freisin. Dá bhrí sin, anuas ar a gcraoltaí féin de chláir theilifíse agus raidió, tá níos mó seirbhísí ar líne atá coimhdeach lena gcraoladh, amhail seirbhísí comhchraolta agus seirbhísí teilifíse athdheise, á dtairiscint ag eagraíochtaí craoltóireachta. Maidir le hoibreoirí seirbhísí atarchuir, a bhailíonn craoltaí de chláir theilifíse agus raidió le chéile ina bpacáistí agus a sholáthraíonn iad d’úsáideoirí go comhuaineach le tarchur tosaigh an chraolta, neamhathraithe agus neamhghiorraithe, baineann siad leas as teicnící éagsúla atarchuir amhail cábla, satailít, córas trastíre digiteach, líonraí ciorcaid iata IP-bhunaithe nó líonraí móibíleacha mar aon leis an idirlíon oscailte. Tá éileamh níos mó i measc úsáideoirí ar rochtain ar chraoltaí clár teilifíse agus raidió de thionscnamh a mBallstáit féin agus de thionscnamh Bhallstáit eile an Aontais freisin, lena náirítear i measc daoine a bhaineann le mionlaigh teanga san Aontas mar aon le daoine a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach é a mBallstát tionscnaimh é.

(3)Tá roinnt bacainní ar sholáthar seirbhísí ar líne atá coimhdeach le craoltaí agus ar sholáthar seirbhísí atarchuir agus, dá réir sin, ar shaorchúrsaíocht clár teilifíse agus raidió laistigh den Aontas. Déanann eagraíochtaí craoltóireachta líon mór de chláir nuachta, chultúir, pholaitíochta, faisnéise nó shiamsaíochta a tharchur ar bhonn laethúil. Cuimsítear sna cláir sin ábhar éagsúil amhail saothair chlosamhairc, cheoil, liteartha nó ghrafacha atá faoi chosaint ag cóipcheart agus/nó ag cearta gaolmhara faoi dhlí an Aontais. Mar thoradh air sin, tá próiseas casta i bhfeidhm chun cearta a imréiteach ón iliomad sealbhóirí cirt agus le haghaidh catagóirí éagsúla saothar agus ábhar cosanta eile. Go minic, is gá na cearta a imréiteach in achar ama gearr, go háirithe agus cláir amhail cláir nuachta nó cúrsaí reatha á nullmhú. Lena gcuid seirbhísí ar líne a chur ar fáil thar theorainneacha, teastaíonn na cearta riachtanacha i leith saothar agus ábhar cosanta eile do na críocha ábhartha ar fad ó eagraíochtaí craoltóireachta, rud a chuireann le castacht an imréitigh ceart.

(4)Maidir le hoibreoirí seirbhísí atarchuir, lena ndéantar roinnt clár a thairiscint go hiondúil ina núsáidtear an iliomad saothar agus ábhar cosanta eile atá cuimsithe sna cláir theilifíse agus raidió atarchurtha, bíonn tréimhse ama anghearr acu chun na ceadúnais riachtanacha a fháil agus, ar an ábhar sin, bíonn ualach mór orthu freisin i leith imréiteach na gceart. Tá an baol ann freisin do shealbhóirí cirt go mbainfear úsáid as a saothair agus as ábhar cosanta eile gan údarú nó gan luach saothair a íoc leo.

(5)Tá na cearta maidir le saothair agus le hábhar cosanta eile comhchuibhithe le Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 agus i dTreoir 2006/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 16 , i measc nithe eile.

(6)Éascaítear le Treoir 93/83/CEE 17 ón gComhairle craoltóireacht satailíte agus atarchur ar chábla trasteorann de chláir theilifíse agus raidió ó Bhallstáit eile an Aontais. Mar sin féin, tá forálacha na Treorach sin maidir le hatarchur eagraíochtaí craoltóireachta teoranta do tharchur satailíte agus, dá bhrí sin, ní bhaineann siad le seirbhísí ar líne atá coimhdeach leis an gcraoladh, agus tá na forálacha a bhaineann le hatarchur clár teilifíse agus raidió ó Bhallstáit eile teoranta d’atarchur comhuaineach, neamhathraithe agus neamhghiorraithe ar chábla nó ar chórais mhicreathonnacha agus níl feidhm acu maidir le hatarchur den sórt sin trí mheán teicneolaíochtaí eile.

(7)Dá bhrí sin, ba cheart soláthar trasteorann seirbhísí ar líne atá coimhdeach le craoltaí agus atarchur clár teilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit eile a éascú tríd an gcreat dlíthiúil maidir le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar atá ábhartha do na gníomhaíochtaí sin a oiriúnú.

(8)Is iad na seirbhísí coimhdeacha ar líne atá cuimsithe ag an Rialachán seo na seirbhísí sin arna dtairiscint ag eagraíochtaí craoltóireachta a bhfuil gaol soiléir fo-ordaithe acu leis an gcraoladh. Áirítear leo seirbhísí lena dtugtar rochtain ar chláir theilifíse agus raidió ar bhealach líneach go comhuaineach leis an gcraoladh agus seirbhísí lena soláthraítear rochtain, laistigh de thréimhse ama shainithe tar éis an chraolta, ar chláir theilifíse agus raidió ar chraol an eagraíocht craoltóireachta iad roimhe sin (ar a dtugtar seirbhísí teilifíse athdheise). Ina theannta sin, áirítear le seirbhísí coimhdeacha ar líne seirbhísí lena soláthraítear rochtain ar ábhar trína saibhrítear cláir theilifíse nó raidió arna gcraoladh ag an eagraíocht craoltóireachta nó trína gcuirtear leo ar bhealach eile, lena náirítear trí réamh-léirmheas a dhéanamh ar ábhair an chláir ábhartha, trína leathnú, trí chur leis nó trí léirmheas a dhéanamh air. Níor cheart féachaint mar sheirbhís choimhdeach ar líne ar rochtain a sholáthar ar shaothair aonair nó ar ábhar cosanta eile atá cuimsithe i gclár teilifíse nó raidió. Ar an gcaoi chéanna, rochtain a chur ar fáil ar shaothar agus ábhar cosanta eile, amhail seirbhísí lena gcuirtear rochtain ar fáil ar shaothair cheoil nó closamhairc, albaim cheoil nó físeáin ar leith gan beann ar a gcraoladh, ní thagann sin faoin sainmhíniú ar sheirbhís choimhdeach ar líne.

(9)D’fhonn imréiteach ceart a éascú le haghaidh soláthar seirbhísí coimhdeacha ar líne thar theorainneacha, is gá foráil a dhéanamh chun prionsabal na tíre tionscnaimh a bhunú maidir le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar ábhartha le haghaidh gníomhartha a thagann chun cinn le linn soláthar seirbhíse coimhdí ar líne, le linn na rochtana uirthi nó le linn a húsáidte. Ba cheart go mbeadh feidhm ag prionsabal na tíre tionscnaimh sin go heisiach leis an ngaol idir sealbhóirí cirt (nó eintitis a dhéanann ionadaíocht thar ceann sealbhóirí cirt amhail eagraíochtaí comhbhainistíochta) agus eagraíochtaí craoltóireachta agus chun críche soláthar seirbhíse coimhdí ar líne, na rochtana uirthi nó a húsáidte, agus chun na críche sin amháin. Níor cheart go mbeadh feidhm ag prionsabal na tíre tionscnaimh le haon chumarsáid leis an bpobal ina dhiaidh sin ná le hatáirgeadh ábhar atá faoi chosaint ag cóipcheart nó cearta gaolmhara agus atá cuimsithe sa tseirbhís choimhdeach ar líne.

(10)Ós rud é go measfar gur sa Bhallstát ina bhfuil a príomháit ghnó ag an eagraíocht craoltóireachta, agus sa Bhallstát sin amháin, a tharlóidh an soláthar seirbhíse coimhdí ar líne, an rochtain uirthi nó a húsáid, agus gur féidir an tseirbhís choimhdeach ar líne a chur ar fáil de facto thar theorainneacha do Bhallstáit eile, is gá a áirithiú, agus méid na híocaíochta a dhéanfar i leith na gceart i dtrácht á chinneadh acu, gur cheart do na comhpháirtithe aird a thabhairt ar gach gné den tseirbhís choimhdeach ar líne amhail gnéithe na seirbhíse, an lucht féachana nó éisteachta, lena náirítear an lucht féachana nó éisteachta sa Bhallstát ina bhfuil a príomháit ghnó ag an eagraíocht craoltóireachta agus i mBallstáit eile ina ndéantar rochtain ar an tseirbhís choimhdeach ar líne agus ina núsáidtear í, agus an leagan teanga.

(11)De bharr phrionsabal na saoirse conarthaí, féadfar leanúint de theorainn a chur le saothrú na gceart a bhfuil tionchar ag prionsabal na tíre tionscnaimh atá leagtha síos sa Rialachán seo orthu, go háirithe a mhéad a bhaineann le meáin theicniúla tarchuir áirithe nó leaganacha teanga áirithe, ar choinníoll go mbeidh aon teorainn den sórt sin le saothrú na gceart sin i gcomhréir le dlí an Aontais.

(12)Maidir le hoibreoirí seirbhísí tarchuir arna soláthar ar líonraí satailíte, trastíre digiteacha, ciorcaid iata IP-bhunaithe, móibíleacha, agus líonraí cosúla, soláthraíonn siad seirbhísí atá coibhéiseach leo siúd arna soláthar ag oibreoirí atarchuir ar chábla nuair a dhéanann siad atarchur comhuaineach, ar bhealach neamhathraithe agus neamhghiorraithe, lena fháil ag an bpobal, ar tharchur tosaigh ó Bhallstát eile de chláir theilifíse nó raidió, i gcás ina ndéantar an tarchur tosaigh sin le sreanga nó thar an aer, lena náirítear ar shatailít ach gan tarchur ar líne a chuimsiú, agus atá beartaithe lena fháil ag an bpobal. Ba cheart iad a bheith laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo agus ba cheart an sásra lena dtugtar isteach an chomhbhainistíocht éigeantach ar chearta a dhul chun tairbhe dóibh. Ba cheart seirbhísí atarchuir arna soláthar ar an idirlíon oscailte a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo ós rud é go bhfuil saintréithe éagsúla ag na seirbhísí sin. Níl siad nasctha le haon bhonneagar ar leith agus tá an cumas atá acu timpeallacht rialaithe a áirithiú teoranta i gcomparáid le seirbhísí ar chábla, mar shampla, nó le líonraí ciorcaid iata IP-bhunaithe.

(13)D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar d’oibreoirí seirbhísí atarchuir arna soláthar ar líonraí satailíte, trastíre digiteacha, ciorcaid iata IP-bhunaithe, móibíleacha, nó líonraí cosúla, agus d’fhonn éagothromaíochtaí sa dlí náisiúnta maidir le seirbhísí atarchuir den sórt sin a shárú, ba cheart rialacha atá cosúil leo siúd a bhfuil feidhm acu i leith atarchur ar chábla mar atá sainmhínithe i dTreoir 93/83/CEE a chur i bhfeidhm. An oibleagáid atá ann an ceart a fheidhmiú údarú a dheonú nó a dhiúltú d’oibreoir seirbhíse atarchuir trí eagraíocht comhbhainistíochta, áirítear an oibleagáid sin leis na rialacha a bhunaítear leis an Treoir sin . Beidh an méid sin gan dochar do Threoir 2014/26/AE 18  agus go háirithe do na forálacha ann a bhaineann le cearta sealbhóirí cirt maidir le heagraíocht comhbhainistíochta a roghnú.

(14)Aon chearta atá ag na heagraíochtaí craoltóireachta féin i leith a gcraoltaí, lena náirítear cearta maidir le hábhar na gclár, ba cheart iad a dhíolmhú ón gcomhbhainistíocht éigeantach ar chearta atá ábhartha d’atarchur. Go hiondúil eol d'oibreoirí seirbhísí atarchuir cé hiad na heagraíochtaí craoltóireachta agus bíonn caidreamh tráchtála leanúnach idir iad agus na heagraíochtaí craoltóireachta agus dá bharr sin ní próiseas ródheacair é cearta a imréiteach le heagraíochtaí craoltóireachta. Ar an gcaoi sin, ní bhíonn an tualach riaracháin céanna ar oibreoirí seirbhísí atarchuir agus iad ag fáil na gceadúnas cuí ó eagraíochtaí craoltóireachta agus a bhíonn orthu agus iad ag fáil ceadúnais ó shealbhóirí cirt i saothair agus in ábhar cosanta eile atá cuimsithe sna cláir theilifíse agus raidió atarchurtha. Dá bhrí sin, ní gá an próiseas ceadúnúcháin a shimpliú maidir leis na cearta atá ag na heagraíochtaí craoltóireachta.

(15)D’fhonn cosc a chur ar shárú chur i bhfeidhm phrionsabal na tíre tionscnaimh trí bhíthin síneadh ama a chur le fad tréimhse na gcomhaontuithe reatha a bhaineann le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar atá ábhartha do soláthar seirbhíse coimhdí ar líne agus le rochtain ar sheirbhís choimhdeach ar líne nó lena húsáid, is gá prionsabal na tíre tionscnaimh a chur i bhfeidhm freisin ar chomhaontuithe reatha ach idirthréimhse a bheith i bhfeidhm.

(16)Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Cé go bhféadfaí cur isteach ar fheidhmiú chearta na sealbhóirí cirt sa mhéid go bhfuil gá le comhbhainistíocht éigeantach le haghaidh fheidhmiú an chirt cur in iúl don phobal maidir le seirbhísí atarchuir, is gá coinníoll den sórt sin a leagan síos ar bhealach spriocdhírithe le haghaidh seirbhísí sonracha agus chun go bhféadfaí cláir theilifíse agus raidió a scaipeadh níos forleithne thar theorainneacha trí imréiteach na gceart sin a éascú.

(17)D’fhonn an cuspóir a bhaint amach maidir le soláthar trasteorann seirbhísí coimhdeacha ar líne a chur chun cinn agus le hatarchur clár teilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit eile a éascú, is iomchuí Rialachán a ghlacadh, a mbeidh feidhm dhíreach aige sna Ballstáit. Tá gá le Rialachán chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha ar fud na mBallstát agus a dteacht i bhfeidhm ag an am céanna maidir le gach tarchur agus atarchur lena mbaineann a áirithiú. De bharr infheidhmeacht dhíreach Rialacháin, laghdaítear an ilroinnt dhlíthiúil agus soláthraítear aonfhoirmeacht níos mó trí shraith chomhchuibhithe rialacha a thabhairt isteach lena gcuirtear chun cinn saorchúrsaíocht clár teilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit eile.

(18)Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán tar éis don Rialachán a bheith i bhfeidhm ar feadh tréimhse ama chun measúnú a dhéanamh, i measc nithe eile, ar cé mar a tháinig méadú ar sholáthar trasteorann seirbhísí coimhdeacha ar líne chun tairbhe tomhaltóirí Eorpacha agus, dá réir sin, chun tairbhe éagsúlacht chultúrtha níos fearr san Aontas freisin.

(19)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon soláthar seirbhísí coimhdeacha trasteorann ar líne a chur chun cinn, agus le hatarchur clár teilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit eile a éascú, a bhaint amach go leordhóthanach, agus gur fearr, dá bhrí sin, mar gheall ar a bhfairsinge agus a néifeachtaí, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóir a ghnóthú. Maidir leis an soláthar trasteorann de sheirbhísí coimhdeacha ar líne, bunaítear leis an Rialachán seo sásraí cumasúcháin chun imréiteach cóipchirt agus ceart gaolmhar a éascú. Ní cheanglaítear leis an Rialachán seo ar eagraíochtaí craoltóireachta seirbhísí den sórt sin a sholáthar thar theorainneacha. Ní cheanglaítear ach an oiread leis an Rialachán seo ar oibreoirí seirbhísí atarchuir cláir theilifíse nó raidió de thionscnamh Ballstáit eile a áireamh ina gcuid seirbhísí. Ní bhaineann an Rialachán seo ach le feidhmiú ceart atarchuir áirithe a mhéid is gá chun ceadúnú cóipchirt agus ceart gaolmhar a shimpliú le haghaidh seirbhísí den sórt sin agus maidir le cláir theilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit eile den Aontas agus maidir leo sin amháin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn “seirbhís choimhdeach ar líne” seirbhís ar líne arb é atá ann cláir theilifíse nó raidió a sholáthar don phobal, ag eagraíocht craoltóireachta nó faoina rialú agus faoina freagracht, go comhuaineach lena gcraoladh ag an eagraíocht craoltóireachta nó ar feadh tréimhse shainithe ama tar a éis sin mar aon le haon ábhar arna tháirgeadh ag an eagraíocht craoltóireachta nó lena haghaidh atá coimhdeach leis an gcraoladh sin;

(b)ciallaíonn “atarchur” aon atarchur comhuaineach, neamhathraithe agus neamhghiorraithe, seachas atarchur ar chábla mar atá sainmhínithe i dTreoir 93/83/CEE agus seachas atarchur arna sholáthar thar sheirbhís rochtana idirlín mar atá sainmhínithe i Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 , atá beartaithe lena fháil ag an bpobal de tharchur tosaigh ó Bhallstát eile, le sreanga nó thar an aer, lena náirítear ar shatailít ach gan tarchur ar líne a chuimsiú, de chláir theilifíse nó raidió atá beartaithe lena bhfáil ag an bpobal, ar choinníoll gur páirtí seachas an eagraíocht craoltóireachta a rinne an tarchur tosaigh nó ar faoina rialú agus faoina freagracht a rinneadh an tarchur tosaigh a dhéanann an tatarchur sin.

Airteagal 2
Cur i bhfeidhm phrionsabal na ‘tíre tionscnaimh’ i leith seirbhísí coimhdeacha ar líne

(1)Maidir leis na gníomhartha cur in iúl don phobal agus cur ar fáil agus seirbhís choimhdeach ar líne á soláthar ag eagraíocht craoltóireachta nó faoina rialú agus faoina freagracht mar aon leis na gníomhartha atáirgthe atá riachtanach le haghaidh soláthar seirbhíse coimhdí ar líne, rochtana uirthi nó a húsáidte, measfar, chun críocha cóipcheart agus cearta gaolmhara atá ábhartha do na gníomhartha sin a fheidhmiú, gur sa Bhallstát ina bhfuil a príomháit ghnó ag an eagraíocht craoltóireachta, agus sa Bhallstát sin amháin, a tharlóidh siad.

(2)Agus méid na híocaíochta a bheidh le déanamh i leith na gceart atá faoi réir phrionsabal na tíre tionscnaimh mar atá leagtha amach i mír 1 á chinneadh, tabharfaidh na páirtithe aird ar gach gné den tseirbhís choimhdeach ar líne amhail gnéithe na seirbhíse coimhdí ar líne, an lucht féachana nó éisteachta, agus an leagan teanga.

Airteagal 3
Feidhmiú na gceart maidir le hatarchur ag sealbhóirí cirt nach eagraíochtaí craoltóireachta iad

(1)Ní fhéadfaidh sealbhóirí cóipchirt agus ceart gaolmhar nach eagraíochtaí craoltóireachta iad a gcearta a fheidhmiú chun údarú i leith atarchuir a dheonú nó a dhiúltú ach trí eagraíocht comhbhainistíochta.

(2)I gcás nach bhfuil bainistíocht an chirt dá dtagraítear i mír 1 aistrithe ag sealbhóir cirt chuig eagraíocht comhbhainistíochta, measfar go mbeidh sainordú chun an ceart a bhainistiú thar ceann an tsealbhóra cirt sin ag an eagraíocht comhbhainistíochta a bhainistíonn cearta den chatagóir céanna i gcríoch an Bhallstáit dá bhfuil oibreoir na seirbhíse atarchuir ag iarraidh na cearta a imréiteach le haghaidh atarchuir.

(3)I gcás ina bhfuil cearta sa chatagóir sin á mbainistiú ag níos mó ná aon eagraíocht comhbhainistíochta amháin do chríoch an Bhallstáit sin, beidh an sealbhóir cirt saor le roghnú cé acu de na heagraíochtaí comhbhainistíochta sin a measfar sainordú a bheith aici a cheart a bhainistiú. Más rud é, i gcás den sórt sin, nach roghnaíonn an sealbhóir cirt an eagraíocht comhbhainistíochta, is faoin mBallstát, ar dá chríoch a bhfuil oibreoir na seirbhíse atarchuir ag iarraidh cearta a imréiteach le haghaidh atarchuir, atá sé a léiriú cé acu de na heagraíochtaí comhbhainistíochta a measfar sainordú a bheith aici ceart an tsealbhóra cirt sin a bhainistiú.

(4)Beidh ag sealbhóir cirt na cearta agus na hoibleagáidí céanna a eascraíonn as an gcomhaontú idir oibreoir na seirbhíse atarchuir agus an eagraíocht comhbhainistíochta a measfar sainordú a bheith aici a cheart a bhainistiú agus a bheidh ag na sealbhóirí cirt a thug sainordú don eagraíocht comhbhainistíochta sin agus beidh ar a chumas na cearta sin a éileamh laistigh de thréimhse, a bheidh le Cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann, nach mbeidh níos lú ná trí bliana ó dháta an atarchuir ina gcuimsítear a shaothar nó ábhar cosanta eile.

(5)Féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh, i gcás ina núdaraíonn sealbhóir cirt an tarchur tosaigh de shaothar nó d’ábhar cosanta eile laistigh dá chríoch, go measfar gur thoiligh an sealbhóir cirt gan a chearta maidir le hatarchur a fheidhmiú ar bhonn aonair ach iad a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 4
Feidhmiú na gceart maidir le hatarchur ag eagraíochtaí craoltóireachta

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 maidir leis na cearta arna bhfeidhmiú ag eagraíocht craoltóireachta i ndáil lena tarchur féin, is cuma cé acu ar léi na cearta lena mbaineann nó ar aistríodh chuici iad ag sealbhóirí eile cóipchirt nó ag sealbhóirí ceart gaolmhar.

Airteagal 5
Foráil idirthréimhseach

Maidir le comhaontuithe a bhaineann le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar atá ábhartha do na gníomhartha cur in iúl don phobal agus do na gníomhartha cur ar fáil le linn soláthar seirbhíse coimhdí ar líne agus do na gníomhartha atáirgthe atá riachtanach le haghaidh soláthar seirbhíse coimhdí ar líne, rochtana uirthi nó a húsáidte, atá i bhfeidhm an [dáta atá luaite in Airteagal 7(2), le cur isteach ag Oifig na bhFoilseachán], beidh siad faoi réir Airteagal 2 ón [dáta atá luaite in Airteagal 7(2) + 2 bliana, le cur isteach ag Oifig na bhFoilseachán] má théann siad in éag tar éis an dáta sin.

Airteagal 6
Athbhreithniú

(1)Tráth nach déanaí ná [3 bliana tar éis an dáta atá luaite in Airteagal 7(2), le cur isteach ag Oifig na bhFoilseachán], déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo agus tíolacfaidh sé tuarascáil ar na príomhthátail chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa.

(2)Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis don Choimisiún atá riachtanach chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú.

Airteagal 7
Forálacha Críochnaitheacha

(1)    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(2)    Beidh feidhm aige amhail ón [6 mhí tar éis lá a fhoilsithe, le cur isteach ag Oifig na bhFoilseachán].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) Foinse: Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Eurostat, 'suirbhé Comhphobail ar úsáid TFC i dteaghlaigh agus ag daoine aonair', 2014.
(2) Tá coincheap na teilifíse athdheise, lena gcuirtear ar chumas tomhaltóirí amharc ar chláir nuair a oireann sé dóibh féin, bunaithe go hiondúil ar imréiteach ceart le haghaidh na gclár laistigh de thréimhse theoranta, idir 7 agus 30 lá tar éis an tarchuir de ghnáth.
(3) COM(2015) 192 final.
(4) COM(2015) 627 final.
(5) IO L 95, 15.4.2010, lch. 1-24.
(6) Féach Meastóireacht ex-post (REFIT) ar an Treoir maidir le craoltóireacht satailíte agus atarchur cábla (93/83/EEC)
(7) Féach Synopsis Report on the Responses to the Public Consultation on the Review of the Satellite and Cable Directive  https://ec.europa.eu/digital-single-market/en/news/full-reportpublic-consultation-review-eu-satellite-and-cable-directive
(8) Study on the application of Directive 2001/29/EC on copyright and related rights in the information society (féach go háirithe an chuid maidir "le hábhar cóipcheartchosanta a atarchur ar líonraí digiteacha"): http://ec.europa.eu/internal_market/copyright/studies/index_en.htm ; Study on the making available right and its relationship with the reproduction right in cross-border digital transmissions:  http://ec.europa.eu/internal_market/copyright/docs/studies/141219-study_en.pdf
(9) Economic Analysis of the Territoriality of the Making Available Right in the EU: http://ec.europa.eu/internal_market/copyright/docs/studies/1403_study1_en.pdf
(10) Survey and data gathering to support the evaluation of the Satellite and Cable Directive 93/83/EEC and assessment of its possible extension, 2016 [Cuir isteach an tagairt nuair a fhoilseofar é].
(11) Cuir isteach nasc leis an Measúnú Tionchair agus leis an Achoimre Feidhmiúcháin
(12) Cuir isteach nasc le tuairim an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála
(13) IO C , , lch. .
(14) IO C , , lch. .
(15) Treoir 2001/29/CE ón bParlaimint agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise, IO L 167, 22.6.2001 lch. 10–19.
(16) Treoir 2006/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an gceart cíosa agus an gceart iasachta agus maidir le cearta áirithe a bhaineann le cóipcheart i réimse na maoine intleachtúla IO L 376, 27.12.2006, lch. 28–35.
(17) Treoir 93/83/CEE ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 1993 maidir le comhordú rialacha áirithe a bhaineann le cóipcheart agus cearta i dtaca le cóipcheart is infheidhme maidir le craoladh satailíte agus atarchur ar chábla, IO L 248, 6.10.1993, lgh. 15–21.
(18) Treoir 2014/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhbhainistiú ar chóipcheart agus cearta gaolmhara agus ar cheadúnú ilchríochach ceart i saothair cheoil d'úsáid ar líne sa mhargadh inmheánach, IO L 84, 20.3.2014, lch. 72-98.
(19) Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas IO L 310, 26.11.2015, lch. 1.
Top