EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52016PC0482

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit idir 2021 agus 2030 ar mhaithe le hAontas Fuinnimh buanseasmhach agus chun gealltanais faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh agus lena leasaítear Rialachán Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú

COM/2016/0482 final - 2016/0231 (COD)

An Bhruiséil,20.7.2016

COM(2016) 482 final

2016/0231(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit idir 2021 agus 2030 ar mhaithe le hAontas Fuinnimh buanseasmhach agus chun gealltanais faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh agus lena leasaítear Rialachán Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2016) 247 final}
{SWD(2016) 248 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Foras agus cuspóirí an togra

I mí Dheireadh Fómhair 2014, tháinig an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú maidir le creat beartais aeráide agus fuinnimh 2030. Sa chreat sin, leagtar amach gealltanas an Aontais maidir le sprioc cheangailteach laghdú intíre de 40 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair faoi 2030, i gcomparáid le 1990. Ba cheart go gcuideodh na hearnálacha ar fad chun na laghduithe sin ar astaíochtaí a bhaint amach. Dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go ndéanfaidh an tAontas Eorpach ina iomláine an sprioc a bhaint amach ar an mbealach is éifeachtaí agus is féidir ó thaobh costais de, agus beidh laghduithe suas go 43 % agus 30 % in earnálacha an Chórais Trádála Astaíochtaí agus sna hearnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo faoi 2030 i gcomparáid le 2005, faoi seach.

Leis na beartais atá á gcur chun feidhme faoi láthair, meastar nach leor an laghdú a thiocfaidh ar astaíochtaí GCT chun sprioc an Aontais a bhaint amach, mar atá laghdú 40 % ar a laghad ar astaíochtaí faoi 2030 i gcomparáid le 1990 agus, go sonrach, laghdú 30 % ar ghás ceaptha teasa in earnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo i gcomparáid le 2005. De réir na dtreochtaí atá ann faoi láthair, má bhaintear amach ina niomláine na spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí de atá ann cheana agus má chuirtear chun feidhme ina niomláine na beartais atá glactha i ndáil le héifeachtúlacht fuinnimh, feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, laghduithe ar astaíochtaí CO2 ó fheithiclí bóthair, foinsí inathnuaite fuinnimh, láithreáin líonta talún, an geilleagar ciorclach nó gáis cheaptha teasa fhluairínithe, meastar nach dtiocfaidh ar na hastaíochtaí a chumhdaítear faoin gCinneadh maidir le Comhroinnt Díchill 1 faoi 2030 ach laghdú thart ar 24 % faoi bhun leibhéil 2005. Dá bhrí sin, is gá spriocanna laghdaithe náisiúnta lena spreagfar níos mó beartas chun laghduithe níos substaintiúla a bhaint amach. Sainítear leis an togra seo spriocanna náisiúnta atá i gcomhréir le laghdú 30 % ar fud an Aontais faoi 2030 sna hearnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo i gcomparáid le 2005, agus ar spriocanna iad atá le baint amach ar bhealach cothrom costéifeachtach faoi mar a d'fhaomh an Chomhairle Eorpach. Is le spriocanna ó 0 % go -40 % faoi bhun leibhéil 2005 a rannchuideoidh na Ballstáit laghdú foriomlán an Aontais faoi 2030 a bhaint amach. Leis na laghduithe faoin Rialachán seo, cuirtear feabhsuithe chun cinn go háirithe maidir le foirgnimh, talmhaíocht, bainistiú dramhaíola agus iompar.

Leis an togra seo cuirtear chun feidhme gealltanais atá tugtha ag an Aontas Eorpach faoi Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide. An 10 Meitheamh 2016 thíolaic an Coimisiún togra le go ndaingneoidh an tAontas Comhaontú Pháras 2 . Tá an togra seo ag leanúint an mheasúnaithe a rinne an Coimisiún ar Chomhaontú Pháras 3 .

Glacadh Comhaontú Pháras ag an 21ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreatChoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) i Nollaig 2015. Ar áireamh ann tá sprioc fhadtéarmach an méadú ar an teocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh é a choimeád faoi bhun 1.5°C. I gcomhréir le comhairle eolaíoch an Phainéil Idirnáisiúnta ar an Athrú Aeráide, is é cuspóir an Aontais i dtaca leis an aeráid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 80-95 % faoin mbliain 2050 i gcomparáid le 1990, i gcomhthéacs na laghduithe is gá do na tíortha forbartha a bhaint amach mar aon ghrúpa amháin.

Tá sé d'oibleagáid ar an Aontas Eorpach agus ar na Páirtithe eile ar fad rannchuidiú arna chinneadh go náisiúnta a chur in iúl gach 5 bliana, bunaithe ar stocáireamh domhanda an Chomhaontaithe a dhéanfar in 2023 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin.

Chun an cuspóir fadtéarmach atá ag an Aontas Eorpach dó féin a bhaint amach, mar atá laghdú 80 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí faoi 2050, ní mór leanúint den dul chun cinn i dtreo geilleagar ísealcharbóin. Chuige sin, teastaíonn athruithe ar iompraíocht ghnó, ar iompraíocht infheistíochta agus ar dhreasachtaí fud fad an speictrim beartais. Rud nach beag a thábhacht, cuirfear deiseanna fostaíochta agus fáis ar fáil san Aontas Eorpach dá bharr sin. Spreagfar infheistíocht agus nuálaíocht i bhfuinnimh inathnuaite, rud a chuideoidh leis an Aontas Eorpach bheith ar thús cadhnaíochta ar an leibhéal domhanda, agus méadófar an sciar de na margaí atá ag earraí agus seirbhísí a tháirgtear san Aontas, in earnáil na héifeachtúlachta fuinnimh mar shampla. I gcomhthéacs an aistrithe go dtí an fuinneamh glan, ba cheart beartais bhreise nó bearta breise a chur chun feidhme chun astaíochtaí na mBallstát a laghdú. Ba cheart rialtais áitiúla agus réigiúnacha, cathracha agus eagraíochtaí áitiúla agus réigiúnacha a ghríosú le gníomhú. Ba cheart do na Ballstáit comhoibriú a áirithiú idir údaráis lárnacha agus údaráis áitiúla ar leibhéil éagsúla.

Príomhghné d'Aontas Fuinnimh buanseasmhach, maille le beartas réamhbhreathnaitheach don athrú aeráide, a thógáil is ea creat beartais stóinseach a chur chun feidhme i dtaca leis an gcomhshaol. Chun é sin a bhaint amach, is gá leanúint ar aghaidh freisin leis an ngníomhaíocht uaillmhianach i ndáil leis an aeráid sna hearnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo agus dul chun cinn a dhéanamh ar gach gné den Aontas Fuinnimh chun fuinneamh slán, inbhuanaithe, iomaíoch agus inacmhainne a chur ar fáil dá chuid saoránach.

Chuir an Iorua agus an Íoslainn in iúl go bhfuil sé i gceist acu páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht chomhpháirteach an Aontais agus na mBallstát. Leagfar síos na téarmaí lena rialófar rannpháirtíocht fhéideartha na hIorua agus na hÍoslainne sa reachtaíocht choimhdeachta. Don tréimhse ó 2012 go dtí 2030 tá sé curtha in iúl ag an Iorua go bhfuil sé i gceist aici a bheith rannpháirteach go hiomlán san iarracht ar laghdú sna hearnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo. Toisc go bhfuil spriocanna na mBallstát sa réimse 0 % go dtí -40 %, ar bhonn olltáirgeacht intíre (OTI) per capita, shannfaí sprioc laghdaithe uimhriúil thart ar 40 % faoi bhun leibhéil 2005 ar an Iorua agus beidh sásraí solúbthachta ar fáil don Iorua agus don Íoslainn mar atá do na Ballstáit. Ní chinnfear na spriocanna deiridh go dtí go nglactar leis an togra. Tá an togra seo gan dochar don chaoi a nglacfaidh an Iorua agus an Íoslainn páirt sa ghníomhaíocht chomhpháirteach.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Sa togra seo, go ginearálta, leanfar de na forálacha beartais atá ann cheana le haghaidh earnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo a leagtar síos sa Chinneadh maidir le comhroinnt díchill D'iarr an Chomhairle Eorpach go sainráite go leanfar den struchtúr beartais atá ann faoi láthair agus thug sé treoir maidir le saincheisteanna sonracha nach mór aghaidh a thabhairt orthu don tréimhse 2021 go 2030, lena náirítear spriocanna laghdaithe náisiúnta a shocrú.

Is ceaptha ar bhonn OTI coibhneasta per capita, i gcomhréir leis an gcur chuige a glacadh sa Chinneadh atá ann faoi láthair maidir le comhroinnt díchill agus le treoir ón gComhairle Eorpach i mí Dheireadh Fómhair 2014, atá an cur chuige uileghabhálach maidir le spriocanna laghdaithe náisiúnta a shocrú. Maidir leis na Ballstáit sin a bhfuil OTI per capita acu atá os cionn mheán an Aontais, déanfar na spriocanna a choigeartú tuilleadh chun an chostéifeachtúlacht a chur i bhfeidhm laistigh den ghrúpa sin. Leis an gcur chuige sin, tá cothromaíocht ann idir gnéithe na cothroime agus an costéifeachtúlacht faoi mar a dearbhaíodh sa Chomhairle Eorpach.

Chun tuilleadh fíorghníomhaíochta a spreagadh san earnáil talamh-bhunaithe, lena náirítear an talmhaíocht, agus san am céanna cuntasaíocht mhaith agus sláine fhoriomlán an chomhshaoil a áirithiú, áirítear sa togra seo solúbthacht nua lenar féidir úsáid theoranta a bhaint as glanaistrithe ó chatagóirí cuntasaíochta áirithe a bhaineann le talamhúsáid, athrú ar thalamhúsáid agus foraoiseacht (LULUCF), agus a áirithiú nach dtiocfaidh ann do dhochar ar bith sna hearnálacha LULUCF, ionas go gcuirfear san áireamh gur chloígh na Ballstáit leis na spriocanna sna hearnálacha a thagann faoin gCinneadh maidir le Comhroinnt Díchill, más gá.

Tá sé seo ag teacht leis an treoir a thug an Chomhairle Eorpach inar thug sí dá haire gur lú an acmhainneacht maolaithe atá ag earnáil na talamhaíochta agus na talamhúsáide, agus gur thábhachtach scrúdú a dhéanamh ar na modhanna is fearr le leas a bhaint as rannchuidiú na hearnála sin chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a mhaolú agus chun na gáis sin a cheapadh, lena náirítear tríd an bhforaoisiú.

Áiríodh solúbthacht nua eile freisin, atá comhsheasmhach leis an treoir a thug an Chomhairle Eorpach, i gcás na mBallstát a bhfuil spriocanna laghdaithe astaíochtaí náisiúnta acu atá go mór os coinn mheánsprioc an Aontais agus a bpoitéinsil laghdaithe chostéifeachtúil, agus i gcás na mBallstát nár leithdháil aon liúntais saor in aisce do shuiteálacha tionsclaíocha in 2013. Leis an tsolúbthacht sin, beidh sé níos éasca do na Ballstáit atá incháilithe a noibleagáidí maidir leis an gcóras trádála astaíochtaí a bhaint amach trí liúntais chóras trádála astaíochtaí an Aontais a chur ar ceal.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá sé beartaithe go mbeidh tograí reachtacha comhlántacha ann níos déanaí in 2016 a chabhróidh le baint amach na gcuspóirí a comhaontaíodh ag an gComhairle Eorpach mar atá 27 % ar a laghad a bheith sa sciar den fhuinneamh a úsáideann an tAontas faoi 2030 ar fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite é agus feabhas 27 % ar a laghad a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh faoi 2030 (Déanfar é seo a athbhreithniú faoi 2020 agus é beartaithe leibhéal 30 % a bheith ag an Aontas). Leis na bearta sin ba cheart go néascófaí spriocanna aeráide na nearnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo a bhaint amach, go háirithe in earnáil na bhfoirgneamh. Ina theannta sin, sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hearnáil an iompair a dhícharbonú, tugtar aghaidh ar ghníomhaíocht chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó earnáil an iompair a laghdú tuilleadh.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is fadhb thrasteorann é an tathrú aeráide nach féidir a réiteach le gníomhaíocht náisiúnta nó gníomhaíocht áitiúil amháin. Ní mór an tathrú aeráide a chomhordú ar an leibhéal Eorpach agus, a mhéid is féidir, ar an leibhéal domhanda. Tá údar le gníomhaíocht an Aontais ar fhorais na coimhdeachta. Ó 1992 i leith, tá an tAontas Eorpach ag obair chun réitigh chomhpháirteacha a fhorbairt agus gníomhaíocht dhomhanda a spreagadh chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Go sonrach, le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, is féidir na cuspóirí laghdaithe astaíochtaí atá ann do 2030 agus na cinn fhadtéarmacha a bhaint amach ar bhealach costéifeachtúil, agus an chothromaíocht agus sláine an chomhshaoil a áirithiú.

In Airteagal 192 go hAirteagal 193 de CFAE, deimhnítear agus sonraítear inniúlachtaí an Aontais i réimse an athraithe aeráide. Is é Airteagal 192 CFAE bunús dlí an togra seo. I gcomhréir le hAirteagal 191 agus Airteagal 192(1) CFAE, rannchuideoidh an tAontas Eorpach, inter alia, leis na cuspóirí a leanas a shaothrú: cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú; bearta a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta chun déileáil le fadhbanna réigiúnacha nó domhanda an chomhshaoil, agus go háirithe an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide.

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 de Chonradh an Aontais Eorpaigh.

Leis an togra seo le haghaidh Rialacháin cloítear le prionsabal na comhréireachta toisc nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a ghnóthú, mar atá sprioc an Aontais maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa sa tréimhse 2021 go 2030 a bhaint amach ar bhealach costéifeachtúil, agus cothromaíocht agus sláine chomhshaoil a áirithiú ag an am céanna.

D'aontaigh an Chomhairle Eorpach le laghdú foriomlán ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de 40 % ar a laghad faoi bhun na leibhéil a bhí ann i 1990, i ngach earnáil den gheilleagar. Sa togra seo, cumhdaítear os cionn leath de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa sin, agus is fearr cuspóir an togra a shaothrú trí Rialachán. Tá sineirgí suntasacha aige leis an Rialachán um Shásraí Faireacháin 4 ('MMR'). Tá sé de cheangal ar na Ballstáit agus ar an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil freisin rannchuidiú leis na laghduithe náisiúnta ar astaíochtaí a bhaint amach.

3.TORTHAÍ NA MEASTÓIREACHTAÍ EX-POST, NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex-post/seiceálacha oiriúnachta ar reachtaíocht atá ann cheana

I gcás an togra seo, rinneadh measúnú ar an gCinneadh maidir le Comhroinnt Díchill roimh ré in 2015 i gcomhréir le hAirteagal 14 de lena gceanglaítear ar an gCoimisiún Eorpach tuarascáil a tharraingt suas ina ndéanfar meastóireacht ar chur chun feidhme an Chinnidh faoin 31 Deireadh Fómhair 2016 5 .

Cé go bhfuil an Cinneadh maidir le Comhroinnt Díchill fós i gcéimeanna luatha an chur chun feidhme, is féidir a mheas go raibh gealltanais an Chinnidh maidir le Comhroinnt Díchill éifeachtach, ar a laghad go páirteach, maidir le spreagadh a thabhairt do bheartais náisiúnta nua agus do bhearta lena gcuirtear chun cinn laghduithe éifeachtacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi raon feidhme an Chinnidh maidir le Comhroinnt Díchill. Treisíodh an éifeacht sin toisc gur seoladh í le chéile le roinnt beartais aeráide agus fuinnimh eile de chuid an Aontais mar chuid de phacáiste 2020, go háirithe maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus le fuinneamh inathnuaite. I gcás roinnt earnálacha a bhaineann leis an gCinneadh maidir le Comhroinnt Díchill, lena náirítear foirgnimh, iompar, talmhaíocht agus dramhaíl, is féidir cuid shuntasach de na laghduithe astaíochtaí go dtí seo a leagan ar chúiseanna amhail athruithe teicneolaíochta a dhéantar faoi anáil idirghabhálacha beartais a eascraíonn ó phacáiste 2020. Seachas na beartais uile-Aontais agus náisiúnta maidir leis an aeráid agus an fuinneamh, rinne an ghéarchéim eacnamaíoch agus an fás i ngníomhaíocht eacnamaíoch i dtíortha áirithe difear d'astaíochtaí gás ceaptha teasa.

Ar an iomlán, mar thoradh ar an gCinneadh maidir le Comhroinnt Díchill tá na Ballstáit níos gníomhaí anois maidir le bearta nua a mheas chun astaíochtaí a laghdú sna hearnálacha a bhaineann leis an gCinneadh agus maidir leis an gcaoi is fearr chun iad a dhearadh. Fuarthas gur teoranta an tualach riaracháin breise ar leibhéal na mBallstát de thoradh an Chinnidh maidir le Comhroinnt Díchill, cé go bhféadfadh deiseanna a bheith ann costais riaracháin a laghdú. Tá tuairim is EUR 650 000 in aghaidh na bliana an costas riaracháin a bheidh ar an gCoimisiún i ndáil leis an gcóras faireacháin agus comhlíonta, agus meastar gur EUR 500 000 in aghaidh na bliana an costas bhliantúil a bheidh ar na 28 mBallstát ina iomláine ar fad le chéile.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

D'eagraigh an Coimisiún Eorpach comhairliúchán poiblí 6 ar iarracht na mBallstát a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun gealltanas maidir le hastaíochtaí gas ceaptha teasa an Aontais a laghdú a bhaint amach ó thaobh an chreata 2030 de.

Chomhlánaigh an comhairliúchán sin an comhairliúchán ar an bPáipéar Uaine maidir le creat 2030 do bheartais aeráide agus fuinnimh a rinneadh in 2013 agus a bhí ar oscailt don phobal ina iomláine. Sa chomhairliúchán díríodh ar na hionstraimí solúbthachta atá ann cheana féin a fheabhsú; ar thuairisciú agus ar chomhlíonadh; ar an gcur chuige i leith spriocanna laghdaithe náisiúnta maidir le gas ceaptha teasa a leagan síos; agus ar sholúbthacht theoranta aonuaire idir an córas trádála astaíochtaí agus an Cinneadh maidir le Comhroinnt Díchill. Tugadh aghaidh ann chomh maith ar ghníomhaíocht chomhlántach uile-Aontais chun spriocanna laghdaithe a bhaint amach, agus fothú acmhainní agus tacaíocht eile do chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Fuair an Coimisiún 114 freagra foirmiúil ó raon fairsing páirtithe leasmhara ó na Ballstáit 7 .

Chuaigh an Coimisiún Eorpach i gcomhairle leis na Ballstáit freisin i gceithre chruinniú de chuid Ghrúpaí Oibre an Choiste um an Athrú Aeráide a tionóladh in 2015. Sna comhairliúcháin sin tugadh aghaidh ar roghanna éagsúla maidir le sásraí solúbthachta intíre atá ann cheana sa Chinneadh maidir le Comhroinnt Díchill a fheabhsú sa tréimhse i ndiaidh 2020 agus ar an mbealach gur chóir an tuairisciú agus an comhlíonadh a riar.

Tá achoimre ar an gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara in Iarscríbhinn 8.2 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo.

Bailiú agus úsáid saineolais

An measúnú cainníochtúil a rinneadh ar na tionchair a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar an Aontas, is forbairt agus comhlánadh é ar an anailís a rinneadh do chreattogra 2030, agus tugtar an anailís sin chun dáta leis i dtaca le gnéithe áirithe a bhaineann leis an gCinneadh maidir le Comhroinnt Díchill. Rinne an Coimisiún conradh le hOllscoil Náisiúnta Teicniúil na hAithne, IIASA agus EuroCare chun cás tagartha nuashonraithe a shamhaltú 8 , agus ba ar a bhonn sin a rinneadh cainníochtú ar na cásanna beartais. Tá an córas fuinnimh agus an tsamhail astaíochtaí CO2 bunaithe ar shamhail PRIMES. Tá an samhail astaíochtaí gás ceaptha teasa nach CO2 iad bunaithe ar shamhail GAINS. Déanfar astaíochtaí talmhaíochta nach CO2 iad a mheasúnú i gcomhréir le creat samhaltaithe CAPRI.

Úsáideadh saineolas a léiríodh i dtuairimí na bpáirtithe leasmhara le linn an phróisis chomhairlúcháin phoiblí, chomh maith le réamh-mheastacháin náisiúnta gás ceaptha teasa a sholáthair na Ballstáit faoin Rialachán um Shásraí Faireacháin in 2015, mar fhoinsí faisnéise breise chun an anailís sin a chomhlánú.

In 2015, rinne grúpa comhairleoirí seachtracha stáidéar tacaíochta don Choimisiún le haghaidh na meastóireachta ar chur chun feidhme an Chinnidh maidir le Comhroinnt Díchill 9 .

Measúnú tionchair

Comhlánaítear leis an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo 10 an anailís a rinneadh i measúnuithe tionchair 2014 ina dtacaítear le creat aeráide agus fuinnimh 2030 11 . Ba í an anailís sin ba bhonn le 40 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le 1990 a shocrú mar chuspóir don laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus le spriocanna ar leith don laghdú ar astaíochtaí faoi 2030 i gcomparáid le 2005 a bheith ag na hearnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo agus ag na hearnálacha a bhaineann leis an gCóras Trádála Astaíochtaí, mar atá 30 % agus 43 % faoi seach.

Sa mheasúnú tionchair, breathnaíodh ar roghanna maidir leis an laghdú a chur chun feidhme sna hearnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo cé is moite de na hearnálacha LULUCF, bunaithe ar an gCinneadh maidir le Comhroinnt Díchill atá ann faoi láthair agus ar an treoir a thug an Chomhairle Eorpach. Sa mheasúnú tionchair, breathnaíodh ar an tionchar a bheadh ag an togra ar chothromaíocht, costéifeachtúlacht agus sláine an chomhshaoil.

Sa mheasúnú tionchair, breathnaíodh arís ar an modheolaíocht a úsáidtear chun spriocanna a leagan amach ar bhonn OTI per capita agus lena náirithítear cothromaíocht, agus rinneadh í a thabhairt chun dáta bunaithe ar shonraí ó 2013. Déantar measúnú ann ar a mhéid a d'fhéadfaí spriocanna a choigeartú laistigh de ghrúpa na mBallstát a bhfuil OTI per capita os cionn an mheáin acu agus cé acu na Ballstáit ar imní faoi leith é dóibh na spriocanna a bhaint amach ar bhealach atá éifeachtúil ó thaobh costais de. Maidir leis an bpointe tosaigh don conair líneach sprice, is inmhianaithe ó thaobh shláine an chomhshaoil de modheolaíocht cosúil leis an modheolaíocht atá sa Chinneadh maidir le Comhroinnt Díchill cheana atá bunaithe ar astaíochtaí a rinneadh le déanaí, agus bheadh sé sin indéanta ó thaobh riaracháin de freisin.

Sa mheasúnú tionchair, léirítear gur gá na solúbthachtaí nua ó hearnálacha an chórais trádála astaíochtaí agus ó earnálacha LULUCF a theorannú chun a áirithiú go ndéanfar fíorghníomhaíocht bhreise sna hearnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo i gcomhréir le cuspóirí laghdaithe fadtéarmacha. Ag an am chéanna, is féidir imthosca sonracha na mBallstát a chur san áireamh leis an dá sholúbthacht sin. Maidir leis an tsolúbthacht aonuaire, is iondúil go mbíonn baint aici le himní maidir le costéifeachtúlacht do na Ballstáit sin a bhfuil na spriocanna is airde acu. Maidir leis an earnáil LULUCF, baineann sé seo le himní faoin bpoitéinseal maolaithe a bheith teoranta maidir le hastaíochtaí nach CO2 iad san earnáil talmhaíochta, rud atá antábhachtach do Bhallstáit a bhfuil cuid mhór astaíochtaí talmhaíochta acu. Cé nár tástáladh na solúbthachtaí atá ann cheana, tá mórán deiseanna ann le costais a laghdú agus costéifeachtúlacht a bhaint amach. Is gá aon tionchair riaracháin fhéideartha mar gheall ar fheabhsú a chur san áireamh. Tá srian ar chostais riaracháin na mBallstát agus an Choimisiúin Eorpaigh araon faoi láthair agus laghdófar iad níos mó trí sheiceáil ar chomhlíonadh a bheith ann gach cúig bliana.

Is le húdaráis náisiúnta den chuid is mó a bhaineann an beartas atá á mholadh. Níl aon oibleagáid tuairiscithe dhírigh ná ualach riaracháin de shaghas eile ar ghnólachtaí, ar FBManna ná ar mhicrifhiontair. Ag brath ar chineál agus raon feidhme aon bheart náisiúnta nó beart de chuid an Aontais chun astaíochtaí a laghdú, beidh feidhm acu ar pháirtithe leasmhara éagsúla, lena náirítear gnólachtaí agus tomhaltóirí. Beidh gá measúnú a dhéanamh ar aon éifeachtaí sonracha den sórt sin laistigh de na tograí beartais sin.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

I gcomhréir le tiomantas an Choimisiúin i leith rialáil níos fearr, ullmhaíodh an togra go cuimsitheach, bunaithe ar thrédhearcacht agus ar phlé leanúnach le páirtithe leasmhara. Toisc gur gach cúigiú bliain atá sé molta an rialú ar chomhlíonadh bliantúil a dhéanamh, laghdófar an tualach riaracháin a ghabhann leis agus na costais a bhaineann le comhlíonadh a sheiceáil do na Ballstáit agus don Choimisiúin. Má chloítear leis an gcóras bliantúil tuairiscithe atá ann faoi láthair ach go nathrófar go dtí seiceálacha ar chomhlíonadh gach 5 bliana, meastar nach mbeidh ann de chostas iomlán don tréimhse gealltanais 2012-2030 ar fad, costais an Choimisiúin agus na mBallstát san áireamh, ach thart ar 60-70 % de na costais riaracháin a bheadh ann dá mbeadh i bhfeidhm córas bliantúil seiceálacha ar chomhlíonadh, sin thart ar 1 150 000 euro in aghaidh na bliana.

Níl oibleagáidí ar bith ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide ná ar fhiontair eile maidir le tuairisciú díreach faoin reachtaíocht reatha. Leis an togra seo, ní athrófar sin.

Cearta bunúsacha

Ós ar na Ballstáit go príomha, mar ghníomhaithe institiúideacha, atá an beartas atá molta dírithe, tá sé comhsheasmhach leis an gCairt um Chearta Bunúsacha.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Braithfidh aon tionchair indíreacha ar bhuiséid na mBallstát ar na beartais agus bearta náisiúnta a roghnóidh siad chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus ar ghníomhaíocht maolaithe eile sna hearnálacha a chumhdaítear leis an tionscnamh seo. De réir an mholta spriocanna náisiúnta a leagan síos, laghdófar na héifeachtaí costais ar na Ballstáit is lú ioncam seachas mar a bheadh dá molfaí na spriocanna a bhunú ar an gcostéifeachtúlacht amháin. Foráiltear ann maidir le solúbthacht níos fearr chun a áirithiú nach dtiocfaidh ach méadú teoranta ar chostais na mBallstát is mó ioncam.

Foráiltear sa togra go leanfar den tuairisciú bliantúil ach gan na seiceálacha comhlíontachta a dhéanamh chomh minic sin. Laghdóidh sé seo costais riaracháin na mBallstát.

Tá impleachtaí anteoranta ag an togra seo do bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Is gnéithe bunúsacha iad tuairisciú trédhearcach rialta ar oibleagáidí na mBallstát agus seiceálacha maithe ar chomhlíonadh chun dul chun cinn a áirithiú i dtaobh ghealltanais an Aontais maidir le laghdú fadtéarmach a dhéanamh ar astaíochtaí.

Leanfaidh an faireachán atá á dhéanamh ar an dul chun cinn agus an measúnú comhlíontachta de bheith ag brath ar chreat cuimsitheach faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a leagtar síos sa togra mar leasú ar na hAirteagail ábhartha den Rialachán um Shásraí Faireacháin. Cloífear leis an tuairisciú agus leis an meastóireacht láidir atá leagtha síos sa Chinneadh maidir le Comhroinnt Díchill chun críocha an togra seo, gan de dhifear ach go bhfuil siad comhtháite feasta leis na forálacha ábhartha an den Rialachán um Shásraí Faireacháin. Tá sé beartaithe iad a chomhtháthú le rialachas an Aontais Fuinnimh, a bhfuil togra ón gCoimisiún i ndáil leis leagtha síos i gclár oibre an Choimisiúin roimh dheireadh 2016 agus d'fhéadfaí iad a chuíchóiriú tuilleadh mar chuid den togra sin.

Leagtar síos sa togra seo go ndéanfaidh Ballstát, más rud é nach bhfuil a dhul chun cinn i gcomhréir lena leithdháileadh bliantúil astaíochtaí de réir mheastóireacht bhliantúil an Choimisiúin, plean gníomhaíochta a chur isteach chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh sé a chuid oibleagáidí. Táthar ag súil go gcuirfear plean gníomhaíochta mar sin san áireamh i gcomhthéacs phlean fuinnimh agus aeráide comhtháite náisiúnta an Bhallstáit sin agus go mbeidh sé ina chuid den chóras rialachais a leagfar amach sa togra reachtach atá le teacht maidir le rialachas an Aontais Fhuinnimh. Foráiltear go gcuirfear an oibleagáid atá ar na Ballstáit pleananna fuinnimh agus aeráide comhtháite náisiúnta a dhéanamh san áireamh sa togra reachtach sin.

Ina theannta sin, sna pleananna fuinnimh agus aeráide comhtháite náisiúnta sa togra reachtach atá le teacht maidir le rialachas an Aontais Fuinnimh, ba cheart go ndéanfaí tagairt do na teorainneacha ceangailteacha náisiúnta arna socrú faoin Rialachán sin.

Beidh sé d'oibleagáid fós ar na Ballstáit cloí le teorainneacha bliantúla agus le conair líneach le linn na tréimhse 2021-2030 tríd an athbhreithniú cuimsitheach ar fhardail astaíochtaí gás ceaptha teasa na mBallstát agus eagrófar an tseiceáil iarbhír ar chomhlíonadh gach 5 bliana seachas go bliantúil. Dhéanfadh an Coimisiún dhá sheiceáil ar chomhlíonadh, in 2027 (le haghaidh na blianta 2012-2025) agus in 2032 (le haghaidh na blianta 2026-2030). Dá bharr sin is féidir an rannchuidiú féideartha ó ghníomhaíochtaí a bhaineann le talamh foraoisithe, talamh curaíochta bainistithe agus féarthailte bainistithe atá ar bun mar gheall ar Rialachán [ ] a chur san áireamh.

Chun a áirithiú go bhfuil an measúnú comhlíontachta ag brath ar shonraí beachta, leanfar d'athbreithniú an Choimisiúin ar na fardail astaíochtaí a chuireann na Ballstáit isteach gach bliain.

Déanfar athbhreithniú ar fheidhmiú an Rialacháin sin faoin 28 Feabhra 2024, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin. San athbhreithniú sin déanfar measúnú ar fheidhmiú foriomlán an Rialacháin sin, amhail an tsolúbthacht codanna de na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a aistriú idir na Ballstáit, rud atá tábhachtach chun an chostéifeachtúlacht a áirithiú. Is féidir torthaí stocáireamh domhanda Chomhaontú Pháras a chur san áireamh san athbhreithniú sin.

Mar aon leis na seiceálacha comhlíontachta a bhfuil iarmhairtí atá ceangailteach ó thaobh an dlí de ag baint leo, déanfar faireachán gach bliain ar dhul chun cinn i dtaobh spriocanna 2030 mar chuid den tuarascáil ar dhul chun cinn a fhoilseoidh an Coimisiún faoi Airteagal 21 den Rialachán um Shásraí Faireacháin agus leanfar de na torthaí a úsáid i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus déanfar iad a chomhtháthú sa Tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh 12 . Leis an rianú ar an dul chun cinn tugtar rabhadh luath más rud é go bhfuil na Ballstáit ag titim ar gcúl lena noibleagáidí agus tugtar spreagadh chun na gníomhaíochtaí is gá a ghlacadh. Leanfar de na ceanglais atá ann cheana ar na Ballstáit tuairisciú gach dara bliain maidir leis na beartais agus na bearta a cuireadh chun feidhme chun spriocanna na noibleagáidí faoin togra seo a bhaint amach agus maidir lena réamh-mheastacháin astaíochtaí.

   Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Airteagal 1 – Ábhar

Mínítear san airteagal go leagtar síos leis an Rialachán rannchuidithe íosta na mBallstát maidir le laghduithe ar astaíochtaí don tréimhse idir 2021 agus 2030 agus go leagtar síos na rialacha maidir le leithdháiltí bliantúla astaíochtaí agus meastóireacht ar dhul chun cinn.

Airteagal 2 – Raon Feidhme

San airteagal seo, sainítear raon feidhme chumhdach an Rialacháin. Cuirtear in iúl go soiléir ann go gcumhdaítear leis an rialachán sin na hastaíochtaí ó chatagóirí foinse an Phainéil Idirnáisiúnta ar an Athrú Aeráide: fuinneamh, próisis thionsclaíocha agus úsáid táirgí, talmhaíocht agus dramhaíl. Ní thugtar aghaidh faoin Rialachán seo ar astaíochtaí ó na hearnálacha a chumhdaítear le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais agus le Rialachán [ ]. Airteagal 3 – Sainmhínithe

San airteagal seo sainmhínítear an téarma gás ceaptha teasa i dtéarmaí na ngás ceaptha teasa a chumhdaítear sa Rialachán.

Airteagal 4 – Leibhéil bhliantúla astaíochtaí don tréimhse idir 2021 agus 2030

San airteagal seo leagtar síos teorainneacha astaíochtaí na mBallstát in 2030 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I iad, agus an chaoi a gcinntear leibhéil astaíochtaí do 2021-2030. Leantar den chur chuige atá ina cheangal go bliantúil maidir le teorainneacha astaíochtaí mar a leagtar síos sa Chinneadh maidir le Comhroinnt Díchill iad. Cinnfear na leibhéil astaíochtaí bliantúla bunaithe ar chonair líneach a thosaíonn leis na meánastaíochtaí do 2016-2018 bunaithe ar na sonraí athbhreithnithe is déanaí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa. Leagfar amach leithdháiltí bliantúla astaíochtaí i gcoibhéis CO2 i gcomhair gach Ballstáit le haghaidh gach bliain den tréimhse i ngníomh cur chun feidhme.

Airteagal 5 – Ionstraimí solúbthachta chun cloí leis na teorainneacha bliantúla

San airteagal seo leagtar amach an tsolúbthacht atá ar fáil do na Ballstáit chun cloí lena dteorainneacha bliantúla, lena náirítear solúbthacht thar am trí leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a shábháil agus a fháil ar iasacht laistigh den tréimhse gealltanais, agus solúbthacht idir na Ballstáit trí leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a aistriú.

Airteagal 6 – Solúbthacht le haghaidh Ballstáit áirithe i ndiaidh laghdú ar liúntais faoi chóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh

Bunaítear solúbthacht nua trí liúntais an Chórais Trádála Astaíochtaí a chur ar ceal suas go dtí teorainn bunaithe. Déanfaidh na Ballstáit incháilithe cinneadh roimh 2020 má theastaíonn uathu an tsolúbthacht seo a úsáid agus cinnfear méideanna beachta sa ghníomh cur chun feidhme ina leagfar leithdáiltí bliantúla astaíochtaí amach. Tá an tsolúbthacht ar fáil do na Ballstáit atá liostaithe in Iarscríbhinn II. Leis an ngníomh cur chun feidhme in Airteagal 4, cinnfear freisin an chainníocht uasta liúntas gur féidir le Ballstát a chur ar ceal chun go gcuirfear é san áireamh maidir le comhlíonadh na dteorainneacha.

Airteagal 7– Úsáid bhreise suas le 280 milliún glanaistriú ó thalamh dífhoraoisithe, ó thalamh foraoisithe, ó thalamh curaíochta bainistithe agus ó fhéarthailte bainistithe

Bunaítear solúbthacht nua lena gcuirfear ar chumas na mBallstát úsáid a bhaint as méid teoranta glanaistrithe, a mhéid a bhfuil gá leis, ó Rialachán [ ], faoi réir coinníollacha áirithe. Tá na teorainneacha, i gcoibhéis CO2, do gach Ballstát liostaithe in Iarscríbhinn III.

Airteagal 8 – Gníomhaíocht cheartaitheach

Más rud é nach bhfuil a dhul chun cinn i gcomhréir lena leithdháileadh bliantúil astaíochtaí de réir mheastóireacht bhliantúil an Choimisiúin, déanfaidh Ballstát plean gníomhaíochta le bearta breise a chuirfear chun feidhme a ullmhú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh sé a chuid oibleagáidí.

Airteagal 9 – Comhlíonadh a sheiceáil

Leanfar d'fheidhm a bheith ag na forálacha maidir le comhlíonadh a sheiceáil agus le gníomhaíocht cheartaitheach a leagtar síos sa Chinneadh maidir le Comhroinnt Díchill, ach amháin nach ndéanfar comhlíonadh a sheiceáil ach gach cúig bliana le haghaidh gach bliain sa tréimhse roimhe sin. I gcás nach gcloífidh Ballstát lena leithdháiltí bliantúla astaíochtaí in aon bhliain sa tréimhse sin, cuirfear gníomhaíocht cheartaitheach i bhfeidhm, mar atá méid a chur le hastaíochtaí na bliana ina dhiaidh sin arb ionann é agus méid an fharasbairr astaíochtaí, i dtonaí coibhéise CO2, arna iolrú faoi fhachtóir 1.08. Cuirfear an ceart leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a aistriú ar fionraí go dtí go mbeidh an Ballstát ag cloí lena leithdháiltí bliantúla astaíochtaí arís.

Airteagal 10 – Coigeartuithe

Chun a áirithiú go mbeidh an sprioc astaíochtaí 2030 don Aontas ar fad comhsheasmhach, ní mór aon athruithe ar raon feidhme Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (mar shampla athrú a dhéanamh ar an líon suiteálacha nó foinsí eile a chumhdaítear le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais) a léiriú trí choigeartú comhfhreagrach a dhéanamh ar an Rialachán seo. San Airteagal seo leanfar den fhoráil a leagtar síos sa Chinneadh maidir le Comhroinnt Díchill ina mínítear conas a dhéanfaí na leasuithe sin. Foráiltear freisin maidir le húsáid a bhaint as creidmheasa arna gcruthú de bhun Airteagal 24a de Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais, agus leis sin leanfar de sholúbthacht atá sa Chóras Trádála Astaíochtaí cheana féin. Tugtar aghaidh ann freisin ar chás sonrach na mBallstát sin a bhfuil teorainneacha dearfacha acu faoin gCóras Trádála Astaíochtaí agus ar chás na mBallstát a méidóidh a leithdháiltí astaíochtaí idir 2017 agus 2020.

Airteagal 11 – Clárlann

San Airteagal seo leantar den Chinneadh maidir le Comhroinnt Díchill a chur chun feidhme mar atá sin á dhéanamh faoi láthair sa Rialachán Clárlainne agus cuirtear in oiriúin don Rialachán seo é. Tá gá leis chun taifead beacht ar hidirbhearta faoin Rialachán seo a áirithiú agus chun nach ndéanfar comhaireamh dúbáilte ar bith.

Airteagal 12 – An tarmligean a fheidhmiú

Leis an togra seo tugtar de chumhacht don Choimisiún glacadh le gníomhartha tarmligthe de réir nósanna imeachta ábhartha.

Airteagal 13 – Nós imeachta coiste

Is é seo an nós imeachta coiste céanna a bunaíodh don Chinneadh maidir le Comhroinnt Díchill tríd an gCoiste um an Athrú Aeráide a úsáid.

Airteagal 14 – Athbhreithniú

Déanfar athbhreithniú in 2024 agus gach cúig bliana ina dhiadh sin, ar gach gné den Rialachán chun a chinneadh an bhfuil siad fós oiriúnach dá gcuspóirí.

Airteagal 15 – Leasú ar Rialachán Uimh. 525/2013/AE

Tá an Rialachán um Shásraí Faireacháin á leasú chun a áirithiú go leanfar de na ceanglais tuairiscithe, ar ceanglais iad a bhaineann leis an gCinneadh maidir le Comhroinnt Díchill faoi láthair, laistigh de chreat an Rialacháin sin. Tá sé de cheangal ar na Ballstát tuairisciú gach bliain maidir le hastaíochtaí ábhartha gás ceaptha teasa agus beidh sé de cheangal orthu fós tuairisciú gach dhá bhliain maidir lena réamh-mheastacháin, beartais agus bearta arna gcur chun feidhme chun comhlíonadh spriocanna agus gealltanas a áirithiú. Chun feabhas a chur ar thrédhearcacht agus chun aistrithe idir na Ballstáit a éascú, tá sé d'oibleagáid ar na Ballstáit na méideanna a bhfuil sé ar intinn acu a cheannach nó a dhíol a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 5.

Coinneoidh an Coimisiún súil ar dhul chun cinn na mBallstát maidir lena dteorainneacha astaíochtaí trí mheastóireacht a chur sa tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn maidir le gníomhú ar son na hAeráide ina scrúdófar an leor an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit chun go mbeidh siad in ann a noibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

2016/0231 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit idir 2021 agus 2030 ar mhaithe le hAontas Fuinnimh buanseasmhach agus chun gealltanais faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh agus lena leasaítear Rialachán Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach 13 ,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 14 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 15 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

(1)An sprioc cheangailteach laghdú intíre de 40 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair faoi 2030 i gcomparáid le 1990, rinneadh an sprioc sin a fhormhuiniú i gConclúidí na Comhairle Eorpaí an 23 agus an 24 Deireadh Fómhair 2014 maidir le creat beartais aeráide agus fuinnimh 2030 agus dearbhaíodh an sprioc sin arís ag cruinniú na Comhairle céanna i Márta 2016. Faomhadh go foirmiúil ag cruinniú na Comhairle Comhshaoil an 6 Márta 2015 go mbeadh an méid sin ina rannchuidiú beartaithe arna chinneadh go náisiúnta ag an Aontas agus ag na Ballstáit.

(2)Foráladh i gconclúidí na Comhairle Eorpaí i nDeireadh Fómhair 2014 gur cheart an tAontas an sprioc a bhaint amach go comhpháirteach ar an mbealach is costéifeachtaí is féidir, sin laghduithe suas le 43 % agus 30 % in earnálacha an Chórais Trádála Astaíochtaí agus in earnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo, faoi seach, faoi 2030 i gcomparáid le 2005, agus na hiarrachtaí atá le déanamh á leithdháileadh ar bhonn olltáirgeacht intíre coibhneasta per capita. Ba cheart gach earnáil den gheilleagar a cion a dhéanamh chun na laghduithe astaíochtaí sin a bhaint amach, agus ba cheart gach Ballstát bheith rannpháirteach san iarracht, an chothroime agus an dlúthpháirtíocht á gcur san áireamh mar is cóir, agus ba cheart coigeartú coibhneasta a dhéanamh ar spriocanna náisiúnta an ghrúpa Ballstát a bhfuil a nolltáirgeacht intíre per capita os cionn mheán an Aontais chun an chostéifeachtúlacht a chur i bhfeidhm ar bhealach cóir agus cothrom. Trí na laghduithe seo ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach, ba cheart go gcuirfí borradh faoin éifeachtúlacht agus faoin nuálaíocht i ngeilleagar na hEorpa agus ba cheart, go háirithe, go ndéanfaí feabhsuithe a chur chun cinn, go háirithe san fhoirgníocht, sa talmhaíocht, sa bhainistíocht dramhaíola agus san iompar, a mhéid atá siad faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(3)An 10 Meitheamh 2016 thíolaic an Coimisiún togra le go ndaingneodh an tAontas Comhaontú Pháras. Cuid de chur chun feidhme ghealltanas an Aontais Eorpaigh faoi Chomhaontú Pháras an togra reachtach seo. Dearbhaíodh gealltanas an Aontais maidir le laghduithe ar astaíochtaí ar fud an gheilleagair leis an rannchuidiú beartaithe arna chinneadh go náisiúnta atá ag an Aontas agus ag na Ballstáit agus a cuireadh faoi bhráid rúnaíocht ChreatChoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide an 6 Márta 2015.

(4)Tá Comhaontú Pháras ag glacadh áit an chur chuige atá i bhfeidhm faoi Phrótacal Kyoto 1997 ach nach leanfar de i ndiaidh 2020.

(5)Chun an taistriú chuig fuinneamh glan a dhéanamh ní mór athruithe a dhéanamh ar iompraíocht infheistíochta agus ar dhreasachtaí fud fad an speictrim beartais. Príomhthosaíocht de chuid an Aontais is ea Aontas Fuinnimh buanseasmhach a bhunú chun fuinneamh slán, inbhuanaithe, iomaíoch agus inacmhainne a chur ar fáil do na saoránaigh. Chun é sin a bhaint amach ní mór leanúint de ghníomhaíocht uaillmhianach i leith na haeráide trí bhíthin an Rialacháin seo agus dul chun cinn a dhéanamh ar na gnéithe eile den Aontas Fuinnimh atá leagtha amach sa Chreatstraitéis maidir le hAontas Fuinnimh buanseasmhach maille le beartas réamhbhreathnaitheach don athrú aeráide 16 .

(6)Cumhdaítear leis an Rialachán seo astaíochtaí a bhaineann leis na catagóirí Fuinneamh, Próisis Thionsclaíocha, Úsáid Táirgí, Talmhaíocht agus Dramhaíl de chuid an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide arna gcinneadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 diomaite d'astaíochtaí ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 . Ní chumhdaítear leis an Rialachán seo gníomhaíochtaí a chumhdaítear le Rialachán [ ] [maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó thalamhúsáid, athrú ar thalamhúsáid agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat aeráide agus fuinnimh 2030].

(7)Ní leor na sonraí a thuairiscítear i láthair na huaire sna fardail náisiúnta gás ceaptha teasa agus sna cláir náisiúnta agus Aontais chun astaíochtaí CO2 na heitlíochta sibhialta ar an leibhéal náisiúnta nach bhfuil cumhdaithe ag Airteagal 2003/87/CE a chinneadh ar leibhéal na mBallstát. Agus é ag glacadh oibleagáidí tuairiscithe, níor cheart don Aontas ualaí a leagan ar Bhallstáit agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (‘FBManna’) ar ualaí iad atá díréireach i ndáil leis na cuspóirí atá á mbaint amach. Níl sna hastaíochtaí CO2 ó eitiltí nach bhfuil cumhdaithe ag Treoir 2003/87/CE ach sciar anbheag d'astaíochtaí iomlána gás ceaptha teasa, agus bhainfeadh ualach róthrom le córas tuairiscithe a bhunú do na hastaíochtaí sin i bhfianaise na gceanglas atá ann cheana don earnáil ina hiomláine de bhun Threoir 2003/87/CE. Dá bhrí sin, chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart a mheas nach mbíonn astaíochtaí CO2 ar bith ón gcatagóir foinse de chuid an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide '1.A.3.A eitlíocht shibhialta'.

(8)Ba cheart an laghdú a dhéanfaidh gach Ballstát faoi 2030 a chinneadh i ndáil leis an leibhéal ar a raibh a astaíochtaí athbhreithnithe gás ceaptha teasa atá cumhdaithe ag an Rialachán seo in 2005, diomaite d'astaíochtaí fíoraithe ó shuiteálacha a bhí ag feidhmiú in 2005 ach nár áiríodh i gcóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh go dtí i ndiaidh 2005. Ba cheart na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do na blianta 2021 go 2030 a chinneadh ar bhonn na sonraí a chuireann na Ballstáit isteach agus a athbhreithníonn an Coimisiún.

(9)Ba cheart leanúint de chur chuige na dteorainneacha náisiúnta bliantúla ceangailteacha a glacadh le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 idir 2021 agus 2030, agus tús a chur le ríomh na conaire in 2020 ar mheán na nastaíochtaí gás ceaptha teasa idir 2016 agus 2018 agus le deireadh na conaire ag an teorainn do gach Ballstát in 2030. Foráiltear maidir le coigeartú an leithdháilte in 2021 le haghaidh na mBallstát sin a bhfuil acu teorainn dhearfach faoi Chinneadh 406/2009/CE agus a méadóidh a leithdháiltí bliantúla astaíochtaí idir 2017 agus 2020 arna gcinneadh de bhun Cinneadh 2013/162/AE agus Chinneadh 2013/634/AE, chun an acmhainneacht méadaithe astaíochtaí sna blianta sin a chur san áireamh. Ba é conclúid na Comhairle Eorpaí gur cheart feabhas suntasach a chur ar infhaighteacht agus ar úsáid na nionstraimí solúbthachta atá ar fáil cheana sna hearnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo chun costéifeachtúlacht iarracht chomhpháirteach an Aontais a áirithiú chomh maith le cóineasú na nastaíochtaí per capita faoi 2030.

(10)Tá solúbthacht nua aonuaire á cruthú le gur éasca spriocanna a bhaint amach i gcás na mBallstát a bhfuil a spriocanna náisiúnta don laghdú cuid mhaith os cionn mheán an Aontais agus os cionn a bpoitéinsil laghdú costéifeachtúil a bhaint amach, agus i gcás na mBallstát nár leithdháil aon liúntais saor in aisce do shuiteálacha tionsclaíocha in 2013, mar atá leagtha amach sa mheasúnú tionchair 20 .

(11)Is ann do raon beart a dhéanfaidh an tAontas a chuirfidh le cumas na mBallstát a ngealltanais aeráide a chomhlíonadh agus is ríthábhachtach na bearta iad chun na laghduithe ar astaíochtaí is gá a bhaint amach sna hearnálacha a chumhdaíonn an Rialachán seo. Orthu tá reachtaíocht maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe, laghduithe ar CO2 ó fheithiclí bóthair, feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, breoslaí inathnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh agus an geilleagar ciorclach, chomh maith le hionstraimí maoiniúcháin de chuid an Aontais le haghaidh infheistíochtaí a bhaineann leis an aeráid.

(12)Leagtar síos i Rialachán [ ] [maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó thalamhúsáid, athrú ar thalamhúsáid agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat aeráide agus fuinnimh 2030] rialacha cuntasaíochta maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe a bhaineann le talamhúsáid, athrú ar thalamhúsáid agus foraoiseacht (LULUCF). Cé go ndéantar difear don toradh comhshaoil a bheidh ann faoin Rialachán seo, ó thaobh leibhéil na laghduithe a dhéanfar ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de, de thoradh cainníocht a chur san áireamh suas le suim na nglanaistrithe iomlána agus na nglanastaíochtaí iomlána ó thalamh dífhoraoisithe, ó thalamh foraoisithe, ó thalamh curaíochta bainistithe agus ó fhéarthailte bainistithe mar a shainmhínítear iad i Rialachán [ ], ba cheart solúbthacht le haghaidh cainníocht uasta de 280 milliún tona coibhéise CO2 de na haistrithe sin arna roinnt idir na Ballstáit de réir na bhfigiúirí in Iarscríbhinn III, ba cheart an tsolúbthacht sin a chur isteach mar dheis bhreise ag na Ballstáit a ngealltanais a chomhlíonadh, nuair a theastaíonn sin. I gcás ina nglacfar an gníomh tarmligthe lena dtabharfar na leibhéil tagartha foraoise cothrom le dáta bunaithe ar na pleananna cuntasaíochta foraoiseachta náisiúnta de bhun Airteagal 8(6) de Rialachán [LULUCF], ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hAirteagal 7 chun léiriú a thabhairt ar rannchuidiú na catagóire cuntasaíochta talamh foraoise bainistithe sa solúbthacht dá bhforáiltear san Airteagal sin. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe den sórt sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar a stóinse atá an chuntasaíocht i gcás talamh foraoise bainistithe bunaithe ar na sonraí a bhfuil fáil orthu, agus go háirithe ar a chomhsheasmhaí atá na rátaí saothraithe réamh-mheasta agus iarbhír. Ina theannta sin, ba cheart an deis a cheadú faoin Rialachán seo aonaid leithdháileacháin bhliantúil astaíochtaí a scriosadh go deonach ionas gur féidir na méideanna sin a chur san áireamh tráth a dhéanfar measúnú ar chomhlíonadh na mBallstát maidir leis na ceanglais faoi Rialachán [ ].

(13)Chun a áirithiú gur go héifeachtúil trédhearcach costéifeachtach a dhéanfar an tuairisciú agus an fíorú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar fhaisnéis eile is gá chun dul chun cinn maidir le leithdháiltí bliantúla astaíochtaí na mBallstát a mheas, tá na ceanglais maidir le tuairisciú bliantúil agus meastóireacht bhliantúil faoin Rialachán seo comhtháite leis na hAirteagail ábhartha faoi Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, airteagail ba cheart, dá bhrí sin, a leasú dá réir sin. Ina theannta sin, ba cheart a áirithiú le leasú an Rialacháin sin go leanfar de mheastóireacht bhliantúil a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát maidir le hastaíochtaí a laghdú, ag cur san áireamh dul chun cinn i mbeartais an Aontais agus bearta agus faisnéis na mBallstát. Gach re bliain, ba cheart a bheith ar áireamh sa mheastóireacht dul chun cinn réamh-mheasta an Aontais i dtreo chomhlíonadh a ghealltanas maidir le laghdú agus dul chun cinn na mBallstát i dtreo chomhlíonadh a noibleagáidí. Is i gceann tréimhsí cúig bliana amháin, áfach, ba cheart a mheas an gcuirfear laghduithe i bhfeidhm, ionas gur féidir an rannchuidiú a mheas a d'fhéadfadh a bheith ann ó thalamh dífhoraoisithe, ó thalamh foraoisithe, ó thalamh curaíochta bainistithe agus ó fhéarthailte bainistithe de bhun Rialachán [ ]. Tá an méid sin gan dochar do dhualgas an Choimisiúin comhlíonadh a áirithiú i leith na noibleagáidí atá ag na Ballstáit de thoradh an Rialacháin seo ná don chumhacht atá ag an gCoimisiún imeachtaí um shárú a thionscamh chun na críche sin.

(14)Mar bhealach chun feabhas a chur ar chostéifeachtúlacht fhoriomlán na laghduithe iomlána, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cuid dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a aistriú chuig Ballstáit eile. Ba cheart trédhearcacht na naistrithe sin a áirithiú agus d'fhéadfaí iad a dhéanamh ar bhealach is caoithiúil don dá pháirtí, lena náirítear trí bhíthin ceantáil, úsáid idirghabhálaithe margaidh a ghníomhaíonn ar bhonn gníomhaireachta, nó trí shocruithe déthaobhacha.

(15)Tá sé mar aidhm ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt inbhuanaithe agus cúnamh a thabhairt i dtreo feabhas suntasach agus intomhaiste a bhaint amach i gcomhshaol na hEorpa, trí fhaisnéis atá tráthúil, spriocdhírithe, ábhartha agus iontaofa a sholáthar do lucht déanta beartas, d’institiúidí poiblí agus don phobal i gcoitinne. Ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cúnamh a thabhairt don Choimisiún de réir mar is iomchuí i gcomhréir lena chlár oibre bliantúil.

(16)Chun foráil a dhéanamh maidir le cuntas iomchuí a thabhairt ar idirbhearta faoin Rialachán seo lena náirítear solúbthachtaí a úsáid agus seiceálacha comhlíontachta a chur i bhfeidhm, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hAirteagal 11. Ba cheart na forálacha is gá a bheith in aon ionstraim amháin ina gcomhcheanglófaí na forálacha cuntasaíochta a dhéantar i dTreoir 2003/87/CE, i Rialachán Uimh. (AE) 525/2013, i Rialachán [ ] agus sa Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Eorpach na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain go córasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(17)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le hAirteagal 4 a chur chun feidhme, ar dá réir a leagfar síos na teorainneacha bliantúla ar astaíochtaí le haghaidh na mBallstát, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 .

(18)Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do chuspóirí náisiúnta atá níos déine.

(19)Ba cheart aon choigeartuithe ar an gcumhdach a leagtar amach in Airteagail 11, 24, 24a agus 27 de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 a mheaitseáil le coigeartú comhfhreagrach ar an uasmhéid astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaíonn an Rialachán seo. Dá thoradh sin, i gcás ina náireoidh Ballstáit astaíochtaí breise ina ngealltanais faoin Rialachán seo ó shuiteálacha a bhí cumhdaithe ag Treoir 2003/87/CE, ba cheart do na Ballstáit sin beartais bhreise agus bearta breise a chur chun feidhme sna hearnálacha atá cumhdaithe ag an Rialachán seo chun na hastaíochtaí sin a laghdú.

(20)Ba cheart an Rialachán seo a athbhreithniú in 2024 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin chun a fheidhmiú foriomlán a mheas. Ba cheart a chur san áireamh san athbhreithniú an tathrú atá ag teacht ar imthosca agus ba cheart é a dhéanamh i bhfianaise na dtorthaí ar stocáireamh domhanda Chomhaontaithe Pháras.

(21)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos sa Rialachán seo oibleagáidí maidir leis an rannchuidiú íosta nach mór do na Ballstáit a dhéanamh ar son chomhlíonadh ghealltanas an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú don tréimhse idir 2021 augs 2030, rialacha maidir le leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a chinneadh agus meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát i dtreo a rannchuidiú íosta a chomhlíonadh.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó na catagóirí foinse Fuinneamh, Próisis Thionsclaíocha, Úsáid Táirgí, Talmhaíocht agus Dramhaíl de chuid an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide arna gcinneadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, diomaite d'astaíochtaí ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE.

2.Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe atá cumhdaithe ag Rialachán [ ][LULUCF].

3.Chun críocha an Rialacháin seo, measfar nach mbíonn astaíochtaí CO2 ar bith ón gcatagóir foinse de chuid an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide '1.A.3.A eitlíocht shibhialta'.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

1.ciallaíonn 'astaíochtaí gás ceaptha teasa' astaíochtaí, i dtéarmaí coibhéise tonaí CO2, de dhé-ocsaíd charbóin (CO2), de mheatán (CH4), d'ocsaíd nítriúil (N2O), de hidreafluaracarbóin (HFCs), de shárfhluaracarbóin (PFCs), de thrífhluairíd nítrigine (NF3) agus de heicseafluairíd sulfair (SF6) arna gcinneadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus atá laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo;

2.ciallaíonn 'leithdháiltí bliantúla astaíochtaí' na hastaíochtaí uasta gás ceaptha teasa is ceadmhach i gcomhair gach bliain idir 2021 agus 2030 arna gcinneadh de bhun Airteagal 4(3) agus Airteagal 10.

Airteagal 4

Leibhéil bhliantúla astaíochtaí don tréimhse idir 2021 agus 2030

1.Déanfaidh gach Ballstát a chuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a theorannú, in 2030, ag cloí, ar a laghad, leis an gcéatadán a leagtar síos don Bhallstát sin in Iarscríbhinn I den Rialachán seo i ndáil lena astaíochtaí in 2005 arna gcinneadh de bhun mhír 3.

2. De réir na solúbthachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 5, 6 agus 7, i leith an choigeartaithe de bhun Airteagal 10(2) agus ag cur san áireamh aon laghdú a thiocfaidh as Airteagal 7 de Threoir Uimh. 406/2009/CE a chur chun feidhme, áiritheoidh gach Ballstát nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa i ngach bliain idir 2021 agus 2029 an leibhéal a shainítear le conair líneach a thosaíonn in 2020 ar bhonn mheán a astaíochtaí gás ceaptha teasa le linn 2016, 2017 agus 2018 arna gcinneadh de bhun mhír 3 agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

3. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina leagfar amach na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do na blianta idir 2021 agus 2030 i dtéarmaí tonaí coibhéise CO2 mar a shonraítear i mír 1 agus i mír 2. Chun críocha an ghnímh cur chun feidhme sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí is déanaí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2005 agus 2016 go 2018 a chuir na Ballstáit isteach de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013.

4.Sonrófar freisin sa ghníomh cur chun feidhme sin, bunaithe ar na céatadáin ar thug na Ballstáit fógra fúthu faoi Airteagal 6(2), na cainníochtaí is féidir a chur san áireamh i ndáil le hAirteagal 9 a bheith comhlíonta acu idir 2021 agus 2030. Má sháraíonn suim chainníochtaí na mBallstát uile an tiomlán comhpháirteach, mar atá 100 milliún, déanfar na cainníochtaí do gach Ballstát a laghdú ar bhonn pro rata ionas nach sárófar an tiomlán comhpháirteach.

5.Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13.

Airteagal 5

Ionstraimí solúbthachta chun cloí leis na teorainneacha bliantúla

1.Féadfaidh na Ballstáit na solúbthachtaí a leagtar amach i mír 2 go mír 6 den Airteagal seo, agus in Airteagal 6 agus Airteagal 7, a úsáid.

2.Maidir leis na blianta 2021 go 2029, féadfaidh Ballstát réamhúsáid a bhaint as cainníocht suas le 5 % ón leithdháileadh bliantúil astaíochtaí atá aige don chéad bhliain eile.

3.Féadfaidh Ballstát a bhfuil a astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhliain áirithe níos lú ná an leithdháileadh bliantúil astaíochtaí atá aige don bhliain sin, ag cur san áireamh úsáid na solúbthachtaí dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 6, féadfaidh an Ballstát sin taisce a dhéanamh den fhuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí le haghaidh blianta ina dhiaidh sin go dtí 2030.

4.Féadfaidh Ballstát suas le 5 % dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí le haghaidh bliain ar leith a aistriú go Ballstáit eile. Féadfaidh an Ballstát is tairbhí de sin an chainníocht sin a úsáid chun Airteagal 9 a chomhlíonadh sa bhliain lena mbaineann nó i mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030.

5.Féadfaidh Ballstát a aistriú chuig Ballstáit eile an chuid sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí le haghaidh bliain ar leith a sháraíonn a astaíochtaí gás ceaptha teasa don bhliain sin, ag cur san áireamh úsáid na solúbthachtaí dá bhforáiltear i mír 2 go mír 4 agus in Airteagal 6. Féadfaidh an Ballstát is tairbhí de sin an chainníocht sin a úsáid chun Airteagal 9 a chomhlíonadh sa bhliain lena mbaineann nó i mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030.

6.Beidh na Ballstáit in ann creidmheasanna ó thionscadail, arna neisiúint de bhun Airteagal 24a(1) de Threoir 2003/87/CE, a úsáid chun Airteagal 9 a chomhlíonadh, gan aon teorainn chainníochtúil agus comhaireamh dúbailte á sheachaint.

Airteagal 6

Solúbthacht le haghaidh Ballstáit áirithe i ndiaidh laghdú ar liúntais faoi chóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh

1.Na Ballstáit sin lena mbaineann cealú teoranta de suas le 100 milliún liúntas faoi chóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 3(a) de Threoir 2003/87/CE agus ar féidir a chur san áireamh le chéile i ndáil le comhlíonadh an Rialacháin seo, tá siad liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.Tabharfaidh na Ballstáit a liostaítear in Iarscríbhinn II fógra don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2019 maidir le haon rún atá acu úsáid a bhaint as cealú teoranta ar liúntais suas leis an gcéatadán a liostaítear in Iarscríbhinn II i gcás an Bhallstáit lena mbaineann, chun comhlíonadh Airteagal 9 a áirithiú.

3.Arna iarraidh do Bhallstát, déanfaidh an Riarthóir Lárnach atá ainmnithe de réir Airteagal 20 de Threoir 2003/87/CE (dá nglaoitear "an Riarthóir Lárnach" feasta) an chainníocht dá dtagraítear in Airteagal 4(4) a chur san áireamh i ndáil le comhlíonadh Airteagal 9 ag an mBallstát sin. Déanfar aon deichiú den mhéid liúntas arna gcinneadh de bhun Airteagal 4(4) a chealú de bhun Airteagal 12(4) de Threoir 2003/87/CE le haghaidh gach bliain idir 2021 agus 2030.

Airteagal 7

Úsáid bhreise suas le 280 milliún glanaistriú ó thalamh dífhoraoisithe, ó thalamh foraoisithe, ó thalamh curaíochta bainistithe agus ó fhéarthailte bainistithe

1.A mhéid a sháróidh astaíochtaí Ballstáit a leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do bhliain áirithe, féadfaidh cainníocht suas le suim na nglanaistrithe iomlána agus na nglanastaíochtaí iomlána ó na catagóirí cuntasaíochta comhcheangailte talamh dífhoraoisithe, talamh foraoisithe, talamh curaíochta bainistithe agus féarthailte bainistithe, dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán [ ] [LULUCF], féadfaidh an chainníocht sin a chur san áireamh i ndáil le comhlíonadh Airteagal 9 den Rialachán seo ag an mBallstát sin, ar choinníoll:

(a) nach sáróidh an chainníocht charnach a chuirfear san áireamh i gcás an Bhallstáit sin do gach bliain den tréimhse idir 2021 agus 2030 an leibhéal a leagtar síos in Iarscríbhinn III i gcás an Bhallstáit sin;

(b) gur mó an chainníocht sin ná na ceanglais atá ar an mBallstát sin faoi Airteagal 4 de Rialachán [ ][LULUCF];

(b) nach bhfuil níos mó glanaistrithe faighte ag an mBallstát faoi Rialachán [ ][LULUCF] ó Bhallstáit eile ná mar atá aistrithe aige féin; agus

(d) go bhfuil ceanglais Rialachán [ ][LULUCF] comhlíonta ag an mBallstát.

2. An gníomh tarmligthe chun na leibhéil tagartha foraoise a thabhairt cothrom le dáta bunaithe ar na pleananna cuntasaíochta foraoiseachta náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 8(6) de Rialachán [LULUCF], i gcás ina ndéanfar an gníomh sin a ghlacadh, cumhachtófar an Coimisiún chun gníomh tarmligthe a ghlacadh chun mír 1 den Airteagal seo a mhodhnú chun léiriú a thabhairt ar rannchuidiú na catagóire cuntasaíochta talamh foraoise bainistithe i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo.

Airteagal 8

Gníomhaíocht cheartaitheach

1.I gcás inarb é an mheastóireacht a dhéanfar ar Bhallstát faoi Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 nach bhfuil a dhóthain dul chun cinn déanta aige, déanfaidh an Ballstát sin, laistigh de thrí mhí, plean gníomhaíochta a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh:

(a) gníomhaíochtaí a chuirfidh an Ballstát chun feidhme chun a oibleagáid shonrach faoi Airteagal 4 a chomhlíonadh, trí bheartais intíre agus trí bhearta intíre agus trí ghníomhaíocht an Aontais a chur chun feidhme;

(b) clár ama chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme, lena mbeifear in ann an dul chun cinn bliantúil ina gcur chun feidhme a mheas.

2. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cúnamh don Choimisiún ina chuid oibre chun meastóireacht a dhéanamh ar na pleananna gníomhaíochta i gcomhréir lena chlár oibre bliantúil.

Airteagal 9

Comhlíonadh a sheiceáil

1.In 2027 agus 2032, má sháraíonn na hastaíochtaí gás ceaptha teasa athbhreithnithe atá ag Ballstát a leithdháiltí bliantúla astaíochtaí d'aon bhliain shonrach den tréimhse sin, de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus na solúbthachtaí arna núsáid de bhun Airteagal 5 go hAirteagal 7, beidh feidhm ag na bearta seo a leanas:

(a)méadú ar fhigiúr astaíochta an Bhallstáit don bhliain ina dhiaidh sin arb ionann é agus méid an fharasbairr astaíochtaí gás ceaptha teasa, i dtonaí coibhéise CO2, arna iolrú faoi fhachtóir 1.08, i gcomhréir leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 11; agus

(b)cuirfear toirmeasc sealadach ar an mBallstát aon chuid dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a aistriú chuig Ballstát eile go dtí go mbeidh an Rialachán seo á chomhlíonadh aige. Cuirfidh an Riarthóir Lárnach an toirmeasc sin chun feidhme sa chlárlann dá dtagraítear in Airteagal 11.

2. Más mó astaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit le linn na tréimhse idir 2021 agus 2025 nó le linn na tréimhse idir 2026 agus 2030 faoi Rialachán [ ] ná aistrithe gás ceaptha teasa an Bhallstáit sin, arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán sin, bainfear as leithdháileadh bliantúil an Bhallstáit sin méid arb ionann é agus méid an fharasbairr astaíochtaí gás ceaptha teasa, i dtonaí coibhéise CO2, do na blianta ábhartha.

Airteagal 10

Coigeartuithe

1.Déanfar na leithdháiltí bliantúla do gach Ballstát faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a choigeartú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:

(a) coigeartuithe ar líon na liúntas le haghaidh astaíochtaí gás ceaptha teasa a eisítear de bhun Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE de thoradh athrú ar na faoinsí a chumhdaíonn an Treoir sin;

(b) coigeartuithe ar líon na liúntas nó na gcreidmheasanna faoi seach a eisítear faoi Airteagal 24 agus Airteagal 24a de Threoir 2003/87/CE maidir le laghduithe ar astaíochtaí i mBallstát; agus

(c) coigeartuithe ar líon na liúntas a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó shuiteálacha arna neisiamh ó chóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 27 de Threoir 2003/87/CE le linn na tréimhse atá siad eisiata.

2.Déanfar an méid atá in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo a chur leis an leithdháileadh don bhliain 2021 i gcás gach Ballstát dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin.

3.Foisleoidh an Coimisiún na figiúirí a eascróidh as na coigeartuithe sin.

Airteagal 11

Clárlann

1.Áiritheoidh an Coimisiún cuntasaíocht chruinn faoin Rialachán seo trí Chlárlann an Aontais arna bunú de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, lena náirítear leithdháiltí bliantúla astaíochtaí, solúbthachtaí arna núsáid de bhun Airteagal 4 go hAirteagal 7, comhlíonadh de réir Airteagal 9 agus athruithe ar a gcumhdaítear faoi Airteagal 10 den Rialachán seo. Déanfaidh an Riarthóir Lárnach seiceáil uathoibrithe ar gach idirbheart faoin Rialachán seo agus, más gá, cuirfidh sé cosc ar idirbhearta chun a áirithiú nach mbíonn aon neamhrialtachtaí ann. Beidh rochtain phoiblí ar an bhfaisnéis seo.

2.Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomh tarmligthe a ghlacadh chun mír 1 a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo.

Airteagal 12

An tarmligean a fheidhmiú

1. Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus in Airteagal 11 den Rialachán seo a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus in Airteagal 11 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(2) agus 11 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 13

Nós imeachta coiste

1. Déanfaidh an Coiste um an Athrú Aeráide, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, cúnamh a thabhairt don Coimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 14

Athbhreithniú

Tuairisceoidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 28 Feabhra 2024 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, maidir leis an méid atá sé a chur le gnóthú sprioc fhoriomlán an Aontais Eorpaigh maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030 agus maidir leis an méid atá sé a chur le gnóthú spriocanna Chomhaontú Pháras, agus féadfaidh sé moltaí a dhéanamh más iomchuí.

Airteagal 15

Leasú ar Rialachán Uimh. 525/2013/AE

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 525/2013/CE leis seo mar a leanas:

1. Leasaítear Airteagal 7(1) mar a leanas:

a) Cuirtear pointe (aa) isteach mar a leanas:

"(aa)ó 2023 amach, a nastaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán [an Rialachán maidir le comhroinnt díchill] maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit idir 2021 agus 2030 don bhliain X-2, i gcomhréir le ceanglais tuairiscithe ChreatChoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide;"

2.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 7(1):

"Ina dtuarascálacha, déanfaidh na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas in aghaidh na bliana maidir le rún a bheith acu úsáid a bhaint as na solúbthachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 5(4) agus (5) de Rialachán [an Rialachán maidir le comhroinnt díchill] maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit idir 2021 agus 2030."

3.Cuirtear fomhír (d) isteach mar a leanas in Airteagal 13(1)(c):

"(viii).ó 2023 amach, faisnéis faoi bheartais náisiúnta agus faoi bhearta náisiúnta a cuireadh chun feidhme chun a noibleagáidí a chomhlíonadh faoi Rialachán [an Rialachán maidir le comhroinnt díchill] maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit idir 2021 agus 2030, agus faisnéis faoi bheartais náisiúnta bhreise atá pleanáilte agus bearta atá beartaithe d'fhonn astaíochtaí gás ceaptha teasa a theorannú sa bhreis ar a ngealltanais de réir an Rialacháin seo."

4.In Airteagal 14(1), cuirtear isteach pointe (f) mar a leanas:

"(f)ó 2023 amach, réamh-mheastacháin gás ceaptha teasa agus meastacháin ar leith le haghaidh na nastaíochtaí gás ceaptha teasa atá réamh-mheasta i gcás na bhfoinsí astaíochtaí atá cumhdaithe ag Treoir 2003/87/CE agus ag Rialachán [an Rialachán maidir le comhroinnt díchill] maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit idir 2021 agus 2030."

5. In Airteagal 21(1), cuirtear isteach pointe (c) mar a leanas:

"c) oibleagáidí faoi Airteagal 4 de Rialachán [an Rialachán maidir le comhroinnt díchill] maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit idir 2021 agus 2030. Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht dul chun cinn maidir le beartais agus bearta an Aontais agus an fhaisnéis atá tugtha ag na Ballstáit. Gach re bliain, cuirfear san áireamh sa mheastóireacht dul chun cinn réamh-mheasta an Aontais i dtreo chomhlíonadh a ghealltanas maidir le laghdú agus dul chun cinn na mBallstát i dtreo chomhlíonadh a noibleagáidí faoin Rialachán seo."

6. Cuirtear mír 4 le hAirteagal 21 mar a leanas:

"Féadfaidh an Coimisiún tuairimí a thabhairt maidir leis na pleananna gníomhaíochta atá curtha isteach ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán [an Rialachán maidir le comhroinnt díchill] maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit idir 2021 agus 2030."

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit idir 2021 agus 2030 ar mhaithe le hAontas Fuinnimh buanseasmhach agus chun gealltanais faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 23  

Réimse beartais: Gníomhú ar son na haeráide

Gníomhaíocht ABB: Gníomhú ar son na haeráide ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta (cód ABB 34 02 01)

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 24  

X Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Baineann an togra seo leis an reachtaíocht lena gcuirtear chun feidhme pacáiste aeráide agus fuinnimh 2030 a chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach i nDeireadh Fómhair 2014 d'fhonn sprioc 2030 an Aontais maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach; laghdú 40 % ar a laghad, ar leibhéal intíre, le hais 1990 an sprioc atá le baint amach ar bhealach costéifeachtúil a chuideoidh chun an téamh domhanda a theorannú.

Tá an togra ar cheann de dheich dtosaíocht pholaitiúla an Choimisiúin agus ina chuid thábhachtach den Chreatstraitéis maidir le hAontas Fuinnimh.

1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach Uimh. 1

Faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát i dtaca lena noibleagáidí maidir le laghduithe ar astaíochtaí a chomhlíonadh, agus an comhlíonadh sin a sheiceáil d'fhonn laghdú 30 % a bhaint amach in astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud na hEorpa le hais 2005 sna hearnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo, ar bhealach cothrom costéifeachtúil a áirithíonn sláine an chomhshaoil.

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Gníomhú ar son na haeráide 


1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Faoin togra seo, bainfear laghdú 30 % amach faoin mbliain 2030 le hais 2005 ar fud an Aontais Eorpaigh i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa sna hearnálacha sin nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo.

Leagtar síos sa togra spriocanna na mBallstát do na hearnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo agus bunaítear na spriocanna sin, den chuid is mó, ar an olltáirgeacht intíre per capita, rud a thugann aghaidh ar príomhábhar imní na mBallstát, mar atá an chothroime. Beifear in ann na spriocanna a bhaint amach ar bhealach costéifeachtúil a bhuí leis na coigeartuithe atá beartaithe ar na spriocanna do na Ballstáit ardioncaim agus leis an bhfeabhas ar na hionstraimí solúbthachta atá ann cheana agus na hionstraimí solúbthachta nua. Chun sláine fhoriomlán an chomhshaoil a áirithiú, ní mór an túsphointe do 2021 i dtaca leis na sprioc-conairí a bhunú ar astaíochtaí stairiúla agus is gá na sáraí solúbhtachta nua a theorannú chun a áirithiú go mbainfear amach gealltanas idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh laghdú 40 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2030 le hais 1990.

Moltar gan na seiceálacha ar chomhlíonadh a dhéanamh ach gach cúig bliana, seachas go bliantúil, ionas go laghdófar an tualach riaracháin a bheidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún Eorpach. Níl aon oibleagáidí ar ghnólachtaí, FBManna ná ar mhicrifhiontair maidir le tuairisciú díreach nó iarmhairtí eile riaracháin.

Tá an togra á dhíriú ar na Ballstáit ina gcáil mar ghníomhaithe institiúideacha. Ó tharla gur ar an leibhéal náisiúnta atá an togra atá a bheartú le cur chun feidhme, is leis na córais riaracháin náisiúnta a bhaineann sé den chuid is mó. Beidh tionchar ag cineál agus raon na mbeart a chuirfidh na Ballstáit chun feidhme ar na geallsealbhóirí éagsúla sna hearnálacha lena mbaineann.

Is ag brath ar na beartais agus ar na bearta náisiúnta a roghnóidh gach tír ar leith a bheidh aon tionchair eile.

1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Táscaire Uimhir 1: Leibhéal an laghdaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas Eorpach ó na hearnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo.

Táscaire Uimhir 2: Leibhéal na laghduithe ar astaíochtaí sna Ballstáit.

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Bainfidh na Ballstáit amach a gcuid spriocanna laghdaithe astaíochtaí náisiúnta in 2030. Cuirfidh siad chun feidhme, ar an leibhéal náisiúnta, pé beartais agus bearta, maille le forálacha dlíthiúla agus riaracháin, is gá chun go mbeidh siad i gcomhréir leis an togra. Tá sé i gceist ag an gCoimisiún na bearta ábhartha cur chun feidhme a fhorbairt i dtaca leis an tréimhse tar éis 2020.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Fadhb thrasteorann é an tathrú aeráide. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na gníomhaíochta atá á beartú a bhaint amach go leordhóthanach ag gníomhú dóibh ina naonar, tá údar leis – ar bhonn na coimhdeachta – go ndéanfaí an gníomhú ar son na haeráide a chomhordú ar an leibhéal Eorpach agus, a mhéid is féidir, ar an leibhéal domhanda. Oibríonn an tAontas Eorpach agus na Ballstáit as lámh a chéile chun Comhaontú Pháras a chur chun feidhme. Trí bhíthin na comhpháirtíochta sin, féadann an tAontas Eorpach aghaidh a thabhairt ar shaincheist an chothromais agus na héifeachtúlachta agus san am céanna cuspóir uaillmhianach comhshaoil a bhaint amach. In Airteagail 191 go 193 CFAE, deimhnítear inniúlachtaí an Aontais i réimse an athraithe aeráide.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Cé go bhfuil an Cinneadh maidir le Comhroinnt Díchill fós i gcéimeanna luatha an chur chun feidhme, is féidir a mheas go raibh gealltanais an Chinnidh maidir le Comhroinnt Díchill éifeachtach, ar a laghad go páirteach, maidir le spreagadh a thabhairt do bheartais náisiúnta nua agus bearta lena gcuirtear chun cinn laghduithe éifeachtacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi raon feidhme an Chinnidh maidir le Comhroinnt Díchill. Treisíodh an éifeacht sin toisc gur seoladh í le chéile le roinnt beartais aeráide agus fuinnimh eile de chuid an Aontais mar chuid den phacáiste 2020, go háirithe maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus le fuinneamh inathnuaite. I gcás roinnt earnálacha a bhaineann leis an gCinneadh maidir le Comhroinnt Díchill, lena náirítear foirgnimh, iompar, talmhaíocht agus dramhaíl, is féidir cuid shuntasach de na laghduithe astaíochtaí go dtí seo a leagan ar chúiseanna amhail athruithe teicneolaíochta a dhéantar faoi anáil idirghabhálacha beartais a easraíonn ó phacáiste 2020. Ar an iomlán, mar thoradh ar an gCinneadh maidir le Comhroinnt Díchill tá na Ballstáit níos gníomhaí anois maidir le bearta nua a mheas chun astaíochtaí a laghdú sna hearnálacha a bhaineann leis an gCinneadh agus maidir leis an gcaoi is fearr chun iad a dhearadh. Fuarthas gur teoranta an tualach riaracháin breise beag ar leibhéal na mBallstát de thoradh an Chinnidh maidir le Comhroinnt Díchill, cé go bhféadfadh deiseanna a bheith ann costais riaracháin a laghdú ar leibhéal an Aontais.

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Leis an togra seo, leanfar le sásra reatha an Aontais Eorpaigh maidir le roinnt an díchill anuas go dtí 2030 i dtaca leis na hearnálacha sin nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo. Is cuid dhílis é de chreat aeráide agus fuinnimh 2030 agus de Chreatstraitéis an Choimisiúin maidir le hAontas Fuinnimh buanseasmhach maille le beartas réamhbhreathnaitheach don athrú aeráide. Tá sé ina chuidiú, go háirithe, agus an ceathrú gné den Aontas Fuinnimh – dícharbónú an gheilleagair – á baint amach.

Tá sé ag teacht le codanna eile de Phacáiste an Aontais Fuinnimh, amhail an pacáiste éifeachtúlachta fuinnimh a dhíríonn go láidir ar éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh, an pacáiste fuinnimh inathnuaite, agus ar thionscnamh an dícharbónaithe in earnáil an iompair.

Is faoi na Ballstáit féin atá sé beartais agus bearta a chur chun feidhme d'fhonn a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh; beifear ag súil go mbeidh cuid de na beartais agus na bearta sin ina gcuidiú chun gealltanais an Aontais Eorpaigh i dtaca leis an bhfuinneamh inathnuaite agus leis an éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach.


1.6.Fad agus tionchar airgeadais

X Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta: 

◻ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ó 2021 go 2030

◻ Tionchar airgeadais ó 2019 go 2031

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 25  

X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

◻ ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit 

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

◻ comhlachtaí dlí poiblí;

◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

Leanann an togra seo leis an méid a cuireadh i bhfeidhm faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE (Cinneadh maidir le Comhroinnt Díchill) i dtaca leis na hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe céanna a bheith ar na Ballstáit agus na tascanna bainistithe céanna a bheith ar an gCoimisiún. Leanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil de bheith ag tacú leis an gCoimisiún i dtaca le faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát i dtaca lena gcuid oibleagáidí de bhun an togra a chomhlíonadh.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Beidh an faireachán ar an dul chun cinn agus an measúnú comhlíontachta ag brath ar chreat cuimsitheach maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú, ar ann dó cheana agus a leagtar síos sa Chinneadh maidir le Comhroinnt Díchill, agus sa Rialachán um Shásraí Faireacháin (Rialachán (AE) 525/2013) agus ina fhorálacha cur chun feidhme. Faoin togra seo, coinneofar an timthriall daingean maidir le tuairisciú agus comhlíonadh a shainmhínítear faoin gCinneadh maidir le Comhroinnt Díchill. Beidh sé fós d'oibleagáid ar na Ballstáit teorainneacha bliantúla astaíochta agus conair líneach le linn na tréimhse 2021-2030 a chomhlíonadh ach ní dhéanfar an tseiceáil iarbhír ar chomhlíonadh ach gach 5 bliana, seachas go bliantúil.

Chun a áirithiú go bhfuil an measúnú comhlíontachta á dhéanamh ar bhonn sonraí beachta, leanfar d'athbhreithniú an Choimisiúin ar na fardail astaíochtaí gás ceaptha teasa a thíolacann na Ballstáit. Leanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil de bheith ag comhordú rialú na faisnéise a chuirfear ar fáil i dtaca le trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine.

Leanfar de na ceanglais atá ann cheana ar na Ballstáit tuarascáil a thabhairt gach dara bliain maidir leis na beartais agus na bearta a cuireadh chun feidhme chun a spriocanna maidir le hoibleagáidí faoin togra seo a bhaint amach agus maidir lena réamh-mheastacháin astaíochtaí.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

Ballstáit nach dtugann aon tuairisc ar a nastaíochtaí gás ceaptha teasa bliantúla nó nach dtugann in am í.

2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm.

A bhuí leis an gcóras bliantúil tuairiscithe seanbhunaithe atá ann cheana i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa na mBallstát, agus atá leagtha síos sa Rialachán um Shásraí Faireacháin, tá nósanna imeachta ar bun lena náiritheofar go dtíolacfar in am na tuarascálacha astaíochta agus gur féidir teacht i gcabhair ar Bhallstát nach gcomhlíonann a oibleagáid maidir leis an tuairisciú.

2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis.

Ní bhaineann an riosca earráide le hábhar.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Is ag brath ar chóras seanbhunaithe atá ann cheana chun rialú cáilíochta agus fíorú a dhéanamh ar na tuarascálacha bliantúla maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa na mBallstát atá an faireachán ar dhul chun cinn na mBallstát i dtaca lena ngealltanais faoin togra seo. Áirithítear leis sin go dtugtar aghaidh ar aon bhearnaí nó ar aon mhírialtachtaí i dtaca leis na sonraí astaíochta tuairiscithe agus go gceartaítear iad in am don tseiceáil ar chomhlíonadh.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

LD/LN 26 .

ó thíortha de chuid CSTE 27

ó thíortha is iarrthóirí 28

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

2

34.02.01 29

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

2

07.02.06 30

Difreáilte

NÍL

5

34.01 %

Neamhdhifreáilte.

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

Línte nua buiséid atá á niarraidh: Neamhbhainteach 

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghascaiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir
[Ceannteideal
………………………………………]

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[XX.YY.YY.YY]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

]

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

Uimhir

Fás Inbhuanaithe: Acmhainní nádúrtha

Ard-Stiúrthóireacht: CLIMA

Bliain
2017

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

IOMLÁN

• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

34 02 01

Gealltanais

(1)

0.900

0.900

Íocaíochtaí

(2)

0.540

0.360

0.900

07 02 06

Gealltanais

(1a)

0.200

0.200

0.400

Íocaíochtaí

(2 a)

0.200

0.200

0.400

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach 31  

Uimhir na líne buiséid

(3)

IOMLÁN leithreasuithe
do AS CLIMA

Gealltanais

=1+1a +3

1.100

0.200

1.300

Íocaíochtaí

=2+2a

+3

0.740

0.560

1.300






IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

1.100

0.200

1.300

Íocaíochtaí

(5)

0.740

0.560

1.300

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 2
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

1.100

0.200

1.300

Íocaíochtaí

=5+ 6

0.740

0.560

1.300

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

• IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

1.100

0.200

1.300

Íocaíochtaí

=5+ 6

0.740

0.560

1.300

Is faoi chuimsiú imchlúdach airgeadais do LIFE, agus faoi chuimsiú na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil go pointe, a dhéanfar na bearta atá beartaithe faoi mar a comhaontaíodh faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020.





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2017

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: CLIMA

• Acmhainní daonna

0.402

0.402

0.606

0.606

2.016

• Caiteachas eile riaracháin

0.015

0.015

0.030

IOMLÁN AS CLIMA

Leithreasuithe

0.402

0.402

0.621

0.621

2.046

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0.402

0.402

0.621

0.621

2.046

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2017

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

0,402

0,402

1,721

0,821

3,346

Íocaíochtaí

0,402

0,402

1,361

1,181

3,346

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
2017

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 32

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1

- Aschur

Conradh seirbhíse

0.900

1

0.900

1

0,900

- Aschur

Forbairt TF

0.200

1

0.200

1

0.200

2

0,400

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

2

1.100

1

0.200

5

3.100

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

COSTAS IOMLÁN

2

1.100

1

0.200

3

1,300

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

X Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2017

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

0,402

0,402

0.606

0.606

2,016

Caiteachas riaracháin eile

0.015

0.015

0,030

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0,402

0,402

0.621

0.621

2,046

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 33
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo-iomlán
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

0,402

0,402

0.621

0.621

2.046

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain
2017

Bliain
2018

Bliain 2019

Bliain 2020

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

34 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

3

3

4

4

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 34

34 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

1

1

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 yy  35

- sa Cheanncheathrú

- i dToscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

3

3

5

5

Is é 34 an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Ós rud é go bhfuil an togra seo ag leanúint den Chinneadh maidir le Comhroinnt Díchill atá i bhfeidhm faoi láthair, leanfaidh an fhoireann AD atá in Ard-Stiúrthóireacht CLIMA faoi láthair de bheith ag bainistiú. Beidh oifigeach AD breise ag teastáil ó 2019 ar aghaidh chun tacaíocht custaiméirí a chur ar fáil d'ionadaithe na mBallstát agus chun an chuid sin den Chinneadh maidir le Comhroinnt Díchill a bhaineann leis an gClárlann atá ann faoi láthair (ar córas casta criticiúil é) a bhainistiú.

Pearsanra seachtrach

Beidh gníomhaire ar conradh (AC) ag teastáil chun tacaíocht a thabhairt le linn chéim an aistrithe agus an fhorluí idir an Cinneadh maidir le Comhroinnt Díchill atá ann faoi láthair agus an ceann a bheidh ann, sna blianta 2019-2020, agus chun cuidiú ag céim tosaigh an tionscnaimh nua.

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

X  Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

X Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe




3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

x Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   maidir le hacmhainní dílse

   ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 36

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

[…]

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

[…]

(1) Cinneadh Uimh. 406/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát chun a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun gealltanais laghdaithe an Chomhphobail i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chomhlíonadh go 2020 (IO L 140, 5,6,2009, lch.136).
(2) COM(2016) 0395 final
(3) COM(2016) 0110 final
(4) Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13).
(5) COM(2016)483 Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme Chinneadh Uimh. 406/2009/AE de bhun Airteagal 14 de.
(6) Tionóladh an comhairliúchán ón 26 Márta go dtí an 18 Meitheamh 2015 agus tá sé ar fáil ar shuíomh gréasáin Shuirbhé an Aontais  http://ec.europa.eu/clima/consultations/articles/0025_en.htm .
(7) Féach SWD(2016)247, Iarscríbhinn 8.2.
(8) An Coimisiún Eorpach: Cás tagartha an Aontais Eorpaigh, 2016, Fuinneamh, Iompar agus Astaíochtaí gás ceaptha teasa, Treochtaí go dtí 2050.
(9) Staidéar tacaíochta le haghaidh na Meastóireachta ar Chinneadh Uimh. 406/2009/AE (An Cinneadh maidir le Comhroinnt Díchill), Fuinneamh agus an Comhshaol Ricardo le Trinomic agus Vito.
(10)

   SWD(2016) 247 agus SWD(2016) 248. Thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach faoin dréacht-tuarascáil ar an measúnú tionchair, féach SEC(2016) 339.

(11) SWD(2014)15, SWD(2014)255 final 
(12) Sa tuarascáil luafar dul chun cinn na mBallstát i dtaobh a n-oibleagáidí faoin Aontas Fuinnimh agus a chóras rialachais.
(13) IO C , , lch. .
(14) IO C , , lch. .
(15) IO C , , lch. .
(16) COM(2015)80
(17) Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13).
(18) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(19) Cinneadh Uimh. 406/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát chun a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun na gealltanais a chomhlíonadh atá tugtha ag an gComhphobal i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go 2020 (IO L 140, 5,6,2009, lch.136).
(20) SWD(2016) 247
(21) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(22) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(23) ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí; ABB: Buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(24) Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(25) Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid:  http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
(26) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte
(27) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(28) Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina n-iarrthóirí.
(29) Laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (maolú).
(30) Fóirdheontas don Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil
(31) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais Eorpaigh (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(32) Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(33) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(34) CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(35) Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(36) A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top

An Bhruiséil,20.7.2016

COM(2016) 482 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit idir 2021 agus 2030 ar mhaithe le hAontas Fuinnimh buanseasmhach agus chun gealltanais faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh agus lena leasaítear Rialachán Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú

{SWD(2016) 247 final}
{SWD(2016) 248 final}


IARSCRÍBHINN I

Laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na mBallstát in 2030 faoi bhun leibhéil 2005 arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4(3)

An Bheilg

-35 %

An Bhulgáir

-0 %

Poblacht na Seice

-14 %

An Danmhairg

-39 %

An Ghearmáin

-38 %

An Eastóin

-13 %

Éire

-30 %

An Ghréig

-16 %

An Spáinn

-26 %

An Fhrainc

-37 %

An Chróit

-7 %

An Iodáil

-33 %

An Chipir

-24 %

An Laitvia

-6 %

An Liotuáin

-9 %

Lucsamburg

-40 %

An Ungáir

-7 %

Málta

-19 %

An Ísiltír

-36 %

An Ostair

-36 %

An Pholainn

-7 %

An Phortaingéil

-17 %

An Rómáin

-2 %

An tSlóivéin

-15 %

An tSlóvaic

-12 %

An Fhionlainn

-39 %

An tSualainn

-40 %

An Ríocht Aontaithe

-37 %

LAGHDUITHE AR ASTAÍOCHTAÍ GÁS CEAPA TEASA NA mBALLSTÁT FAOI AIRTEAGAL 4

IARSCRÍBHINN II

CUIRFEAR NA BALLSTÁIT A BHFÉADFAÍ CEALÚ TEORANTA AR LIÚNTAIS AN CHÓRAIS TRÁDÁLA ASTAÍOCHTAÍ A CHUR SAN ÁIREAMH INA gCÁS MAIDIR LE COMHLÍONADH DE BHUN AIRTEAGAL 6

Céatadán uasta astaíochtaí 2005 arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Rialachán seo.

An Bheilg

2 %

An Danmhairg

2 %

Éire

4 %

Lucsamburg

4 %

Málta

2 %

An Ísiltír

2 %

An Ostair

2 %

An Fhionlainn

2 %

An tSualainn

2 %



IARSCRÍBHINN III

GLAN-AISTRITHE IOMLÁNA Ó THALAMH DÍFHORAOISITHE, Ó THALAMH FORAOISITHE, Ó THALAMH CURAÍOCHTA BAINISTITHE AGUS Ó FHÉARTHAILTE BAINISTITHE IS FÉIDIR LEIS NA BALLSTÁIT A CHUR SAN ÁIREAMH MAIDIR LE COMHLÍONADH DON TRÉIMHSE 2012 GO 2030 DE BHUN AIRTEAGAL 7

An tuasmhéid arna sloinneadh i milliún tona de choibhéis CO2

An Bheilg

3,8

An Bhulgáir

4,1

Poblacht na Seice

2,6

An Danmhairg

14,6

An Ghearmáin

22,3

An Eastóin

0,9

Éire

26,8

An Ghréig

6,7

An Spáinn

29,1

An Fhrainc

58,2

An Chróit

0,9

An Iodáil

11,5

An Chipir

0,6

An Laitvia

3,1

An Liotuáin

6,5

Lucsamburg

0,25

An Ungáir

2,1

Málta

0,03

An Ísiltír

13,4

An Ostair

2,5

An Pholainn

21,7

An Phortaingéil

5,2

An Rómáin

13,2

An tSlóivéin

1,3

An tSlóvaic

1,2

An Fhionlainn

4,5

An tSualainn

4,9

An Ríocht Aontaithe

17,8

An tuasmhéid iomlán:

280

IARSCRÍBHINN IV

AN COIGEARTÚ IOMLÁN DE BHUN AIRTEAGAL 10 MÍR 2

An coigeartú iomlán de bhun Airteagal 10(2) arna sloinneadh i dtonaí de choibhéis CO2 

An Bhulgáir

1602912

Poblacht na Seice

4440079

An Eastóin

145944

An Chróit

1148708

An Laitvia

547061

An Liotuáin

2165895

An Ungáir

6705956

An Pholainn

7456340

An Phortaingéil

1655253

An Rómáin

10932743

An tSlóivéin

178809

An tSlóvaic

2160210

Top