EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52016PC0196

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le húsáid an Chórais Dul Isteach/Imeachta

COM/2016/0196 final - 2016/0105 (COD)

An Bhruiséil,6.4.2016

COM(2016) 196 final

2016/0105(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le húsáid an Chórais Dul Isteach/Imeachta

{SWD(2016) 115 final}
{SWD(2016) 116 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is é is aidhm don togra seo leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) 1 . Na leasuithe atá beartaithe, tá gá leo toisc go bhfuil sé beartaithe córas dul isteach agus imeachta (EES) a bhunú, tionscnamh a bhfuil togra reachtach á thíolacadh ina leith ag an am céanna.

I bhFeabhra 2013, chuir an Coimisiún síos pacáiste na dteorainneacha cliste, pacáiste ina raibh trí cinn de thograí: (1) Rialachán maidir le córas dul isteach agus imeachta (EES) le haghaidh faisnéis a thaifeadadh faoi am agus áit dul isteach agus imeachta náisiúnach tríú tír atá ag taisteal chuig limistéar Schengen; (2) Rialachán maidir le Clár do Thaistealaithe Cláraithe (RTP) a chuirfeadh ar a chumas do náisiúnaigh tríú tír a ndearnadh réamh-ghrinnfhiosrúchán orthu tairbhe a bhaint as éascú seiceálacha teorann ag teorainn sheachtrach an Aontais; (3) Rialachán ag leasú Chód Teorainneacha Schengen chun bunú EES agus RTP a chur san áireamh 2 .

Tá cinneadh déanta ag an gCoimisiún ó shin:

an togra ó 2013 le haghaidh Rialachán maidir le córas dul isteach agus imeachta (EES) a athbhreithniú;

an togra ó 2013 le haghaidh Rialachán ag leasú Chód Teorainneacha Schengen a athbhreithniú chun athruithe teicniúla a chuimsiú ann a eascraíonn ón togra nua le haghaidh Rialachán lena mbunófar córas dul isteach agus imeachta (EES);

an togra ó 2013 le haghaidh Rialachán maidir le Clár do Thaistealaithe Cláraithe (RTP) a tharraingt siar.

Tá míniú níos mine ar na cúiseanna leis an gcinneadh sin sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis an togra reachtach leasaithe maidir le bunú EES agus sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra sin.

Dá bhrí sin, gabhfaidh an togra seo ionad thogra 2013 3 agus cuirfear isteach leis i gCód Teorainneacha Schengen na hathruithe teicniúla a eascraíonn ón togra nua le haghaidh Rialachán lena mbunófar córas dul isteach agus imeachta (EES), na hathruithe seo go háirithe: diúltú cead isteach do náisiúnaigh tríú tír a thaifeadadh in EES, gnéithe nua de na nósanna imeachta cúltaca le haghaidh EES agus idir-inoibritheacht EES, agus an chórais faisnéise víosaí (VIS). Ar an dóigh sin, tá curtha san áireamh sa togra seo torthaí na caibidlíochta a rinneadh sa Chomhairle agus i bParlaimint na hEorpa.

Toisc go mbeadh deireadh le stampáil de dhroim EES, d'fhéadfaí, a bhuí le bunú an chórais seo, oibríochtaí rialaithe teorann a uathoibriú i gcás náisiúnaigh tríú tír a dtabharfaí cead isteach dóibh le haghaidh gearrfhanachta (agus ar deireadh, ar bhonn víosa chamchuairte 4 ). Mar sin féin, is ar choinníollacha éagsúla a úsáidfear an córas rialaithe teorann uathoibrithe ag brath ar an gcatagóir ina bhfuil na taistealaithe (saoránaigh den Aontas Eorpach, de LEE nó den Eilbhéis, náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cárta cónaithe acu, náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cead cónaithe nó víosa fadfhanachta acu nó náisiúnaigh tríú tír dá dtugtar cead isteach le haghaidh gearrfhanachta faoi seach) agus is go leithligh a dhéanfar gach nós imeachta a rialú.

Comhthéacs ginearálta

Tá an comhthéacs ginearálta mínithe sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis an togra reachtach maidir le bunú EES agus sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo.

Forálacha atá ann cheana

Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) agus an Coinbhinsiún chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 a chur chun feidhme.

Ní mór a chur san áireamh gur thíolaic an Coimisiún togra an 15 Nollaig 2015 arb é ab aidhm leis leasú a dhéanamh ar Chód Teorainneacha Schengen maidir le hathneartú seiceálacha i mbunachair shonraí ábhartha ag na teorainneacha seachtracha  5 . Beidh tionchar ar an togra seo ag an gcaibidlíocht a dhéanfar ar an téacs sin, agus dá bhrí sin ba cheart deimhin a dhéanamh de gurb ann do na sineirgíochtaí is gá idir an dá thogra seo le linn phróiseas na caibidlíochta.

2.TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Tá tuairisc ar an gcomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara agus na measúnuithe tionchair sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis an togra reachtach maidir le bunú EES agus sa measúnú tionchair a ghabhann leis an togra sin.

3.EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Achoimre

Is leis na saincheisteanna seo a leanas a bhaineann na príomhleasuithe atá beartaithe:

sainmhínithe breise ar EES, ar chóras féinfhreastail, ar ríomhgheata, ar chóras Rialaithe Teorann Uathoibrithe (Airteagal 2);

na náisiúnaigh tríú tír a niontrálfar a sonraí in EES agus maoluithe air sin (Airteagal 6a);

seiceáil bharántúlacht na slise i ndoiciméid taistil ina bhfuil meán leictreonach stórála (Airteagal 8(2)) 6 ;

ar dhul isteach agus imeacht do náisiúnaigh tríú tír, fíorú bhailíocht a ndoiciméad taistil trí na bunachair shonraí ábhartha a cheadú agus, go háirithe, trí Chóras Faisnéise Schengen a cheadú; bunachar sonraí Interpol ina bhfuil faisnéis faoi dhoiciméid taistil atá goidte agus caillte; agus bunachair shonraí náisiúnta ina bhfuil faisnéis faoi dhoiciméid taistil a goideadh, a mídhílsíodh, a cailleadh agus a rinneadh neamhbhailí. Má tá ina ndoiciméad taistil íomhá den aghaidh ar taifead sa tslis, fíorú na híomhá sin, cé is moite de náisiúnaigh tríú tír a bhfuil a ndul isteach nó a nimeacht faoi réir a chláraithe in EES (Airteagail 8(3)(a)(i) agus 8(3)(g)(i));

ar dhul isteach do náisiúnaigh tríú tír, seiceáil bharántúlacht shonraí na slise i gceadanna cónaithe ina bhfuil meán leictreonach stórála agus fíorú bhailíocht na gceadanna cónaithe agus na víosaí fadfhanachta i gCóras Faisnéise Schengen agus i mbunachair shonraí ábhartha eile (Airteagal 8(3)(a)(ii));

ar dhul isteach nó imeacht, fíorú céannachta agus/nó aitheantais náisiúnaigh tríú tír ar tugadh cead isteach dó le haghaidh gearrfhanachta [nó le haghaidh fanacht ar bhonn víosa chamchuairte] trí EES a cheadú agus, más infheidhme, trí VIS a cheadú (Airteagail 8(3)(a)(iii) agus 8(3)(g)(iv));

fíorú ar dhul isteach agus imeacht, trí EES a cheadú, nár fhan náisiúnach tríú tír níos faide ná uasfhad an fhanachta údaraithe ar chríoch an Bhallstáit cheana agus, fíorú ar dhul isteach, trí EES a cheadú, gur chloígh náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosa dul isteach uair amháin nó dhá uair acu leis an uaslíon uaireanta atá siad údaraithe le dul isteach (Airteagail 8(3)(a)(iiia), 8(3)(g)(v) agus 8(3)(h)(ii);

ar dhul isteach do shealbhóirí víosa [nó do dhaoine a bhfuil víosa chamchuairte acu], fíorú bharántúlacht, bhailíocht chríochach, bhailíocht ama agus stádas bailí na víosa [nó na víosa camchuairte] agus, más infheidhme, fíorú chéannacht shealbhóir na víosa, tríd an gCóras Faisnéise Víosa (VIS) a cheadú (Airteagal 8(3)(b));

an fhéidearthacht EES a úsáid chun críocha sainaithint a dhéanamh ag na teorainneacha seachtracha (Airteagal 8(3) (i))

faisnéis don taistealaí faoin uaslíon laethanta atá san fhanacht atá údaraithe, agus torthaí an chuardaigh in EES á gcur san áireamh (Airteagal 8(9));

úsáid córas rialaithe teorann uathoibrithe:

i gcás saoránaigh den Aontas Eorpach, de LEE nó den Eilbhéis agus náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cárta cónaithe acu (Airteagal8a);

i gcás náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cead cónaithe acu (Airteagal8b);

úsáid córas féinfhreastail agus ríomhgheataí i gcás daoine a bhfuil a dtrasnú teorann faoi réir a chláraithe in EES (Airteagail 8c agus 8d);

tabhairt isteach clár éascaithe náisiúnta is féidir leis na Ballstáit a bhunú ar bhonn deonach (Airteagal 8e);

an oibleagáid sonraí a iontráil in EES fiú i gcás ina maolófar seiceálacha teorann (Airteagal 9(3));

na nósanna imeachta cúltaca atá le leanúint i gcás ina mbeidh sé dodhéanta go teicniúil sonraí a iontráil i Lárchóras EES nó i gcás chliseadh Lárchóras EES (Airteagal 9(3a);

sonruithe/picteagraim le haghaidh córais um Rialú Uathoibrithe Teorann, córais féinfhreastail agus ríomhgheataí (Airteagal 10(3a));

baint na hoibleagáide doiciméid taistil náisiúnach tríú tír dá dtugtar cead isteach le haghaidh gearrfhanachta a stampáil go córasach ar dhul isteach agus ar imeacht dóibh. An fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit, i gcás ina bhfuil foráil déanta go sainráiteach ina reachtaíocht náisiúnta maidir leis, stampáil a dhéanamh ar dhul isteach agus ar imeacht dóibh ar dhoiciméid taistil náisiúnach tríú tír a bhfuil cead cónaithe acu a d'eisigh an Ballstát céanna (Airteagal 11);

toimhde go bhfuil fanacht neamhrialta i gcás nach bhfuil na taifid iomchuí le fáil in EES agus an fhéidearthachtaí bréagnú a dhéanamh (Airteagal 12);

idirthréimhse sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm EES agus bearta idirthréimhseacha chun na cásanna sin a chumhdach ina mbeidh náisiúnach tríú tír a bhfuil a dtrasnú teorann faoi réir a chláraithe in EES dulta isteach i gcríoch na mBallstát gan imeacht aisti roimh thús theacht i bhfeidhm EES (Airteagal 12a);

clárú sonraí in EES maidir le náisiúnaigh tríú tír dár diúltaíodh cead isteach le haghaidh gearrfhanachta [nó le haghaidh fanacht ar bhonn víosa chamchuairte] (Airteagal 14(2));

athrú Iarscríbhinní III, IV agus V;

scriosadh Iarscríbhinn VIII.

Bunús dlí

Is é Airteagal 77(2)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra, óir leagtar síos sa togra forálacha maidir le seiceálacha teorann ar dhaoine atá ag trasnú na teorann seachtraí.

Leasaítear leis an togra seo Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen), arb é an leagan códaithe é de Rialachán (CE) 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen), rialachán a bhí bunaithe ar na forálacha coibhéiseacha den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, i.e. Airteagal 62(1) agus (2)(a).

Prionsabal na coimhdeachta

Le hAirteagal 77 tugtar de chumhacht don Aontas beartas a cheapadh d'fhonn a áirithiú nach ndéanfar rialú ar dhaoine, is cuma cén náisiúntacht atá acu, agus iad ag trasnú teorainneacha inmheánacha agus d'fhonn seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine agus faireachán éifeachtúil a dhéanamh ar thrasnú teorainneacha seachtracha.

Tá an togra seo laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos sna forálacha sin. Is é is cuspóir don togra seo na leasuithe is gá a dhéanamh ar Chód Teorainneacha Schengen chun EES a bhunú. Ní féidir leis na Ballstáit leo féin an méid sin a bhaint amach go leordhóthanach toisc gurb é an tAontas, agus an tAontas amháin, ar féidir leis gníomh de chuid an Aontais atá ann cheana (Cód Teorainneacha Schengen) a leasú.

Prionsabal na comhréireachta

Dearbhaítear in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach nach rachaidh aon ghníomhaíocht de chuid an Aontais thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach. Maidir le foirm na gníomhaíochta sin, ba ghá foirm a roghnú a d'fhágfadh go bhféadfaí cuspóirí an togra a bhaint amach agus a chur chun feidhme ar shlí chomh héifeachtach agus is féidir.

Nuair a cruthaíodh Cód Teorainneacha Schengen in 2006, níorbh fholáir é a bheith ina rialachán, chun a áirithiú go gcuirfí i bhfeidhm é ar an mbealach céanna sna Ballstáit ar fad a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm. Is éard atá sa tionscnamh atá beartaithe – leasú ar Chód Teorainneacha Schengen – leasú teicniúil ar rialachán atá ann cheana agus ní féidir é sin a bhaint amach ach trí bhíthin rialacháin. Ó thaobh an inneachair de, tá an tionscnamh seo teoranta d'fheabhsuithe ar an rialachán atá ann cheana agus tá sé bunaithe ar na treoshuíomhanna beartais atá sa rialachán sin. Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta.

Rogha ionstraime

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí do bhuiséad an Aontais Eorpaigh ag an leasú atá beartaithe.

5.EOLAS BREISE

Na hiarmhairtí atá ag na prótacail éagsúla atá i gceangal leis na Conarthaí agus ag na comhaontuithe comhlachais a cuireadh i gcrích le tríú tíortha

Forbairt ar acquis Schengen é an togra seo sa mhéid go mbaineann sé le trasnú teorainneacha seachtracha. Ní foláir iarmhairtí an togra seo do phrótacail éagsúla agus do chomhaontuithe comhlachais éagsúla a mheas i ndáil leis na tíortha seo a leanas: an Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe; an Íoslainn agus an Iorua; an Eilvéis agus Lichtinstéin. Tá tuairisc tugtha ar chás gach ceann de na stáit sin in aithrisí 11 go 16 den togra seo agus tá míniú níos mionsonraithe ar a gcás sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis an togra reachtach maidir le bunú EES.

Forbhreathnú gonta ar na leasuithe atá beartaithe ar Chód Teorainneacha Schengen

Airteagal 2, Sainmhínithe

Sainmhínithe breise

Pointe 22: Sainmhíniú ar an 'gCóras Dul Isteach/Imeachta (EES)' nua

Pointe 23: Sainmhíniú ar 'chóras féinfhreastail'

Pointe 24: Sainmhíniú ar 'ríomhgheata'

Pointe 25: Sainmhíniú ar 'chóras Rialaithe Teorann Uathoibrithe'

Airteagal 6a nua: Náisiúnaigh tríú tír a niontrálfar sonraí in EES ina leith

Maidir le náisiúnaigh tríú tír dá dtugtar cead isteach le haghaidh gearrfhanachta [nó le haghaidh fanacht ar bhonn víosa chamchuairte] i limistéar Schengen, tá an oibleagáid iad a chlárú in EES curtha isteach in Airteagal nua, Airteagal 6a. Tá an oibleagáid chéanna tugtha isteach maidir le náisiúnaigh tríú tír dár diúltaíodh cead isteach le haghaidh gearrfhanachta [nó le haghaidh fanacht ar bhonn víosa chamchuairte]. Foráiltear maidir le heisceachtaí i gcás na gcatagóirí daoine seo a leanas: 1) náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cárta cónaithe acu agus ar baill iad de theaghlach saoránaigh den Aontas nó náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta fiú mura bhfuil siad in éineacht leis an saoránach den Aontas nó leis an náisiúnach tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta nó ag dul ag bualadh leis an saoránach nó an náisiúnach sin; 2) náisiúnaigh Andóra, Mhonacó agus San Mairíne; 3) náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó sheiceálacha teorann nó ón oibleagáid teorainneacha seachtracha a thrasnú ag pointí trasnaithe teorann amháin nó le linn na nuaireanta oscailte seasta amháin chomh maith le náisiúnaigh tríú tír is féidir tairbhe a bhaint as éascú an trasnaithe teorann 4) sealbhóirí ceada le haghaidh trácht teorann áitiúil.

Airteagal 8: Seiceálacha teorann ar dhaoine

Cuireadh le mír (2) an oibleagáid barántúlacht na ndoiciméad taistil uile ina bhfuil meán leictreonach stórála a sheiceáil trí bhíthin deimhnithe bailí.

Tá forbairt déanta ar mhír (3)(a)(i) maidir leis an oibleagáid atá ar ghardaí teorann a fhíorú ar a dhul isteach do náisiúnach tríú tír go bhfuil doiciméad aige atá bailí le haghaidh trasnú teorann agus nach bhfuil an doiciméad sin dulta in éag. Go deimhin, maidir le fíorú bhailíocht an doiciméid taistil, tá foráil shainráiteach déanta maidir le ceadú na mbunachar sonraí iomchuí (go háirithe, Córas Faisnéise Schengen; bunachar sonraí Interpol ina bhfuil faisnéis faoi dhoiciméid taistil a cailleadh agus a goideadh; agus bunachair shonraí náisiúnta ina bhfuil faisnéis faoi dhoiciméid taistil goideadh, a mídhílsíodh, a cailleadh agus a rinneadh neamhbhailí). Ina theannta sin, má tá ag an náisiúnach tríú tír doiciméad taistil leictreonach ina bhfuil íomhá dá aghaidh ar taifead sa tslis, foráiltear go ndéanfar an íomhá sin a fhíorú. Foráiltear maidir le heisceacht i gcás náisiúnaigh tríú tír a bhfuil a ndul isteach faoi réir a chláraithe in EES agus a bhfuil doiciméad taistil leictreonach acu. Go deimhin, i gcás na catagóire sin daoine, ba cheart an fíorú a dhéanamh ar an íomhá den aghaidh atá stóráilte i slis an doiciméid taistil tráth atáthar á gclárú in EES nó tráth atáthar ag clárú pas leictreonach nua in EES (e.g., i gcás ina bhfuil pas tar éis dul in éag). I dtaca leis an bhfíorú sin, déanfar doiciméad taistil agus sonraí bithmhéadracha an duine a stóráil in EES agus úsáidfear iad chun an duine a fhíorú/a shainaithint tráth a thrasnóidh sé teorainn ina dhiaidh sin.

Baineann mír (3)(a)(ii) le fíorú a dhéanamh go bhfuil, más infheidhme, an víosa is gá nó an cead cónaithe is gá ag gabháil leis an doiciméad taistil. Maidir le ceadanna cónaithe, cuireadh isteach an oibleagáid barántúlacht an cheada cónaithe ina bhfuil meán leictreonach stórála a sheiceáil trí bhíthin deimhnithe bailí. Ina theannta sin, déanfar bailíocht ceadanna cónaithe nó víosaí fadfhanachta a fhíorú trí Chóras Faisnéise Schengen agus bunachair shonraí iomchuí eile a cheadú.

Le mír (3)(a)(iii), atá nua, rialáiltear an oibleagáid fíorú agus/nó sainaithint a dhéanamh ar na náisiúnaigh tríú tír sin nach mór a ndul isteach, nó diúltú cead isteach dóibh, a chlárú in EES le haitheantóirí bithmhéadracha. Is i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán lena mbunaítear EES a dhéanfar an fíorú agus/nó sainaithint sin. Dá thoradh sin:

i gcás sealbhóirí víosa atá cláraithe in EES cheana, déanfar a sonraí bithmhéadracha a fhíorú in EES agus in VIS;

i gcás sealbhóirí víosa nach bhfuil cláraithe in EES go fóill, déanfar a sonraí bithmhéadracha a fhíorú in VIS agus déanfar iad a shainaithint in EES;

i gcás taistealaithe atá díolmhaithe ó cheanglas víosa agus atá cláraithe in EES cheana, déanfar a sonraí bithmhéadracha a fhíorú in EES;

i gcás taistealaithe atá díolmhaithe ó cheanglas víosa ach nach bhfuil cláraithe in EES go fóill, déanfar iad a shainaithint in EES agus, mura naimseofar an duine in EES, déanfar fíorú agus, más infheidhme, sainaithint in VIS.

I mír (3)(a)(iii a) cuireadh an ceanglas EES a cheadú in ionad na hoibleagáide na stampaí sa phas a sheiceáil chun a fhíorú nár fhan náisiúnach tríú tír atá ag dul isteach i limistéar Schengen níos faide ná uasfhad an fhanachta údaraithe go fóill. Ar an dóigh chéanna, de thoradh deireadh a bheith curtha le stampáil, is gá EES a cheadú freisin chun a sheiceáil ar chloígh náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosa dul isteach uair amháin nó dhá uair acu, ar chloígh siad leis an uaslíon uaireanta atá siad údaraithe le dul isteach.

Baineann mír 3(b) leis an úsáid a bhaintear as VIS le haghaidh fíorú ag teorainneacha seachtracha. Mar gheall ar idir-inoibritheacht EES agus VIS agus ar an bhféidearthacht modhanna rialaithe teorann uathoibrithe a úsáid ag na teorainneacha seachtracha, ba cheart do VIS faisnéis a thabhairt do na gardaí teorann ní amháin faoi bharántúlacht na víosa, ach faoi bhailíocht chríochach, bhailíocht ama agus stádas bailí na víosa (nó na víosa camchuairte) freisin, trí fhreagra ar bhonn amas a fháil nó gan amas a fháil. Ina theannta sin, i gcomhréir leis an togra maidir le EES, léiríonn an mhír sin nach ndéanfar céannacht sealbhóirí víosa a fhíorú go córasach in VIS. I gcásanna áirithe, déanfar céannacht sealbhóirí víosa a fhíorú in EES, trí íomhá dá naghaidh a úsáid.

Tá forbairt déanta ar mhír (3)(g)(i) maidir leis an oibleagáid atá ar ghardaí teorann a fhíorú ar a imeacht do náisiúnach tríú tír go bhfuil doiciméad bailí aige le haghaidh an teorainn a thrasnú. Go deimhin, maidir le fíorú bhailíocht an doiciméid taistil, tá foráil shainráiteach déanta maidir le ceadú na mbunachar sonraí iomchuí (go háirithe, Córas Faisnéise Schengen; bunachar sonraí Interpol ina bhfuil faisnéis faoi dhoiciméid taistil a cailleadh agus a goideadh; agus bunachair shonraí náisiúnta ina bhfuil faisnéis faoi dhoiciméid taistil goideadh, a mídhílsíodh, a cailleadh agus a rinneadh neamhbhailí). Ina theannta sin, má tá ag an náisiúnach tríú tír doiciméad taistil leictreonach ina bhfuil íomhá dá aghaidh ar taifead sa tslis, foráiltear go ndéanfar an íomhá sin a fhíorú. Foráiltear maidir le heisceacht i gcás náisiúnaigh tríú tír a bhfuil a ndul isteach faoi réir a chláraithe in EES agus a bhfuil doiciméad taistil leictreonach acu. Go deimhin, i gcás na catagóire sin daoine, ba cheart an fíorú a dhéanamh ar an íomhá den aghaidh atá stóráilte i slis an doiciméid taistil tráth atáthar á gclárú in EES nó tráth atáthar ag clárú pas leictreonach nua in EES (e.g., i gcás ina bhfuil pas tar éis dul in éag). I dtaca leis an bhfíorú sin, déanfar doiciméad taistil agus sonraí bithmhéadracha an duine a stóráil in EES agus úsáidfear iad chun an duine a fhíorú/a shainaithint tráth a thrasnóidh sé teorainn ina dhiaidh sin.

Le mír (3)(g)(iv), atá nua, rialáiltear an oibleagáid fíorú agus/nó sainaithint a dhéanamh ar na náisiúnaigh tríú tír sin a bhfuil a nimeacht faoi réir a chláraithe in EES le haitheantóirí bithmhéadracha. Is i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán lena mbunaítear EES a dhéanfar an fíorú agus/nó sainaithint sin. Dá thoradh sin, i gcás sealbhóirí víosa atá cláraithe in EES cheana, is féidir a sonraí bithmhéadracha a fhíorú in EES nó, más infheidhme, in VIS;

I mír (3)(g)(v), atá nua, cuireadh an ceanglas EES a cheadú in ionad na hoibleagáide na stampaí sa phas a sheiceáil chun a fhíorú nár fhan náisiúnach tríú tír atá ag imeacht ó limistéar Schengen níos faide ná uasfhad an fhanachta údaraithe go fóill.

Scriosadh mír (3)(h)(ii) – mír a d'fhág go raibh sé roghnach a sheiceáil ar fhan náisiúnach tríú tír a bhí ag imeacht ó limistéar Schengen níos faide ná uasfhad an fhanachta údaraithe. Nuair a thiocfaidh EES beidh an tseiceál sin éigeantach.

Leasaíodh mír (3)(i) curtha chun foráil a dhéanamh go bhféadfar EES a úsáid i dteannta VIS chun aon duine a shainaithint arbh fhéidir nach gcomhlíonann sé na coinníollacha dul isteach, fanachta nó cónaithe ar chríoch na mBallstát, nó arbh fhéidir nach gcomhlíonann sé a thuilleadh iad.

Foráiltear i mír (9), atá nua, maidir le hoibleagáid a bheith ar ghardaí teorann náisiúnaigh tríú tír a chur ar an eolas faoi uaslíon na laethanta atá fós ceadaithe dóibh fanacht laistigh de limistéar Schengen, mar atá leagtha amach in EES agus más infheidhme sa Chóras Faisnéise Víosaí (VIS).

Na hAirteagail nua, Airteagail 8a, 8b, 8c agus 8d, a tugadh isteach chun foráil a dhéanamh maidir le huathoibriú comhchuibhithe ar sheiceálacha teorann i gcás catagóirí éagsúla taistealaithe.

Ní dhearnadh aon athrú ar na coinníollacha dul isteach agus imeachta féin i gcás na dtaistealaithe lena mbaineann.

Maidir le mír 8a agus mír 8b, ní leasuithe teicniúla iad a bhfuil gá leo i ngeall ar thabhairt isteach EES; is amhlaidh gur forálacha breise iad a theastaíonn chun nósanna imeachta na seiceálacha teorann a éascú a thuilleadh le teicneolaíochtaí nuaaimseartha.

Airteagal 8a, atá nua: Córas rialaithe teorann uathoibrithe a úsáid i gcás saoránaigh den Aontas Eorpach, de LEE nó den Eilbhéis agus náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cárta cónaithe acu

Leagtar amach i mír (1) raon feidhme an Airteagail seo ó thaobh daoine de (i.e. saoránaigh den Aontas, náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil cearta saorghluaiseachta atá coibhéiseach leis na cearta atá ag saoránach den Aontas agus náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cárta cónaithe acu agus ar baill iad de theaghlach saoránaigh den Aontas nó ag a bhfuil cearta saorghluaiseachta atá coibhéiseach leis na cearta atá ag saoránaigh den Aontas).

Liostaítear i mír (2) na coinníollacha carnacha nach mór a chomhlíonadh chun córais rialaithe teorann uathoibrithe a úsáid. Go háirithe, ní mór doiciméad taistil leictreonach a bheith ag an duine lena mbaineann, doiciméad a ndéanfar sonraí a shlise a fhíordheimhniú. Ina theannta sin, osclófar an íomhá den aghaidh atá stóráilte sa tslis chun céannacht an tsealbhóra a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh idir an íomhá dá aghaidh atá ar taifead sa tslis agus an íomhá bheo d'aghaidh shealbhóir an doiciméid taistil. I gcás náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais agus ag a bhfuil cárta cónaithe, ní mór cárta leictreonach (atá bailí agus nach bhfuil in éag) a bheith sa chárta cónaithe, cárta a ndéanfar sonraí a shlise a fhíordheimhniú. Ina theannta sin, osclófar an íomhá den aghaidh atá stóráilte sa tslis chun céannacht shealbhóir an chárta cónaithe a fhíorú, trí chomparáid a dhéanamh idir an íomhá dá haghaidh atá ar taifead sa tslis agus an íomhá bheo d'aghaidh an tsealbhóra.

Leagtar síos i mír (3) gur de bhun Airteagal 8(2) a dhéanfar na seiceálacha ar dhul isteach agus ar imeacht. Foráiltear go sainráiteach, áfach, nuair is trí chóras rialaithe teorann uathoibrithe a dhéanfar na seiceálacha teorann ar dhul isteach agus ar imeacht, go mbeidh sé ina chuid de na seiceálacha sin fíorú a dhéanamh go córasach nach bhfuil na daoine sin ina bhfíorbhagairt láithreach atá tromchúiseach go leor ar an tslándáil inmheánach, ar an mbeartas poiblí ná ar chaidreamh idirnáisiúnta na mBallstát, ná nach bhfuil siad ina mbagairt ar an tsláinte phoiblí, go háirithe trí na bunachair shonraí ábhartha de chuid an Aontais agus na mBallstát a cheadú, go háirithe Córas Faisnéise Schengen 7 .

Ar dhul isteach agus ar imeacht, cuirfear torthaí na seiceálacha teorann uathoibrithe ar fáil do gharda teorann agus cuirfidh an garda sin na torthaí sin san áireamh agus údaróidh sé an dul isteach nó an timeacht, sin nó cuirfidh sé an duine ar aghaidh chuig garda teorann (mír 4).

Liostaítear i mír (5) na cúinsí ina gcuirfear duine ar aghaidh chuig garda teorann. Foráiltear i mír (6), áfach, go bhféadfaidh garda teorann atá ag maoirsiú trasnú teorann duine atá ag úsáid an chórais um rialú uathoibrithe teorann cinneadh a dhéanamh an duine sin a chur ar aghaidh chuig garda teorann ar chúiseanna eile.

I mír (7) leagtar síos an oibleagáid maoirseacht a dhéanamh ar an úsáid a bhainfear as an gcóras, chun úsáid mhíchuí, chalaoiseach nó neamhghnách an chórais a bhrath.

Airteagal 8b, atá nua: Córas rialaithe teorann uathoibrithe a úsáid i gcás náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cead cónaithe acu

Liostaítear i mír (1) na coinníollacha carnacha nach mór do náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cead cónaithe acu a chomhlíonadh chun córais rialaithe teorann uathoibrithe a úsáid. Go háirithe, ní mór doiciméad taistil leictreonach a bheith ag an duine lena mbaineann, doiciméad a ndéanfar a shlise a fhíordheimhniú. Ina theannta sin, osclófar an íomhá den aghaidh atá stóráilte sa tslis chun céannacht an tsealbhóra a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh idir an íomhá dá aghaidh atá ar taifead sa tslis agus an íomhá bheo d'aghaidh shealbhóir an doiciméid taistil. I gcás náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cead cónaithe acu, rachfar isteach i slis an cheada cónaithe freisin chun barántúlacht a cuid sonraí agus céannacht shealbhóir an cheada cónaithe a fhíorú.

I mír (2) leagtar síos na seiceálacha teorann a dhéanfar ar dhul isteach agus ar imeacht.

Ar dhul isteach agus ar imeacht, cuirfear torthaí na seiceálacha teorann ar fáil do gharda teorann a chuirfidh na torthaí sin san áireamh agus a údaróidh an dul isteach nó an timeacht nó, seachas sin, a chuirfidh an duine ar aghaidh chuig garda teorann (mír 3).

Liostaítear i mír (4) na cúinsí ina gcuirfear duine ar aghaidh chuig garda teorann. Foráiltear i mír (5), áfach, go bhféadfaidh garda teorann atá ag maoirsiú trasnú teorann duine atá ag úsáid an chórais um rialú uathoibrithe teorann cinneadh a dhéanamh an duine sin a chur ar aghaidh chuig garda teorann ar chúiseanna eile.

I mír (6) leagtar síos an oibleagáid maoirseacht a dhéanamh ar an úsáid a bhainfear as an gcóras, chun úsáid mhíchuí, chalaoiseach nó neamhghnách an chórais a bhrath.

Airteagal 8c, atá nua: Córais féinfhreastail a úsáid chun sonraí a réamhchlárú in EES

Cuireadh isteach in Airteagal nua, Airteagal 8c, go bhféadfaidh daoine a bhfuil a dtrasnú teorann faoi réir a chláraithe in EES, go bhféadfaidh siad córas féinfhreastail a úsáid chun sonraí a sainchomhaid a réamhchlárú in EES.

Liostaítear i mír 1 na coinníollacha carnacha nach mór do dhaoine a chomhlíonadh, ar faoi réir a chláraithe in EES a thrasnaíonn siad an teorainn, chun córais féinfhreastail a úsáid chun sonraí a sainchomhaid a réamhchlárú in EES. Go háirithe, ní mór doiciméad taistil leictreonach a bheith ag an duine lena mbaineann, doiciméad a ndéanfar sonraí a shlise a fhíordheimhniú. Ina theannta sin, osclófar an íomhá den aghaidh atá stóráilte sa doiciméad taistil chun céannacht an tsealbhóra a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh idir an íomhá dá aghaidh atá ar taifead sa tslis agus an íomhá bheo d'aghaidh shealbhóir an doiciméid taistil.

Tá tuairisc i mír 2 agus i mír 4 ar na hoibríochtaí atá le déanamh ag an córais féinfhreastail.

Baineann mír 5 le cásanna ina bhfíorófar, tríd an gcóras féinfhreastail, nach bhfuil an duine cláraithe in EES. I gcás den sórt sin, déanfar na sonraí riachtanacha a bhailiú agus a réamhchlárú in EES tríd an gcóras féinfhreastail. Déanfar an duine a chur ar aghaidh i gcónaí chuig garda teorann a fhíoróidh go gcomhfhreagraíonn an doiciméad taistil a úsáideadh sa chóras féinfhreastail don doiciméad taistil atá ag an duine agus go gcomhfhreagraíonn na haitheantóirí bithmhéadracha atá cláraithe in EES d'aitheantóirí bithmhéadracha beo an duine lena mbaineann.

Baineann mír 6 agus mír 7 le cásanna ina bhfíorófar, tríd an gcóras féinfhreastail, go bhfuil an duine cláraithe in EES cheana féin, ach gur gá sainchomhad an duine sin a nuashonrú.

I mír 8 leagtar síos an oibleagáid maoirseacht a dhéanamh ar an úsáid a bhainfear as an gcóras, chun úsáid mhíchuí, chalaoiseach nó neamhghnách an chórais a bhrath.

Airteagal 8d, atá nua: Úsáid córas féinfhreastail agus/nó ríomhgheataí i gcomhair trasnú teorann ag náisiúnaigh tríú tír a bhfuil a dtrasnú teorann faoi réir a chláraithe in EES

Le hAirteagal nua, Airteagal 8d, tugadh isteach an fhéidearthacht daoine ar faoi réir a chláraithe in EES a thrasnaíonn siad an teorainn, go bhféadfaidh siad leas a bhaint as córas féinfhreastail le haghaidh na seiceálacha teorann atá le déanamh orthu. Tugadh isteach an fhéidearthacht ríomhgheataí a úsáid chun an teorainn a thrasnú freisin. De réir an chur chuige dhá chéim sin, d'fhéadfadh na Ballstáit trasnú teorann lánuathoibrithe a chur i bhfeidhm i gcás na catagóire sin taistealaithe (más féidir, tar éis an córas féinfhreastail a úsáid, ríomhgheata a úsáid) nó trasnú teorann leath-uathoibrithe (murar féidir ríomhgheata a úsáid in aon chor, agus nach mór don duine údarú garda teorann a fháil i gcónaí chun an teorainn a thrasnú). Ach i gcás náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil cláraithe in EES go fóill (fiú má úsáideann siad córais féinfhreastail i gcomhair a réamhchláraithe), cuirfear ar aghaidh chuig garda teorann i gcónaí iad, chun a gclárú in EES a chríochnú. Fágann sin gur trasnú teorann leath-uathoibrithe amháin a bheidh ar fáil i gcás na dtaistealaithe sin.

Liostaítear i mír 1 na coinníollacha carnacha nach mór do dhaoine a chomhlíonadh, ar faoi réir a chláraithe in EES a thrasnaíonn siad an teorainn, chun leas a bhaint as córas féinfhreastail le haghaidh na seiceálacha teorann atá le déanamh orthu. Go háirithe, ní mór doiciméad taistil leictreonach a bheith ag an duine lena mbaineann, doiciméad a ndéanfar sonraí a shlise a fhíordheimhniú. Ina theannta sin, osclófar an íomhá den aghaidh atá stóráilte sa tslis chun céannacht an tsealbhóra a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh idir an íomhá dá aghaidh atá ar taifead sa tslis agus an íomhá bheo d'aghaidh shealbhóir an doiciméid taistil. Ar deireadh, beidh an duine cláraithe cheana féin nó réamhchláraithe in EES.

I mír 2 leagtar síos na seiceálacha teorann a dhéanfar ar dhul isteach agus ar imeacht.

Ar dhul isteach agus ar imeacht, cuirfear torthaí na seiceálacha teorann ar fáil do gharda teorann a chuirfidh na torthaí sin san áireamh agus a údaróidh an dul isteach nó an timeacht nó, seachas sin, a chuirfidh an duine ar aghaidh chuig garda teorann (mír 3).

Liostaítear i mír (4) na cúinsí ina gcuirfear duine ar aghaidh chuig garda teorann. Foráiltear i mír (5), áfach, go bhféadfaidh garda teorann atá ag maoirsiú trasnú teorann duine atá ag úsáid an chórais um rialú uathoibrithe teorann cinneadh a dhéanamh an duine sin a chur ar aghaidh chuig garda teorann ar chúiseanna eile.

Foráiltear i mír (6) gur féidir leis na Ballstáit cinneadh ar na ríomhgheataí seo a shuiteáil agus go bhféadfar daoine a bhfuil a dtrasnú teorann faoi réir a chláraithe in EES, go bhféadfar iad a údarú leis na ríomhgheataí a úsáid. Dá bhrí sin, tá an nasc is ceart a bhunú idir na ríomhgheataí agus EES sonraithe i mír 6. Ina theannta sin, i gcás ina gcinnfidh Ballstát ríomhgheataí a shuiteáil, beidh sé de rogha aige na ríomhgheataí sin a chur leis an gcóras féinfhreastail nó gan sin a dhéanamh. Mura gcuirfear na ríomhgheataí leis na córais féinfhreastail, fágfaidh sin gur ar láithreacha ar leithligh a dhéanfar próiseas an fhíoraithe agus trasnú na teorann féin. Dá réir sin, i gcásanna nach gcuirfear an dá chomhpháirt sin le céile, foráiltear i mír 6 maidir leis an oibleagáid córas a bhunú sa ríomhgheata lena bhfíorófar gurb ionann an duine atá ag úsáid an ríomhgheata agus an duine a d'úsáid an córas féinfhreastail. Chun an fíorú sin a dhéanamh, úsáidfear aon aitheantóir bithmhéadrach amháin ar a laghad.

Baineann mír (7) le cásanna nuair nach bhfuil doiciméad taistil leictreonach ag an duine nó nuair nach féidir barántúlacht an doiciméid taistil nó céannacht an tsealbhóra a fhíorú. Sna cásanna sin, más féidir leis an ngarda teorann rochtain a fháil ar thorthaí na seiceálacha teorann a rinneadh leis an gcóras féinfhreastail, ní fhéadfaidh an garda teorann a dhéanamh d'fhíoruithe ach na fíoruithe sin nárbh fhéidir a dhéanamh leis an gcóras féinfhreastail. I ngach cás, fíoróidh an garda teorann go gcomhfhreagraíonn an doiciméad taistil a úsáideadh ag an gcóras féinfhreastail don doiciméad taistil atá i seilbh an duine atá os comhair an gharda teorann amach.

I mír (8) leagtar síos an oibleagáid maoirseacht ar an úsáid a bhainfear as córais féinfhreastail agus as ríomhgheataí, chun úsáid mhíchuí, chalaoiseach nó neamhghnách an chórais a bhrath.

Airteagal 8e, atá nua: Cláir éascaithe náisiúnta

Foráiltear in Airteagal 8e go bhféadfaidh gach Ballstát clár deonach náisiúnta a bhunú chun ligean do náisiúnaigh tríú tír tairbhe a bhaint as éascú ar an dá bhealach a leanas agus iad ag trasnú theorainn an Bhallstáit ar dhul isteach dóibh:

an pointe imeachta agus an ceann scríbe a fhíorú, cuspóir an fhanachta lena náirítear doiciméid tacaíochta (Airteagal 8(3)(a)(iv));

fíorú a dhéanamh go bhfuil cóir mhaireachtála leordhóthanach ag an taistealaí (Airteagal 8(3)(a)(v)).

I mír 2 leagtar síos an oibleagáid réamh-ghrinnfhiosrúchán a dhéanamh ar na náisiúnaigh tríú tír atá ag cur isteach ar an gclár. Sonraítear ann na híoschoinníollacha nach mór d'aon náisiúnach tríú tír a chomhlíonadh ionas go ndeonófar rochtain ar chlár éascaithe náisiúnta dó.

Foráiltear i mír (4) go bhféadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó a bhfuil a gclár náisiúnta féin bunaithe acu comhaontuithe a thabhairt i gcrích le chéile ionas gur féidir leo siúd a bhainfidh tairbhe as a gclár náisiúnta tairbhe a bhaint as an éascú atá aitheanta ag na cláir náisiúnta eile.

Airteagal 9: Seiceálacha teorann a mhaolú

Tá an téacs a bhí ann cheana curtha in oiriúint do bhunú EES. Tá béim leagtha ann ar an oibleagáid sonraí an taistealaí a iontráil in EES i gcónaí ar dhul isteach i limistéar Schengen dó, nó ar imeacht amach uaidh dó. Clárófar na sonraí in EES fiú i gcásanna ina maolófar ar nósanna imeachta seiceála teorann.

Foráiltear i mír 3a, atá nua, maidir le réitigh chúltaca don chás ina mbeidh sé dodhéanta go teicniúil sonraí a iontráil i Lárchóras EES nó i gcás chliseadh Lárchóras EES, lena náirítear sonraí a stóráil sa chomhéadan aonfhoirmeach náisiúnta, nuair is féidir é, agus nuair nach féidir é, iad a stóráil go háitiúil. Más féidir, áiritheofar go mbeifear ábalta an Córas Faisnéise Víosa a cheadú chun céannacht sealbhóirí víosa a fhíorú.

Airteagal 10: Lánaí ar leith agus faisnéis ar chomharthaí

Tá mír nua curtha isteach, mír 3a, chun tabhairt isteach córas um Rialú Uathoibrithe Teorann agus ríomhgheataí a chur san áireamh. Chun go mbeidh cur chuige comhchuibhithe acu, úsáidfidh na Ballstáit sna cásanna sin na comharthaí atá tugtha in Iascríbhinn III Cuid D.

Airteagal 11: An doiciméad taistil a stampáil

Ar cheann de na haidhmeanna atá ag EES tá deireadh a chur le stampáil doiciméad náisiúnaigh tríú tír dá dtugtar cead isteach le haghaidh gearrfhanachta ar dhul isteach agus ar imeacht dóibh; tá an aidhm sin curtha san áireamh san Airteagal nua Airteagal 11, arae foráiltear leis sonraí an dul isteach agus an imeachta a thaifeadadh go leictreonach in ionad stampáil a dhéanamh. Dá thoradh sin, cuireadh deireadh leis an oibleagáid doiciméid taistil náisiúnach tríú tír dá dtugtar cead isteach le haghaidh gearrfhanachta a stampáil go córasach ar dhul isteach agus ar imeacht dóibh.

I gcás ina mbeidh foráil déanta go sainráiteach maidir leis sa reachtaíocht náisiúnta, áfach, foráiltear in Airteagal 11 go bhféadfaidh gach Ballstát stampáil a dhéanamh ar dhul isteach agus ar imeacht dóibh ar dhoiciméid taistil na náisiúnach tríú tír sin a bhfuil cead cónaithe acu a d'eisigh an Ballstát céanna. Tá na socruithe praiticiúla maidir leis an stampa sin leagtha amach in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 12: Toimhde maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha i ndáil le fad fanachta

Tá an téacs a bhí ann cheana curtha in oiriúint do bhunú EES. Faoi láthair, is le hAirteagal 12 a rialáiltear na nósanna imeachta le haghaidh toimhde an fhanachta neamhrialta a bhréagnú i gcás nach bhfuil stampaí dul isteach nó imeachta ann. Nuair a bheidh EES i bhfeidhm, déanfar taifeadadh leictreonach in EES in ionad na stampála.

Airteagal 12 a: Idirthréimhse agus bearta idirthréimhseacha

Baineann mír 1 leis an idirthréimhse sé mhí a bheidh ann tar éis theacht i bhfeidhm EES. I rith na hidirthréimhse seo, beidh ar ghardaí teorann na stampaí atá greamaithe de dhoiciméid taistil chomh maith leis na sonraí atá ar taifead in EES a chur san áireamh. Ar an dóigh sin beidh gardaí teorann in ann a fhíorú ar cloíodh le huasfhad an fhanachta údaraithe agus, i gcás náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosa dul isteach uair amháin nó dhá uair acu, a fhíorú ar cloíodh leis an uaslíon uaireanta atá siad údaraithe le dul isteach. Go deimhin, d'fhéadfadh sé gur fhan daoine ar chríoch na mBallstát le linn na 180 lá roimh theacht i bhfeidhm EES. Sa chás sin, ba cheart gur stampáladh go hiomchuí a ndoiciméid taistil. Dá bhrí sin, ní mór na stampa sin a chur san áireamh sna fíoruithe thuasluaite.

Baineann mír 2 le cásanna ina mbeidh duine dulta isteach i gcríoch na mBallstát roimh theacht i bhfeidhm EES agus nach bhfuil imithe aisti faoi theacht i bhfeidhm EES. Sa chás sin, ar imeacht do dhuine, déanfar sainchomhad an duine sin a thaifeadadh in EES agus déanfar dáta a dhul isteach a iontráil sa taifead dul isteach/imeachta ionas go mbeidh an taifead dul isteach/imeachta "iomlán".

Airteagal 14: Cead isteach a dhiúltiú

Foráiltear i bhfomhír nua i mír 2 go ndéanfar sonraí náisiúnach tríú tír dar diúltaíodh cead isteach le haghaidh gearrfhanachta [nó le haghaidh fanacht ar bhonn víosa chamchuairte], go ndéanfar iad a chlárú in EES.

Foráiltear go sainráiteach i mír 3 maidir le ceartú na sonraí a chuirfear in EES i gcás inarb é toradh a bheidh ar achomharc nach raibh bunús le dul isteach a dhiúltú.

Iarscríbhinn III: Comharthaí mionsamhla lena léirítear lánaí ag pointí trasnaithe teorann

In Iarscríbhinn III cuireadh isteach breis comharthaí, mar atá na comharthaí atá le húsáid do na lánaí le haghaidh rialú uathoibrithe teorann.

Iarscríbhinn IV: Stampa a ghreamú

Tá an téacs a bhí ann cheana curtha in oiriúint do bhunú EES. Faoi gcóras nua, níor cheart go mbainfeadh Iarscríbhinn IV ach leis an méid seo a leanas: 1) na stampaí a ghreamóidh na Ballstáit uile i gcásanna ina ndiúltófar cead isteach, 2) nuair a bheidh foráil déanta go sainráiteach maidir leis sa reachtaíocht náisiúnta, na stampaí a d'fhéadfadh Ballstát a ghreamú ar dhul isteach agus ar imeacht de dhoiciméad taistil na náisiúnach tríú tír sin a bhfuil cead cónaithe acu a d'eisigh an Ballstát céanna.

Iarscríbhinn V: Cuid A Nósanna imeachta maidir le cead isteach a dhiúltú ag an teorainn

Tá an téacs a bhí ann cheana curtha in oiriúint do bhunú EES.

Tá mír 1(b) athraithe agus baineann sí feasta leis na catagóirí sin daoine a gclárófar in EES na sonraí faoi chead isteach a dhiúltú dóibh. Coinníodh an oibleagáid atá ar ghardaí teorann stampa dul isteach a ghreamú den phas.

Tá mír 1(d) athraithe agus baineann sí feasta leis na catagóirí sin daoine nach gclárófar in EES na sonraí faoi chead isteach a dhiúltú dóibh agus nach mór stampa dul isteach a chur ar a bpas chomh maith le taifead den dul isteach i clár náisiúnta.

Scriosadh Iarscríbhinn VIII

Déanfar an fhaisnéis seo a thaifeadadh in EES.

2016/0105 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le húsáid an Chórais Dul Isteach/Imeachta

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(b) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (CE) Uimh. 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) 8 , leagtar síos na coinníollacha, na critéir agus na rialacha mionsonraithe maidir le teorainneacha seachtracha na mBallstát a thrasnú.

(2)Is é is aidhm le [Rialachán (AE) Uimh. XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí] 9 córas láraithe a chruthú chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh le haghaidh gearrfhanachta [nó le haghaidh fanacht ar bhonn víosa chamchuairte].

(3)Chun na seiceálacha ar náisiúnaigh tríú tír a dhéanamh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 2016/399, lena náirítear fíorú céannachta agus/nó aitheantais an náisiúnaigh tríú tír chomh maith le fíorú nár fhan an náisiúnach tríú tír níos faide ná uasfhad an fhanachta údaraithe ar chríoch na mBallstát, ba cheart do ghardaí teorann an fhaisnéis uile atá le fáil a úsáid, lena náirítear sonraí ó EES. Ba cheart na sonraí atá stóráilte sa chóras sin a úsáid freisin chun a fhíorú gur chloígh náisiúnaigh tríú tír a bhfuil víosa dul isteach uair amháin nó dhá uair acu leis an uaslíon uaireanta atá siad údaraithe le dul isteach.

(4)Chun lánéifeachtacht EES a áirithiú, ní mór na seiceálacha dul isteach agus imeachta a dhéanamh ar bhealach comhchuibhithe ag na teorainneacha seachtracha.

(5)De dhroim bhunú EES is gá na nósanna imeachta maidir le daoine a sheiceáil agus iad ag trasnú na dteorainneacha seachtracha atá leagtha síos i Rialachán (AE) 2016/399 a oiriúnú. Go háirithe, tá sé d'aidhm ag EES deireadh a chur le stampáil doiciméad taistil náisiúnach tríú tír dá dtugtar cead isteach le haghaidh gearrfhanachta [nó le haghaidh fanacht ar bhonn víosa chamchuairte] tríd an dul isteach agus an imeacht a thaifeadadh go leictreonach díreach in EES. Coinníodh an stampáil ar dhoiciméid taistil náisiúnach tríú tír dar diúltaíodh cead isteach óir is le taistealaithe is mó riosca a bhaineann sé sin. Thairis sin, ní mór bunú idir-inoibritheacht EES agus an Chórais Faisnéise Víosa (VIS) a chur san áireamh sna nósanna imeachta maidir le seiceálacha teorann. Ar deireadh, de bharr EES, beifear in ann teicneolaíochtaí nua a úsáid le haghaidh trasnuithe teorann taistealaithe gearrfhanachta.

(6)Ar feadh sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm EES, ba cheart do ghardaí teorann tréimhsí a d'fhan taistealaithe ar chríocha na mBallstát le linn na sé mhí roimh an dul isteach nó an imeacht a chur san áireamh trí sheiceáil a dhéanamh ar na stampaí sna doiciméid taistil chomh maith leis na sonraí faoi dhul isteach/imeacht atá ar taifead in EES. A bhuí leis sin, bheifí in ann na fíoruithe riachtanacha a dhéanamh sna cásanna ina mbeadh cead isteach tugtha do dhuine le haghaidh gearrfhanacht ar chríoch na mBallstát le linn na sé mhí roimh theacht i bhfeidhm EES. Ina theannta sin, is gá forálacha sonracha a leagan síos i gcomhair na ndaoine sin a chuaigh isteach i gcríoch an Bhallstáit agus nach bhfuil imithe aisti go fóill roimh theacht i bhfeidhm an chórais. Sna cásanna sin, ba cheart an dul isteach deireanach a thaifeadadh in EES freisin tráth a nimeodh an duine as críoch an Bhallstáit.

(7)Nuair a chuirtear san áireamh na cúinsí éagsúla sna Ballstáit agus ag pointí trasnaithe teorann éagsúla laistigh de na Ballstáit maidir le líon na náisiúnach tríú tír atá ag trasnú na dteorainneacha, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh ar cheart úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí amhail córais rialaithe teorann uathoibrithe, "bothanna féinfhreastail" agus ríomhgheata, agus ba cheart iad a bheith in ann an méid úsáide a bhainfí astu a chinneadh freisin. Agus na teicneolaíochtaí sin á núsáid, ba cheart a áirithiú go ndéantar seiceálacha dul isteach agus imeachta ar bhealach comhchuibhithe ag na teorainneacha seachtracha agus go bhfuil leibhéal iomchuí slándála á áirithiú.

(8)Ina theannta sin, is gá cúraimí agus róil na ngardaí teorann agus iad ag úsáid na teicneolaíochtaí sin a shainiú. Maidir leis sin, ba cheart a áirithiú go bhfuil fáil ag gardaí teorann ar thorthaí na seiceálacha teorann a rinneadh trí mhodhanna uathoibrithe ionas go mbeidh siad in ann na cinntí iomchuí a dhéanamh. Ina theannta sin, is gá maoirsiú a dhéanamh ar úsáid córas rialaithe teorann uathoibrithe, "bothanna féinfhreastail" agus ríomhgheataí ag taistealaithe chun cosc a chur ar iompraíocht chalaoiseach agus ar úsáid chalaoiseach. Ina theannta sin, agus an mhaoirseacht sin á déanamh, ba cheart do ghardaí teorann aird ar leith a thabhairt ar mhionaoisigh agus ba cheart dóibh a bheith i suíomh a chuirfeadh ar a gcumas daoine a dteastaíonn cosaint uathu a aithint.

(9)Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann clár éascaithe náisiúnta a bhunú ar bhonn deonach ionas go mbeadh náisiúnaigh tríú tír a ndearnadh réamh-ghrinnfhiosrúchán orthu in ann tairbhe a bhaint as maoluithe ar na seiceálacha dochta ar dhul isteach dóibh. Nuair atá cláir éascaithe náisiúnta den sórt sin in úsáid, ba cheart a áirithiú go bhfuil siad bunaithe ar bhealach comhchuibhithe agus go bhfuil leibhéal iomchuí slándála d'áirithe.

(10)Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 .

(11)Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon foráil a dhéanamh maidir le leasuithe ar na rialacha atá ann cheana i Rialachán (AE) 2016/399, a bhaint amach ach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas Eorpach bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin freisin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(12)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é. 

(13)Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle 11 ; dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(14)Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 12 ; dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(15)Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 13 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 14 .

(16)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis 15 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE 16 , arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 17 .

(17)Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 18 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE 19 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 20 .

(18)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 mar seo a leanas:

(1)In Airteagal 2, cuirtear na pointí 22, 23, 24 agus 25 seo a leanas isteach:

"22. Ciallaíonn 'Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)' an córas arna bhunú le [Rialachán Uimh. XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)] chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí;

23. Ciallaíonn 'córas féinfhreastail' córas uathoibrithe a dhéanann na seiceálacha uile, nó cuid díobh, atá infheidhme maidir le duine;

24. Ciallaíonn 'ríomhgheata' bonneagar arna oibriú go leictreonach áit a dtarlaíonn trasnú teorainn seachtraí;

25. Ciallaíonn 'córas um rialú uathoibrithe teorann' córas faoinar féidir teorainn a thrasnú go huathoibrithe, arb é atá ann córas féinfhreastail agus ríomhgheata."

(2)Cuirtear isteach an tAirteagal 6a seo a leanas: 

"Airteagal 6a

Náisiúnaigh tríú tír a ndéanfar sonraí fúthu a iontráil in EES.

1. Déanfar sonraí dul isteach agus sonraí imeachta na gcatagóirí seo a leanas daoine a iontráil in EES i gcomhréir le hAirteagail 14, 15, 17 agus 18 den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)]:

(a)náisiúnaigh tríú tír dá dtugtar cead isteach le haghaidh gearrfhanachta de bhun Airteagal 6(1) [nó le haghaidh fanacht ar bhonn víosa chamchuairte];

(b)náisiúnaigh tríú tír ar baill iad de theaghlach saoránaigh den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis agus nach bhfuil cárta cónaithe acu de bhun na Treorach sin;

(c)náisiúnaigh tríú tír ar baill iad de theaghlach náisiúnach tríú tír a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais agus nach bhfuil cárta cónaithe de bhun Threoir 2004/38/CE acu;

2. Déanfar sonraí náisiúnach tríú tír dár diúltaíodh cead dul isteach le haghaidh gearrfhanachta nó le haghaidh fanacht ar bhonn víosa chamchuairte i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán seo, déanfar na sonraí sin a iontráil in EES i gcomhréir le hAirteagal 16 den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)]

3. Ní iontrálfar sonraí na gcatagóirí daoine seo a leanas in EES:

(a)náisiúnaigh tríú tír ar baill iad de theaghlach saoránaigh den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis agus a bhfuil cárta cónaithe i gcomhréir leis an Treoir sin acu;

(b)náisiúnaigh tríú tír ar baill iad de theaghlach náisiúnach tríú tír a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais agus a bhfuil cárta cónaithe de bhun Threoir 2004/38/CE acu;

(c)náisiúnaigh Andóra, Mhonacó agus San Mairíne.

(d)daoine nó catagóirí daoine atá díolmhaithe ó sheiceálacha teorann nó atá ag baint tairbhe as éascú trasnaithe teorann;

(i) cinn stáit agus baill dá dtoscaireachtaí i gcomhréir le pointe 1 d'Iarscríbhinn VII;;

(ii) píolótaí aerárthaí agus criú eile i gcomhréir le pointe 2 d'Iarscríbhinn VII;

(iii) mairnéalaigh i gcomhréir le pointe 3 d'Iarscríbhinn VII;

(iv) oibrithe trasteorann i gcomhréir le pointe 5 d'Iarscríbhinn VII;

(v) seirbhísí tarrthála, póilíní, briogáidí dóiteáin agus iad ag gníomhú i gcás éigeandála agus gardaí teorann i gcomhréir le pointe 7 d'Iarscríbhinn VII;

(iv) oibrithe amach ón gcósta i gcomhréir le pointe 8 d'Iarscríbhinn VII;

(vii) criú agus paisinéirí long cursála i gcomhréir le pointí 3.2.1, 3.2.2 agus 3.2.3 d'Iarscríbhinn VI;

(viii) daoine atá ar bord bád pléisiúir nach bhfuil faoi réir seiceálacha teorann i gcomhréir le pointí 3.2.4, 3.2.5 agus 3.2.6 d'Iarscríbhinn VI;

(e)daoine atá díolmhaithe ón oibleagáid gan teorainneacha seachtracha a thrasnú ach ag pointí trasnaithe teorann agus le linn na nuaireanta oscailte seasta atá leagtha síos de bhun Airteagal 5(2).

(f) daoine a thaispeánann cead tráchta teorann áitiúil atá bailí chun an teorainn a thrasnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Ní dhéanfar sonraí na mball teaghlaigh dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) a iontráil in EES, fiú amháin mura bhfuil siad in éineacht leis an saoránach den Aontas nó leis an náisiúnach tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta nó ag dul ag bualadh leis an saoránach nó an náisiúnach sin."

(3)Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)i mír 2, sa chéad fhomhír, cuirtear an abairt seo a leanas isteach:

"Má tá meán leictreonach stórála (slis) sa doiciméad taistil, faomhfar barántúlacht shonraí na slise trí úsáid a bhaint as an tsraith iomlán de dheimhnithe bailí, ach amháin mura bhfuil sin indéanta, ar chúiseanna teicniúla, nó i gcás doiciméad taistil arna eisiúint ag tríú tír, toisc nach bhfuil deimhnithe bailí ar fáil."

(b)leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a)(i), (a)(ii) agus (a)(iii):

"(i) fíorú chéannacht agus náisiúntacht an náisiúnaigh tríú tír agus bhailíocht agus bharántúlacht an doiciméid taistil, fíorú a dhéanfar trí na bunachair shonraí ábhartha a cheadú, iad seo a leanas go háirithe:

(1) Córas Faisnéise Schengen;

(2) bunachar sonraí Europol ina bhfuil faisnéis faoi dhoiciméid taistil a cailleadh agus a goideadh;

(3) bunachair shonraí náisiúnta ina bhfuil faisnéis faoi dhoiciméid taistil a goideadh, a mídhílsíodh, a cailleadh agus rinneadh neamhbhailí.

Is cuid den fhíorú seo grinnscrúdú cuimsitheach a dhéanamh ar an doiciméad taistil féachaint an bhfuil aon rian d'fhalsú nó de ghóchumadh air.

Ach amháin i gcás náisiúnaigh tríú tír a bhfuil a ndul isteach faoi réir a chláraithe in EES, má tá meán leictreonach stórála (slis) sa doiciméad taistil agus íomhá d'aghaidh ar taifead sa tslis sin agus má tá sé indéanta go teicniúil agus go dleathach an íomhá sin a oscailt, beidh sé ina chuid den fhíorú seo an íomhá sin den aghaidh atá ar taifead sa mhéan a fhíorú, trí chomparáid a dhéanamh idir í agus an íomhá bheo d'aghaidh an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann.

(ii) fíorú go bhfuil an víosa nó an cead cónaithe is gá, más infheidhme, ag dul leis an doiciméad taistil.

Má tá meán leictreonach stórála (slis) sa chead cónaithe, deimhneofar barántúlacht na slise trí úsáid a bhaint as an tsraith iomlán de dheimhnithe bailí, ach amháin mura bhfuil sin indéanta, ar chúiseanna teicniúla. Beidh sé ina chuid de na seiceálacha críochnúla ar dhul isteach fíorú córasach a dhéanamh ar bhailíocht an cheada cónaithe nó na víosa gearrfhanachta, trí fhaisnéis faoi dhoiciméid a goideadh, a mídhílsíodh, a cailleadh agus a rinneadh neamhbhailí [ 21 ], agus fúthu sin amháin, a cheadú in SIS agus i mbunachair shonraí ábhartha eile.

(iii) maidir le daoine a bhfuil a ndul isteach nó diúltú a ndul isteach faoi réir a chláraithe in EES de bhun Airteagal 6a den Rialachán seo, fíorú chéannacht an duine, agus, más infheidhme, sainaithint an duine, i gcomhréir le hAirteagal 21(4) den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)]."

(ii)    cuirtear an pointe (a)(iii a) seo a leanas isteach i ndiaidh phointe (a)(iii):

"(iii a) maidir le daoine a bhfuil a ndul isteach nó diúltú a ndul isteach faoi réir a chláraithe in EES de bhun Airteagal 6a den Rialachán seo, fíorú nach bhfuil uasfhad an fhanachta údaraithe ar chríoch an Bhallstáit sroichte ag an náisiúnach tríú tír ná nár fhan sé níos faide ná an fad sin, agus, i gcás náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil víosa dul isteach uair amháin nó dhá uair acu, fíorú gur chloígh siad leis an tuaslíon uaireanta atá siad údaraithe le dul isteach, trí EES a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 21 den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)]."

(iii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

"(b) má tá víosa [nó víosa chamchuairte] dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(b) ag an náisiúnach tríú tír, beidh sé ina chuid de na seiceálacha críochnúla ar dhul isteach freisin barántúlacht, bhailíocht ama agus bailíocht chríochach na víosa, agus, más infheidhme, céannacht shealbhóir na víosa a fhíorú, trí VIS a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 "

(iv)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g)(i):

"(i) fíorú go bhfuil i seilbh an náisiúnaigh tríú tír doiciméad atá bailí chun an teorainn a thrasnú, agus go bhfuil ag gabháil leis an doiciméad sin, más infheidhme, an víosa nó an cead cónaithe is gá. Beidh sé ina chuid d'fhíorú an doiciméid na bunachair shonraí ábhartha a cheadú, go háirithe Córas Faisnéise Schengen, bunachar sonraí Interpol ina bhfuil faisnéis faoi dhoiciméid taistil a cailleadh agus a goideadh, agus bunachair shonraí náisiúnta ina bhfuil faisnéis faoi dhoiciméid taistil a goideadh, a mídhílsíodh, a cailleadh agus rinneadh neamhbhailí[ 23 ]. Ach amháin i gcás náisiúnaigh tríú tír a bhfuil a nimeacht faoi réir a chláraithe in EES, má tá meán leictreonach stórála (slis)sa doiciméad taistil agus íomhá d'aghaidh ar taifead sa tslis sin agus má tá sé indéanta go teicniúil agus go dleathach an íomhá sin a oscailt, beidh sé ina chuid den fhíorú seo an íomhá sin den aghaidh atá ar taifead sa mhéan a fhíorú, trí chomparáid a dhéanamh idir í agus an íomhá bheo d'aghaidh an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann."

(v)    cuirtear isteach an pointe (g)(iv) agus an pointe (g)(v) seo a leanas:

"(iv) maidir le daoine a bhfuil a nimeacht faoi réir a cláraithe in EES de bhun Airteagal 6a den Rialachán seo, fíorófar céannacht an duine, agus, más infheidhme, déanfar sainaithint, i gcomhréir le hAirteagal 21(4) den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)];

(v) maidir le daoine a bhfuil a nimeacht faoi réir a cláraithe in EES de bhun Airteagal 6a den Rialachán seo, fíorú a dhéanamh nár fhan an náisiúnach tríú tír níos faide ná uasfhad an fhanachta údaraithe ar chríoch na mBallstát, trí EES a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 21 den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)]."

(vi)    scriostar pointe (h)(ii).

(vii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

"(d) chun críche aon duine a shainaithint arbh fhéidir nach gcomhlíonann sé nó nach gcomhlíonann sé a thuilleadh na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát, féadfar VIS a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, agus féadfar EES a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 25 den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)]."

(viii) cuirtear isteach an mhír 9 seo a leanas:

"9.    Cuirfidh an garda teorann an náisiúnach tríú tír ar an eolas faoi uaslíon laethanta an ghearrfhanachta údaraithe, agus aird á tabhairt aige ar thorthaí an chuardaigh in EES ina gcuirfear san áireamh, i gcás náisiúnaigh tríú a bhfuil víosa acu, an líon dul isteach agus fad an fhanachta atá údaraithe leis an víosa dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(b)."

(4)Cuirtear isteach an tAirteagal 8 a leanas:

"Airteagal 8 a

Úsáid córas um rialú uathoibrithe teorann i gcás saoránaigh den Aontas Eorpach, den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, den Eilbhéis agus náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cárta cónaithe acu

1. Féadfar cead a thabhairt do na catagóirí daoine seo a leanas úsáid a bhaint as córais um rialú uathoibrithe teorann má chomhlíontar na coinníollacha atá liostaithe i mír 2:

(a)saoránaigh den Aontas de réir bhrí Airteagal 20(1)(b) den Chonradh;

(b)náisiúnaigh tríú tír, ag a bhfuil, faoi chomhaontuithe idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar thaobh, agus na tríú tíortha sin ar an taobh eile, cearta chun saorghluaiseachta is comhionann leis na cearta atá ag saoránaigh den Aontas;

(c)náisiúnaigh tríú tír ar baill iad de theaghlach saoránaigh den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis, agus a bhfuil cárta cónaithe dá dtagraítear sa Treoir sin acu;

(d)náisiúnaigh tríú tír ar baill iad de theaghlach náisiúnach tríú tír a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais agus a bhfuil cárta cónaithe de bhun Threoir 2004/38/CE acu;

2. Chun cead a fháil úsáid a bhaint as córais um rialú uathoibrithe teorann, comhlíonfar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)tá sa doiciméad taistil a thaispeántar chun an teorainn a thrasnú meán stórála leictreonaí (slis), slis a ndearbhaítear a barántúlacht trí úsáid a bhaint as an tsraith iomlán de dheimhnithe bailí;

(b)tá sa doiciméad taistil a thaispeántar chun an teorainn a thrasnú slis agus íomhá d'aghaidh ar taifead inti, íomhá atá inrochtana go teicniúil ag an gcóras uathoibrithe sa chaoi is gur féidir céannacht shealbhóir an doiciméid taistil a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh idir an íomhá den aghaidh atá ar taifead sa tslis agus an íomhá bheo den aghaidh;

(c)ina cheann sin, maidir le náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais agus a bhfuil cárta cónaithe bailí acu, comhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas:

(i) tá sa chárta cónaithe a thaispeántar chun an teorainn a thrasnú meán stórála leictreonaí (slis), slis a ndearbhaítear a bharántúlacht trí úsáid a bhaint as an tsraith iomlán de dheimhnithe bailí;

(ii) tá sa chárta cónaithe a thaispeántar chun an teorainn a thrasnú slis agus íomhá d'aghaidh ar taifead inti, íomhá atá inrochtana go teicniúil ag an gcóras uathoibrithe sa chaoi is gur féidir céannacht shealbhóir an doiciméid taistil a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh idir an íomhá den aghaidh atá ar taifead sa tslis agus an íomhá bheo den aghaidh.

3. I gcás ina gcomhlíontar coinníollacha mhír 2 den Airteagal seo, féadfar na seiceálacha teorann ar dhul isteach agus ar imeacht dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) a dhéanamh le córas um rialú uathoibrithe teorann agus is féidir an trasnú teorann é féin a dhéanamh le córas den saghas sin. I gcás ina ndéantar an tseiceáil teorann le córas um rialú uathoibrithe teorann, beidh sé ina chuid i gcónaí den tseiceáil ag an teorainn fíorú a dhéanamh nach bagairt dháiríre, láithreach agus thromchúiseach go leor ar an tslándáil inmheánach, ar an mbeartas poiblí ná ar chaidreamh idirnáisiúnta na mBallstát, ná ar an tsláinte phoiblí an duine, agus chuige sin ceadófar bunachair shonraí ábhartha an Aontais agus na bunachair shonraí náisiúnta ábhartha, go háirithe Córas Faisnéise Schengen[ 24 ].

4. Ar dhul isteach agus ar imeacht, cuirfear ar fáil do gharda teorann torthaí na seiceálacha teorann a thug an córas féinfhreastail. Ag cur san áireamh dó thorthaí na seiceálacha teorann, údaróidh an garda teorann sin an dul isteach nó an imeacht, sin nó cuirfidh sé an duine ar aghaidh chuig garda teorann agus déanfaidh an garda sin tuilleadh seiceálacha.

5. Cuirfear an duine ar aghaidh chuig garda teorann sna cásanna seo a leanas:

(a)nuair nach gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na coinníollacha atá liostaithe i mír 2;

(b)nuair a dhéanann torthaí na seiceálacha ar dhul isteach nó ar imeacht dá bhforáiltear le hAirteagal 8(2) amhras a chur i gcéannacht an duine nó nuair a léiríonn siad gur bagairt dháiríre, láithreach agus thromchúiseach go leor ar an tslándáil inmheánach, ar an mbeartas poiblí nó ar chaidreamh idirnáisiúnta na mBallstát nó ar an tsláinte phoiblí an duine;

(c)i gcás amhrais.

6. Gan dochar do mhír 4, féadfaidh an garda teorann atá ag maoirsiú an trasnaithe teorann cinneadh ar dhaoine atá ag úsáid córas um rialú uathoibrithe teorann a chur ar aghaidh chuig garda teorann ar chúiseanna eile.

7. Maidir le córais um rialú uathoibrithe teorann, feidhmeofar iad faoi mhaoirseacht garda teorann a mbeidh sé de chúram air úsáideoirí an chórais a choimhéad chun aon úsáid mhíchuí, chalaoiseach nó neamhghnách a bhainfear as an gcóras a bhrath."

(5)Cuirtear isteach an tAirteagal 8b seo a leanas:

"Airteagal 8b

Córais um rialú uathoibrithe teorann a úsáid i gcás náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cead cónaithe acu

1. Náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cead cónaithe acu, féadfaidh siad córais um rialú uathoibrithe teorann a úsáid i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)tá sa doiciméad taistil a thaispeántar chun an teorainn a thrasnú meán stórála leictreonaí (slis), slis a ndearbhaítear a bharántúlacht trí úsáid a bhaint as an tsraith iomlán de dheimhnithe bailí;

(b)tá sa doiciméad taistil a thaispeántar chun an teorainn a thrasnú slis agus íomhá d'aghaidh ar taifead inti, íomhá atá inrochtana go teicniúil agus go dleathach ag an gcóras uathoibrithe sa chaoi is gur féidir céannacht shealbhóir an doiciméid taistil a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh idir an íomhá den aghaidh atá ar taifead sa tslis agus an íomhá bheo d'aghaidh an tsealbhóra sin;

(c)tá sa chead cónaithe a thaispeántar chun an teorainn a thrasnú meán stórála leictreonaí (slis), slis a ndearbhaítear a bharántúlacht trí úsáid a bhaint as an tsraith iomlán de dheimhnithe bailí;

(d)tá sa chead cónaithe a thaispeántar chun an teorainn a thrasnú slis agus íomhá d'aghaidh ar taifead inti, íomhá atá inrochtana go teicniúil ag an gcóras uathoibrithe sa chaoi is gur féidir céannacht shealbhóir an cheada cónaithe a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh idir an íomhá den aghaidh atá ar taifead sa tslis agus an íomhá bheo den aghaidh.

2. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach i mír 1, féadfar na seiceálacha teorann ar dhul isteach agus ar imeacht a dhéanamh le córas um rialú uathoibrithe teorann agus is féidir an trasnú teorann é féin a dhéanamh le córas den saghas sin. Go háirithe an méid seo:

(a)náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cead cónaithe acu, beidh siad faoi réir na seiceálacha teorann dá dtagraítear in Airteagal 8(2) agus i bpointí (i), (ii), (iv) agus (vi) d'Airteagal 8(3)(a);

(b)náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cead cónaithe acu, beidh siad faoi réir na seiceálacha teorann dá dtagraítear in Airteagal 8(2) agus i bpointí (i), (ii), (iv) agus (vi) d'Airteagal 8(3)(g);

3. Ar dhul isteach agus ar imeacht, cuirfear ar fáil do gharda teorann torthaí na seiceálacha teorann a thug an córas féinfhreastail. Ag cur san áireamh dó thorthaí na seiceálacha teorann, údaróidh an garda teorann sin an dul isteach nó an imeacht, sin nó treoróidh sé an duine chuig garda teorann.

4. Cuirfear an duine ar aghaidh chuig garda teorann sna cásanna seo a leanas:

(a)nuair nach gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na coinníollacha atá liostaithe i mír 1;

(b)nuair a dhéanann torthaí na seiceálacha ar dhul isteach nó ar imeacht do dhuine atá leagtha i mír 2 amhras a chur i gcéannacht an duine sin nó nuair a léiríonn siad go meastar gur bagairt é an duine ar an tslándáil inmheánach, ar an mbeartas poiblí nó ar chaidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit nó ar an tsláinte phoiblí;

(c)nuair a léiríonn na seiceálacha ar dhul isteach nó ar imeacht atá leagtha amach i mír 2 go bhfuil ceann amháin de na coinníollacha maidir le dul isteach nó imeacht, nó níos mó ná ceann amháin díobh, gan a bheith comhlíonta.

(d)i gcás amhrais.

5. Gan dochar do mhír 4, féadfaidh an garda teorann atá ag maoirsiú an trasnaithe teorann cinneadh ar dhaoine atá ag úsáid córas um rialú uathoibrithe teorann a chur ar aghaidh chuig garda teorann ar chúiseanna eile.

6. Maidir le córais um rialú uathoibrithe teorann, feidhmeofar iad faoi mhaoirseacht garda teorann a mbeidh sé de chúram air úsáideoirí an chórais a choimhéad chun aon úsáid mhíchuí, chalaoiseach nó mhínormálta a bhainfear as an gcóras a bhrath."

(6)Cuirtear isteach an tAirteagal 8c seo a leanas:

"Airteagal 8c

Córais féinfhreastail a úsáid chun sonraí a réamhchlárú in EES

1. Daoine a bhfuil a dtrasnú teorann faoi réir a chláraithe in EES, i gcomhréir le hAirteagal 6a, féadfaidh siad na córais féinfhreastail a úsáid chun críocha a sainchomhad a chlárú in EES ar choinníoll go bhfíoraítear go bhfuil na coinníollacha carnacha seo a leanas á gcomhlíonadh:

(a)tá sa doiciméad taistil a thaispeántar chun an teorainn a thrasnú meán stórála leictreonaí (slis), slis a ndearbhaítear a bharántúlacht trí úsáid a bhaint as an tsraith iomlán de dheimhnithe bailí;

(b)tá sa doiciméad taistil a thaispeántar chun an teorainn a thrasnú slis agus íomhá d'aghaidh ar taifead inti, íomhá atá inrochtana go teicniúil agus go dleathach ag an gcóras uathoibrithe sa chaoi is gur féidir céannacht shealbhóir an doiciméid taistil a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh idir an íomhá den aghaidh atá ar taifead sa tslis agus an íomhá bheo d'aghaidh an tsealbhóra sin;

2. De bhun mhír 1, fíorófar leis an gcóras féinfhreastail ar cláraíodh an duine in EES roimhe sin agus fíorófar céannacht an náisiúnaigh tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 21(2) den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)].

3. I gcomhréir le hAirteagal 21(4) den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)], déanfar sainaithint leis an gcóras féinfhreastail i gcomhréir le hAirteagal 25 den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)] sna cásanna seo a leanas:

(c)léiríonn an fíorú dá dtagraítear i mír 2 nach bhfuil sonraí an náisiúnaigh tríú tír ar taifead in EES;

(d)níl aon toradh ar fhíorú an náisiúnaigh tríú tír;

(e)tá amhras ann i dtaobh chéannacht an náisiúnaigh tríú tír.

Ina cheann sin, i gcomhréir le hAirteagal 21(4) den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)], i gcás ina ndéantar sainaithint le EES, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a)maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa chun na teorainneacha seachtracha a thrasnú, má léiríonn an cuardach in VIS a dhéantar ar bhonn na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, go bhfuil sonraí an duine ar taifead in VIS, déanfar fíorú méarlorg in VIS i gcomhréir le hAirteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008; i gcás nach bhfuil aon toradh ar fhíorú an duine de bhun mhír 2 den Airteagal seo, déanfaidh na húdaráis teorann cuardach sna sonraí atá in VIS chun críocha sainaithint a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

(b)maidir le náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil faoi réir ceanglais víosa chun na teorainneacha seachtracha a thrasnú agus nach naimsítear sonraí ina leith in EES de thoradh an chuardaigh aitheantais arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 25 den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)], ceadófar VIS i gcomhréir le hAirteagal 19a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

4. I gcás nach bhfuil aon sonraí faoin duine ar taifead in EES de bhun mhír 2 agus mhír 3, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a)maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa chun teorainneacha seachtracha a thrasnú, réamhchláróidh siad in EES tríd an gcóras féinfhreastail na sonraí atá liostaithe in Airteagal 14(1) den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)]; maidir le náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil faoi réir ceanglas víosa chun teorainneacha seachtracha a thrasnú, réamhchláróidh siad in EES tríd an gcóras féinfhreastail na sonraí atá liostaithe in Airteagal 15(1) den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)];

(b)ina dhiaidh sin, cuirfear an duine ar aghaidh chuig garda teorann agus déanfaidh an garda teorann an méid seo:

(a)i gcás nárbh fhéidir na sonraí riachtanacha go léir a bhailiú leis an mboth féinfheastail, na sonraí lena mbaineann a réamhchlárú,

(b)a fhíorú:

(a) gurb ionann an doiciméad taistil a úsáideadh ag an gcóras féinfhreastail agus an doiciméad taistil atá i seilbh an duine atá os comhair an gharda teorann amach.

(b) gurb ionann an íomhá bheo d'aghaidh an duine lena mbaineann agus an íomhá den aghaidh a bailíodh leis an gcóras féinfhreastail;

(c) i gcás daoine nach bhfuil víosa acu de bhun Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, gurb ionann méarloirg bheo an duine lena mbaineann agus na méarloirg a bailíodh leis an gcóras féinfhreastail;

(c)nuair a bheidh an cinneadh déanta cé acu a údarófar an cead isteach nó a dhiúltófar é, dearbhóidh sé an sainchomhad in EES agus iontrálfaidh sé na sonraí dá bhforáiltear le hAirteagail 14(2), 16(1) nó 16(3) den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)].

5. I gcás inarb é toradh atá ar na hoibríochtaí dá bhforáiltear i míreanna 2, 3, agus 4 go ndéantar sonraí an duine a thaifeadadh in EES, seiceálfaidh an córas féinfhreastail an gá ceann amháin nó níos mó de na sonraí atá liostaithe in Airteagal 14(1) nó in Airteagal 15(1) den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)] a nuashonrú. Ina cheann sin, sa chás gurb é an toradh atá ann go ndéantar sonraí faoin duine a thaifeadadh in EES ach go bhfuil rún ag an náisiúnach tríú tír teorainneacha seachtracha Ballstáit atá faoi réir chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a thrasnú den chéad uair i ndiaidh chruthú an tsainchomhaid, sa chás sin ceadófar VIS ar an dóigh atá luaite in Airteagal 21(5) den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)].

6. I gcás ina bhfíoraítear de bhun mhír 5 go bhfuil comhad i leith an duine cláraithe cheana in EES ach gur gá an comhad sin a nuashonrú, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a)tríd an gcóras féinfhreastail, déanfaidh an duine na sonraí nuashonraithe a réamhchlárú in EES;

(b)cuirfear an duine ar aghaidh chuig garda teorann. Fíoróidh an garda teorann sin cirte an nuashonraithe a réamhchláraíodh tríd an gcóras féinfhreastail agus, nuair a bheidh an cinneadh déanta cé acu a údarófar an cead isteach nó a dhiúltófar é, nuashonróidh sé an sainchomhad i gcomhréir le hAirteagal 13(2) den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)].

7. Maidir le córais féinfhreastail, feidhmeofar iad faoi mhaoirseacht garda teorann a mbeidh sé de chúram air aon úsáid mhíchuí, chalaoiseach nó mhínormálta a bhainfear as an gcóras a bhrath."

(7)Cuirtear isteach an tAirteagal 8d seo a leanas:

"Airteagal 8d

Úsáid córas féinfhreastail agus/nó ríomhgheataí i gcomhair trasnú teorann ag náisiúnaigh tríú tír a bhfuil a dtrasnú teorann faoi réir a chláraithe in EES .

1. Daoine a bhfuil a dtrasnú teorann in EES faoi réir a chláraithe in EES i gcomhréir le hAirteagal 6a, féadfar cead a thabhairt dóibh a gcuid seiceálacha teorann a dhéanamh le córas féinfhreastail ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)tá sa doiciméad taistil a thaispeántar chun an teorainn a thrasnú meán stórála leictreonaí (slis), slis a ndearbhaítear a barántúlacht trí úsáid a bhaint as an tsraith iomlán de dheimhnithe bailí;

(b)tá sa doiciméad taistil a thaispeántar chun an teorainn a thrasnú slis agus íomhá d'aghaidh ar taifead inti, íomhá atá inrochtana go teicniúil agus go dleathach ag an gcóras uathoibrithe sa chaoi is gur féidir céannacht shealbhóir an doiciméid taistil a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh idir an íomhá den aghaidh atá ar taifead sa tslis agus an íomhá bheo d'aghaidh an tsealbhóra sin;

(c)tá an duine cláraithe cheana féin nó réamhchláraithe in EES.

2. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach i mír 1, féadfar na seiceálacha ar dhul isteach agus ar imeacht dá bhforáiltear in Airteagail 8(2) agus 8(3)(a) agus (b) nó in Airteagail 8(2) agus 8(3)(g) agus (h), féadfar iad a dhéanamh le córas féinfhreastail. Nuair is le córas um rialú uathoibrithe teorann a dhéantar iad, beidh na seiceálacha dá bhforáiltear in Airteagal 8(3)(h) ar na seiceálacha teorann a dhéanfar.

3. Ar dhul isteach agus ar imeacht, cuirfear ar fáil do gharda teorann torthaí na seiceálacha teorann a thug an córas féinfhreastail. Ag cur san áireamh dó torthaí na seiceálacha teorann, údaróidh an garda teorann sin an dul isteach nó an timeacht, sin nó cuirfidh sé an duine ar aghaidh chuig garda teorann.

4. Cuirfear an duine ar aghaidh chuig garda teorann sna cásanna seo a leanas:

(a)nuair nach gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na coinníollacha atá liostaithe i mír 1;

(b)nuair a léiríonn na seiceálacha ar dhul isteach nó ar imeacht atá leagtha amach i mír 2 go bhfuil ceann amháin de na coinníollacha maidir le dul isteach nó imeacht, nó níos mó ná ceann amháin díobh, gan a bheith comhlíonta;

(c)nuair a dhéanann torthaí na seiceálacha ar dhul isteach nó ar imeacht tá leagtha amach i mír 2 amhras a chur i gcéannacht an duine sin nó nuair a léiríonn siad go meastar gur bagairt é an duine ar an tslándáil inmheánach, ar an mbeartas poiblí nó ar chaidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit nó ar an tsláinte phoiblí;

(d)i gcás amhrais;

(e)nuair nach bhfuil aon ríomhgheataí ar fáil.

5. Sa bhreis ar na cásanna dá dtagraítear i mír 4, féadfaidh an garda teorann atá ag maoirsiú an trasnaithe teorann cinneadh ar dhaoine atá ag úsáid córais féinfhreastail a chur ar aghaidh chuig garda teorann ar chúiseanna eile.

6. Daoine a bhfuil a dtrasnú teorann faoi réir a chláraithe in EES i gcomhréir le hAirteagal 6a(1) agus a d'úsáid córas féinfhreastail chun na seiceálacha teorann a dhéanamh, féadfar iad a údarú le ríomhgheata a úsáid. I gcás ina núsáidfear ríomhgheata, is le linn don trasnú teorann a bheith á dhéanamh tríd an ríomhgheata a dhéanfar clárú comhfhreagrach an taifid ar dhul isteach/imeacht agus nascadh an taifid sin leis an sainchomhad lena mbaineann de bhun Airteagal 13 den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)]. I gcás nach bhfuil an ríomhgheata curtha leis an gcóras féinfhreastail, fíorófar céannacht an úsáideora ag an ríomhgheata chun a chinntiú gurb ionann an duine atá ag úsáid an ríomhgheata agus an duine a d'úsáid an córas féinfhreastail. Déanfar an fíorú sin trí úsáid a bhaint as aitheantóir bithmhéadrach amháin ar a laghad.

7. I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha atá liostaithe in Airteagal 8d(1)(a) nó (b), nó atá liostaithe sa dá cheann acu sin, féadfar roinnt de na seiceálacha teorann ar dhul isteach agus ar imeacht a cheanglaítear le hAirteagal 8(3)(a) agus (b) agus Airteagal 8(3)(g) agus (h), féadfar roinnt acu a dhéanamh le córas féinfhreastail. I gcás inar féidir leis an ngarda teorann torthaí na seiceálacha teorann a rinneadh leis an gcóras féinfhreastail a aisghabháil go teicniúil, agus go bhfuil a chead sin aige de réir dlí, agus go bhfuil torthaí na seiceálacha sin dearfach, ní fhéadfaidh an garda teorann a dhéanamh d'fhíoruithe ach na fíoruithe sin a cheanglaítear le hAirteagal 8(3)(a) agus (b) agus le hAirteagal 8(3)(g) agus (h) agus nárbh fhéidir a dhéanamh leis an gcóras féinfhreastail. Ina cheann sin, fíoróidh an garda teorann gurb ionann an doiciméad taistil a úsáideadh ag an gcóras féinfhreastail agus an doiciméad taistil atá i seilbh an duine atá os comhair an gharda teorann amach.

8. Maidir le córais féinfhreastail agus ríomhgheataí, feidhmeofar iad faoi mhaoirseacht garda teorann a mbeidh sé de chúram air aon úsáid mhíchuí, chalaoiseach nó mhínormálta a bhainfear as an gcóras nó as an ríomhgheata, nó as an dá cheann acu, a bhrath."

(8)Cuirtear isteach an tAirteagal 8e seo a leanas:

"Airteagal 8e

Cláir éascaithe náisiúnta

1. Féadfaidh gach Ballstát clár deonach a bhunú chun cead a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír arna sainiú in Airteagal 2(6) nó do náisiúnaigh tríú tír shonrach nach bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu, tairbhe a bhaint as éascuithe a rinneadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus iad ag trasnú teorainn sheachtrach Ballstáit.

2. De mhaolú ar Airteagal 8(3)(a), i gcás náisiúnaigh tríú tír dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus a dtugtar rochtain ar an gclár dóibh, ní fhéadfaidh sé a bheith ina chuid de na seiceálacha críochnúla ar dhul isteach scrúdú a dhéanamh ar na nithe dá dtagraítear in Airteagal 8(3)(a)(iv) agus (v) agus na náisiúnaigh sin ag trasnú theorann sheachtrach Ballstáit dá leithéid má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)déanann an Ballstát réamh-ghrinnfhiosrúchán ar na náisiúnaigh tríú tír atá ag cur isteach ar an gclár;

(b)is údaráis víosa nó teorann de réir bhrí Airteagal 4(3) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, nó údaráis ar cuireadh de chúram orthu, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine ag pointe trasnaithe teorann seachtracha i gcomhréir leis an Rialachán seo, is iad sin a dhéanann an réamh-ghrinnfhiosrúchán dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)ní thugann na húdaráis dá dtagraítear i mír (b) rochtain ar an gclár ach amháin nuair a chomhlíontar na híoschoinníollacha seo a leanas:

(i) comhlíonann an tiarratasóir na coinníollacha maidir le dul isteach atá leagtha amach in Airteagal 6(1) den Rialachán seo;

(ii) tá doiciméad taistil, víosa agus/nó cead cónaithe an tsealbhóra a thaispeántar, tá sé nó siad bailí agus gan a bheith bréagach, góchumtha ná brionnaithe;

(iii) cruthaíonn an tiarratasóir go bhfuil gá leis an taisteal atá rún aige a dhéanamh go minic nó go rialta, nó tugann sé údar maith leis sin;

(iv) tugann an tiarratasóir cruthúnas ar a ionracas agus ar a iontaofacht, agus go háirithe, más infheidhme, go raibh an úsáid a baineadh as víosaí a fuarthas roimhe sin a raibh bailíocht chríochach theoranta acu, go raibh an úsáid sin dleathach, agus tugann sé cruthúnas ar a staid airgid sa tír tionscnaimh agus go bhfuil rún dáiríre aige imeacht ó chríoch an Bhallstáit in am trátha. I gcomhréir le hAirteagal 23 den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)], féadfaidh na húdaráis dá dtagraítear i mír (b) den Airteagal seo EES a cheadú chun a fhíorú nár fhan an tiarratasóir níos faide ná uasfhad an fhanachta údaraithe ar chríoch na mBallstát roimhe sin;

(v) tugann an tiarratasóir údar le cuspóir agus coinníollacha na bhfanachtaí atá beartaithe;

(vi) tá ag an iarrthóir cóir mhaireachtála leordhóthanach d'fhad na bhfanachtaí atá beartaithe agus don fhilleadh ar a thír thionscnaimh nó chónaí, sin nó tá sé ar chumas an iarrthóra an chóir sin a fháil go dleathach;

(vii) ní duine é an tiarratasóir ar eisíodh foláireamh ina leith i gCóras Faisnéise Schengen (SIS);

(viii) ní mheastar gur baol é an tiarratasóir do bheartas poiblí, do shlándáil inmheánach nó do shláinte an phobail ná do chaidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit, go háirithe i gcás nár eisíodh foláireamh i mbunachair shonraí na mBallstát chun críche cead isteach a dhiúltú ar na forais chéanna;

(d)is ar feadh bliain amháin a thabharfar rochtain ar an gclár dóibh;

(e) déanfaidh an Ballstát athbhreithniú gach bliain ar staid gach náisiúnaigh tríú tír a bhfuil rochtain tugtha ar an gclár dó, d'fhonn deimhin a dhéanamh de, go léiríonn an teolas nuashonraithe go bhfuil an tiarratasóir fós ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 8e(2)(c);

(f)na seiceálacha críochnúla ar dhul isteach agus ar imeacht a cheanglaítear le hAirteagal 8(3)(a) agus Airteagal 8(3)(b), beidh sé ina gcuid díobh freisin céannacht an náisiúnaigh tríú tír atá ag baint tairbhe as an gclár a fhíorú agus fíorú a dhéanamh gur rochtain bhailí í an rochtain atá ag an tríú tír ar an gclár;

(g)déanfaidh na húdaráis dá dtagraítear i mír (b) an rochtain a tugadh don náisiúnach tríú tír ar an gclár a chúlghairm láithreach:

(i) i gcás ina léirítear nár comhlíonadh na coinníollacha maidir leis an gclár a rochtain;

(ii) i gcás ina léirítear nach bhfuil na coinníollacha maidir le rochtain a thabhairt ar an gclár á gcomhlíonadh a thuilleadh;

Agus fíorú á dhéanamh an gcomhlíonann an tiarratasóir na coinníollacha atá leagtha amach i bpointí (a), (b) agus (c), cuimhneofar go háirithe ar bhreith a thabhairt an bhfuil baol na hinimirce neamhdhleathaí nó baol do shlándáil an Bhallstáit nó na mBallstát ag roinnt leis an iarratasóir agus an bhfuil rún ag an iarratasóir críoch an Bhallstáit nó na mBallstát a fhágáil laistigh den fhanacht údaraithe.

Is de réir fhad nó fhaid agus chuspóir nó chuspóirí an fhanachta nó na bhfanachtaí atá beartaithe agus de réir meánphraghsanna cothaithe agus iostais i gcóiríocht bheagchostais sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann, ar bhonn na méideanna tagartha arna socrú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 39(1)(c), is dá réir sin a chinnfear cóir mhaireachtála na bhfanachtaí atá beartaithe. Féadfaidh cruthúnas ar urraíocht nó ar chóiríocht phríobháideach, nó an dá rud, a bheith ina fhianaise ar chóir mhaireachtála leordhóthanach.

Is ar bharántúlacht agus ar iontaofacht na ndoiciméad a cuireadh isteach agus ar fhírinneacht agus ar iontaofacht na ráiteas a rinne an tiarratasóir, is orthu sin go háirithe a bhunófar scrúdú iarratais. Má tá aon amhras ar Bhallstát atá freagrach as iarratas a scrúdú maidir leis an iarratasóir, a chuid ráiteas nó na doiciméid tacaíochta a thug sé, féadfaidh an Ballstát sin dul i gcomhairle le Ballstáit eile sula ndéanfar aon chinneadh faoin iarratas.

4. Dhá Bhallstát nó níos mó a bhfuil clár náisiúnta dá gcuid féin curtha ar bun acu de bhun an Airteagail seo, féadfaidh siad comhaontú a dhéanamh le chéile chun a áirithiú go bhféadfaidh tairbhithe dá gcuid clár náisiúnta tairbhe a bhaint as na héascuithe a aithnítear faoin gclár nó faoi na cláir náisiúnta eile. Laistigh de mhí amháin ó thráth an comhaontú a chur i gcrích, tarchuirfear cóip den chomhaontú chuig an gCoimisiún.

5. Roimh dheireadh an tríú bliain de chur i bhfeidhm an Airteagail seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar a chur i bhfeidhm a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. I bhfianaise na meastóireachta sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle iarraidh ar an gCoimisiún moladh a dhéanamh clár de chuid an Aontais a bhunú do náisiúnaigh tríú tír a bhíonn ag taisteal go minic agus a bhfuil réamh-ghrinnfhiosrúcháin déanta ina leith."

(9)Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Fiú amháin i gcás ina ndéanfar na seiceálacha a mhaolú, iontrálfaidh an garda teorann na sonraí in EES, i gcomhréir le hAirteagal 6a. I gcás nach féidir na sonraí a iontráil go leictreonach iontrálfar de láimh iad."

(b)    cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:

''3a.    I gcás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, sonraí a iontráil i lárchóras EES nó i gcás chliseadh Lárchóras EES, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(i) de mhaolú ar Airteagal 6a den Rialachán seo, déanfar na sonraí in Airteagail 14,15,16,17 agus 18 den [Rialachán lena mbunaítear an corás dul isteach/imeachta (EES)] a stóráil go sealadach sa chomhéadan aonfhoirmeach náisiúnta arna shainiú in Airteagal 6 den [Rialachán lena mbunaítear Corás Dul Isteach/Imeachta (EES)]. Mura bhfuil sin indéanta, stórálfar na sonraí go háitiúil ar bhonn sealadach. Sa dá chás sin, déanfar na sonraí a iontráil i Lárchóras EES a luaithe a leigheasfar an deacracht theicniúil nó an cliseadh. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is iomchuí agus úsáidfidh siad an bonneagar, an trealamh agus na hacmhainní is gá chun a áirithiú gur féidir an stóráil áitiúil sin a dhéanamh tráth ar bith agus d'aon cheann dá gcuid pointí trasnaithe teorann;

(ii) de mhaolú ar Airteagail 8(3)(a)(iii) agus 8(3)(g)(iv) maidir le náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil víosa [nó víosa chamchuairte] dá dtagraítear in Airteagal 6(1)b, déanfar céannacht shealbhóir na víosa a fhíorú go díreach trí VIS a cheadú, nuair atá sin indéanta go teicniúil, i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008."

(10)In Airteagal 10, cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:

''3a. I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit ar chórais um rialú uathoibrithe teorann, ríomhgheataí nó córais féinfhreastail a úsáid, is iad na comharthaí dá bhforáiltear i gCuid D d'Iarscríbhinn III a úsáidfear chun na lánaí éagsúla a mharcáil."

(11)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

"Airteagal 11

Doiciméid taistil a stampáil

1. I gcás ina mbeidh foráil déanta go sainráiteach maidir leis ina reachtaíocht náisiúnta, féadfaidh Ballstát stampáil a dhéanamh, ar dhul isteach agus ar imeacht, ar dhoiciméad taistil náisiúnach tríú tír a bhfuil cead cónaithe acu a d'eisigh an Ballstát sin.

2. Leagtar amach na socruithe praiticiúla maidir le stampáil in Iarscríbhinn IV."

(12)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

"Airteagal 12

Toimhdí i dtaobh comhlíonadh coinníollacha maidir le fad an fhanachta

1. Gan dochar d'Airteagal 12a, más rud é nach bhfuil náisiúnach tríú tír atá ar chríoch Ballstáit cláraithe in EES, nó nach bhfuil sa taifead ar dhul isteach/imeacht don duine dáta imeachta atá i ndiaidh dháta éaga an fhanachta údaraithe, féadfaidh na húdaráis inniúla a thoimhdiú nach gcomhlíonann an duine na coinníollacha a bhaineann le fad an fhanachta ar chríoch na mBallstát, nó nach gcomhlíonann sé a thuilleadh iad.

2. Ní bheidh feidhm ag an toimhde sin maidir le náisiúnach tríú tír atá in ann, ar bhealach ar bith, fianaise inchreidte a chur ar fáil a léiríonn go bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta ag an duine faoi dhlí an Aontais nó go bhfuil cead cónaithe nó víosa fadfhanachta aige. Más infheidhme, beidh feidhm ag Airteagal 32 den [Rialachán lena mbunaítear Corás Dul Isteach/Imeachta (EES)].

3. Féadfar an toimhde dá dtagraítear i mír 1 a bhréagnú i gcás ina gcuirfidh an duine ar fáil, ar bhealach ar bith, fianaise inchreidte, amhail ticéid taistil nó cruthúnas go raibh sé lasmuigh de chríoch an Bhallstáit nó fianaise ar dháta éaga ceada cónaithe nó víosa fadfhanachta a bhí aige roimhe sin, a léiríonn gur urramaigh sé na coinníollacha a bhaineann le fad an ghearrfhanachta.

Ina leithéid sin de chás, cuirfidh na húdaráis inniúla i bhfeidhm an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 18 den [Rialachán lena mbunaítear Corás Dul Isteach/Imeachta (EES)].

4. Mura mbreagnaítear an toimhde dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla an náisiúnach tríú tír a dhíbirt ó chríoch na mBallstát lena mbaineann.

Maidir le náisiúnach tríú tír a léiríonn go bhfuil an ceart chun saorghluaiseacht aige faoi dhlí an Aontais, is i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE, agus i gcomhréir leis sin amháin, a fhéadfaidh údaráis inniúla teorann agus inimirce chríoch an Bhallstáit lena mbaineann é a dhíbirt."

(13)cuirtear isteach an Airteagal 12 a leanas:

"Airteagal 12aIdirthréimhse agus bearta idirthréimhseacha

1. Go ceann tréimhse sé mhí tar éis do EES teacht i bhfeidhm, chun a fhíorú ar dhul isteach nár sháraigh duine an líon uaireanta atá siad údaraithe dul isteach leis an víosa dul isteach uair amháin nó dhá uair agus chun a fhíorú ar dhul isteach agus ar imeacht nár fhan duine atá ag teacht isteach le haghaidh gearrfhanachta, nár fhan sé níos faide ná uasfhad an fhanachta údaraithe, cuirfidh na húdaráis inniúla teorann san áireamh na fanachtaí ar chríocha na mBallstát le linn na 180 lá roimh an dul isteach nó roimh an imeacht ní amháin trí na sonraí dul isteach/imeachta atá ar taifead in EES a sheiceáil ach trí na stampaí a sheiceáil sna doiciméid taistil freisin.

2. I gcás ina ndeachaigh duine isteach i gcríoch na mBallstát agus nár imigh sé amach as sular tháinig EES i bhfeidhm, cruthófar sainchomhad in EES agus iontrálfar dáta an dul isteach sin sa taifead ar dhul isteach/imeacht i gcomhréir le hAirteagal 14(2) den [Rialachán lena mbunaítear Corás Dul Isteach/Imeachta (EES)] ar imeacht don duine. Ní bheidh an riail seo teoranta don sé mhí tar éis do EES teacht i bhfeidhm, dá dtagraítear i mír 1. I gcás ina bhfuil neamhréir idir an stampa dul isteach agus an dáta atá ar taifead in EES, is ag an stampa a bheidh tosaíocht."

(14)Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)i mír 2, cuirtear an tríú fomhír seo a leanas isteach:

"(b) sonraí faoi náisiúnaigh tríú tír dár diúltaíodh cead isteach le haghaidh gearrfhanachta [nó le haghaidh fanacht ar bhonn víosa camchuairte], déanfar iad a chlárú in EES i gcomhréir le hAirteagal 6a(2) den Rialachán seo agus Airteagal 16 den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)]."

(b)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

"Gan dochar d’aon chúiteamh arna dheonú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, beidh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann, i gcás inarb é conclúid an achomhairc nach raibh bunús leis an gcinneadh cead isteach a dhiúltú, beidh sé i dteideal cheartú na sonraí a iontráladh in EES agus beidh sé i dteideal cheartú aon rud eile arna chur ar ceal nó arna chur isteach ag an mBallstát a dhiúltaigh an cead isteach, más ann dá leithéid."

(15)Leasaítear Iarscríbhinní III, IV agus V i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(16)Scriostar Iarscríbhinn VIII.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe.

Beidh feidhm aige ón dáta a thiocfaidh EES i bhfeidhm, arna chinneadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 60 de [Rialacháin Uimh. XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (Códú) IO L 77, 23.3.2016, Lch. 1.
(2) COM(2013) 95 FINAL, COM(2013) 97 FINAL agus COM(2013) 96 FINAL faoi seach.
(3) COM(2013) 96 FINAL
(4)

   Sa chás go mbunófar víosa chamchuairte i gcomhréir leis an togra atá tíolactha ag an gCoimisiún, is é sin an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear víosa chamchuairte agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú Schengen agus Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 [COM(2014) 163 final]

(5)
(6) Sa chás go ndéanfaí raon feidhme Airteagal 8(2) a theorannú do dhaoine ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais, de réir mar atá molta i dtogra COM(2015) 670 final, ba cheart foráil shainráiteach a dhéanamh in Airteagal 8(3) maidir leis an tseiceáil barántúlachta seo agus ba cheart an fhoráil sin a bheith infheidhme maidir le náisiúnaigh tríú tír.
(7) Foráiltear maidir le coinníoll chomhchosúil sa togra (COM(2015)670/2) agus beidh sin ina chuid de na seiceálacha is éigean a dhéanamh ar dhaoine ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta. De réir mar a bheidh an leagan deiridh den téacs a ghlacfar, is féidir nach mbeidh feidhm a thuilleadh leis an abairt seo.
(8) Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (Códú) IO L 77, 23.3.2016, Lch. 1..
(9) IO L …
(10) Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus ag daoine dá dteaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí a dhéanamh faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát (IO L 158, 30.4.2004, Lch. 77).
(11) Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, Lch. 43).
(12) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, Lch. 20).
(13) IO L 176, 10.7.1999, Lch. 36.
(14) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, Lch. 31).
(15) IO L 53, 27.2.2008, Lch. 52.
(16) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, Lch. 31).
(17) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontuithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, Lch. 1).
(18) IO L 160, 18.6.2011, Lch. 21.
(19) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, Lch. 31).
(20) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, Lch. 19).
(21) Is féidir go gcaithfear tuilleadh coigeartuithe a dhéanamh ar na míreanna seo nuair a bheidh togra (2015)670/2 ón gCoimisiún glactha.
(22) Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS) ."
(23) Tá foráil déanta maidir leis an gcoinníoll seo sa togra COM(2015)670/2, lena leasaítear Airteagal 7 de Chód Teorainneacha Schengen agus beidh sé ina chuid de na seiceálacha éigeanta a dhéanamh i leith daoine ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta. De réir mar a bheidh an leagan deiridh den téacs a ghlacfar, is féidir go gcaithfear an abairt seo a choigeartú.
(24) Tá foráil déanta maidir le coinníoll comhchosúil sa togra COM(2015)670/2, lena leasaítear Airteagal 7 de Chód Teorainneacha Schengen (Airteagal 8 nuair a bheidh an códú déanta) agus beidh sin ina chuid de na seiceálacha éigeantacha a dhéanamh i leith daoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu. De réir mar a bheidh an leagan deiridh den téacs a ghlacfar, is féidir nach mbeidh feidhm a thuilleadh leis an abairt seo.
Top

An Bhruiséil,6.4.2016

COM(2016) 196 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le húsáid an Chórais Dul Isteach/Imeachta

{SWD(2016) 115 final}
{SWD(2016) 116 final}


IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le húsáid an Chórais Dul Isteach/Imeachta



IARSCRÍBHINN

Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 mar a leanas:

1.cuirtear Cuid D le hIarscríbhinn III:

"CUID D

Cuid D1: Lánaí le haghaidh Rialú Uathoibrithe Teorann do shaoránaigh AE/LEE/CH

Ní gá réaltaí don Eilvéis, do Lichtinstéin, don Iorua ná don Íoslainn



Cuid D2: Lánaí le haghaidh Rialú Uathoibrithe Teorann do náisiúnaigh tríú tír

Ní gá réaltaí don Eilvéis, do Lichtinstéin, don Iorua ná don Íoslainn

Cuid D3: Lánaí le haghaidh Rialú Uathoibrithe Teorann do gach cineál pas

Ní gá réaltaí don Eilvéis, do Lichtinstéin, don Iorua ná don Íoslainn"

2.Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

"1. I gcás ina mbeidh foráil déanta go sainráiteach maidir leis ina reachtaíocht náisiúnta, féadfaidh Ballstát stampáil a dhéanamh ar dhul isteach agus ar imeacht dóibh ar dhoiciméad taistil na náisiúnach tríú tír sin a bhfuil cead cónaithe acu a d'eisigh an Ballstát céanna i gcomhréir le hAirteagal 11. Ina theannta sin, i gcomhréir le Cuid A d'Iarscríbhinn V, i gcás ina ndiúltófar cead dul isteach do náisiúnaigh tríú tír de bhun Airteagal 14, greamóidh an garda teorann stampa dul isteach den phas, arna chealú le cros scríofa i ndúch dubh doscriosta, agus scríobhfaidh sé os a chomhair ar thaobh na láimhe deise, i ndúch doscriosta arís, an litir nó na litreacha a bhaineann leis an gcúis nó leis na cúiseanna le cead dul isteach a dhiúltú, atá luaite ar an bhfoirm chaighdeánach maidir le cead dul isteach a dhiúltú atá léirithe i gCuid B d’Iarscríbhinn V."

(b)Cuirtear pointe 1a isteach:

"Leagtar síos mionsonraí na stampaí sin sa Chinneadh ó Choiste Feidhmiúcháin Schengen SCH/COM-EX (94) 16 rev agus SCH/Gem-Handb (93) 15 (RÚNDA)."

(c)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

"3. I gcás ina ndiúltófar cead dul isteach do náisiúnach tríú tír atá faoi réir na hoibleagáide víosa, déanfar, mar riail ghinearálta, an stampa a ghreamú den leathanach ar aghaidh an leathanaigh a bhfuil an víosa greamaithe de.

Mura féidir an leathanach sin a úsáid, cuirfear an stampa ar an gcéad leathanach eile. Ní chuirfear stampa ar an gcuid atá meaisín-inléite.

3.Leasaítear Cuid A d'Iarscríbhinn V mar seo a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(b):

"(b) i gcás náisiúnaigh tríú tír dar diúltaíodh cead dul isteach le haghaidh gearrfhanachta [nó ar bhonn víosa chamchuairte], déanfar na sonraí faoi dhiúltú dul isteach a chlárú in EES i gcomhréir le hAirteagal 6a(2) den Rialachán seo agus Airteagal 16 de [an Rialachán lena mbunaítear an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)]. Ina theannta sin, greamóidh an garda teorann stampa dul isteach den phas, arna chealú le cros scríofa i ndúch dubh doscriosta, agus scríobhfaidh sé os a chomhair ar thaobh na láimhe deise, i ndúch doscriosta arís, an litir nó na litreacha a bhaineann leis an gcúis nó leis na cúiseanna le cead dul isteach a dhiúltú, atá luaite ar an bhfoirm chaighdeánach maidir le cead dul isteach a dhiúltú atá léirithe i gCuid B den Iarscríbhinn seo;"

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(d):

"(d) i gcás náisiúnaigh tríú tír nach ndéanfar a chlárú in EES gur diúltaíodh cead dul isteach dóibh, greamóidh an garda teorann stampa dul isteach den phas, arna chealú le cros scríofa i ndúch dubh doscriosta, agus scríobhfaidh sé os a chomhair ar thaobh na láimhe deise, i ndúch doscriosta arís, an litir nó na litreacha a bhaineann leis an gcúis nó leis na cúiseanna le cead dul isteach a dhiúltú, atá luaite ar an bhfoirm chaighdeánach maidir le cead dul isteach a dhiúltú atá léirithe i gCuid B den Iarscríbhinn. Ina theannta sin i gcás na gcatagóirí seo daoine, déanfaidh an garda teorann gach diúltú cead dul isteach a thaifeadadh i gclár nó ar liosta ina sonraítear céannacht agus náisiúntacht an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann, mar aon le tagairtí an doiciméid lena n-údaraítear an náisiúnach tríú tír leis an teorainn a thrasnú agus an chúis atá le cead dul isteach a dhiúltú, agus dáta an diúltaithe;"

(c)cuirtear pointe 1(e) isteach:

"(e) Leagtar amach na socruithe praiticiúla maidir le stampáil in Iarscríbhinn IV."

Top