EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52015PC0586

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 chun Scéim Eorpach Árachais Taiscí a bhunú

COM/2015/0586 final - 2015/0270 (COD)

Strasbourg, 24.11.2015

COM(2015) 586 final

2015/0270(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 chun Scéim Eorpach Árachais Taiscí a bhunú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Beartaítear leis an togra reachtach seo Scéim Eorpach Árachais Taiscí (SEÁT) a bhunú a bheidh ina tríú colún den Aontas Baincéireachta, agus bunófar í i dtrí chéim i ndiadh a chéile mar seo a leanas: scéim athárachais le haghaidh SRTanna náisiúnta rannpháirteacha sa chéad tréimhse ar feadh trí bliana, scéim comhárachais le haghaidh SRTanna náisiúnta rannpháirteacha don dara tréimhse ceithre bliana, agus lánárachas le haghaidh SRTanna náisiúnta rannpháirteacha a bhfuil an staid chobhsaí bainte amach acu. Ní féidir le SRT náisiúnta tairbhe a bhaint as SEÁT ach amháin má tá a chistí á dtiomsú de réir conair bheacht cistiúcháin bheacht agus go bhfuil sé ag comhlíonadh na gceanglas is bunriachtanach faoi dhlí an Aontais ina theannta sin. Mhéadófaí an Bord Réitigh Aonair chun SEÁT a riar. Is é an bord a dhéanfadh faireachán ar SRTanna náisiúnta agus ní scaoilfeadh sé cistí ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaí coinníollacha a bheadh sainithe go soiléir. San am céanna a chuirfí SEÁT i bhfeidhm, chuirfí bearta uaillmhianacha i bhfeidhm chun na rioscaí in earnálacha baincéireachta na mBallstát a laghdú.

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1.Forais agus cuspóirí an togra

In 2012, d'iarr an Coimisiún go mbunófaí Aontas Baincéireachta a chuirfeadh bonn níos seasta faoi earnáil na Baincéireachta le go dtiocfadh muinín ar ais sa Euro mar chuid d'fhís níos fadtéarmaí le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch agus fioscach. 1 Ba cheart an tAontas Baincéireachta a chur chun feidhme tríd an mhaoirseacht a aistriú go dtí an leibhéal Eorpach, ag bunú creat comhtháite chun géarchéimeanna baincéireachta a bhainistiú agus, rud atá chomh tábhachtach céanna, ag bunú comhchóras cosanta taiscí. Cé gur cuireadh an chéad dá chéim i gcrích nuair a bunaíodh an Sásra Maoirseachta Aonair (SMA) agus an Sásra Réitigh Aonair (SRA), níor bunaíodh comhchóras le haghaidh cosaint taiscí go fóill.

I dTuarascáil na gCúig Uachtarán 2 agus leis sa Teachtaireacht ón gCoimisiún 3 a lean í, leagadh amach plean soiléir chun an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) a dhoimhniú, plean ina raibh céimeanna breise san áireamh chun rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a theorannú tuilleadh. An tAontas Baincéireachta a chur i gcrích chun Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a chur i bhfeidhm go huile agus go hiomlán, sin céim nach féidir a shárú. Maidir leis an airgeadra aonair, má tá an beartas airgeadaíochta le traschur ar bhealach éifeachtach, má tá an riosca le héagsúlú idir na Ballstáit ar bhealach iomchuí agus má táthar le muinín a chur i gcóras baincéireachta an limistéar euro, is den riachtanas, córas aontaithe agus lánchomhtháite airgeadais bheith ann.

Go háirithe, moltar i dTuarascáil na gCúig Uachtarán, Scéim Eorpach Árachais Taiscí (SEÁT) a bhunú san fhadtéarma, agus í ina tríú colún d'aontas baincéireachta lánfheidhmeach maille leis an maoirseacht baincéireachta, cúram a tugadh do SMA, agus maille le réiteach banc, cúram a tugadh do SAR.

Toisc go bhfuil na Scéimeanna Ráthaíochta Taiscí (SRTanna) náisiúnta fós i mbaol ó shuaitheadh mór áitiúil an chaoi a bhfuil siad leagtha amach faoi láthair, tugadh le fios i dTuarascáil na gCúig Uachtarán go méadódh árachas taiscí comhpháirteach athléimneacht an Aontais Baincéireachta faoi chomhair géarchéimeanna eile amach anseo.

Ina Theachtaireacht dar dáta an 21 Deireadh Fómhair a lean an tuarascáil sin, thug an Coimisiún geallúint go gcuirfeadh sé togra reachtach chun tosaigh roimh dheireadh 2015 i dtaca leis na chéad bhearta chun SEÁT a chur ar bun d'fhonn corás níos Eorpaí a chruthú, córas a bheadh dícheangailte den stát, le go gcuirfí feabhas ar an gcobhsaíocht airgeadais, le go mbeadh saoránaigh lánchinnte nach mbeadh sábháilteacht a gcuid taiscí ag brath ar an suíomh geografach ina bhfuil siad agus le nach ndéanfaí dochar do bhainc fhónta de dheasca na háite a bhfuil siad bunaithe.

Chuir an Coimisiún in iúl, i gcomhréir le Tuarascáil na gCúig Uachtarán, go ndéanfaí an chéad bheart chun córas níos comhchoitinne a chur ar bun, agus dá réir sin go bhforbrófaí cur chuige "bunaithe ar athárachas" lena gcuirfí san áireamh na leibhéil dhifriúla cistiúcháin atá ag scéimeanna náisiúnta chomh maith le saincheisteanna maidir le baol morálta. Bhunófaí Ciste Árachais Taiscí comhchoiteann, a bhainisteofaí faoi choimirce an Bhoird Réitigh Aonair atá ann faoi láthair. B'éigean do Bhallstáit atá sa limistéar euro bheith páirteach i SEÁT agus bheadh sé oscailte do na Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro a bheadh sásta dul isteach san Aontas Baincéireachta.

Thiocfadh forbairt ar SEÁT de réir a chéile ó scéim athárachais go scéim comhárachais lánfhrithpháirtithe thar roinnt blianta. I gcomhthéacs na niarrachtaí chun an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhéanamh níos doimhne, maille leis an obair ar shocruithe maoiniúcháin idirlinne a bhunú le haghaidh an Chiste Réitigh Aonair agus ar thacaíocht fhioscach chomhchoiteann, is gá an fhorbairt sin chun na naisc idir bainc agus an stát i mBallstáit ar leith a laghdú trí bhíthin bearta chun an riosca a roinnt idir na Ballstáit uile san Aontas Baincéireachta, agus ar an dóigh sin an tAontas Baincéireachta a neartú chun an príomhchuspóir atá aige a bhaint amach. An roinnt riosca atá i gceist le bearta chun an tAontas Baincéireachta a neartú áfach, ní mór é a dhéanamh i gcomhthráth le bearta laghdaithe riosca atá ceaptha an nasc idir bainc agus an stát a bhriseadh ar bhealach níos dírí.

1.2.Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana féin

Tá an Rialachán seo comhsheasmhach leis na forálacha beartais atá ann faoi láthair.

Tar éis bhunú SMA le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 4 agus tar éis bhunú SRA le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 5 , táthar ag tabhairt aghaidh le SEÁT ar an neamhréir idir maoirsiú agus réiteach banc faoi chúram an Aontais sna Ballstáit rannpháirteacha, ar thaobh amháin, agus éifeachtúlacht agus inchreidteacht na SRTanna náisiúnta i gcás ina gclisfeadh na bainc chéanna de bhun Threoir 2014/59/AE maidir le Scéimeanna Ráthaíochta Taiscí 6 (an Treoir maidir le SRTanna), ar an taobh eile.

Cuireann an Rialachán seo atá beartaithe leis an gcreat atá ann faoi láthair le haghaidh SRTanna náisiúnta, ar creat é atá á rialú ag an Treoir maidir le SRTanna. Leis an Rialachán seo atá beartaithe, is fearr mar a bheifí in ann creat ráthaíochta taiscí na mBallstát atá páirteach i SEÁT a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach. Is de thoradh cumhachtaí cinnteoireachta, faireacháin agus forfheidhmithe i ndáil leis an gcreat ráthaíochta taiscí a thabhairt don Bhord Réitigh Aonair agus Árachais Taiscí ("an Bord") a bheadh sé sin amhlaidh.

1.3.Comhsheasmhacht le beartais eile an Aontais

Is sochar a bheadh i SEÁT a laghdódh an nasc idir an staid fhioscach a shamhlaítear le Ballstáit ar leith agus na costais cistiúcháin atá ag na bainc a oibríonn sna Ballstáit áirithe sin agus, ar an dóigh sin, is cuidiú a bheadh ann chun an nasc idir stáit agus bainc a bhriseadh. Mhéadófaí dá bharr sin athléimneacht na hearnála baincéireachta faoi chomhair géarchéimeanna a tharlódh amach anseo agus chuirfí leis an mórchuspóir, mar atá an chobhsaíocht airgeadais arb é is buntaca le beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta an Aontais. Dhéanfaí rioscaí a leathnú amach ar bhonn ní ba leithne, rud a chuirfeadh feabhas ar an gcobhsaíocht airgeadais, ní amháin sa Bhallstát a bheadh i gceist, ach sna Ballstáit rannpháirteacha eile agus na Ballstáit neamhrannpháirteacha freisin, toisc go gcuirfí teorainn leis na héifeachtaí gabhála a d'fhéadfadh bheith ann. Thairis sin, chuideodh sé chun cothrom iomaíochta a chur ar ais sa mhargadh inmheánach trí theorannú a dhéanamh ar an míbhuntáiste iomaíochta a dhéanann dochar do bhainc fhónta de dheasca na háite a bhfuil siad bunaithe. I dtimpeallacht airgeadais chobhsaí, is féidir institiúidí airgeadais a dhreasú chun iasachtú a dhéanamh ar an ngeilleagar níos leithne tríd an gcostas a bhaineann lena gcistiúcháin a laghdú, rud a chuirfidh borradh faoi fhás agus faoi fhostaíocht agus a chuirfidh feabhas ar iomaíochas gheilleagar an Aontais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

2.1.Bunús dlí

Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh is bunús dlí don Rialachán atá beartaithe. Is ceadmhach faoin Airteagal sin bearta a ghlacadh chun forálacha náisiúnta a chomhfhogasú a bhaineann le bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Is é is aidhm leis an Rialachán atá beartaithe sláine an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú agus a fheidhmiú a fheabhsú. Dhéanfadh sé sochar do dhea-fheidhmiú mhargaí airgeadais an Aontais agus don chobhsaíocht airgeadais san Aontas aon sraith amháin rialacha maidir le cosaint taiscí a bheith á cur i bhfeidhm go haonfhoirmeach mar aon le Ciste Eorpach Árachais Taiscí ("an Ciste Árachais Taiscí") a bheith ar fáil. Dá thoradh sin, bheadh deireadh le bacainní ar fheidhmiú saoirsí bunúsacha, rud a d'fhágfadh nach mbeadh saobhadh mór iomaíochta ann, ar a laghad ar bith sna Ballstáit sin a bhfuil maoirseacht agus réiteach institiúidí creidmheasa agus cosaint taisceoirí comhroinnte acu ar an leibhéal Eorpach.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 114 den CFAE an bunús dlí cuí.

2.2.Coimhdeacht (le haghaidh inniúlacht neamheisiach)

Faoi phrionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, níor cheart don Aontas gníomhú i réimsí nach dtagann faoina fhreagracht eisiach, ach amháin mura féidir sin agus a mhéad nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta arna beartú a ghnóthú go leordhóthanach, bíodh sé ar leibhéal lárnach nó ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil, ach gur féidir, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta arna beartú, na cuspóirí sin a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais.

San am atá i láthair, toisc gur eagraíochtaí iomlán náisiúnta iad na SRTanna, tá baol mór ann dóibh ó shuaitheadh mór áitiúil, agus is rud é sin a fhágann go gcoinnítear nasc láidir idir bainc agus an stát náisiúnta. De thoradh na staide sin, baintear an bonn ó aonchineálacht na cosanta le haghaidh taiscí agus is measaide easpa muiníne na dtaisceoirí.

Lena chois sin, de dheasca difir shuntasacha a bheith ann ó thaobh cosaint taisceoirí de ar an leibhéal náisiúnta, agus faoi réir sonraíochtaí áitiúla agus srianta cistiúcháin, d'fhéadfadh siad an bonn a bhaint ó shláine an mhargaidh inmheánaigh.

Is trí ghníomhaíocht ar an leibhéal Eorpach amháin is féidir árachas taiscí iomchuí a áirithiú do thaisceoirí ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus an nasc a lagú atá idir SRTanna náisiúnta agus staid airgeadais gach stáit.

Le SMA áiritheofar cothrom iomaíochta maidir le maoirseacht ar bhainc agus laghdaítear an baol ó staonadh. Leis an SRA áiritheofar, i gcás ina gclisfidh banc, go bhféadfar athstruchtúrú a dhéanamh ar an gcostas is lú, go mbíonn cosaint iomchuí ar cháiníocóirí agus go gcaitear le creidiúnaithe agus le hinstitiúidí creidmheasa go cothrom agus go comhionann ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus nach ndéantar dochar dóibh mar gheall ar an áit a bhfuil siad bunaithe. Ar an mbonn céanna, is cuí go ndéanfadh an tAontas beart reachtach chun na socruithe is gá a bhunú chun taiscí institiúidí creidmheasa a chosaint, taiscí a bheadh faoi chuimsiú an Aontais Bhaincéireachta.

Ina theannta sin, bheadh barainneachtaí scála suntasacha ann le SEÁT freisin, agus sheachnófaí na seachtrachtaí diúltacha a d’fhéadfadh teacht chun cinn trí chistí náisiúnta nó as cinntí a dhéantar ar bhonn náisiúnta amháin.

2.3.Comhréireacht

Tá an togra i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Faoi phrionsabal na comhréireachta arna bhunú in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní bheidh ábhar agus foirm ghníomhaíocht an Aontais os cionn an méid is gá chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach.

San Aontas Baincéireachta, is ar an leibhéal céanna údaráis a dhéanfar maoirseacht ar bhainc agus réiteach banc a fheidhmiú. Bheadh baol teannais ann dá gcinnfeadh údarás réitigh Eorpach banc a leachtú nó a réiteach gan bheith in ann a áirithiú go mbeadh taiscí faoi chosaint i rith an phróisis, agus go mbeadh baol éagobhsaíochta airgeadais ann dá bharr. Go deimhin, leis an ngéarchéim a bhí ann le déanaí cuireadh béim nach beag ar an ngá le gníomhaíocht thapa agus shoiléir, gníomhaíocht a mbeadh socruithe cistiúcháin ar an leibhéal Eorpach ag tacú léi. D'áiritheofaí le SEÁT go gcuirfí na rialacha céanna i bhfeidhm ar an dóigh chéanna chun taiscí a chosaint in aon Bhallstát rannpháirteach. I gcás ina mbeadh cistiú cúltaca iomchuí ann, laghdódh sé an baol go gcaillfí muinín i gcóras baincéireachta an Bhallstáit ina iomláine de dheasca fadhbanna i mbainc aonair nó go gcaillfí muinín i gcóras baincéireachta Ballstáit eile toisc go measann na margaí go mbaineann rioscaí comhchosúla leis.

Mar gheall ar an deimhneacht dhlithiúil bhreise, na dreasachtaí maidir leis an Aontas Baincéireachta a bheith ailínithe agus na sochair eacnamaíocha a ghabhann le cosaint lárnach agus aonfhoirmeach taisceoirí, comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta.

2.4.Rogha ionstraimí

Ní féidir a áirithiú go ndéanfar na rialacha maidir le ráthaíocht taiscí atá leagtha síos sa Treoir maidir le SRTanna a chur i bhfeidhm go lárnach de réir a chéile, ach amháin más infheidhme go díreach sna Ballstáit na rialacha lena rialaítear bunú agus feidhmiú SEÁT ionas nach mbainfear cialla éagsúla astu sna Ballstáit éagsúla. Dá bhrí sin agus de bhrí go mbunófar Ciste Árachais Taiscí ar leibhéal an Aontais Bhaincéireachta, agus go mbeidh an ciste sin á bhainistiú ag Bord a dhéanfaidh ionadaíocht do gach comhalta den Aontas Baincéireachta, is gá Rialachán mar is é an ionstraim dhlí is cuí.

3.TORTHAÍ NA MEASTÓIREACHTAÍ EX-POST, NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

3.1.Cad í an fhadhb agus cad chuige ar fadhb í?

Is ar bhonn náisiúnta amháin a dhéantar árachas taiscí go fóill san Aontas Baincéireachta, rud a fhágann go bhfuil baol ann do SRTanna náisiúnta ó shuaite móra áitiúla agus go bhfuil buiséid na mBallstát fós ar ris baol ina nearnáil bhaincéireachta féin. Mar gheall air sin ní féidir buntáistí uile an mhargaidh inmheánaigh agus an Aontais Bhaincéireachta a bhaint amach agus tá an baol ann go mbeidh drochthionchar aige ar mhuinín taisceoirí agus ar na cearta bunaíochta atá ag institiúidí creidmheasa agus ag taisceoirí.

Tá SRTanna i bhfeidhm sna Ballstáit ar fad, mar a cheanglaítear leis an Treoir maidir le SRTanna. Cé go bhfuil siad ar aon dul le chéile go pointe ó thaobh a bpríomhghnéithe agus a bhfeidhmiú de, fágtar gnéithe tábhachtacha faoi na Ballstáit go fóill. Is féidir leis na Ballstáit freisin spriocleibhéil laghdaithe a údarú de réir na nacmhainní airgeadais atá ar fáil, ach formheas chuige a fháil ón gCoimisiún Eorpach.

D'fheadfadh na difríochtaí ó thaobh leibhéil cistiúcháin agus méide de atá idir na 38 SRT atá san Aontas faoi láthair, d'fhéadfaidís drochthionchar a imirt ar mhuinín taisceoirí agus cur isteach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

3.2.Cad chuige ar cheart don Aontas Eorpach gníomhú?

Maille le maoirseacht agus réiteach banc, dhéanfadh SEAT an tAontas Baincéireachta a chomhlánú. Dhéanfadh sé an baol do thaisceoirí banc ó shuaite móra áitiúla a laghdú agus laghdódh sé freisin an nasc idir bainc agus a stát náisiúnta. Ina theannta sin, i gcóras ina bhfuil na freagrachtaí maidir le maoirseacht agus réiteach banc á roinnt, is léir cheana féin nach ann don riail náisiúnta a thuilleadh i dtaca leis na cúinsí faoina bhféadfaidh SRT náisiúnta a úsáid. I dTreoir 2014/59/AE (an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc) agus i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 (an Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair) araon tá forálacha maidir leis an úsáid is féidir a bhaint as cistí SRTanna le linn réitigh. Dá bhrí sin, is é an chéad chéim loighiciúil eile chun an tAontas Baincéireachta a chomhlánú comhchóras a bhunú le haghaidh árachas taiscí freisin agus, leis sin, is fearr mar a bheidh dhliteanas ag teacht le rialú.

3.3.Cad is féidir a bhaint amach?

Rinneadh anailís chainníochtúil inar measadh a éifeachtúla a bheadh SEÁT, agus é lánfhrithpháirtithe, ó thaobh déileáil le cumas dul i ngleic le híocaíochtaí amach a d'féadfadh bheith ann. Léirítear san anailís sin go dtiocfadh méadú mór ar an líon banc agus ar mhéid na mbanc sin a mbeadh an Ciste Árachais Taiscí in ann déileáil le híocaíochtaí amach ina leith thar ceann na mBallstát uile faoi SEÁT i gcomparáid leis na SRTanna náisiúnta.

Lena chois sin, léirítear san anailís gur lú an teasnamh íocaíochta amach a mbeifí ag súil leis, arna shloinneadh mar chéatadán den spriocleibhéal, i gcás SEÁT ná i gcás aon cheann de na SRTanna náisiúnta.

Sna measúnuithe thuas, glacadh leis nach mbeadh ranníocaíochtaí breise ó na bainc de dhíth ar SEÁT, ach go núsáidfí na ranníocaíochtaí arb é ab aidhm leo na cistí náisiúnta a mhéadú chun SEÁT a mhéadú. Léiríonn na torthaí sin, gur chosaint ní b'éifeachtúla a d'fhéadfaí a fháil ón méid céanna cistí ach na cistí sin a bheith ar fáil trí SRT Eorpach aonair seachas trí SRTanna iomlán náisiúnta.

3.4.Cad iad na roghanna atá ann chun na cuspóirí a bhaint amach?

3.4.1.Leibhéil cistithe i ndearadh SEÁT atá ann faoi láthair

Léirítear sa mheasúnú go gcuirfí tús le SEÁT ar bhonn leibhéil cistiúcháin anéagsúil ó leibhéil cistiúcháin na SRTanna náisiúnta. Tugtar le fios sa mhéid sin nach mór do SEÁT tacaíocht leachtaithe a thabhairt sa chéad chéim, mar mura ndéanfar sin is i dtuilleamaí modhanna cistithe náisiúnta amháin beagnach, a bheadh SRTanna áitiúla go fóill. Ar an dara dul síos, ba cheart SEÁT a cheapadh ar dhóigh a sheachnódh buntáistí díréireacha do scéimeanna nár thosaigh ag tiomsú cistí exante agus a sheachnódh dídhreasachtaí chun sin a dhéanamh amach anseo.

3.4.2.Raon feidhme SEÁT

Meastar nach gcruthófar deacrachtaí a thuilleadh mar gheall ar dhifríochtaí i leibhéil cistiúcháin nuair a bheidh a gcuid oibleagáidí comhlíonta ag SRTanna cistí exante a mhéadú de réir na Treorach maidir le SRTanna. Léirítear san anailís go noibreodh comhchóras ar bhonn ní b'éifeachtúla, i.e. chuirfí leibhéal níos airde cosanta ar fáil gan gá cur le ranníocaíochtaí foriomlána. B'fhearr a d'fhéadfadh sé freisin neamhchosaint na mBallstát ar a gcóras baincéireachta baile a laghdú.

3.4.3.Ranníocaíochtaí

San anailís sin, léirítear an méid seo a leanas: (i) athraíonn an tualú riosca a dhéantar ar ranníocaíochtaí leithdháileadh an ualaigh airgeadais ar bhainc in earnáil áirithe bhaincéireachta, (ii) nuair a dhéantar measúnú ar an riosca a bhaineann le banc ar leith i gcoibhneas bhainc an Aontais Bhaincéireachta seachas i gcoibhneas na mbanc in earnáil bhaincéireachta na tíre nó an SRT, is dóchúil go nathródh sin leibhéal na ranníocaíochta a bheadh le híoc ag an mbanc sin ar leith. Mar sin féin, níor aithníodh go raibh an lámh in uachtar ag aon ghrúpa banc ar cheann ar bith eile.

Dá mhéad é an baol a bhaineann le banc is ea is dóchúla go mbeidh ar SRT cistí a úsáid chun taisceoirí a chúiteamh. Dá bhrí sin, beartaítear leis an togra ranníocaíochtaí a choigeartú de réir rioscaí, i.e. leanúint den phrionsabal a bunaíodh leis an Treoir maidir le SRTanna.

Ar an dara dul síos, léirítear san anailís go mbeidh tionchar ag an ngrúpa comparáide ar na ranníocaíochtaí a íocfaidh gach institiúid ar leith. Dá bhrí sin, le linn chéim an athárachais, céim ina bhfanann rioscaí ar an leibhéal náisiúnta den chuid is mó, déantar próifíl riosca bainc ar leith a shuí i gcoibhneas an chuid eile dá chóras baincéireachta náisiúnta féin. Nuair a bheidh SEÁT ina chóras ina mbeidh dliteanas comhpháirteach ar leibhéal an Aontais Bhaincéireachta i bhfeidhm, déanfar próifíl riosca bainc ar leith a shuí i gcoibhneas gach bainc san Aontas Baincéireachta. Ar an dóigh sin, d'áiritheofaí go mbeadh SEÁT, ar an iomlán, neodrach ó thaobh costais de i gcomhair na mbanc agus na SRTanna náisiúnta, agus sheachnófaí castachtaí i dtaca le próifíl riosca a shuí le linn chéim an mhéadaithe den Chiste Árachais Taiscí.

3.5.Cearta bunúsacha

Níl aon iarmhairtí ag an Rialachán atá beartaithe do chosaint na gceart bunúsach diomaite díobh siúd atá luaite sa Rialachán agus sa Treoir a modhnaítear leis agus a ndéantar friotháil dóibh sa Mheabhrán Míniúcháin a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, lena mbunaítear Réiteach Aonair.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

I gcomhair na bhfeidhmeanna sin dá chuid a bhaineann le SEÁT, is trí ranníocaíochtaí riaracháin ó institiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe le SRTanna rannpháirteacha a mhaoineofaí an Bord. Dá réir sin, ní bheidh aon ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh de dhíth ar na feidhmeanna sin. 22 cheann d'aonaid choibhéise lánaimseartha (poist faoin bplean bunaíochta, gníomhairí conartha agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht) a bheidh sna hacmhainní daonna breise a bheidh ag an mBord faoi bhliain a naoi nuair a bheidh céim an lánárachais bainte amach. Tá sé sin ag teacht leis na cúraimí a thabharfar dó faoin Rialachán atá beartaithe. Mar a bhí i gcás an Bord Réitigh Aonair a chur ar bun, níl na poist is gá chun cúraimí an chomhlachta nua seo a mhéadú faoi réir na sprice atá leagtha amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle COM(2013)519 an 10.7.2013, mar atá an líon foirne a laghdú 5 %.

I gcomhair na bhfeidhmeanna sin dá chuid a bhaineann le SEÁT, is trí ranníocaíochtaí riaracháin ó institiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe le SRTanna rannpháirteacha a mhaoineofaí an Bord. Na hacmhainní breise a bheidh ag an mBord, cuirfear an oiread acu ar fáil agus is gá chun na cúraimí a dtabharfar dóibh leis an Rialachán atá beartaithe a chur i gcrích.

5.LÉIRMHÍNIÚ MIONSONRAITHE AR AN TOGRA

5.1.Scéim Eorpach Árachais Taiscí

Beartaítear leis an togra seo go ndéanfar SEÁT a bhunú trí Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 (an Rialachán maidir le SRA) a leasú. Ní dhéanfadh an leasú aon mhodhnú ar rialacha fheidhmiú SRA.

5.1.1.Forbairt ar SEÁT de réir a chéile

Leis an leasú atá beartaithe ar Rialachán SRA, bunófar SEÁT i dtrí chinn de chéimeanna seicheamhacha (Airteagal 2(2)): scéim athárachais, scéim comhárachais agus scéim lánárachais. Is é an Bord a riarfaidh SEÁT ag gach céim i gcomhar le SRTanna rannpháirteacha eile nó, i gcás nach ndéanann SRT é féin a riar, i gcomhar leis an údarás ainmnithe náisiúnta atá freagrach as an SRT rannpháirteach sin a riar (Airteagal 2(2) fomhír 2). Cuid de SEÁT is ea an Ciste Árachais Taiscí. Is trí ranníocaíochtaí atá dlite ag bainc agus a d'íocfadh bainc go díreach leis an mBord a líonfaí é. Dhéanfadh na SRTanna rannpháirteacha na ranníocaíochtaí sin a ríomh agus a shonrascadh.

5.1.2.Raon feidhme SEÁT

Beidh feidhm ag SEÁT maidir le gach SRT atá aitheanta go hoifigiúil sna Ballstáit rannpháirteacha agus maidir le gach institiúid creidmheasa atá cleamhnaithe leis na scéimeanna. Is iad na Ballstáit rannpháirteacha na Ballstáit a bhfuil an Euro mar airgeadra acu agus na Ballstáit eile sin a bhfuil dlúthchomhar ar bun acu leis an mBanc Ceannais Eorpach le bheith páirteach in SMA (Airteagal 4(1)).

Ó tharla go bhfuil an cumhdach a bheidh á sholáthar ag SEÁT teoranta do na feidhmeanna éigeantacha atá ag SRTanna faoin Treoir, i.e. íocaíochtaí amach le taisceoirí agus ranníocaíochtaí le linn réitigh, beidh feidhm ag SEÁT maidir le gach scéim a bhféadfadh teagmhais íocaíochta amach baint di, i bprionsabal, nó a bhféadfaí iarraidh uirthi ranníocaíocht a dhéanamh le próiseas réitigh, i bprionsabal. Áirítear leis sin SRTanna reachtacha, scéimeanna cosanta institiúideacha agus scéimeanna conarthacha atá aitheanta go hoifigiúil i mBallstát mar SRTanna (Airteagal 1(2) den Treoir maidir le SRTanna). An taitheantas atá ag SRTanna, tá sé do-scartha óna noibleagáidí cúiteamh a thabhairt do thaisceoirí i gcás nach mbeidh taiscí ar fáil, agus ranníocaíochtaí a dhéanamh le próisis réitigh.

Na cearta agus na hoibleagáidí a bheidh ag SRTanna rannpháirteacha laistigh de SEÁT, is cearta agus oibleagáidí an údaráis ainmnithe a bheidh iontu i gcás nach eintiteas príobháideach a dhéanfaidh an SRT a riar ach an túdarás ainmnithe féin (Airteagal 2(2) fomhír 2). Leis sin cuirtear lánrogha na mBallstát san áireamh i dtaca le SRTanna a thabhairt isteach, a aithint agus a riar ar an leibhéal náisiúnta (féach Airteagal 2(18) den Treoir).

Má chuirtear dlúthchomhar Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro ar fionraí nó má fhoirceanntar é, scoirfidh na SRTanna rannpháirteacha atá aitheanta go hoifigiúil sa Bhallstát sin agus na hinstitiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe leis na SRTanna sin, scoirfidh siad de bheith cumhdaithe ag an Rialachán maidir le SRA ó thaobh SRA agus SEÁT de araon (Airteagal 4). I gcás ina foirceanta, agus sin amháin, beidh gach ceann de na SRTanna sin i dteideal a sciar féin a fháil de na hacmhainní airgeadais a bheidh le fáil ag an gCiste Árachais Taiscí ag an am sin. Is é is aidhm leis an teidlíocht sin na cistí a bheidh de dhíth a sholáthar do na SRTanna ábhartha chun a gcuid oibleagáidí cistiúcháin faoin Treoir a chomhlíonadh. An sciar a fhéadfaidh an SRT ábhartha a éileamh, tá sé faoi réir modh ríofa. Maidir leis an tairseach is ísle le haghaidh cistiú iomchuí arna bhunú le hAirteagal 11(5)(a) den Treoir maidir le SRTanna, ní féidir le SRT níos mó a éileamh ón gCiste Árachais Taiscí ná mar a bheidh de dhíth le go mbainfidh na hacmhainní airgeadais atá ar fáil ina chás dhá thrian den spriocleibhéal amach. I gcomhaontú leis an mBallstát sin, dhéanfadh an Bord Cinneadh i dtaca leis na rialacha mionsonraithe agus na coinníollacha le haghaidh cistí a aistriú chuig na SRTanna ábhartha laistigh de thrí mhí.

5.1.3.Prionsabail ghinearálta lena rialaítear SEÁT

Leagtar amach in Airteagal 6 prionsabail ghinearálta a bhfuil feidhm acu maidir le SRA agus SEÁT araon. Tiocfaidh na prionsabail sin i dtreis i gcás ina mbeidh lánrogha ag an mBord nó na húdaráis phoiblí agus comhlachtaí eile maidir le Cinneadh nó gníomh eile a ghlacadh.

Ní féidir leis an mBord nó le SRT rannpháirteach idirdhealú a dhéanamh ar bhonn náisiúntachta nó suíomh gnó i gcoinne eintitis (lena náirítear SRTanna agus na bainc is comhaltaí díobh), sealbhóirí taiscí, infheisteoirí nó creidiúnaithe eile atá bunaithe san Aontas (Airteagal 6(1)). Is prionsabal bunúsach de dhlí an Aontais an riail sin agus tá tábhacht ar leith léi maidir le margaí airgeadais arae sna margaí sin bíonn idirbhearta á ndéanamh go leitheadach idir comhpháirtithe atá lonnaithe i suíomhanna éagsúla gnó agus ar de bhunadh náisiúin éagsúla iad.

Tá oibleagáid ar an mBord agus ar SRTanna rannpháirteacha tabhairt faoi gach gníomh, togra nó beartas le lánaird agus le dualgas cúraim maidir le haontacht agus sláine an mhargaidh inmheánaigh (Airteagal 6(2)). Bunchúis leis an Aontas Baincéireachta is ea deireadh a chur le hilroinnt san earnáil airgeadais, agus ní mór do na húdaráis a riarfaidh SEÁT grinnmheasúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag aon bheart lánroghnach nó ag aon chinneadh a ghlacfaidh siad ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Cé nach mbeidh feidhm i gcomhthéacs SEÁT ag mír 3 ná mír 5 d'Airteagal 6 maidir leis an dóigh a gcaitear le grúpaí, le hAirteagal 6(6) cuirtear cosc ar an mBord cinntí a ghlacadh laistigh de SEÁT i gcásanna ina mbeidh ceangal ar Bhallstáit tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a thabhairt nó i gcásanna ina gcuirfear isteach ar a gceannas buiséadach agus a bhfreagrachtaí fioscacha.

I gcomhthéacs SEÁT, féadfaidh an Bord cinntí a ghlacadh a bheidh dírithe ar SRTanna rannpháirteacha (Airteagal 74f). Ní mór do SRTanna na cinntí sin a chomhlíonadh, ach le hAirteagal 6(7) cuirfear ar a gcumas na bearta atá le glacadh a shonrú tuilleadh, ar choinníoll go mbeidh na bearta sin i gcomhréir leis an gCinneadh sin de chuid an Bhoird atá i dtrácht.

5.2.Céimeanna SEÁT

Ag gach ceann de na trí chéim, mar atá céimeanna an athárachais, an chomhárachais agus an lánárachais, chuirfeadh SEÁT cistiú ar fáil agus chumhdódh sé caillteanais na scéimeanna ráthaíochta taiscí rannpháirteacha.

Ní hamháin go bhfreastalaíonn an cistiú arna chur ar fáil ag SEÁT ar an riachtanas leachtachta tosaigh a bhíonn ar SRT le taisceoirí a chúiteamh laistigh den sprioc íocaíochta amach arna leagan síos ag an Treoir (laistigh de sheacht lá go hiondúil), ach freastalaíonn sé chomh maith ar a riachtanas leachtachta maidir le hiarraidh ar ranníocaíocht le nós imeachta réitigh a chomhlíonadh in am. Ní mór don SRT rannpháirteach an cistiú sin a aisíoc leis an mBord.

Chumhdófaí ag gach céim de SEÁT na caillteanais deiridh a thabhóidh an SRT rannpháirteach de thoradh taisceoirí a chúiteamh nó de thoradh ranníocaíochtaí réitigh a dhéanamh. Is iondúil gur lú caillteanas deiridh SRT rannpháirtigh ná a íocaíochtaí cúitimh le taisceoirí nó a ranníocaíocht réitigh. I ndiaidh teagmhas íocaíochta amach féadfaidh an SRT íocaíocht a fháil ar na héilimh ar aisíocaíocht taiscí (cumhdaithe) a bhí ag taisceoirí i gcoinne an bhainc ar chlis uirthi agus a aistrítear chuig an SRT rannpháirteach, a mhéid a rinne sé na taisceoirí sin a chúiteamh (an chéad abairt d'Airteagal 9(2) den Treoir maidir le SRTanna). I gcás ina dtiocfaidh banc chun a bheith dócmhainneach, áfach, agus nach gcomhlíonfar na héilimh réamhráite go hiomlán dá dheasca sin, laghdóidh na fáltais ón eastát dócmhainneachta, más ann dóibh, caillteanas deiridh an SRT.

I gcás ina mbeidh ranníocaíocht réitigh déanta ag SRT d’fhéadfadh sé gur lú méid a chaillteanais ná méid na ranníocaíochta sin, go háirithe i gcás ina laghdófar méid na ranníocaíochta atá le híoc ag an SRT ar bhonn iarluachála (fomhír 4 d'Airteagal 109(1) i gcomhar le hAirteagal 75 den Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc).

Ní chumhdóidh SEÁT caillteanais de thoradh íocaíochtaí breise leis an SRT rannpháirteach. Ina áit sin, laghdófar méid an chistiúcháin tosaigh a bheidh le haisíoc ag an SRT rannpháirteach de réir an sciar den chaillteanas atá cumhdaithe ag SEÁT.

Méadófar ó chéim go chéile ar an leibhéal cistiúcháin arna chur ar fáil ag SEÁT agus ar an sciar den chaillteanas atá cumhdaithe aige.

5.2.1.Athárachas

Ag céim an athárachais, a bhfuil tréimhse trí bliana beartaithe ina comhair, féadfaidh SEÁT cistiú teoranta a chur ar fáil agus sciar teoranta den chaillteanas a chumhdach a bheidh ag SRT rannpháirteach a mbainfidh teagmhas íocaíochta amach dó nó a niarrfar air ranníocaíocht réitigh a dhéanamh (Airteagal 41a).

Ag céim an athárachais, is imeachtaí réitigh arna seoladh ag an mBord (Airteagal 41a(2) agus Airteagal 79) amháin a chumhdófar. Cumhdófar imeachtaí réitigh de chineál náisiúnta le linn chéimeanna an chomhárachais agus an lánaráchais agus le linn na gcéimeanna sin amháin.

5.2.1.1.Cistiú a chur ar fáil ag céim an athárachais

Dhéanfaí cistiú a chur ar fáil ag céim an athárachais dá mbeadh easnamh leachtachta ar an SRT rannpháirteach (Airteagal 41a(2)). Ní hionann an próiseas lena mbunaítear easnamh leachtachta (a) i gcás ina mbainfidh teagmhas íocaíochta amach don SRT rannpháirteach agus (b) i gcás ina mbeidh iachall air ranníocaíocht réitigh a dhéanamh.

(a)I gcás teagmhas íocaíochta amach measfar go mbeidh easnamh leachtachta ar SRT rannpháirteach (Airteagal 41b(1)) más rud é gur mó méid na dtaiscí cumhdaithe sa bhanc a bhfuil ag cliseadh air ná suim (a) mhéid na nacmhainní airgeadais atá ar fáil ar cheart do SRT rannpháirteach iad a bheith aige go hipitéiseach, i bhfianaise na conaire cistiúcháin a bunaíodh le hAirteagal 41j, agus (b) mhéid na ranníocaíochtaí urghnácha (expost) is féidir le SRT rannpháirteach a chruinniú laistigh de thrí lá i ndiaidh an teagmhais íocaíochta amach.

Maidir le méid na dtaiscí cumhdaithe arna núsáid chun an teasnamh leachtachta a ríomh, ní bheidh i gceist leo ach taiscí incháilithe is comhionann le 100 000 euro ar a mhéad, is é sin an leibhéal cumhdaigh caighdeánach, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta (Airteagal 6(1) den Treoir maidir le SRTanna). I dtaca le hiarmhéideanna arda sealadacha mar a shainmhínítear iad in Airteagal 6(2) den Treoir maidir le SRTanna nó aon asbhaintí a fhéadfaidh an SRT a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 7 nó Airteagal 8 den Treoir maidir le SRTanna sula gcúiteofar taisceoirí, is gnách nach mbíonn ceachtar díobh sin ar eolas tráth an teagmhais íocaíochta amach agus go dtugtar neamhaird orthu dá bhrí sin. Toisc go núsáidtear leibhéal hipitéiseach na nacmhainní airgeadais atá ar fáil seachas leibhéal iarbhír na nacmhainní sin, is amhlaidh a lagaíonn sin an dreasacht a d’fhéadfadh a bheith ann do SRT rannpháirteach loiceadh ar a oibleagáid maidir le ranníocaíochtaí exante a chruinniú i gcomhréir le conair bheacht cistiúcháin. Ar deireadh, is foinse bhreise leachtachta iad na ranníocaíochtaí urghnácha (expost) (Airteagal 10(8) den Treoir), a mhéid is féidir iad a chruinniú laistigh de thréimhse anghearr, foinse lena bhféadfaí an teasnamh leachtachta atá ar SRT rannpháirteach a laghdú. Leis an tréimhse trí lá aimsítear cothromaíocht iomchuí idir an cuspóir atá ann maidir le hacmhainní leachtachta an SRT a ídiú sa chéad áit agus an gá atá le taisceoirí a chúiteamh laistigh de sheacht lá oibre i ndiaidh an teagmhais íocaíochta amach.

(b)I dtaca le cás réitigh (Airteagal 41b(2)), is éard is easnamh leachtachta ann méid na ranníocaíochta réitigh nach mór don SRT rannpháirteach a dhéanamh lúide méid na nacmhainní airgeadais atá ar fáil ar cheart don SRT rannpháirteach iad a bheith aige go hipitéiseach i bhfianaise na conaire cistiúcháin a bunaíodh le hAirteagal 41j. Ní gá don SRT rannpháirteach sochar a bhaint as aon fhoinse leachtachta eile seachas leibhéal hipitéiseach na nacmhainní airgeadais atá ar fáil dó d'fhonn a easnamh leachtachta féin a laghdú. I dtaca le cás réitigh, ní gá don SRT rannpháirteach ranníocaíochtaí expost gearrthéarmacha a chruinniú ós rud é gur le teagmhais íocaíochta amach amháin a bhaineann Airteagal 10(8) den Treoir maidir le SRTanna.

Má tá easnamh leachtachta ar an SRT rannpháirteach, féadfaidh sé cistiú, arb ionann é agus suas le 20 % den easnamh sin, a iarraidh ar an gCiste Árachais Taiscí. Is gá an 80 % den easnamh leachtachta atá fágtha a chumhdach trí bhíthin foinsí cistiúcháin eile. Trí leibhéal hipitéiseach na nacmhainní airgeadais atá ar fáil a úsáid leis an easnamh leachtachta a ríomh, is ceadmhach do na SRTanna sin atá rannpháirteach i SEÁT gur na hacmhainní airgeadais atá ar fáil dóibh, tráth an teagmhais íocaíochta amach, ná mar is gá, cistiú ó SEÁT a fháil le haghaidh a neasnaimh (theicniúil) leachtachta agus is ceadmhach dóibh úsáid a dhéanamh de na cistí breise atá acu d’fhonn (cuid den) 80 % dá neasnamh leachtachta atá fágtha a chumhdach. Tá uasteorainn leis an gcistiú arna chur ar fáil ag SEÁT.

5.2.1.2.Cumhdach caillteanais ag céim an athárachais

Ag céim an athárachais, ní hamháin go gcuirfear cistiú ar fáil le haghaidh easnamh leachtachta, ach cumhdóidh SEÁT 20 % de chaillteanas breise an SRT rannpháirtigh mar a bheadh dara céim ann. Ní mar a chéile an rud is caillteanas breise ann i gcás ina mbainfidh teagmhas íocaíochta amach don SRT rannpháirteach agus i gcás ina niarrfar air ranníocaíocht réitigh a dhéanamh.

I gcás teagmhas íocaíochta amach (Airteagal 41c(1)), tabhóidh an SRT rannpháirteach caillteanas breise más rud é gur mó méid iomlán na naisíocaíochtaí a rinne sé le taisceoirí (Airteagal 8 den Treoir) ná suim (a) an méid a íocadh leis le linn imeachtaí dócmhainneachta ar na héilimh taiscí a fuair sé (an chéad abairt d'Airteagal 9(2) den Treoir maidir le SRTanna) de dhroim taisceoirí a chúiteamh, (b) mhéid na nacmhainní airgeadais atá ar fáil ar cheart don SRT rannpháirteach iad a bheith aige go hipitéiseach i bhfianaise na conaire cistiúcháin a bunaíodh le hAirteagal 41j, agus (c) mhéid na ranníocaíochtaí urghnácha (expost) is féidir leis na SRTanna rannpháirteacha a chruinniú laistigh de bhliain amháin i ndiaidh an teagmhais íocaíochta amach.

Cé go ndéantar an teasnamh leachtachta a ríomh ar bhonn mhéid na dtaiscí cumhdaithe (taiscí incháilithe is comhionann le 100 000 euro ar a mhéad), féadfar ríomh an chaillteanais breise, rud a dhéantar le linn an nós imeachta athárachais d'éis ríomh an easnaimh leachtachta, féadfar sin a bhunú ar na méideanna iarbhír arna naisíoc le taisceoirí. Baintear den mhéid sin fáltais ón eastát dócmhainneachta a fuair an SRT rannpháirteach. Ina theannta sin, baintear den mhéid sin freisin méid hipitéiseach na nacmhainní airgeadais atá ar fáil ar cheart don SRT rannpháirteach iad a bheith aige tráth an teagmhais íocaíochta amach. Ar deireadh, glactar leis go raibh an SRT rannpháirteach in ann an méid ranníocaíochtaí expost a bhailiú is ceadmhach dó faoin Treoir maidir le SRTanna a chruinniú laistigh de bhliain amháin i ndiaidh an teagmhais íocaíochta amach. Is ionann sin agus 0.5 % d'iomlán na dtaiscí cumhdaithe atá sna bainc sin dá chuid is comhaltaí den scéim (Airteagal 10(8) den Treoir maidir le SRTanna) le cois na ranníocaíochtaí expost a cruinníodh laistigh de thrí lá i ndiaidh an teagmhais íocaíochta amach. Is ionann an méid a bheidh de thoradh air sin agus caillteanas breise an SRT rannpháirtigh.

I dtaca le cás réitigh (Airteagal 41c(2)), is éard is caillteanas breise ann méid na ranníocaíochta réitigh nach mór don SRT rannpháirteach a dhéanamh lúide suim:

(a)an méid a d'fhéadfadh a bheith aisíoctha leis i gcás ina bhfaighfí amach ar bhonn iarluachála gur cheart go mbeadh an ranníocaíocht a rinne sé ní b'ísle ná an ranníocaíocht a d'iarr an túdarás réitigh ar dtús air 7 , agus

(b)mhéid na nacmhainní airgeadais atá ar fáil ar cheart don SRT rannpháirteach iad a bheith aige i bhfianaise na conaire cistiúcháin a bunaíodh le hAirteagal 41j.

Arís eile, ní gá don SRT rannpháirteach ranníocaíochtaí expost a chruinniú ós rud é gur le teagmhais íocaíochta amach amháin a bhaineann Airteagal 10(8) den Treoir.

Cuirtear an cumhdach caillteanais a ghabhann le 20 % den chaillteanas breise i bhfeidhm trí laghdú a dhéanamh ar an méid cistiúcháin nach mór don SRT rannpháirteach a aisíoc le SEÁT de réir mhéid an chumhdaigh caillteanais. Tá uasteorainn freisin leis an gcumhdach caillteanais arna chur ar fáil ag SEÁT.

5.2.2.Comhárachas

I ndiaidh na céime athárachais tosaigh trí bliana beidh SRTanna rannpháirteacha comhárachaithe ag SEÁT i gcomhair ceithre bliana. Féadfaidh SRTanna rannpháirteacha cistiú agus cumhdach caillteanais araon a iarraidh ar an gCiste Árachais Taiscí i gcás ina mbainfidh teagmhas íocaíochta amach dóibh nó i gcás ina niarrfar orthu ranníocaíocht réitigh a dhéanamh (Airteagal 41d). Cuirfidh SEÁT cistiú ar fáil freisin ag an gcéim seo i gcomhair ranníocaíochtaí le himeachtaí réitigh de chineál náisiúnta agus cumhdóidh sé caillteanais a thagann chun cinn dá ndroim.

Cuid suntais i gcéim seo an athárachais is ea go gcuirfear cistiú ar fáil agus go ndéanfar caillteanas a chumhdach ón "gcéad euro" amach agus go dtiocfaidh méadú de réir a chéile ar an sciar den chaillteanas arna iompar ag SEÁT le linn na tréimhse comhárachais.

Cuirfidh SEÁT cistiú ar fáil le haghaidh céatadáin de riachtanas leachtachta an SRT rannpháirtigh, ar riachtanas é a thagann chun cinn de bharr teagmhas íocaíochta amach nó de bharr iarraidh ar ranníocaíocht réitigh a dhéanamh. Cumhdóidh sé freisin cibé céatadán den chaillteanas deiridh a thabhaíonn an SRT rannpháirteach de dheasca na dteagmhas sin. Le linn na chéad bhliana de chéim an chomhárachais sciar is comhionann le 20 % a bheadh i gceist agus thiocfadh méadú 20 pointe céatadáin air sin ó bhliain go chéile dá éis sin go dtí go sroichfeadh sé 80 % i mbliain dheireanach na céime sin.

I gcás teagmhas íocaíochta amach, is ionann an riachtanas leachtachta agus méid iomlán thaiscí cumhdaithe an bhainc a bhfuil ag cliseadh air, i.e. taiscí incháilithe is comhionann le 100 000 euro ar a mhéad (Airteagal 41f(1)). Déantar an caillteanas a shuí trí fháltais na SRTanna rannpháirteacha ón eastát dócmhainneachta a bhaint de (Airteagal 41g(1)).

I dtaca le cás réitigh is ionann an riachtanas leachtachta agus méid na ranníocaíochta arna iarraidh don Bhord agus d'údarás réitigh náisiúnta faoi seach (Airteagal 41f(2)). Déantar an caillteanas a shuí tríd an difríocht a d'fhéadfadh a bheith íoctha leis an SRT rannpháirteach de thoradh iarluachála lenar Cinneadh gur cheart an ranníocaíocht tosaigh a bheith ní b'ísle, tríd an difríocht sin a bhaint de (Airteagal 41g(2)).

Ní bheadh aon uasteorainn le soláthar an chistiúcháin ná leis an gcumhdach caillteanais.

5.2.3.Lánárachas

I ndiaidh na céime comhárachais ceithre bliana bheadh na SRTanna rannpháirteacha lánárachaithe ag SEÁT. Is éard atá i gceist le lánárachas cistiú iomlán le haghaidh an easnaimh leachtachta a chur ar fáil agus na caillteanais go léir a chumhdach a thagann chun cinn de thoradh teagmhas íocaíochta amach nó de thoradh iarraidh ar ranníocaíocht réitigh a dhéanamh. Is ionann an sásra arna úsáid sa chás sin agus an sásra arna úsáid ag céim an chomhárachais, ach go gcumhdaíonn SEÁT sciar is comhionann le 100 %.

5.2.4.Coimircí maidir le cumhdach SEÁT

Cuimsítear sa togra coimircí i gcoinne rochtain mhícheart nó rochtain gan údar a bheith ag SRTanna rannpháirteacha ar SEÁT. Déanfar iad a eisiamh i gcás nach gcomhlíonfaidh siad na hoibleagáidí faoin Rialachán nó faoin dlí náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme príomhfhorálacha na Treorach, nó i gcás ina dteipfidh ar an mBallstát ábhartha na hAirteagail sin a chur chun feidhme mar is ceart (Airteagal 41i). Ní dhéanfar iad a chumhdach faoi chuimsiú SEÁT ach amháin i gcás inarb ionann na hacmhainní airgeadais atá ar fáil dóibh agus an chonair chomhchuibhithe chistiúcháin atá leagtha síos sa Rialachán (Airteagal 41j). Áirithítear leis sin gurb iad na SRTanna rannpháirteacha a bhfuil a noibleagáidí féin comhlíonta acu, rud a laghdaíonn an riosca atá ann ar leibhéal SEÁT, áirithítear gurb iad na SRTanna sin amháin a fhéadfaidh tairbhe a bhaint as an gcosaint arna cur ar fáil ag SEÁT. Is féidir leis an mBord Cinneadh a dhéanamh SRT rannpháirteach a dhícháiliú ó chumhdach SEÁT a fháil trí shainriachtanais vótála a chur i bhfeidhm.

5.3.Státchabhair

Siúd is nach státchabhair atá i gceist le híocaíochtaí cúitimh SRT le taisceoirí agus cé gurb é is príomhchuspóir di a áirithiú go mbeidh rochtain go leanúnach ag taisceoirí ar thaiscí, is é toradh a bhíonn ar ranníocaíocht réitigh an SRT sin ná go ndéantar tairbhe don institiúid faoi réiteach. Is féidir féachaint ar an ranníocaíocht mar a bheadh státchabhair ann agus is féidir go dteastóidh fógra agus formheas ón gCoimisiún ina comhair. Más rud é gur ó chistí ar an leibhéal Eorpach (CÁT agus CRA) a thiocfaidh an ranníocaíocht, bainfidh an nós imeachta státchabhrach léi de réir analaí (Airteagal 19).

5.4.SEÁT a riar

Dhéanfadh an Bord SEÁT a riar i gcomhar leis an SRT rannpháirteach (nó leis an údarás ainmnithe a bheadh i mbun SRT rannpháirteach a riar). Is féidir an nós imeachta a roinnt a bheag nó a mhór ina dhá chuid, mar atá céim lena gcuirtear cistiú ar fáil agus céim i ndiaidh an cistiú sin a chur ar fáil.

5.4.1.Nós imeachta lena gcuirtear cistiú ar fáil

Tá sé de cheangal ar SRTanna rannpháirteacha an Bord a chur san airdeall gan mhoill a luaithe a gheobhaidh siad eolas ar imthosca ar dócha go mbeidh mar thoradh orthu teagmhas íocaíochta amach nó iarraidh ón údarás réitigh ar ranníocaíocht réitigh a dhéanamh (Airteagal 41i). Ní mór dóibh meastachán ar an easnamh leachtachta (céim an athárachais) nó ar an riachtanas leachtachta (céimeanna an chomhárachais agus an lánárachais) lena mbeifear ag súil a chur ar fáil don Bhord. Fágann sin gur féidir leis an mBord é féin a ullmhú chun cistiú a chur ar fáil láithreach i gcás teagmhas íocaíochta amach nó i gcás iarraidh ar ranníocaíocht réitigh a dhéanamh.

Ní mór do SRTanna rannpháirteacha fógra a thabhairt don Bhord láithreach i dtaca le teagmhas íocaíochta amach nó le hiarraidh ar ranníocaíocht réitigh a dhéanamh (Airteagal 41l). Fiú amháin más é an Bord féin a iarrann ranníocaíocht réitigh (Airteagal 79), is gá fógra den chineál sin a thabhairt go foirmiúil fós ós rud é go bhfuil comhdhéanamh an Bhoird i gcás SEÁT éagsúil lena chomhdhéanamh faoin sásra réitigh aonair (féach thíos) agus ós rud é nach bhfuil aon iachall ar an SRT rannpháirteach cistiú nó cumhdach caillteanais a iarraidh ar SEÁT. Le cois fógra a thabhairt, ní mór don SRT rannpháirteach eolas a thabhairt don Bhord le go bhféadfaidh sé a mheas ar comhlíonadh na coinníollacha ábhartha (Airteagal 41k), mar atá:

Méid na dtaiscí cumhdaithe arna núsáid chun an teasnamh leachtachta nó an riachtanas leachtachta a ríomh.

Na hacmhainní airgeadais atá ar fáil tráth an teagmhais íocaíochta amach nó tráth a núsáide le linn réitigh d'fhonn a shuí cén leibhéal de na hacmhainní sin ba cheart a bheith ag an SRT rannpháirteach tráth an teagmhais íocaíochta amach nó tráth a núsáide le linn réitigh, i bhfianaise na conaire cistiúcháin a bunaíodh le hAirteagal 41j.

Meastachán ar na ranníocaíochtaí expost urghnácha is féidir leis a chruinniú laistigh de thrí lá i ndiaidh an teagmhais íocaíochta amach nó i ndiaidh a núsáide le linn réitigh.

Aon bhac ábhartha eile a choiscfeadh ar an SRT rannpháirteach a ndliteanais i leith taisceoirí nó i leith an údaráis réitigh a íoc agus leigheasanna féideartha ar na bacanna sin.

Shocródh an Bord laistigh de 24 huaire an chloig ar comhlíonadh na coinníollacha le haghaidh SEÁT, atá leagtha amach in Airteagal 41a (athárachas), Airteagal 41d (comhárachas) nó Airteagal 41h (lánárachas), (Airteagal 41l(1)). Ina theannta sin shocródh sé, de ghnáth laistigh den tréimhse chéanna ama, méid an chistiúcháin a chuirfeadh sé ar fáil don SRT rannpháirteach (fomhír 2 d'Airteagal 41l(2)).

I gcás ina mbainfidh roinnt teagmhas íocaíochta amach nó úsáidí le linn réitigh ag an am céanna do SRT rannpháirteach amháin nó níos mó, d'fhéadfadh sé nár leor a mbeidh ar fáil d'acmhainní airgeadais an Chiste Árachais Taiscí. Sa chás sin, an cistiú ab fhéidir leis na SRTanna rannpháirteacha a fháil in aghaidh gach teagmhais, is amhlaidh a bheadh sé teoranta de réir an sciar d'acmhainní airgeadais an Chiste Árachais Taiscí atá ar fáil, agus é sin de réir ríomh pro-rata (Airteagal 41l(3)).

Ní mór don Bhord na SRTanna rannpháirteacha a chur ar an eolas láithreach i dtaobh ar comhlíonadh na coinníollacha maidir le cumhdach SEÁT, agus i dtaobh mhéid an chistiúcháin a chuirfeadh sé ar fáil do na SRTanna sin. Féadfaidh na SRTanna rannpháirteacha iarraidh a dhéanamh, laistigh de 24 huaire an chloig, ar chinneadh/chinntí an Bhoird a athbhreithniú agus déanfaidh an Bord a chinneadh féin ar an iarraidh sin laistigh de 24 huaire an chloig (Airteagal 41m).

Chuirfí cistiú ar fáil go díreach tar éis don Bhord méid an chistiúcháin sin a shuí agus d'íocfaí é leis an SRT rannpháirteach i bhfoirm ranníocaíocht in airgead tirim (Airteagal 41n). I gcás ina méadóidh an Bord méid an chistiúcháin i ndiaidh dó a chinneadh tosaigh a athbhreithniú arna iarraidh sin don SRT rannpháirteach, beidh an méid sin le híoc a luaithe a ghlacfaidh an Bord a chinneadh maidir leis an iarraidh ar athbhreithniú.

5.4.2.Nós imeachta i ndiaidh an cistiú a chur ar fáil

I ndiaidh dó an cistiú a chur ar fáil, ní mór don Bhord caillteanas breise (athárachas) an SRT rannpháirtigh, nó a chaillteanassan (comhárachas, lánárachas) a shuí, faireachán a dhéanamh ar úsáid an chistiúcháin arna chur ar fáil le haghaidh íocaíochtaí amach le taisceoirí nó le haghaidh ranníocaíocht réitigh, agus faireachán a dhéanamh ar iarrachtaí na SRTanna rannpháirteacha íocaíocht a fháil ar éilimh taiscí ón eastát dócmhainneachta.

I ndiaidh teagmhas íocaíochta amach, tiocfaidh méid an chaillteanais (breise) chun solais le himeacht aimsire, ar an ábhar go mbeadh ranníocaíochtaí expost á gcruinniú ag an SRT rannpháirteach agus fáltais ón eastát dócmhainneachta á bhfáil aige ó am go chéile. I dtaca le ranníocaíocht réitigh, i gcás nach bhféadfaidh an SRT rannpháirteach aon ranníocaíochtaí expost a chruinniú agus nach bhfuil cearta cúláraigh in aghaidh tríú páirtithe aige, féadfar an caillteanas (breise) a shuí a luaithe a íocfar leis an SRT rannpháirteach méid na difríochta, más ann di, atá dlite dó ar bhonn iarluachála lenar bunaíodh gur cheart don ranníocaíocht tosaigh a bheith ní b'ísle. Dá bhrí sin, i ndiaidh teagmhas íocaíochta amach agus ina dhiaidh sin amháin, ní mór don Bhord measúnú leanúnach a dhéanamh ar theacht chun cinn an chaillteanais (breise) sula ndéanfaidh sé an caillteanas (breise) deiridh a shuí. Bonn ar bhonn leis sin, déanfaidh an SRT rannpháirteach an cistiú atá faighte aige a aisíoc leis an mBord ina chodanna de réir na ranníocaíochtaí expost nó na bhfáltas ón eastát dócmhainneachta an túisce a bheidh siad ar fáil don SRT rannpháirteach (Airteagal 41o).

An difríocht idir an cistiú tosaigh a fhaigheann an SRT rannpháirteach ón gCiste Árachais Taiscí agus méid an chistiúcháin deiridh nach mór dó a aisíoc leis an mBord, is í is siocair leis an gcaillteanas (breise) atá cumhdaithe ag SEÁT.

I ndiaidh teagmhas íocaíochta amach, dhéanfadh an Bord dianfhaireachán ar an nós imeachta íocaíochta amach, agus go sonrach ar an úsáid a rinneadh den chistiú a chuir sé ar fáil don SRT rannpháirteach chun na críche sin, agus ar an gcaoi a ndearna an SRT sin a éilimh taiscí le linn an nós imeachta dócmhainneachta. Tá sé de cheangal ar an SRT rannpháirteach, ag tréimhsí rialta arna leagan síos ag an mBord, faisnéis chruinn, iontaofa agus iomlán a sholáthar, go sonrach maidir leis an nós imeachta íocaíochta amach agus le feidhmiú a cheart seachaíochta le linn imeachtaí dócmhainneachta. Ní mór don SRT rannpháirteach féachaint lena fháltais ón eastát dócmhainneachta a uasmhéadú. Féadfaidh an Bord éilimh ar dhamáistí a dhéanamh de thoradh iompar neamartach ar thaobh an SRT rannpháirtigh, ach féadfaidh an Bord chomh maith, i ndiaidh dó éisteacht a thabhairt don SRT sin, Cinneadh ar na cearta ar fad aige a fheidhmiú atá tagtha chun cinn faoi na héilimh taiscí a sheachaigh an SRT rannpháirteach. Féadfaidh an Bord ansin na fáltais a bhailiú go díreach i gcomhair a chuntais féin ionas go sásófaí an téileamh atá aige an cistiú arna chur ar fáil don SRT rannpháirteach a aisíoc leis an mBord (Airteagal 41q).

5.5.Forálacha airgeadais maidir le SEÁT

Chun go bhfeidhmeodh SEÁT mar ba cheart is gá acmhainní airgeadais a bheith ann le caiteachais riaracháin a chumhdach chomh maith leis an gcumhdach is gá (cistiú agus cumhdach caillteanais) a thabhairt do SRTanna rannpháirteacha.

5.5.1.Forálacha buiséadacha ginearálta agus ranníocaíochtaí riaracháin

Faoi láthair tá dhá chuid sa bhuiséad: Cuid I ar le haghaidh riar an Bhoird í agus Cuid II ar le haghaidh CRA í.

Leis na ranníocaíochtaí riaracháin a bheadh cruinnithe cheana i gcomhair Chuid I de bhuiséad an Bhoird is ea a dhéanfaí an caiteachais riaracháin a ghabhann le SEÁT a chumhdach, agus aird á tabhairt ar an ualach breise riaracháin a leanann SEÁT agus á chur san áireamh nach comhionann raon feidhme ratione personae SRA agus SEÁT (Airteagal 65(5)).

Bheadh an Ciste Árachais Taiscí le baint as Cuid III de bhuiséad an Bhoird, ar cuid nua den bhuiséad í. Freagraíonn struchtúr a ioncam agus a chaiteachas (Airteagal 60a) don struchtúr a ghabhann le CRA i gCuid II (Airteagal 60), agus tugtar míniú breise air sin i roinn 5.5.2 thíos.

Tá feidhm ag na forálacha buiséadacha ginearálta (Airteagal 57, Airteagal 58, Airteagal 61 go hAirteagal 64, agus Airteagal 66) maidir le Cuid III den bhuiséad freisin.

Bheadh an bord freagrach as CRA agus CÁT a riar agus as a gcistí a infheistiú de réir rialacha an Rialacháin maidir le SAR agus de réir gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún (Airteagal 75).

5.5.2.Ranníocaíochtaí exante leis an gCiste Árachais Taiscí

Is amhlaidh a líonfaí an Ciste Árachais Taiscí de bhíthin ranníocaíochtaí exante atá dlite don Bhord agus le híoc ag bainc go díreach leis, ranníocaíochtaí a dhéanfaidh SRTanna rannpháirteacha a ríomh agus a shonrascadh thar ceann an Bhoird (Airteagal 74a(1)). Oibleagáid faoi leith atá i gceist leis na ranníocaíochtaí exante sin nach mór a dhealú ón oibleagáid a bhaineann le ranníocaíochtaí exante a dhéanamh le SRT rannpháirteach i gcomhréir le fomhír 2 d'Airteagal 10(1) den Treoir maidir le SRTanna. D'fhonn neodracht costais a bhaint amach i gcomhair na hearnála baincéireachta, is féidir na ranníocaíochtaí exante arna níoc leis an gCiste Árachais Taiscí a chúiteamh, áfach, ar leibhéal an SRT rannpháirtigh (féach thíos, roinn 5.5.2.2) 8 .

5.5.2.1.Spriocleibhéil an Chiste Árachais Taiscí

Ní mór a bhfuil ar fáil d'acmhainní airgeadais an Chiste Árachais Taiscí dhá spriocleibhéal dá éis sin a shroicheadh (Airteagal 74b(1) agus (2): (a) spriocleibhéal tosaigh, mar atá 20 % de cheithre naoú de shuim na spriocleibhéal íosta náisiúnta uile mar a bheidh faoi dheireadh na céime athárachais trí bliana agus (b) spriocleibhéal deiridh arb ionann é agus suim na spriocleibhéal íosta faoin Treoir nach mór do SRTanna rannpháirteacha a shroicheadh faoi dheireadh na tréimhse comhárachais ceithre bliana. Dhéanfaí na spriocleibhéil íosta a chomhchuibhiú go hiomlán i gcomhair na SRTanna rannpháirteacha uile. Arna dtógáil le chéile thiocfadh méadú aon naoú ar bhonn líneach ar spriocleibhéil íosta an Chiste Árachais Taiscí agus na SRTanna rannpháirteacha ó bhliain go chéile i rith na tréimhse dár críoch 2024.

Déanfar na ranníocaíochtaí exante a bheidh le híoc ag bainc a leathnú amach thar am chomh réidh agus is féidir go dtí go mbainfear an spriocleibhéal tosaigh nó deiridh amach. Más rud é, tar éis na tréimhse athárachais, gur úsáideadh a bhfuil ar fáil d'acmhainní airgeadais d'fhonn cistiú a sholáthar nó caillteanais a chumhdach, agus go dtiteann siad dá dheasca sin faoi bhun an spriocleibhéil tosaigh, ní mór na hacmhainní sin a chruinniú go dtí go sroichfear an spriocleibhéal athuair.

Gach bliain, déantar na ranníocaíochtaí exante atá dlite don Bhord agus le híoc ag gach banc leis a shuí in dhá chéim: (a) Cinneann an Bord méid iomlán na ranníocaíochtaí exante a fhéadfaidh sé a éileamh ar na bainc is comhaltaí de chuid gach SRT rannpháirtigh (Airteagal 74d(1)). (b) Déanann gach SRT rannpháirteach an ranníocaíocht a ríomh atá dlite don Bhord agus le híoc ag bainc dá chuid is comhaltaí den scéim (Airteagal 74d(2)), arna bhunú sin ar an méid iomlán ábhartha a chinneann an Bord, agus déanann sé an méid sin a shonrascadh thar ceann an Bhoird.

Le linn na tréimhse athárachais, dhéanfadh an SRT rannpháirteach an ranníocaíocht exante rioscabhunaithe a ríomh a bheidh le híoc ag gach banc dá chuid is comhalta den scéim leis an gCiste Árachais Taiscí i ndáil leis na bainc uile dá chuid is comhaltaí. Tar éis na tréimhse athárachais, dhéanfaí na ranníocaíochtaí exante rioscabhunaithe atá le híoc ag gach banc a ríomh i ndáil leis na bainc uile a thagann faoi chuimsiú SEÁT. Is é an Bord a dhéanfadh an ríomh sin, i gcomhar leis na SRTanna rannpháirteacha, agus é sin ar bhonn sraith de mhodhanna rioscabhunaithe arna mbunú le gníomh tarmligthe ón gCoimisiún.

Ní mór don bhanc an ranníocaíocht exante arna sonrascadh ag an SRT rannpháirteach thar ceann an Bhoird a íoc go díreach leis an mBord, agus chuirfeadh an Bord an méid sin do shochar an Chiste Árachais Taiscí (agus mar ioncam i gCuid III dá bhuiséad).

5.5.2.2.Cúiteamh a dhéanamh ar leibhéal na SRTanna rannpháirteacha

Leis an togra seo beidh na Ballstáit rannpháirteacha in ann neodracht costais a bhaint amach le haghaidh na mbanc sin atá rannpháirteach i SRTanna dá gcuid. D'fhéadfadh sé go gcinnfidís go mbeadh údar maith ann le cúiteamh a dhéanamh ar leibhéal an SRT rannpháirtigh i gcás ina gcruthódh bainc oibleagáid faoi leith maidir le ranníocaíochtaí exante a dhéanamh leis an gCiste Árachais Taiscí. Agus an Cinneadh sin á dhéanamh acu, is gá do na Ballstáit prionsabal na comhréireachta a chur i gcuntas mar is iomchuí agus is gá dóibh a mheas an bhfuil údar maith ann na hacmhainní airgeadais, ar le haghaidh taiscí ar leibhéal an SRT rannpháirtigh a chosaint iad, a laghdú mar gheall ar an leibhéal cosanta taiscí atá á mhéadú i ndiaidh a chéile de thoradh bhunú athraitheach SEÁT.

Déantar foráil in Airteagal 74c(4) maidir le neodracht costais: (a) Na ranníocaíochtaí exante a dhéanann bainc leis an gCiste Árachais Taiscí, cuirtear san áireamh iad i dtaca leis an spriocleibhéal nach mór do gach SRT rannpháirteach faoi leith a shroicheadh faoin Treoir; (b) más rud é, faoi dheireadh na céime tiomsacháin (3 Iúil 2024 nó ar dháta níos déanaí), go mbeidh SRT náisiúnta tar éis an chonair bheacht chistiúcháin a chomhlíonadh (Airteagal 41j) agus go mbeidh na bainc dá chuid is comhaltaí den scéim tar éis na ranníocaíochtaí uile a bhí dlite do CÁT a íoc leis, is éard a bheidh sna ranníocaíochtaí sin méid na ranníocaíochtaí is gá a íoc d'fhonn an spriocleibhéal náisiúnta, mar atá 0.8 %, a shroicheadh; agus (c) féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha ligean dá SRTanna na ranníocaíochtaí a d'íoc na bainc dá gcuid is comhaltaí den scéim le SEÁT a chur san áireamh nuair a bheidh an leibhéal ranníocaíochta á ríomh agus/nó ligean dóibh aisíocaíocht a dhéanamh leis na bainc sin, ag tarraingt dóibh ar a bhfuil ar fáil dá gcuid acmhainní airgeadais a mhéid a sháraíonn siad sin na méideanna atá leagtha amach sa chonair bheacht chistiúcháin.

De réir leibhéal na nacmhainní airgeadais atá ar fáil don SRT rannpháirteach agus atá cruinnithe cheana aige, féadfaidh sé na bainc sin dá chuid is comhaltaí a chúiteamh trí ranníocaíochtaí níos ísle a leagan orthu nó trí ranníocaíochtaí atá faighte aige cheana ó na bainc sin a aisíoc leo.

5.5.3.Ranníocaíochtaí expost urghnácha

Ó thosach chéim an chomhárachais amach, féadfaidh an Bord a éileamh ar na bainc sin atá cleamhnaithe le SRTanna rannpháirteacha ranníocaíochtaí expost a íoc freisin i gcás nach leor na hacmhainní airgeadais atá ar fáil don Chiste Árachais Taiscí le haghaidh cistiú agus cumhdach caillteanais. Bheadh SRTanna náisiúnta freagrach i gcónaí as ranníocaíochtaí expost a chruinniú ón earnáil bhaincéireachta náisiúnta d'fhonn a gcóras náisiúnta a athshlánú i ndiaidh teagmhas íocaíochta amach nó i ndiaidh ranníocaíocht réitigh a dhéanamh.

Tá ranníocaíochtaí expost dlite don Bhord agus íocann bainc iad go díreach leis agus, i rith na tréimhse comhárachais, déanann na SRTanna rannpháirteacha ábhartha na ranníocaíochtaí sin a ríomh agus a shonrascadh thar ceann an Bhoird. Cinneann an Bord méid iomlán na ranníocaíochtaí expost a fhéadfaidh sé a éileamh ar na bainc is comhaltaí de na SRT rannpháirteacha, laistigh de na teorainneacha arna mbunú le gníomh tarmligthe ón gCoimisiún. Déanann na SRTanna rannpháirteacha an ranníocaíocht expost atá le híoc ag gach banc is comhalta dá gcuid a shuí ar bhonn an mhéid iomláin arna chinneadh ag an mBord, agus úsáid á baint chuige sin as an modh rioscabhunaithe céanna a úsáideann sé chun an ranníocaíocht exante a ríomh faoi Airteagal 10(1) den Treoir.

I ndiaidh chéim an chomhárachais, déanann an Bord an ranníocaíocht expost atá le híoc ag gach banc a ríomh ar bhonn an mhodha rioscabhunaithe arna mbunú leis an ngníomh tarmligthe ón gCoimisiún, modh a úsáidtear freisin chun na ranníocaíochtaí exante i ndiaidh chéim an chomhárachais a ríomh. Déanann SRTanna rannpháirteacha an ranníocaíocht a shonrascadh thar ceann an Bhoird.

Ag céimeanna an chomhárachais agus an lánárachais araon, féadfaidh an Bord, ar a thionscnamh féin nó ar mholadh ón údarás inniúil ábhartha, an ranníocaíocht expost atá le déanamh ag banc aonair a chur siar ina iomláine agus i bpáirt. Maidir leis an gcur siar sin, ní mór gá a bheith leis d'fhonn staid airgeadais an bhainc a chosaint, agus ní mhairfidh sé níos faide ná sé mhí ach féadfar é a athnuachan arna iarraidh sin don bhanc.

Le gníomh tarmligthe ón gCoimisiún socrófar na huasmhéideanna a fhéadfaidh SEÁT a chruinniú expost, agus ranníocaíochtaí expost náisiúnta á gcur san áireamh.

5.5.4.Foinsí breise airgeadais le haghaidh an Chiste Árachais Taiscí

Le cois ranníocaíochtaí exante agus expost a chruinniú, féadfaidh an Bord foinsí breise airgeadais a chonrú le haghaidh an Chiste Árachais Taiscí. Agus ionad an chistiúcháin ar leibhéal na SRTanna rannpháirteacha á ghlacadh aige de réir a chéile, féadfaidh sé iasacht a iarraidh ar scéimeanna ráthaíochta taiscí atá aitheanta ag Ballstáit neamhrannpháirteacha agus féadfaidh na Ballstáit sin Cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarraidh sin i gcomhréir le hAirteagal 12 den Treoir (Airteagal 74g). D'fhonn cómhalartacht a bhaint amach, féadfaidh an Bord a shocrú, ar a uain, go ndeonfaidh sé iasachtaí do scéimeanna ráthaíochta taiscí i mBallstáit neamhrannpháirteacha.

Féadfaidh an Bord acmhainní airgeadais malartacha ó thríú páirtithe a chonrú don Chiste Árachais Taiscí freisin, go sonrach i gcás nach mbeidh fáil (láithreach) ar na cistí is féidir leis an mBord a chruinniú de bhíthin ranníocaíochtaí exante agus expost (Airteagal 74h). Déanfar acmhainní cistiúcháin inaisíoctha a aisghabháil trí ranníocaíochtaí exante agus expost a chruinniú le linn na tréimhse aibíochta.

5.5.5.SEÁT - Cinnteoireacht

Dhéanfadh an Bord SEÁT a riar, le linn a sheisiúin feidhmiúcháin agus a sheisiúin iomlánaigh araon. Bheadh na comhaltaí céanna i láthair don seisiún feidhmiúcháin is cuma an cinntí agus cúraimí a bhaineann le SEÁT nó le SRA a bheadh i gceist. Níor mhór, mar gheall ar chúraimí speisialta SEÁT, comhdhéanamh speisialta a bheith ar an seisiún iomlánach le haghaidh cinntí a bhaineann le SEÁT amháin. Le linn an tseisiúin iomlánaigh chuirfí comhaltaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann údaráis ainmnithe náisiúnta in áit comhaltaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann údaráis réitigh náisiúnta.

Dhéanfaí cúraimí sonracha a shannadh don seisiún iomlánach.

Toisc go bhfuil cuid de chinntí an Bhoird ábhartha don bhord ina iomláine nó do SRA agus do SEÁT araon, is amhlaidh a dhéanfaí na cinntí sin le linn seisiún iomlánach comhpháirteach nua lena ngabhfadh ionadaithe ar leith agus nósanna imeachta ar leith.

Aon chinntí eile a bhaineann le SEÁT, is amhlaidh a ghlacfaí iad le linn sheisiún feidhmiúcháin an Bhoird.

5.6.Rialacha eile

Forálacha maidir le hábhair shonracha a bhaineann le SRA, is amhlaidh a bheadh feidhm leo freisin i gcás an Bhoird le linn dó a fheidhmeanna a fheidhmiú faoi chuimsiú SEÁT: pribhléidí agus díolúintí, socruithe teanga, foireann agus malartú foirne, coistí inmheánacha, painéal achomhairc, caingne os comhair na Cúirte Breithiúnais, dliteanas an Bhoird, rúndacht ghairmiúil agus malartú faisnéise, cosaint sonraí, rochtain ar dhoiciméid, rialacha slándála maidir le faisnéis íogair agus faisnéis rúnaicmithe, Cúirt Iniúchóirí.

Chuirfí na leasuithe lena dtugtar SEÁT isteach i bhfeidhm ón dáta a thiocfaidh an Rialachán leasaitheach i bhfeidhm.

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 chun Scéim Eorpach Árachais Taiscí a bhunú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 9 ,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta 10 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Le blianta anuas tá dul chun cinn á dhéanamh ag an Aontas maidir le margadh inmheánach do sheirbhísí baincéireachta a chruthú. Tá sé bunriachtanach an margadh inmheánach do sheirbhísí baincéireachta a bheith comhtháite ar dhóigh níos fearr chun fás eacnamaíoch a chothú san Aontas, chun cobhsaíocht an chórais baincéireachta a chosaint agus chun taisceoirí a chosaint.

(2)Ba é tátal na Comhairle Eorpaí an 18 Deireadh Fómhair 2012 “I bhfianaise na ndúshlán bunúsach atá roimpi, ní mór an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a neartú chun leas eacnamaíoch agus sóisialta, chomh maith le cobhsaíocht agus rathúnas marthanach, a áirithiú” agus “ba cheart go dtógfadh an próiseas i dtreo aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta níos doimhne ar chreat institiúideach agus dlíthiúil an Aontais agus ba cheart a bheith ina bpríomhthréithe ann oscailteacht agus trédhearcacht i leith Ballstáit nach é an euro a nairgeadra agus urraim do shláine an mhargaidh inmheánaigh”. Chun na críche sin, bunaíodh an tAontas Baincéireachta, agus mar bhonn agus mar thaca aige tá leabhar rialacha aonair atá cuimsitheach agus mionsonraithe le haghaidh seirbhísí airgeadais don mhargadh inmheánach ina iomláine. Ar phríomhthréithe an phróisis chun Aontas Baincéireachta a bhunú bhí oscailteacht agus trédhearcacht i leith na mBallstát neamhrannpháirteach agus urraim do shláine an mhargaidh inmheánaigh.

(3)Ina rún an 20 Samhain 2012 dar teideal "I dTreo fíorAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta", mhaígh Parlaimint na hEorpa freisin go raibh sé sárriachtanach na lúbanna aisfhotha diúltacha idir stáit, bainc agus an fíorgheilleagar a bhriseadh ar mhaithe le dea-fheidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, leag sí béim ar an ngéarghá le bearta breise agus forleithne chun Aontas Baincéireachta a bheadh iomlán feidhmiúil a réadú, agus chun dea-fheidhmiú leanúnach an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí airgeadais agus saorghluaiseacht chaipitil a áirithiú ag an am céanna.

(4)Tá bearta tábhachtacha déanta maidir le feidhmiú éifeachtúil an Aontais Baincéireachta a áirithiú, mar atá Sásra Maoirseachta Aonair (SMA) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle 11 lena náirithítear go gcuirtear chun feidhme ar bhealach comhleanúnach éifeachtach beartas an Aontais maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa i mBallstáit an limistéir euro agus sna Ballstáit sin nach bhfuil sa limistéar euro a roghnaíonn páirt a ghlacadh sa Sásra Maoirseachta Aonair (na 'Ballstáit rannpháirteacha') agus an Sásra Réitigh Aonair (SRA) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 lena náirithítear gurb ann do chreat comhleanúnach le haghaidh bainc a réiteach atá ag cliseadh nó ar dóchúil go gclisfidh siad sna Ballstáit rannpháirteacha, ach mar sin féin is gá tuilleadh beart chun an tAontas Baincéireachta a chomhlánú.

(5)I Meitheamh 2015, cuireadh in iúl i dTuarascáil na gCúig Uachtarán maidir le hAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a Chomhlánú nach féidir le córas baincéireachta aonair bheith ina chóras aonair i ndáiríre gan an mhuinín as sábháilteacht taiscí bainc a bheith mar an gcéanna beag beann ar an mBallstát ina noibríonn an banc. Teastaíonn maoirseacht aonair banc, réiteach aonair banc agus árachas aonair taiscí chuige sin. Dá bhrí sin, moladh i dTuarascáil na gCúig Uachtarán an tAontas Baincéireachta a chomhlánú trí scéim Eorpach árachais taiscí (SEÁT) a bhunú, is é sin an tríú colún d'Aontas Baincéireachta lánfheidhme maille le maoirseacht agus réiteach banc. Ba cheart tosaíocht a thabhairt anois do bhearta praiticiúla ina thaobh sin, agus córas athárachais ar an leibhéal Eorpach le haghaidh na scéimeanna ráthaíochta taiscí náisiúnta a chur ar bun mar bheart tosaigh chun cur chuige lánfhrithpháirtithe a cheapadh. Ba cheart scóip an chórais athárachais sin a bheith ar aon dul le scóip an tSásra Maoirseachta Aonair.

(6)Léirigh an ghéarchéim a bhí ann le déanaí go bhféadfadh bagairt a bheith ann d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus go bhfuil ag méadú ar an riosca go dtiocfaidh ann d'ilroinnt airgeadais. Dá gclisfeadh banc atá sách mór i gcomparáid leis an earnáil bhaincéireachta náisiúnta nó dá gclisfeadh cuid den earnáil bhaincéireachta náisiúnta i gcomhthráth, d'fhéadfadh sé go bhfágfaí scéimeanna ráthaíochta taiscí náisiúnta i mbaol ó shuaitheadh mór áitiúil, d'ainneoin na sásraí cistiúcháin breise dá bhforáiltear i dTreoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 . Is féidir leis an mbaol sin do scéimeanna ráthaíochta taiscí náisiúnta ó shuaitheadh mór áitiúil cur leis an aisfhotha díobhálach idir bainc agus a stát náisiúnta, rud a bhaineann an bonn ó aonchineálacht na cosanta le haghaidh taiscí agus a ghéaraíonn ar easpa muiníne na dtaisceoirí, agus is éagobhsaíocht margaidh a shliocht sin.

(7)De cheal leibhéal aonchineálach cosanta do thaisceoirí, is féidir cúrsaí iomaíochta éirí saofa agus is féidir bacainn iarbhír a bheith ar an tsaoirse bunaíochta agus ar shaorsholáthar seirbhísí ag institiúidí creidmheasa laistigh den mhargadh inmheánach. Dá bhrí sin, tá scéim árachais taiscí chomhpháirteach bunriachtanach chun an margadh inmheánach do sheirbhísí airgeadais a chomhlánú.

(8)Cé gur mór an feabhas a chuir Treoir 2014/49/AE ar chumas scéimeanna náisiúnta taisceoirí a chúiteamh, is gá socruithe níos éifeachtúla ar leibhéal an Aontais Baincéireachta maidir le ráthaíocht taiscí chun a áirithiú go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha ann chun muinín na dtaisceoirí uile a dhaingniú agus chun an chobhsaíocht airgeadais a chosaint ar an dóigh sin. Le SEÁT mhéadófaí athléimneacht an Aontais Baincéireachta faoi chomhair géarchéimeanna amach anseo tríd an riosca a roinnt ar bhonn níos forleithne agus chuirfí cosaint chomhionann ar fáil do thaisceoirí árachaithe, rud a thacódh le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(9)Ní státchabhair ná cabhair ón gCiste atá sna cistí a úsáideann scéimeanna ráthaíochta taiscí chun taisceoirí a aisíoc as taiscí cumhdaithe nach bhfuil ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2014/49/AE maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí. I gcás ina núsáidfear na cistí sin chun institiúidí creidmheasa a athstruchtúrú agus is státchabhair nó cabhair ón gCiste iad, ní mór dóibh Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh agus, faoi seach, Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 a chomhlíonadh, rialachán ba cheart a leasú chuige sin.

(10)D'ainneoin tuilleadh comhchuibhithe a bheith tugtha isteach le Treoir 2014/49/AE, tá roghanna agus lánroghanna áirithe fós ag scéimeanna ráthaíochta taiscí náisiúnta, maidir le heilimintí riachtanacha áirithe san áireamh amhail na spriocleibhéil, na tosca riosca atá le cur i bhfeidhm agus ranníocaíochtaí institiúidí creidmheasa á measúnú, tréimhsí aisíocaíochta nó úsáid cistí. Féadfaidh na difríochtaí sin idir rialacha náisiúnta bac a chur ar shaorsholáthar seirbhísí agus an iomaíocht a shaobhadh. In earnáil bhaincéireachta atá anchomhtháite, is gá aonfhoirmeacht ó thaobh rialacha agus cur chuige de chun leibhéal stóinse cosanta a áirithiú ar bhonn leanúnach le haghaidh taisceoirí ar fud an Aontais agus cobhsaíocht airgeadais a chinntiú ar an dóigh sin.

(11)Beidh sé bunriachtanach SEÁT a bhunú, agus cumhachtaí láraithe cinnteoireachta, faireacháin agus forfheidhmithe aige agus é faoi chúram an Bhoird Réitigh Aonair agus Árachais Taiscí ("an Bord"), chun an cuspóir a bhaint amach arb é atá ann creat ráthaíochta taiscí comhchuibhithe a chur ar bun. Feabhsófar cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gceanglas ráthaíochta taiscí sna Ballstáit rannpháirteacha de thoradh é a bheith de chúram ar údarás lárnach dá shórt. Ar an dóigh sin, ba cheart d'oibríochtaí SEÁT, trí chreat a sholáthar chun rialacha maidir le socruithe ráthaíochta taiscí a bhunú agus a chur chun feidhme ina dhiaidh sin agus trí thacú leis an gcreat sin, an próiseas comhchuibhithe i réimse na seirbhísí airgeadais a éascú.

(12)Thairis sin, cuid de rialacha níos ginearálta de chuid an Aontais Eorpaigh maidir le maoirseacht stuamachta agus téarnamh agus réiteach a chomhchuibhiú, ar gnéithe comhlántacha den mhargadh inmheánach do sheirbhísí baincéireachta iad, is ea SEÁT. Ní féidir le maoirseacht a bheith éifeachtach agus fiúntach gan scéim árachais taiscí iomchuí a chomhfhreagróidh d'fhorbairtí i réimse na maoirseachta. Dá bhrí sin, bunriachtanas is ea SEÁT i gcomhair próiseas comhchuibhithe níos ginearálta agus tá dlúthbhaint idir na cuspóirí atá aige agus creat an Aontais maidir le maoirseacht stuamachta agus téarnamh agus réiteach, nithe atá spleách ar a chéile ó thaobh a gcur i bhfeidhm láraithe de. Mar shampla, is gá comhordú iomchuí ar leibhéal na maoirseachta agus na ráthaíochta taiscí i gcásanna ina mbeidh sé beartaithe ag an mBanc Ceannais Eorpach údarú a tharraingt siar ó institiúid creidmheasa nó i gcás nach gcomhlíonfaidh institiúid creidmheasa an oibleagáid bheith ina ball de scéim ráthaíochta taiscí. Is gá a mhacasamhail de leibhéal ard comhtháthaithe idir na gníomhaíochtaí réitigh agus na cúraimí árachais taiscí a chuirtear ar an mBord.

(13)Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin i leith na mbanc arb é a maoirseoir baile an Banc Ceannais Eorpach nó an túdarás inniúil náisiúnta sna Ballstáit arb é an euro a nairgeadra nó sna Ballstáit nach é an euro a nairgeadra atá tar éis dlúthchomhar a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013. Tá raon feidhme an Rialacháin seo nasctha le raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013. Go deimhin, i bhfianaise an dlúthcheangail idir na cúraimí maoirseachta atá sannta don Sásra Maoirseachta Aonair agus gníomhaíochtaí ráthaíochta taiscí, tá tábhacht bhunúsach ag baint le córas láraithe maoirseachta a bhunú a fheidhmeoidh faoi Airteagal 127(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh sa phróiseas an ráthaíocht taiscí a chomhchuibhiú sna Ballstáit rannpháirteacha. De bhrí go bhfuil siad faoi réir mhaoirseacht an tSásra Maoirseachta Aonair tá airí sonrach ag na heintitis atá laistigh de raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 a fhágann go bhfuil siad i staid leithleach oibiachtúil shaintréitheach chun críche ráthaíochta taiscí. Is gá bearta a ghlacadh chun scéim árachais taiscí a bhunú do na Ballstáit uile a bheidh rannpháirteach sa Sásra Maoirseachta Aonair chun dea-fheidhmiú cobhsaí an mhargaidh inmheánaigh a éascú.

(14)Chun comhthreomhaireacht leis an Sásra Maoirseachta Aonair agus leis an Sásra Réitigh Aonair a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag SEÁT maidir leis na Ballstáit rannpháirteacha. Bainc atá bunaithe sna Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach sa Sásra Maoirseachta Aonair, níor cheart iad a bheith faoi réir SEÁT. A fhad is lasmuigh den Sásra Maoirseachta Aonair a bheidh an mhaoirseacht a dhéantar i mBallstát, ba cheart an Ballstát sin a bheith freagrach fós as a áirithiú go bhfuil taisceoirí faoi chosaint ó na hiarmhairtí a leanfadh dócmhainneacht institiúide creidmheasa. Nuair a rachaidh Ballstáit isteach sa Sásra Maoirseachta Aonair, ba cheart iad a theacht faoi réir SEÁT go huathoibríoch. D'fhéadfadh SEÁT an margadh inmheánach ina iomláine a chuimsiú ar deireadh.

(15)Chun cothrom iomaíochta a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach ina iomláine, tá an Rialachán seo comhsheasmhach le Treoir 2014/49/AE. Comhlánaíonn sé rialacha agus prionsabail na Treorach sin chun dea-fheidhmiú SEÁT a áirithiú agus chun a áirithiú go bhfuil cistiú cuí le fáil ag SEÁT. Dá bhrí sin, tá an dlí ábhartha maidir le ráthaíocht taiscí atá le cur i bhfeidhm laistigh de chreat SEÁT comhsheasmhach leis an dlí is infheidhme ag na SRTanna náisiúnta nó ag údaráis ainmnithe na mBallstát neamhrannpháirteach, arna gcomhchuibhiú le Treoir 2014/49/AE.

(16)I margaí airgeadais comhtháite, le haon tacaíocht airgeadais a thugtar chun taisceoirí a aisíoc feabhsaítear an chobhsaíocht airgeadais ní amháin sa Bhallstát rannpháirteach lena mbaineann ach i mBallstáit eile freisin, trí chosc a chur ar ghéarchéimeanna baincéireachta leathnú chuig Ballstáit neamhrannpháirteacha. Níor cheart aon bhac a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí airgeadais de thoradh cúraimí árachais taiscí a bheith curtha ar an mBord. Dá bhrí sin, ba cheart don Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) a ról a choinneáil mar aon leis na cumhachtaí agus na cúraimí atá aige cheana: ba cheart dó forbairt a dhéanamh ar chur i bhfeidhm comhsheasmhach na reachtaíochta de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis na Ballstáit uile, agus ba cheart dó tairbhe a dhéanamh do chur i bhfeidhm comhsheasmhach na reachtaíochta sin, agus ba cheart dó feabhas a chur ar chóineasú na gcleachtas ráthaíochta taiscí ar fud an Aontais ina iomláine.

(17)Ba cheart SEÁT a fhorbairt de réir a chéile ó scéim athárachais go scéim comhárachais lánfhrithpháirtithe thar roinnt blianta. I gcomhthéacs na niarrachtaí chun an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhéanamh níos doimhne, maille leis an obair ar shocruithe maoiniúcháin idirlinne a bhunú le haghaidh an Chiste Réitigh Aonair agus ar thacaíocht fhioscach chomhchoiteann, is gá an fhorbairt sin chun na naisc idir bainc agus an stát i mBallstáit ar leith a laghdú trí bhíthin bearta chun an riosca a roinnt idir na Ballstáit uile san Aontas Baincéireachta, agus ar an dóigh sin an tAontas Baincéireachta a neartú chun an príomhchuspóir atá aige a bhaint amach. I gcomhthéacs na niarrachtaí an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhéanamh níos doimhne, maille leis an obair ar shocruithe maoiniúcháin idirlinne a bhunú le haghaidh an Chiste Réitigh Aonair agus ar thacaíocht fhioscach chomhchoiteann a fhorbairt, is gá an fhorbairt sin chun na naisc idir bainc agus an stát i mBallstáit ar leith a laghdú trí bhíthin bearta chun an riosca a roinnt idir na Ballstáit uile san Aontas Baincéireachta, agus ar an dóigh sin an tAontas Baincéireachta a neartú chun an príomhchuspóir atá aige a bhaint amach. An roinnt riosca atá i gceist le bearta chun an tAontas Baincéireachta a neartú áfach, ní mór é a dhéanamh i gcomhthráth le bearta laghdaithe riosca atá ceaptha an nasc idir bainc agus an stát a bhriseadh ar bhealach níos dírí.

(18)Ba cheart SEÁT a bhunú i dtrí chinn de chéimeanna seicheamhacha, scéim athárachais i dtosach a chumhdóidh sciar d'easnamh leachtachta agus de chaillteanais bhreise na SRTanna rannpháirteacha, ansin scéim comhárachais a chumhdóidh sciar a mhéadófar de réir a chéile d'easnamh leachtachta agus de chaillteanais bhreise na SRTanna rannpháirteacha, agus as a deireadh sin scéim lánárachais a chumhdóidh riachtanais leachtachta uile agus caillteanais uile na scéimeanna ráthaíochta taiscí rannpháirteacha.

(19)Le linn chéim an athárachais, chun teorainn a chur le dliteanas an Chiste Eorpaigh Árachais Taiscí ("an Ciste Árachais Taiscí") agus chun an riosca de bhaol morálta a laghdú ar an leibhéal náisiúnta, ní féidir cúnamh ón gCiste Árachais Taiscí a iarraidh ach amháin má tá ranníocaíochtaí exante cruinnithe ag an SRT náisiúnta i gcomhréir le conair bheacht cistiúcháin, agus má ídíonn sé na cistí sin i dtosach. Sa mhéid go bhfuil cistí bailithe ag SRT náisiúnta, áfach, ar mó iad ná a gceanglaítear de réir na conaire cistiúcháin, ní gá dó a ídiú ach na cistí a bhí air a bhailiú chun an chonair chistiúcháin a chomhlíonadh sular féidir leis cumhdach SEÁT a fháil. Dá bhrí sin, níor cheart SRTanna a bhfuil níos mó cistí bailithe acu ná mar a bhfuil gá leo chun an chonair chistiúcháin a chomhlíonadh, níor cheart iad a bheith thíos leis sin i dtaca leis na SRTanna a bhfuil cistí bailithe acu nach sáraíonn na leibhéil atá leagtha amach sa chonair chistiúcháin.

(20)Ós rud é, le linn chéim an athárachais, nach ndéanfadh an Ciste Árachais Taiscí ach foinse bhreise cistiúcháin a sholáthar agus an nasc idir bainc agus a stát náisiúnta a lagú, ach gan a áirithiú go bhfuil leibhéal comhionann cosanta ag gach taisceoir san Aontas Baincéireachta, ba cheart céim an athárachais, tar éis trí bliana, a fhorbairt de réir a chéile ina scéim comhárachais agus as a deireadh sin ina scéim árachais taiscí lánfhrithpháirtithe.

(21)Cé go mbeadh a lán gnéithe coiteanna ag céim an athárachais agus céim an chomhárachais, rud a áiritheodh forbairt rianúil céim ar chéim, roinnfí na híocaíochtaí amach a dhéanfaí le linn chéim an chomhárachais idir SRTanna náisiúnta agus an Ciste Árachais Taiscí ón gcéad euro caillteanais. Mhéadófaí an ranníocaíocht choibhneasta ón gCiste Árachais Taiscí go 100 % de réir a chéile, agus dá thoradh sin bheadh an riosca taisceoirí lánfhrithpháirtithe ar fud an Aontais Baincéireachta tar éis ceithre bliana.

(22)Ba cheart coimircí a chur isteach in SEÁT chun an riosca de bhaol morálta a theorannú agus chun a áirithiú nach soláthrófar cumhdach SEÁT ach i gcásanna ina ngníomhóidh SRTanna go stuama. Ar an gcéad dul síos, ba cheart do SRTanna náisiúnta a noibleagáidí faoin Rialachán seo, faoi Threoir 2014/49/AE agus faoi dhlíthe ábhartha eile an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh, go háirithe a noibleagáid a gcistí a mhéadú i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2014/49/AE mar atá sonraithe tuilleadh sa Rialachán seo. Chun tairbhe a bhaint as cumhdach SEÁT, caithfidh SRTanna rannpháirteacha ranníocaíochtaí exante a chruinniú i gcomhréir le conair bheacht cistiúcháin. Ina theannta sin, tá sé le tuiscint uaidh sin nach mbeidh an deis le fáil a thuilleadh an spriocleibhéal a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 10(6) de Threoir 2014/49/AE más mian leis an SRT tairbhe a bhaint as SEÁT. Ar an dara dul síos, i gcás teagmhas íocaíochta amach nó i gcás ina núsáidfear a chuid cistí le linn réitigh, ba cheart do SRT náisiúnta sciar cóir den chaillteanas a iompar. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal air ranníocaíochtaí expost a bhailiú óna chomhaltaí chun a chiste a athshlánú agus chun SEÁT a aisíoc a mhéid a sháraigh an cistiú a fuarthas i dtosach an sciar den chaillteanas atá le hiompar ag SEÁT. Ar an tríú dul síos, i ndiaidh teagmhas íocaíochta amach, ba cheart don SRT náisiúnta na fáltais ón eastát dócmhainneachta a uasmhéadú agus an Bord a aisíoc agus ba cheart cumhachtaí leordhóthanacha a bheith ag an mBord chun a chearta a chosaint. Ar an gceathrú dul síos, ba cheart na cumhachtaí a bheith ag an mBord chun an cistiú ar fad nó cuid de a ghnóthú i gcás nach gcomhlíonfaidh SRT rannpháirteach a oibleagáidí príomha.

(23)Bunriachtanas is ea an Ciste Árachais Taiscí nach bhféadfaí SEÁT a bhunú de réir a chéile dá uireasa. Ní chuirfeadh córais cistiúcháin náisiúnta éagsúla árachas taiscí aonchineálach ar fáil ar fud an Aontais Baincéireachta. Feadh na dtrí chéim, ba cheart an Ciste Árachais Taiscí a bheith ina chuidiú chun ról cobhsaitheach na SRTanna a áirithiú, chun ardleibhéal aonfhoirmeach cosanta i gcomhair na dtaisceoirí uile laistigh de chreat comhchuibhithe ar fud an Aontais a áirithiú agus chun a sheachaint go gcuirfí bacainní ar fheidhmiú saoirsí bunúsacha nó go saobhfaí iomaíocht sa mhargadh inmheánach de thoradh leibhéil éagsúla cosanta a bheith ann ar an leibhéal náisiúnta.

(24)Is le ranníocaíochtaí díreacha ó bhainc ba cheart an Ciste Árachais Taiscí a mhaoiniú. Níor cheart freagrachtaí fioscacha na mBallstát a shárú de thoradh cinntí a ghlacfaí laistigh de SEÁT lena néileofaí an Ciste Árachais Taiscí nó scéim ráthaíochta taiscí náisiúnta a úsáid. Maidir leis sin, is tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách, agus í sin amháin, ba cheart a mheas ina sárú ar cheannasacht bhuiséadach agus ar fhreagrachtaí fioscacha na mBallstát.

(25)Leis an Rialachán seo leagtar síos na rialacha mionsonraithe le haghaidh an Ciste Árachais Taiscí a úsáid agus na critéir ghinearálta chun socrú agus ríomh ranníocaíochtaí exante agus expost a chinneadh agus leagtar síos na cumhachtaí a bheidh ag an mBord chun an Ciste Árachais Taiscí a úsáid agus a bhainistiú.

(26)Is go díreach ar na bainc a ghearrfaí na ranníocaíochtaí lena maoineofaí an Ciste Árachais Taiscí. Bhaileodh an Bord na ranníocaíochtaí sin agus riarfadh sé an Ciste Árachais Taiscí, ach leanfadh na SRTanna náisiúnta de ranníocaíochtaí náisiúnta a bhailiú agus cistí náisiúnta a riar. Chun a áirithiú gur cothrom agus comhchuibhithe ranníocaíochtaí na mbanc rannpháirteach agus chun dreasachtaí a thabhairt le go mbeifí ag feidhmiú de réir múnla ar lú an riosca a bhaineann leis, ba cheart na ranníocaíochtaí le SEÁT agus na ranníocaíochtaí leis na SRTanna náisiúnta araon a ríomh ar bhonn taiscí cumhdaithe agus ar bhonn toisc coigeartaithe riosca in aghaidh an bhainc. Le linn chéim an athárachais, is é an méid riosca arna ghlacadh ag banc i gcomparáid leis na bainc ar fad eile atá cleamhnaithe leis an SRT rannpháirteach céanna ba cheart a chur san áireamh sa toisc coigeartaithe riosca. Nuair a bhaintear céim an chomhárachais amach, is é an leibhéal riosca arna ghlacadh ag banc i gcomparáid leis na bainc ar fad eile atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha ba cheart a chur san áireamh sa toisc coigeartaithe riosca. Ar an dóigh sin, d'áiritheofaí go mbeadh SEÁT, ar an iomlán, neodrach ó thaobh costais de i gcomhair na mbanc agus na SRTanna náisiúnta agus sheachnófaí athdháileadh ranníocaíochtaí le linn chéim an mhéadaithe den Chiste Árachais Taiscí.

(27)I bprionsabal, ba cheart ranníocaíochtaí a bhailiú ón tionscal roimh aon ghníomhaíocht árachais taiscí agus go neamhspleách ar aon ghníomhaíocht árachais taiscí. Nuair nach leor an réamhchistiú chun na caillteanais ná na costais arna dtabhú le húsáid an Chiste Árachais Taiscí a chumhdach, ba cheart ranníocaíochtaí breise a bhailiú chun an costas nó an caillteanas breise a iompar. Thairis sin, ba cheart an Ciste Árachais Taiscí a bheith in ann iasachtaíochtaí nó cineálacha eile tacaíochta a chonrú ó institiúidí creidmheasa, ó institiúidí airgeadais nó ó thríú páirtithe eile i gcás nach mbeidh rochtain láithreach ar na ranníocaíochtaí exanteexpost nó nach gcumhdófar leo na speanais arna dtabhú le húsáid an Chiste Árachais Taiscí i ndáil le gníomhaíochtaí árachais taiscí.

(28)Chun mais chriticiúil a bhaint amach agus chun éifeachtaí comhthimthriallacha a sheachaint a tharlódh dá mbeadh ar an gCiste Árachais Taiscí a bheith ag brath ar ranníocaíochtaí expost amháin le linn géarchéim shistéamach, ní foláir na hacmhainní airgeadais de chuid an Chiste Árachais Taiscí atá ar fáil exante a bheith ar a laghad ar spriocleibhéal íosta áirithe.

(29)Ba cheart spriocleibhéal tosaigh agus deiridh an Chiste Árachais Taiscí a leagan síos mar chéatadán d'iomlán na spriocleibhéal íosta atá ag na SRTanna rannpháirteacha. Ba cheart dó dul de réir a chéile go 20 % de cheithre naoú d'iomlán na spriocleibhéal íosta faoi dheireadh chéim an athárachais agus go suim na spriocleibhéal íosta uile faoi dheireadh chéim an chomhárachais. An deis iarratas a dhéanamh ar fhormheas maidir le spriocleibhéal níos ísle a údarú i gcomhréir le hAirteagal 10(6) de Threoir 2014/49/AE, níor cheart í a chur san áireamh nuair a shocrófar spriocleibhéil tosaigh nó deiridh an Chiste Árachais Taiscí. Ba cheart tréimhse iomchuí a shocrú chun spriocleibhéal an Chiste Árachais Taiscí a bhaint amach.

(30)Tá sé ríthábhachtach maoiniú éifeachtach agus leordhóthanach a áirithiú le haghaidh an Chiste Árachais Taiscí ar mhaithe le creidiúnacht SEÁT. Ba cheart feabhas a chur ar chumas an Bhoird foinsí malartacha cistiúcháin don Chiste Árachais Taiscí a chonrú ar shlí a dhéanfaidh an costas cistiúcháin a bharrfheabhsú agus a chaomhnóidh acmhainneacht creidmheasa an Chiste Árachais Taiscí. Díreach tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart don Bhord na bearta is gá a dhéanamh i gcomhar leis na Ballstáit rannpháirteacha chun na modhanna agus na rialacha mionsonraithe iomchuí a fhorbairt le gur féidir feabhas a chur ar an gcumas iasachtaíochta ba cheart a bheith ag an gCiste Árachais Taiscí faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(31)Is gá a áirithiú go mbeidh an Ciste Árachais Taiscí ar fáil ina iomláine chun na críche ráthú taiscí a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart an Ciste Árachais Taiscí a úsáid go príomha chun ceanglais agus gníomhaíochtaí ráthaíochta taiscí a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtúil. Ina theannta sin, níor cheart é a úsáid ach i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail ráthaíochta taiscí is infheidhme. Ar choinníollacha áirithe, d'fhéadfaí cistiú a chur ar fáil ón gCiste Árachais Taiscí i gcás ina núsáidfí na hacmhainní airgeadais atá ar fáil do SRT le linn réitigh i gcomhréir le hAirteagal 79 den Rialachán seo.

(32)Chun luach na méideanna atá sa Chiste Árachais Taiscí a chosaint, ba cheart na méideanna sin a infheistiú i sócmhainní atá sábháilte a ndóthain, éagsúlaithe agus leachtach.

(33)I gcás ina bhfoirceannfar dlúthchomhar idir an Banc Ceannais Eorpach agus Ballstát rannpháirteach nach bhfuil an euro mar airgeadra aige i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, ba cheart deighilt chóir na ranníocaíochtaí carnacha ón mBallstát rannpháirteach sin a chinneadh agus leasanna an Bhallstáit rannpháirtigh lena mbaineann agus an Chiste Árachais Taiscí á gcur san áireamh.

(34)Chun a uathriail agus a neamhspleáchas a ráthú ina niomláine le linn dó gníomhaíochtaí árachais taiscí a dhéanamh faoin Rialachán seo, ba cheart buiséad uathrialach a bheith ag an mBord agus ioncam ó ranníocaíochtaí éigeantacha ó na hinstitiúidí sna Ballstáit rannpháirteacha a bheith sa bhuiséad sin. Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do chumas na mBallstát táillí a thobhach chun costais riaracháin a SRTanna náisiúnta nó a núdarás ainmnithe náisiúnta a chumhdach.

(35)Ba cheart don Bhord, i gcás ina gcomhlíonfar na critéir uile a bhaineann le húsáid an Chiste Árachais Taiscí, an cistiú ábhartha agus an cumhdach caillteanais ábhartha a chur ar fáil don SRT náisiúnta.

(36)Ba cheart don Bhord feidhmiú i seisiúin iomlánacha chomhpháirteacha, seisiúin iomlánacha agus seisiúin feidhmiúcháin. Ba cheart don Bhord, ina sheisiún feidhmiúcháin, na cinntí go léir a bhaineann le nósanna imeachta íocaíochta amach a ullmhú agus, a mhéid is mó is féidir, na cinntí sin a ghlacadh. Maidir le húsáid an Chiste Árachais Taiscí, tá sé tábhachtach nach mbeidh aon bhuntáiste ceannródaí ann agus go ndéanfar faireachán ar eissreabhadh an Chiste Árachais Taiscí. A luaithe a shroichfidh glanúsáid charntha an Chiste Árachais Taiscí sa 12 mhí roimhe sin as a chéile an tairseach 25 % den spriocleibhéal deiridh, ba cheart don seisiún iomlánach measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na ngníomhaíochtaí árachais taiscí nó ar an rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí réitigh agus ar úsáid an Chiste Árachais Taiscí, agus ba cheart dó Treoir a chur ar fáil ar cheart don seisiún feidhmiúcháin í a leanúint i gcinntí ina dhiaidh sin. Ba cheart an Treoir don seisiún feidhmiúchán bheith dírithe, go háirithe, ar a áirithiú gur go neamhidirdhealaitheach a chuirfear gníomhaíochtaí árachais taiscí i bhfeidhm nó a ghlacfar páirt i ngníomhaíochtaí réitigh, agus ar bhearta atá le déanamh chun ídiú an Chiste Árachais Taiscí a sheachaint.

(37)Ba cheart éifeachtacht agus aonfhoirmeacht gníomhaíochtaí árachais taiscí a áirithiú sna Ballstáit rannpháirteacha uile. Chun na críche sin, i gcás nach gcuirfidh SRT rannpháirteach Cinneadh de chuid an Bhoird i bhfeidhm nó i gcás nach gcomhlíonfaidh sé Cinneadh den sórt sin nó i gcás ina gcuirfidh sé i bhfeidhm é ar bhealach is baol d'aon chuspóir de chuid na scéime árachais taiscí nó do chur chun feidhme éifeachtúil na gníomhaíochta árachais taiscí, ba cheart a chumhachtú don Bhord aon ghníomhaíocht is gá a ordú a thabharfaidh aghaidh ar dhóigh fhiúntach ar an ábhar imní nó ar an mbaol a bhaineann le cuspóirí SEÁT. Aon ghníomhaíocht de chuid SRT rannpháirtigh a chuirfeadh srian ar fheidhmiú chumhachtaí nó fheidhmeanna an Bhoird nó a dhéanfadh difear dó sin, ba cheart iad a eisiamh.

(38)Ina theannta sin, tráth a dhéanfar cinntí nó gníomhaíochtaí, go háirithe maidir le heintitis atá bunaithe i mBallstáit rannpháirteacha agus i mBallstáit neamhrannpháirteacha araon, ba cheart na héifeachtaí díobhálacha a d'fhéadfadh a bheith ann i gcás na mBallstát sin, amhail baol do chobhsaíocht airgeadais a margaí airgeadais, agus na héifeachtaí díobhálacha a d'fhéadfadh a bheith ann i gcás na neintiteas atá bunaithe sna Ballstáit sin, a chur san áireamh.

(39)Ba cheart don Bhord, do na húdaráis ainmnithe, do na húdaráis inniúla, lena náirítear an Banc Ceannais Eorpach, agus do na húdaráis réitigh, ba cheart dóibh, más gá, meamram tuisceana a thabhairt i gcrích ina mbeidh tuairisc i dtéarmaí ginearálta ar an gcaoi a ndéanfaidh siad comhar le chéile agus a gcúraimí ar leith faoi dhlí an Aontais á gcomhlíonadh acu. Ba cheart an meamram a athbhreithniú go tráthrialta.

(40)Ba cheart do na heintitis, na comhlachtaí agus na húdaráis ábhartha a bheidh bainteach le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo comhar a dhéanamh le chéile i gcomhréir le dualgas an chomhair dhílis atá cumhdaithe sna Conarthaí.

(41)Ina theannta sin, ba cheart don Bhord agus d'údaráis ainmnithe agus údaráis inniúla na mBallstát neamhrannpháirteach meamraim tuisceana a thabhairt i gcrích ina mbeidh tuairisc i dtéarmaí ginearálta ar an gcaoi a ndéanfaidh siad comhar le chéile agus a gcúraimí faoi Threoir 2014/49/AE á gcomhlíonadh acu. D'fhéadfadh na meamraim tuisceana, inter alia, soiléiriú a dhéanamh ar an gcomhairliúchán i ndáil leis na cinntí de chuid an Bhoird a dhéanfadh difear do bhrainsí atá lonnaithe sna Ballstáit neamhrannpháirteacha, i gcás ina mbeadh an institiúid creidmheasa bunaithe i mBallstát rannpháirteach. Ba cheart na meamraim a athbhreithniú go tráthrialta.

(42)Leis an nós imeachta a bhaineann le cinntí an Bhoird a ghlacadh urramaítear prionsabal tharmligean na gcumhachtaí chuig gníomhaireachtaí arna léirmhíniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(43)Leis an Rialachán seo urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na cearta, na saoirsí agus na prionsabail atá aitheanta go háirithe sa Chairt, agus go háirithe an ceart chun maoine, cosaint sonraí pearsanta, an tsaoirse fiontraíochta, an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, agus an ceart chun cosanta, agus ba cheart é a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

(44)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon creat ráthaíochta taiscí níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí a chur ar bun agus a áirithiú go gcuirfear rialacha ráthaíochta taiscí i bhfeidhm ar bhonn comhsheasmhach, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(45)Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo chun a thionchar ar an margadh inmheánach a mheasúnú agus chun a chinneadh an bhfuil gá le haon mhodhnuithe nó forbairtí breise chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht SEÁT.

(46)Chun go bhfeidhmeoidh SEÁT go héifeachtach ón [....], ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le ranníocaíochtaí a íoc leis an gCiste Árachais Taiscí, na nósanna imeachta ábhartha uile a bhunú agus aon ghnéithe oibríochtúla agus institiúideacha eile ón XX.

(47)Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a leasú chun bunú SEÁT a ionchorprú agus a chur san áireamh faoi seach,



TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 806/2014

Leasaítear Rialachán (AE) 806/2014 mar seo a leanas:

1.cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

"RIALACHÁN (AE) Uimh. 806/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 15 Iúil 2014 maidir le Sásra Réitigh Aonair agus Scéim Eorpach Árachais Taiscí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010";

2.cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

"Airteagal 1
Ábhar

1.Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach chun na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 a réiteach, arb eintitis iad atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 4.

Déanfaidh an Bord Réitigh Aonair, arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 42 (an 'Bord') na rialacha aonfhoirmeacha sin agus an nós imeachta aonfhoirmeach sin a chur i bhfeidhm i gcomhar leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún agus leis na húdaráis réitigh náisiúnta faoi chuimsiú an tSásra Réitigh Aonair ('SRA') arna bhunú leis an Rialachán seo. Tacóidh an Ciste Réitigh Aonair ('CRA') le SRA.

Beidh úsáid CRA ag brath ar chomhaontú a theacht i bhfeidhm i measc na mBallstát rannpháirteach ('an Comhaontú') maidir le haistriú na gcistí a chruinnítear ar an leibhéal náisiúnta i leith CRA chomh maith le cumasc leanúnach na gcistí éagsúla a chruinnítear ar an leibhéal náisiúnta, ar cistí iad a bheidh le leithdháileadh ar urranna náisiúnta an Chiste.

2.Thairis sin, bunaítear leis an Rialachán seo Scéim Eorpach Árachais Taiscí ('SEÁT') i dtrí chinn de chéimeanna seicheamhacha:

scéim athárachais trína ndéanfar, go pointe áirithe, cistiú a chur ar fáil agus sciar de chaillteanais na scéimeanna ráthaíochta taiscí rannpháirteacha a chumhdach i gcomhréir le hAirteagal 41a;

scéim comhárachais trína ndéanfar, go pointe a mhéadófar de réir a chéile, cistiú a chur ar fáil agus caillteanais na scéimeanna ráthaíochta taiscí rannpháirteacha a chumhdach i gcomhréir le hAirteagal 41c;

scéim lánárachais trína ndéanfar an cistiú a chur ar fáil do na scéimeanna ráthaíochta taiscí rannpháirteacha agus a gcuid caillteanas a chumhdach i gcomhréir le hAirteagal 41e;

Is é an Bord a riarfaidh SEÁT i gcomhar leis na SRTanna rannpháirteacha agus le húdaráis ainmnithe i gcomhréir le Cuid IIa. Tacóidh an Ciste Árachais Taiscí ('CÁT') le SEÁT."

3.cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

"Airteagal 2

Raon feidhme

1.    Chun críche SRA, beidh feidhm ag an Rialachán maidir leis na heintitis seo a leanas:

(a)institiúidí creidmheasa atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach;

(b)máthairghnóthais, lena náirítear cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach, i gcás ina mbeidh siad faoi réir maoirseacht chomhdhlúite arna déanamh ag BCE i gcomhréir le hAirteagal 4(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;

(c)gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí airgeadais atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach i gcás ina mbeidh siad cumhdaithe ag maoirseacht chomhdhlúite an mháthairghnóthais arna déanamh ag BCE i gcomhréir le hAirteagal 4(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013.

2.    Chun críche SEÁT, beidh feidhm ag an Rialachán maidir leis na heintitis seo a leanas:

(a)scéimeanna ráthaíochta taiscí rannpháirteacha mar atá sainmhínithe i bpointe (1) d'Airteagal 3(1a);

(b)institiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe le scéimeanna ráthaíochta taiscí rannpháirteacha.

I gcás ina gcruthófar leis an Rialachán seo cearta nó oibleagáidí le haghaidh SRT rannpháirteach a riarann údarás ainmnithe mar atá sainmhínithe i bpointe (18) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/49/AE, measfar gur leis an údarás ainmnithe na cearta nó na hoibleagáidí sin.";

4.leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)Cuirtear na pointí (55), (56) agus (57) seo a leanas le mír 1:

"(55)ciallaíonn 'scéimeanna ráthaíochta taiscí rannpháirteacha' nó 'SRTanna rannpháirteacha' scéimeanna ráthaíochta taiscí mar atá sainmhínithe i bpointe (1) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/49/AE a thugtar isteach agus a aithnítear go hoifigiúil i mBallstát rannpháirteach;

(56)ciallaíonn 'teagmhas íocaíochta amach' taiscí gan a bheith ar fáil, mar atá sainmhínithe i bpointe (8) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/49/AE i ndáil le hinstitiúid creidmheasa atá cleamhnaithe le SRT rannpháirteach;

(57)ciallaíonn 'acmhainní airgeadais atá ar fáil faoi CÁT' an tairgead tirim, na taiscí agus na sócmhainní íseal-riosca is féidir a leachtú laistigh de thréimhse nach faide ná an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir 2014/49/AE.";

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2.    In éagmais sainmhíniú ábhartha sna míreanna thuas, tá feidhm ag na sainmhínithe atá leagtha amach in Airteagal 2 de Threoir 2014/49/AE agus in Airteagal 2 de Threoir 2014/59/AE.

In éagmais sainmhíniú ábhartha in Airteagal 2 de Threoir 2014/49/AE ná in Airteagal 2 de Threoir 2014/59/AE, tá feidhm ag na sainmhínithe atá leagtha amach in Airteagal 3 de Threoir 2013/36/AE."

5.in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, mhír 3 agus mhír 4:

"2. I gcás ina ndéanfar an dlúthchomhar idir Ballstát agus BCE a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, scoirfidh na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo agus atá bunaithe nó aitheanta sa Bhallstát sin, scoirfidh siad de bheith cumhdaithe ag an Rialachán seo ón dáta a chuirfear i bhfeidhm an Cinneadh chun an dlúthchomhar a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh.

3. I gcás ina bhfoirceannfar an dlúthchomhar idir BCE agus Ballstát nach é an euro a airgeadra i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, cinnfidh an Bord, laistigh de thrí mhí ón dáta a ghlacfar an Cinneadh an dlúthchomhar a fhoirceannadh, i gcomhaontú leis an mBallstát sin, na rialacha mionsonraithe agus aon choinníollacha is infheidhme maidir le:

(a)ranníocaíochtaí atá aistrithe ag an mBallstát lena mbaineann chuig CRA a aisghabháil;

(b)aistriú ranníocaíochtaí chuig SRTanna atá aitheanta go hoifigiúil sa Bhallstát lena mbaineann, ar ranníocaíochtaí iad a d'íoc institiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe leis na SRTanna sin isteach in CÁT.

Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, áireofar ar aisghabhálacha an chuid sin den urrann atá comhfhreagrach don Bhallstát lena mbaineann nach bhfuil faoi réir frithpháirtiú. Más rud é, le linn na hidirthréimhse, mar atá leagtha síos sa Chomhaontú, nach leor aisghabhálacha na coda nach bhfuil frithpháirtithe chun gur féidir leis an mBallstát lena mbaineann bunú a shocraithe náisiúnta airgeadais a chistiú i gcomhréir le Treoir 2014/59/AE, áireofar ar aisghabhálacha freisin an tiomlán den chuid sin den urrann nó cuid den chuid sin den urrann atá comhfhreagrach don Bhallstát sin atá faoi réir frithpháirtiú i gcomhréir leis an gComhaontú nó seachas sin, tar éis na hidirthréimhse, iomlán na ranníocaíochtaí arna naistriú ag an mBallstát lena mbaineann le linn an dlúthchomhair, nó cuid de na ranníocaíochtaí sin, i méid ar leor é chun gur féidir an socrú náisiúnta airgeadais sin a chistiú.

Nuair atá measúnú á dhéanamh ar an méid acmhainní airgeadais atá le haisghabháil ón gcuid fhrithpháirtithe den Chiste nó ó chuid eile de i ndiaidh na hidirthréimhse, cuirfear na critéir bhreise seo a leanas san áireamh:

(a)an bealach ar tharla gur foirceannadh an dlúthchomhar le BCE, cibé acu a rinneadh é go deonach i gcomhréir le hAirteagal 7(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, nó nach ndearnadh;

(b)gníomhaíochtaí réitigh a bheith ar siúl i gcónaí ar dháta an fhoirceanta;

(c)timthriall eacnamaíoch an Bhallstáit a mbaineann an foirceannadh leis.

Déanfar aisghabhálacha a dháileadh le linn tréimhse theoranta a bheidh comhréireach le ré an dlúthchomhair. Déanfar sciar an Bhallstáit ábhartha de na hacmhainní airgeadais a tháinig ó CRA agus a úsáideadh le haghaidh gníomhaíochtaí réitigh le linn thréimhse an dlúthchomhair, déanfar é a bhaint as na haisghabhálacha sin.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, beidh an méid a aistreofar chuig gach SRT atá aitheanta go hoifigiúil sa Bhallstát lena mbaineann ionann leis na hacmhainní airgeadais atá ar fáil faoi CÁT méadaithe faoin gcóimheas (a) le (b):

(a)méid na ranníocaíochtaí exante uile arna níoc le CÁT ag institiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe leis an SRT lena mbaineann;

(b)méid na ranníocaíochtaí exante uile arna níoc le CÁT.

Ní bheidh an méid a aistreofar níos mó ná an méid is gá le go mbeidh na hacmhainní airgeadais atá ar fáil don SRT lena mbaineann ag dhá thrian dá spriocleibhéal mar atá sainmhínithe sa chéad fho
mhír d'Airteagal 10(2) de Threoir 2014/49/AE.

4. Leanfaidh an Rialachán seo d'fheidhm a bheith aige maidir le himeachtaí réitigh agus árachais taiscí atá ar siúl ar an dáta a chuirfear Cinneadh i bhfeidhm, dá dtagraítear i mír 2.";

6.in Airteagal 5(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

"Déanfaidh an Bord, an Chomhairle agus an Coimisiún agus, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis réitigh náisiúnta agus an SRT rannpháirteach, cinntí atá faoi réir dhlí ábhartha an Aontais agus i gcomhréir leis, agus go háirithe aon ghníomhartha reachtacha agus neamhreachtacha, lena náirítear iad sin dá dtagraítear in Airteagal 290 agus in Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.";

7.leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

"1. Ní dhéanfaidh aon ghníomhaíocht, togra nó beartas de chuid an Bhoird, de chuid na Comhairle, de chuid an Choimisiúin, de chuid údaráis réitigh náisiúnta nó de chuid SRT rannpháirtigh idirdhealú i gcoinne eintitis, sealbhóirí taiscí, infheisteoirí ná creidiúnaithe eile atá bunaithe san Aontas ar bhonn a náisiúntachta nó a náite gnó.

2. Gach gníomh, togra nó beartas de chuid an Bhoird, de chuid na Comhairle, de chuid an Choimisiúin, de chuid údaráis réitigh náisiúnta nó de chuid SRT rannpháirtigh a dhéanfar faoi chuimsiú SRA nó SEÁT, is le lánaird agus le dualgas cúraim maidir le haontacht agus sláine an mhargaidh inmheánaigh a dhéanfar é.";

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

"7. I gcás ina ndéanfaidh an Bord Cinneadh atá dírithe ar údarás réitigh náisiúnta nó ar SRT rannpháirteach, beidh sé de cheart ag an údarás réitigh náisiúnta nó ag an SRT rannpháirteach na bearta atá le glacadh a shonrú tuilleadh. Beidh sonrú den sórt sin ag teacht leis an gCinneadh de chuid an Bhoird i dtrácht.";

8.cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Chuid II: "Sásra Réitigh Aonair";

9.leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

"A mhéad a bheidh úsáid na gCistí (CRA nó CÁT) i gceist leis an ngníomhaíocht réitigh faoi mar atá sí molta ag an mBord, tabharfaidh an Bord fógra don Choimisiún maidir leis an úsáid atá beartaithe a bhaint as na Cistí. Áireofar san fhógra ón mBord an fhaisnéis go léir is gá chun go mbeidh an Coimisiún in ann a mheasúnuithe de bhun na míre seo a dhéanamh.";

(b)i mír 3, sa tríú, sa chúigiú agus sa seachtú fomhír cuirtear an focal "Cistí" in ionad an fhocail "Ciste", agus déantar na hathruithe gramadaí is gá;

(c)i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

"Déanfaidh an Bord aon mhéideanna a bheidh faighte faoin gcéad fhomhír a íoc isteach sa Chiste iomchuí (CRA nó CÁT) agus cuirfidh sé na méideanna sin san áireamh nuair a bheidh ranníocaíochtaí á gCinneadh aige i gcomhréir le hAirteagail 70, 71, 74c agus 74d.";

(d)i mír 7 agus i mír 10, cuirtear an focal "Cistí" in ionad an fhocail "Ciste", agus déantar na hathruithe gramadaí is gá;

10.cuirtear Cuid IIa isteach mar a leanas:

"CUID IIa
AN SCÉIM EORPACH ÁRACHAIS TAISCÍ (SEÁT)

TEIDEAL I: CÉIMEANNA SEÁT

Caibidil 1
Athárachas

Airteagal 41a
Cistiú i bpáirt agus cumhdach caillteanais bhreise i bpáirt

1.Ón dáta cur i bhfeidhm atá leagtha amach in Airteagal 99(5)(a), tá SRTanna rannpháirteacha athárachaithe ag SEÁT i gcomhréir leis an gCaibidil seo go ceann tréimhse trí bliana ('tréimhse athárachais').

2.Más rud é go mbaineann teagmhas íocaíochta amach do SRT rannpháirteach nó go núsáidtear é le linn réitigh i gcomhréir le hAirteagal 79 den Rialachán seo, féadfaidh sé cistiú a éileamh ar CÁT suas le 20 % dá easnamh leachtachta mar atá leagtha amach in Airteagal 41b.

3.Ina theannta sin, cumhdóidh CÁT 20 % de chaillteanas breise an SRT rannpháirtigh mar atá leagtha amach in Airteagal 41c. Déanfaidh an SRT rannpháirteach an méid cistiúcháin a fuair sé faoi mhír 2 den Airteagal seo, lúide méid an chumhdaigh caillteanais bhreise, a aisíoc i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 41o.

4.Ní bheidh an cistiú ná an cumhdach caillteanais bhreise níos mó ná pé acu is lú, 20 % de spriocleibhéal tosaigh CÁT mar atá leagtha amach in Airteagal 74b(1) den Rialachán seo nó 10 noiread spriocleibhéal an SRT rannpháirtigh mar atá sainithe sa chéad fhomhír d'Airteagal 10(2) de Threoir 2014/49/AE.

Airteagal 41b
Easnamh leachtachta

1.I gcás ina mbainfidh teagmhas íocaíochta amach don SRT rannpháirteach, déanfar a easnamh leachtachta a ríomh mar an méid iomlán de thaiscí cumhdaithe de réir bhrí Airteagal 6(1) de Threoir 2014/49/AE atá i seilbh na hinstitiúide creidmheasa tráth an teagmhais íocaíochta amach lúide:

(a)an méid acmhainní airgeadais ba cheart a bheith ar fáil don SRT rannpháirteach tráth an teagmhais íocaíochta amach dá mbeadh ranníocaíochtaí exante cruinnithe aige i gcomhréir le hAirteagal 41j;

(b)an méid ranníocaíochtaí urghnácha mar atá sainithe in Airteagal 10(8) de Theoir 2014/49/AE is féidir leis an SRT rannpháirteach a chruinniú laistigh de thrí lá ón teagmhas íocaíochta amach.

2.I gcás ina núsáidfear an SRT rannpháirteach le linn imeachtaí réitigh, is éard a bheidh ina easnamh leachtachta an méid a chinnfidh an túdarás réitigh i gcomhréir le hAirteagal 79 lúide an méid acmhainní airgeadais ba cheart a bheith ar fáil don SRT rannpháirteach tráth a chinnfear amhlaidh dá mbeadh ranníocaíochtaí exante cruinnithe aige i gcomhréir le hAirteagal 41j.

Airteagal 41c
Caillteanas breise

1.I gcás ina mbainfidh teagmhas íocaíochta amach don SRT rannpháirteach, déanfar a chaillteanas breise a ríomh mar an méid iomlán a d'aisíoc sé le taisceoirí i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2014/49/AE lúide:

(a) an méid a ghnóthaigh an SRT rannpháirteach ó chearta taisceoirí a sheachú le linn nósanna imeachta foirceanta nó atheagrúcháin de réir na chéad abairte d'Airteagal 9(2) de Threoir 2014/49/AE;

(b)an méid acmhainní airgeadais ba cheart a bheith ar fáil don SRT rannpháirteach tráth an teagmhais íocaíochta amach dá mbeadh ranníocaíochtaí exante cruinnithe aige i gcomhréir le hAirteagal 41j;

(c)an méid ranníocaíochtaí expost is féidir leis an SRT rannpháirteach a chruinniú i gcomhréir leis an gcéad abairt den chéad fhomhír d'Airteagal 10(8) de Threoir 2014/49/AE laistigh d'aon bhliain féilire amháin, lena gcuimseofar an méid a chruinneofar i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 41b(1) den Rialachán seo.

2.I gcás ina núsáidfear cistí an SRT rannpháirtigh in imeachtaí réitigh, is é an caillteanas breise a bheidh air an méid a chinnfidh an túdarás réitigh i gcomhréir le hAirteagal 79 lúide:

(a)méid aon difir a íocadh leis an SRT rannpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 75 de Threoir 2014/59/AE;

(b) an méid acmhainní airgeadais ba cheart a bheith ar fáil don SRT rannpháirteach tráth an chinnidh dá mbeadh ranníocaíochtaí exante cruinnithe aige i gcomhréir le hAirteagal 41j.

Caibidil 2
Comhárachas

Airteagal 41d
Cistiú agus cumhdach caillteanais

1.Ó dheireadh na tréimshe comhárachais ar aghaidh beidh an SRT rannpháirteach comhárachaithe ag SEÁT i gcomhréir leis an gCaibidil seo go ceann tréimhse ceithre bliana ('tréimhse comhárachais').

2.Más rud é go mbaineann teagmhas íocaíochta amach do SRT rannpháirteach nó go núsáidtear é le linn réitigh i gcomhréir le hAirteagal 109 de Threoir 2014/59/AE nó Airteagal 79 den Rialachán seo, féadfaidh sé cistiú a éileamh ar CÁT i leith sciar dá riachtanas leachtachta mar atá sainithe in Airteagal 41f den Rialachán seo. Méadófar an sciar sin i gcomhréir le hAirteagal 41e.

3.Ina theannta sin, cumhdóidh CÁT sciar de chaillteanas an SRT rannpháirtigh mar atá sainithe in Airteagal 41g. Méadófar an sciar sin i gcomhréir le hAirteagal 41e. Déanfaidh an SRT rannpháirteach an méid cistiúcháin a fuair sé faoi mhír 2, lúide méid an chumhdaigh caillteanais, a aisíoc i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 41o.

Airteagal 41e
Méadú cistiúcháin agus cumhdaigh caillteanais

Is mar a leanas a mhéadófar an sciar de chumhdach faoin dara agus faoin tríú mír d'Airteagal 41d le linn na tréimhse comhárachais:

20 % a bheidh ann le linn na chéad bhliana den tréimhse comhárachais;

40 % a bheidh ann le linn an dara bliain den tréimhse comhárachais;

60 % a bheidh ann le linn an tríú bliain den tréimhse comhárachais;

80 % a bheidh ann le linn an ceathrú bliain den tréimhse comhárachais.

Airteagal 41f
Riachtanas leachtachta

1.I gcás ina mbainfidh teagmhas íocaíochta amach don SRT rannpháirteach, measfar a riachtanas leachtachta a bheith cothrom leis an méid iomlán de thaiscí cumhdaithe laistigh de bhrí Airteagal 6(1) de Threoir 2014/49/AE atá san institiúid creidmheasa tráth an teagmhais íocaíochta amach.

2.I gcás ina núsáidfear an SRT rannpháirteach in imeachtaí réitigh, is é an méid a chinnfidh an túdarás réitigh i gcomhréir le hAirteagal 109 de Threoir 2014/59/AE nó le hAirteagal 79 den Rialachán seo an riachtanas leachtachta a bheidh air.

Airteagal 41 g
Caillteanas

1.I gcás ina mbainfidh teagmhas íocaíochta amach don SRT rannpháirteach, is é an méid iomlán a d'aisíoc sé le taisceoirí i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2014/49/AE lúide an méid a ghnóthaigh an SRT rannpháirteach ó chearta taisceoirí a sheachú - le linn nósanna imeachta foirceanta nó atheagrúcháin de réir na chéad abairte d'Airteagal 9(2) de Threoir 2014/49/AE an caillteanas a bheidh air.

2.I gcás ina núsáidfear an SRT rannpháirteach in imeachtaí réitigh, is é an méid a shuífidh an túdarás réitigh i gcomhréir le hAirteagal 109 de Threoir 2014/59/AE nó le hAirteagal 79 den Rialachán seo lúide méid aon difir a íocadh leis an SRT rannpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 75 de Threoir 2014/59/AE an caillteanas a bheidh air.

Caibidil 3
Lánárachas

Airteagal 41h
Cistiú agus cumhdach
caillteanais

1.Ó dheireadh na tréimshe comhárachais ar aghaidh, beidh an SRT rannpháirteach lánárachaithe ag SEÁT i gcomhréir leis an gCaibidil seo.

2.Más rud é go mbaineann teagmhas íocaíochta amach do SRT rannpháirteach nó go núsáidtear é le linn réitigh i gcomhréir le hAirteagal 109 de Threoir 2014/59/AE nó Airteagal 79 den Rialachán seo, féadfaidh sé cistiú a éileamh ar CÁT dá riachtanas leachtachta mar atá sainithe in Airteagal 41f den Rialachán seo.

3.Ina theannta sin, cumhdóidh CÁT caillteanas an SRT rannpháirtigh mar atá sainithe in Airteagal 41g. Déanfaidh an SRT rannpháirteach an méid cistiúcháin a fuair sé faoi mhír 2, lúide méid an chumhdaigh caillteanais, a aisíoc i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 41o.

Caibidil 4
Forálac
ha coiteanna

Airteagal 41i
Dícháiliú ó chumhdach SEÁT

1.Ní bheidh SRT rannpháirteach cumhdaithe ag SEÁT le linn chéim an athárachais, an chomhárachais ná an lánárachais más rud é go gcinneann an Coimisiún, ag gníomhú dó ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin don Bhord nó do Bhallstát rannpháirteach, go bhfuil ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha dícháilithe seo a leanas comhlíonta agus go gcuireann sé an Bord ar an eolas faoi:

(e)gur mhainnigh an SRT rannpháirteach na hoibleagáidí atá air faoin Rialachán seo nó faoi Airteagail 4, 6, 7, nó 10 de Threoir 2014/49/AE a chomhlíonadh;

(f)gur ghníomhaigh an SRT rannpháirteach, an túdarás riaracháin ábhartha de réir bhrí Airteagal 3 de Threoir 2014/49/AE, nó aon údarás ábhartha eile de chuid an Bhallstáit ábhartha, gur ghníomhaigh siad i ndáil le hiarraidh ar leith ar chumhdach SEÁT ar bhealach a bhí bunoscionn le prionsabal an chomhair dhílis mar atá leagtha síos in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

2.Más rud é go bhfuil cistiú faighte cheana féin ag SRT rannpháirteach agus go bhfuil ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha dícháilithe dá dtagraítear i mír 1 i dtaca le teagmhas íocaíochta amach nó úsáid le linn réitigh comhlíonta, féadfaidh an Coimisiún a ordú an cistiú a aisíoc, ina iomláine nó i bpáirt, le CÁT.

Airteagal 41j
Conair cistiúcháin atá le leanúint ag SRTanna rannpháirteacha

1.Ní bheidh an SRT rannpháirteach athárachaithe, comhárachaithe ná lánárachaithe ag SEÁT sa bhliain tar éis aon cheann de na dátaí atá leagtha amach thíos más rud é, faoin dáta sin, gurb ionann na hacmhainní airgeadais atá ar fáil dó a cruinníodh trí na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Threoir 2014/49/AE agus na céatadáin seo a leanas ar a laghad, céatadáin a léiríonn méid iomlán thaiscí cumhdaithe na ninstitiúidí creidmheasa uile atá cleamhnaithe leis an SRT rannpháirteach:

faoin 3 Iúil 2017: 0.14 %;

faoin 3 Iúil 2018: 0.21 %;

faoin 3 Iúil 2019: 0.28 %;

faoin 3 Iúil 2020: 0.28 %;

faoin 3 Iúil 2021: 0.26 %;

faoin 3 Iúil 2022: 0.20 %;

faoin 3 Iúil 2023: 0.11 %;

faoin 3 Iúil 2024: 0 %.

2.Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, maolú ó na ceanglais atá leagtha síos i mír 1 a fhormheas ar chúiseanna cuíréasúnaithe a bhaineann leis an timthriall gnó sa Bhallstát ábhartha, leis an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag ranníocaíochtaí comhthimthriallacha, nó le teagmhas íocaíochta amach ar an leibhéal náisiúnta. Ní mór na maoluithe sin a bheith sealadach agus féadfaidh siad bheith faoi réir coinníollacha áirithe a chomhlíonadh.

TEIDEAL II

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 41k
Réamheolas

I gcás ina mbeidh SRT rannpháirteach curtha ar an eolas ag an údarás inniúil, nó i gcás ina bhfaighidh sé amach ar bhealach eile, faoi imthosca a bhaineann le hinstitiúid creidmheasa atá cleamhnaithe leis an SRT rannpháirteach sin ar imthosca iad ar dóchúil go mbeidh teagmhas íocaíochta amach nó úsáid an SR in imeachtaí réitigh mar thoradh orthu, cuirfidh sé an Bord ar an eolas faoi na himthosca sin gan mhoill má tá sé beartaithe aige cumhdach SEÁT a iarraidh. Sa chás sin, cuirfidh an SRT rannpháirteach meastachán ar fáil freisin don Bhord ar an easnamh leachtachta nó an riachtanas leachtachta a mbeifear ag súil leis.

Airteagal 41l
Dualgas fógra a thabhairt

1.Más rud é go mbaineann teagmhas íocaíochta amach do SRT rannpháirteach nó go núsáidtear é le linn réitigh i gcomhréir le hAirteagal 109 de Threoir 2014/59/AE nó Airteagal 79 den Rialachán seo, tabharfaidh sé fógra don Bhord láithreach agus tabharfaidh sé dó an fhaisnéis uile is gá chun go mbeidh an Bord in ann a mheas an bhfuil na coinníollacha maidir le cistiú agus cumhdach caillteanais a sholáthar comhlíonta i gcomhréir le hAirteagal 41a, Airteagal 41d agus Airteagal 41h den Rialachán seo.

2.Cuirfidh an SRT rannpháirteach an Bord ar an eolas faoin méid seo a leanas, go háirithe:

(a)an méid taiscí cumhdaithe atá ag an institiúid creidmheasa lena mbaineann;

(b)na hacmhainní airgeadais a bhí ar fail dó tráth an teagmhais íocaíochta amach nó na húsáide le linn réitigh;

(c)i gcás teagmhas íocaíochta amach, tabharfaidh sé meastachán ar na ranníocaíochtaí urghnácha a bheidh sé in ann a chruinniú laistigh de thrí lá ón teagmhas sin;

(d)aon imthosca a chuirfeadh cosc air a oibleagáidí faoin dlí náisiúnta lena dtrasuítear Treoir 2014/49/AE a chomhlíonadh agus leigheasanna féideartha ar na himthosca sin.

Airteagal 41m

An méid cistiúcháin a chinneadh

1.Tar éis dó an fógra a fháil de réir Airteagal 41k, cinnfidh an Bord laistigh de 24 uair an chloig, ina sheisiún feidhmiúcháin, an bhfuil na coinníollacha maidir le cumhdach SEÁT comhlíonta agus cinnfidh sé an méid cistiúcháin a chuirfidh sé ar fáil don SRT rannpháirteach.

2.Más rud é gur cuireadh an Bord ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 41k, roimh dó an fógra dá dtagraítear i mír 1 a fháil, nó ag an am céanna, faoi chás amháin nó níos mó ba dhóchúil a bheith ann de theagmhas íocaíochta amach nó d'úsáid le linn réitigh, féadfaidh sé an tréimhse atá luaite i mír 1 a fhadú suas le seacht lá. Má thugtar fógra, le linn na tréimshe fadaithe sin, faoi chásanna eile de theagmhais íocaíochta amach nó d'úsáidí breise le linn réitigh i gcomhréir le hAirteagal 41k agus go bhféadfadh sé gur mhó an cistiú iomlán a d'fhéadfaí a éileamh ar CÁT ná na hacmhainní airgeadais atá ar fáil faoin gciste sin, beidh an cistiú arna sholáthar i gcás gach teagmhais íocaíochta amach nó gach úsáid le linn réitigh ar tugadh fógra faoi comhionann leis na hacmhainní airgeadais atá ar fáil faoi CÁT méadaithe faoin gcóimheas (a) le (b):

(a)an méid cistiúcháin a d'fhéadfadh an SRT rannpháirteach ábhartha a éileamh ar CÁT i gcás an teagmhais íocaíochta amach nó na húsáide le linn réitigh murab ann d'aon teagmhas íocaíochta amach eile nó d'aon úsáid eile le linn réitigh ar tugadh fógra faoi;

(b)suim na méideanna uile cistiúcháin a d'fhéadfadh gach SRT rannpháirteach ábhartha a éileamh ar CÁT i gcás gach teagmhais íocaíochta amach nó gach úsáide le linn réitigh murar tharla aon teagmhas íocaíochta amach eile nó aon úsáid eile le linn réitigh ar tugadh fógra faoi.

3.Cuirfidh an Bord an SRT rannpháirteach ar an eolas láithreach faoina chinneadh faoi mhír 1 agus mhír 2. Féadfaidh an SRT rannpháirteach athbhreithniú ar chinneadh an Bhoird a iarraidh laistigh de 24 uair an chloig tar éis dó a bheith curtha ar an eolas faoi. Luafaidh sé na cúiseanna a measann sé gur gá Cinneadh an Bhoird a leasú, go háirithe i ndáil leis an méid cumhdaigh a chuirfidh SEÁT ar fáil. Déanfaidh an Bord Cinneadh faoin iarraidh laistigh de 24 uair an chloig.

Airteagal 41n
Cistiú a sholáthar

Soláthróidh an Bord cistiú faoi Airteagal 41a(2), 41d(2) agus 41h(2) i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas:

(a)is i bhfoirm ranníocaíocht in airgead tirim leis an SRT rannpháirteach a sholáthrófar an cistiú;

(b)beidh na cistí dlite láithreach tar éis don Bhord an méid a chinneadh faoi Airteagal 41m.

Airteagal 41o
Cistiú a aisíoc agus caillteanas breise agus caillteanas a shuí

1.Déanfaidh an SRT rannpháirteach an cistiú arna sholáthar ag an mBord faoi Airteagal 41n a aisíoc, lúide méid aon chumhdaigh caillteanais bhreise i gcás cumhdach faoi Airteagal 41a, nó méid aon chumhdaigh caillteanais i gcás cumhdach faoi Airteagal 41d nó Airteagal 41h.

2.Go dtí go ndéanfar an nós imeachta dócmhainneachta nó réitigh a fhoirceannadh, suífidh an Bord, ar bhonn bliantúil, an méid atá aisghabháilte cheana ag an SRT rannpháirteach tríd an nós imeachta dócmhainneachta nó an méid atá íoctha leis cheana i gcomhréir le hAirteagal 75 de Threoir 2014/59/AE. Soláthróidh an SRT rannpháirteach don Bhord an fhaisnéis uile is gá chun an méid sin a shuí. Íocfaidh an SRT rannpháirteach leis an mBord sciar den mhéid sin a fhreagróidh don sciar atá cumhdaithe ag SEÁT i gcomhréir le hAirteagal 41a, Airteagal 41d nó Airteagal 41h.

3.I gcás cumhdach faoi Airteagal 41a, íocfaidh an SRT rannpháirteach, faoi dheireadh na chéad bhliana féilire tar éis an cistiú a sholáthar, íocfaidh sé leis an mBord freisin méid is comhionann leis na ranníocaíochtaí expost a d'fhéadfadh an SRT rannpháirteach a chruinniú laistigh de bhliain féilire amháin i gcomhréir leis an gcéad abairt den chéad fhomhír d'Airteagal 10(8) de Threoir 2014/49/AE, lúide méid na ranníocaíochtaí expost a chruinnigh sé i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 41b(1) den Rialachán seo.

4.Tar éis fhoirceannadh nós imeachta dócmhainneachta nó nós imeachta réitigh na hinstitiúide creidmheasa lena mbaineann, déanfaidh an Bord an caillteanas breise a shuí gan mhoill, i gcomhréir le hAirteagal 41d, nó an caillteanas a shuí i gcomhréir le hAirteagal 41h. I gcás inarb é an toradh air sin oibleagáid aisíocaíochta ar an SRT rannpháirteach nach ionann luach di agus na méideanna a aisíocadh i gcomhréir leis an dara agus leis an tríú mír, déanfar an difríocht sin a shocrú idir an Bord agus an SRT rannpháirteach gan mhoill.

Airteagal 41p
Faireachán ar íocaíochtaí amach le taisceoirí agus úsáid le linn
réitigh

1.Tar éis cistiú a sholáthar i gcás teagmhas íocaíochta amach i gcomhréir le hAirteagal 41n, déanfaidh an Bord faireachán grinn ar an nós imeachta íocaíochta amach a sheolfaidh an SRT rannpháirteach, agus go háirithe ar an úsáid a bhaineann sé as an ranníocaíocht in airgead tirim.

2.Soláthróidh an SRT rannpháirteach, go tráthrialta mar a bheidh leagtha síos ag an mBord, faisnéis chruinn, iontaofa agus iomlán maidir leis an nós imeachta íocaíochta amach, feidhmiú na gceart a sheachaigh sé, nó aon ábhar eile is ábhartha i ndáil le cur chun feidhme éifeachtach na ngníomhaíochtaí de chuid an Bhoird dá bhforáiltear sa Rialachán seo nó i ndáil le feidhmiú na gcumhachtaí de chuid an SRT rannpháirtigh dá bhforáiltear i dTreoir 2014/49/AE nó sa Rialachán seo. Cuirfidh an SRT rannpháirteach an Bord ar an eolas, ar bhonn laethúil, faoin méid iomlán arna aisíoc leis na taisceoirí, faoi úsáid na ranníocaíochta in airgead tirim, agus faoi aon deacrachtaí a thit amach.

Airteagal 41q
Faireachán a dhéanamh ar an nós imea
chta dócmhainneachta

1.Tar éis cistiú a sholáthar i gcás teagmhas íocaíochta amach i gcomhréir le hAirteagal 41n den Rialachán seo, déanfaidh an Bord faireachán ar nós imeachta dócmhainneachta na hinstitiúide creidmheasa lena mbaineann, agus go háirithe ar iarrachtaí an SRT rannpháirtigh íocaíocht a fháil ar na héilimh taiscí a sheachaigh sé i gcomhréir leis an gcéad abairt d'Airteagal 9(2) de Threoir 2014/49/AE.

2.Déanfaidh an SRT rannpháirteach a fháltais ón eastát dócmhainneachta a uasmhéadú agus beidh sé faoi dhliteanas i leith an Bhoird maidir leis na méideanna nach bhfuil gnóthaithe aige i ngeall ar easpa díchill. Tar éis an SRT rannpháirteach a éisteacht, féadfaidh an Bord a chinneadh na cearta uile is ábhartha de thoradh na néileamh taiscí dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú é féin.";

11.leasaítear Airteagal 43 mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear leathstad in ionad an lánstad ag deireadh phointe (c) agus cuirtear pointe (d) isteach mar a leanas:

"(d) comhalta a cheapfaidh gach Ballstát rannpháirteach, a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann a údaráis ainmnithe.";

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Beidh vóta amháin ag gach comhalta, lena náirítear an Cathaoirleach, ach amháin i gcás ina dtiocfaidh an Bord le chéile sa seisiún iomlánach comhpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 49b, agus sa chás sin is aon vóta amháin le chéile a bheidh ag na comhaltaí uile a cheap an Ballstát rannpháirteach céanna faoi mhír 1(c) agus (d).";

(c)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

"Ainmneoidh an Coimisiún agus BCE araon ionadaí a bheidh i dteideal páirt a ghlacadh i gcruinnithe na seisiún feidhmiúcháin, na seisiún iomlánach agus na seisiún iomlánach comhpháirteach mar bhreathnadóir buan.";

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 agus mhír 5:

"4. I gcás ina mbeidh níos mó ná údarás réitigh náisiúnta amháin nó níos mó ná údarás ainmnithe náisiúnta amháin, go leithleach, i mBallstát rannpháirteach, ceadófar don dara hionadaí páirt a ghlacadh mar bhreathnadóir gan cearta vótála.

5. Is éard a bheidh i struchtúr riaracháin agus bainistíochta an Bhoird:

(a)seisiún iomlánach comhpháirteach a fheidhmeoidh na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 49b;

(b)seisiún iomlánach den Bhord i gcomhréir le hAirteagal 49 agus Airteagal 49a a fheidhmeoidh na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 50 agus Airteagal 50a faoi seach;

(c)seisiún feidhmiúcháin den Bhord a fheidhmeoidh na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 54;

(d)Cathaoirleach a fheidhmeoidh na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 56;

(e)Rúnaíocht a thabharfaidh an tacaíocht riaracháin agus theicniúil is gá chun na cúraimí uile a shannfar don Bhord a chur i gcrích.";

12.leasaítear Airteagal 45 mar a leanas:

(a)i mír 4 agus mír 5, cuirtear na focail "cúraimí réitigh agus árachais taiscí" in ionad " cúraimí réitigh", agus déantar aon athrú gramadaí is gá;

(b)i mír 7, cuirtear na focail "mar údarás réitigh náisiúnta nó mar SRT nó údarás ainmnithe náisiúnta" in ionad "mar údarás réitigh náisiúnta", agus déantar aon athrú gramadaí is gá;

13.in Airteagal 46(4), cuirtear na focail "údarás réitigh náisiúnta nó SRTanna nó údarás ainmnithe náisiúnta" in ionad "údarás réitigh náisiúnta", agus déantar aon athrú gramadaí is gá;

14.in Airteagal 47, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Agus na cúraimí a thugtar dóibh faoin Rialachán seo á bhfeidhmiú, gníomhóidh an Bord, na húdaráis réitigh náisiúnta, an SRT náisiúnta nó na húdaráis ainmnithe go neamhspleách agus ar son an leasa choitinn.";

15.i gCuid III, cuirtear "Seisiún iomlánach comhpháirteach agus seisiúin iomlánacha an Bhoird" in ionad cheannteideal Theideal II "Seisiún iomlánach an Bhoird";

16.cuirtear Airteagal 48a isteach mar a leanas:

"Airteagal 48a

Rannpháirtíocht i seisiúin iomlánacha chomhpháirteacha

Beidh comhaltaí uile an Bhoird dá dtagraítear in Airteagal 43(1) rannpháirteach ina sheisiúin iomlánacha chomhpháirteacha.";

17.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 49:

"Airteagal 49

Rannpháirtíocht i seisiúin iomlánacha a bhaineann leis an Sásra Réitigh Aonair

Beidh na comhaltaí den Bhord dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 43(1) rannpháirteach sna seisiúin iomlánacha den Bhord a bhaineann leis an Sásra Réitigh Aonair (seisiún iomlánach maidir le SRA).";

18.cuirtear Airteagal 49a agus Airteagal 49b isteach mar a leanas:

"Airteagal 49a

Rannpháirtíocht i seisiúin iomlánacha a bhaineann leis an Scéim Eorpach Árachais Taiscí

Beidh na comhaltaí den Bhord dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (d) d'Airteagal 43(1) rannpháirteach sna seisiúin iomlánacha den Bhord a bhaineann leis an Scéim Eorpach Árachais Taiscí (seisiún iomlánach maidir le SEÁT).

Airteagal 49b

Cúraimí sheisiún iomlánach comhpháirteach an Bhoird

1.Déanfaidh an Bord an méid seo a leanas ina sheisiún iomlánach comhpháirteach:

(a)glacfaidh sé, faoin 30 Samhain gach bliain, clár oibre bliantúil an Bhoird don bhliain dár gcionn bunaithe ar dhréacht a chuirfidh an Cathaoirleach ar fáil agus cuirfidh sé chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig BCE mar eolas é;

(b)glacfaidh sé buiséad bliantúil an Bhoird agus déanfaidh sé faireachán air i gcomhréir le hAirteagal 61(2), formheasfaidh sé cuntais chríochnaitheacha an Bhoird agus cuirfidh sé cúram ar an gCathaoirleach chuige sin i gcomhréir le hAirteagal 63(4) agus (8);

(c)déanfaidh sé Cinneadh maidir le hinfheistíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 75;

(d)glacfaidh sé an tuarascáil bhliantúil gníomhaíochtaí i ndáil le gníomhaíochtaí an Bhoird dá dtagraítear in Airteagal 45, ina mbeidh mínithe mionsonraithe faoi chur chun feidhme an bhuiséid;

(e)glacfaidh sé na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an mBord i gcomhréir le hAirteagal 64;

(f)glacfaidh sé straitéis frithchalaoise, atá comhréireach leis na rioscaí calaoise agus ina gcuirfear san áireamh costais agus tairbhí na mbeart a bheidh le cur chun feidhme;

(g)glacfaidh sé rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i gcás a chomhaltaí;

(h)glacfaidh sé a rialacha nós imeachta agus rialacha nós imeachta an Bhoird ina sheisiún iomlánach agus ina sheisiún feidhmiúcháin faoin Rialachán seo;

(i)feidhmeoidh sé, i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, i ndáil le foireann an Bhoird, na cumhachtaí a thugtar don Údarás Ceapacháin faoi na Rialacháin Foirne agus a thugtar don Bhord atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt chun Críche ("cumhachtaí an údaráis ceapacháin") faoi Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh mar atá leagtha síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ("Coinníollacha Fostaíochta") ón gComhairle;

(j)glacfaidh sé na rialacha cur chun feidhme is iomchuí le héifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha Fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne;

(k)ceapfaidh sé Oifigeach Cuntasaíochta, faoi réir na Rialachán Foirne agus na gCoinníollacha Fostaíochta, a bheidh neamhspleách i bhfeidhmiú a dhualgas;

(l)áiritheoidh sé go ndéanfar obair leantach iomchuí ar thorthaí agus ar mholtaí a eascraíonn ó na tuarascálacha iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha agus ó mheastóireachtaí, agus ó imscrúduithe na hOifige Eorpaí FrithChalaoise (OLAF);

(m)glacfaidh sé na cinntí uile maidir le struchtúir inmheánacha an Bhoird a bhunú agus, más gá, maidir lena gcoigeartú.

2.Agus cinntí á nglacadh, gníomhóidh seisiún iomlánach comhpháirteach an Bhoird i gcomhréir leis na cuspóirí atá sonraithe in Airteagal 6 agus in Airteagal 14.

3.Ina sheisiún iomlánach, glacfaidh an Bord, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, Cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de na Coinníollacha Fostaíochta, lena dtarmligfear cumhachtaí na núdarás ceapacháin ábhartha chuig an gCathaoirleach agus lena mbunófar na coinníollacha ar ar féidir tarmligean na gcumhachtaí a chur ar fionraí. Beidh an Cathaoirleach údaraithe na cumhachtaí sin a fhotharmligean.

In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord ina sheisiún iomlánach chomhpháirteach, trí bhíthin cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an gCathaoirleach agus aon fhotharmligean a dhéanann an Cathaoirleach a chur ar fionraí go sealadach agus féadfaidh an Bord iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó chuig duine den fhoireann seachas an Cathaoirleach.";

19.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 50:

"Airteagal 50

Cúraimí an Bhoird ina sheisiún iomlánach maidir le SRA

1.Déanfaidh an Bord an méid seo a leanas ina sheisiún iomlánach maidir le SRA:

(a)déanfaidh sé cinneadh, faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2, maidir le húsáid an Chiste, más rud é go bhfuil tacaíocht an Chiste sa ghníomhaíocht réitigh shonrach sin ag teastáil os cionn na tairsí EUR 5 000 000 000 nuair is é 0.5 an tualú i gcás tacaíocht leachtachta;

(b)déanfaidh sé, a luaithe a shroichfidh glanúsáid charntha an Chiste sa 12 mhí dheireanacha as a chéile tairseach EUR 5 000 000 000, cur i bhfeidhm na nuirlisí réitigh a mheasúnú, go háirithe úsáid an Chiste, agus cuirfidh sé Treoir ar fáil ar cheart don seisiún feidhmiúcháin a leanúint i gcinntí réitigh dá éis sin, go háirithe, más iomchuí, agus idirdhealú á dhéanamh idir leachtacht agus cineálacha eile tacaíochta;

(c)déanfaidh sé Cinneadh an gá ranníocaíochtaí urghnácha expost a chruinniú i gcomhréir le hAirteagal 71, maidir leis an iasachtaíocht dheonach idir socruithe um maoiniú i gcomhréir le hAirteagal 72, maidir le foinsí malartacha airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 73 agus Airteagal 74, agus maidir le frithpháirtiú socruithe náisiúnta um maoiniú i gcomhréir le hAirteagal 78, a bhfuil tacaíocht ón gCiste os cionn na tairsí dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo i gceist leis;

(d)an creat dá dtagraítear in Airteagal 31(1) maidir leis na socruithe praiticiúla a eagrú don chomhar leis na húdaráis réitigh náisiúnta, déanfaidh sé é a fhormheas.

2.Agus cinntí á nglacadh, gníomhóidh seisiún iomlánach an Bhoird i gcomhréir leis na cuspóirí atá sonraithe in Airteagal 6 agus in Airteagal 14.

Chun críocha phointe (a) de mhír 1, measfar an scéim réitigh arna hullmhú ag an seisiún feidhmiúcháin a bheith glactha mura rud é, laistigh de thrí uair an chloig ó chuireann an seisiún feidhmiúcháin an dréacht faoi bhráid an tseisiúin iomlánaigh, go gcomórfaidh comhalta amháin ar a laghad den seisiún iomlánach cruinniú den seisiún iomlánach. Sa chás sin, glacfaidh an seisiún iomlánach Cinneadh faoin scéim réitigh.";

20.Cuirtear Airteagal 50a isteach mar a leanas:

"Airteagal 50a

Cúraimí an Bhoird ina sheisiún iomlánach maidir le SEÁT

3.Déanfaidh an Bord an méid seo a leanas ina sheisiún iomlánach maidir le SEÁT:

(a)déanfaidh sé, a luaithe a shroichfidh glanúsáid charntha CÁT sa 12 mhí dheireanacha as a chéile tairseach 25 % den spriocleibhéal deiridh, cur i bhfeidhm SEÁT a mheasúnú, go háirithe úsáid CÁT, agus cuirfidh sé treoir ar fáil is ceart don seisiún feidhmiúcháin a leanúint i gcinntí íocaíochta amach dá éis sin, go háirithe, más iomchuí, agus idirdhealú á dhéanamh idir soláthar cistiúcháin agus cumhdach caillteanais;

(b)cinnfidh sé cén fad a chuirfear leis an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 41m(1) i gcomhréir le hAirteagal 41m(2);

(c)déanfaidh sé Cinneadh maidir leis an iasachtaíocht dheonach idir socruithe um maoiniú i gcomhréir le hAirteagal 74f, agus le foinsí malartacha cistiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 74g;

(d)cinnfidh sé, ar tharchur ón seisiún feidhmiúcháin i gcás mhír 1 nó mhír 2 d'Airteagal 41i, an bhfuil an coinníoll dícháilithe atá leagtha síos i bpointe (b) d'Airteagal 41i(1) comhlíonta.

4.Agus cinntí á nglacadh, gníomhóidh seisiún iomlánach an Bhoird i gcomhréir leis na cuspóirí atá sonraithe in Airteagal 6.";

21.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 51:

"Airteagal 51
Cruinnithe sheisiún iomlánach comhpháirteach agus sheisiúin iomlánacha an Bhoird maidir le SRA agus SEÁT

1.Comórfaidh an Cathaoirleach cruinnithe sheisiún iomlánach comhpháirteach agus sheisiúin iomlánacha an Bhoird maidir le SRA agus SEÁT agus déanfaidh sé cathaoirleacht orthu i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 56(2).

2.Reáchtálfaidh an Bord, ina sheisiún iomlánach comhpháirteach, dhá ghnáthchruinniú in aghaidh na bliana ar a laghad. Ina theannta sin, tiocfaidh an Bord le chéile ar thionscnamh an Chathaoirligh nó arna iarraidh sin d'aon trian ar a laghad de chomhaltaí an Bhoird. Féadfaidh ionadaí an Choimisiúin iarraidh ar an gCathaoirleach cruinniú den Bhord a chomóradh ina sheisiún iomlánach comhpháirteach nó ina sheisiún iomlánach maidir le SRA nó SEÁT faoi seach. Cuirfidh an Cathaoirleach cúiseanna ar fáil i scríbhinn más rud é nach gcomórann sé an cruinniú in am trátha.

3.I gcás inarb ábhartha, féadfaidh an Bord a iarraidh ar bhreathnadóirí eile, lena náirítear ionadaí de chuid ÚBE, le cois na mbreathnadóirí sin dá dtagraítear in Airteagal 43(3), páirt a ghlacadh i gcruinnithe a sheisiúin iomlánaigh chomhpháirtigh nó a sheisiúin iomlánaigh maidir le SRA nó SEÁT ar bhonn ad hoc.

4.Cuirfidh an Bord rúnaíocht ar fáil do sheisiún iomlánach comhpháirteach nó do sheisiún iomlánach an Bhoird.";

22.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 52:

"Airteagal 52
Forálacha ginearálta maidir leis an bpróiseas cinnteoireachta

1.Déanfaidh an Bord, ina sheisiún iomlánach comhpháirteach, nó ina sheisiún iomlánach maidir le SRA nó SEÁT faoi seach, a chuid cinntí trí thromlach simplí dá chomhaltaí, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. Is ag an gCathaoirleach a bheidh an vóta réitigh má chríochnaíonn an vóta cothrom.

2.De mhaolú ar mhír 1, déanfar na cinntí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 50(1), agus i bpointe (a) d'Airteagal 50a(1) mar aon le cinntí maidir le frithpháirtiú socruithe náisiúnta um maoiniú i gcomhréir le hAirteagal 78, atá teoranta d'úsáid na bhfoinsí airgeadais atá ar fáil in CRA, nó in CÁT faoi seach, déanfar na cinntí sin a ghlacadh le tromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird is comhionann le 30 % ar a laghad de na ranníocaíochtaí. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. Is ag an gCathaoirleach a bheidh an vóta réitigh má chríochnaíonn an vóta cothrom.

3.De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, déanfar na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 50(1) nó Airteagal 50a(1) a bhaineann le ranníocaíochtaí expost a chruinniú i gcomhréir le hAirteagal 71 nó Airteagal 74d, na cinntí maidir le hiasachtaíocht dheonach idir socruithe um maoiniú i gcomhréir le hAirteagal 72 nó Airteagal 74f, na cinntí maidir le foinsí malartacha maoiniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 73, Airteagal 74 nó Airteagal 74g, agus na cinntí maidir le frithpháirtiú socruithe náisiúnta um maoiniú i gcomhréir le hAirteagal 78, ar cinntí iad lena sáraítear úsáid na nacmhainní airgeadais atá ar fáil in CRA nó in CÁT, déanfar na cinntí sin a ghlacadh le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird, is comhionann le 50 % ar a laghad de na ranníocaíochtaí le linn na hidirthréimhse, go dtí go mbeidh an Ciste lánfhrithpháirtithe agus go mbeidh a spriocleibhéal deiridh bainte amach ag CÁT, agus le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird is comhionann le 30 % de na ranníocaíochtaí uaidh sin amach. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. Is ag an gCathaoirleach a bheidh an vóta réitigh má chríochnaíonn an vóta cothrom.

4.De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, glacfaidh tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird an Cinneadh dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 50a(1). Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. Is ag an gCathaoirleach a bheidh an vóta réitigh má chríochnaíonn an vóta cothrom.

5.Glacfaidh an Bord a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad. Leagfar síos sna rialacha nós imeachta socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na himthosca ina bhféadfaidh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile agus lena náirítear na rialacha a rialaíonn córaim, más iomchuí.";

23.leasaítear Airteagal 53 mar a leanas:

(a)sa tríú fomhír de mhír 1, cuirtear na focail "údaráis réitigh náisiúnta nó údaráis ainmnithe náisiúnta" in ionad "údaráis réitigh náisiúnta", agus déantar aon athrú gramadaí is gá;

(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na tagartha do "Airteagal 43(1)(c)": "Airteagal 43(1)(c) nó, i gcás inarb ábhartha, Airteagal 43(1)(d)";

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3.Nuair atáthar ag breithniú eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 nó grúpa eintiteas nach bhfuil bunaithe ach in aon Bhallstát rannpháirteach amháin nó gníomhaíocht nó Cinneadh árachais taiscí, glacfaidh an comhalta ábhartha a cheap an Ballstát sin faoi Airteagal 43(1)(c) nó 43(1)(d) páirt freisin sa bhreithniú agus sa phróiseas cinnteoireachta, agus beidh feidhm ag na rialacha atá leagtha síos in Airteagal 55(1).";

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. Áiritheoidh na comhaltaí den Bhord dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(a) agus (b) go mbeidh na cinntí agus gníomhaíochtaí réitigh agus árachais taiscí a dhéantar sna foirmíochtaí difriúla de sheisiúin feidhmiúcháin an Bhoird, go háirithe ó thaobh úsáid CRA agus CÁT de faoi seach, go mbeidh siad comhleanúnach, iomchuí agus comhréireach.";

24.leasaítear Airteagal 54 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1.Déanfaidh an Bord an méid seo a leanas ina sheisiún feidhmiúcháin:

(a)ullmhóidh sé na cinntí uile a ghlacfaidh an Bord ina sheisiún iomlánach comhpháirteach nó ina sheisiúin iomlánacha maidir le SRA agus SEÁT, faoi seach;

(b)glacfaidh sé na cinntí uile is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.";

(b)i mír 2, cuirtear leathstad in ionad an lánstad ag deireadh phointe (e) agus cuirtear na pointí seo a leanas leis:

"(f)an méid cistiúcháin a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 41l;

(g) caillteanas na híocaíochta amach agus an cumhdach caillteanais a shuí i gcomhréir le hAirteagal 41o;

(h)Cinneadh a dhéanamh na cearta faoi Airteagal 41a a fheidhmiú.";

(c)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4:

"3. Más gá, de dheasca práinne, féadfaidh an Bord ina sheisiún feidhmiúcháin cinntí sealadacha áirithe a dhéanamh thar ceann an Bhoird ina sheisiún iomlánach comhpháirteach nó ina sheisiúin iomlánacha maidir le SRA agus SEÁT, faoi seach, go háirithe i ndáil le hábhair a bhaineann le bainistíocht riaracháin, lena náirítear ábhair bhuiséadacha.

4. Coinneoidh an Bord ina sheisiún feidhmiúcháin an Bord ina sheisiún iomlánach comhpháirteach nó ina sheisiúin iomlánacha maidir le SRA agus SEÁT, faoi seach, ar an eolas faoi na cinntí a ghlacfaidh sé i ndáil le réiteach nó árachas taiscí.";

25.leasaítear Airteagal 56 mar a leanas:

(a)i mír 1:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a) obair an Bhoird a ullmhú, ina sheisiún iomlánach comhpháirteach, ina sheisiún iomlánach agus ina sheisiún feidhmiúcháin, agus a chruinnithe a chomóradh agus a bheith ina chathaoirleach orthu;";

(ii) i bpointe (g) cuirtear na focail "faoi ghníomhaíochtaí réitigh agus gníomhaíochtaí árachais taiscí" in ionad "faoi ghníomhaíochtaí réitigh", agus déantar aon athrú gramadaí is gá;

(b)sa chéad abairt de mhír 4, cuirtear na focail "réiteach banc agus ráthaíocht taiscí" in ionad "réiteach bainc", agus déantar aon athrú gramadaí is gá;

26.in Airteagal 58, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3.Beidh trí chuid sa bhuiséad: Cuid I leis an mBord a riar, Cuid II le CRA a riar agus Cuid III le CÁT a riar.".

27.in Airteagal 59, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Tá an tAirteagal seo gan dochar do cheart na núdarás réitigh náisiúnta, SRTanna rannpháirteacha agus údaráis ainmnithe táillí a thobhach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, maidir lena gcaiteachais riaracháin den chineál dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, lena náirítear caiteachais is toradh ar dhul i gcomhar leis an mBord nó ar chabhrú leis.";

28.cuirtear Airteagal 60a isteach mar a leanas:

"Airteagal 60a

Cuid III den bhuiséad

1.Is é a bheidh in ioncam Chuid III den bhuiséad an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)ranníocaíochtaí arna níoc ag institiúidí atá cleamhnaithe le SRTanna rannpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 74c agus Airteagal 74d;

(b)iasachtaí arna bhfáil ó scéimeanna ráthaíochta taiscí i mBallstáit neamhrannpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 74f;

(c)iasachtaí arna bhfáil ó institiúidí airgeadais nó ó thríú páirtithe eile i gcomhréir le hAirteagal 74g;

(d)torthaí ar infheistiú na méideanna atá sa CÁT i gcomhréir le hAirteagal 75;

(e)cistiú arna aisíoc ag SRTanna rannpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 41o.

2.Is é a bheidh i gcaiteachas Chuid III den bhuiséad:

(a)cistiú arna sholáthar do na SRTanna rannpháirteacha chun críocha Airteagal 41a, Airteagal 41d nó Airteagal 41h;

(b)infheistíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 75;

(c)ús arna íoc ar iasachtaí arna bhfáil ó shocruithe airgeadais eile um ráthaíocht taiscí i mBallstáit neamhrannpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 74f;

(d)ús arna íoc ar iasachtaí arna bhfáil ó institiúidí airgeadais nó ó thríú páirtithe eile i gcomhréir le hAirteagal 74g.";

29.in Airteagal 61(2), cuirtear na focail "ina sheisiún iomlánach comhpháirteach" in ionad "ina sheisiún iomlánach";

30.in Airteagal 63(8), cuirtear na focail "ina sheisiún iomlánach comhpháirteach" in ionad "ina sheisiún iomlánach";

31.leasaítear Airteagal 65 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus i bpointe (b) d'Airteagal 2(2) faoi seach, déanfaidh siad ranníocaíocht le Cuid I de bhuiséad an Bhoird i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe maidir le ranníocaíochtaí arna nglacadh de bhun mhír 5 den Airteagal seo.";

(b)i mír 5, cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a) na cineálacha ranníocaíochtaí agus na hábhair a bhfuil na ranníocaíochtaí dlite ina leith a chinneadh, agus cúraimí éagsúla an Bhoird faoin Rialachán seo chun críocha SRA agus SEÁT, an chaoi a ríomhtar méid na ranníocaíochtaí agus an tslí a níoctar iad á gcur san áireamh;";

32.i dTeideal V de Chuid III, cuirtear "An Ciste Réitigh Aonair agus an Ciste Árachais Taiscí" in ionad cheannteideal Chaibidil 2;

33.i gCaibidil 2 de Theideal V de Chuid III, cuirtear "Comhdhéanamh an Chiste Réitigh Aonair" in ionad cheannteideal Roinn 1;

34.cuirtear an roinn seo a leanas isteach i gCaibidil 2 de Theideal V de Chuid III:

"ROINN 1a
COMHDHÉANAMH AN CHISTE ÁRACHAIS TAISCÍ

Airteagal 74a
Forálacha
Ginearálta

1.Bunaítear leis seo an Ciste Árachais Taiscí (CÁT). Líonfar é le ranníocaíochtaí atá dlite don Bhord ó institiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe le SRTanna rannpháirteacha. Déanfaidh SRTanna rannpháirteacha na ranníocaíochtaí a ríomh agus a shonrascadh, thar ceann an Bhoird.

2.Is chun cistiú a sholáthar do SRTanna rannpháirteacha, agus a gcuid caillteanas a chumhdach, ag na céimeanna éagsúla atá leagtha amach in Airteagal 1(2) agus i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail lena rialaítear SEÁT dá dtagraítear in Airteagal 6, agus chun na críche sin amháin a úsáidfidh an Bord CÁT. Ní bheidh buiséad an Aontais ná na buiséid náisiúnta faoi dhliteanas i leith speansais ná chaillteanais an Chiste in imthosca ar bith.

3.Is é an Bord úinéir CÁT. Ní fhéadfar leas a bhaint as dliteanas buiséadach na mBallstát, in imthosca ar bith, chun gníomhaíochtaí an Bhoird faoin Rialachán seo a chistiú.

Airteagal 74b
Spriocleibhéil
an Chiste Árachais Taiscí

1.Faoi dheireadh na tréimhse athárachais, na hacmhainní airgeadais atá ar fáil faoi CÁT, bainfidh siad an spriocleibhéal tosaigh amach, mar atá 20 % de cheithre naoú de shuim na spriocleibhéal íosta a bhainfidh SRTanna rannpháirteacha amach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 10(2) de Threoir 2014/49/AE.

2.Faoi dheireadh na tréimhse comhárachais, na hacmhainní airgeadais atá ar fáil faoi CÁT, bainfidh siad suim na spriocleibhéal íosta amach a bhainfidh SRTanna rannpháirteacha amach de réir na chéad fhomhíre d'Airteagal 10(2) de Threoir 2014/49/AE.

3.Le linn na dtréimhsí athárachais agus comhárachais, déanfar na ranníocaíochtaí le CÁT a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 74c, a leathnú amach thar am chomh réidh agus is féidir go dtí go mbainfear an spriocleibhéal ábhartha amach.

4.Nuair a bheidh an spriocleibhéal atá sonraithe i mír 2 bainte amach den chéad uair agus i gcás ina laghdófar ina dhiaidh sin na hacmhainní airgeadais atá ar fáil faoi bhun dhá thrian den spriocleibhéal, socrófar na ranníocaíochtaí a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 74c ar leibhéal a fhágfaidh go bhféadfar an spriocleibhéal a bhaint amach laistigh de shé bliana.

5.Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 93 chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)critéir maidir leis na ranníocaíochtaí le CÁT a ríomhtar faoi mhír 2 a leathnú amach thar am;

(b)critéir maidir leis na ranníocaíochtaí bliantúla dá bhforáiltear i mír 4 a leagan síos.

Airteagal 74c
Ranníocaíochtaí ex
ante

1.Gach bliain le linn na tréimhse athárachais agus comhárachais, cinnfidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle le BCE agus leis an údarás inniúil náisiúnta agus i ndlúthchomhar leis na SRTanna rannpháirteacha agus na húdaráis ainmnithe, cinnfidh sé i gcás gach SRT rannpháirteach méid iomlán na ranníocaíochtaí exante a fhéadfaidh sé a éileamh ar na hinstitiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe leis an SRT rannpháirteach ábhartha chun na spriocleibhéil dá bhforáiltear in Airteagal 74b a bhaint amach. Ní rachaidh méid iomlán na ranníocaíochtaí thar na spriocleibhéil dá bhforáiltear in Airteagal 74b (1) agus (2).

2. Le linn na tréimhse athárachais, ríomhfaidh gach SRT rannpháirteach, ar bhonn an méid iomláin arna chinneadh ag an mBord faoi mhír 1, ranníocaíocht gach institiúide creidmheasa atá cleamhnaithe leis. Cuirfidh sé i bhfeidhm an modh rioscabhunaithe arna leagan síos leis an ngníomh tarmligthe de réir an dara fomhír de mhír 5.

Tar éis na tréimhse athárachais, ríomhfaidh an Bord féin ranníocaíocht gach institiúide creidmheasa atá cleamhnaithe le SRT rannpháirteach. Cuirfidh an Bord i bhfeidhm an modh rioscabhunaithe arna leagan síos leis an ngníomh tarmligthe de réir an tríú fomhír de mhír 5.

Ag gach céim de SEÁT déanfaidh an SRT rannpháirteach, thar ceann an Bhoird, sonrasc a eisiúint i dtaobh ranníocaíocht gach institiúide creidmheasa ar bhonn bliantúil. Íocfaidh na hinstitiúidí creidmheasa an méid sonrasctha go díreach leis an mBord. Beidh na ranníocaíochtaí dlite an 31 Bealtaine gach bliain.

3.Ní aisíocfar na ranníocaíochtaí a gheofar go cuí ó na hinstitiúidí creidmheasa uile dá dtagraítear in Airteagal 2(2) leis na heintitis sin.

4.Na ranníocaíochtaí a íocann institiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe le SRT rannpháirteach isteach i CÁT i gcomhréir leis an Airteagal seo, cuirfear san áireamh iad i dtaca leis an spriocleibhéal íosta atá le baint amach ag an SRT rannpháirteach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 10(2) de Threoir 2014/49/AE. Más rud é, faoin 3 Iúil 2024 nó aon dáta ina dhiaidh sin, go bhfuil an chonair chistiúcháin atá leagtha síos in Airteagal 41j leanta ag an SRT rannpháirteach agus go bhfuil na ranníocaíochtaí exante uile a bhí le híoc le CÁT go dtí an 3 Iúil 2024 íoctha ag na hinstitiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe leis an SRT sin, is éard a bheidh sna ranníocaíochtaí sin méid na ranníocaíochta iomláine atá dlite chun an spriocleibhéal a bhaint amach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 10(2) de Threoir 2014/49/AE.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfaidh SRT rannpháirteach na ranníocaíochtaí a d'íoc institiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe leis isteach i CÁT a chur san áireamh nuair atá leibhéal a ranníocaíochtaí exante á shocrú aige, nó go bhféadfaidh sé aisíocaíocht a dhéanamh leis na hinstitiúidí sin óna acmhainní airgeadais atá ar fáil a mhéid is mó iad ná na méideanna atá leagtha amach in Airteagal 41j ar an dáta ábhartha.

5.Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 93 chun modh rioscabhunaithe a shonrú chun ranníocaíochtaí a ríomh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

Glacfaidh sé gníomh tarmligthe amháin ina sonrófar modh ríofa na ranníocaíochtaí is iníoctha le SRTanna rannpháirteacha agus, don tréimhse athárachais amháin, is iníoctha le CÁT. Sa ghníomh tarmligthe sin, bunófar an ríomh ar an méid taiscí cumhdaithe agus ar an méid riosca arna ghlacadh ag gach institiúid creidmheasa i gcomparáid leis na hinstitiúidí creidmheasa eile uile atá cleamhnaithe leis an SRT rannpháirteach céanna.

Glacfaidh sé an dara gníomh tarmligthe ina sonrófar modh ríofa na ranníocaíochtaí is iníoctha le CÁT ón tréimhse comhárachais amach. Sa dara gníomh tarmligthe sin, bunófar an ríomh ar an méid taiscí cumhdaithe agus an méid riosca arna ghlacadh ag gach institiúid creidmheasa i gcomparáid leis na hinstitiúidí creidmheasa eile uile dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 2(2).

Áireofar sa dá ghníomh tarmligthe sin foirmle ríofa, táscairí sonracha, aicmí riosca do chomhaltaí, tairseacha d'ualaí riosca atá sannta d'aicmí sonracha riosca, agus eilimintí riachtanacha eile. Déanfar an leibhéal riosca a mheas ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

(a)cumas iompartha caillteanais na hinstitiúide;

(b)cumas na hinstitiúide a hoibleagáidí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a chomhlíonadh;

(c)cobhsaíocht agus éagsúlacht fhoinsí cistiúcháin na hinstitiúide agus a sócmhainní neamhualaithe fíorleachtacha';

(d)caighdeán shócmhainní na hinstitiúide;

(e)an múnla gnó agus bainistiú na hinstitiúide;

(f)a mhéid atá sócmhainní na hinstitiúide ualaithe.

Airteagal 74d
Ranníocaíochtaí ex
post urghnácha

1.Más rud é, tar éis na tréimhse athárachais, nach leor na foinsí airgeadais atá ar fáil leis na caillteanais, na costais ná na speansais eile arna dtabhú ag CÁT tar éis teagmhas íocaíochta amach a chumhdach, cruinneofar ranníocaíochtaí expost urghnácha ó na hinstitiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe le SRTanna rannpháirteacha chun na méideanna breise a chumhdach. D'ainneoin mhír 2 agus mhír 3, beidh an méid ranníocaíochtaí expost atá le cruinniú comhionann leis an easnamh sna hacmhainní airgeadais atá ar fáil, ach ní bheidh sé níos mó ná an sciar uasta d'iomlán na dtaiscí cumhdaithe atá ag na hinstitiúidí creidmheasa uile atá faoi chuimsiú SEÁT atá leagtha síos i ngníomh tarmligthe ón gCoimisiún i gcomhréir le mír 5.

2.Ríomhfaidh an Bord féin ranníocaíocht gach institiúide creidmheasa atá cleamhnaithe le gach SRT rannpháirteach. Cuirfidh sé i bhfeidhm an modh rioscabhunaithe atá sonraithe sa ghníomh tarmligthe a ghlac an Coimisiún i gcomhréir leis an tríú fomhír d'Airteagal 74c(5).

Beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 74c(2) de réir análaí.

3.Déanfaidh an Bord, ar a thionscamh féin nó tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha nó ar mholadh ón údarás inniúil ábhartha, déanfaidh sé na ranníocaíochtaí expost urghnácha atá le déanamh ag institiúid a chur siar i bpáirt nó ina niomláine i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 4, más gá sin lena staid airgeadais a chosaint. Ní cheadófar an cur siar sin le haghaidh tréimhse níos faide ná sé mhí ach féadfar é a athnuachan arna iarraidh sin don institiúid. Déanfar na ranníocaíochtaí a chuirfear siar de bhun na míre seo níos déanaí tráth nach gcuirfidh an íocaíocht staid airgeadais na hinstitiúide i gcontúirt.

4.Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 93 chun na teorainneacha bliantúla dá dtagraítear i mír 1 a shonrú mar aon leis na himthosca ina bhféadfar agus na coinníollacha ar a bhféadfar na ranníocaíochtaí expost atá le déanamh ag eintiteas dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 2(2) a chur siar i bpáirt nó ina niomláine de bhun mhír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 74e
Cinntí faoin Rialachán seo a chur chun feidhme

1.Déanfaidh an SRT rannpháirteach an beart is gá chun na cinntí dá dtagraítear sa Rialachán seo a chur chun feidhme.

Faoi réir an Rialacháin seo, déanfaidh an SRT rannpháirteach a chumhachtaí a fheidhmiú faoin dlí náisiúnta lena ndéantar Treoir 2014/49/AE a thrasuí agus i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sa dlí náisiúnta. Cuirfidh an SRT rannpháirteach an Bord ar an eolas go hiomlán faoi fheidhmiú na gcumhachtaí sin.

2.Más rud é nár chuir an SRT rannpháirteach Cinneadh an Bhoird de bhun an Rialacháin i bhfeidhm nó nár chomhlíon sé an Cinneadh sin, nó gur chuir sé i bhfeidhm é ar bhealach ar baol é do chur chun feidhme éifeachtúil SEÁT agus do chuspóirí an Rialacháin seo, féadfaidh an Bord a ordú don SRT rannpháirteach aon bheart is gá a ghlacadh chun an Cinneadh i dtrácht a chomhlíonadh.

3.Más rud é go ndíríonn SRT rannpháirteach Cinneadh ar institiúid creidmheasa atá cleamhnaithe leis, lena náirítear sonrascadh ranníocaíochtaí, agus más rud é nár chomhlíon an institiúid creidmheasa an Cinneadh sin, d'aon ghnó nó go faillíoch, déanfaidh an Bord Cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil ar an institiúid chreidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 38.

Airteagal 74f
Iasachtú deonach
ó SRTanna neamhrannpháirteacha agus iasachtaíocht dheonach leo

1.Cinnfidh an Bord iarraidh a dhéanamh iasacht a fháil do CÁT ó scéimeanna árachais taiscí i mBallstáit neamhrannpháirteacha, más rud é:

(a)nach leor na méideanna arna gcruinniú faoi Airteagal 74c chun na caillteanais, na costais ná na speansais eile arna dtabhú trí úsáid CÁT i ndáil le gníomhaíochtaí réitigh a chumhdach;

(b)nach bhfuil rochtain láithreach ar na ranníocaíochtaí expost urghnácha dá bhforáiltear in Airteagal 74d;

(c)nach bhfuil rochtain láithreach ar na foinsí cistiúcháin malartacha dá bhforáiltear in Airteagal 74g ar théarmaí réasúnta.

2.Déanfaidh na scéimeanna ráthaíochta taiscí sin Cinneadh maidir leis an gcineál sin iarrata i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/49/AE.

3.Féadfaidh an Bord a chinneadh iasachtú a dhéanamh le scéimeanna ráthaíochta taiscí eile i mBallstáit neamhrannpháirteacha arna iarraidh sin. Beidh feidhm ag Airteagal 12 de Threoir 2014/49/AE de réir análaí i ndáil leis na coinníollacha iasachtaíochta.

Airteagal 74g
Foinsí cistiúcháin malartacha

1.Féadfaidh an Bord iasachtaíochtaí nó cineálacha eile tacaíochta ó institiúidí, ó institiúidí airgeadais nó ó thríú páirtithe eile arb fhearr a dtéarmaí airgeadais a chonrú le haghaidh CÁT ag an tráth is iomchuí chun costas an chistiúcháin a bharrfheabhsú agus chun a chlú a chaomhnú. Is ar bhonn eisceachtúil amháin a úsáidfear fáltais na niasachtaíochtaí sin chun go gcomhlíonfar oibleagáidí íocaíochta SRTanna rannpháirteacha, i gcás nach mbeidh rochtain láithreach ar na méideanna arna gcruinniú i gcomhréir le hAirteagal 74c agus Airteagal 74d nó nach gcumhdóidh siad na méideanna arna néileamh ar CÁT i ndáil le teagmhais íocaíochta amach.

2.Déanfar an iasachtaíocht nó na cineálacha eile tacaíochta dá dtagraítear i mír 1 a aisghabháil ina niomláine i gcomhréir le hAirteagal 74c agus Airteagal 74d.

3.Is as Cuid III de bhuiséad an Bhoird seachas as buiséad an Aontais nó na mBallstát rannpháirteach a íocfar aon chostas a thabhófar trí úsáid na niasachtaíochtaí atá sonraithe i mír 1.

4.Féadfaidh an Bord a chinneadh fáltais na niasachtaíochtaí a infheistiú i gcomhréir le hAirteagal 75 chun a bhfíorluach a chosaint.";

35.i gCaibidil 2 de Theideal V de Chuid III, cuirtear "Riar an Chiste Réitigh Aonair (CRA) agus an Chiste Árachas Taiscí (CÁT)" in ionad cheannteideal Roinn 2;

36.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 75:

"Airteagal 75
Infheistíochtaí

1.Déanfaidh an Bord CRA agus CÁT a riar i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoi mhír 4.

2.Is chun sochair CRA agus CÁT amháin a rachaidh na méideanna a gheofar ó institiúid faoi réiteach nó ó dhroicheadinstitiúid, an tús ar infheistíochtaí agus aon tuilleamh eile orthu, agus aon tuilleamh eile.

3.Beidh straitéis infheistíochta stuama agus sábháilte ag an mBord dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo, agus déanfaidh sé na méideanna a theachtann CRA agus CÁT a infheistiú in oibleagáidí de chuid na mBallstát nó in eagraíochtaí idirrialtasacha, nó i sócmhainní fíorleachtacha a mbaineann ardacmhainneacht creidmheasa leo, agus an gníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar aon le forálacha ábhartha eile den Rialachán sin á gcur san áireamh. Déanfar infheistíochtaí a éagsúlú de réir earnála, áite agus comhréireachta. Chun sochair CRA agus CÁT faoi seach a rachaidh toradh na ninfheistíochtaí sin.

4.Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir leis na rialacha mionsonraithe a bhaineann le CRA agus CÁT a riar, agus leis na prionsabail agus na critéir ghinearálta dá straitéis infheistíochta, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 93.";

37.cuirtear Airteagal 77a isteach mar a leanas:

"Airteagal 77a
CÁT a úsáid

1.Le linn na tréimhse athárachais úsáidfidh an Bord CÁT chun cistiú a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 41a(2) agus chun sciar den chaillteanas breise a chumhdach i gcomhréir le hAirteagal 41a(3).

2.Le linn na tréimhse athárachais agus dá héis, úsáidfidh an Bord CÁT chun cistiú a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 41d(2) agus 41h(2), faoi seach, agus chun an caillteanas a chumhdach i gcomhréir le hAirteagal 41d(3) agus Airteagal 41h(3), faoi seach.

3.Beidh úsáid CÁT i ndáil le hinstitiúid creidmheasa atá cleamhnaithe le SRT rannpháirteach ag brath ar an institiúid creidmheasa sin na hoibleagáidí atá uirthi mar chomhalta den SRT rannpháirteach a chomhlíonadh, ar oibleagáidí iad atá leagtha amach sa Rialachán seo agus i dTreoir 2014/49/AE."'

38.in Airteagal 81(4), Airteagal 83(2) agus (3), Airteagal 87(4), Airteagal 88(2) agus (6) i dTeideal VI de Chuid III, cuirtear na focail "údarás réitigh náisiúnta, SRT rannpháirteach nó údaráis ainmnithe i gcás inarb iomchuí" in ionad "údarás réitigh náisiúnta" agus cuirtear na focail "údaráis réitigh náisiúnta, SRTanna rannpháirteacha nó údaráis ainmnithe i gcás inarb ábhartha" in ionad "údaráis réitigh náisiúnta"

39.leasaítear Airteagal 93 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 19(8), Airteagal 65(5), Airteagal 69(5), Airteagal 71(3), Airteagal 74b(5), Airteagal 74c(5), Airteagal 74d(4) agus Airteagal 75(4) a thabhairt ar feadh tréimhse neamhchinntithe amhail ó na dátaí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 99.";

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 19(8), Airteagal 65(5), Airteagal 69(5), Airteagal 71(3), Airteagal 74b(5), Airteagal 74c(5), Airteagal 74d(4) agus Airteagal 75(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh Cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

"6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 19(8), Airteagal 65(5), Airteagal 69(5), Airteagal 71(3),Airteagal 74b(5), Airteagal 74c(5), Airteagal 74d(4) agus Airteagal 75(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

40.in Airteagal 99, cuirtear mír 5a isteach mar a leanas:

"5a.De mhaolú ar mhír 2, beidh feidhm ag Airteagal 1(2), ag Cuid IIa agus ag Roinn 1a de Chaibidil 2 de Theideal V de Chuid III ón [[OP insert date of entry into force of this Regulation]";

41.aon áit a bhfuil "an Ciste" i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, cuirtear "CRA" ina ionad.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

6.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

6.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 chun Scéim Eorpach Árachais Taiscí a bhunú

6.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 14  

Seirbhísí airgeadais agus margaí caipitil.

Straitéis agus comhordú beartais i dtaca le Cobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil.

Bainistíocht ar an ArdStiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil.

6.3.An cineál togra/tionscnaimh

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 15  

 Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

6.4.Cuspóirí

6.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

1) Cobhsaíocht a choinneáil sa chóras airgeadais trí mhuinín na ninfheisteoirí sa chóras baincéireachta a neartú ar fud an Aontais.

2) Bacainní roimh saorghluaiseacht chaipitil a laghdú agus cothrom iomaíochta a chruthú d'institiúidí creidmheasa ar fud an Aontais.

3) Cúrsaí airgeadais poiblí a chosaint trí idirghníomhú a laghdú idir na cúrsaí airgeadais poiblí sin agus staid airgeadais institiúidí creidmheasa.

6.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach Uimh.

I bhfianaise na gcuspóirí sonracha thuas, déantar iarracht na cuspóirí sonracha seo a leanas a bhaint amach:

1) An tAontas Baincéireachta a chur i gcrích trí Scéim Árachais Taiscí Eorpach (SEÁT) a sheoladh, scéim a dhéanfaidh comhlánú ar an Sásra Maoirseachta Aonair agus ar an Sásra Réitigh Aonair.

2) Ciste Árachais Taiscí a chur ar bun laistigh de Bhuiséad an Bhoird Réitigh Aonair (BRA nó an Bord) a chabhróidh chun tuairteanna, atá neamhshiméadrach ó thaobh geografaíochta de, i margadh inmheánach an Aontais le haghaidh seirbhísí airgeadais a mhaolú, chun cosaint taisceoirí a fheabhsú ar fud an Aontais.

3) Cúrsaí airgeadais poiblí a chosaint trí chostais an árachais taiscí a chur de thobhach ar gach banc laistigh den Aontas.

Déanfar iarracht na fochuspóirí seo a leanas a bhaint amach:

a) Sa chéad chéim (an tréimhse athárachais) cuireann an CÁT, go feadh méid áirithe, maoiniú ar fáil agus cumhdaíonn sé sciar na gcaillteanas de scéim ráthaíochta taiscí (SRT) rannpháirteach sa chás go mbeidh na hacmhainní airgeadais is gá don SRT rannpháirteach chun na hoibleagáidí íocaíochta i leith taisceoirí nó i leith údarás réitigh atá air faoi Threoir 2014/49/AE níos airde ná acmhainní airgeadais an SRT.

b) Sa dara céim (an tréimhse comhárachais) cuireann an CÁT, go feadh méid a mhéadaíonn de réir a chéile, maoiniú ar fáil agus cumhdaíonn sé sciar na gcaillteanas de scéim ráthaíochta taiscí rannpháirteach sna cúinsí atá luaite thuas (faoi a).

b) Sa tríú céim (lánárachas) cuireann an CÁT an maoiniú ar fad ar fáil agus cumhdaíonn sé gach caillteanas de scéim ráthaíochta taiscí rannpháirteach sna cúinsí atá luaite thuas (faoi a).

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Seirbhísí airgeadais agus margaí caipitil.

Straitéis agus comhordú beartais i dtaca le Cobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil.

Bainistíocht ar an ArdStiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil.

6.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

1) Fágfaidh an togra go dtiocfaidh laghdú mór ar an idirghníomhú idir cúrsaí airgeadais i mBallstát rannpháirteach agus na hinstitiúidí creidmheasa atá bunaithe ann.

2) Fágfaidh an togra go mbeidh laghdú ar ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí airgeadais agus go mbeidh cothrom iomaíochta níos fearr ann do gach institiúid chreidmheasa atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha.

3) Fágfaidh an togra go mbeidh méadú mór ar mhuinín as cosaint na dtaiscí i ngach Ballstát rannpháirteach.

6.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

1) Laghdú ar aistriú na dtaiscí ó institiúidí creidmheasa atá bunaithe i mBallstáit rannpháirteacha, ar Ballstáit iad a mheastar cúrsaí airgeadais poiblí a bheith i mbaol iontu, go hinstitiúidí atá bunaithe i mBallstáit rannpháirteacha, ar Ballstáit iad a mheastar nach bhfuil cúrsaí airgeadais poiblí i mbaol iontu.

2) Laghdú ar na difríochtaí i bhfairsinge na rátaí úis taisce idir institiúidí creidmheasa atá bunaithe i mBallstáit rannpháirteacha éagsúla.

3) Méadú ar líon agus ar mhéid na ninstitiúidí creidmheasa a mbeidh scéim ráthaíochta taiscí rannpháirteach in ann a hoibleagáid i leith taisceoirí nó an túdarás réitigh a chomhlíonadh, i gcás na dtaiscí atá i seilbh ag an institiúid chreidmheasa sin gan a bheith ar fáil nó go mbeidh an institiúid chreidmheasa faoi réir ag imeachtaí réitigh.

6.5.Foras an togra/tionscnaimh

6.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

In 2012, d'iarr an Coimisiún go mbunófaí Aontas Baincéireachta a chuirfeadh bonn níos seasta faoi earnáil na baincéireachta le go dtiocfadh muinín ar ais sa Euro mar chuid d'fhís níos fadtéarmaí le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch agus fioscach. Ba cheart an tAontas Baincéireachta a chur chun feidhme trí mhaoirseacht a aistriú go dtí an leibhéal Eorpach, agus leis sin bhunófaí bainistíocht géarchéime na mbanc ar bhonn comhtháite agus bhunófaí comhchóras cosanta taiscí freisin, rud atá chomh tábhachtach céanna. Cé gur cuireadh an chéad dá chéim i gcrích go rathúil faoin Sásra Maoirseachta Aonair agus faoin Sásra Aonair Réitigh, níor bunaíodh comhchóras cosanta taiscí go fóill.

I dTuarascáil na gCúig Uachtarán agus leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún a lean í, leagadh amach plean soiléir chun an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) a dhoimhniú, plean ina raibh céimeanna breise san áireamh chun rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a theorannú tuilleadh. An tAontas Baincéireachta a chur i gcrích chun Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a chur i bhfeidhm go huile agus go hiomlán, sin céim nach féidir a shárú. Maidir leis an airgeadra aonair, má tá an beartas airgeadaíochta le traschur ar bhealach éifeachtach, má tá an riosca le héagsúlú idir na Ballstáit ar bhealach iomchuí agus má táthar le muinín a chur i gcóras baincéireachta an limistéar euro, is den riachtanas córas aontaithe agus lánchomhtháite airgeadais bheith ann.

Tá molta, go háirithe, i dTuarascáil na gCúig Uachtarán, Scéim Eorpach Árachais Taiscí (SEÁT) a bhunú sa ghearrthéarma, agus í ina tríú colún d'Aontas Baincéireachta lánfheidhmeach le cois maoirseacht baincéireachta, cúram a tugadh do SMA, agus réiteach banc, cúram a tugadh do SAR.

6.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Tugadh le fios i dTuarascáil na gCúig Uachtarán go gcuirfeadh árachas taiscí comhpháirteach le teacht aniar an Aontais Bhaincéireachta i gcoinne géarchéimeanna eile amach anseo, mar nach bhfuil cosaint éifeachtach ar ghéarchéimeanna móra áitiúla (go háirithe cásanna ina meastar earnáil bhaincéireachta náisiúnta agus an túdarás ceannasach a bheith leochaileach) faoi chóras na scéimeanna ráthaíochta taiscí náisiúnta atá ann faoi láthair . Tá dóchúlacht níos mó ann freisin go mbeadh comhchóras neodrach go buiséadach le himeacht aimsire ná gurb amhlaidh a bheadh faoi scéimeanna ráthaíochta taiscí náisiúnta toisc go ndéanfar rioscaí a scaipeadh níos forleithne agus toisc go gcruinneofaí ranníocaíochtaí príobháideacha ó líon i bhfad níos mó d'institiúidí airgeadais. De réir Tuarascáil na gCúig Uachtarán, ba cheart céimeanna eatramhacha a thabhairt cheana féin go dtí lár na bliana 2017, mar chuid de Chéim 1 d'Aontas Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta na hEorpa a chur i gcrích, i bhfoirm sásra athárachais mar shampla. Dhéanfaí EDIS a mhaoiniú go príobháideach trí tháillí ex ante bunaithe ar riosca, táillí arna níoc ag gach ceann de na bainc rannpháirteacha sna Ballstáit agus ceaptha ar bhealach a dhéanfadh guais mhorálta a chosc.

6.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Is beag faisnéise atá ar fáil go poiblí maidir le líon na mball foirne san SRTanna náisiúnta. Chomh maith leis sin, eagraítear na scéimeanna sin a bhealaí éagsúla agus tá éagsúlacht freisin sa mhéid cúnaimh ó thaobh na foirne de a fhaigheann siad ó dhreamanna amhail comhlachais bhaincéireachta nó údaráis mhaoirseachta, nó ó thaobh na seirbhísí a chomhroinneann siad leo. Tugadh le fios i suirbhé a rinne Fóram Eorpach na nÁrachóirí Taiscí go bhfuil idir 10 agus 40 Coibhéis Lánaimseartha i gceist líon na mball foirne díreach (i.e. gan feidhmeanna tacaíochta san áireamh).

6.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Tar éis bunú an tSásra Maoirseachta Aonair le Rialachán (AE) Uimh 1024/2013 agus tar éis bunú an tSásra Aonair Réitigh (SAR) le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, tá míréir idir maoirseacht an Aontais agus réiteach na mbanc sna Ballstáit rannpháirteacha, ar lámh amháin, agus éifeachtúlacht agus inchreidteacht SRTanna náisiúnta i gcás chliseadh na mbanc céanna sin de bhun Treoir 2014/49/AE, ar an lámh eile. Is céim riachtanach é SEÁT a bhunú chun an tríú colún d'Aontas Baincéireachta lánfheidhme a chur i gcrích, taobh le maoirseacht agus réiteach banc.

Cuireann an Rialachán seo atá beartaithe leis an gcreat náisiúnta scéimeanna ráthaíochta taiscí atá ann faoi láthair atá á rialú ag an Treoir 2014/49/AE (an Treoir maidir le SRTanna). Is cuid lárnach den phróiseas chun comhchuibhiú breise a dhéanamh ar ráthaíochtaí taiscí faoi Threoir 2014/49/AE é SEÁT a bhunú. Leis an Rialachán seo atá beartaithe, cuirfear le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an chreata ráthaíochta taiscí sna Ballstáit atá ag glacadh páirte in SEÁT trí chumhachtaí cinnteoireachta, faireacháin agus forchurtha a bhaineann le SEÁT a thabhairt don Bhord Réitigh Aonair ("an Bord"). Áiritheoidh an cur chuige sin go gcuirfear cosaint chomhionann ar fáil do thaisceoirí atá cumhdaithe agus tacóidh sé le dea-fheidhmiú an Mhargaidh Inmheánaigh. Lena áirithiú go mbeidh muinín iomlán ag gach Ballstát atá rannpháirteach i gcáilíocht agus neamhchlaontacht na cosanta ar thaiscí faoi SEÁT agus chun éifeachtúlacht na ráthaíochta taiscí a fheabhsú, bunaítear Ciste Árachais Taiscí (CÁT) faoin Rialachán atá beartaithe. Baileoidh an Bord Réitigh Aonair na ranníocaíochtaí go díreach ó na hinstitiúidí agus dhéanfadh sé CÁT a bhainistiú agus a riaradh.

6.6.Fad agus tionchar airgeadais

◻ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2017 go 2024,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

6.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 16  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

◻ ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   ag na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

☑ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

◻ comhlachtaí dlí poiblí;

◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

7.BEARTA BAINISTÍOCHTA

7.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Ceanglaítear faoi Airteagal 45 den Rialachán go mbeidh an Bord cuntasach do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún as cur chun feidhme an Rialacháin seo agus, i measc nithe eile, as tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le cur i bhfeidhm na gcúraimí arna dtabhairt dó faoin Rialachán seo.

7.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

7.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

Ní thabharfadh an togra aon riosca nua isteach i ndáil le úsáid dhlíthiúil, thíosach, éifeachtúil, éifeachtach na leithreasuithe buiséid.

Mar sin féin, ba cheart an ghné shonrach a bhaineann le sásra maoiniúcháin an Bhoird Réitigh Aonair a chur san áireamh sa bhainistíocht riosca inmheánach. Murab ionann agus go leor comhlachtaí eile a bhunaigh an tAontas, is institiúidí airgeadais amháin a mhaoineoidh na seirbhísí arna soláthar ag an mBord.

Ar an dara dul síos, beidh an Bord freagrach as bainistíocht an Chiste Árachais Taiscí a áirithiú. Ar an ábhar sin, beidh gá sraith nósanna imeachta um rialú inmheánach a fhorbairt agus a chur ar bun.

7.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm

Ba cheart go leanfadh an creat agus na rialacha maidir le rialú inmheánach, ba cheart go leanfaidís an múnla a cuireadh i bhfeidhm in údaráis eile a bhunaigh an Coimisiúin, ach amháin i dtaca le bainistíocht an Bhoird Réitigh Aonair; beidh gá tacar sonrach rialacha a bhunú chuige sin.

7.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis

Beidh na rialuithe inmheánacha fréamhaithe i nósanna imeachta an Bhoird a bhaineann le comhlíonadh a fhreagrachtaí agus cur chun feidhme na cúraimí a bronnadh air. An costas a bhaineann le nósanna imeachta den sórt sin, ní bheidh sé níos mó ná an leas a thiocfaidh astu ó thaobh earráidí ábhartha a sheachaint.

7.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Bunaítear faoin Rialachán nach mbeidh SRT rannpháirteach cumhdaithe faoi SEÁT ag céim an athárachais, an chomhárachais nó an lánárachais más rud é gur theip ar an SRT rannpháirteach nó ar aon údarás ábhartha eile den Bhallstát faoi seach na hoibleagáidí faoin Rialachán nó faoi Threoir 2014/49/AE maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí a chomhlíonadh.

Ar mhaithe le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 a bhaineann le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) maidir leis an mBord.

Aontóidh an Bord do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) agus glacfaidh sé forálacha iomchuí láithreach bonn maidir le foireann uile an Bhoird.

Na cinntí maoinithe, agus na comhaontaithe agus na hionstraimí cur chun feidhme a thagann astu, sonrófar go sainráite iontu go féadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF, más gá, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh ar thairbhithe airgid arna neisíoc ag an mBord agus, chomh maith leis sin, ar na baill foirne atá freagrach as an airgead sin a leithdháileadh.

Tá na forálacha maidir le cur chun feidhme agus rialú bhuiséad an Bhoird agus na rialacha airgeadais is infheidhme leagtha amach in Airteagal 61 go hAirteagal 66 den Rialachán seo.

8.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

San anailís thíos tugtar meastachán ar an gcostas iomlán a chuirfidh an togra seo ar an mBord agus ar a fhoireann riaracháin Níltear ag súil le costas ar bith ar bhuiséad an Aontais toisc go maoineoidh na 6,000 éigin institiúidí airgeadais a chumhdófar faoi SEÁT speansais iomlán an Bhoird. Beidh an modh ríofa bunaithe ar mhéid agus leagfar amach é i ngníomh tarmligthe in 2016. Ar mhaithe le comhleanúnachas, ba cheart an mhodheolaíocht chéanna a chur i bhfeidhm faoi SEÁT.

Beidh cúraimí an Bhoird teoranta i dtaca le hÁrachas Taiscí. Beidh trí chéim ag baint le SEÁT: (i) athárachas, (ii) comhárachas agus (iii) lánárachas. Ag gach céim, beidh ar an mBord measúnú a dhéanamh an gcomhlíonann an SRT atá ag déanamh an iarratais roinnt forálacha de Threoir 2014/49/AE, go háirithe cibé acu an bhfuil a chiste náisiúnta carntha aige. Murab ionann agus feidhm réitigh an Bhoird, níl aon ghné lánroghnach sa chinneadh a dhéanfaidh sé, toisc go leanann oibleagáid íocaíochta an SRT rannpháirteach i leith taisceoirí (cúiteamh) nó i leith údarás réitigh (ranníocaíocht leis an réiteach), leanann sí Cinneadh a bheidh déanta ag údarás riaracháin nó breithiúnach.

Sa chéad chéim, déanfaidh an Bord measúnú ar iarrataí ar chumhdach athárachais agus tabharfaidh sé an maoiniú is gá chun SRT náisiúnta a chúiteamh laistigh de theorainneacha an chumhdaigh. Beidh na cúraimí sin gan athrú sa thréimhse comhárachais ach amháin, agus gach ní eile mar a chéile, go bhféadfaí a bheith ag súil le líon níos mó cásanna féideartha toisc nach bhfuil na srianta céanna i gceist leis na réamhchoinníollacha a bhaineann le chumhdach SEÁT i gcomparáid leis an tréimhse athárachais. Faoi árachas iomlán, thiocfadh méadú mór ar chúraimí an Bhoird. Chomh maith le freagra a thabhairt ar iarrataí ar chumhdach, bheadh air ranníocaíochtaí a ríomh agus a bhailiú ó bhainc aonair agus bainistiú a dhéanamh ar an gCiste Eorpach Árachais Taiscí. Tá na cúraimí sin cosúil le cúraimí faoin Sásra Réitigh Aonair. Ar an gcúis sin, is féidir a bheith ag súil leis go mbeidh barainneachtaí mórscála ann agus nach mbeidh sé mar thoradh ar an méadú ar na cúraimí go mbeidh gá le méadú comhréireach ar líon na mball foirne.

Tá líon foirne faoi SRT ag brath ar an raon feidhme atá i gceist leis na hidirghabhálaithe. Tá SRTanna áirithe ann ar féidir leo úsáid a bhaint as a gcistí féin le haghaidh bearta a chuirfeadh cosc ar institiúidí teipeadh, i.e. a sheachnódh go mbeadh dálaí ann faoina ndéanfaí íocaíochtaí amach. Tá acmhainneacht faireacháin agus bainistíochta níos mó ag an SRTanna sin ar féidir leo é sin a dhéanamh ná mar atá ag SRTanna a fheidhmíonn den chuid is mó mar 'bhosca íocaíochtaí' chun taisceoirí a chúiteamh. An acmhainneacht a bheadh ag SEÁT chun cúnamh a thabhairt do SRTanna náisiúnta i bhfeidhm bosca íocaíochtaí den sórt sin, bheadh sé teoranta.

Is beag faisnéise atá ar fáil go poiblí maidir le líon na mball foirne san SRTanna náisiúnta. Tugadh le fios i suirbhé ó Fhóram Eorpach na nÁrachóirí Taiscí go bhfuil idir 10 agus 40 Coibhéis Lánaimseartha (FTE) ann i dtaca le líon na mball foirne díreach (i.e. gan feidhmeanna tacaíochta san áireamh) i gcás na SRTanna sin a bhfuil feidhmeanna acu atá inchomparáide le SEÁT.

I bhfianaise cúraimí SEÁT, atá teoranta ach a bheidh ag méadú de réir a chéile, molann an Coimisiún an dáileadh FTE seo a leanas do na feidhmeanna díreacha:

Faoi Athárachas: 5 FTE (+ forchostas 0.5 FTE)

Faoi Chomhárachas: 10 FTE (+ forchostas 1 FTE)

Faoi lánárachas: 20 FTE (+ forchostas 2 FTE)

Tábla: Forbairt tháscach na FTEnna

Acmhainní Daonna

2017

2018

2019

2020

2021

2022

2023

2024

Poist don phlean bunaíochta: AD

4

4

4

4

8

8

8

16

Poist don phlean bunaíochta: AST

0.5

0.5

0.5

0.5

1

1

1

2

Poist don phlean bunaíochta: AST/SC

0

0

0

0

0

0

0

0

Líon iomlán na bpost don phlean bunaíochta

4.5

4.5

4.5

4.5

9

9

9

18

Gníomhairí ar conradh

0.5

0.5

0.5

0.5

1

1

1

2

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht

0.5

0.5

0.5

0.5

1

1

1

2

Líon iomlán na mball foirne

5.5

5.5

5.5

5.5

11

11

11

22

Faoi láthair, tá coibhéis 11.2 faoin gcéad de bhaill foirne forchostais in ArdStiúrthóireacht FISMA. Meastar, i gcás SEÁT, go bhféadfar barainneachtaí mórscála suntasacha a bhaint amach le feidhmeanna réitigh an bhoird, go háirithe maidir le bainistíocht acmhainní daonna, ranníocaíochtaí a ríomh agus a bhailiú, agus bainistíocht an chiste. Dá bhrí sin, meastar coibhéis forchostais de 9 % a bheith indéanta.

Tábla: Forbairt tháscach an chaiteachais

Caiteachas

2017

2018

2019

2020

2021

2022

2023

2024

Teideal 1: Caiteachas ar bhaill foirne

658

658

658

658

1,315

1,315

1,315

2,631

Teideal 2: Caiteachas ar bhonneagar agus caiteachas oibríochtúil

50

50

50

50

110

110

110

220

Teideal 3: Caiteachas oibríochtúil

116

116

116

116

232

232

232

464

Iomlán

824

824

824

824

1,657

1,657

1,657

3,315

Príomhthoimhdí

Ag tógáil ar an measúnú a rinneadh d'fheidhm réitigh an Bhoird Réitigh Aonair, is é an dáileadh seo a leanas atá molta i dtaca le dáileadh an phearsanra:

80 % de na TAnna (68 % ADanna agus 12 % ASTanna);

10 % ENDanna;

10 % CAnna.

Cuirfear Rialacháin Foirne institiúidí an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm, rud a léirítear sna rátaí a úsáidtear in aghaidh an duine:

meánchostas bliantúil TA: EUR 131,000;

meánchostas bliantúil END: EUR 78,000;

meánchostas bliantúil CA: EUR 70,000.

Anuas ar an tuarastal, cuimsítear costais indíreacha sa chostas seo, amhail costais foirgnimh, oiliúna agus TF, chomh maith le costais an bhonneagair shóisialta-leighis.

Toisc go bhfuil suíochán ag an mBord sa Bhruiséil, úsáidtear comhéifeacht ceartúcháin tuarastail de 1.

Meastar go gcuimseoidh an caiteachas oibríochtúil 15 % de chostais iomlán an Bhoird. Tá sé sin cuid mhaith níos ísle ná an 25 % atá measta don fheidhm réitigh, toisc go bhfuiltear ag súil leis go bhféadfaí na costais a bhaineann le córais faisnéise agus seirbhísí inmheánacha a fhorbairt agus a chothabháil, d'fhéadfaí na costais sin a chomhroinnt leis an bhfeidhm réitigh.

8.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

Ní bheidh aon thionchar aige ar bhuiséad an Aontais.

Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir
[Ceannteideal………………………...……………]

LD/LN 17

ó thíortha de chuid CSTE 18

ó thíortha is iarrthóirí 19

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[XX.YY.YY.YY]

LD/LN

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir
[Ceannteideal………………………………………]

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[XX.YY.YY.YY]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

8.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

Ní bheidh aon thionchar aige ar bhuiséad an Aontais.

8.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

Uimhir

[Ceannteideal……………...……………………………………………………………….]

ArdStiúrthóireacht: <…….>

Bliain
N 20

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Uimhir na líne buiséid

Gealltanais

(1)

Íocaíochtaí

(2)

Uimhir na líne buiséid

Gealltanais

(1a)

Íocaíochtaí

(2 a)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach 21  

Uimhir na líne buiséid

(3)

IOMLÁN leithreasuithe
i gcomhair ArdStiúrthóireacht <…….>

Gealltanais

=1+1a +3

Íocaíochtaí

=2+2a

+3






IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi Ceannteideal <….>
an chreata airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

Íocaíochtaí

=5+ 6

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

• IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

Íocaíochtaí

=5+ 6





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ArdStiúrthóireacht: <…….>

•Acmhainní daonna

•Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN ArdStiúrthóireacht <…….>

Leithreasuithe

IOMLÁN leithreasuithe
do CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 22

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

Íocaíochtaí

8.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 23

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 24

Aschur

Aschur

Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

COSTAS IOMLÁN

8.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

8.2.3.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 25

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 26
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo-iomlán
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá athimlonnaithe laistigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

8.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

•Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 27

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 yy  28

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a athimlonnófar laistigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

8.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

   Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

8.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamhmheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe



8.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

Ní bheidh aon thionchar aige ar bhuiséad an Aontais.

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

ar acmhainní dílse

ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 29

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

(1)

   Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle 'Treochlár um Aontas Baincéireachta', COM(2012) 510, 12.9.2012.

(2)

   Tuarascáil na gCúig Uachtarán an 22 Meitheamh 2015 dar teideal "Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a Chomhlánú" http://ec.europa.eu/priorities/economic-monetary-union/docs/5-presidents-report_en.pdf

(3)

   Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach maidir le bearta chun an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a chomhlánú, COM(2015) 600 final 21.10.2015.

(4)

   Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa IO L 287, 29.10.2013, lch. 63-89.

(5)

   Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 IO L 225, 30.7.2014, lch. 190.

(6)

   Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí, IO L 173, 12.6.2014, lch. 149-178.

(7) Méid na difríochta a íoc faoi Airteagal 75 de Threoir 2014/59/AE: glactar leis go mbaineann an riail sin, de réir analaí, le cásanna réitigh SRA faoi Airteagal 79 freisin.
(8) Tá graf le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin ina gcuirtear éabhlóid chistí SEÁT i gcomórtas le héabhlóid chistí an SRT rannpháirtigh, i gcás ina gcinneann an Ballstát agus an SRT rannpháirteach na bainc sin atá rannpháirteach sa scéim a chúiteamh as na ranníocaíochtaí exante arna níoc le SEÁT: http://ec.europa.eu/finance/general-policy/banking-union/europeandepositinsurance-scheme/index_en.htm
(9) IO C , , Lch. .
(10) IO C , , Lch. .
(11) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, Lch. 63).
(12) Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí (IO L 173, 12.6.2014, Lch. 149).
(13) Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch 1).
(14) ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí; ABB: Buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(15) Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(16) Tá mionsonraí na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
(17) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(18) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(19) Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(20) Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(21) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte 'BA') a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(22) Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(23) Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(24) Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'
(25) Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(26) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte 'BA') a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(27) CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(28) Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte 'BA').
(29) A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top