EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52015AG0012(02)

Ráiteas faoi chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 12/2015 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i Limistéar Chomhaontú CIGM (An Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir)

OJ C 326, 2.10.2015, p. 12–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

2.10.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C 326/12


Ráiteas faoi chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 12/2015 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i Limistéar Chomhaontú CIGM (An Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir)

(2015/C 326/02)

I.   RÉAMHRÁ

1.

Thíolaic an Coimisiún an togra thuasluaite an 11 Iúil 2014.

2.

Phléigh an Mheitheal um an mBeartas Inmheánach agus Seachtrach Iascaigh an togra idir an 18 Iúil 2014, agus an 8 Eanáir 2015, agus na tuairimí i scríbhinn ó na Ballstáit á gcur san áireamh acu freisin (1).

3.

Ghlac an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta a thuairim an 15 Deireadh Fómhair 2014 (2).

4.

Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh an 13 Eanáir 2015, lena ndearbhaítear na leasuithe a vótáil an Coiste um Iascach roimhe sin.

5.

Bunaithe ar shainordú a thug Coreper don Uachtaránacht an 21 Eanáir 2015, thionól na hinstitiúidí cruinnithe trípháirteacha an 2 Márta 2015 agus, bunaithe ar shainordú leasaithe, an 26 Márta 2015. Thacaigh Coreper an 8 Bealtaine 2015 leis an gcomhréiteach ar thángthas air an tráth sin (3). Ina dhiaidh sin, an 11 Bealtaine 2015, chuir an Cathaoirleach ar Choiste Pharlaimint na hEorpa um Iascach in iúl don Chomhairle go bhformheasfadh Parlaimint na hEorpa, gan leasuithe, ar an dara léamh uaithi, seasamh na Comhairle a ghlacfadh an Chomhairle i gcomhréir leis an gcomhaontú polaitiúil.

6.

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil an 19 Bealtaine 2015 maidir leis an téacs athbhreithnithe.

II.   CUSPÓIR

7.

Is é an aidhm atá leis an togra Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 a thabhairt cothrom le dáta, trí na hoibleagáidí a eascraíonn as bearta caomhnaithe agus bearta rialaithe a ghlac Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir (CIGM) idir 2011 agus 2014 a ionchorprú i ndlí an Aontais.

III.   ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

A.   Faisnéis Ghinearálta

8.

Thug an Chomhairle isteach leasuithe ar an togra a bhfuil sé mar aidhm leo, ar thaobh amháin, bearta caomhnaithe a chur chun feidhme ar bhealach atá chomh gar agus is féidir do na moltaí a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta. Is mian leis an gComhairle cothrom iomaíochta a áirithiú i mbeartas iascaigh na Meánmhara. Ar an lámh eile, tá sé mar aidhm go ndéanfar, leis na leasuithe, an chinnteoireacht tarmligthe a shimpliú agus a nuachóiriú.

9.

Vótáil Parlaimint na hEorpa 25 leasú inar tugadh aghaidh ar ábhair imní chomhchosúla. Maidir le cinnteoireacht tarmligthe, d'fhormheas an Pharlaimint an tarmligean cumhachta chuig an gCoimisiún, ach thug sí coimircí isteach do bhearta náisiúnta a rinneadh idir an dá linn chun na moltaí idirnáisiúnta a chomhlíonadh. D'athraigh an Chomhairle a seasamh chun freastal ar líon áirithe leasuithe de chuid na Parlaiminte ar an tsubstaint, agus d'athfhoirmligh sí forálacha nós imeachta maidir le cinnteoireacht tarmligthe d'fhonn teacht ar chomhréitigh.

B.   Rialacha don Mhuir Dhubh agus do Mhuir Aidriad

10.

Leasaigh an Chomhairle an toirmeasc ar an trálaeireacht chósta sa Mhuir Dhubh d'fhonn maoluithe sonracha a cheadú a mbeidh bonn cirt ag gabháil leo de bharr imthosca ar leith a liostaítear sa Mholadh ábhartha ón gCoimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir (CIGM). Rinne an Coimisiún grinnscrúdú ar mhaoluithe na mBallstát.

11.

Maidir leis na bearta cosanta le haghaidh speiceas peiligeach beag i Muir Aidriad, tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú faoi leasú teicniúil ar raon feidhme an bhirt.

C.   Coiréal dearg a shaothrú

12.

Thug an Chomhairle aird ar ábhar imní na Parlaiminte trí liostú a dhéanamh de na forálacha idirthréimhseacha éagsúla chun feithiclí cianrialaithe faoi uisce a chéimniú amach de réir a chéile. Maidir le maoluithe a chur i bhfeidhm, foráiltear do ghníomh tarmligthe sa togra leasaithe, ar gníomh é a fhorbrófar trí phróiseas maidir le réigiúnú, coincheap a tugadh isteach leis an athchóiriú ar an gComhbheartas Iascaigh. Ina theannta sin, rinneadh imní na Parlaiminte maidir le bearta náisiúnta a chosaint a léiriú trí shásra idirthréimhseach.

D.   Speicis muirí, nach bhfuiltear ag díriú orthu, a chosaint

13.

Bhí leasuithe na Comhairle ag teacht le leasuithe na Parlaiminte den chuid is mó. Tugtar roinnt gnéithe praiticiúla isteach leo maidir le speicis faoi chosaint a sheachaint agus maidir leis an gcaoi a gcaithfear leo má ghabhtar de thaisme iad.

E.   Taifeadadh agus Tuairisciú

14.

Le leasuithe na Comhairle, déantar idirdhealú idir an fhaisnéis íosta a bheidh le taifeadadh ag iascairí, agus faisnéis chomhiomlánaithe staidrimh a chuirfidh na Ballstáit ar fáil do CIGM.

IV.   CONCLÚID

15.

Agus a seasamh á bhunú aici, thug an Chomhairle aird iomlán ar an togra ón gCoimisiún agus ar an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh.


(1)  Doic. 12682/14 PECHE 392 CODEC 1743 + ADD 1 go ADD 8 agus 14123/4/14 PECHE 458 CODEC 1993 REV 4.

(2)  IO C 12, 15.1.2015, lch. 116.

(3)  Doic. 8180/15 PECHE 141 CODEC 564.


Top