EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52014PC0180

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla] agus lena n_x001e_aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle

/* COM/2014/0180 final - 2014/0100 (COD) */

52014PC0180

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla] agus lena n_x001e_aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle /* COM/2014/0180 final - 2014/0100 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1.        Forais agus cuspóirí an togra

Le deich mbliana anuas tá an margadh orgánach á fhorbairt go dinimiciúil i ngeall ar an éileamh a bheith ag dul i méid. Tá an margadh domhanda do bhia orgánach méadaithe faoi cheathair ó 1999. Tá an limistéar talún ar a ndéantar táirgeadh orgánach san Aontas Eorpach (an tAontas) tar éis dúbailt. Gach bliain tiontaítear 5 000 000 heictéar chun críche feirmeoireachta orgánaí. Níl an soláthar inmheánach ná an creat reachtach tar éis coimeád suas leis an bhfás sin ar an margadh, áfach. Ní thógann na rialacha táirgthe san áireamh go leordhóthanach na hathruithe ar imní agus ionchais an tomhaltóra agus an tsaoránaigh; tá na rialacha lipéadaithe casta; agus tá laigí sa chóras rialaithe agus sa chóras trádála tugtha faoi deara. Tá an reachtaíocht casta agus tá ualach mór riaracháin ag baint léi a stopann feirmeoirí beaga ó bheith mar bhall de scéim orgánach an Aontais. Is léir nach bhfuil call a thuilleadh le roinnt de na díolúintí ar a raibh gá leo ar dtús chun an earnáil a fhorbairt.

Tá sé mar aidhm ag an togra an reachtaíocht maidir le táirgeadh orgánach a fheabhsú agus na cuspóirí seo a leanas aige:

(1) deireadh a chur le bacainní ar fhorbairt inbhuanaithe táirgthe orgánaigh san Aontas,

(2) iomaíocht chóir d'fheirmeoirí agus d'oibreoirí a ráthú agus ligean don mhargadh inmheánach feidhmiú i mbealach níos éifeachtúla,

(3) muinín na dtomhaltóirí as táirgí orgánacha a choimeád nó a fheabhsú.

1.2.        Comhthéacs ginearálta

Agus Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha á nglacadh[1], leag an Chomhairle amach sraith saincheisteanna agus cuireadh de cheangal ar an gCoimisiún tuarascáil orthu sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an taithí a fuarthas as cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 834/2007.

Ghlac an Chomhairle conclúidí ar thuarascáil an Choimisiúin[2] ag a cruinniú ar Thalmhaíocht agus Iascach an 13‑14 Bealtaine 2013[3] agus d'iarr siad ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún earnáil an táirgthe orgánaigh a fhorbairt ar leibhéal uaillmhianach tríd an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair a athbhreithniú, chun inúsáidteacht an chreata a fheabhsú agus tréimhse cobhsaíochta agus cinnteachta a sholáthar, tuilleadh soiléirithe agus simplithe a sholáthar, agus chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna atá fós gan réiteach agus a éilíonn tuilleadh forbartha.

Tá an t‑athbhreithniú ar an reachtaíocht maidir le táirgeadh orgánach mar chuid de Chlár an Choimisiúin um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála[4].

Leis an athbhreithniú cuirtear deis ar fáil cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle a ailíniú leis an idirdhealú idir cumhachtaí tarmligthe agus cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin a tugadh isteach le hAirteagal 290 agus Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

1.3.        Forálacha atá ann cheana sa réimse seo

Glacadh an chéad phíosa de reachtaíocht Aontais maidir le táirgeadh orgánach in 1991. I Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 ón gComhairle tugadh sainmhíniú dlíthiúil ar tháirgeadh orgánach trí bhíthin rialacha táirgthe, agus leagadh amach ceanglais rialaithe agus lipéadaithe agus rialacha maidir le hallmhairiú táirgí orgánacha. Ba bhunús é sin chun tomhaltóirí agus táirgeoirí orgánacha a chosaint in aghaidh dearbhuithe orgánacha bréagacha agus míthreoracha.

Rinneadh athbhreithniú ar an reachtaíocht sin le glacadh Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle i Meitheamh 2007, agus rinneadh na rudaí seo a leanas go háirithe:

– tugadh sainmhíniú breise ar tháirgeadh orgánach trí na cuspóirí agus na prionsabail a bhaineann leis a thuairisciú,

– rinneadh comhchuibhiú níos fearr ar na rialacha maidir le táirgeadh orgánach laistigh den Aontas, trí dheireadh a chur le rialacha náisiúnta do tháirgí ainmhithe,

– tugadh isteach go bhféadfaí eisceachtaí a dhéanamh ó na rialacha atá faoi fhreagracht na mBallstát ach teorainneacha diana a bheith i bhfeidhm agus tréimhse teoranta ama a bheith i gceist,

– nascadh an córas rialaithe orgánaigh leis an córas rialaithe bia agus beatha oifigiúil dá bhforáiltear le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004[5] agus rinneadh éigeantach é creidiúnú a bheith ag comhlachtaí rialaithe príobháideacha,

– rinneadh athstruchtúrú ar an gcóras allmhairiúcháin: i dteannta an aitheantais do thríú tíortha chun críche coibhéise, aithníonn an tAontas Eorpach comhlachtaí rialaithe atá gníomhach i dtríú tíortha chun críche coibhéise nó comhlíonta. Fuarthas réidh leis an gcóras a bhí ann roimhe sin inar dheonaigh na Ballstáit údaruithe aonair coinsíneacht ar choinsíneacht ón Rialachán bunúsach agus tá sé á chéimniú amach anois.

1.4.        Comhsheasmhacht le beartais eile

Saothraíonn an tionscnamh seo na cuspóirí atá sa Teachtaireacht maidir le Rialáil Chliste san Aontas Eorpach. Is é ceann de chuspóirí an athbhreithnithe an t‑ualach reachtach a shimpliú.

Tá sé i gcomhréir le creat ginearálta na straitéise Eoraip 2020 go háirithe maidir leis an tosaíocht fás inbhuanaithe a dhéanamh agus maidir le geilleagar atá níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní, níos glaise agus níos iomaíche a chur chun cinn.

Tá sé i gcomhréir leis an athchóiriú ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT), faoina múnlaítear an creat foriomlán le haghaidh fhorbairt na talamhaíochta san Aontas don tréimhse 2014-2020[6]. Dírítear leis na forálacha nua ar iomaíochas inbhuanaithe chun earnáil táirgthe bia atá inmharthana ó thaobh an gheilleagair de a bhaint amach, in éineacht le bainistiú inbhuanaithe ar achmhainní nádúrtha talamh‑bhunaithe an Aontais, agus tá táirgeadh orgánach sainaitheanta mar phríomhghné den earnáil.

Cuireann an togra an Comhbheartas Iascaigh nua maidir le dobharshaothrú san áireamh, a bhfuil príomhról aige slándáil bia fhadtéarmach inbhuanaithe a áirithiú chomh maith le fás agus fostaíocht, agus brú a laghdú ar stoic iasc fiáin, i gcomhthéacs an éilimh mhéadaithigh dhomhanda ar bhia uisceach.

Tá sé i gcomhréir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialacháin nua ón gComhairle agus ón bParlaimint maidir le rialuithe oifigiúla[7], a bhfuil mar aidhm aige an cur chuige comhtháite a chomhdhlúthú i ngach réimse a bhaineann leis an mbiashlabhra tríd an gcreat reachtach ina iomláine a chuíchóiriú agus a shimpliú, agus cuspóir an rialaithe níos fearr á shaothrú ag an am céanna. Go háirithe, ailínítear nó/agus soiléirítear sainmhínithe mar is iomchuí, agus beartaítear na forálacha rialaithe riachtanacha sonracha a chomhtháthú leis an gcreat aonair reachtach le haghaidh rialuithe oifigiúla.

Ar deireadh, tá an scéim táirgthe orgánaigh mar chuid de scéimeanna cáilíochta an Aontais do tháirgí talmhaíochta, mar aon le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, agus táirgí ó na réigiúin is forimeallaí agus ó limistéir sléibhe an AE mar a shonraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, agus chuig Coiste na Réigiún maidir le beartas cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus mar atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta[8].

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

2.1.        Comhairliúcháin

Rinneadh anailís chuimsitheach ar an gcás mar atá faoi láthair ar bhonn na faisnéise a bailíodh i rith sraithe éisteachtaí le páirtithe leasmhara ar thug an Coimisiún cuireadh chucu do níos mó ná 70 saineolaí agus acadóir chun plé iomlán a dhéanamh ar na dúshláin atá roimh an earnáil orgánach faoi láthair agus na dúshláin a bheidh roimpi amach anseo.

Sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí ar líne ag tús 2013. Cuireadh thart ar 45 000 freagra ar an gceistneoir isteach agus fuarthas beagnach 1 400 freagra deonach eile. Ba shaoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh a chuir tromlach na bhfreagairtí (96 %) isteach agus ba pháirtithe leasmhara a chuir na 4 % eile isteach.

Ina theannta sin, cuireadh páirtithe leasmhara na hearnála ar an eolas agus chuathas i gcomhairle leo maidir leis an athbhreithniú ag roinnt cruinnithe de chuid an Ghrúpa Chomhairligh maidir le Feirmeoireacht Orgánach.

Ós rud é gur údaráis inniúla iad na Ballstáit atá i gceannas ar an reachtaíocht a chur chun feidhme, coimeádadh ar an eolas iad agus chuathas i gcomhairle leo maidir le gnéithe teicniúla an athbhreithnithe.

2.2.        Príomhthoradh an chomhairliúcháin

Ba shaincheisteanna comhshaoil agus cáilíochta ba mhó a bhí ag déanamh imní d'fhreagróirí an chomhairliúcháin phoiblí. Ba mhaith leo go neartófaí na rialacha orgánacha Eorpacha agus tá aonfhoirmeacht uathu maidir le rialacha orgánacha d'fheirmeoirí agus d'oibreoirí ar fud an Aontais. Dá bhrí sin tá an tromlach i bhfabhar deireadh a chur leis na heisceachtaí ó na rialacha. Chuir na freagróirí in iúl go bhfuil ionchais arda acu maidir le hiarmhair táirgí agus substaintí nach bhfuil údaraithe lena n‑úsáid i dtáirgeadh orgánach. Cuireadh lógó orgánach an Aontais Eorpaigh ar chomhchéim leis na lógónna náisiúnta mar bhealach chun táirgí orgánacha a aithint. Tá muinín ag tromlach na saoránach agus na bpáirtithe leasmhara as an gcóras rialaithe orgánaigh ach tá siad den tuairim go bhféadfaí é a fheabhsú, go háirithe trí dheimhniú leictreonach a thabhairt isteach. Chomh maith leis sin, tá siad i bhfabhar grúpdheimhniú d'fheirmeoirí beaga.

Aithnítear go forleathan san earnáil orgánach go bhfuil gá ann an reachtaíocht maidir le táirgeadh orgánach a fheabhsú. Tá comhaontú ginearálta ann freisin gur cheart cloí go dlúth le prionsabail agus le cuspóirí an táirgthe orgánaigh agus gur cheart deireadh a chur le heisceachtaí ó na rialacha.

2.3.        Measúnú tionchair

Seo thíos an chomparáid a rinneadh sa mheasúnú tionchair idir na trí chás mhalartacha beartais:

– An status quo feabhsaithe, bunaithe ar fheabhsaithe a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair agus an reachtaíocht sin a fhorfheidhmiú níos fearr.

– An rogha atá faoi thionchar an mhargaidh, a bhfuil mar aidhm aici foráil a dhéanamh maidir leis na coinníollacha a bhfuil gá leo chun freagairt dhinimiciúil a thabhairt ar thuilleadh forbairtí sa mhargadh le rialacha atá níos solúbtha. Chomhtháthófaí rialacha eisceachtúla seanbhunaithe leis na rialacha táirgthe.

– An rogha atá faoi thionchar prionsabail, a bhfuil mar aidhm aige táirgeadh orgánach a athdhíriú ar a chuid prionsabal, a bheadh léirithe níos fearr sna rialacha táirgthe. Chuirfí deireadh le rialacha eisceachtúla.

Rinneadh measúnú ar na trí rogha ó thaobh a gcumas cuspóirí CBT 2020 a bhaint amach, mar aon le cuspóirí beartais sonracha agus cuspóirí oibríochtúla an athbhreithnithe a bhaint amach, agus ó thaobh éifeachtúlacht agus éifeachtacht na roghanna de. Feidhmíonn an rogha atá faoi thionchar prionsabail níos fearr de réir gach critéar ar a ndearnadh meastóireacht, sa dara háit tá an rogha atá faoi thionchar an mhargaidh agus ar deireadh an status quo feabhsaithe.

Seo a leanas na torthaí a mheastar a bheidh ag an rogha atá faoi thionchar prionsabail:

– Meastar go dtacóidh dearcadh margaidh dearfach le praghsanna táirgí orgánacha agus le daoine nua a mhealladh, de bharr muiníne feabhsaithe na dtomhaltóirí,

– Trí dheireadh a chur le heisceachtaí ó na rialacha, ba cheart go gcuirfí le forbairt ionchur orgánach, go háirithe síolta,

– Earnáil níos tarraingtí a bheidh ann a bhuí le rialacha táirgthe níos soiléire agus níos simplí,

– Beidh iomaíocht níos córa ann de bharr comhchuibhiú níos láidre agus rialacha níos simplí agus níos soiléire a bheith ann agus tríd an mbogadh ó choibhéis go comhlíonadh le haghaidh comhlachtaí rialaithe i dtríú tíortha a aithint,

– Rachaidh muinín na dtomhaltóirí i méid a bhuí le córas rialaithe feabhsaithe agus le rialacha táirgthe comhchuibhithe lena dtabharfar aird ar ábhair imní shochaíocha atá ag athrú (córas bainistíochta comhshaoil le haghaidh próiseálaithe agus trádálaithe, leas ainmhithe),

– Meastar go bhfágfaidh cur chuige rioscabhunaithe go dtiocfaidh feabhas ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na rialuithe agus go rannchuideoidh siad, in éineacht le córas allmhairiúcháin níos iontaofa, leis an gcalaois a chosc,

– Cuirfear béim ar na dea‑thionchair ar an gcomhshaol a bhaineann le táirgeadh orgánach trí dheireadh a chur le rialacha eisceachtúla,

– Feabhsófar coinníollacha leasa ainmhithe trí dheireadh a chur le heisceachtaí.

Baineadh de thátal as an measúnú tionchair gurbh í rogha na tosaíochta an rogha atá faoi thionchar prionsabail, mar aon leis na feabhsaithe atá molta faoi rogha an status quo feabhsaithe agus roinnt foroghanna san áireamh.

Tá aird ar leith tugtha ar an simpliú i rith an phróisis ar fad. Déanfaidh rogha na tosaíochta:

– soiléiriú ar na forálacha maidir le raon feidhme, rialacha táirgthe, lipéadú agus rialuithe,

– gheobhaidh sé réidh le forálacha mí‑éifeachtacha,

– cuirfidh sé teorainn le cumas na mBallstát eisceachtaí ó na rialacha a dheonú,

– simpliú ar an gcóras allmhairiúcháin,

– simpliú ar na ceanglais ar fheirmeoirí beaga, go háirithe ós rud é go dtabharfar grúpdheimhniú isteach.

Maidir le costais riaracháin, leis an togra seo bainfear 37 den 135 oibleagáid faisnéise atá ar oibreoirí orgánacha agus lucht riaracháin orgánach cheana.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

3.1.        Achoimre ar an ngníomh atá beartaithe

Ní mór go leanfar de bheith ag cloí i dtáirgeadh orgánach le tacar prionsabal a léiríonn go mion ionchais na dtomhaltóirí.

Cuirtear na rialacha sonracha táirgthe go léir ar fáil le chéile in Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán atá beartaithe, rud a thugann aghaidh ar fhadhb na hinléiteachta.

Neartaítear agus comhchuibhítear rialacha táirgthe trí eisceachtaí a bhaint amach, ach amháin i gcás ina bhfuil gá le bearta sealadacha ionas go bhféadfar leanúint de tháirgeadh orgánach nó tosú arís i gcás imthosca turraingeacha. Caithfear bainistiú a dhéanamh ar ghabháltais talmhaíochta orgánacha i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le táirgeadh orgánach agus ní cheadófar, i bprionsabal, an tréimhse aistrithe a aithint go cúlghabhálach níos mó. Ní cheadófar ach comhábhair thalmhaíochta orgánacha a úsáid i gcomhdhéanamh táirgí próiseáilte orgánacha. Seachas micrifhiontair, tá ceangal ar oibreoirí orgánacha, cé is moite d'fheirmeoirí nó d'oibreoirí a tháirgeann feamainn nó ainmhithe dobharshaothraithe, córas a fhorbairt chun a bhfeidhmíocht comhshaoil a fheabhsú.

Feabhsaítear an córas rialaithe trí gach foráil a bhaineann le rialú a chomhtháthú i dtéacs aonair reachtach faoin togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialacháin maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile maidir le bia agus beatha. Mar sin, ní bheidh ar oibreoirí, údaráis inniúla, údaráis rialaithe ná ar chomhlachtaí rialaithe brath a thuilleadh ar dhá théacs reachtacha éagsúla le haghaidh na bhforálacha maidir le rialuithe.

Feabhsaítear inrialaitheacht trí shoiléiriú, trí shimpliú agus trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar na rialacha táirgthe agus trí shraith eisceachtaí féideartha ó na rialacha a bhaint.

Tá sé d'aidhm leis an togra díchur a dhéanamh ar an bhféidearthacht cineálacha áirithe miondíoltóirí a dhíolmhú, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, eisceacht a bhfuil léirmhínithe agus cleachtais éagsúla ar fud na mBallstát mar thoradh uirthi agus atá tar éis bainistiú, maoirseacht agus an rialú a dhéanamh níos deacra.

Treisítear an cur chuige rioscabhunaithe i ndáil le rialuithe oifigiúla tríd an gceanglas go gcuirfear gach oibreoir faoi réir fíorú éigeantach bliantúil ar chomhlíonadh, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, a bhaint amach. Sa dóigh sin beifear in ann minicíocht na rialuithe a oiriúnú, trí ghníomhartha tarmligthe atá le glacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XX/XXX (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla), ionas go bhféadfaí níos lú cigireachtaí fisiciúla bliantúla a dhéanamh ar oibreoirí a bhfuil próifíl íseal riosca acu, agus díriú níos géire a dhéanamh ar oibreoirí a bhfuil próifíl riosca níos airde acu. Mar sin de, beidh cothromaíocht níos córa maidir le brú rialaithe ar na hoibreoirí, le hualach laghdaithe ar na hoibreoirí a bhfuil cuntas teiste cruthaithe acu na rialacha a chomhlíonadh, agus beidh úsáid acmhainní níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla ó thaobh na n‑údarás inniúil, na n‑údarás rialaithe agus na gcomhlachtaí rialaithe de.

Tugtar forálacha sonracha isteach chun trédhearcacht a mhéadú i ndáil le táillí a d'fhéadfaí a bhailiú le haghaidh na rialuithe, agus treisítear na forálacha maidir le foilsiú oibreoirí chomh maith le foilsiú faisnéise ar a stádas deimhniúcháin.

Tugtar córas grúpdheimhnithe isteach d'fheirmeoirí beaga san Aontas d'fhonn na costais chigireachta agus deimhniúcháin agus an t‑ualach riaracháin a bhaineann leo a laghdú, gréasáin áitiúla a neartú, asraonta margaidh níos fearr a chruthú agus d'fhonn cothrom iomaíochta a áirithiú le hoibreoirí i dtríú tíortha.

Tugtar forálacha sonracha isteach chun inrianaitheacht a fheabhsú agus calaois a chosc: ní fhéadfar oibreoirí a chur faoi rialú údarás rialaithe éagsúil nó comhlachtaí rialaithe éagsúla le haghaidh na ngrúpaí táirgí céanna ag céimeanna éagsúla den slabhra orgánach.

Tugtar forálacha sonracha isteach freisin chun comhchuibhiú a dhéanamh nuair is gá beart a dhéanamh i gcás ina mbraitear táirgí nó substaintí neamhúdaraithe. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh cásanna a bheith ann ina bhfuil cosc ar fheirmeoirí a gcuid táirgí a mhargú mar tháirgí orgánacha mar gheall ar tháirgí nó substaintí neamhbheartaithe a bheith iontu. Féadfaidh an Coimisiún na Ballstáit a údarú íocaíochtaí náisiúnta a thabhairt chun na caillteanais a thabhaítear i gcásanna mar sin a chúiteamh. Anuas air sin, féadfaidh na Ballstáit ionstraimí an Chomhbheartais Talmhaíochta a úsáid chun na caillteanais sin a chumhdach go hiomlán nó go páirteach.

Ar deireadh, agus gan dochar don chinneadh ar smachtbhannaí atá faoi inniúlacht na mBallstát, leagtar amach leis an togra na bearta atá le déanamh ar fud an Aontais i ndáil leis na catagóirí leathana céanna neamhchomhlíonta ionas go n‑áiritheofar cothrom iomaíochta sa tslí ina ndéileáiltear le hoibreoirí, feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus cothabháil muinín tomhaltóirí.

Oiriúnaítear an córas trádála chun cothrom iomaíochta a fheabhsú le haghaidh oibreoirí orgánacha san Aontas Eorpach agus i dTríú Tíortha agus chun muinín na dtomhaltóirí a áirithiú níos fearr. Tá an fhéidearthacht ann fós comhaontuithe coibhéise a dhéanamh le Tríú Tíortha ach déanfar an córas coibhéise aontaobhaí a chéimniú amach. Beartaítear aithint comhlachtaí rialaithe a aistriú diaidh ar ndiaidh go córas comhlíonta.

3.2.        Bunús Dlí

An chéad mhír d’Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

3.3.        Prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta

Leis an togra déantar athbhreithniú ar scéim cáilíochta atá ann cheana faoi chuimsiú an CBT. Ceisteanna a bhaineann le hinniúlacht an Aontais arna roinnt leis na Ballstáit is ea iad táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta agus bia-earraí ar mhargadh an Aontais Eorpaigh agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh maidir le táirgí orgánacha a áirithiú.

Mar chuid den CBT iomlán, chun forbairt rianúil an mhargaidh aonair a áirithiú, tá scéim orgánach uile-Aontais níos éifeachtúla ná 28 scéim éagsúil. Ina theannta sin, fágann sé go mbeidh beartas trádála níos láidre agus níos comhsheasmhaí ann maidir le comhpháirtithe trádála domhanda, go háirithe trí chumhacht margála an Aontais a fheabhsú.

Is é an toradh a bheidh ar an togra, tuilleadh comhchuibhithe sna réimsí seo a leanas:

–          Laghdaítear an fhéidearthacht atá ag na Ballstáit faoi láthair eisceachtaí ó na rialacha a dheonú, ar eisceachtaí iad a chruthaíonn iomaíocht mhíchothrom i measc oibreoirí, an baol go gcaillfí muinín na dtomhaltóirí, castacht sa reachtaíocht agus fadhbanna trádála (deacrachtaí maidir le comhlíonadh a fhorfheidhmiú).

–          Toisc go bhféadfadh sé go mbeadh freagairtí éagsúla ar neamhchomhlíonadh reachtaíocht orgánach an AE ó Bhallstát go Ballstát, is saincheist í a bhfuil iomaíocht mhíchothrom agus feidhmiú neamhéifeachtach an mhargaidh aonair mar thoradh air.

3.4.        Rogha na n‑ionstraimí

Is rialachán í an ionstraim atá beartaithe, mar gur cruthaíodh leis na forálacha atá ann cheana go soláthraítear creat iomchuí do na Ballstáit; ní bheadh aon chineál birt eile iomchuí. Leagfaí síos rialacha níos solúbtha le treoir, rud a d'fhéadfadh iomaíocht mhíchothrom i measc oibreoirí a bheith mar thoradh air, agus d'fhéadfadh sé go gcuirfí mearbhall agus dallamullóg ar na tomhaltóirí. Soláthraítear le rialachán cur chuige comhsheasmhach atá le leanúint ag na Ballstáit agus laghdaítear an t‑ualach riaracháin toisc go bhfuil sé de cheangal ar oibreoirí tacar amháin rialacha a chomhlíonadh. Meastar nach leor ionstraimí na reachtaíochta boige, amhail treoirlínte, chun dul i ngleic le héagsúlachtaí i léirmhíniú agus i gcur chun feidhme na rialacha agus mar gheall ar an gcomhthéacs idirnáisiúnta.

4.           IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Leithdháiltear buiséad leis an togra le haghaidh beart cúnaimh theicniúil. Tá mionsonraí na n‑impleachtaí buiséadacha sa ráiteas airgeadais reachtach.

5.           EILIMINTÍ ROGHNACHA: SIMPLIÚ

Déantar foráil sa togra maidir le simpliú agus soiléiriú agus líontar roinnt bearnaí sa reachtaíocht. Is é atá i gceist 37 den 135 oibleagáid atá ann faoi láthair sa reachtaíocht maidir le feirmeoireacht orgánach a bhaint amach. Beidh an togra ina chúis le laghdú suntasach ar an ualach riaracháin. Dréachtófar gníomhartha tarmligthe a eascraíonn as an togra i gcomhréir leis na prionsabail céanna.

Maidir le rialacha táirgthe, soláthraítear leis an togra mórshimpliú d'oibreoirí agus d'údaráis náisiúnta, agus cuirtear teorainn le cumas na mBallstát eisceachtaí ó na rialacha a dheonú. Baintear roinnt forálacha neamhéifeachtacha amach, go háirithe trí threisiú ar an gcur chuige rioscabhunaithe maidir le rialuithe oifigiúla. Maidir le hallmhairiú, beidh sé níos éasca ar na táirgeoirí, ar na comhlachtaí rialaithe agus ar an gCoimisiún bainistiú a dhéanamh ar an gcóras comhlíonta do chomhlachtaí rialaithe.

Beidh simpliú suntasach ann d'fheirmeoirí beaga trí ghrúpdheimhniú a thabhairt isteach faoina mbeidh na ceanglais maidir le cigireacht agus coimeád taifead níos comhréirí.

Tá sé beartaithe leis an togra an reachtaíocht a dhéanamh níos soláimhsithe. Go háirithe, cé go bhfuil na rialacha táirgthe ginearálta fós i dtéacs an Rialacháin, cuimsítear na rialacha sonracha maidir le táirgeadh orgánach in Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán.

6.           AILÍNIÚ:

In 2010, ghlac an Coimisiún COM(2010) 759 chun Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle a ailíniú le Conradh Liospóin. Tar éis plé mionsonraithe in idirphlé trípháirteach in 2011 agus in 2012 cuireadh an togra ailínithe ina stad. Ionchorpraíonn an togra reatha na heilimintí is gá den togra ailínithe, lena n‑áirítear struchtúr forálacha dlí i ngníomh bunúsach, gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme. Tarraingeofar siar COM(2010) 759 mar sin toisc é a bheith imithe i léig.

2014/0100 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla] agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[9],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[10],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Córas foriomlán bainistíochta feirme agus táirgthe bia is ea táirgeadh orgánach, faoina gcuimsítear dea-chleachtais chomhshaoil agus aeráide, ardleibhéal bithéagsúlachta, caomhnú acmhainní nádúrtha, cur i bhfeidhm ardchaighdeán leasa ainmhithe agus ardchaighdeán táirgthe, i gcomhréir leis an éileamh atá ag líon méadaitheach tomhaltóirí ar tháirgí a tháirgtear ag úsáid substaintí agus próisis nádúrtha. Mar sin, imríonn táirgeadh orgánach dhá phríomhthionchar ar an tsochaí: ar thaobh amháin, freastalaíonn an táirgeadh sin ar mhargadh ar leith mar fhreagairt ar éileamh tomhaltais ar tháirgí orgánacha, agus, ar an taobh eile, cuireann sé earraí ar fáil don phobal ar earraí iad a chuidíonn an comhshaol agus leas ainmhithe a chosaint, agus a chuidíonn freisin le forbairt tuaithe.

(2)       Is trí ardchaighdeáin sláinte, chomhshaoil agus leasa ainmhithe a urramú agus táirgí orgánacha á dtáirgeadh a áirithítear ardcháilíocht na dtáirgí sin. Mar a cuireadh in iúl go láidir sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún maidir le beartas cáilíochta do tháirgí talmhaíochta[11], is cuid thábhachtach de scéimeanna cáilíochta an Aontais do tháirgí talmhaíochta é táirgeadh orgánach, in éineacht le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus táirgí ó na réigiúin is forimeallaí den Aontas, mar atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[12] agus i Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[13], faoi seach. Dá réir sin, tá na cuspóirí céanna á saothrú ag táirgeadh orgánach, faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta ('CBT'), agus atá á saothrú faoi scéimeanna cáilíochta uile an Aontais do tháirgí talmhaíochta.

(3)       Go sonrach, tá cuspóirí an bheartais maidir le táirgeadh orgánach de dhlúth agus d'inneach i gcuspóirí an CBT ós rud é go n‑áirithítear go bhfaigheann feirmeoirí luach cothrom as na rialacha maidir le táirgeadh orgánach a chomhlíonadh. Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil an t‑éileamh tomhaltais ar tháirgí orgánacha ag dul i méid, tá dálaí á gcruthú faoina bhféadfaí tuilleadh forbartha agus méadaithe a dhéanamh ar mhargadh na dtáirgí sin agus, ar an dóigh sin, fáltas na bhfeirmeoirí atá i mbun táirgthe orgánaigh a mhéadú.

(4)       Lena chois sin, córas is ea táirgeadh orgánach a chuidíonn ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a chomhtháthú sa CBT agus tacaíonn sé le táirgeadh talmhaíochta inbhuanaithe. Is ar an ábhar sin a tugadh isteach bearta chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do tháirgeadh orgánach faoin CBT, mar shampla bearta a tugadh isteach le déanaí faoi Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[14], agus a neartaíodh go háirithe san athchóiriú a rinneadh le déanaí ar an gcreat dlíthiúil le haghaidh an bheartais forbartha tuaithe mar atá bunaithe i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[15].

(5)       Cuidíonn táirgeadh orgánach freisin cuspóirí beartais chomhshaoil an Aontais a bhaint amach, go háirithe na cuspóirí sin i Straitéis Bithéagsúlachta 2020[16], sa Teachtaireacht maidir le Bonneagar Glas[17], sa Straitéis Théamach Ithreach[18] agus i reachtaíocht chomhshaoil amhail an Treoir maidir le héin[19] agus an Treoir maidir le gnáthóga[20], an Treoir maidir le níotráití[21], an Chreat‑treoir Uisce[22], an Treoir um Uasteorainneacha Astaíochta Náisiúnta[23] agus an Treoir maidir le úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí[24].

(6)       I bhfianaise chuspóirí bheartas an Aontais maidir le táirgeadh orgánach, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gcreat dlíthiúil a bunaíodh chun an beartas a chur chun feidhme iomaíocht chothrom agus oibriú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú i dtaca le táirgí orgánacha, agus muinín na dtomhaltóirí as táirgí atá lipéadaithe mar tháirgí orgánacha a chaomhnú agus údar cuí a thabhairt din mhuinín sin. Ba cheart é a bheith mar aidhm aige freisin dálaí a chruthú faoina bhféadfaidh an beartas dul chun cinn a dhéanamh i gcomhréir le forbairtí táirgthe agus margaidh.

(7)       Ar na tosaíochtaí beartais d’Eoraip 2020 a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal "Eoraip 2020: Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach"[25], tá geilleagar iomaíoch a bhaint amach bunaithe ar eolas agus ar nuálaíocht, geilleagar ardfhostaíochta a chothú trína dtarlaíonn comhtháthú sóisialta agus críochach, agus tacú leis an aistriú i dtreo geilleagair ísealcharbóin atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní de. Ba cheart don bheartas maidir le táirgeadh orgánach na huirlisí iomchuí a chur ar fáil d'oibreoirí le go bhféadfaidh siad a dtáirgí a shainaithint agus a chur chun cinn ar bhealach níos fearr agus na táirgí sin a chosaint ó chleachtais mhíchothroma ag an am céanna.

(8)       Ag féachaint d'fhorbairt dhinimiciúil na hearnála orgánaí, sainaithníodh i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle[26] an gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar rialacha an Aontais maidir le táirgeadh orgánach, ag cur san áireamh an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm na rialacha sin. Is léir ó thorthaí an athbhreithnithe sin a rinne an Coimisiún gur cheart creat dlíthiúil an Aontais faoina rialaítear táirgeadh orgánach a fheabhsú chun foráil a dhéanamh maidir le rialacha a fhreagraíonn d'ionchais arda tomhaltóirí agus a ráthaíonn soiléireacht leordhóthanach dóibh siúd ar a bhfuil na rialacha dírithe. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 a aisghairm agus Rialachán nua a chur ina ionad.

(9)       Is léir ón taithí a fuarthas go dtí seo ag cur Rialachán (CE) Uimh.834/2007 i bhfeidhm gur gá a shoiléiriú cad iad na táirgí a mbeidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leo. Ba cheart a áireamh, go príomha, na táirgí talmhaíochta, lena n‑áirítear táirgí dobharshaothraithe, a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ('an Conradh'). Ina theannta sin, ba cheart táirgí talmhaíochta próiseáilte a áireamh atá le húsáid mar bhia nó mar bheatha ós rud é gur mór an t‑asraon do tháirgí talmhaíochta é táirgí den sórt sin a chur ar an margadh mar tháirgí orgánacha agus áirithítear leis gur léir don tomhaltóir gur próiseáladh an bia nó an beatha sin ó tháirgí talmhaíochta de chineál orgánach. Mar an gcéanna, ba cheart a chumhdach faoin Rialachán seo táirgí áirithe eile a bhfuil dlúthbhaint acu le táirgí talmhaíochta, mar atá ag táirgí talmhaíochta próiseáilte, mar gur mór an t‑asraon iad na táirgí eile sin do tháirgí talmhaíochta nó gur cuid lárnach den phróiseas táirgthe iad. Ar deireadh, ba cheart salann sáile a áireamh faoi raon feidhme an Rialacháin seo mar go dtáirgtear é trí fheidhmiú teicnící táirgthe nádúrtha agus ós rud é go gcuireann táirgeadh salainn sáile le forbairt ceantar tuaithe, agus mar sin de tagann sé faoi raon feidhme chuspóirí an Rialacháin seo. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart na táirgí eile sin, nach liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, a liostú in Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(10)     Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(11)     Chun modhanna táirgthe nua nó ábhair nua nó gealltanais idirnáisiúnta a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú a dhéanamh ar an liosta de tháirgí eile a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Níor cheart ach táirgí a bhfuil dlúthbhaint acu le táirgí talmhaíochta bheith incháilithe lena n‑áireamh ar an liosta sin.

(12)     Ós rud é gur oibríochtaí de chineál áitiúil iad oibríochtaí oll-lónadóireachta, meastar gur leor na bearta a dhéanann Ballstáit agus scéimeanna príobháideacha sa réimse sin chun dea-fheidhmiú an mhargaidh aonair a áirithiú. Dá bhrí sin, níor cheart bia a ullmhaíonn oll-lónadóirí ina n‑áitreabh féin bheith faoi réir an Rialacháin seo. Sa dóigh chéanna, níor cheart a chumhdach faoin Rialachán seo táirgí ó fhiach agus iascaireacht ainmhithe fiáine, mar nach féidir an próiseas táirgthe a rialú go hiomlán.

(13)     Léiríonn tionscadail taighde a rinneadh go bhfuil muinín na dtomhaltóirí ríthábhachtach i margadh an bhia orgánaigh. San fhadtéarma, féadfaidh rialacha neamhiontaofa muinín an phobail a chur i mbaol agus féadfaidh cliseadh margaidh a bheith mar thoradh air sin. Dá bhrí sin, ba cheart forbairt inbhuanaithe táirgthe orgánaigh san Aontas a bhunú ar rialacha fónta táirgthe atá comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais. Sa bhreis air sin, ba cheart do na rialacha táirgthe sin freagairt d'ionchais oibreoirí agus tomhaltóirí maidir le cáilíocht táirgí orgánacha agus comhlíonadh na bprionsabal agus na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

(14)     Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo gan dochar do reachtaíocht eile lena mbaineann, amhail reachtaíocht maidir le sábháilteacht an tslabhra bia, sláinte agus leas ainmhithe, folláine plandaí, ábhar atáirgthe plandaí, lipéadú agus an comhshaol. Go sonrach, i gcás údarú táirgí agus substaintí a d'fhéadfaidh a úsáid chun táirgí orgánacha a tháirgeadh, is tábhachtach a rá nach mór na táirgí agus substaintí sin a údarú ar leibhéal an Aontais ar dtús. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo gan dochar d'fhorálacha sonracha eile de chuid an Aontais a bhaineann le húdarú na dtáirgí agus substaintí sin agus lena gcur ar an margadh.

(15)     Ar bhonn prionsabail, ba cheart a áireamh i rialacha ginearálta táirgthe an Rialacháin seo go mbeidh cosc ar úsáid radaíochta ianúcháin, ar úsáid orgánach géinmhodhnaithe (OGManna) agus ar úsáid táirgí a tháirgtear ó OGManna nó trí OGManna a úsáid. Ós rud é go bhfuil tomhaltóirí ag éirí níos imníche faoin tionchar atá ag próiseáil agus iompar bia ar an gcomhshaol, ba cheart a chur de cheangal ar oibreoirí orgánacha, seachas feirmeoirí agus oibreoirí a tháirgeann feamainn nó ainmhithe dobharshaothraithe, a bhfeidhmíocht chomhshaoil a bhainistiú de réir córais chomhchuibhithe. Chun an t‑ualach reachtach a uaslaghdú i gcás micrifhiontar a bhfuil baint acu le táirgeadh orgánach, ar micrifhiontair iad atá sainmhínithe i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún[27], is iomchuí iad a dhíolmhú ón gceanglas sin. Chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go cuí na rialacha ginearálta táirgthe, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le bunú na gcritéar dá bhfreagróidh an córas bainistithe comhshaoil.

(16)     Meastar gur mó an baol nach gcomhlíonfar na rialacha maidir le táirgeadh orgánach i ngabháltais talmhaíochta ina bhfuil aonaid nach bhfuil á mbainistiú faoi na rialacha maidir le táirgeadh orgánach. Dá bhrí sin, tar éis tréimhse tiontaithe iomchuí, ba cheart gach gabháltas talmhaíochta san Aontas atá ag iarraidh a bheith ina ghabháltas orgánach bheith á mbainistiú go huile is go hiomlán i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le táirgeadh orgánach. Ba cheart gabháltais talmhaíochta orgánacha a chur faoi réir na tréimhse tiontaithe céanna i ngach Ballstát, is cuma má bhí bearta agra-chomhshaoil a bhfuil tacaíocht acu ó chistí an Aontais á gcomhlíonadh acu roimhe nó mura raibh. Níl tréimhse tiontaithe de dhíth más talamh gan chur atá i gceist áfach. Chun cáilíocht, inrianaitheacht, comhlíonadh an Rialacháin seo agus oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le bunú rialacha lena bhforlíonfar na rialacha ginearálta tiontaithe nó lena bhforlíonfar agus lena leasófar na rialacha sonracha tiontaithe.

(17)     Ba cheart rialacha sonracha táirgthe a bhunú maidir le táirgeadh plandaí, beostoic agus dobharshaothraithe, lena n‑áirítear rialacha chun plandaí fiáine agus feamainn a bhailiú, agus maidir le táirgeadh bia agus beatha próiseáilte, agus táirgeadh fíona agus giosta, chun a áirithiú go ndéantar cuspóirí agus prionsabail an táirgthe orgánaigh a chomhchuibhiú agus a urramú.

(18)     Ós rud e go bhfuil táirgeadh plandaí orgánacha bunaithe ar phlandaí a chothú go príomha trí éiceachóras na hithreach, níor cheart táirgeadh hidreaponach a cheadú. Sa bhreis air sin, agus táirgeadh orgánach plandaí á dhéanamh, ba cheart teicnící táirgthe a úsáid lena gcoisctear nó lena laghdaítear aon éilliú ar an gcomhshaol a d'fhéadfadh tarlú de dheasca an táirgthe.

(19)     Maidir le bainistiú agus toirchiú ithreach, ba cheart coinníollacha a leagan síos maidir le cleachtais saothraithe a cheadaítear a úsáid i dtáirgeadh orgánach agus maidir le húsáid leasachán agus oiriúntóirí.

(20)     Ba cheart srian suntasach a chur le húsáid lotnaidicídí. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do chur i bhfeidhm beart lena gcoisctear an damáiste a dhéanann lotnaidí agus fiailí, trí úsáid a bhaint as teicnící nach mbaineann úsáid as táirgí cosanta plandaí, amhail uainíocht na mbarr. Ba cheart faireachán a dhéanamh féachaint an bhfuil lotnaidí nó fiailí ann chun cinneadh a dhéanamh an bhfuil údar le hidirghabháil, ó thaobh na heacnamaíochta agus na héiceolaíochta de. Ba cheart úsáid roinnt táirgí cosanta plandaí a cheadú mura dtugann na teicnící sin cosaint leordhóthanach agus ar an gcoinníoll go ndearnadh na táirgí cosanta plandaí sin a údarú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[28], tar éis a mheas go bhfuil siad comhoiriúnach do chuspóirí agus prionsabail an táirgthe orgánaigh, lena n‑áirítear le coinníollacha sriantacha úsáidte, agus go bhfuil siad údaraithe dá bhrí sin i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(21)     Chun cáilíocht, inrianaitheacht, comhlíonadh an Rialacháin seo agus oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le bunú rialacha lena leasófar nó lena bhforlíonfar na rialacha sonracha maidir le táirgeadh plandaí a bhaineann le cleachtais saothraithe, bainistiú agus toirchiú ithreach, folláine plandaí agus bainistiú lotnaidí agus fiailí, bainistiú táirgthe beacán agus plandaí sonracha eile agus bainistiú córas táirgthe plandaí eile, foinse táirgthe ábhar atáirgthe plandaí, agus bailiú plandaí fiáine.

(22)     Ós rud é go mbíonn baint ag táirgeadh beostoic le bainistiú talaimh talmhaíochta, i gcásanna ina n‑úsáidtear an t‑aoileach chun táirgeadh barr a chothú, ba cheart táirgeadh beostoic gan talamh a thoirmeasc. Agus na pórtha á roghnú ba cheart aird a thabhairt ar chumas na bpórtha dul in oiriúint do dhálaí áitiúla, a n‑acmhainneacht agus a bhfrithsheasmhaí atá siad i gcoinne galar, agus ba cheart bithéagsúlacht mhór a spreagadh.

(23)     I gcás na tithíochta a úsáidtear don táirgeadh orgánach agus don táirgeadh orgánach dobharshaothraithe, ba cheart don tithíocht riachtanais iompraíochta na n‑ainmhithe a chomhlíonadh, lena n‑áirítear an meán uisceach ábhartha más iomchuí. Ba cheart coinníollacha sonracha tithíochta agus cleachtais feirmeoireachta shonracha a leagan síos maidir le hainmhithe áirithe, lena n‑áirítear beacha. Ba cheart ardleibhéal leasa ainmhithe a áirithiú leis na coinníollacha agus na cleachtais sin ar cheart, i dtaca le gnéithe áirithe, dul thar chaighdeáin leasa ainmhithe an Aontais is infheidhme maidir le táirgeadh beostoic go ginearálta. I gcoitinne, ba cheart rochtain sheasta a bheith ag beostoc ar limistéir faoin aer chun innilt a dhéanamh agus ba cheart na limistéir faoin aer sin, mar phrionsabal, a eagrú faoi chóras iomchuí uainíochta.

(24)     Chun truailliú acmhainní nádúrtha a sheachaint, amhail truailliú na hithreach agus an uisce ag cothaithigh, ba cheart uasteorainn aoiligh is féidir a úsáid in aghaidh an heicteáir agus uasteorainn beostoic is féidir a choinneáil in aghaidh an heicteáir a leagan síos. Ba cheart baint a bheith ag an teorainn sin le cion nítrigine an aoiligh.

(25)     Aon chiorruithe a d'fhéadfadh a fhágáil go mbeadh ainmhithe faoi strus, go ndéanfaí dochar dóibh, go dtiocfadh galar orthu nó go mbeidís ag fulaingt, ba cheart iad a thoirmeasc.

(26)     Ba cheart beostoc a bheathú le hábhar beatha a tháirgtear i gcomhréir leis na rialacha maidir le táirgeadh orgánach, agus a thagann ón ngabháltas céanna, más féidir, agus ba cheart riachtanais fhiseolaíocha an bheostoic a chur san áireamh. Ina theannta sin, chun foráil a dhéanamh maidir le bunriachtanais chothaitheacha beostoic, d'fhéadfadh sé gur ghá mianraí, riandúile agus vitimíní áirithe a úsáid faoi choinníollacha dea-shainithe.

(27)     Ba cheart bainistiú sláinte ainmhithe a bhunú go príomha ar ghalair a chosc. Ina theannta sin, ba cheart bearta sonracha glantacháin agus díghalraithe a chur i bhfeidhm. Níor cheart úsáid choisctheach táirgí míochaine allapatacha atá sintéisithe go ceimiceach a cheadú i dtáirgeadh orgánach, ach amháin i gcás ainmhí a bheith tinn nó gortaithe agus cóireáil láithreach uaidh mar gheall air sin, agus sa chás sin níor cheart ach a laghad úsáide is gá chun an tsláinte a thabhairt ar ais don ainmhí i gceist a cheadú. I gcásanna den sórt sin, chun sláine an táirgthe orgánaigh a ráthú do na tomhaltóirí, ba cheart bheith in ann bearta coisctheacha a dhéanamh amhail an tréimhse oifigiúil aistarraingthe tar éis úsáid táirgí míochaine den sórt sin a dhúbailt mar atá sonraithe i reachtaíocht ábhartha an Aontais. Maidir le beachaireacht, ní mór rialacha sonracha a leagan síos maidir le cosc galar agus cóireáil tréidliachta.

(28)     Chun cáilíocht, inrianaitheacht, comhlíonadh an Rialacháin seo agus oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le bunú rialacha lena leasófar nó lena bhforlíonfar na rialacha sonracha maidir le táirgeadh beostoic a bhaineann le tionscnamh ainmhithe, tithíocht beostoic, lena n‑áirítear íos‑achar dromchla taobh istigh agus taobh amuigh agus an t‑uaslíon ainmhithe in aghaidh an heicteáir, cleachtais feirmeoireachta, pórú, beatha agus beathú, cosc galar agus cóireáil tréidliachta.

(29)     Léirítear sa Rialachán seo cuspóirí an Chomhbheartais nua Iascaigh maidir le dobharshaothrú, a bhfuil ról tábhachtach aige ó thaobh shábháilteacht fhadtéarmach inbhuanaithe an tsoláthair bia a áirithiú mar aon le fás agus fostaíocht a áirithiú agus brú á laghdú ar na stoic iasc fiáin ag an am céanna, i gcomhthéacs an éilimh mhéadaithigh dhomhanda ar dhobharbhia. Sa Teachtaireacht a chuir an Coimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa in 2013 maidir le Treoirlínte Straitéiseacha um fhorbairt inbhuanaithe dhobharshaothrú na hEorpa[29] leagtar béim ar na príomhdhúshláin atá os comhair an dobharshaothraithe san Aontas agus acmhainn fáis na hearnála sin. Aithnítear sa Teachtaireacht go bhfuil cosúlacht mhaith go háirithe ar earnáil an dobharshaothraithe orgánaigh, agus leagtar béim ar na buntáistí iomaíocha a bhaineann le deimhniúchán orgánach.

(30)     Réimse measartha nua táirgthe orgánaigh is ea dobharshaothrú orgánach i gcomparáid le talmhaíocht orgánach, a bhfuil seantaithí uirthi ar na feirmeacha a bhíonn ag gabháil di. I bhfianaise go bhfuil suim tomhaltóirí i dtáirgí dobharshaothraithe orgánaigh ag dul i méid, is dóigh go dtiocfaidh tuilleadh borrtha faoi thiontú aonad dobharshaothraithe go táirgeadh orgánach. Fágann an borradh sin go bhfuil méadú ag teacht ar thaithí agus ar an saineolas teicniúil agus go bhfuil tuilleadh forbartha ann, agus ba cheart an feabhas seo atá ag teacht ar dhobharshaothrú orgánach a bheith le feiceáil sna rialacha táirgthe.

(31)     Chun comhthuiscint a áirithiú, éiginnteachtaí a sheachaint agus chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha maidir le táirgeadh ainmhithe agus feamainne i ndobharshaothrú orgánach a ráthú, ba cheart roinnt sainmhínithe i ndáil le dobharshaothrú a bheith ag gabháil leis na rialacha táirgthe sin.

(32)     Chun cáilíocht, inrianaitheacht, comhlíonadh an Rialacháin seo agus oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le bunú rialacha lena leasófar nó lena bhforlíonfar na rialacha sonracha maidir le táirgeadh feamainne a bhaineann le hoiriúnacht an mheáin uiscigh agus an phlean inbhuanaithe bhainistithe, bailiú feamainne fiáine, saothrú feamainne, bearta frith‑thruaillithe agus glanadh trealaimh agus áiseanna táirgthe, agus i dtaca le bunú rialacha lena bhforlíonfar na rialacha sonracha maidir le táirgeadh ainmhithe dobharshaothraithe a bhaineann le hoiriúnacht an mheáin uiscigh agus an phlean inbhuanaithe bhainistithe, tionscnamh na n‑ainmhithe dobharshaothraithe, feirmeoireacht dobharshaothraithe, lena n‑áirítear córais choimeádta uisceacha, córais táirgthe agus uasdlús stocála, pórú, bainistiú ainmhithe dobharshaothraithe, beatha agus beathú, agus cosc galar agus cóireáil tréidliachta.

(33)     Ba cheart d'oibreoirí a tháirgeann bia nó beatha nósanna imeachta iomchuí a leanúint atá bunaithe ar shainaithint chórasach céimeanna próiseála ríthábhachtacha lena áirithiú go mbeidh táirgí próiseáilte i gcomhréir leis na rialacha maidir le táirgeadh orgánach. Ba cheart táirgí orgánacha próiseáilte a tháirgeadh ag úsáid modhanna próiseála lena ráthaítear go gcaomhnófar sláine orgánach agus buntréithe na dtáirgí i rith na gcéimeanna go léir a bhaineann le táirgeadh orgánach na dtáirgí.

(34)     Ba cheart forálacha a leagan síos maidir le comhdhéanamh bia phróiseáilte orgánaigh. Go sonrach, ba cheart bia den sórt sin a tháirgeadh go príomha ó chomhábhair talmhaíochta orgánacha agus féidearthacht theoranta a bheith ann roinnt comhábhar talmhaíochta neamhorgánach atá sonraithe sa Rialachán seo a úsáid. Ina theannta sin, níor cheart ach substaintí áirithe atá údaraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo a cheadú lena n‑úsáid agus bia próiseáilte orgánach á tháirgeadh.

(35)     Níor cheart bia próiseáilte a lipéadú mar bhia orgánach ach amháin más comhábhair orgánacha iad na comhábhair uile nó formhór acu. Ba cheart forálacha speisialta lipéadaithe a leagan síos, áfach, do bhianna próiseáilte ina bhfuil comhábhair talmhaíochta nach féidir a fháil go horgánach, mar is amhlaidh i gcás táirgí ó fhiach agus iascaireacht. Thairis sin, chun críocha faisnéise do thomhaltóirí, chun críocha trédhearcachta sa mhargadh agus chun úsáid comhábhar orgánach a spreagadh, ba cheart an deis a bheith ann tagairt a dhéanamh do tháirgeadh orgánach i liosta na gcomhábhar faoi choinníollacha áirithe.

(36)     Ba cheart forálacha a leagan síos maidir le comhdhéanamh beatha próiseáilte orgánaí agus maidir le húsáid substaintí agus teicnící áirithe i dtáirgeadh na beatha sin.

(37)     Chun cáilíocht, inrianaitheacht, comhlíonadh an Rialacháin seo agus oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le bunú rialacha lena leasófar nó lena bhforlíonfar na rialacha sonracha maidir le táirgeadh bia agus beatha próiseáilte a bhaineann leis na nósanna imeachta atá le leanúint, na bearta coisctheacha atá le déanamh, comhdhéanamh an bhia agus na beatha próiseáilte, bearta glantacháin, táirgí próiseáilte a chur ar an margadh lena n‑áirítear lipéadú agus sainaithint na dtáirgí sin, dealú táirgí orgánacha, comhábhair talmhaíochta agus ábhair beatha ó tháirgí neamhorgánacha, comhábhair talmhaíochta agus ábhair beatha, liosta na gcomhábhar talmhaíochta neamhorgánach ar féidir úsáid eisceachtúil a bhaint astu chun táirgí próiseáilte orgánacha a tháirgeadh, ríomh an chéatadáin de chomhábhair talmhaíochta, agus na teicnící a úsáidtear i bpróiseáil bia nó i bpróiseáil beatha.

(38)     Ba cheart fíon orgánach a tháirgeadh ó amhábhair orgánacha amháin agus níor cheart a cheadú go gcuirfí ach substaintí áirithe atá údaraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo leis. Ba cheart cleachtais, próisis agus cóireálacha fíoneolaíocha áirithe a thoirmeasc i dtáirgeadh fíona orgánaigh. Ba cheart cleachtais, próisis agus cóireálacha eile a cheadú faoi choinníollacha dea-shainithe.

(39)     Chun cáilíocht, inrianaitheacht, comhlíonadh an Rialacháin seo agus oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le bunú rialacha lena leasófar nó lena bhforlíonfar na rialacha sonracha maidir le táirgeadh fíona a bhaineann le cleachtais agus srianta fíoneolaíocha.

(40)     I dtús báire níor measadh gur comhábhar talmhaíochta a bhí i ngiosta faoi Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 agus mar sin de níor féadadh é a áireamh i gcomhdhéanamh talmhaíochta táirgí orgánacha. I Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún[30], áfach, tugadh isteach áireamh éigeantach giosta agus táirgí giosta mar chomhábhair talmhaíochta chun críocha táirgthe orgánaigh amhail ón 31 Nollaig 2013, rud a d'fhág go raibh dóthain ama ag lucht tionscail dul in oiriúint don riail sin. Dá réir sin, níor cheart ach substráití a tháirgtear go horgánach a úsáid i dtáirgeadh giosta orgánaigh agus níor cheart ach substaintí áirithe a cheadú lena n‑úsáid i dtáirgeadh, ullmhú agus foirmliú an ghiosta sin. Ina theannta sin, níor cheart giosta orgánach agus giosta neamhorgánach araon a bheith i mbia ná i mbeatha orgánach.

(41)     Chun cáilíocht, inrianaitheacht, comhlíonadh an Rialacháin seo agus oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le bunú rialacha lena leasófar nó lena bhforlíonfar na rialacha sonracha maidir le táirgeadh giosta orgánaigh a bhaineann leis an bpróiseáil agus leis na substráití a úsáidtear i dtáirgeadh an ghiosta.

(42)     Maidir le táirgí nach bhfuil á dtáirgeadh faoi réim aon cheann de na catagóirí de rialacha sonracha táirgthe a leagtar síos sa Rialachán seo, chun aird a thabhairt ar aon ghá a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo rialacha sonracha a leagan síos maidir le táirgeadh na dtáirgí sin, agus chun cáilíocht, inrianaitheacht, comhlíonadh an Rialacháin seo agus oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le bunú rialacha sonracha táirgthe do na dtáirgí sin, lena n‑áirítear chun leasú nó forlíonadh a dhéanamh ar na rialacha sin.

(43)     I Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, rinneadh foráil maidir le heisceachtaí éagsúla ó rialacha maidir le táirgeadh orgánach. Is léir ón taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm na bhforálacha sin go bhfuil tionchar diúltach ag eisceachtaí den sórt sin ar tháirgeadh orgánach. Go háirithe, fuarthas amach go bhfágann eisceachtaí den sórt sin a bheith ann ar chor ar bith go gcuirtear bac ar ionchuir i bhfoirm orgánach a tháirgeadh agus nach n‑áirithítear an t‑ardleibhéal leasa ainmhithe a bhaineann le táirgeadh orgánach. Ina theannta sin, tá ualach nach beag riaracháin ag baint le bainistiú agus rialú na n‑eisceachtaí, ar lucht riaracháin náisiúnta agus ar oibreoirí araon. Ar deireadh, i ngeall ar eisceachtaí a bheith ann tá dálaí ann anois faoinar féidir saobhadh a dhéanamh ar an iomaíocht agus tá baol ann go mbainfí an bonn de mhuinín na dtomhaltóirí. Dá réir sin, ba cheart an scóip atá ann go gceadófaí eisceachtaí ó rialacha maidir le táirgeadh orgánach a shrianadh tuilleadh agus í a theorannú do chásanna lena mbaineann imthosca turraingeacha.

(44)     Ionas go bhféadfar leanúint de tháirgeadh orgánach nó an táirgeadh sin a atosú arís i gcásanna lena mbaineann imthosca turraingeacha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun critéir a bhunú maidir le cásanna a cháiliú mar imthosca turraingeacha agus chun rialacha sonracha a leagan síos maidir le haghaidh a thabhairt ar na cásanna sin agus maidir leis na ceanglais faireacháin agus tuairiscithe is gá.

(45)     Faoi choinníollacha áirithe, is féidir táirgí orgánacha agus táirgí neamhorgánacha a bhailiú agus a iompar le chéile. Chun táirgí orgánacha a dhealú go cuí ó tháirgí neamhorgánacha le linn na láimhseála agus chun aon mheascadh a sheachaint, ba cheart forálacha sonracha a leagan síos.

(46)     Chun sláine an táirgthe orgánaigh agus oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le bunú rialacha lena leasófar nó lena bhforlíonfar na rialacha sonracha maidir le bailiú, pacáistiú, iompar agus stóráil táirgí orgánacha.

(47)     I dtáirgeadh orgánach, ba cheart úsáid táirgí agus substaintí amhail táirgí cosanta plandaí, leasacháin, oiriúntóirí ithreach, cothaithigh, comhpháirteanna de chothú ainmhithe, breiseáin bia nó beatha, áiseanna próiseála agus táirgí le haghaidh glantacháin agus díghalraithe a theorannú don mhéid íosta agus iad a úsáid faoi na coinníollacha sonracha a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart an cur chuige céanna a leanúint maidir le húsáid táirgí agus substaintí mar bhreiseáin bia agus áiseanna próiseála i dtáirgeadh bia phróiseáilte orgánaigh. Dá bhrí sin, ba cheart forálacha a leagan síos chun aon úsáid a fhéadfar a bhaint as táirgí agus substaintí den sórt sin i dtáirgeadh orgánach go ginearálta agus i dtáirgeadh bia phróiseáilte orgánaigh go sonrach a shainiú, faoi réir na bprionsabal a leagtar síos sa Rialachán seo agus faoi réir critéar áirithe.

(48)     Chun cáilíocht, inrianaitheacht agus comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú maidir le táirgeadh orgánach go ginearálta agus maidir le táirgeadh bia phróiseáilte orgánaigh go sonrach, agus chun oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun foráil a dhéanamh maidir le critéir bhreise d'údarú táirgí agus substaintí lena n‑úsáid i dtáirgeadh orgánach go ginearálta agus i dtáirgeadh bia phróiseáilte go sonrach, nó d'aistarraingt údarú na dtáirgí agus substaintí sin, agus chun foráil a dhéanamh maidir le ceanglais eile a bhaineann le húsáid táirgí agus substaintí údaraithe den sórt sin.

(49)     In éagmais rialacha sonracha ón Aontas maidir leis na bearta is ceart a dhéanamh nuair atá substaintí neamhúdaraithe i dtáirgí orgánacha, forbraíodh agus cuireadh chun feidhme cineálacha cur chuige éagsúla ar fud an Aontais. Fágann sin go bhfuil neamhchinnteachtaí ann d'oibreoirí, d'údaráis rialaithe agus do chomhlachtaí rialaithe D'fhéadfadh sé a fhágáil go gcuirfí cóir éagsúil ar oibreoirí san Aontas agus go ndéanfaí dochar do mhuinín na dtomhaltóirí as táirgí orgánacha. Is iomchuí, dá bhrí sin, forálacha soiléire aonfhoirmeacha a leagan síos chun toirmeasc a chur ar tháirgí a chur ar an margadh mar tháirgí orgánacha má áirítear aon táirgí nó substaintí neamhúdaraithe iontu thar leibhéil áirithe. Ba cheart na leibhéil sin a bhunú agus Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún[31] maidir le bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bia do naíonáin agus do leanaí óga á cur san áireamh ach go háirithe.  

(50)     Chun éifeachtacht, éifeachtúlacht agus trédhearcacht an chórais táirgthe agus lipéadaithe a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le critéir agus coinníollacha sonracha chun na huasleibhéil táirgí agus substaintí neamhúdaraithe a bhunú agus a chur i bhfeidhm is féidir a bheith i dtáirgí atá le cur ar an margadh mar tháirgí orgánacha agus i dtaca le bunú na leibhéal sin agus oiriúnú na leibhéal i bhfianaise forbairtí teicniúla.

(51)     Tá táirgeadh orgánach bunaithe ar an bprionsabal ginearálta go gcuirtear srian ar úsáid ionchur seachtrach. Cuirtear de cheangal ar fheirmeoirí bearta a dhéanamh chun an riosca éillithe ó tháirgí nó substaintí neamhúdaraithe a chosc. D'ainneoin na mbeart sin, d'fhéadfadh sé tarlú nach féidir le feirmeoirí a dtáirgí talmhaíochta a mhargú mar tháirgí orgánacha de dheasca táirgí nó substaintí neamhúdaraithe a bheith iontu ar neamhchead do na feirmeoirí. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh go bhféadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 42 den Chonradh, údarú a fháil ón gCoimisiún íocaíochtaí náisiúnta a thabhairt chun caillteanais arna dtabhú i gcásanna den sórt sin a chúiteamh. Féadfaidh Ballstáit ionstraimí an Chomhbheartais Talmhaíochta a úsáid chun caillteanais den sórt sin a chumhdach ina n‑iomláine nó i bpáirt freisin.

(52)     Ba cheart lipéadú táirgí talmhaíochta agus earraí bia a bheith faoi réir na rialacha ginearálta atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[32], agus go háirithe na forálacha arb é is aidhm dóibh cosc a chur ar lipéadú a d'fhéadfadh mearbhall a chur ar thomhaltóirí nó iad a chur amú. Ina theannta sin, ba cheart forálacha sonracha maidir le lipéadú táirgí orgánacha a leagan síos sa Rialachán seo. Ba cheart do na forálacha sin leasanna oibreoirí agus leasanna tomhaltóirí araon a chosaint i.e. go ndéantar táirgí oibreoirí a shainaithint go beacht ar an margadh agus gur féidir leo feidhmiú faoi dhálaí cothroma iomaíochta ar thaobh amháin, agus gur féidir le tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh ar an taobh eile.

(53)     Dá réir sin, ba cheart na téarmaí a úsáidtear chun táirgí orgánacha a shainaithint a chosaint ar fud an Aontais agus go neamhspleách ar an teanga i gceist sa dóigh is nach n‑úsáidfí iad ar lipéadú ar tháirgí neamhorgánacha. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcosaint sin maidir leis na gnáthdhíorthaigh nó leaganacha giorraithe de na téarmaí sin, cibé acu leo féin nó le leaganacha eile úsáidtear iad.

(54)     Ionas go mbeidh soiléireacht ann do thomhaltóirí ar fud mhargadh an Aontais, ba cheart úsáid lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a bheith éigeantach don bhia orgánach réamhphacáilte go léir arna tháirgeadh laistigh den Aontas. Seachas sin ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann an lógó sin a úsáid ar bhonn deonach i gcás táirgí orgánacha nach bhfuil réamhphacáilte agus a táirgeadh laistigh den Aontas nó i gcás aon táirgí orgánacha a allmhairíodh isteach ó thríú tíortha. Ba cheart mionsamhail de lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a leagan síos sa Rialachán seo.

(55)     Mar sin féin, ionas nach gcuirfí tomhaltóirí amú i dtaobh chineál orgánach an táirge ina iomláine, meastar gurb iomchuí úsáid an lógó sin a theorannú do tháirgí nach bhfuil ach comhábhair orgánacha iontu nó nach bhfuil ach na comhábhair sin iontu den chuid is mó. Níor cheart úsáid an lógó a cheadú, mar sin, ar lipéadú ar tháirgí atá á dtiontú ná ar tháirgí próiseáilte ar comhábhair orgánacha iad níos lú ná 95 % dá gcomhábhair.

(56)     D'fhonn aon mhearbhall a d'fhéadfadh a bheith ar thomhaltóirí maidir le tionscnamh táirge a sheachaint (é a bheith de thionscnamh an Aontais nó a mhalairt), i gcás ina n‑úsáidtear lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin áit inar saothraíodh na hamhábhair talmhaíochta dá ndearnadh an táirge. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a cheadú go ndéanfaí tagairt do dhobharshaothrú ar lipéad táirgí ó dhobharshaothrú orgánach seachas tagairt a dhéanamh do thalmhaíocht.

(57)     Chun go mbeidh soiléireacht ann do thomhaltóirí agus chun a áirithiú go dtugtar an fhaisnéis iomchuí dóibh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hoiriúnú a dhéanamh ar an liosta de théarmaí a thagraíonn do tháirgeadh orgánach a leagtar amach sa Rialachán seo, i dtaca leis na ceanglais shonracha lipéadaithe agus comhdhéanaimh a bhunú is infheidhmithe maidir le beatha agus comhábhair beatha, i dtaca le tuilleadh rialacha a leagan síos maidir le lipéadú agus úsáid na dtásc, seachas lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a leagtar amach sa Rialachán seo, agus i dtaca le leasú a dhéanamh ar lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach agus ar na rialacha a bhaineann leis sin.

(58)     Níl táirgeadh orgánach inchreidte ach amháin má ghabhann fíorú agus rialuithe éifeachtacha leis ag gach céim den táirgeadh, próiseáil agus leithdháileadh. Ba cheart táirgeadh orgánach a chur faoi réir rialuithe oifigiúla nó faoi réir gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. (XXX/XXXX) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[33] chun comhlíonadh na rialacha maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha a fhíorú.

(59)     Ba cheart ceanglais shonracha a leagan síos chun a áirithiú go gcomhlíontar na rialacha a bhaineann go sonrach le táirgeadh orgánach. Ba cheart foráil a dhéanamh go háirithe maidir le fógra a thabhairt faoi ghníomhaíochtaí na n‑oibreoirí agus maidir le córas deimhniúcháin chun na hoibreoirí a aithint a bhfuil na rialacha lena rialaítear táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha á gcomhlíonadh acu. Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin freisin maidir le haon fhochonraitheoirí de chuid na n‑oibreoirí lena mbaineann. Ba cheart trédhearcacht an chórais deimhniúcháin a áirithiú trína chur de cheangal ar na Ballstáit an liosta oibreoirí a thug fógra faoina ngníomhaíochtaí a phoibliú mar aon le haon táillí a fhéadfar a bhailiú i ndáil leis na rialuithe chun comhlíonadh na rialacha maidir le táirgeadh orgánach a fhíorú.

(60)     Bíonn costas cuibheasach ard cigireachta ar fheirmeoirí beaga san Aontas agus ualach mór riaracháin orthu mar gheall ar dheimhniúchán orgánach. Ba cheart córas grúpdheimhniúchán a cheadú d'fhonn na costais a bhaineann le cigireacht agus deimhniúchán, agus an t‑ualach riaracháin a bhaineann leis sin, a laghdú, d'fhonn na gréasáin áitiúla a neartú, asraonta margaidh níos fearr a chruthú, agus d'fhonn cothrom iomaíochta a áirithiú le hoibreoirí i dtríú tíortha. Ar an ábhar sin, ba cheart an coincheap 'grúpa oibreoirí' a thabhairt isteach agus a shainmhíniú.

(61)     Chun éifeachtacht, éifeachtúlacht agus trédhearcacht an chórais táirgthe orgánaigh agus lipéadaithe a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na ceanglais ar oibreoirí nó ar ghrúpaí oibreoirí taifid a choinneáil, na ceanglais maidir le liosta na n‑oibreoirí a phoibliú, na ceanglais agus nósanna imeachta atá le cur i bhfeidhm maidir le poibliú na dtáillí a fhéadfar a bhailiú i ndáil leis na rialuithe chun comhlíonadh na rialacha maidir le táirgeadh orgánach a fhíorú agus maidir le maoirseacht na n‑údarás inniúil ar ghearradh na dtáillí sin, mar aon leis na critéir chun na grúpaí táirgí a shainmhíniú lenar cheart d'oibreoirí a bheith i dteideal aon deimhniú orgánach amháin arna eisiúint ag an údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe lena mbaineann.

(62)     Chun deimhniúchán éifeachtach agus éifeachtúil grúpa oibreoirí a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le freagrachtaí na mball aonair de ghrúpa oibreoirí, comhdhéanamh agus méid an ghrúpa sin, catagóirí na dtáirgí atá le táirgeadh ag an ngrúpa oibreoirí, na coinníollacha a bhaineann le bheith páirteach sa ghrúpa, agus socrú agus feidhmiú chóras an ghrúpa maidir le rialuithe inmheánacha, lena n‑áirítear raon feidhme, ábhar agus minicíocht na rialuithe atá le déanamh.

(63)     Is léir ón taithí a fuarthas ó na socruithe d'allmhairiú táirgí orgánacha isteach san Aontas faoi Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 gur gá na socruithe sin a athbhreithniú chun freagairt a thabhairt d'ionchais na dtomhaltóirí, is iad sin go gcomhlíonfaidh táirgí orgánacha a allmhairítear isteach san Aontas rialacha atá chomh dian céanna leo siúd atá san Aontas, agus chun rochtain tháirgí orgánacha an Aontais ar an margadh idirnáisiúnta a áirithiú. Ina theannta sin, ní mór foráil a dhéanamh maidir le soiléireacht i ndáil leis na rialacha is infheidhmithe maidir le honnmhairiú táirgí orgánacha, go háirithe trí dheimhniú onnmhairiúcháin a bhunú agus trí fhorálacha a leagan síos maidir le honnmhairiú go tríú tíortha a aithnítear chun críocha coibhéise faoi Rialachán (CE) Uimh. 834/2007.

(64)     Maidir leis na forálacha lena rialaítear allmhairiú táirgí atá i gcomhréir le rialacha táirgthe agus lipéadaithe an Aontais, ar forálacha iad is cúis le hoibreoirí a chur faoi réir rialaithe ag údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a aithníonn an Coimisiún a bheith inniúil chun rialuithe agus deimhniúchán a dhéanamh i réimse an táirgthe orgánaigh i dtríú tíortha, ba cheart na forálacha sin a athneartú tuilleadh. Go háirithe, ba cheart ceanglais a leagan síos maidir leis na comhlachtaí creidiúnaithe a thugann creidiúnú do chomhlachtaí rialaithe chun táirgí orgánacha comhréireacha a allmhairiú isteach san Aontas, agus é mar aidhm ag na ceanglais sin cothromaíocht a áirithiú agus maoirseacht á déanamh ag an gCoimisiún ar na comhlachtaí rialaithe. Thairis sin, ní mór foráil a dhéanamh go bhféadfaidh an Coimisiún teagmháil dhíreach a dhéanamh leis na comhlachtaí creidiúnaithe agus na húdaráis inniúla i dtríú tíortha chun an mhaoirseacht a dhéantar ar údaráis agus comhlachtaí rialaithe a dhéanamh níos éifeachtúla.

(65)     Maidir leis an bhforáil go bhféadfaidh rochtain ar mhargadh an Aontais a thabhairt do tháirgí orgánacha i gcás nach bhfuil na táirgí sin i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le táirgeadh orgánach ach gur táirgí as tríú tíortha iad a bhfuil a dtáirgeadh orgánach agus a gcórais rialaithe aitheanta a bheith coibhéiseach leo sin atá san Aontas, ba cheart an fhoráil sin a chaomhnú. Maidir le tríú tíortha a aithint mar thíortha coibhéiseacha, áfach, mar atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, níor cheart aitheantas faoin scéim sin a thabhairt ach amháin trí chomhaontú idirnáisiúnta idir an tAontas agus na tríú tíortha sin, i gcás ina dtabharfaí aitheantas cómhalartach i dtaobh coibhéise don Aontas freisin.

(66)     Aon tríú tíortha atá aitheanta chun críocha coibhéise faoi Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, ba cheart an t‑aitheantas sin a bheith acu fós faoin Rialachán seo, go ceann tréimhse teoranta is gá chun aistriú rianúil a áirithiú chuig an scéim faoina dtugtar aitheantas trí chomhaontú idirnáisiúnta, ar an gcoinníoll go n‑áiritheoidh siad i gcónaí go bhfuil a dtáirgeadh orgánach agus a rialacha maidir le rialú coibhéiseach leis na rialacha ábhartha atá i bhfeidhm san Aontas agus go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais go léir a bhaineann leis an gCoimisiún a bheith ag déanamh maoirseachta ar an aitheantas sin. Ba cheart an mhaoirseacht sin a bhunú go háirithe ar na tuarascálacha bliantúla a chuireann na tríú tíortha chuig an gCoimisiún.

(67)     Maidir leis an taithí a fuarthas ón scéim i dtaobh údarás rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a aithnítear a bheith inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe a eisiúint i dtríú tíortha chun táirgí a bhfuil ráthaíochtaí coibhéiseacha ag baint leo a allmhairiú, is léir ón taithí sin go bhfuil na rialacha difriúla á gcur i bhfeidhm ag na húdaráis agus comhlachtaí sin agus go bhféadfadh sé bheith deacair a mheas go bhfuil siad coibhéiseach le rialacha an Aontais faoi seach. Ina theannta sin, má thagann méadú ar líon na gcaighdeán atá ag údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe, cuirtear bacainn ar an gCoimisiún maoirseacht a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart deireadh a chur leis an scéim aitheanta coibhéise sin. Ba cheart dóthain ama a thabhairt do na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe sin, áfach, ionas go bhféadfaidh siad ullmhú chun aitheantas a fáil ar mhaithe le táirgí atá i gcomhréir le rialacha an Aontais a allmhairiú.

(68)     Maidir le haon táirge orgánach a allmhairítear isteach san Aontas a chur ar an margadh mar tháirge orgánach, faoi aon socruithe allmhairiúcháin dá bhforáiltear sa Rialachán seo, níor cheart é sin a dhéanamh ach an fhaisnéis is gá a bheith ar fáil chun inrianaitheacht an táirge sa slabhra soláthair a áirithiú.

(69)     Chun a áirithiú go bhfuil cothrom iomaíochta idir oibreoirí, go bhfuil inrianaitheacht i dtaobh na dtáirgí allmhairithe atá beartaithe a chur ar an margadh laistigh den Aontas mar tháirgí orgánacha nó go bhfuil trédhearcacht ann i dtaobh an nós imeachta maidir le húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a aithint agus maoirseacht a dhéanamh orthu i gcomhthéacs táirgí orgánacha comhréireacha a allmhairiú, agus chun bainistiú an liosta de thríú tíortha a aithnítear chun críocha coibhéise faoi Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na doiciméid atá beartaithe d'údaráis custaim i dtríú tíortha, go háirithe deimhniú onnmhairiúcháin orgánaigh, i bhfoirm leictreonach más féidir, na doiciméid is gá chun críocha allmhairiúcháin, i bhfoirm leictreonach freisin más féidir, na critéir maidir le haithint údarás rialaithe agus comhlachtaí rialaithe nó maidir leis an aitheantas sin a aistarraingt i gcomhthéacs táirgí orgánacha comhréireacha a allmhairiú, agus i dtaca leis an bhfaisnéis a bhfuil ar thríú tíortha a aithnítear faoin Rialachán sin a sheoladh chuig an gCoimisiún ionas go bhféadfaidh sé maoirseacht a dhéanamh ar an aitheantas atá acu agus ar fheidhmiú an aitheantais sin, lena n‑áirítear trí iniúchadh ar an láthair a dhéanamh.

(70)     Ba cheart foráil a dhéanamh chun a áirithiú nach féidir gluaiseacht táirgí orgánacha a bhí faoi réir rialaithe i mBallstát amháin agus atá i gcomhréir leis an Rialachán seo, nach féidir gluaiseacht an táirge sin a shrianadh i mBallstát eile. Chun dea-fheidhmiú an mhargaidh aonair agus trádáil idir Bhallstáit a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun rialacha a leagan síos maidir le saorghluaiseacht táirgí orgánacha.

(71)     Chun an fhaisnéis iontaofa is gá a fháil chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis is gá a thabhairt don Choimisiún uair sa bhliain. Ar mhaithe le soiléireacht agus trédhearcacht, ba cheart do na Ballstáit liostaí nuashonraithe a choinneáil d'údaráis inniúla, údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe. Ba cheart do na Ballstáit na liostaí d'údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a phoibliú agus ba cheart don Choimisiún iad sin a fhoilsiú go bliantúil.

(72)     Ní mór bearta a leagan síos chun a áirithiú go ndéanfar, ar bhealach rianúil, na hathruithe ar an gcreat dlíthiúil lena rialaítear allmhairiú táirgí orgánacha isteach san Aontas, ar athruithe iad a thugtar isteach leis an Rialachán seo. Go sonrach, chun aistriú rianúil a áirithiú ón seanchreat dlíthiúil chuig an creat dlíthiúil nua, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na rialacha a bhaineann le tréimhsí tiontaithe a tosaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, de mhaolú ar an riail ghinearálta faoi nach bhféadtar aon tréimhsí roimhe sin a aithint go haisghníomhach mar chuid den tréimhse tiontaithe.

(73)     Ina theannta sin, ba cheart dáta a shocrú le haghaidh dul in éag aitheantais údarás rialaithe agus comhlachtaí rialaithe chun críocha coibhéise agus ba cheart forálacha a leagan síos chun aghaidh a thabhairt air sin go dtí go rachaidh an t‑aitheantas sin in éag. Ba cheart forálacha a leagan síos freisin maidir le hiarratais ó thríú tíortha chun críocha coibhéise a cuireadh isteach faoi Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 agus a bheidh ar feitheamh fós tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(74)     Chun bainistiú an liosta d'údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe atá aitheanta chun críocha coibhéise faoi Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 a áirithiú agus ionas gur éasca scrúdú na n‑iarratas ó thríú tíortha ar aitheantas chun críocha coibhéise a bheidh ar feitheamh fós tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur i gcrích, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an bhfaisnéis a bhfuil ar na húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe sin a sheoladh chuig an gCoimisiún ionas go bhféadfaidh sé maoirseacht a dhéanamh ar an aitheantas atá acu agus i dtaca le feidhmiú na maoirseachta sin ag an gCoimisiún, agus ina theannta sin i dtaca le haon rialacha nós imeachta is gá chun na hiarratais ó thríú tíortha a bheidh ar feitheamh fós a scrúdú.

(75)     Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis na nithe seo a leanas: na mionsonraí teicniúla a bhaineann le bunú an bhunachair sonraí chun na cineálacha a liostú dá bhfuil ábhar atáirgthe plandaí a fuarthas trí mhodh an táirgthe orgánaigh ar fáil; údarú na dtáirgí agus na substaintí a fhéadfar a úsáid i dtáirgeadh orgánach go ginearálta agus i dtáirgeadh bia orgánaigh phróiseáilte go sonrach nó aistarraingt an údaraithe sin, lena n‑áirítear na nósanna imeachta atá le leanúint don údarú sin agus na liostaí de na táirgí agus na substaintí sin agus, más iomchuí, cur síos orthu, ceanglas maidir leis an gcomhdhéanamh agus coinníollacha úsáide; na rialacha mionsonraithe sonracha agus praiticiúla maidir le cur i láthair, comhdhéanamh agus méid na dtásc a thagraíonn do chóduimhreacha údarás rialaithe agus comhlachtaí rialaithe agus maidir le cur i láthair, comhdhéanamh agus méid an táisc a thagraíonn don áit inar saothraíodh na hamhábhair thalmhaíochta, sannadh na gcóduimhreacha d'údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe agus sannadh an táisc maidir leis an áit inar saothraíodh na hamhábhair thalmhaíochta; na mionsonraí agus sonraíochtaí a bhaineann le hábhar agus foirm na bhfógraí agus leis an dóigh a dtabharfaidh oibreoirí agus grúpaí oibreoirí fógra faoina ngníomhaíochtaí do na húdaráis inniúla agus an dóigh a bhfoilseofar an táille a fhéadfar a bhailiú do na rialuithe; an malartú faisnéise idir grúpaí oibreoirí agus údaráis inniúla, údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún; aithint údarás rialaithe agus comhlachtaí rialaithe atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh i dtríú tíortha nó aistarraingt an aitheantais sin agus an liosta de na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe sin a bhunú chomh maith le rialacha a bhunú chun a áirithiú go gcuirtear bearta i bhfeidhm i gcás neamhchomhlíonadh, nó i gcás amhras a bheith ann i dtaobh neamhchomhlíonadh, ar neamhchomhlíonadh é a dhéanann difear do shláine táirgí orgánacha allmhairithe; bunú liosta de thríú tíortha atá aitheanta faoi Airteagal 33(2) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 agus aon leasuithe ar an liosta sin mar aon le rialacha chun a áirithiú go gcuirtear bearta i bhfeidhm maidir le cásanna neamhchomhlíonadh, nó i gcás amhras a bheith ann i dtaobh neamhchomhlíonadh, ar neamhchomhlíonadh é a dhéanann difear do shláine táirgí orgánacha a allmhairítear ó na tíortha sin; an córas atá le húsáid chun an fhaisnéis is gá a tharchur chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air; agus bunú an liosta d'údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe atá aitheanta faoi Airteagal 33(3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 agus aon leasuithe ar an liosta sin. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[34].

(76)     Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le cosaint i gcoinne cleachtas éagothrom nó cleachtas nach bhfuil i gcomhréir leis na prionsabail agus na rialacha maidir le táirgeadh orgánach, cosaint mhuinín na dtomhaltóirí nó cosaint iomaíochta cothroime idir oibreoirí, go n‑éilítear amhlaidh ar mhórfhorais práinne chun a áirithiú go gcuirtear bearta i bhfeidhm i gcás neamhchomhlíonadh, nó i gcás amhras a bheith ann i dtaobh neamhchomhlíonadh, ar neamhchomhlíonadh é a dhéanann difear do shláine táirgí orgánacha allmhairithe atá faoi rialú údarás rialaithe nó comhlachtaí rialaithe aitheanta.

(77)     Chun aistriú rianúil a áirithiú ó na rialacha maidir le tionscnamh orgánach ábhair atáirgthe plandaí agus maidir le hainmhithe chun críocha póraithe dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 agus an eisceacht ó na rialacha táirgthe a glacadh de bhun Airteagal 22 den Rialachán sin, ar thaobh amháin, chuig na rialacha táirgthe nua do plandaí agus táirgí plandaí agus beostoc dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le heisceachtaí a dheonú i gcás ina meastar gur gá sin chun rochtain a áirithiú ar ábhar atáirgthe plandaí agus ar ainmhithe beo chun críocha póraithe a fhéadfar a úsáid i dtáirgeadh orgánach. Ós rud é gur gníomhartha idirthréimhseacha iad na gníomhartha sin, ba cheart feidhm a bheith acu ar feadh tréimhse teoranta.

(78)     Ba cheart don Choimisiún infhaighteacht ábhair orgánaigh atáirgthe plandaí agus ainmhithe chun críocha póraithe a mheas agus tuarascáil faoi sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle in 2021.

(79)     Ba cheart foráil a dhéanamh go gceadófar stoic táirgí a ídiú ar stoic iad a táirgeadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 agus a cuireadh ar an margadh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(80)     Leis an athbhreithniú a rinneadh ar an gcreat reachtach do tháirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha, léiríodh go dteastaíonn forálacha ó na riachtanais shonracha a bhaineann le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla) chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar chásanna neamhchomhlíonadh. Sa bhreis air sin, ba cheart forálacha Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [an Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla] a bhaineann le tascanna agus freagrachtaí na n‑údarás inniúil, formheas comhlachtaí tarmligthe agus maoirseacht orthu, deimhniúchán oifigiúil, oibleagáidí tuairiscithe agus cúnamh riaracháin, ba cheart iad a oiriúnú chun riachtanais shonracha earnáil an táirgthe orgánaigh a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [an Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla] a leasú dá réir.

(81)     Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach, is iad sin go háirithe cothrom iomaíochta agus dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i dtáirgí orgánacha mar aon le muinín na dtomhaltóirí as na táirgí sin agus as lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a áirithiú, agus gur fearr, de bharr gur gá na rialacha maidir le táirgeadh orgánach a chomhchuibhiú, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(82)     Is iomchuí foráil a dhéanamh go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhágfaidh go mbeidh dóthain ama ag oibreoirí dul i dtaithí ar na ceanglais nua atá á dtabhairt isteach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar

Sa Rialachán seo bunaítear prionsabail an táirgthe orgánaigh agus leagtar síos na rialacha a bhaineann le táirgeadh orgánach agus le húsáid tásc a thagraíonn don táirgeadh sin ar lipéid agus fógraí.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.           Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na táirgí talmhaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ('an Conradh') agus maidir le roinnt táirgí eile atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, a mhéid go bhfuil sé beartaithe na táirgí sin a tháirgeadh, a ullmhú, a dháileadh, a chur ar an margadh, a allmhairiú nó a onnmhairiú mar tháirgí orgánacha.

Ní mheasfar gur táirgí orgánacha iad táirgí ó fhiach nó iascaireacht ainmhithe fiáine.

2.           Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon oibreoir a bhfuil baint aige le gníomhaíochtaí, ag aon chéim den táirgeadh, ullmhú agus dáileadh, a bhaineann leis na táirgí dá dtagraítear i mír 1.

Aon oibríochtaí oll-lónadóireachta arna ndéanamh ag oll-lónadóir mar atá sainmhínithe i bpointe (d) d'Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[35], ní bheidh siad faoi réir an Rialacháin seo.

Féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta nó, ina éagmais sin, caighdeáin phríobháideacha a chur i bhfeidhm maidir le lipéadú agus rialú táirgí de thionscnamh oibríochtaí oll-lónadóireachta.

3.           Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do reachtaíocht eile ón Aontas lena mbaineann inter alia sábháilteacht an tslabhra bia, sláinte agus leas ainmhithe, folláine plandaí, agus ábhar atáirgthe plandaí, agus gan dochar go háirithe do Rialachán (AE) Uimh. XX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[36] (ábhar atáirgthe plandaí) agus Rialachán (AE) Uimh. XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[37] (bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí).

4.           Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar d'fhorálacha sonracha eile de chuid an Aontais a bhaineann le táirgí a chur ar an margadh agus, go háirithe, le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[38], agus le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.

5.           Chun faisnéis nua ar mhodhanna táirgthe nó ábhair nó gealltanais idirnáisiúnta a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 chun an liosta táirgí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a leasú. Ní fhéadfar ach táirgí a bhfuil dlúthbhaint acu le táirgí talmhaíochta a áireamh ar an liosta sin.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn 'táirgeadh orgánach' úsáid modhanna táirgthe atá i gcomhréir leis an Rialachán seo, ag gach céim den táirgeadh, ullmhú agus dáileadh;

(2) ciallaíonn 'orgánach' a bheith ag teacht ó tháirgeadh orgánach nó bainteach leis;

(3) ciallaíonn 'amhábhar talmhaíochta' táirge talmhaíochta nach ndearnadh aon leasú ná próiseáil air;

(4) ciallaíonn 'bearta coisctheacha' bearta atá le déanamh chun cáilíocht na hithreach a áirithiú mar aon le lotnaidí agus fiailí a chosc agus a rialú, agus chun éilliú le táirgí nó substaintí nach bhfuil údaraithe faoin Rialachán seo a chosc;

(5) ciallaíonn 'tiontú' an t‑athrú ó tháirgeadh neamhorgánach go táirgeadh orgánach laistigh de thréimhse áirithe ama;

(6) ciallaíonn 'oibreoir' an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as a áirithiú go gcomhlíontar an Rialachán seo ag gach céim den táirgeadh, ullmhú agus dáileadh atá faoi chúram an duine sin;

(7) ciallaíonn 'grúpa oibreoirí' grúpa inar feirmeoir é gach oibreoir, feirmeoir a bhfuil gabháltas suas le 5 heicteár aige de thalamh a úsáidtear le haghaidh talmhaíochta agus a fhéadfaidh, mar aon le bia nó beatha a tháirgeadh, a bheith ag gabháil do phróiseáil bia nó beatha;

(8) ciallaíonn 'feirmeoir' duine nádúrtha nó dlítheantach, nó grúpa daoine nádúrtha nó dlítheanacha, beag beann ar an stádas dlíthiúil atá bronnta ag an dlí náisiúnta ar an ngrúpa sin agus ar a bhaill, ar duine é nó ar grúpa é atá i mbun gníomhaíochta talmhaíochta;

(9)  ciallaíonn 'limistéar talmhaíochta' limistéar talmhaíochta mar atá sainmhínithe i bpointe (e) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013;

(10) ciallaíonn 'plandaí' plandaí mar atá sainmhínithe i bpointe 5 d'Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009;

(11) ciallaíonn 'táirgeadh plandaí' táirgeadh táirgí barr talmhaíochta lena n‑áirítear buaint táirgí plandaí fiáine chun críocha tráchtála;

(12) ciallaíonn 'táirgí plandaí' táirgí plandaí mar atá sainmhínithe i bpointe 6 d'Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009;

(13) ciallaíonn 'lotnaid' lotnaid mar atá sainmhínithe in Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) Uimh. XX/XXXX (bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí);

(14) ciallaíonn 'táirgí cosanta plandaí' na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009;

(15) ciallaíonn 'táirgeadh beostoic' táirgeadh ainmhithe talún clóis nó ceansaithe, lena n‑áirítear feithidí;

(16) ciallaíonn 'vearanda' cuid bhreise d'fhoirgneamh beostoic atá faoi dhíon, nach bhfuil inslithe agus atá taobh amuigh, ar gnách an taobh is faide de bheith feistithe le fál sreinge nó le sreanglíontán agus a bhfuil aeráid amuigh faoin aer, soilsiú nádúrtha agus saorga agus urlár easraithe ann;

(17) ciallaíonn 'dobharshaothrú' dobharshaothrú mar atá sainmhínithe i bpointe (25) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[39];

(18) ciallaíonn 'cóireáil tréidliachta' gach cóiriú leighis de chineál íceach nó coisctheach i gcoinne aon taom galair ar leith;

(19) ciallaíonn 'táirgí míochaine tréidliachta' táirgí míochaine tréidliachta mar atá sainmhínithe i bpointe 2 d’Airteagal 1 de Threoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[40];

(20) ciallaíonn 'ullmhú' leasú nó próiseáil a dhéanamh ar tháirgí orgánacha, lena n‑áirítear marú agus gearradh i gcás táirgí beostoic, pacáistiú, lipéadú nó athrú a dhéanamh ar an lipéadú a bhaineann le táirgeadh orgánach;

(21) ciallaíonn 'bia' bia mar atá sainmhínithe in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[41];

(22) ciallaíonn 'beatha' beatha mar atá sainmhínithe i bpointe 4 d'Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(23) ciallaíonn 'ábhar beatha' ábhar beatha mar atá sainmhínithe i bpointe (g) d'Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[42];

(24) ciallaíonn 'beatha atá á thiontú' beatha a tháirgtear le linn na tréimhse tiontaithe, cé is moite díobh sin a shaothraítear sa 12 mhí tar éis tús an tiontaithe;

(25) ciallaíonn 'cur ar an margadh' cur ar an margadh mar atá sainmhínithe i bpointe 8 d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(26) ciallaíonn 'inrianaitheacht' inrianaitheacht mar atá sainmhínithe i bpointe 15 d'Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(27) ciallaíonn 'céimeanna den táirgeadh, ullmhú agus dáileadh' aon chéim ó tháirgeadh príomhúil táirge orgánaigh (agus an táirgeadh sin san áireamh) go stóráil, próiseáil, iompar, díol nó soláthar an táirge don tomhaltóir deiridh (agus sin uile san áireamh), agus, nuair is ábhartha, lipéadú, fógraíocht, allmhairiú, onnmhairiú agus gníomhaíochtaí fochonraitheoireachta;

(28) ciallaíonn 'imthosca turraingeacha' imthosca atá ann mar gheall ar 'theagmhas díobhálach aeráide', 'teagmhas comhshaoil', 'tubaiste nádúrtha' nó 'teagmhas turraingeach' mar atá sainmhínithe i bpointí (h), (j), (k) agus (l) d'Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013;

(29) ciallaíonn 'comhábhar' comhábhar mar atá sainmhínithe i bpointe (f) d'Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011;

(30) ciallaíonn 'lipéadú' lipéadú mar atá sainmhínithe i bpointe (j) d'Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011;

(31) ciallaíonn 'fógraíocht' táirgí orgánacha a chur i láthair an phobail in aon slí seachas trí bhíthin lipéid, atá beartaithe dul i gcion ar mheon, creidimh agus iompraíochtaí, nó is dóigh a rachaidh i gcion orthu sin, chun díol táirgí orgánacha a chur chun cinn go díreach nó go hindíreach;

(32) ciallaíonn 'údaráis inniúla' údaráis inniúla mar atá sainmhínithe i bpointe 5 d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXXX [an Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla];

(33) ciallaíonn ‘údarás rialaithe’ údarás rialaithe maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha mar atá sainmhínithe i bpointe 39 d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXXX [an Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla];

(34) ciallaíonn ‘comhlacht rialaithe’ comhlacht tarmligthe mar atá sainmhínithe i bpointe 38 d'Airteagal 2 de Rialachán Uimh. XXX/XXXX [an Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla], agus aon chomhlacht atá aitheanta ag an gCoimisiún nó aitheanta ag tríú tír atá aitheanta ag an gCoimisiún chun rialuithe a dhéanamh i dtríú tíortha i dtaca le hallmhairiú táirgí orgánacha isteach san Aontas;

(35) ciallaíonn ‘neamhchomhlíonadh’ nach gcomhlíontar an Rialachán seo;

(36) ciallaíonn ‘orgánach géinmhodhnaithe’ (dá ngairfear 'OGM' anseo feasta) orgánach géinmhodhnaithe mar atá sainmhínithe i bpointe (2) d'Airteagal 2 de Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[43] nach bhfaightear trí na teicnící modhnaithe géinitigh atá liostaithe in Iarscríbhinn I.B a ghabhann leis an Treoir sin;

(37) ciallaíonn 'a tháirgtear ó OGManna' a bheith díorthaithe go hiomlán nó go páirteach ó OGManna ach gan OGManna a bheith ann ná a bheith comhdhéanta de OGManna;

(38) ciallaíonn 'a tháirgtear trí OGManna a úsáid' a bheith díorthaithe trí OGManna a úsáid sa phróiseas táirgthe ach gan OGManna a bheith ann ná a bheith comhdhéanta de OGManna ná a bheith táirgthe ó OGManna;

(39)  ciallaíonn ‘breiseán bia’ breiseán bia mar atá sainmhínithe i bpointe (a) d'Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[44] ;

(40) ciallaíonn 'breiseán beatha' breiseán beatha mar atá sainmhínithe i bpointe (a) d'Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[45];

(41) ciallaíonn 'coibhéis' na cuspóirí céanna agus prionsabail chéanna a chomhlíonadh trí rialacha a chur i bhfeidhm lena n‑áirithítear an leibhéal comhréireachta céanna; ciallaíonn 'áis phróiseála' áis phróiseála mar atá sainmhínithe i bpointe (b) d'Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008;

(42) ciallaíonn ‘einsím bia’ einsím bia mar atá sainmhínithe i bpointe (a) d'Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[46];

(43) ciallaíonn 'radaíocht ianúcháin' radaíocht ianúcháin mar atá sainmhínithe in Airteagal 1 de Threoir 96/29/Euratom ón gComhairle[47].

Caibidil II

Prionsabail an táirgthe orgánaigh

Airteagal 4

Prionsabail ghinearálta

Córas bainistíochta inbhuanaithe don talmhaíocht is ea táirgeadh orgánach atá bunaithe ar na prionsabail ghinearálta seo a leanas:

(a) córais agus timthriallta an dúlra a urramú agus caomhnú agus feabhsú a dhéanamh ar cháilíocht na hithreach, an uisce, an aeir agus na bithéagsúlachta, ar fholláine plandaí agus ainmhithe agus ar an gcothromaíocht eatarthu;

(b) cuidiú a thabhairt ardleibhéal bithéagsúlachta a chothú;

(c) úsáid fhreagrach a bhaint as fuinneamh agus acmhainní nádúrtha, amhail uisce, ithir, ábhar orgánach agus an t‑aer;

(d) ardchaighdeáin leasa ainmhithe a urramú, go háirithe maidir le riachtanais iompraíochta ainmhithe atá sainiúil don speiceas;

(e) ceapadh agus bainistiú iomchuí próiseas bitheolaíoch bunaithe ar chórais éiceolaíocha a úsáideann acmhainní nádúrtha ó laistigh den chóras féin trí bhíthin modhanna lena mbaineann an méid seo a leanas:

(i)      úsáideann siad orgánaigh bheo agus modhanna táirgthe meicniúla;

(ii)     cleachtann siad saothrú barr agus táirgeadh beostoic a bhaineann leis an gcineál talún nó cleachtann siad dobharshaothrú atá i gcomhréir le prionsabal an tsaothraithe inbhuanaithe iascaigh;

(iii)    ní úsáideann siad OGManna ná táirgí a tháirgtear ó OGManna nó trí OGManna a úsáid, cé is moite de tháirgí míochaine tréidliachta;

(iv)    tá siad bunaithe ar úsáid beart coisctheach, nuair is iomchuí;

(f) srian a bheith ar úsáid ionchur seachtrach. I gcás ina bhfuil gá le hionchuir sheachtracha nó mura bhfuil ann do na cleachtais agus modhanna bainistíochta iomchuí dá dtagraítear i bpointe (e), beidh na hionchuir sheachtracha sin teoranta dóibh seo a leanas:

(i)      ionchuir ó tháirgeadh orgánach;

(ii)     substaintí nádúrtha nó substaintí atá díorthaithe go nádúrtha;

(iii)    leasacháin mhianracha ar íseal-intuaslagthacht;

(g) athchóiriú a dhéanamh, nuair is iomchuí, agus laistigh de chreat an Rialacháin seo, ar an bpróiseas táirgthe, agus aird á tabhairt ar an stádas sláintíoch, ar dhifríochtaí réigiúnacha i gcothromaíocht éiceolaíoch, ar an aeráid agus dálaí áitiúla, ar chéimeanna forbartha agus ar chleachtais feirmeoireachta ar leith.

Airteagal 5

Prionsabail shonracha atá infheidhme maidir le gníomhaíochtaí talmhaíochta agus dobharshaothrú

Faoi chuimsiú gníomhaíochtaí talmhaíochta agus dobharshaothraithe, beidh táirgeadh orgánach bunaithe go háirithe ar na prionsabail shonracha seo a leanas:

(a) beathra ithreach agus torthúlacht nádúrtha na hithreach, cobhsaíocht ithreach agus bithéagsúlacht ithreach a chothú agus a fheabhsú, lena gcuirtear cosc agus comhrac ar bhalcadh ithreach agus ar chreimeadh ithreach, agus plandaí a chothú trí éiceachóras na hithreach go príomha;

(b) úsáid neamh‑in‑athnuaite acmhainní agus ionchur seachtrach a theorannú a mhéid is féidir;

(c) dramhaíl agus seachtháirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch a athchúrsáil mar ionchur i dtáirgeadh plandaí agus beostoic;

(d) folláine plandaí a chothú trí bhearta coisctheacha, go háirithe trí na speicis, cineálacha nó ábhar ilchineálach iomchuí a roghnú atá frithsheasmhach in aghaidh lotnaidí agus galar, trí uainíocht iomchuí na mbarr, trí mhodhanna iomchuí meicniúla agus fisiceacha a roghnú agus trí naimhde nádúrtha lotnaidí a chosaint;

(e) pórtha a roghnú agus aird á tabhairt ar chumas na n‑ainmhithe dul in oiriúint do dhálaí áitiúla, a n‑acmhainneacht agus a bhfrithsheasmhaí atá siad i gcoinne galar nó fadhbanna sláinte; táirgeadh beostoic a chleachtadh atá suíomh‑oiriúnaithe agus a bhaineann leis an gcineál talún; cleachtais feirmeoireachta ainmhithe a chur i bhfeidhm a chuireann leis an gcóras imdhíonachta agus a neartaíonn an chosaint nádúrtha i gcoinne galar, lena n‑áirítear go háirithe aclaíocht rialta agus rochtain ar limistéir faoin aer agus ar thalamh féaraigh, nuair is iomchuí;

(f) meas a bheith ar ardleibhéal leasa ainmhithe agus riachtanais atá sainiúil don speiceas a urramú;

(g) beostoc a bheathú le beatha orgánach atá comhdhéanta de chomhábhair thalmhaíochta ó tháirgeadh orgánach agus de shubstaintí nádúrtha neamhthalmhaíochta;

(h) innealtóireacht ghéiniteach, clónáil ainmhithe, polaplóideacht a ghintear go saorga agus radaíocht ianúcháin a eisiamh ón slabhra bia orgánaigh ar fad;

(i) folláine an chomhshaoil uiscigh agus cáilíocht na n‑éiceachóras uisceach agus domhanda ina thimpeall a chothú;

(j) orgánaigh uisceacha a bheathú le beatha ó shaothrú inbhuanaithe iascaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nó le beatha orgánach atá comhdhéanta de chomhábhair thalmhaíochta ó tháirgeadh orgánach, lena n‑áirítear dobharshaothrú orgánach, agus de shubstaintí nádúrtha neamhthalmhaíochta.

Airteagal 6

Prionsabail shonracha atá infheidhme maidir le próiseáil bia orgánaigh agus beatha orgánaí

Beidh táirgeadh bia orgánaigh phróiseáilte agus beatha orgánaí próiseáilte bunaithe go háirithe ar na prionsabail shonracha seo a leanas:

(a) táirgeadh bia orgánaigh ó chomhábhair thalmhaíochta orgánacha;

(b) táirgeadh beatha orgánaí ó ábhair beatha orgánacha;

(c) teorainn a chur le húsáid breiseán bia agus comhábhar neamhorgánach a bhfuil feidhmeanna céadfacha agus teicneolaíocha acu go príomha agus teorainn a chur le húsáid micreachothaitheach agus áiseanna próiseála, ionas nach mbaintear ach an méid íosta úsáide astu agus i gcás ina bhfuil gá teicneolaíoch ríthábhachtach leis nó chun críocha cothaitheacha sonracha amháin;

(d) úsáid breiseán beatha agus áiseanna próiseála a theorannú do mhéid íosta agus i gcás ina bhfuil gá teicneolaíoch nó zóiteicniúil ríthábhachtachw leis nó chun críocha cothaitheacha sonracha amháin;

(e) substaintí agus modhanna próiseála a eisiamh a d'fhéadfadh a bheith míthreorach maidir le fíorchineál an táirge;

(f) bia nó beatha a phróiseáil go cúramach, agus b'fhearr go n‑úsáidfí modhanna bitheolaíocha, meicniúla agus fisiceacha.

Caibidil III

Rialacha maidir le táirgeadh

Airteagal 7

Rialacha ginearálta maidir le táirgeadh

1.           Comhlíonfaidh oibreoirí na rialacha ginearálta maidir le táirgeadh seo a leanas:

(a) déanfar bainistiú ar an ngabháltas talmhaíochta iomlán nó ar an oibríocht dobharshaothraithe iomlán i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le táirgeadh orgánach;

(b) Mura bhforáiltear a mhalairt i bpointe 2.2 de Chuid IV agus i bpointe 1.3 de Chuid VI d'Iarscríbhinn II, ní fhéadfar ach táirgí agus substaintí arna n‑údarú de bhun Airteagal 19 a úsáid i dtalmhaíocht agus dobharshaothrú orgánach, ar choinníoll go ndearnadh an táirge nó substaint i dtrácht a údarú lena n‑úsáid sa talmhaíocht agus sa dobharshaothrú, i gcomhréir le forálacha ábhartha dhlí an Aontais agus, más gá, sna Ballstáit lena mbaineann, i gcomhréir le forálacha náisiúnta bunaithe ar dhlí an Aontais;

(c) toirmeascfar radaíocht ianúcháin a úsáid chun cóireáil a dhéanamh ar bhia nó beatha orgánach, nó ar amhábhair a úsáidtear i mbia nó beatha orgánach;

(d) oibreoirí orgánacha nach micrifhiontair, feirmeoirí ná oibreoirí a tháirgeann feamainn nó ainmhithe dobharshaothraithe iad, cuirfidh siad córas bainistíochta comhshaoil i bhfeidhm d'fhonn a bhfeidhmíocht comhshaoil a fheabhsú.

2.           Chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha ginearálta maidir le táirgeadh i bhfeidhm mar is ceart, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 ina soláthrófar na critéir a mbeidh an córas bainistíochta comhshaoil dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 ag freagairt dóibh. Cuirfear sainiúlachtaí na bhfiontar beag agus meánmhéide san áireamh sna critéir sin.

Airteagal 8

Tiontú

1.           Urramóidh feirmeoirí agus oibreoirí a tháirgeann feamainn nó ainmhithe dobharshaothraithe tréimhse tiontaithe. Le linn na tréimhse iomláine tiontaithe ba cheart dóibh na rialacha maidir le táirgeadh orgánach atá leagtha síos sa Rialachán seo agus, go háirithe, na rialacha sonracha maidir le tiontú atá leagtha amach in Iarscríbhinn II, a chur i bhfeidhm.

2.           Cuirfear tús le tréimhse an tiontaithe ar a luaithe nuair a bheidh fógra tugtha ag an bhfeirmeoir nó ag an oibreoir a tháirgeann feamainn nó ainmhithe dobharshaothraithe faoina ghníomhaíocht do na húdaráis inniúla i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(2a) De mhaolú ar mhír 2, i gcásanna inar fágadh an talamh díomhaoin gan chur roimh an bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 24(1) ar feadh na tréimhse is gá le haghaidh tiontaithe ar a laghad agus ar choinníoll go bhfuil na ceanglais eile is gá á gcomhlíonadh, ní bheidh tréimhse tiontaithe de dhíth ar an talamh gan chur seo.

3.           Ní fhéadfar aon tréimhse roimhe sin a aithint go haisghníomhach mar chuid den tréimhse tiontaithe.

4.           Ní dhéanfar táirgí arna dtáirgeadh le linn na tréimhse tiontaithe a mhargú mar tháirgí orgánacha.

5.           De mhaolú ar Airteagal 7(1), le linn na tréimhse tiontaithe, féadfar an gabháltas talmhaíochta a roinnt ina aonaid atá scartha go soiléir nach ndéantar bainistiú ar gach ceann díobh mar tháirgeadh orgánach. Maidir le beostoc, beidh speicis éagsúla i gceist sa táirgeadh orgánach le linn na tréimhse tiontaithe. Maidir le dobharshaothrú, féadfaidh an speiceas céanna a bheith i gceist, ar choinníoll go mbeidh deighilt leordhóthanach idir na suíomhanna táirgeachta. Maidir le plandaí, beidh cineálacha éagsúla is féidir idirdhealú a dhéanamh eatarthu go héasca i gceist sa táirgeadh orgánach le linn na tréimhse tiontaithe.

6.           Chun cáilíocht, inrianaitheacht agus comhlíonadh an Rialacháin seo maidir le táirgeadh orgánach agus oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 lena bhforlíontar na rialacha atá leagtha síos san Airteagal seo nó lena bhforlíontar agus lena leasaítear na rialacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn II i ndáil le tiontú.

Airteagal 9

Toirmeasc ar úsáid OGManna

1.           Ní úsáidfear OGManna ná táirgí a tháirgtear ó OGManna nó trí OGManna a úsáid i mbia nó i mbeatha ná mar bhia, beatha, áiseanna próiseála, táirgí cosanta plandaí, leasacháin, oiriúntóirí ithreach, ábhar atáirgthe plandaí, miocrorgánaigh agus ainmhithe i dtáirgeadh orgánach.

2.           Chun críocha mhír 1, i ndáil le OGManna nó táirgí a tháirgtear ó OGManna nó trí OGManna a úsáid le haghaidh bia agus beatha, féadfaidh oibreoirí dul i muinín na lipéad ar tháirge nó aon doiciméid eile a ghabhann leis, atá greamaithe de nó a chuirtear ar fáil de bhun Threoir 2001/18/EC, Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[48] nó Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[49].

3.           Féadfaidh oibreoirí toimhde a dhéanamh nár úsáideadh aon OGManna ná táirgí a tháirgtear ó OGManna nó trí OGManna a úsáid i monarú bia agus beatha a ceannaíodh más rud é nach bhfuil lipéadú ar tháirgí den sórt sin, agus nach bhfuil doiciméad ag gabháil leo, de bhun na Rialachán dá dtagraítear i mír 2, ach amháin má tá faisnéis eile faighte acu a thugann le fios nach bhfuil an lipéadú ar na táirgí lena mbaineann i gcomhréir leis na Rialacháin sin.

Airteagal 10

Rialacha maidir le táirgeadh plandaí

1.           Comhlíonfaidh oibreoirí a tháirgeann plandaí nó táirgí plandaí go háirithe na rialacha sonracha maidir le táirgeadh atá leagtha amach i gCuid I d'Iarscríbhinn II.

2.           Áiritheoidh gach Ballstát go mbunófar bunachar sonraí ríomhairithe chun liosta a dhéanamh de na cineálacha agus den ábhar ilchineálach, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XX/XXX (dlí ÁAP), lena bhfuil ábhar atáirgthe plandaí a fuarthas tríd an modh táirgthe orgánaigh ar fáil ar a chríoch.

3.           Chun cáilíocht, inrianaitheacht agus comhlíonadh an Rialacháin seo maidir le táirgeadh orgánach plandaí agus oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 lena leasaítear nó lena bhforlíontar na rialacha sonracha maidir le táirgeadh plandaí i dtaca leis na nithe seo a leanas:

(a) cleachtais saothraithe;

(b) bainistiú agus leasú ithreach;

(c) sláinte plandaí agus lotnaidí agus fiailí a bhainistiú;

(d) bainistiú ar tháirgeadh beacán agus ar chórais shonracha plandaí agus táirgthe plandaí eile;

(e) tástálacha ar thionscamh ábhair atáirgthe plandaí;

(f) plandaí fiáine a bhailiú.

4.           Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na sonraí teicniúla chun an bunachar sonraí dá dtagraítear i mír 2 a bhunú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

Airteagal 11

Rialacha maidir le táirgeadh beostoic

1.           Comhlíonfaidh oibreoirí beostoic go háirithe na rialacha sonracha maidir le táirgeadh atá leagtha amach i gCuid II d'Iarscríbhinn II.

2.           Chun cáilíocht, inrianaitheacht agus comhlíonadh an Rialacháin seo maidir le táirgeadh orgánach beostoic agus oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 lena leasaítear nó lena bhforlíontar na rialacha sonracha maidir le táirgeadh beostoic i dtaca leis na nithe seo a leanas:

(a) tionscnamh ainmhithe;

(b) tithíocht beostoic, lena n‑áirítear íosachar dromchla taobh istigh agus taobh amuigh agus an t‑uaslíon ainmhithe in aghaidh an heicteáir;

(c) cleachtais feirmeoireachta;

(d) pórú;

(e) beatha agus beathú;

(f) cosc galar agus cóireáil tréidliachta;

Airteagal 12

Rialacha táirgthe maidir le feamainn agus ainmhithe dobharshaothraithe

1.           Comhlíonfaidh oibreoirí a tháirgeann feamainn agus ainmhithe dobharshaothraithe go háirithe na rialacha sonracha maidir le táirgeadh atá leagtha amach i gCuid III d'Iarscríbhinn II.

2.           Chun cáilíocht, inrianaitheacht agus comhlíonadh an Rialacháin seo maidir le táirgeadh orgánach feamainne agus oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 lena leasaítear nó lena bhforlíontar na rialacha sonracha maidir le táirgeadh feamainne i dtaca leis na nithe seo a leanas:

(a) oiriúnacht an mheáin uiscigh agus an phlean bainistíochta inbhuanaithe;

(b) feamainn fhiáin a bhaint;

(c) saothrú feamainne;

(d) bearta frith‑thruaillithe agus trealamh agus áiseanna táirgthe a ghlanadh.

3.           Chun cáilíocht, inrianaitheacht agus comhlíonadh an Rialacháin seo maidir le táirgeadh ainmhithe dobharshaothraithe orgánacha agus oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 lena leasaítear nó lena bhforlíontar na rialacha sonracha táirgthe maidir le hainmhithe dobharshaothraithe i dtaca leis na nithe seo a leanas:

(a) oiriúnacht an mheáin uiscigh agus an phlean bainistíochta inbhuanaithe;

(b) tionscnamh ainmhithe dobharshaothraithe;

(c) feirmeoireacht dobharshaothraithe, lena n‑áirítear córais coimeádta uisceacha, córais táirgthe, uasdlús stocála agus, nuair is iomchuí, íosdlús stocála;

(d) pórú;

(e) ainmhithe dobharshaothraithe a bhainistiú;

(f) beatha agus beathú;

(g) cosc galar agus cóireáil tréidliachta;

Airteagal 13

Rialacha táirgthe maidir le bia próiseáilte agus beatha phróiseáilte

1.           Comhlíonfaidh oibreoirí a tháirgeann bia agus beatha próiseáilte go háirithe na rialacha sonracha maidir le táirgeadh atá leagtha amach i gCuid IV d Iarscríbhinn II.

2.           Chun cáilíocht, inrianaitheacht agus comhlíonadh an Rialacháin seo maidir le táirgeadh bia phróiseáilte orgánaigh agus beatha próiseáilte orgánaí agus oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 lena leasaítear nó lena bhforlíontar na rialacha sonracha táirgthe maidir le bia próiseáilte agus beatha phróiseáilte i dtaca leis na nithe seo a leanas:

(a) na nósanna imeachta atá le leanúint;

(b) na bearta coisctheacha atá le déanamh;

(c) comhdhéanamh agus coinníollacha úsáide bia agus beatha próiseáilte, lena n‑áirítear táirgí agus substaintí atá ceadaithe lenaa n‑úsáid i mbia próiseáilte agus beatha phróiseáilte;

(d) bearta glantacháin;

(e) táirgí próiseáilte a chur ar an margadh lena n‑áirítear lipéadú agus sainaithint na dtáirgí sin;

(f) táirgí, comhábhair talmhaíochta agus ábhair beatha orgánacha a dhealú ó tháirgí, comhábhair talmhaíochta agus ábhair beatha neamhorgánacha;

(g) liosta na gcomhábhar talmhaíochta neamhorgánacha ar féidir úsáid eisceachtúil a bhaint astu chun táirgí próiseáilte orgánacha a tháirgeadh;

(h) ríomh an chéatadáin de chomhábhair talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 21(3)(a)(ii) agus (b);

(i) na teicnící a úsáidtear i bpróiseáil bia nó i bpróiseáil beatha.

Airteagal 14

Rialacha táirgthe maidir le fíon

1.           Comhlíonfaidh oibreoirí a tháirgeann táirgí na hearnála fíona go háirithe na rialacha sonracha maidir le táirgeadh atá leagtha amach i gCuid V d'Iarscríbhinn II.

2.           Chun cáilíocht, inrianaitheacht agus comhlíonadh an Rialacháin seo maidir le táirgeadh fíona orgánaigh agus oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 lena leasaítear nó lena bhforlíontar na rialacha sonracha maidir le táirgeadh fíona i dtaca le cleachtais fhíoneolaíocha agus sriantaí fíoneolaíocha.

Airteagal 15

Rialacha táirgthe maidir le giosta a úsáidtear mar bhia nó mar bheatha

1.           Comhlíonfaidh oibreoirí a tháirgeann giosta a úsáidfear mar bhia nó mar bheatha go háirithe na rialacha sonracha maidir le táirgeadh atá leagtha amach i gCuid VI d'Iarscríbhinn II.

2.           Chun cáilíocht, inrianaitheacht agus comhlíonadh an Rialacháin seo maidir le táirgeadh orgánach giosta agus oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 lena leasaítear nó lena bhforlíontar na rialacha sonracha maidir le táirgeadh giosta i dtaca leis an bpróiseáil agus leis na substráití arna n‑úsáid.

Airteagal 16

Rialacha táirgthe maidir le táirgí eile

Chun aird a thabhairt ar aon ghá amach anseo rialacha sonracha maidir le táirgeadh a bheith ann do tháirgí eile seachas na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 10 go hAirteagal 15, agus chun cáilíocht, inrianaitheacht agus comhlíonadh an Rialacháin seo maidir le táirgeadh orgánach na dtáirgí breise eile sin a áirithiú agus oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 lena leasaítear nó lena bhforlíontar Iarscríbhinn II i ndáil le rialacha táirgthe sonracha maidir leis na táirgí sin.

Airteagal 17

Rialacha eisceachtúla maidir le táirgeadh a ghlacadh

Chun go bhféadfar leanúint de tháirgeadh orgánach nó an táirgeadh sin a atosú arís i gcásanna lena mbaineann imthosca turraingeacha agus faoi réir na bprionsabal atá leagtha síos i gCaibidil II, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 lena ndéanfar foráil maidir leis na critéir lena mbeidh cásanna den sórt sin incháilithe mar chásanna turraingeacha agus lena leagfar síos rialacha sonracha maidir le conas déileáil leo agus maidir leis na ceanglais faireacháin agus tuairiscithe.

Airteagal 18

Bailiú, pacáistiú, iompar agus stóráil

1. Déanfar táirgí orgánacha a bhailiú, a phacáistiú, a iompar agus a stóráil i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn III.

2. Chun sláine an táirgthe orgánaigh agus oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 lena leasaítear nó lena bhforlíontar na rialacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn III.

Airteagal 19

Táirgí agus substaintí a úsáidtear i dtáirgeadh orgánach a údarú

1.           Féadfaidh an Coimisiún táirgí agus substaintí áirithe a údarú lena n‑úsáid i dtáirgeadh orgánach agus iad a chur san áireamh i liostaí na dtáirgí agus substaintí srianta, chun na críocha seo a leanas:

(a) mar tháirgí cosanta plandaí;

(b) mar leasacháin, oiriúntóirí ithreach agus cothaithigh;

(c) mar ábhair beatha;

(d) mar bhreiseáin beatha agus áiseanna próiseála;

(e) mar tháirgí chun linnte, cásanna, umair, rásbhealaí, foirgnimh agus suiteálacha a úsáidtear le haghaidh táirgeadh ainmhithe a ghlanadh agus a dhíghalrú;

(f) mar tháirgí chun foirgnimh agus suiteálacha a úsáidtear don táirgeadh plandaí, lena n‑áirítear stóráil ar ghabháltas talmhaíochta, a ghlanadh agus a dhíghalrú.

Go háirithe, féadfaidh an Coimisiún táirgí agus substaintí áirithe a údarú lena n‑úsáid i dtáirgeadh bia phróiseáilte orgánaigh agus iad a chur san áireamh i liostaí na dtáirgí agus substaintí srianta, chun na críocha seo a leanas:

(a) mar bhreiseáin bia, einsímí bia agus áiseanna próiseála;

(b) mar áiseanna próiseála chun giosta agus táirgí giosta a tháirgeadh.

2.           Beidh údarú na dtáirgí agus substaintí dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 lena n‑úsáid i dtáirgeadh orgánach faoi réir na bprionsabal atá leagtha síos i gCaibidil II agus faoi réir na gcritéar seo a leanas, critéir a mheasfar ina n‑iomláine:

(a) tá a n‑úsáid riachtanach chun táirgeadh marthanach a dhéanamh agus ríthábhachtach don úsáid dá bhfuil siad beartaithe;

(b) gach táirge agus substaint, is de thionscnamh plandaí, ainmhíoch, miocróbach nó mianrach é, ach amháin i gcásanna nach bhfuil táirgí nó substaintí ó fhoinsí den sórt sin ar fáil i gcainníochtaí nó i gcáilíochtaí leordhóthanacha nó mura bhfuil roghanna malartacha ar fáil;

(c) i gcás táirgí dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(i)      tá a n‑úsáid ríthábhachtach chun lotnaid a chomhrac, ar lotnaid í nach bhfuil roghanna malartacha bitheolaíocha, fisiceacha nó póraithe ná cleachtais saothraithe ná cleachtais éifeachtacha bainistithe eile ar fáil ina leith;

(ii)     más táirgí iad nach de thionscnamh plandaí, ainmhíoch, miocróbach nó mianrach iad agus nach bhfuil comhionann lena bhfoirm nádúrtha, ní fhéadfar iad a údarú ach amháin má chuireann coinníollacha a n‑úsáide bac ar aon teagmháil dhíreach leis na codanna inite den bharr;

(d) i gcás táirgí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1, tá a n‑úsáid ríthábhachtach chun torthúlacht na hithreach a bhaint amach nó a chothú nó chun riachtanais shonracha barr a chomhlíonadh, nó chun críocha sonracha oiriúnaithe ithreach;

(e) i gcás táirgí dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 1, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(i)      is gá iad a úsáid chun sláinte ainmhithe, leas ainmhithe agus acmhainneacht ainmhithe a chothú agus chun rannchuidiú le aiste bia oiriúnach a chomhlíonfaidh riachtanais fhiseolaíocha agus iompraíochta an speicis lena mbaineann nó is gá iad a úsáid chun beatha a tháirgeadh nó a chaomhnú toisc nach féidir beatha a tháirgeadh ná a chaomhnú gan dul i muinín substaintí den sórt sin;

(ii)     beatha de thionscnamh mianrach, riandúile, vitimíní nó próivitimíní, beidh siad de thionscnamh nádúrtha, ach amháin i gcásanna nach bhfuil táirgí nó substaintí ó fhoinsí den sórt sin ar fáil i gcainníochtaí nó i gcáilíochtaí leordhóthanacha nó mura bhfuil roghanna malartacha ar fáil;

Beidh údarú na dtáirgí agus substaintí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 lena n‑úsáid chun bia próiseáilte orgánach a tháirgeadh faoi réir na bprionsabal atá leagtha síos i gCaibidil II agus faoi réir na gcritéar seo a leanas, critéir a mheasfar ina n‑iomláine:

(a) níl roghanna malartacha arna n‑údarú i gcomhréir leis an Airteagal seo ar fáil;

(b) bheadh sé dodhéanta an bia a tháirgeadh nó a chaomhnú nó riachtanais cothaithe tugtha dá bhforáiltear ar bhonn reachtaíocht an Aontais a chomhlíonadh, gan dul i muinín na dtáirgí agus substaintí sin;

(c) tá siad le fáil sa dúlra agus ní fhéadfar ach próisis mheicniúla, fhisiceacha, bhitheolaíocha, einsímeacha nó mhiocróbacha a bheith déanta orthu, ach amháin i gcásanna nach bhfuil táirgí ná substaintí ó fhoinsí den sórt sin ar fáil i gcainníochtaí nó i gcáilíochtaí leordhóthanacha.

Ní thabharfar an t‑údarú chun táirgí nó substaintí atá sintéisithe go ceimiceach a úsáid ach i gcásanna ina mbeadh tionchar doghlactha ar an gcomhshaol dá mbainfí úsáid as na hionchuir sheachtracha dá dtagraítear in Airteagal 4(f), agus sna cásanna sin amháin.

3.           Chun cáilíocht, inrianaitheacht agus comhlíonadh an Rialacháin seo maidir le táirgeadh orgánach go ginearálta agus maidir le táirgeadh bia phróiseáilte orgánaigh go sonrach, agus oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 lena ndéantar foráil maidir le critéir bhreise chun údarú táirgí agus substaintí dá dtagraítear i mír 1 lena n‑úsáid i dtáirgeadh orgánach go ginearálta agus i dtáirgeadh bia phróiseáilte orgánaigh go sonrach, a údarú nó a aistarraingt , agus maidir le ceanglais agus coinníollacha eile a bhaineann le húsáid táirgí agus substaintí údaraithe den sórt sin.

4.           I gcás ina measann Ballstát gur cheart táirge nó substaint a chur le liostaí na dtáirgí agus substaintí údaraithe dá dtagraítear i mír 1 nó gur cheart táirge nó substaint a bhaint de na liostaí sin, nó gur cheart na sonraíochtaí úsáide atá luaite sna rialacha maidir le táirgeadh a leasú, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go ndéanfar sainchomhad ina leagfar amach na cúiseanna a bheidh le táirge nó substaint a áireamh nó a bhaint, nó na cúiseanna a bheidh leis na leasuithe, a sheoladh go hoifigiúil chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile.

Foilseoidh na Ballstáit iarrataí ar leasú nó ar bhaint den liosta.

5.           Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena n‑údaraítear nó lena n‑aistarraingítear údarú táirgí agus substaintí is féidir a úsáid i dtáirgeadh orgánach go ginearálta agus táirgí agus substaintí is féidir a úsáid i dtáirgeadh bia phróiseáilte orgánaigh go sonrach, agus lena mbunaítear na nósanna imeachta atá le leanúint maidir leis an údarú agus liostaí na dtáirgí agus na substaintí sin agus, más iomchuí, tuairisc orthu, ceanglais maidir lena gcomhdhéanamh agus coinníollacha a n‑úsáide. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

Airteagal 20

Táirgí nó substaintí neamhúdaraithe a bheith ann

1.           Táirgí a n‑aimsítear go bhfuil táirgí nó substaintí nár údaraíodh i gcomhréir le hAirteagal 19 iontu atá thar na leibhéil arna mbunú agus Treoir 2006/125/CE san áireamh go háirithe, ní dhéanfar margú ar na táirgí sin mar tháirgí orgánacha.

2.           Chun éifeachtacht, éifeachtúlacht agus trédhearcacht an chórais táirgthe agus lipéadaithe orgánaigh a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 maidir leis na critéir shonracha agus coinníollacha sonracha chun na leibhéil dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm agus maidir leis na leibhéil sin a bhunú agus iad a oiriúnú i bhfianaise forbairtí teicniúla.

3.           De mhaolú ar Airteagal 211(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus faoi réir údaraithe ón gCoimisiún, údarú a ghlacfar gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 37(2) ná (3) den Rialachán seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh Ballstáit íocaíochta náisiúnta a thabhairt chun feirmeoirí a chúiteamh as na caillteanais arna dtabhú acu de dheasca a gcuid táirgí talmhaíochta a éilliú le táirgí nó substaintí neamhúdaraithe, éilliú a chuireann cosc orthu na táirgí sin a mhargú mar tháirgí orgánacha, ar choinníoll go bhfuil gach beart iomchuí déanta ag na feirmeoirí chun an riosca éillithe den sórt sin a chosc. Féadfaidh Ballstáit ionstraimí an Chomhbheartais Talmhaíochta a úsáid chun caillteanais den sórt sin a chumhdach ina n‑iomláine nó i bpáirt freisin.

Caibidil IV

Lipéadú

Airteagal 21

Téarmaí a thagraíonn don táirgeadh orgánach a úsáid

1.           Chun críocha an Rialacháin seo, measfar téarmaí a thagraíonn don táirgeadh orgánach a bheith ar tháirge i gcás ina dtugtar tuairisc ar tháirge den sórt sin, ar a chomhábhair nó ar a ábhair beatha, sa lipéadú, san ábhar fógraíochta nó i ndoiciméid tráchtála, i dtéarmaí a thugann le fios don cheannaitheoir go bhfuarthas an táirge, a chomhábhair nó a ábhair beatha i gcomhréir leis an Rialachán seo. Go háirithe, féadfar na téarmaí atá sa liosta in Iarscríbhinn IV, a ndíorthaigh nó leaganacha giorraithe díobh, amhail 'bith‑' agus 'éicea-', leo féin nó i dteannta a chéile, a úsáid ar fud an Aontais agus in aon teanga atá liostaithe san Iarscríbhinn sin chun lipéadú agus fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí a chomhlíonann an Rialachán seo.

2.           I gcás na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), ní úsáidfear na téarmaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo aon áit san Aontas, ná in aon cheann de na teangacha atá liostaithe in Iarscríbhinn IV, i lipéadú, fógraíocht agus doiciméid tráchtála táirge nach gcomhlíonann an Rialachán seo.

Ina theannta sin, ní úsáidfear aon téarmaí, lena n‑áirítear téarmaí a úsáidtear i dtrádmharcanna, ná aon chleachtais a úsáidtear i lipéadú ná i bhfógraíocht a d'fhéadfadh an tomhaltóir nó an t‑úsáideoir a chur ar míthreoir trína thabhairt le tuiscint go gcomhlíonann táirge nó comhábhair táirge an Rialachán seo.

3.           Maidir le bia próiseáilte, féadfar na téarmaí dá dtagraítear i mír 1 a úsáid:

(a) sa tuairisc díolacháin ar choinníoll:

(i)      go gcomhlíonann an bia próiseáilte na rialacha maidir le táirgeadh atá leagtha amach i gCuid IV d'Iarscríbhinn II;

(ii)     gur comhábhair orgánacha iad 95% ar a laghad dá chomhábhair talmhaíochta de réir meáchain;

(b) i liosta na gcomhábhar amháin, i gcás inar comhábhair orgánacha iad níos lú ná 95% de na comhábhair talmhaíochta agus ar choinníoll go bhfuil na comhábhair sin i gcomhréir leis na rialacha maidir le táirgeadh atá leagtha amach sa Rialachán seo.

Sonrófar ar liosta na gcomhábhar dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír cad iad na comhábhair orgánacha. Ní fhéadfar na tagairtí don táirgeadh orgánach a bheith ann ach amháin i dtaca leis na comhábhair orgánacha. I liosta na gcomhábhar sin, beidh tásc maidir le céatadán iomlán na gcomhábhar orgánach i gcomparáid le méid iomlán na gcomhábhar talmhaíochta.

Na téarmaí dá dtagraítear i mír 1 agus tásc an chéatadáin dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, beidh siad sa dath céanna, ar mhéid chomhionann agus sa stíl chéanna litreoireachta leis na tásca eile ar liosta na gcomhábhar.

4.           Chun soiléireacht a sholáthar do thomhaltóirí agus lena áirithiú go dtugtar an fhaisnéis iomchuí dóibh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 a bhaineann le hoiriúnú liosta na dtéarmaí atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV, agus forbairtí teanga laistigh de na Ballstáit san áireamh agus a bhaineann le ceanglais shonracha lipéadaithe agus comhdhéanaimh a bhunú is infheidhme maidir le beatha agus comhábhair beatha.

Airteagal 22

Tásca éigeantacha

1.           I gcás ina n‑úsáidtear téarmaí dá dtagraítear in Airteagal 21(1):

(a) beidh códuimhir an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe a bhfuil an t‑oibreoir a rinne an oibríocht dheireanach táirgthe nó ullmhúcháin faoina réir le feiceáil freisin ar an lipéadú;

(b) beidh lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach dá dtagraítear in Airteagal 23 maidir le bia réamhphacáilte mar atá sainmhínithe i bpointe (e) d'Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 le feiceáil ar an bpacáistíocht freisin.

2.           I gcás ina mbaintear úsáid as lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach, déanfar tásc maidir leis an áit inar saothraíodh na hamhábhair talmhaíochta dá bhfuil an táirge comhdhéanta a léiriú chomh maith sa réimse céanna amhairc ina mbeidh an lógó agus beidh sé i gceann de na foirmeacha seo a leanas, mar is iomchuí:

(a) 'Talmhaíocht an AE', i gcás inar saothraíodh an t‑amhábhar talmhaíochta san Aontas;

(b) 'Talmhaíocht nach Talmhaíocht an AE í', i gcás inar saothraíodh an t‑amhábhar talmhaíochta i dtríú tíortha;

(c) 'Talmhaíocht an AE/Talmhaíocht nach Talmhaíocht an AE í' i gcás inar saothraíodh cuid de na hamhábhair talmhaíochta san Aontas agus inar saothraíodh cuid díobh i dtríú tír.

Féadfar an focal 'Dobharshaothrú' a chur in ionad an fhocail 'Talmhaíocht' de réir mar is iomchuí.

Féadfar ainm tíre a chur in ionad an táisc 'AE' nó 'nach AE í' nó an méid sin a fhorlíonadh le hainm tíre más rud é gur saothraíodh na hamhábhair talmhaíochta go léir dá bhfuil an táirge comhdhéanta sa tír sin.

Don tásc 'AE' nó 'nach AE í', féadfar neamhaird a thabhairt ar chainníochtaí beaga de réir meáchain ar choinníoll nach mbeidh cainníocht iomlán na gcomhábhar a dtugtar neamhaird orthu os cionn 5 % de chainníocht iomlán na n‑amhábhar talmhaíochta de réir meáchain.

Ní bheidh an tásc 'AE' nó 'nach AE í' le feiceáil i ndath, méid ná stíl litreoireachta a bheidh níos feiceálaí ná ainm an bhia.

3.           Marcálfar na tásca dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 23(3) in áit fheiceálach sa chaoi go mbeidh siad sofheicthe, inléite gan dua, agus doscriosta.

4.           Chun soiléireacht a sholáthar do thomhaltóirí agus lena áirithiú go dtugtar an fhaisnéis iomchuí dóibh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 lena leagtar síos tuilleadh rialacha maidir le lipéadú agus maidir le húsáid na dtásc dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 23(3).

5.           Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a) na rialacha mionsonraithe sonracha agus praiticiúla maidir le cur i láthair, comhdhéanamh agus méid na dtásc dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 23(3);

(b) sannadh na gcóduimhreacha d'údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe;

(c) an tásc maidir leis an áit inar saothraíodh na hamhábhair thalmhaíochta, i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo agus le hAirteagal 23(3).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

Airteagal 23

Lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach

1.           Féadfar lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a úsáid sa lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht ar tháirgí a chomhlíonann an Rialachán seo.

2.           Is fianú oifigiúil é lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach i gcomhréir le hAirteagal 85 agus Airteagal 90 de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXXX [an Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla].

3.           Beidh úsáid lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach roghnach do tháirgí arna n‑allmhairiú ó thríú tíortha. Chomh maith leis sin, i gcás ina mbeidh an lógó sin le feiceáil ar an lipéadú, beidh an tásc dá dtagraítear in Airteagal 22(2) le feiceáil ar an lipéadú freisin.

4.           Cloífidh lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach leis an tsamhail atá leagtha amach in Iarscríbhinn V agus comhlíonfaidh sé na rialacha atá leagtha amach san Iarscríbhinn sin.

5.           Féadfar lógónna náisiúnta agus príobháideacha a úsáid sa lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht ar tháirgí a chomhlíonann an Rialachán seo.

6.           Chun soiléireacht a thabhairt do thomhaltóirí agus a áirithiú go dtugtar an fhaisnéis iomchuí dóibh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 lena leasaítear lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach agus na rialacha a bhaineann leis atá leagtha amach in Iarscríbhinn V.

Caibidil V

Deimhniúchán orgánach

Airteagal 24

Córas deimhniúcháin orgánaigh

1.           Oibreoirí nó grúpaí oibreoirí a tháirgeann, a ullmhaíonn nó a stórálann táirgí orgánacha, a allmhairíonn táirgí den sórt sin ó thríú tír nó a onnmhairíonn táirgí den sórt sin chuig tríú tír nó a chuireann táirgí den sórt sin ar an margadh mar tháirgí orgánacha nó roimh an tiontú, tabharfaidh siad fógra faoina ngníomhaíocht d'údaráis inniúla na mBallstát ina ndéantar an ghníomhaíocht.

2.           I gcás ina gcuirfidh oibreoirí nó grúpaí oibreoirí aon cheann dá gcuid gníomhaíochtaí ar fochonradh chuig tríú páirtí, comhlíonfaidh na hoibreoirí agus grúpaí oibreoirí agus an tríú páirtí ar cuireadh na gníomhaíochtaí ar fochonradh chuige araon mír 1.

3.           Coinneoidh oibreoirí agus grúpaí oibreoirí taifid maidir leis na gníomhaíochtaí éagsúla a mbíonn siad ag gabháil dóibh, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

4.           Coimeádfaidh na húdaráis inniúla liosta cothrom le dáta ina mbeidh ainmneacha agus seoltaí na n‑oibreoirí agus na ngrúpaí oibreoirí a thug fógra maidir lena gcuid gníomhaíochtaí i gcomhréir le mír 1 agus cuirfidh siad an liosta sin ar fáil don phobal, mar aon leis an bhfaisnéis a bhaineann lena ndeimhnithe orgánacha dá dtagraítear in Airteagal 25(1). Urramóidh na húdaráis inniúla na ceanglais maidir le sonraí pearsanta a chosaint faoi Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[50].

5.           Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na táillí a fhéadfaidh na húdaráis inniúla, na húdaráis rialaithe nó na comhlachtaí rialaithe a bhailiú i gcomhréir le hAirteagal 76 de Rialachán (AE) Uimh. XX/XXXX [an Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla] ar fáil don phobal.

6.           Chun éifeachtacht, éifeachtúlacht agus trédhearcacht an chórais táirgthe agus lipéadaithe orgánaigh a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 a bhaineann leis na ceanglais maidir le taifid a choimeád, na ceanglais maidir leis an liosta dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a fhoilsiú agus na ceanglais agus nósanna imeachta atá le cur i bhfeidhm maidir leis na táillí dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a fhoilsiú agus maidir le maoirseacht na n‑údarás inniúil ar chur i bhfeidhm na dtáillí sin.

7.           Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun mionsonraí agus sonraíochtaí a sholáthar maidir le hábhar agus foirm an fhógra agus an chaoi a dtabharfar an fógra dá dtagraítear i mír 1 agus an fhoirm ina bhfoilseofar na táillí dá dtagraítear i mír 5. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

Airteagal 25

Deimhniú orgánach

1.           Beidh oibreoirí agus grúpaí oibreoirí a thug fógra faoina ngníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 24(1) agus a chomhlíonann an Rialachán seo i dteideal deimhniú orgánach a fháil. Leis an deimhniú orgánach, a eiseofar i bhfoirm leictreonach más féidir, beifear in ann an t‑oibreoir nó an grúpa oibreoirí a shainaithint, chomh maith le cineál nó raon na dtáirgí arna gcumhdach leis an deimhniú agus a thréimhse bailíochta, ar a laghad.

2.           Is deimhniú oifigiúil é an deimhniú orgánach laistigh de bhrí Airteagal 85 agus Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXXX [an Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla].

3.           Ní bheidh oibreoirí agus grúpaí oibrithe i dteideal deimhniú orgánach a fháil ó údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe difriúla don ghrúpa céanna táirgí, lena n‑áirítear nuair a bhíonn na hoibreoirí agus grúpaí oibreoirí sin ag gabháil do chéimeanna difriúla táirgthe, ullmhúcháin agus dáileacháin.

4.           Ní bheidh baill de ghrúpa oibreoirí i dteideal deimhniú orgánach aonair a fháil le haghaidh aon cheann de na gníomhaíochtaí arna gcumhdach ag deimhniúchán an ghrúpa.

5.           Déanfaidh oibreoirí deimhniú orgánach na n‑oibreoirí atá mar sholáthraithe acu a fhíorú go córasach.

6.           Chun éifeachtacht, éifeachtúlacht agus trédhearcacht an chórais táirgthe agus lipéadaithe orgánaigh a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 a bhaineann leis na critéir lena sainmhínítear na grúpaí táirgí dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 26

Grúpaí oibreoirí

1.           Bunóidh gach grúpa oibreoirí córas um rialuithe inmheánacha. Beidh an córas sin comhdhéanta de thacar doiciméadaithe gníomhaíochtaí agus nósanna imeachta rialaithe, a mbeidh duine nó comhlacht sainaitheanta freagrach as a fhíorú go bhfuil gach ball den ghrúpa ag comhlíonadh an Rialacháin seo i gcomhréir leis an tacar sin.

2.           I gcás easnaimh a bheith ann i dtaca le bunú nó feidhmiú an chórais um rialuithe inmheánacha dá dtagraítear i mír 1, go háirithe i ndáil le gan neamhchomhlíonadh bhaill aonair an ghrúpa oibreoirí a bhrath nó gan dul i ngleic leis, ar neamhchomhlíonadh é a dhéanann difear do shláine táirgí orgánacha, féadfar an deimhniú orgánach a aistarraingt don ghrúpa iomlán.

3.           Chun feidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil an deimhniúcháin ar ghrúpa oibreoirí a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 a bhaineann le freagrachtaí na mball aonair de ghrúpa oibreoirí, comhdhéanamh agus scóip grúpa oibreoirí, catagóirí na dtáirgí atá le táirgeadh ag grúpa oibreoirí, na coinníollacha a bhaineann le bheith páirteach i ngrúpa oibreoirí, bunú agus feidhmiú chóras an ghrúpa um rialuithe inmheánacha, lena n‑áirítear raon feidhme, ábhar agus minicíocht na rialuithe atá le déanamh.

4.           Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le malartú faisnéise idir grúpa oibreoirí agus an t‑údarás inniúil nó na húdaráis inniúla, údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe, agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

CAIBIDIL VI

Trádáil le tríú tíortha

Airteagal 27

Táirgí orgánacha a onnmhairiú

1.           Féadfar táirge a onnmhairiú ón Aontas mar tháirge orgánach agus lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a bheith air má chomhlíonann sé an Rialachán seo.

Táirge atá beartaithe lena onnmhairiú mar tháirge orgánach chuig tríú tír atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 31, áfach, féadfar é a onnmhairiú chuig an tríú tír sin má chomhlíonann sé ceanglais an tríú tír sin maidir lena chur ar an margadh sa tríú tír sin mar tháirge orgánach.

2.           Chun nach gcruthófaí dálaí neamhchothroma d'oibreoirí agus iad ag onnmhairiú chuig tríú tíortha, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 i ndáil le rialacha sonracha maidir le honnmhairithe táirgí orgánacha chuig tríú tír atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 31.

3.           Chun iomaíocht chóir a áirithiú i measc oibreoirí, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 maidir le doiciméid atá beartaithe d'údaráis custaim i dtríú tíortha, go háirithe i ndáil le deimhniú onnmhairithe orgánach a eiseofar i bhfoirm leictreonach aon uair is féidir agus dearbhú a sholáthar go gcomhlíonann táirgí orgánacha onnmhairithe an Rialachán seo.

Airteagal 28

Táirgí orgánacha a allmhairiú

1.           Féadfar táirge a allmhairiú ó thríú tír lena chur ar an margadh laistigh den Aontas mar tháirge orgánach má dhéantar na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a) is táirge orgánach mar a thagraítear dó in Airteagal 2(1) an táirge:

(b) is táirge é:

(i)      a chomhlíonann Caibidlí II, III agus IV agus bhí gach oibreoir, lena n‑áirítear na honnmhaireoirí sa tríú tír lena mbaineann, faoi réir rialú údarás rialaithe nó comhlachtaí rialaithe arna n‑aithint i gcomhréir le hAirteagal 29; nó

(ii)     a thagann ó thríú tír atá aitheanta i gcomhréir le:

– Airteagal 30; nó

– Airteagal 31;

(c) tá na hoibreoirí sna tríú tíortha in ann faisnéis a sholáthar tráth ar bith, do na hallmhaireoirí nó údaráis náisiúnta, faisnéis lena mbeifear ina ann an t‑oibreoir a rinne an oibríocht dheireanach a shainaithint d'fhonn inrianaitheacht an táirge orgánaigh a áirithiú.

2.           Chun inrianaitheacht na dtáirgí arna n‑allmhairiú a bhfuil sé beartaithe iad a chur ar an margadh laistigh den Aontas mar tháirgí orgánacha a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 maidir le doiciméid, a eiseofar i bhfoirm leictreonach aon uair is féidir, is gá chun críocha allmhairithe.

3.           Fionnfar an bhfuil na coinníollacha agus na bearta maidir le táirgí orgánacha a allmhairiú san Aontas á n‑urramú ag poist rialaithe teorann, i gcomhréir le hAirteagal 45(1) de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla). Beidh an mhinicíocht a dhéanfar na seiceálacha fisiceacha dá dtagraítear in Airteagal 47(3) den Rialachán sin ag brath ar an riosca ó thaobh neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo de.

Airteagal 29

Údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a aithint

1.           Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena n‑aithneofar údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a chomhlíonann na critéir a leagfar amach i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 7 agus atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh i dtríú tíortha, nó lena n‑aistarraingeofar aitheantas a tugadh dóibh, agus lena mbunófar liosta de na húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

2.           Déanfar na comhlachtaí rialaithe a chreidiúnú de réir an chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha um 'Measúnú comhréireachta – Ceanglais ar chomhlachtaí a dheimhníonn táirgí, próisis agus seirbhísí', ar foilsíodh tagairt dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

3.           Ní fhéadfaidh ach na comhlachtaí seo a leanas an creidiúnú dá dtagraítear i mír 2 a thabhairt:

(a) comhlacht náisiúnta creidiúnaithe san Aontas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[51]; nó

(b) comhlacht creidiúnaithe lasmuigh den Aontas a bhfuil socrú aitheantais iltaobhach sínithe aige faoi choimirce an Fhóraim Idirnáisiúnta Creidiúnúcháin.

4.           Agus iarrataí ar aitheantas á scrúdú aige, iarrfaidh an Coimisiún ar an údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe an fhaisnéis ar fad is gá a sholáthar.

Soláthróidh na comhlachtaí rialaithe nó údaráis rialaithe aitheanta an deimhniú arna eisiúint ag an gcomhlacht creidiúnúcháin nó an tuarascáil measúnaithe arna heisiúint agus an údarás inniúil faoi seach agus, más iomchuí, tuarascálacha maidir leis an meastóireacht rialta ar an láthair, faireachas agus athmheasúnú ilbhliantúil ar a gcuid gníomhaíochtaí.

5.           Bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear faoi mhír 4, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar maoirseacht iomchuí ar na húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe aitheanta trí athbhreithniú rialta a dhéanamh ar a n‑aitheantas. Chun críocha na maoirseachta sin, féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ó na comhlachtaí creidiúnúcháin nó, más iomchuí, ó na húdaráis inniúla.

6.           Cinnfear an cineál maoirseachta ar bhonn measúnaithe ar an riosca neamhchomhlíonta.

7.           Chun trédhearcacht na nósanna imeachta um aitheantas agus um mhaoirseacht a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 maidir leis na critéir atá le cur i bhfeidhm i dtaca leis na húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe dá dtagraítear i mír 1 a aithint, nó an t‑aitheantas sin a aistarraingt, agus maidir le feidhmiú na maoirseachta ag an gCoimisiún, lena n‑áirítear trí scrúduithe ar an láthair, chomh maith.

8.           Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear bearta i bhfeidhm i gcásanna neamhchomhlíonta a dhéanann difear do shláine na dtáirgí orgánacha arna n‑allmhairiú faoin aitheantas dá bhforáiltear san Airteagal seo nó i gcásanna ina bhfuil amhras faoi neamhchomhlíonadh. Ar na bearta sin, féadfar a áireamh go háirithe go ndéanfar sláine na dtáirgí orgánacha a fhíorú sula gcuirfear na táirgí ar an margadh laistigh den Aontas agus, más iomchuí, údarú chun táirgí den sórt sin a chur ar an margadh laistigh den Aontas mar tháirgí orgánacha a chur ar fionraí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

9.           Ar mhórfhorais práinne a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le cosaint ar chleachtais mhíchothroma nó ar chleachtais nach bhfuil i gcomhréir leis na prionsabail agus rialacha maidir le táirgeadh orgánach, cosaint mhuinín na dtomhaltóirí nó cosaint iomaíochta cothroime idir oibreoirí, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 37(3) chun na bearta dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo a thógáil nó chun cinneadh a dhéanamh maidir le haitheantas na n‑údarás rialaithe nó na gcomhlachtaí rialaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a aistarraingt.

Airteagal 30

Coibhéis faoi chomhaontú trádála

Is tríú tír aitheanta dá dtagraítear sa chéad fhleasc d'Airteagal 28(1)(b)(ii) í tríú tír ar aithin an tAontas í faoi chomhaontú trádála mar thír ina bhfuil córas maidir le táirgeadh a chomhlíonann na cuspóirí céanna agus prionsabail chéanna trí rialacha a chur i bhfeidhm lena n‑áirithítear an ráta dearbhaithe comhréireachta céanna a áirithítear leis na cinn atá ag an Aontas.

Airteagal 31

Coibhéis faoi Rialachán (CE) Uimh. 834/2007

1.           Is tríú tír aitheanta dá dtagraítear sa dara fleasc d'Airteagal 28(1)(b)(ii) í tríú tír a aithníodh chun críche coibhéise faoi Airteagal 33(2) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, lena n‑áirítear iad siúd a aithnítear faoin mbeart idirthréimhseach dá bhforáiltear in Airteagal 40.

Rachaidh aitheantas na dtríú tíortha dá dtagraítear sa chéad fhomhír in éag an [dáta le cur isteach a chomhfhreagraíonn do 5 bliana tar éis dháta cur i bhfeidhm an Rialacháin].

2.           Ar bhonn tuarascálacha bliantúla atá le seoladh chuig an gCoimisiún, faoin 31 Márta gach bliain, ag na tríú tíortha dá dtagraítear i mír 1 maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú na mbeart rialaithe arna mbunú acu, áiritheoidh an Coimisiún, le cúnamh ó na Ballstáit, go ndéanfar maoirseacht iomchuí ar na triú tíortha aitheanta trí athbhreithniú rialta a dhéanamh ar a n‑aitheantas. Cinnfear an cineál maoirseachta ar bhonn measúnaithe ar an riosca neamhchomhlíonta.

3.           Déanfar na comhlachtaí rialaithe a dhéanann rialuithe sna tríú tíortha dá dtagraítear i mír 1 a chreidiúnú de réir an caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha um 'Measúnú comhréireachta – Ceanglais ar chomhlachtaí a dheimhníonn táirgí, próisis agus seirbhísí', ar foilsíodh tagairt dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Mura dtugann comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin san Aontas an creidiúnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, ní fhéadfaidh ach comhlacht creidiúnúcháin lasmuigh den Aontas a bhfuil socrú aitheantais iltaobhach sínithe aige faoi choimirce an Fhóraim Idirnáisiúnta Creidiúnúcháin é a thabhairt.

4.           Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, liosta de na tríú tíortha dá dtagraítear i mír 1 a bhunú agus féadfaidh sé an liosta sin a leasú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

5.           Chun bainistiú liosta na dtríú tíortha dá dtagraítear i mír 4 a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 maidir leis an bhfaisnéis atá le seoladh ag na tríú tíortha sin is gá chun go ndéanfaidh an Coimisiún maoirseacht ar a n‑aitheantas, chomh maith le feidhmiú na maoirseachta sin ag an gCoimisiún, lena n‑áirítear trí bhíthin scrúduithe ar an láthair.

6.           Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear bearta i bhfeidhm i gcásanna neamhchomhlíonta a dhéanann difear do shláine na dtáirgí orgánacha arna n‑allmhairiú ó thríú tíortha dá dtagraítear san Airteagal seo nó i gcásanna ina bhfuil amhras faoi neamhchomhlíonadh. Ar na bearta sin, féadfar a áireamh go háirithe go ndéanfar sláine na dtáirgí orgánacha a fhíorú sula gcuirfear na táirgí ar an margadh laistigh den Aontas agus, más iomchuí, údarú chun táirgí den sórt sin a chur ar an margadh laistigh den Aontas mar tháirgí orgánacha a chur ar fionraí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

Caibidil VII

Forálacha ginearálta

Roinn 1

Saorghluaiseacht táirgí orgánacha

Airteagal 32

Neamhthoirmeasc agus neamhshrian ar mhargú táirgí orgánacha

1.           Ní fhéadfaidh údaráis inniúla, údaráis rialaithe ná comhlachtaí rialaithe, ar fhorais a bhaineann le táirgeadh, le lipéadú ná le cur i láthair na dtáirgí, toirmeasc ná srian a chur ar mhargú táirgí orgánacha arna rialú ag údarás inniúil, údarás rialaithe ná comhlacht rialaithe eile atá lonnaithe i mBallstát eile, má chomhlíonann na táirgí sin an Rialachán seo. Go háirithe, ní fhéadfar aon rialuithe oifigiúla ná gníomhaíochtaí oifigiúla eile seachas iad sin faoi Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (An Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla) a dhéanamh agus ní fhéadfar aon táillí ar rialuithe oifigiúla ná gníomhaíochtaí oifigiúla eile seachas iad siúd faoi Airteagal 76 den Rialachán sin a bhailiú.

2.           Chun dea-fheidhmiú an mhargaidh aonair agus trádáil idir Bhallstáit a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 lena leagfar síos rialacha maidir le saorghluaiseacht táirgí orgánacha chun críocha mhír 1 den Airteagal seo.

Roinn 2

Faisnéis agus tuairisciú

Airteagal 33

Faisnéis a bhaineann leis an earnáil orgánach agus trádáil

1.           Gach bliain, tarchuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún an fhaisnéis is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm.

2.           Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis an gcóras a úsáidfear chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a tharchur, sonraí na faisnéise atá le tarchur, agus an dáta faoina bhfuil an fhaisnéis sin le tarchur. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

Airteagal 34

Faisnéis a bhaineann leis na húdaráis inniúla, údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe

1.           Coimeádfaidh na Ballstát liosta a thabharfar cothrom le dáta go rialta, ar a mbeidh:

(a) ainmneacha agus seoltaí na n‑údarás inniúil;

(b) ainmneacha agus seoltaí na n‑údarás rialaithe agus na gcomhlachtaí rialaithe, agus a gcóduimhreacha.

Cuirfidh na Ballstáit an liosta dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír ar fáil go poiblí.

2.           Foilseoidh an Coimisiún liosta na n‑údarás rialaithe agus na gcomhlachtaí rialaithe dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 ar an idirlíon gach bliain.

Airteagal 35

Tuarascáil

Faoin 31 Nollaig 2021, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar infhaighteacht ábhair atáirgthe plandaí orgánaigh agus ainmhithe chun críocha póraithe.

Caibidil VIII

Forálacha nós imeachta, idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

Roinn 1

Forálacha nós imeachta

Airteagal 36

An tarmligean a fheidhmiú

1.           Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.           Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in [……….] a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a sonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht gníomhartha tarmligthe ar bith a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

3.           A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

4.           Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun […..] i bhfeidhm ach amháin mura ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 37

Nós imeachta coiste

1.           Tabharfaidh coiste darb ainm 'An Coiste um Táirgeadh Orgánach' cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.           I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.           I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

Roinn 2

Aisghairm, leasuithe, forálacha idirthréimhseacha agus forálacha críochnaitheacha

Airteagal 38

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007.

Leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 d'fheidhm a bheith aige, áfach, chun críocha an scrúdú ar iarratais atá ar feithimh ó thríú tíortha a chur i gcrích, dá bhforáiltear in Airteagal 42 den Rialachán seo.

Airteagal 39

Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le tiontú go feirmeoireacht orgánach

Chun aistriú rianúil ón seanchreat dlíthiúil go dtí an creat dlíthiúil nua a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 maidir le rialacha lena ndéantar foráil maidir le maolú ó Airteagal 8(3) i ndáil le tréimhsí tiontaithe d'fheirmeoirí a chuirfidh tús leis an tiontú roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 40

Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le tionscnamh ábhair atáirgthe plandaí, ainmhithe chun críocha póraithe agus stoic óig ainmhithe dobharshaothraithe

Chun aistriú rianúil a áirithiú ó na rialacha maidir le tionscnamh ábhair atáirgthe plandaí dá bhforáiltear in Airteagal 12(1)(i) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 agus maidir le hainmhithe chun críocha póraithe dá bhforáiltear in Airteagal 14(1)(a)(ii) den Rialachán sin agus maidir le stoc óg ainmhithe dobharshaothraithe dá bhforáiltear in Airteagal 15(1)(a)(ii) den Rialachán sin agus an eisceacht ó na rialacha maidir le táirgeadh a ghlac an Coimisiún de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, agus na rialacha nua maidir le táirgeadh do phlandaí agus táirgí plandaí agus beostoc agus feamainn agus ainmhithe dobharshaothraithe dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) agus Airteagal 11(1), faoi seach, den Rialachán seo, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 lena ndéanfar foráil maidir le díolúintí i gcásanna ina measfar gur gá díolúintí a thabhairt chun rochtain ar ábhar atáirgthe plandaí agus ar ainmhithe beo chun críocha póraithe agus ar stoc óg ainmhithe dobharshaothraithe is féidir a úsáid sa táirgeadh orgánach a áirithiú. Scoirfidh na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Airteagal seo d'fheidhm a bheith acu amhail ón 31 Nollaig 2021.

Airteagal 41

Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe atá aitheanta faoi Airteagal 33(3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007

1.           Rachaidh aitheantas na n‑údarás rialaithe agus na gcomhlachtaí rialaithe arna thabhairt faoi Airteagal 33(3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 in éag an [31 Nollaig 2018] ar a dhéanaí.

2.           Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, liosta de na húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe atá aitheanta faoi Airteagal 33(3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 a bhunú agus féadfaidh sé an liosta sin a leasú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

3.           Chun bainistiú liosta na n‑údarás rialaithe agus an gcomhlachtaí rialaithe dá dtagraítear i mír 2 a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 maidir leis an bhfaisnéis atá le seoladh ag na húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe sin is gá chun go ndéanfaidh an Coimisiún maoirseacht ar a n‑aitheantas, chomh maith le feidhmiú na maoirseachta sin ag an gCoimisiún, lena n‑áirítear trí bhíthin scrúduithe ar an láthair.

Airteagal 42

Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le hiarratais ó thríú tíortha arna gcur isteach faoi Airteagal 33(2) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007

1.           Déanfaidh an Coimisiún an scrúdú ar iarratais ó thríú tíortha arna gcur isteach faoi Airteagal 33(2) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 atá ar feitheamh dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur i gcrích. Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 maidir le hiarratais den sórt sin a scrúdú.

2.           Chun cur i gcrích an scrúdaithe ar na hiarratais dá dtagraítear i mír 1 a éascú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 maidir leis na rialacha nós imeachta is gá don scrúdú, lena n‑áirítear i ndáil leis an bhfaisnéis atá le cur isteach ag na tríú tíortha.

Airteagal 43

Bearta idirthréimhseacha le haghaidh stoc de tháirgí orgánacha a táirgeadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh 834/2007

Táirgí arna dtáirgeadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 agus arna gcur ar an margadh roimh an 1 Iúil 2017, féadfar leanúint dá margú tar éis an dáta sin go dtí go n‑ídeofar na stoic.

Airteagal 44

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. […][maidir le rialuithe oifigiúla]

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh XXX/XXXX (an Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla) mar seo a leanas:

1.           in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 38 agus mhír 39:

"38. ciallaíonn 'comhlacht tarmligthe' tríú páirtí, ar tharmlig na húdaráis inniúla cúraimí sonracha i ndáil le rialú oifigiúil nó gníomhaíochtaí oifigiúla eile chuige;

39. ciallaíonn 'údarás rialaithe um tháirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha', eagraíocht riaracháin phoiblí Ballstáit ar thug na húdaráis a n‑inniúlachtaí di, ina n‑iomláine nó i bpáirt, i ndáil le cur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais sa réimse dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(j), lena n‑áirítear, más iomchuí, údarás comhfhreagrach tríú tír nó atá ag oibriú i dtríú tír;";

2.           Leasaítear Airteagal 3 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Na húdaráis inniúla atá freagrach as comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear i bpointe (j) d'Airteagal 1(2) a fhíorú, féadfaidh siad cúraimí sonracha i ndáil le rialú nó cúraimí oifigiúla eile a thabhairt do cheann amháin nó níos mó de na húdaráis rialaithe um tháirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha. I gcásanna den sórt sin, leithdháilfidh siad códuimhir ar gach ceann acu.";

(b)     I mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

" (c) na húdaráis rialaithe um tháirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha dá dtagraítear i mír 3;";

3.           Cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 23:

"Airteagal 23

Rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla agus beart a bheidh le déanamh ag na húdaráis inniúla i ndáil le táirgí orgánacha agus le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

1. Maidir leis na rialacha dá dtagraítear i bpointe (j) d'Airteagal 1(2), déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:

(a) i gcás neamhchomhlíonta a dhéanann difear do shláine na dtáirgí orgánacha feadh aon cheann de na céimeanna táirgthe, ullmhúcháin agus dáileacháin agus onnmhairiúcháin, go háirithe mar thoradh ar úsáid a bhaint as substaintí agus teicníochtaí toirmiscthe nó neamhúdaraithe nó meascadh le táirgí nach táirgí orgánacha iad, áiritheoidh siad nach ndéanfar aon tagairt do tháirgeadh orgánach sa lipéadú agus san fhógraíocht a dhéanfar ar an mbaisc nó sraith táirgthe iomlán lena mbaineann;  

(b) i gcás neamhchomhlíonta arís agus arís eile nó neamhchomhlíonta leanúnaigh, áiritheoidh siad go gcuirfear toirmeasc ar na hoibreoirí nó ar an ngrúpa oibreoirí lena mbaineann, mar atá sainmhínithe i bpointe (6) agus i bpointe (7) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. [táirgeadh orgánach] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, anuas ar na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, táirgí a mhargú a dhéanann tagairt do tháirgeadh organach, agus go gcuirfear a ndeimhniú orgánach ar fionraí nó go n‑aistarraingeofar é de réir mar is iomchuí.

2. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 139 i ndáil le rialacha maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh chun comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear i bpointe (j) agus i bpointe (k) d'Airteagal 1(2) a fhíorú, agus le beart a bheidh le déanamh ag na húdaráis inniúla de bhun na rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla sin.

3. I ndáil leis na rialacha dá dtagraítear i bpointe (j) d'Airteagal 1(2), leagfar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo rialacha maidir le:

(a) freagrachtaí agus cúraimí sonracha na n‑údarás inniúil, sa bhreis orthu sin dá bhforáiltear in Airteagail 4, 8, 9, 10(1), 11 go 13, 34(1) agus (2), agus 36, agus sa bhreis ar Airteagail 25, 26, 28, 29, 30 agus 32 maidir le comhlachtaí tarmligthe a fhormheas agus maoirseacht a dhéanamh orthu, agus Airteagal 85 go 90 maidir le deimhniúchán oifigiúil;

(b) ceanglais sa bhreis orthu sin dá dtagraítear in Airteagal 8(1) maidir le measúnú riosca agus lena leagfar síos minicíocht na rialuithe oifigiúla, agus na samplála de réir mar is iomchuí, agus an riosca neamhchomhlíonta á chur san áireamh;

(c) minicíocht na rialuithe oifigiúla ar oibreoirí, agus na cásanna ina mbeidh oibreoirí áirithe díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla áirithe agus na dálaí faoina ndéanfar sin;

(d) modhanna agus teicnící le haghaidh rialuithe oifigiúla sa bhreis orthu sin dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 33(1) go (5) agus ceanglais shonracha maidir le cur i bhfeidhm rialuithe oifigiúla atá dírithe ar inrianaitheacht táirgí orgánacha a áirithiú ag gach céim den phróiseas táirgthe, ullmhúcháin agus dáileacháin, agus ar ráthaíochtaí a thabhairt maidir le comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear i bpointe (j) d'Airteagal 1(2);

(e) gníomhaíochtaí agus bearta sa bhreis orthu sin dá bhforáiltear in Airteagal 134(2) agus (3) i gcás ina bhfuil amhras faoi neamhchomhlíonadh, critéir sa bhreis orthu sin dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 135(1), agus critéir agus bearta sa bhreis orthu sin dá bhforáiltear in Airteagal 135(2) agus i mír 1 den Airteagal seo i gcás neamhchomhlíonta;

(f) ceanglais sa bhreis orthu sin dá bhforáiltear i bpointe (f) d'Airteagal 4(1) i ndáil leis na saoráidí agus an trealamh is gá chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh, chomh maith le coinníollacha agus oibleagáidí sonracha sa bhreis orthu sin dá dtagraítear in Airteagail 25, 26, 28, 29, agus 30 go 32 maidir le cúraimí i ndáil le rialú oifigiúil agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a tharmligean chuig comhlachtaí tarmligthe;

(g) oibleagáidí maidir le tuairisciú sa bhreis orthu sin dá dtagraítear in Airteagail 12, 28 agus 31 do na húdaráis inniúla, na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí tarmligthe atá i gceannas ar rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile;

(h) critéir agus coinníollacha sonracha maidir leis na sásraí um chúnamh riaracháin dá dtagraítear i dTeideal IV a chur i ngníomh agus a fheidhmiú, lena n‑áirítear an malartú faisnéise idir údaráis inniúla, údaráis rialaithe agus comhlachtaí tarmligthe a bhaineann le cásanna neamhchomhlíonta nó dóchúlacht an neamhchomhlíonta.

4. I ndáil leis na rialacha dá dtagraítear i bpointe (k) d'Airteagal 1(2), leagfar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo rialacha maidir le:

(a) ceanglais, modhanna agus teicnící sa bhreis orthu sin dá dtagraítear in Airteagal 11 agus in Airteagal 13 maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh chun comhlíonadh sonraíochtaí táirge agus ceanglais lipéadaithe a fhíorú;

(b) modhanna agus teicnící sa bhreis orthu sin dá dtagraítear in Airteagal 13 maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh atá dírithe ar inrianaitheacht táirgí a thagann faoi raon feidhme na rialacha dá dtagraítear i bpointe (k) d'Airteagal 1(2) a áirithiú ag gach céim den phróiseas táirgthe, ullmhúcháin agus dáileacháin, agus ar ráthaíochtaí a sholáthar i ndáil le comhlíonadh na rialacha sin;

C) critéir shonracha agus inneachar sonrach sa bhreis orthu sin dá bhforáiltear in Airteagal 108, chun na codanna ábhartha den phlean náisiúnta rialaithe ilbhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 107(1) a ullmhú, agus inneachar sonrach breise na tuarascála dá bhforáiltear in Airteagal 112;

critéir shonracha agus coinníollacha sonracha maidir le sásraí an chúnamh riaracháin dá bhforáiltear i dTeideal IV a chur i ngníomh;

(e) bearta sonracha a bheidh le déanamh, sa bhreis orthu sin dá dtagraítear in Airteagal 135(2), i gcás neamhchomhlíonta agus i gcás neamhchomhlíonta thromchúisigh nó rialta.

5. Más iomchuí, déanfaidh na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 maolú ar fhorálacha an Rialacháin seo dá dtagraítear sna míreanna sin.

* IO L …, lch. …”

4.           In Airteagal 128, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Sna réimsí arna rialú ag na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), seachas pointí (d), (e), (g), (h) agus (j) d'Airteagal 1(2), féadfaidh an Coimisiún a aithint, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, go bhfuil na bearta arna gcur i bhfeidhm i dtríú tír, nó i réigiúin de thríú tír, coibhéiseach leis na ceanglais atá leagtha síos sna rialacha sin, ar bhonn an mhéid seo a leanas:

(a) scrúdú críochnúil ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí arna gcur ar fáil ag an tríú tír lena mbaineann de bhun Airteagal 124(1);

(b) más iomchuí, toradh sásúil ar rialú arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 119(1);

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 141(2)."

5.           In Airteagal 141, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Déanfaidh an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás na mbeart a thagann laistigh den réimse dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(j) den Rialachán seo, déanfaidh an Coiste maidir le Táirgeadh Orgánach arna bhunú le Airteagal 37(1) de Rialachán (AE) Uimh. [táirgeadh orgánach] cúnamh a thabhairt don Choimisiún."

Airteagal 45

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh sé infheidhme amhail ón 1 Iúil 2017[52].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa               Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán […]                                                                […]

Ráiteas Airgeadais Reachtach

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

              1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh

              1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

              1.3.    An cineál togra/tionscnaimh

              1.4.    Cuspóirí

              1.5.    Foras an togra/tionscnaimh

              1.6.    Fad agus tionchar airgeadais

              1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

              2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

              2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

              2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

              3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

              3.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

              3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

              3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

              3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

              3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

              3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

              3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.        Teideal an togra/tionscnaimh

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla] agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007

1.2.        Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[53]

1.3.        An cineál togra/tionscnaimh

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[54]

¨ Baineann an togra/tionscnamh leis an síneadh ar bheart atá ann cheana

X Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua

1.4.        Cuspóirí

1.4.1.     Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Díríonn an togra ar conas a chuireann rialacha maidir le táirgeadh orgánach le tosaíochtaí beartais na straitéise Eoraip 2020 a chur i gcrích i ndáil le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach, go háirithe geilleagar iomaíoch a bhaint amach atá bunaithe ar eolas agus nuálaíocht, geilleagar ardfhostaíochta a chothú trína dtarlaíonn comhtháthú sóisialta agus críochach, agus tacú leis an aistriú i dtreo geilleagair ísealcharbóin atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní de. Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Is iad cuspóirí sonracha an togra:

‑ deireadh a chur leis na bacainní ar fhorbairt táirgthe orgánaigh san Aontas,

‑ cothrom iomaíochta d'fheirmeoirí agus oibreoirí a áirithiú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú,

‑ muinín na dtomhaltóirí as táirgí orgánacha a choinneáil nó a fheabhsú.

I gcomhréir le Comhchreat Faireacháin agus Meastóireachta 2014‑2020 um an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT)[55], cuireann an togra leis na cuspóirí ginearálta: "Bainistíocht inbhuanaithe acmhainní nádúrtha agus gníomhaíocht ar son na haeráide" trí earraí poiblí a chur ar fáil (earraí comhshaoil den chuid is mó) agus trí bheith ag gabháil do "mhaolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin" agus "táirgeadh bia inmharthana" trí "fhreastal ar ionchais na dtomhaltóirí" agus trí "fheabhas a chur ar iomaíochas earnáil na talmhaíochta agus an sciar sa slabhra bia a fheabhsú", faoi chéad Cholún an CBT.

Anuas air sin, cuireann an togra leis an gcuspóir ginearálta "bainistíocht inbhuanaithe acmhainní nádúrtha agus gníomhaíocht ar son na haeráide" trí éiceachórais a athshlánú, a chaomhnú agus a fheabhsú (tosaíocht 4) faoi Cholún II den CBT.

Baineann an togra le bearta a bhfuil tacaíocht ann dóibh faoi Cholún I (íocaíochtaí díreacha agus margaí) agus Colún II araon den CBT.

Gníomhaíocht ABB lena mbaineann: 05 04 Forbairt Tuaithe (agus 05 02 Idirghabhálacha i margaí talmhaíochta agus 05 03 Áiseanna díreacha).

1.4.2.     An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Táthar ag súil go gcuirfidh ionchas margaidh dearfach, a bhuí le feabhas ar mhuinín na dtomhaltóirí, taca faoi phraghsanna táirgí orgánacha agus go meallfar nuatheachtaithe.

Mar thoradh ar dheireadh a chur leis na heisceachtaí ó na rialacha táthar ag súil go gcuirfear le forbairt ionchur orgánach, go háirithe síolta.

Beidh an earnáil níos mealltaí mar thoradh ar rialacha táirgthe atá níos soiléire agus níos simplí.

Beidh feabhas go háirithe ar chothrom iomaíochta mar gheall ar chomhchuibhiú níos láidre, rialacha níos soiléire agus níos simplí agus na comhlachtaí rialaithe i dtríú tíortha a aithint bunaithe ar a gcomhlíonadh seachas ar bhonn coibhéise.

Tabharfar aghaidh ar mhuinín na dtomhaltóirí trí bhíthin rialacha maidir le táirgeadh comhchuibhithe agus ábhair imní atá ag teacht chun cinn sa tsochaí á gcur san áireamh (e.g. leas ainmhithe, córas bainistíochta comhshaoil do phróiseálaithe agus trádálaithe).

Le cur chuige bunaithe ar rioscaí táthar ag súil go gcuirfear feabhas ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht rialuithe agus, i dteannta réimis allmhairithe níos iontaofa, go mbeifear in ann níos mó calaoise a chosc

Sonraigh na táscairí lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Is iad seo a leanas na príomhtháscairí sa Chomhchreat Faireacháin agus Meastóireachta:

‑ An sciar den limistéar orgánach sa limistéir iomlán a úsáidtear le haghaidh talmhaíochta;

‑ An sciar den bheostoc orgánach sa bheostoc iomlán.

Is iad seo a leanas na príomhtháscairí aschuir:

‑ Achar an limistéir atá faoi tháirgeadh orgánach (á thiontú nó tiontaithe go hiomlán);

‑ Líon na n‑oibreoirí orgánacha deimhnithe.

Déanfar faireachán ar na táscairí comhlántacha seo a leanas i gcomhthéacs an Rialacháin seo:

‑ Beostoc (líon na n‑ainmhithe orgánacha agus na dtáirgí orgánacha de thionscnamh ainmhíoch);

‑ Táirgeadh agus próiseáil barr (líon na n‑oibreoirí agus luach/méid an táirgthe de réir chineál na gníomhaíochta eacnamaíche);

‑ Líon na n‑eisceachtaí a úsáideadh agus líon na n‑eisceachtaí ar cuireadh deireadh leo,

‑ Eolas ar, agus muinín as, lógó orgánach an Aontais (suirbhé Eorabharaiméadair).

1.5.        Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.     Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Níl cuspóir foriomlán an chreata reachtaigh, arb é forbairt inbhuanaithe an táirgthe orgánaigh, comhlíonta ina iomláine go fóill. Dá bhrí sin, tá deiseanna á gcailleadh ag feirmeoirí agus oibreoirí san Aontas (tá achar an limistéir atá faoi tháirgeadh orgánach tar éis dúbailt le 10 mbliana anuas, ach tá méadú faoi cheathair tagtha ar an margadh), tá baol ann go mbeidh teorainn le méadú an mhargaidh orgánaigh agus tá baol ann go mbeidh teorainn leis an maitheas a bhaineann le táirgeadh orgánach don chomhshaol.

Is iad na cúiseanna is mó atá leis sin: bacainní reachtacha agus neamhreachtacha ar fhorbairt an táirgthe orgánaigh san Aontas; an baol go dtiocfaidh laghdú ar mhuinín na dtomhaltóirí, go háirithe de dheasca líon mór na n‑eisceachtaí atá ag maolú na rialacha maidir le táirgeadh orgánach agus de dheasca na gcásanna calaoise atá tagtha chun cinn i dtaca leis na heasnaimh sa chóras rialaithe agus sa réimeas allmhairithe; iomaíocht mhíchothrom i measc oibreoirí san Aontas agus i dtríú tíortha; agus ceisteanna maidir le ceapadh agus forfheidhmiú na bhforálacha dlí, go háirithe ceisteanna maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, de dheasca bearnaí sa reachtaíocht agus cineálacha éagsúla cur chuige san fhorfheidhmiú.

1.5.2.     Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Tugann an togra seo scéim cáilíochta atá ann cheana atá sa Chomhbheartas Talmhaíochta cothrom le dáta.

Is faoi inniúlacht an Aontais atá táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta agus earraí bia ar an margadh inmheánach agus is faoi inniúlacht an Aontais atá sé freisin feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Tá an dá inniúlacht sin comhroinnte leis na Ballstáit.

Tá scéim amháin ar fud an Aontais níos éifeachtúla ná 28 scéim éagsúla agus tá beartas trádála níos láidre agus níos comhsheasmhaí ag gabháil leis i leith comhpháirtithe trádála domhanda, go háirithe trí chumhacht margála an Aontais a fheabhsú.

Ba cheart lógó orgánach an Aontais Eorpaigh a fhorchoimeád do tháirgí a chomhlíonann sraith choiteann rialacha a chuirtear i bhfeidhm ar fud an Aontais.

I measc na réimsí ina bhfuil gá le tuilleadh comhchuibhithe tá: eisceachtaí ó na rialacha chomh maith le bearta chun sláine an táirgthe orgánaigh a chaomhnú, lena n‑áirítear cur chuige coiteann chun aghaidh a thabhairt ar fhuíll substaintí neamhúdaraithe i dtáirgí orgánacha.

1.5.3.     Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart

Tugadh meastóireacht sheachtrach ar reachtaíocht an Aontais maidir le feirmeoireacht orgánach i gcrích in 2013[56]. Go háirithe, rinneadh anailís ar leordhóthanacht na rialacha maidir le táirgeadh agus na rialacha maidir le rialuithe, allmhairithe agus lipéadú táirgí orgánacha. Ba é toradh na meastóireachta go bhfuil an chuid is mó de na rialacha atá leagtha síos sa chreat reachtach orgánach leordhóthanach i gcoitinne chun a chuspóirí uilíocha a bhaint amach. Mar sin féin, sainaithníodh roinnt easnamh freisin agus rinneadh moltaí chun feabhas a chur orthu. Tugadh aird chuí ar na moltaí sin sa togra seo.  

Rinne Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchóireacht ar éifeachtacht an chórais rialaithe lena rialaítear táirgeadh, próiseáil, dáileadh agus allmhairithe táirgí orgánacha mar a fhoráiltear i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle. Léirítear roinnt laigí sna torthaí, a foilsíodh i dTuarascáil Speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa Uimh. 9/2012, agus tugtar moltaí chun feabhas a chur orthu atá curtha san áireamh sa togra seo.

1.5.4.     Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Tá an togra i gcomhréir leis an CBT nua e.g. i gcomhréir leis an Rialachán nua maidir le hÍocaíochtaí Díreacha[57], faoina mbaineann feirmeacha orgánacha leas, ipso facto, as an íocaíocht 'ghlas' nua, agus i gcomhréir leis an Rialachán nua maidir le Forbairt Tuaithe[58], lena ndéantar foráil maidir le bearta sonracha chun leasa feirmeoireachta orgánaí, agus an Comhbheartas Iascaigh nua.

Tá an togra i gcomhréir leis an togra le haghaidh Rialacháin nua maidir le rialuithe oifigiúla i mbia agus i mbeatha agus i gcomhréir le prionsabail na Rialála Cliste.

1.6.        Fad agus tionchar airgeadais

¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta

– ¨  Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

– ¨  Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

X Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

– Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB

– cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.        Modhanna bainistíochta atá beartaithe[59]

Bainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún

– X ag a ranna, lena n‑áirítear an fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

– ¨  ag na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

X Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

¨ Bainistíocht indíreach trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

– ¨ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

– ¨ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

– ¨an BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

– ¨ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

– ¨ comhlachtaí dlí poiblí;

– ¨ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

– ¨ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

– ¨ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme sa CBES de bhun Theideal V den CAE, ar daoine iad a shainaithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

– I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.        Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh cé chomh minic, agus na coinníollacha.

Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm don Choimisiún ar bhonn bliantúil. Tabharfaidh na Ballstáit faisnéis faoi na rialuithe arna ndéanamh chun a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais maidir le táirgeadh orgánach don Choimisiún ar bhonn bliantúil freisin, mar chuid dá bpleananna rialaithe náisiúnta ilbhliantúla agus dá dtuarascálacha bliantúla dá dtagraítear faoin Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla.

Tríú tíortha atá aitheanta a bheith coibhéiseach, agus comhlachtaí rialaithe nó údaráis rialaithe atá aitheanta a bheith comhlíontach maidir le hallmhairiú táirgí orgánacha san Aontas, cuirfidh siad tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh an fhaisnéis is gá chun na ceanglais faoin Rialachán seo a chur chun feidhme.

2.2.        Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.     Na rioscaí arna sainaithint

Na rioscaí ginearálta maidir leis na rialacha sa togra ar féidir a shainaithint, baineann siad le héifeachtacht an togra, agus ní le caiteachas an AE i bhfianaise na méideanna cuibheasach neamhshuntasach atá i gceist:

D'fhéadfadh rialacha comhchuibhithe maidir le táirgeadh lena gcuirtear deireadh le heisceachtaí fadhbanna a chruthú ag an gcéim thosaigh do roinnt oibreoirí agus drogall a chur orthu an scéim orgánach a roghnú.

D'fhéadfadh sé nach n‑áiritheofar cothrom iomaíochta go hiomlán san idirthréimhse don aistriú ón gcóras coibhéise go dtí an córas comhlíonta, i dtaca le hallmhairithe táirgí orgánacha san Aontas.

D'fhéadfadh roinnt páirtithe leasmhara agus/nó údarás nó comhlachtaí rialaithe sna Ballstáit a mheas nach iomchuí cur chuige i leith rialuithe atá bunaithe go hiomlán ar rioscaí a chur in ionad chigireacht fhisiceach bhliantúil gach oibreora beag beann ar a phróifíl riosca.

Tá rioscaí eile ann a bhaineann le heasnaimh san fhorfheidhmiú: eadhon, cur chun feidhme ag údaráis inniúla agus údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe san Ballstáit agus i dtríú tíortha, agus maoirseacht ag an gCoimisiún.

An taithí a fuarthas ag cur Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 chun feidhme ‑ lena n‑áirítear torthaí iniúchtaí, ionchur na bpáirtithe leasmhara i gcreat an mheasúnaithe tionchair, agus na moltaí a rinneadh i staidéir sheachtracha agus sa mheastóireacht sheachtrach ‑ tugadh aird chuí uirthi agus an togra á cheapadh chun na rioscaí sin a mhaolú. Tugadh aird faoi leith ar an riosca a bhaineann le heasnaimh a d'fhéadfadh bheith san fhorfheidhmiú a mhaolú trí iarrachtaí ar rialacha atá níos soiléire, agus atá níos éasca lena mbainistiú agus lena rialú

2.2.2.     Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh arna bhunú

Déanfaidh an Coimisiún an caiteachas a bhaineann leis an togra seo a chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal 32 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais ‑ an Rialachán Airgeadais.

Mar a cheanglaítear leis an Rialachán Airgeadais, bhunaigh Ard‑Stiúrthóir na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe an struchtúr eagraíochtúil agus na próisis rialaithe inmheánaigh lenar féidir na cuspóirí beartais agus rialaithe a bhaint amach, i gcomhréir leis na caighdeáin rialaithe inmheánaigh arna nglacadh ag an gCoimisiún agus aird ar na rioscaí a bhaineann leis an timpeallacht ina bhfuil an beartas i bhfeidhm.

2.2.3.     Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis

Ní bheidh méadú ar an ráta earráide don Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) de thoradh an chaiteachais a bhaineann leis an togra seo, agus na méideanna cuibheasach neamhshuntasach atá i gceist á gcur san áireamh.

2.3.        Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n‑áiritheofar, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus i gcoinne aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, agus má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, más iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus dhíspreagthacha, i gcomhréir le hAirteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint agus i gcomhréir le teideal IV den Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais. Beidh an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) údaraithe seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis an gcistiú sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 d'fhonn a shuí go ndearnadh calaois. Sna cinntí, comhaontuithe agus conarthaí a dhéantar de thoradh chur chun feidhme an Rialacháin, tabharfar cead sainráite don Choimisiún, lena n‑áirítear OLAF, agus don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh.

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.        Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

· Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Costas […]Ceannteideal………………………………………...……….] || LD/LN ([60]) || ó thíortha CSTE[61] || ó thíortha is iarrthóirí[62] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

2 || 05 04 60 02 Cúnamh teicniúil faoi chomhair oibríochtaí || LD || /NÍL || /NÍL || NÍL || NÍL

3.2.        An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.     Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || 2 || Fás inbhuanaithe : acmhainní nádúrtha

AS: AGRI || || || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

Ÿ Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || ||

05 04 60 02 Cúnamh teicniúil faoi chomhair oibríochtaí * || Gealltanais || (1) || 0,800 || 0,230 || 0,170 || 0,170 || 0,170 || 0,170 || 1,710

Íocaíochtaí || (2) || 0,800 || 0,230 || 0,170 || 0,170 || 0,170 || 0,170 || 1,710

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach[63] || || || || || || ||

|| || (3) || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasuithe ** do AS AGRI || Gealltanais || =1+1a +3 || 0,800 || 0,230 || 0,170 || 0,170 || 0,170 || 0,170 || 1,710

Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 0,800 || 0,230 || 0,170 || 0,170 || 0,170 || 0,170 || 1,710

* Faoi láthair, déantar allmhairithe táirgí orgánacha a rialú trí TRACES atá maoinithe go páirteach ón líne buiséid seo agus níltear ag súil go mbeidh méadú ar an ngá atá leis an mbeart seo de thoradh an togra. Anuas ar an uirlis atá ann cheana do na hallmhairithe, foráiltear sa Rialachán go mbeidh gach táirge orgánach a chuirtear ar an margadh san AE faoi réir deimhniú leictreonach, agus is gá, dá bhrí sin, cur leis an deimhniú leictreonach allmhairiúcháin sa chaoi go gcumhdófar táirgí laistigh den Aontas. Is gá uirlis TF laistigh d'ailtireacht TRACES a fhorbairt don deimhniú leictreonach do tháirgeadh orgánach inmheánach a fhoráiltear in Airteagal 23 den togra ón gCoimisiún, ar chostas measta EUR 500 000, chun a áirithiú go mbeidh sí i mbun oibríochta ón 01.01.2016. Meastar gur EUR 110 000 in aghaidh na bliana a bheidh ar an gcothabháil.

 * Anuas air sin, foráiltear comhchuibhiú an bhunachair sonraí do shíolta orgánacha in Airteagal 10 den togra: Chun forbairt an bhunachair sonraí síolta ar leithligh sin a áirithiú, tá cúnamh teicniúil ón Aontas ar chostas measta EUR 300 000 le maoiniú ón líne buiséid seo lasmuigh de TRACES. Meastar gur EUR 120 000 a bheidh ar an gcothabháil don chéad bhliain tar éis na forbartha agus gur EUR 60 000 a bheidh uirthi gach bliain ina dhiaidh sin.

|| || || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Iomlán

Ÿ IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || 0,800 || 0,230 || 0,170 || 0,170 || 0,170 || 0,170 || 1,710

Íocaíochtaí || (5) || 0,800 || 0,230 || 0,170 || 0,170 || 0,170 || 0,170 || 1,710

Ÿ IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDEAL 2 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || =4+ 6 || 0,800 || 0,230 || 0,170 || 0,170 || 0,170 || 0,170 || 1,710

Íocaíochtaí || =5+ 6 || 0,800 || 0,230 || 0,170 || 0,170 || 0,170 || 0,170 || 1,710

** Beidh na huirlisí TF maoinithe ón gcúnamh teicniúil don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 58(2) de Rialachán (AE) Uimh. XXX/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht don fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle. Tá foráil déanta maidir leis na méideanna sin cheana féin i gcreat airgeadais ilbhliantúil 2014‑2020.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || 5 || Riarachán

EUR milliúin

|| || ||  2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

AS: AGRI ||

Ÿ Acmhainní daonna || ‑ || ‑ || ‑ || ‑ || ‑ || ‑ || ‑

Ÿ Caiteachas riaracháin eile || 0,127 || 0,127 || 0,055 || 0,055 || 0,055 || 0,055 || 0,474

IOMLÁN AS AGRI || Leithreasuithe || 0,127 || 0,127 || 0,055 || 0,055 || 0,055 || 0,055 || 0,474

IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || 0,127 || 0,127 || 0,055 || 0,055 || 0,055 || 0,055 || 0,474

IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || 0,127 || 0,127 || 0,055 || 0,055 || 0,055 || 0,055 || 0,474

EUR milliúin

|| || || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 0,927 || 0,357 || 0,225 || 0,225 || 0,225 || 0,225 || 2.184

Íocaíochtaí || 0,927 || 0,357 || 0,225 || 0,225 || 0,225 || 0,225 || 2.184

3.2.2.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

– ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin

Sonraigh cuspóirí agus aschuir || || || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

ASCHUIR ||

Saghas[64] || Meánchostas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas

CUSPÓIR SONRACH[65] || Na coinníollacha a dhéanamh maidir le bainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha lena dtacaítear leis an aistriú i dtreo geilleagair ísealcharbóin agus geilleagair atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní de ||

Aschur || Limistéar faoi fheirmeoireacht orgánach (Líon na heicteár) || || || || || || || || || || || || ||

Aschur || Limistéar faoi thiontú (Líon na heicteár) || || || || || || || || || || || || ||

Aschur || Líon na n‑oibreoirí orgánacha deimhnithe || || || || || || || || || || || || ||

Aschur || Líon na dtáirgeoirí orgánacha deimhnithe || || || || || || || || || || || || ||

COSTAS IOMLÁN || || || || || || || || || || || ||

3.2.3.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.  Achoimre

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

– x   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

|| 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || ||

Acmhainní daonna || ‑ || ‑ || ‑ || ‑ || ‑ || ‑ || ‑

Caiteachas riaracháin eile || 0,127 || 0,127 || 0,055 || 0,055 || 0,055 || 0,055 || 0,474

Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 0,127 || 0,127 || 0,055 || 0,055 || 0,055 || 0,055 || 0,474

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[66] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || ||

Acmhainní daonna || || || || || || ||

Caiteachas eile de chineál riaracháin || || || || || || ||

Fo‑iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 0,127 || 0,127 || 0,055 || 0,055 || 0,055 || 0,055 || 0,474

IOMLÁN || 0,127 || 0,127 || 0,055 || 0,055 || 0,055 || 0,055 || 0,474

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina cúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoin nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil agus na srianta buiséadacha curtha san áireamh.

3.2.3.2.  Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

– X  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

|| 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 18 || 18 || 18 || 18 || 18 || 18

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || ||

XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || ||

10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || ||

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón 'gclúdach iomlánaíoch') || 3 || 3 || 3 || 3 || 3 || 3

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí) || || || || || ||

XX 01 04 yy || ‑ sa cheanncheathrú || || || || || ||

‑ toscaireachtaí || || || || || ||

XX 01 05 02 (CA,SNE, INT – taighde indíreach) || || || || || ||

10 01 05 02 (CA,SNE, INT – taighde díreach) || || || || || ||

Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || ||

IOMLÁN (*) || 21 || 21 || 21 || 21 || 21 || 21

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus foireann shealadach || Beartais a fhorbairt Beartais a chur chun feidhme Pleanáil, cláreagrú, faireachán agus maoirseacht Caidreamh leis na Ballstáit agus páirtithe leasmhara Caibidlíocht, agus ionadaíocht an Choimisiúin, le tríú tíortha Caidreamh le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais

Foireann sheachtrach || Cabhrú le beartais a chur chun feidhme, faireachán agus teagmhálacha leis na Ballstáit agus páirtithe leasmhara

3.2.4.     Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

– X  Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

– ¨  Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

– ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

3.2.5.     Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

– X Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú ó thríú páirtithe.

– Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh‑mheasta thíos

3.3.        An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

– X  Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

– ¨  Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

– ¨  ar acmhainní dílse

– ¨  ar ioncam ilghnéitheach

[1]               Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1).

[2]               COM(2012) 212 final an 11 Bealtaine 2012 Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha.

[3]               8906/13 AGRILEG 56 – Táirgeadh Orgánach: Cur i bhfeidhm an chreata rialála agus forbairt na hearnála.

[4]               Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hOiriúnacht Rialála an AE an 12 Nollaig 2012– COM(2012)746.

[5]               Rialachán (CE) 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú (IO L 165, 30.4.2004, lch. 1).

[6]               Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608); Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671); Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487); Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch 549.)

[7]               Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialaithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus ábhair atáirgthe plandaí, táirgí cosanta plandaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, 1829/2003, 1831/2003, 1/2005, 396/2005, 834/2007, 1099/2009, 1069/2009, 1107/2009, Rialacháin (AE) Uimh. 1151/2012, [....]/2013 [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin lena leagtar síos forálacha maidir le caiteachas a bhaineann leis an mbiashlabhra, le sláinte agus leas ainmhithe, agus a bhaineann le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí a bhainistiú] agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE, 2008/120/CE agus 2009/128/CE (Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla), COM(2013) 265 final 6.5.2013.

[8]               Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia‑earraí (IO L 343 an 14.12.12, lch. 1).

[9]               IO C , , lch. .

[10]             IO C , , lch. .

[11]             COM(2009) 234 final.

[12]             Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343 an 14.12.12, lch. 1).

[13]             Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 (IO L 78, 20.3.2013, lch. 23).

[14]             Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).

[15]             Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

[16]             COM(2011) 244 final, ‘An Bhithéagsúlacht - árachas saoil agus caipiteal nádúrtha dúinn: Straitéis an AE go dtí 2020’.

[17]             SWD(2013) 155 final, ‘Bonnegar Glas (BG) – Caipiteal nádúrtha na hEorpa a neartú’.

[18]             COM(2006) 231 final, ‘Straitéis Théamach do Chosaint Ithreach’.

[19]             Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

[20]             Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

[21]             Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1).

[22]             Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.00, lch. 1).

[23]             Treoir 2001/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2001 maidir le huasteorainneacha náisiúnta do thruailleáin áirithe san aer (IO L 309, 27.11.2001, lch. 22).

[24]             Treoir 2009/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat le haghaidh gníomhaíochta Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71.).

[25]             COM(2010)2020 final.

[26]             Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1).

[27]             Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú. (IO L 124, 20.05.2003, lch. 36).

[28]             Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n‑aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/EEC ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

[29]             COM(2013) 229, 29.4.2013.

[30]             Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha i dtaca le táirgeadh, lipéadú agus rialú orgánach (IO L 250, 18.9.2008, lch. 1)

[31]             Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2006 maidir le bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bia do naíonáin agus do leanaí óga (IO L 339, 6.12.2006, lch. 16).

[32]             Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).–

[33]             Rialachán (AE) Uimh. XX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...] maidir le rialaithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus ábhair atáirgthe plandaí, táirgí cosanta plandaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, 1829/2003, 1831/2003, 1/2005, 396/2005, 834/2007, 1099/2009, 1069/2009, 1107/2009, Rialacháin (AE) Uimh. 1151/2012, [....]/2013 [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin lena leagtar síos forálacha maidir le caiteachas a bhaineann leis an mbiashlabhra, le sláinte agus leas ainmhithe, agus a bhaineann le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí a bhainistiú] agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE, 2008/120/CE agus 2009/128/CE (Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla) (IO L ...)

[34]             Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

[35]             Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).

[36]             [teideal iomlán] (IO L,...).

[37]             [teideal iomlán] (IO L,...).

[38]             Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

[39]             Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

[40]             Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí míochaine tréidliachta (IO L 311, 28.11.2001, lch. 1).

[41]             Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i ndáil le sábháilteacht bia (IO L 31, 01.02.2002, lch. 1).

[42]             Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 79/373/CEE ón gComhairle, Treoir 80/511/CEE ón gCoimisiún, Treoracha 82/471/CEE, 83/228/CEE, 93/74/CEE, 93/113/CE agus 96/25/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2004/217/CE ón gCoimisiún (IO L 229, 1.9.2009, lch. 1).

[43]             Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe isteach sa chomhshaol agus lena n‑aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1).

[44]             Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (IO L 354, 31.12 2008, lch. 16).

[45]             Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n‑úsáid i gcothú ainmhithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 29).

[46]             Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97 (IO L 354, 31.12.2008, lch. 7)

[47]             Treoir 96/29/Euratom ón gComhairle an 13 Bealtaine 1996 lena leagtar síos caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta chun sláinte oibrithe agus an phobail i gcoitinne a chosaint ar na contúirtí a éiríonn as radaíocht ianúcháin (IO L 159, 29.6.1996, lch. 1).

[48]             Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 1).

[49]             Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus inrianaitheacht táirgí bia agus beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (IO L 268, 18.10.2003, lch. 24).

[50]             Treoir 95/46/CE an 24 Deireadh fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin a rialaíonn cosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

[51]             Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8, lch. 30).

[52]             6 mhí ar a laghad tar éis a theachta i bhfeidhm.

[53]             ABM: bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[54]             Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais

[55]             Airteagal 110 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air.

[56]             Sanders, J (eag.) 2013: Evaluation of the EU legislation on organic farming (meastóireacht ar reachtaíocht an AE maidir le feirmeoireacht orgánach), Thünen Institute of Farm Economics http://ec.europa.eu/agriculture/evaluation/market‑and-income-reports/organic-farming-2013_en.htm

[57]             Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle.

[58]             Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht don fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle.

[59]             Is féidir mionsonraí faoi na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard‑Stiúrthóireacht an Bhuiséid:      http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[60]             LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte

[61]             CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

[62]             Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí .

[63]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[64]             Is éard atá in aschuir táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).

[65]             I gcomhréir le Comhchreat Faireacháin agus Meastóireachta an CBT, bunófar comhchreat faireacháin agus meastóireachta ó 2014 ar aghaidh agus, dá bhrí sin, tabharfar táblaí táscairí i gcrích go cuí tráth níos déanaí.

[66]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

IARSCRÍBHINN I

TÁIRGÍ EILE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2(1)

– giostaí a úsáidtear mar bhia nó mar bheatha,

– beoir,

– maté,

– eastóscanna, úscraí agus tiúcháin chaife, tae nó maté, agus ullmhóidí de bhunús na dtáirgí sin, nó de bhunús caife, tae nó maté; siocaire rósta agus ionadaigh chaife rósta eile, agus eastóscanna, úscraí agus tiúcháin díobh sin,

– neachtair thorthaí,

– leafaos, im, ola agus púdar cacó; seacláid agus ullmhóidí bia eile le cacó,

– milseogra siúcra,

– ullmhóidí gránach, plúir, stáirse nó bainne; táirgí taosráin,

– anraithí,

– anlann,

– béilí cócaráilte,

– uachtar reoite,

– iógairt bhlaistithe, iógairt arna mbreisiú le torthaí, cnónna nó cacó,

– salann farraige,

– gumaí agus roisíní nádúrtha,

– pailin,

– céir bheach,

– blátholaí,

– deochanna biotáilleacha ar choinníoll gur de thionscnamh talmhaíochta amháin an t-alcól eitile a úsáidtear le haghaidh tháirgeadh na ndeochanna biotáilleacha.

IARSCRÍBHINN II

RIALACHA TÁIRGTHE SONRACHA DÁ dTAGRAÍTEAR I gCAIBIDIL III

Cuid I: Rialacha maidir le táirgeadh plandaí

Chomh maith leis na rialacha táirgthe a leagtar síos in Airteagail 7 go 10, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos sa Chuid seo maidir le táirgeadh plandaí orgánacha.

1. Ceanglais ghinearálta

1.1. Tá toirmeasc ar tháirgeadh hidreaponach, ar modh é chun plandaí a fhás lena bhfréamhacha i dtuaslagán cothaitheach amháin, nó i meán támh ina gcuirtear tuaslagán cothaitheach.

1.2. Coiscfidh na teicnící go léir a úsáidtear chun plandaí a tháirgeadh éilliú comhshaoil, nó íoslaghdóidh siad éilliú comhshaoil.

1.3. Tiontú

1.3.1. Má táthar chun a mheas gur plandaí agus táirgí plandaí orgánacha atá i gceist, ní mó go mbeadh feidhm ag na rialacha táirgthe a leagtar síos sa Rialachán seo ar na dáileachtaí le linn tréimhse tiontaithe dhá bhliain ar a laghad roimh síol a chur, nó dhá bhliain ar a laghad sula n-úsáidtear mar bheatha ó tháirgeadh orgánach iad i gcás féarthailte nó foráiste ilbhliantúil, nó trí bliana ar a laghad roimh shábháil na dtáirgí orgánacha den chéad uair i gcás barr ilbhliantúil nach foráiste é.

1.3.2. Féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh síneadh a chur leis an tréimhse tiontaithe le go mbeidh sé níos faide ná an tréimhse tiontaithe dá dtagraítear i bpointe 1.3.1, i gcásanna inar éillíodh an talamh le táirgí nár údaraíodh le haghaidh táirgthe orgánaí.

1.3.3. Teastóidh tréimhse tiontaithe nua i gcomhréir le pointe 1.3.1 ón údarás inniúil i gcás inar baineadh úsáid as táirge nár údaraíodh le haghaidh táirgthe orgánaigh.

Féadfar an tréimhse sin a ghiorrú sa dá chás seo a leanas:

(a) úsáid táirge nár údaraíodh le haghaidh táirgthe orgánaigh mar chuid de bheart rialaithe éigeantach in aghaidh lotnaidí nó fiailí, lena n-áirítear orgánaigh coraintín nó speicis ionracha, arna bhforchur ag údarás inniúil an Bhallstáit;

(b) úsáid táirge nár údaraíodh le haghaidh táirgthe orgánaigh mar chuid de thástálacha eolaíochta arna bhformheas ag údarás inniúil an Bhallstáit.

1.3.4. Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe 1.3.2 agus i bpointe 1.3.3, cuirfear na fachtóirí seo a leanas san áireamh agus fad na tréimhse tiontaithe á shocrú:

(a) gur féidir a ráthú go mbeidh leibhéal neamhshuntasach fuíll san ithir tar éis phróiseas díghrádaithe an táirge lena mbaineann ag deireadh na tréimhse tiontaithe, nó sa phlanda i gcás bairr ilbhliantúil;

(b) ní fhéadfar tagairt a dhéanamh do tháirgeadh orgánach agus an barr i ndiaidh na cóireála á dhíol.

1.3.5. Ba cheart na rialacha sonracha maidir le tiontú talún a bhfuil baint acu le táirgeadh beostoic orgánaigh a bheith mar seo a leanas:

1.3.5.1. Beidh feidhm ag na rialacha tiontaithe ar limistéar iomlán an aonaid táirgthe ar a bhfuil beatha ainmhithe á tháirgeadh.

1.3.5.2. D'ainneoin pointe 1.3.5.1, féadfar an tréimhse tiontaithe a laghdú go haon bhliain amháin i gcás féaraigh agus limistéir taobh amuigh atá á n-úsáid ag speicis nach luibhiteoirí iad.

1.4. Tionscnamh plandaí lena n-áirítear ábhar atáirgthe plandaí

1.4.1. Ní úsáidfear ach ábhar atáirgthe plandaí a táirgeadh go horgánach chun plandaí agus táirgí plandaí a tháirgeadh.  Chuige sin, táirgfear an planda atá beartaithe le haghaidh ábhair atáirgthe plandaí a thairgeadh, agus an máthairphlanda nuair is iomchuí, i gcomhréir leis an Rialacháin seo ar feadh aon ghlúine amháin ar a laghad, nó ar feadh aon ghlúine amháin ar a laghad le linn dhá shéasúr fáis i gcás barr ilbhliantúil.

1.4.2. Úsáid a bhaint as ábhar atáirgthe plandaí nach bhfuarthas ó tháirgeadh orgánach

Ní fhéadfar ábhar atáirgthe plandaí nach bhfuarthas ó tháirgeadh orgánach a úsáid ach amháin má thagann sé ó aonad táirgthe atá á thiontú go táirgeadh orgánach, nó má tá údar lena úsáid ar mhaithe le cúrsaí taighde, tástálacha allamuigh ar mhionscála, nó chun acmhainní géiniteacha a chaomhnú, a comhaontaíodh le húdarás inniúil an Bhallstáit.

1.5. Bainistíocht ithreach agus leasú

1.5.1. Agus plandaí orgánacha á dtáirgeadh bainfear úsáid as cleachtais churaíochta agus shaothraithe a chaomhnaíonn nó a mhéadaíonn an t-ábhar orgánach san ithir, a chuireann le cobhsaíocht agus bithéagsúlacht ithreach, agus a choisceann stuáil agus creimeadh ithreach.

1.5.2. Caomhnófar agus méadófar torthúlacht agus gníomhaíocht bhitheolaíoch na hithreach le huainíocht bairr ilbhliantúil, léagúim agus barra aoiligh glasa eile ina measc, agus trí aoileach beostoic nó ábhar orgánach ó tháirgeadh orgánach a úsáid, iad araon muirínithe más féidir.

1.5.3. I gcás nach féidir freastal a dhéanamh ar riachtanais chothaithe plandaí leis na bearta dá dtagraítear i bpointe 1.5.1. agus 1.5.2 ní fhéadfar ach leasacháin agus oiriúntóirí ithreach arna n-údarú lena n-úsáid sa táirgeadh orgánach de bhun Airteagal 19 a úsáid, agus ní fhéadfar iad a úsáid ach a mhéad is gá.

1.5.4. Ní rachaidh méid iomlán an aoiligh beostoic, mar atá sainmhínithe i dTreoir 91/676/CEE[1] ón gComhairle, a úsáidtear ar an ngabháltas talmhaíochta thar 170 kg in aghaidh na bliana/heicteár an limistéir talmhaíochta in úsáid. Ní bheidh feidhm ag an teorainn sin ach maidir le haoileach, aoileach triomaithe agus aoileach éanlaithe clóis  díhiodráitithe, tuartha muirínithe ainmhithe, lena n-áirítear aoileach éanlaithe clóis, aoileach muirínithe agus tuartha leachtacha ainmhithe a úsáid.

1.5.5. Is féidir le gabháltais atá i mbun táirgthe orgánaigh comhaontuithe comhair scríofa a dhéanamh go heisiach le gabháltais agus fiontair talmhaíochta eile a chomhlíonann na rialacha maidir le táirgeadh orgánach, agus é ar intinn acu fuílleach aoiligh ó tháirgeadh orgánach a leathadh. Déanfar an uasteorainn dá dtagraítear i bpointe 1.5.4 a ríomh ar bhonn na n-aonad táirgthe orgánaigh go léir atá páirteach i gcomhar den chineál sin.

1.5.6. Féadfar ullmhóidí de mhiocrorgánaigh a úsáid chun riocht na hithreach ina hiomláine a fheabhsú, nó chun infhaighteacht cothaitheach san ithir nó sna barra a fheabhsú.

1.5.7. Féadfar ullmhóidí iomchuí planda-bhunaithe nó ullmhóidí de mhiocrorgánaigh a úsáid chun múirín a ghníomhachtú.

1.5.8. Ní úsáidfear leasacháin nítrigine mianraí.

1.6. Bainistiú lotnaidí agus fiailí

1.6.1. Beidh an cosc ar dhamáiste de dheasca lotnaidí agus fiailí ag brath go príomha ar an gcosaint ó:

– naimhde nádúrtha,

– an rogha speicis, éagsúlachtaí agus ábhar ilchineálach,

– uainíocht na mbarr,

– teicnící saothraithe amhail bitoitriú, agus

– próisis theirmeacha amhail grianadh agus galchóireáil éadomhain na hithreach (síos go huasdoimhneacht 10 cm).

1.6.2. I gcás nach dtugann na bearta dá bhforáiltear i bpointe 1.6.1 dóthain cosanta do phlandaí ó lotnaidí nó i gcás gur cinnte go bhfuil barra faoi bhagairt sheanbhunaithe, ní fhéadfar ach táirgí arna n-údarú lena n-úsáid sa táirgeadh orgánach de bhun Airteagal 19 a úsáid, agus ní fhéadfar iad a úsáid ach a mhéad is gá.

1.6.3. Cuirfidh gaistí nó rannóirí na dtáirgí seachas fearamóin, cosc ar scaoileadh na substaintí sa timpeallacht agus cuirfidh siad cosc ar theagmháil idir na substaintí agus na barra atá á saothrú. Baileofar na gaistí tar éis iad a úsáid, agus diúscrófar ar bhealach sábháilte iad.

1.7. Táirgí a úsáidtear le haghaidh glantacháin agus díghalraithe

Maidir le glantachán agus díghalrú, ní úsáidfear ach na táirgí glantacháin agus díghalraithe arna n-údarú lena n-úsáid sa táirgeadh orgánach de bhun Airteagal 19.

2. Ceanglais maidir le plandaí nó táirgí planda sonracha

2.1. Rialacha maidir le táirgeadh muisiriún

Féadfar substráití a úsáid le haghaidh muisiriúin a tháirgeadh, mura bhfuil iontu ach na comhpháirteanna a leanas:

(a) aoileach agus tuartha ainmhithe:

(i)      ó ghabháltais talmhaíochta a tháirgeann i gcomhréir leis na rialacha maidir le táirgeadh orgánach; nó

(ii)     dá dtagraítear i bpointe 1.5.3, ach amháin mura bhfuil fáil ar an táirge dá dtagraítear i bpointe (i), ar an gcoinníoll nach dtéann an t-aoileach agus na tuartha ainmhithe i gceist thar 25 % de mheáchan iomlán chomhpháirteanna na substráite, cé is moite den ábhar clúdaithe agus aon uisce breise a cuireadh leis, sula ndearnadh é a mhúiríniú;

(b) táirgí de thionscnamh talmhaíochta, seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (a), ó ghabháltais talmhaíochta atá i mbun táirgthe i gcomhréir leis na rialacha maidir le táirgeadh orgánach;

(c) móin nár cóireáladh go ceimiceach;

(d) adhmad, nár cóireáladh le táirgí ceimiceacha tar éis é a leagan;

(e) táirgí mianraí dá dtagraítear i bpointe 1.5.3., uisce agus ithir.

2.2. Rialacha maidir le plandaí fiáine a bhailiú

Meastar gur táirgeadh orgánach is ea bailiú plandaí fiáine atá ag fás go nádúrtha i limistéir nádúrtha, foraoisí agus limistéir talmhaíochta, chomh maith le bailiú codanna de na plandaí sin, ar an gcoinníoll:

(a) nár baineadh úsáid as aon táirgí sna limistéir sin, seachas táirgí arna n-údarú lena n-úsáid sa táirgeadh orgánach de bhun Airteagal 19, ar feadh tréimhse trí bliana ar a laghad sula ndearnadh an bailiú;

(b) nach gcuireann an bailiú isteach ar chobhsaíocht na gnáthóige nádúrtha nó cothabháil na speiceas sa limistéar bailithe.

Cuid II: Rialacha maidir le táirgeadh beostoic

Comh maith leis na rialacha táirgthe a leagtar síos in Airteagail 7, 8, 9 agus 11, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos sa Chuid seo maidir le táirgeadh beostoic.

1. Ceanglais ghinearálta

1.1. Beidh toirmeasc ar thairgeadh beostoic gan ghabháltas i gcás nach ndéanann an feirmeoir atá i mbun beostoc a tháirgeadh bainistíocht ar thalamh talmhaíochta agus nach bhfuil comhaontú comhair scríofa le feirmeoir eile aige.

1.2. Tiontú

1.2.1. Tosóidh an tréimhse tiontaithe ar a luaithe tar éis don fheirmeoir fógra a thabhairt faoina ghníomhaíocht do na húdaráis inniúla agus a ghabháltas a chur faoin gcóras rialaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.

1.2.2. Leagtar amach na tréimhsí tiontaithe a bhaineann go sonrach leis an gcineál táirgthe ainmhithe i bpointe 2.

1.2.3. Ní dhéanfar ainmhithe agus táirgí ainmhithe a tháirgtear le linn na tréimhse tiontaithe a mhargú mar chinn orgánacha.

1.2.4. Measfar go bhfuil ainmhithe agus táirgí ainmhithe orgánach ag deireadh na tréimhse tiontaithe má thiontaítear an t-aonad táirgthe ina iomláine, lena n-áirítear beostoc, féaraigh nó aon talamh a úsáidtear le haghaidh beatha ainmhithe ag an tráth céanna.

1.3. Tionscnamh ainmhithe

1.3.1. Saolófar agus tógfar beostoc orgánach ar ghabháltais talmhaíochta orgánacha.

1.3.2. D'fhéadfaí a mheas gur ainmhithe orgánacha agus táirgí orgánacha iad na hainmhithe a bhí ar an ngabháltas talmhaíochta ag tús na tréimhse tiontaithe, agus a gcuid táirgí, tar éis chomhlíonadh na tréimhse tiontaithe is infheidhme dá dtagraítear i bpointe 2.

1.3.3. Maidir le pórú ainmhithe orgánacha:

(a) bainfear úsáid as modhanna nádúrtha le haghaidh atáirgthe; mar sin féin, ceadófar inseamhnú saorga;

(b) ní dhéanfar an t-atáirgeadh a spreagadh le hormóin ná le substaintí den chineál sin, ach amháin i bhfoirm cóireála teiripí tréidliachta i gcás ainmhí aonair;

(c) ní bhainfear úsáid as cineálacha eile atáirgthe saorga, amhail clónáil agus traschur sutha;

(d) déanfar rogha pórtha iomchuí agus cuirfidh an rogha leis an bhfulaingt a chosc agus leis an ngá le hainmhithe a chiorrú a sheachaint.

1.3.4. Agus pórtha nó tréithchineálacha á roghnú, tabharfar aird ar chumas na n-ainmhithe dul i dtaithí ar dhálaí áitiúla gan dochar a dhéanamh dá leas, dá n-acmhainneacht agus dá bhfrithsheasmhacht i gcoinne galar. Chomh maith leis sin, roghnófar pórtha nó tréithchineálacha ainmhithe d'fhonn galair sonracha nó fadhbanna sláinte a sheachaint, ar galair nó fadhbanna iad a bhaineann le pórtha nó tréithchineálacha áirithe a mbaintear úsáid astu i ndiantháirgeadh, amhail siondróm struis na muc, an siondróm liathbhán bog tais, bás tobann, breith anabaí agus breitheanna deacra ina mbíonn gá le gearradh Caesarach. Tabharfar tosaíocht do phórtha agus do thréithchineálacha dúchasacha.

1.3.5. Chun críocha pórúcháin, féadfar ainmhithe nár tógadh go horgánach a thabhairt isteach ar ghabháltas talamhaíochta nuair atá baol ann go gcaillfear pórtha ón bhfeirmeoireacht i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1974/2006[2] agus ní gá nár saolaíodh aon sliocht go fóill d'ainmhithe na bpórtha sin.

1.4. Cothú

1.4.1. Ceanglais ghinearálta maidir le cothú

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le cothú:

(a) gheofar beatha do bheostoc go príomha ón ngabháltas talmhaíochta ar a gcoinnítear na hainmhithe nó ó ghabháltais orgánacha eile sa réigiún céanna;

(b) maidir le beatha beostoic, tabharfar beatha orgánach dóibh a chomhlíonann riachtanais chothaitheacha na n-ainmhithe ag na céimeanna éagsúla dá bhforbairt. Ní cheadófar beathú srianta sa táirgeadh beostoic;

(c) toirmeascfar beostoc a choinneáil i ndálaí, nó iad a chur ar aiste bia, a d'fhéadfadh ainéime a spreagadh;

(d) beidh cleachtais ramhraithe iniompaithe ag gach céim sa phróiseas tógála. Toirmeascfar beathú iallaigh;

(e) beidh rochtain i gcónaí ag beostoc, seachas beacha, ar fhéarach nó ar ghairbhseach;

(f) ní bhainfear úsáid as spreagthóirí fáis nó as aimínaigéid shintéiseacha;

(g) beathófar ainmhithe diúil le bainne máthartha más féidir ar feadh íostréimhse;

(h) ní bhainfear úsáid as ábhair bia de thionscnamh breiseáin beatha, táirgí áirithe a úsáidtear sa chothú ainmhithe agus áiseanna próiseála ach amháin má tá siad údaraithe le húsáid sa táirgeadh orgánach de bhun Airteagal 19.

1.4.2. Innilt ar choimín agus buailteachas

1.4.2.1. Féadfar ainmhithe orgánacha a chur ag innilt ar choimín, ar an gcoinníoll:

(a) go mbainistítear an coimín go hiomlán i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(b) gur ainmhithe arna ndíorthú ó chóras táirgthe atá coibhéiseach le ceann de na córais dá bhforáiltear in Airteagal 28 agus Airteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 iad aon ainmhithe neamh-orgánacha a bhaineann úsáid as an talamh sin[3];

(c) ní mheasfar gur ó tháirgeadh orgánach aon táirgí beostoic ó ainmhithe orgánacha agus iad i mbun na talún seo a úsáid, ach amháin más féidir a chruthú go raibh scaradh leordhóthanach ó ainmhithe neamh-orgánacha.

1.4.2.2. Féadfaidh ainmhithe féar ar thalamh neamh-orgánach a innilt le linn na tréimhse buailteachais nuair atá siad á mbogadh ag siúl de chois ó limistéar innilte amháin go dtí limistéar innilte eile. Beidh cead beatha neamh-orgánach, i bhfoirm féir agus fásra eile atá á n-innilt ag na hainmhithe, a ithe ar feadh 35 lá ar a mhéad, an turas ar an mbealach amach agus an turas fillte san áireamh.

1.4.3. Beatha atá á thiontú

1.4.3.1. Maidir le gabháltais talmhaíochta atá á dtiontú, féadfar suas le 15 % de mheánmhéad iomlán an ábhair beathaithe a thugtar do bheostoc teacht ó innilt nó sábháil féarach buan, dáileachtaí foráiste ilbhliantúla nó barra próitéine, arna gcur faoi bhainistíocht orgánach ar thailte le linn na chéad bliana tiontaithe, ar an gcoinníoll gur chuid den ghabháltas é féin iad. Ní fhéadfar ábhar beathaithe sa chéad bhliain tiontaithe a úsáid le beatha próiseáilte orgánach a tháirgeadh. I gcás ina n-úsáidtear idir ábhar beathaithe atá á thiontú agus ábhar beathaithe ó dháileachtaí le linn a gcéad bhliana tiontaithe, ní bheidh céatadán iomlán an dá chineál ábhair beathaithe níos mó ná na huaschéatadáin atá leagtha síos i bpointe 1.4.3.2.

1.4.3.2. I gcás gabháltas talmhaíochta orgánach, féadfar suas le 20 % ar an meán den bheatha a theacht ó ábhar beathaithe atá á thiontú, eadhon ábhar beathaithe ón dara bliain tiontaithe. Maidir le gabháltais thalmhaíochta atá á dtiontú, i gcás go dtagann an t-ábhar beathaithe atá á thiontú ón ngabháltas féin, féadfar an céatadán sin a ardú go 100.

1.4.3.3. Déanfar na figiúirí i bpointe 1.4.3.1 agus i bpointe 1.4.3.2 a ríomh go bliantúil mar chéatadán den ábhar tirim in ábhar beathaithe de thionscnamh plandaí.

1.4.4. Ábhair agus substaintí áirithe bia a úsáid i mbeatha

Ní fhéadfar ach ábhar bia orgánach de bhunús ainmhithe chomh maithe le hábhair bia agus breiseáin bia arna n-údarú lena n-úsáid sa táirgeadh orgánach de bhun Airteagal 19 a úsáid chun ábhar bia orgánach a phróiseáil agus chun ainmhithe orgánacha a bheathú.

1.5. Cúram sláinte

1.5.1. Cosc galar

1.5.1.1. Bunófar cosc galar ar na nithe seo a leanas: roghnú pórtha agus tréithchineálacha, cleachtais feirmeoireachta maidir le bainistiú, aclaíocht agus beatha d'ardchaighdeán, dlús stocála iomchuí, tithíocht iomchuí agus leordhóthanach a choinnítear faoi dhálaí maithe sláinteachais.

1.5.1.2. Ceadófar táirgí míochaine tréidliachta imdhíoneolaíocha a úsáid.

1.5.1.3. Toirmeascfar táirgí míochaine tréidliachta allapatacha atá sintéisithe go ceimiceach nó antaibheathaigh a úsáid le haghaidh cóireála coiscthí.

1.5.1.4. Toirmeascfar úsáid substaintí chun fás nó táirgeadh a spreagadh (lena n-áirítear antaibheathaigh, coicideastait agus áiseanna saorga eile chun críoch fás a spreagadh) agus toirmeascfar hormóin nó substaintí comhchosúla a úsáid chun atáirgeadh a rialú nó chun críocha eile (e.g. chun éastras a spreagadh nó a shioncronú).

1.5.1.5. I gcás go dtagann beostoc ó aonaid neamh-orgánacha, beidh feidhm ag bearta speisialta amhail tástálacha scagtha nó tréimhsí coraintín, ag brath ar na cúinsí áitiúla.

1.5.1.6. Maidir le glantachán agus díghalrú, ní úsáidfear i bhfoirgnimh agus i suiteálacha beostoic ach na táirgí glantacháin agus díghalraithe arna n-údarú lena n-úsáid sa táirgeadh orgánach de bhun Airteagal 19.

1.5.1.7. Déanfar tithíocht, cróite, fearas agus gléasanna a ghlanadh agus a dhíghalrú i gceart chun tras-ionfhabhtú agus méadú ar líon na n-orgánach a iompraíonn galar a chosc. Déanfar faecas, fual agus aon bheatha nár itheadh nó a doirteadh a ghlanadh ón áit chomh minic agus is gá chun boladh a laghdú agus chun mealladh feithidí nó creimirí a sheachaint. Féadfar creimiricídí (i ngaistí amháin) agus táirgí arna n-údarú lena n-úsáid sa táirgeadh orgánach de bhun Airteagal 19 a úsáid chun feithidí agus lotnaidí eile a dhíbirt ó fhoirgnimh agus ó shuiteálacha eile ina gcoinnítear beostoc.

1.5.2. Cóireáil tréidliachta

1.5.2.1. I gcás go mbuaileann ainmhithe tinn nó go n-éiríonn siad gortaithe in ainneoin beart coisctheach cuirfear cóireáil orthu láithreach bonn.

1.5.2.2. Cuirfear cóireáil in aghaidh galair ar fáil láithreach bonn chun fulaingt an ainmhí a sheachaint. féadfar táirgí míochaine tréidliachta allapatacha atá sintéisithe go ceimiceach, lena n-áirítear antaibheathaigh, a úsáid nuair is gá agus faoi dhianchoinníollacha agus faoi fhreagracht tréidlia, i gcás nach iomchuí táirgí fíti-teiripeacha agus hoiméapatacha ná táirgí eile a úsáid.  Saineofar srianta maidir le cúrsaí cóireála agus tréimhsí aistarraingthe go háirithe.

1.5.2.3. Úsáidfear ábhar bia de bhunús mianraí agus breiseáin cothaithe arna n-údarú lena n-úsáid sa táirgeadh orgánach de bhun Airteagal 19 agus táirgí fíti-teiripeacha agus hoiméapatacha de rogha ar chóireáil tréidliachta allapatach atá sintéisithe go ceimiceach lena n-áirítear antaibheathaigh, ar an gcoinníoll go bhfuil éifeacht theiripeach éifeachtacht leo i leith speiceas an ainmhí sin, agus i leith an riochta ar a bhfuil an chóireáil dírithe.

1.5.2.4. Cé is moite de vacsaínigh, cóireálacha le haghaidh seadán agus scéimeanna díothú éigeantacha i gcás gur cuireadh cóireáil ar ainmhí nó ar ghrúpa ainmhithe níos mó ná trí uaire laistigh de 12 mhí le táirgí míochaine tréidliachta allapatacha atá sintéisithe go ceimiceach lena n-áirítear antaibheathaigh, nó níos mó ná uair amháin má tá saolré táirgthe níos lú na aon bhliain amháin ag an ainmhí nó ag an ngrúpa ainmhithe, ní dhíolfar mar tháirgí orgánacha an beostoc sin, ná táirgí a mbaineann leo, agus cuirfear an beostoc faoi réir na tréimhsí tiontaithe dá dtagraítear i bpointe 1.2 agus i bpointe 2.

1.5.2.5. Beidh an tréimhse aistarraingthe idir táirge míochaine tréidliachta allapatach a úsáid don uair dheiridh ar ainmhí faoi ghnáthchionníollacha úsáide agus bia-earraí a tháirgeadh ó ainmhithe den chineál sin, dhá oiread chomh fada leis an tréimhse aistarraingthe dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán 2001/82/CE, nó 48 uaire i gcás nach sonraítear an tréimhse sin.

1.5.2.6. Ceadófar cóireálacha a bhaineann le sláinte ainmhithe agus sláinte an duine a chosaint ar cóireálacha iad a fhorchuirtear ar bhonn reachtaíocht an Aontais.

1.6. Coinníollacha tithíochta agus cleachtais feirmeoireachta

1.6.1. Áiritheofar le hinsliú, téamh agus aerú an fhoirgnimh go gcoinnítear aerchúrsaíocht, leibhéal dusta, teocht, bogthaise choibhneasta an aeir agus an méid gáis laistigh de theorainneacha a áirithíonn leas na n-ainmhithe. Beidh solas maith agus aerú nádúrtha fairsing san fhoirgneamh.

1.6.2. Ní bheidh sé ina cheangal tithíocht a chur ar fáil do bheostoc i limistéir a bhfuil na dálaí aeráide iomchuí ann le gur féidir le beostoc maireachtáil lasmuigh. Beidh rochtain ag beostoc an t-am ar fad ar limistéir taobh amuigh, féarach más féidir, aon uair a cheadaíonn dálaí aimsire agus riocht an talún é sin ach amháin má fhorchuirtear srianta agus oibleagáidí a bhaineann le sláinte an duine agus sláinte ainmhithe a chosaint ar bhonn reachtaíocht an Aontais. Beidh rochtain ag ainmhithe ar fhoscadh nó ar limistéir faoi scáth chun iad a chosaint ón drochaimsir.

1.6.3. Déanfaidh an dlús stocála i bhfoirgnimh freastal ar chompord, folláine agus riachtanais speicis-bhunaithe na n-ainmhithe, nithe a beidh ag brath go háirithe ar speiceas, pór agus aois na n-ainmhithe.  Tabharfaidh an dlús stocála aird chomh maith ar riachtanais iompraíochta na n-ainmhithe, riachtanais a bhíonn ag brath go háirithe ar mhéid an ghrúpa agus inscne na n-ainmhithe. Déanfaidh an dlús stocála leas na n-ainmhithe a áirithiú trí dhóthain spáis a chur ar fáil dóibh ionas gur féidir leo seasamh go nádúrtha, bogadh, luí síos go héasca, casadh timpeall, iad féin a chíoradh, agus gach gnáthsheasamh agus gach gluaiseacht nádúrtha a dhéanamh amhail síneadh agus sciatháin a bhualadh.

1.6.4. Beidh na híosachair dromchla taobh istigh agus taobh amuigh, agus tréithe eile a bhaineann le tithíocht a chuirtear ar fáil do speicis éasgúla agus catagóirí éagsúla ainmhithe mar atá leagtha amach i bpointí 2.1.4., 2.2.4., 2.3.4. agus 2.4.5.

1.6.5. Féadfar limistéir taobh amuigh a chlúdach i bpáirt. Ní mheasfar gur limistéir taobh amuigh iad vearandaí.

1.6.6. Ní rachaidh an dlús stocála ina iomláine thar theorainn 170kg nítrigin orgánach in aghaidh na bliana agus in aghaidh an heicteáir talmhaíochta.

1.6.7. Chun an dlús stocála iomchuí dá dtagraítear i bpointe 1.6.6. a chinneadh, leagfaidh an t-údarás inniúil amach na haonaid bheostoic atá coibhéiseach leis an teorainn dá dtagraítear i bpointe 1.6.6., ag leanúint na bhfigiúirí atá leagtha síos i ngach ceann de na riachtanais shonracha de réir táirgthe ainmhithe.

1.7. Leas ainmhithe

1.7.1. Beidh an buneolas riachtanach agus na scileanna maidir le sláinte agus riachtanais leasa na n-ainmhithe ag gach duine a mbeidh baint acu le hainmhithe a choinneáil.

1.7.2. Áiritheofar le cleachtais feirmeoireachta, lena n-áirítear dlús stocála agus dálaí tithíochta, go ndéanfar freastal ar riachtanais forbartha, fiseolaíochta agus eiteolaíocha ainmhithe.

1.7.3. Beidh rochtain ag beostoc an t-am ar fad ar limistéir taobh amuigh, féarach más féidir, aon uair a cheadaíonn dálaí aimsire agus riocht an talún é sin ach amháin má fhorchuirtear srianta agus oibleagáidí a bhaineann le sláinte an duine agus sláinte ainmhithe a chosaint ar bhonn reachtaíocht an Aontais.

1.7.4. Déanfar líon an bheostoic a theorannú d'fhonn na nithe seo a leanas a laghdú: ró-innilt, pasáil ithreach, creimeadh, nó truailliú de bharr ainmhithe nó de bharr aoileach na n-ainmhithe a leathadh.

1.7.5. I gas ina bhfuil feidhm ag Airteagal 8(5) agus ag pointe 1.4.2.2 den Chuid seo, coinneofar beostoc orgánach scagtha ó bheostoc eile.

1.7.6. Toirmeascfar ainmhithe a leithlisiú nó iad a choinneáil ar theaghrán, ach amháin i gcás ainmhithe aonair ar feadh tréimhse teoranta ama, agus sa mhéid agus atá údar leis seo ar chúiseanna tréidliachta. Féadfaidh údaráis inniúla a údarú gur féidir ba i micreathionscadail a choinneáil ar theaghrán murar féidir na ba a choinneáil i ngrúpaí atá oiriúnach dá riachtanais iompraíochta, ar an gcoinníoll go bhfuil rochtain acu ar fhéaraigh le linn na tréimhse innilte, agus rochtain ar limistéir taobh amuigh dhá uair sa tseachtain ar a laghad nuair nach bhfuil aon fhéidearthacht innilte ann.

1.7.7. Déanfar an méid ama a iompraítear ainmhithe a laghdú.

1.7.8. Déanfar aon fhulaingt le linn shaol iomlán an ainmhí a choinneáil chomh híseal agus is féidir, lena n-áirítear ag an am a maraítear iad.

1.7.9. Beidh toirmeasc ar chiorrú ainmhithe.

1.7.10. Déanfar aon fhulaingt ainmhithe a laghdú go dtí an leibhéal is ísle trí ainéistéise agus/nó anailgéise leordhóthanach a úsáid agus tríd an obráid a dhéanamh ag an aois is iomchuí ag pearsanra cáilithe, agus ag an aois sin amháin.

1.7.11. Ceadófar coilleadh fisiceach chun cáilíocht táirgí agus cleachtais táirgthe traidisiúnta a choimeád, ach ceadófar é faoi ainéitéise nó faoi anailgéise leordhóthanach amháin agus tríd an obráid a dhéanamh ag an aois is iomchuí ag pearsanra cáilithe, agus ag an aois sin amháin.

1.7.12. Déanfar ainmhithe a lódáil agus a dhílódáil gan úsáid a bhaint as aon chineál spreagtha leictrigh chun iallach a chur ar na hainmhithe bogadh. Toirmeascfar suaimhneasáin allapatacha a úsáid roimh nó le linn ainmhithe a iompar.

2. Ceanglais maidir le speicis shonracha beostoic

2.1. Bó-ainmhithe, ainmhithe de cineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair a tháirgeadh

2.1.1. Tiontú

Má táthar chun a mheas gur táirgí orgánacha iad bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus a gcuid dtáirgí, ní mór go mbeadh feidhm ag na rialacha táirgthe atá leagtha amach sa Rialachán seo ar feadh ar a laghad:

(a) 12 mhí i gcás bó-ainmhithe le haghaidh táirgthe feola, agus ar aon chuma ar feadh trí cheathrú dá saol ar a laghad;

(b) sé mhí i gcás ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair agus ainmhithe le haghaidh táirgthe bainne.

2.1.2. Cothú

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le cothú:

(a) beidh rochtain ag bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair ar fhéaraigh le haghaidh innilte aon uair a mbeidh dálaí ann chuige sin;

(b) d'ainneoin pointe (a), beidh rochtain ag bó-ainmhithe fireanna atá níos sine ná aon bhliain d'aois ar fhéarach nó ar limistéar taobh amuigh;

(c) i gcásanna ina mbíonn rochtain ag bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair ar fhéarach le linn na tréimhse innilte agus i gcás ina dtugann an córas tithíochta geimhridh saoirse gluaiseachta do na hainmhithe, féadfar an oibleagáid maidir le limistéir taobh amuigh a chur ar fáil le linn mhíonna an gheimhridh a tharscaoileadh;

(d) ach amháin le linn na tréimhse buailteachais dá dtagraítear i bpointe 1.4.2.2, is ón bhfeirm féin a thiocfaidh 90 % ar a laghad den bheatha nó i gcás nach bhfuil sin indéanta, déanfar é a thairgeadh i gcomhar le feirmeacha orgánacha eile sa réigiún céanna;

(e) bunófar córais chun bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair a thógáil ar an úsáid is mó is féidir a bhaint as féarach innilte de réir infhaighteachta féaraigh le linn tréimhsí éagsúla sa bhliain. Is gairbhseach, fodar úr nó tirim, nó sadhlas a bheidh i 60 % ar a laghad d'ábhar tirim na gciondálacha laethúla do bhó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair. Ceadófar laghdú go 50 % i gcás ainmhithe sa táirgeadh déiríochta ar feadh uastréimhse trí mhí le linn luath-lachta;

(f) beathófar gach bó-ainmhí dúil, gach ainmhí dúil de chineál caorach agus gach ainmhí dúil de chineál gabhair le bainne máthartha más féidir ar feadh íostréimhse trí mhí i gcás bó-ainmhithe, agus 45 lá i gcás ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair.

2.1.3. Coinníollacha tithíochta sonracha

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir leis na dálaí tithíochta:

(a) beidh urlár mín, ach gan a bheith sleamhain, i dtithíocht le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair. Beidh dromchla soladach ar leath ar a laghad den achar dromchla taobh istigh dá dtagraítear sa tábla maidir le híosachar dromchla taobh istigh le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair mar atá leagtha síos i bpointe 2.1.4, is é sin le rá nach dromchla slataí ná gráta a bheidh ann;

(b) beidh limistéar scíthe/luí atá compordach, glan agus tirim agus atá ar mhéid leordhóthanach ar fáil sa tithíocht, agus foirgníocht sholadach gan slataí a bheidh ann. Beidh easair thirim fhairsing sa limistéar scíthe.  Tuí nó ábhar nádúrtha eile atá oiriúnach a bheidh san easair. Féadfar an easair a fheabhsú agus a shaibhriú le haon táirge mianraí arna údarú lena úsáid mar leasachán nó mar oiriúntóir ithreach sa táirgeadh orgánach de bhun Airteagal 19;

(c) d'ainneoin pointe (a) sa chéad fhomhír d'Airteagal 3(1) agus an dara fomhír d'Airteagal 3(1) de Threoir 2008/119/CE ón gComhairle[4], toirmeascfar laonna a chur faoi dhíon i mboscaí aonair tar éis aois aon seachtain amháin, ach amháin i gcás ainmhí aonair ar feadh tréimhse teoranta, agus sa mhéid agus atá údar leis seo ar chúiseanna tréidliachta.

2.1.4. Dlús stocála

Ní rachaidh líon na mbó-ainmhithe, na n-ainmhithe de chineál caorach ná na n-ainmhithe de chineál gabhair in aghaidh an heicteáir thar na teorainneacha seo a leanas:

Aicme nó speiceas || Uaslíon ainmhithe in aghaidh an heicteáir coibhéiseach le 170 kg N/heictéar/bliain

Laonna ramhraithe || 5

Bó-ainmhithe eile níos óige ná aon bhliain amháin || 5

Bó-ainmhithe fireanna níos sine ná aon bhliain amháin agus níos óige ná dhá bhliain || 3,3

Bó-ainmhithe baineanna níos sine ná aon bhliain amháin agus níos óige ná dhá bhliain || 3,3

Bó-ainmhithe fireanna, dhá bhliain d'aois nó níos sine || 2

Bodóga pórúcháin || 2,5

Bodóga ramhraithe || 2,5

Ba déiríochta || 2

Ba déiríochta dealaithe || 2

Ba eile || 2,5

Gabhair || 13,3

Caoirigh || 13,3

Seo thíos an t-íosachar dromchla taobh istigh agus taobh amuigh agus tréithe eile tithíochta maidir le bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair:

|| Achar taobh istigh (glan-achar ar fáil d'ainmhithe) || Achar taobh amuigh (achar aclaíochta, gan féarach a chur san áireamh)

|| Íos-bheomheáchan (kg) || M2/ceann || M2/ceann

Bó-ainmhithe pórúcháin agus ramhraithe || suas le 100 || 1,5 || 1,1

suas le 200 || 2,5 || 1,9

suas le 350 || 4,0 || 3

os cionn 350 || 5, le híosmhéid 1 m2/100 kg || 3,7, le híosmhéid 0,75 m2/100 kg

Ba déiríochta || || 6 || 4,5

Tairbh phórúcháin || || 10 || 30

Ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair || || 1,5 caora/gabhar || 2,5

|| 0,35 uan/meannán || 2,5 agus 0,5 in aghaidh uain/meannáin

2.2. Each-ainmhithe a tháirgeadh

2.2.1. Tiontú

Má táthar chun a mheas gur táirgí orgánacha iad each-ainmhithe agus a gcuid dtáirgí, ní mór go mbeadh feidhm ag rialacha táirgthe an Rialacháin seo ar feadh ar a laghad:

(a) 12 mhí i gcás táirgthe feola, agus ar aon chuma ar feadh trí cheathrú dá saol ar a laghad;

(b) sé mhí i gcás ainmhithe le haghaidh táirgthe bainne.

2.2.2. Cothú

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le cothú:

(a) beidh rochtain ag each-ainmhithe ar fhéaraigh le haghaidh innilte aon uair a mbeidh dálaí ann chuige sin;

(b) i gcásanna ina mbíonn rochtain ag each-ainmhithe ar fhéarach le linn na tréimhse innilte agus i gcás ina dtugann an córas tithíochta geimhridh saoirse gluaiseachta do na hainmhithe, féadfar an oibleagáid maidir le limistéir taobh amuigh a chur ar fáil le linn mhíonna an gheimhridh a tharscaoileadh;

(c) ach amháin le linn na tréimhse buailteachais dá dtagraítear i bpointe 1.4.2.2, is ón bhfeirm féin a thiocfaidh 90 % ar a laghad den bheatha nó i gcás nach bhfuil sin indéanta, déanfar é a thairgeadh i gcomhar le feirmeacha orgánacha eile sa réigiún céanna;

(d) bunófar córais chun each-ainmhithe a thógáil ar an úsáid is mó is féidir a bhaint as féarach innilte de réir infhaighteachta féaraigh le linn tréimhsí éagsúla sa bhliain. Is gairbhseach, fodar úr nó tirim, nó sadhlas a bheidh i 60 % ar a laghad d'ábhar tirim na gciondálacha laethúla d'each-ainmhithe;

(e) déanfar gach each-ainmhí diúil a bheathú le bainne máthartha más féidir ar feadh íostréimhse trí mhí.

2.2.3. Coinníollacha tithíochta sonracha

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir leis na dálaí tithíochta:

(a) beidh urlár mín, ach gan a bheith sleamhain, i dtithíocht le haghaidh each-ainmhithe. Beidh dromchla soladach ar leath ar a laghad den achar dromchla taobh istigh dá dtagraítear sa tábla maidir le híosachar dromchla taobh istigh le haghaidh each-ainmhithe mar atá leagtha síos i bpointe 2.2.4, is é sin le rá nach dromchla slataí ná gráta a bheidh ann;

(b) beidh limistéar scíthe/luí atá compordach, glan agus tirim agus atá ar mhéid leordhóthanach ar fáil sa tithíocht, agus foirgníocht sholadach gan slataí a bheidh ann. Beidh easair thirim fhairsing sa limistéar scíthe. Tuí nó ábhar nádúrtha eile atá oiriúnach a bheidh san easair. Féadfar an easair a fheabhsú agus a shaibhriú le haon táirge mianraí arna údarú lena úsáid mar leasachán nó mar oiriúntóir ithreach sa táirgeadh orgánach de bhun Airteagal 19.

2.2.4. Dlús stocála

Ní rachaidh líon na n-eachainmhithe in aghaidh an heicteáir thar na teorainneacha seo a leanas:

Aicme nó speiceas || Uaslíon ainmhithe in aghaidh an heicteáir coibhéiseach le 170 kg N/heictéar/bliain

Each-ainmhithe atá níos sine ná sé mhí || 2

Seo thíos an t-íosachar dromchla taobh istigh agus taobh amuigh agus tréithe eile tithíochta maidir le heach-ainmhithe:

|| Achar taobh istigh (glan-achar ar fáil d'ainmhithe) || Achar taobh amuigh (achar aclaíochta, gan féarach a chur san áireamh)

|| Íos-bheomheáchan (kg) || M2/ceann || M2/ceann

Each-ainmhithe pórúcháin agus ramhraithe || suas le 100 || 1,5 || 1,1

suas le 200 || 2,5 || 1,9

suas le 350 || 4,0 || 3

os cionn 350 || 5, le híosmhéid 1 m2/100 kg || 3,7, le híosmhéid 0,75 m2/100 kg

2.3. Muc-ainmhithe a tháirgeadh

2.3.1. Tiontú

Má táthar chun a mheas gur táirgí orgánacha iad muc-ainmhithe agus a gcuid dtáirgí, ní mór go mbeadh feidhm ag rialacha táirgthe an Rialacháin seo ar feadh sé mhí ar a laghad.

2.3.2. Cothú

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le cothú:

(a) is ón bhfeirm féin a thiocfaidh 60 % ar a laghad den bheatha nó i gcás nach bhfuil sin indéanta, déanfar é a tháirgeadh sa réigiún céanna i gcomhar le feirmeacha orgánacha nó oibreoirí beatha eile;

(b) déanfar gach muc-ainmhí diúil a bheathú le bainne máthartha más féidir ar feadh íostréimhse 40 lá;

(c) cuirfear gairbhseach, fodar úr nó tirim, nó sadhlas leis na ciondálacha laethúla le haghaidh muc.

2.3.3. Coinníollacha tithíochta sonracha

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir leis na dálaí tithíochta:

(a) beidh urlár mín, ach gan a bheith sleamhain, i dtithíocht le haghaidh muc-ainmhithe. Beidh dromchla soladach ar leath ar a laghad den achar dromchla taobh istigh dá dtagraítear sa tábla maidir le híosachar dromchla taobh istigh le haghaidh muc-ainmhithe mar atá leagtha síos i bpointe 2.3.4, is é sin le rá nach dromchla slataí ná gráta a bheidh ann;

(b) beidh limistéar scíthe/luí atá compordach, glan agus tirim agus atá ar mhéid leordhóthanach ar fáil i dtithíocht do mhuc-ainmhithe, agus foirgníocht sholadach gan slataí a bheidh ann. Beidh easair thirim fhairsing sa limistéar scíthe. Tuí nó ábhar nádúrtha eile atá oiriúnach a bheidh san easair. Féadfar an easair a fheabhsú agus a shaibhriú le haon táirge mianraí arna údarú lena úsáid mar leasachán nó mar oiriúntóirí ithreach sa táirgeadh orgánach de bhun Airteagal 19.

(c) Is i ngrúpaí a choinneofar cránacha, ach amháin le linn chéimeanna deireanacha na tréimhse toirchis agus le linn na tréimhse dhiúil;

(d) ní choinneofar bainbh ar dheiceanna cothroma ná i gcásanna banbh;

(e) beidh deis fréamhaithe ag muc-ainmhithe i limistéir aclaíochta agus áit don aoileach. Chun críoch fréamhaithe féadfar úsáid a bhaint as substráití éagsúla.

2.3.4. Dlús stocála

Ní rachaidh líon na muc-ainmhithe in aghaidh an heicteáir thar na teorainneacha seo a leanas:

Aicme nó speiceas || Uaslíon ainmhithe in aghaidh an heicteáir coibhéiseach le 170 kg N/heictéar/bliain

Bainbh || 74

Cránacha pórúcháin || 6,5

Muc-ainmhithe ramhraithe || 14

Muc-ainmhithe eile || 14

Seo thíos an t-íosachar dromchla taobh istigh agus taobh amuigh agus tréithe eile tithíochta maidir le muc-ainmhithe:

|| Achar taobh istigh (glan-achar ar fáil d'ainmhithe) || Achar taobh amuigh (achar aclaíochta, gan féarach a chur san áireamh)

|| Íos-bheomheáchan (kg) || M2/ceann || M2/ceann

Cránacha breithe le bainbh suas le 40 lá || || 7,5 cráin || 2,5

Muc-ainmhithe ramhraithe || suas le 50 || 0,8 || 0,6

suas le 85 || 1,1 || 0,8

suas le 110 || 1,3 || 1

Bainbh || níos sine ná 40 lá agus suas le 30 kg || 0,6 || 0,4

Muc-ainmhithe síolraithe || || 2,5 muc bhaineanna || 1,9

|| 6 muc fhireanna Má bhaintear úsáid as pionnaí le haghaidh inseamhnaithe nádúrtha: 10 m2/torc || 8,0

2.4. Éanlaith chlóis a tháirgeadh

2.4.1. Tiontú

Má táthar chun a mheas gur táirgí orgánacha iad éanlaith chlóis agus a gcuid dtáirgí, ní mór go mbeadh feidhm ag rialacha táirgthe an Rialacháin seo ar feadh ar a laghad:

(a) 10 seachtain maidir le héanlaith chlóis le haghaidh táirgthe feola, a tugadh isteach sula raibh trí lá slánaithe acu;

(b) sé seachtaine i gcás éanlaith chlóis le haghaidh táirgthe uibheacha.

2.4.2. Tionscnamh éanlaithe clóis

Tógfar éanlaith chlóis go dtí go mbeidh íosaois bainte amach acu, nó gheofar iad ó thréchineálacha éanlaithe clóis a fhásann go mall mar a shaineoidh an t-údarás inniúil. Seo thíos an íosaois ag an am is féidir iad a mharú iad i gcás nach tréchineálacha éanlaithe chlóis a fhásann go mall atá in úsáid ag an bhfeirmeoir:

(a) 81 lá i gcás sicíní;

(b) 150 lá i gcás cábún;

(c) 49 lá i gcás lachan Péicing;

(d) 70 lá i gcás musclachan baineann;

(e) 84 lá i gcás musclachan fireann;

(f) 92 lá i gcás lachan mallard;

(g) 94 lá i gcás éanlaith ghuine;

(h) 140 lá i gcás turcaithe fireanna agus géanna rósta;  agus

(i) 100 lá i gcás turcaithe baineanna.

2.4.3. Cothú

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le cothú:

(a) is ón bhfeirm féin a thiocfaidh 60 % ar a laghad den bheatha nó i gcás nach bhfuil sin indéanta, déanfar é a tháirgeadh sa réigiún céanna i gcomhar le feirmeacha orgánacha nó oibreoirí beatha eile;

(b) cuirfear gairbhseach, fodar úr nó tirim, nó sadhlas leis an gciondálach laethúil.

2.4.4. Coinníollacha tithíochta sonracha

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir leis na dálaí tithíochta:

(a) ní choinneofar éanlaith chlóis i gcásanna;

(b) beidh rochtain ag éanlaith uisce ar shruth, lochán, loch nó linn aon uair atá dálaí aimsire agus sláinteachais oiriúnacha ann d'fhonn a riachtanais speicis-shonracha agus a riachtanais leasa ainmhithe a urramú; i gcás nach bhfuil na dálaí aimsire oiriúnach, beidh rochtain acu ar uisce sa chaoi is go mbeidh sé de chumas orthu an ceann a chur faoin uisce chun an chluimhreach a ghlanadh;

(c) beidh rochtain ag éanlaith chlóis ar limistéar taobh amuigh ar feadh aon trian dá saol ar a laghad. Beidh limistéir taobh amuigh le haghaidh éanlaithe clóis clúdaithe go príomha le fásra agus áiseanna cosanta ann agus beidh rochtain éasca ag éanlaith chlóis ar líon leordhóthanach de thrachanna ólacháin;

(d) i gcás go gcoinnítear éanlaith chlóis taobh istigh mar gheall ar shrianta nó oibleagáidí arna bhforchur ar bhonn reachtaíocht an Aontais, beidh rochtain buan acu ar mhéideanna leordhóthanacha gairbhsí agus ábhair iomchuí chun freastal a dhéanamh ar a gcuid riachtanas eiteolaíocha;

(e) comhlíonfaidh foirgnimh le haghaidh gach cineál éanlaithe chlóis na coinníollacha seo a leanas:

(i)      beidh dromchla soladach ar aon trian ar a laghad d'achar an urláir, is é sin le rá, nach urlár slataí ná gráta a bheidh ann, agus beidh sé clúdaithe le hábhar easrach amhail tuí, scamháin adhmaid, gaineamh nó móin;

(ii)     i dtithe le haghaidh béaróg, beidh cuid leordhóthanach d'achar an urláir ar fáil do na cearca chun aoileach na gcearc a bhailiú ann;

(iii)    beidh faraí ag éanlaith chlóis de mhéid agus líon a fhreagraíonn do mhéid an ghrúpa agus na n-éan mar a leagtar síos sa tábla maidir leis an íosachar dromchla taobh istigh agus taobh amuigh agus tréithe eile tithíochta maidir le táirgeadh éanlaithe clóis atá leagtha amach i bpointe 2.4.5.;

(iv)    beidh poill le dul isteach agus amach ar theorainn lasmuigh an tí, i.e. lena n-áirítear vearanda más ann dó, poill de mhéid atá mór go leor le haghaidh na n-éan, agus beidh fad iomlán 4m ag na poill go léir in aghaidh gach achar 100m den tithíocht atá ar fáil do na héin.  Nuair is ann do vearanda beidh fad iomlán 2m  in aghaidh gach achar 100 m² den tithíocht ag na poill inmheánacha go léir idir an teach agus an vearanda. Ní mór rochtain fiche ceathair uair an chloig ar an vearanda a cheadú;

(v)     déanfar tithe éanlaithe clóis a thógáil ar bhealach a thugann rochtain éasca do na héin go léir ar limistéar taobh amuigh, i.e. ní bheidh fad níos mó ná 15m idir an pointe is faide laistigh den teach agus an poll amach is giorra don phointe sin.

(vi)    maidir le córais ilsrathacha, ní bheidh níos mó ná trí leibhéal d'achar inúsáidte iontu, an bun-urlár san áireamh. Ní bheidh níos mó ná 1m idir na leibhéil nó idir na hachair idirmheánacha, amhail láithreacha neadaithe. Beifear in ann aoileach a ghlanadh ó na leibhéil níos airde le córas uathoibrithe;

(f) féadfar an méid solais nádúrtha a mhéadú le modhanna saorga chun uasmhéid 16 uaire solais a chur ar fáil in aghaidh an lae agus beidh tréimhse scíthe san oíche gan aon solas saorga ar feadh 8 n-uaire leanúnacha ar a laghad;

(g) déanfar foirgnimh a fholmhú ó bheostoc idir gach grúpa éanlaithe clóis a thógtar. Déanfar na foirgnimh agus na feistis a ghlanadh agus a dhíghalrú le linn an ama sin. De bhreis air sin, i gcás ina bhfuil grúpa éanlaithe clóis tógtha ní mór na clóis a fhágáil folamh ar feadh tréimhse a socróidh na Ballstáit chun seans a thabhairt don fhásra a fhás arís. Ní bheidh feidhm ag na riachtanais seo i gcás nach dtógtar éanlaith chlóis i ngrúpaí nó nach gcoinnítear i gclóis iad, agus i gcás go bhfuil saoire fánaíochta i rith an lae acu.

2.4.5. Dlús stocála

Ní rachaidh uaslíon na n-ainmhithe in aghaidh an heicteáir thar na teorainneacha seo a leanas:

Aicme nó speiceas || Uaslíon ainmhithe in aghaidh an heicteáir coibhéiseach le 170 kg N/heictéar/bliain

Sicíní grísce || 580

Béaróga || 230

Seo thíos an t-íosachar dromchla taobh istigh agus taobh amuigh agus tréithe eile tithíochta maidir le héin den speiceas Gallus gallus:

|| Póraitheoirí/tuismitheoirí || Stoc óg || Éin ramhraithe || Cábúin || Béaróga

Aois || Éin phórúcháin || Puiléid 0-8 seachtain || Puiléid 9-18 seachtain || Tosaitheoir 0-21 lá || Críochnaitheoir 22 go 81 lá || 22-150 lá || Béaróga ó 19 seachtain ar aghaidh

Ráta an dlús stocála (líon éan in aghaidh m2 achair inúsáidte) i dtithe do-bhogtha agus soghluaiste || 6 éan || 24 éan le huasmhéid 21 kg/beomheáchan/m² || 15 éan le huasmhéid 21 kg/beomheáchan/m² || 20 éan le huasmhéid 21 kg/beomheáchan/m² || 10 éan le huasmhéid 21 kg beomheáchan/m² || 10 éan le huasmhéid 21 kg beomheáchan/m² || 6 éan

spás ar an bhfara (cm) || || || || || 18

Córais ilsrathacha - Teorainneacha breise/m2 achar an bhun-urláir (vearanda san áireamh má tá rochtain 24 uaire ar fáil) || 9 n-éan || 36 éan gan an vearanda a chur san áireamh || 22 éan || Neamh-infheidhme de ghnáth || 9 n-éan

Teorainneacha maidir le méid ealtaí || 3,000 lena n-áirítear éin fireanna || 10,000* || 3,300 || 10,000* || 4,800 || 2,500 || 3,000

Rátaí stocála i gclóis amuigh faoin aer (m2/éan), ar an gcoinníoll nach dtéitear thar theorainn 170kg N/heictéar/bliain || 4 || 1 || 4 || 1 || 4 || 4 || 4

*    fo-inroinnte chun grúpaí 3x3000 nó 2x4800 a tháirgeadh

Seo thíos an t-íosachar dromchla taobh istigh agus taobh amuigh agus tréithe eile tithíochta maidir le héin de speiceas eile seachas Gallus gallus:

|| Turcaithe || Géanna || Lachain || Éanlaith ghuine

Saghas || Éin fhireanna || Éin bhaineanna || Iomlán || Péicing || Musclachan fireann || Musclachan baineann || Mallard || Iomlán

Rátá an dlús stocála (líon éin in aghaidh m2 achair inúsáidte) i dtithe do-bhogtha agus soghluaiste || 10 le huasmhéid 21 kg de bheomheáchan/m² || 10 le huasmhéid 21 kg de bheomheáchan/m² || 10 le huasmhéid 21 kg de bheomheáchan/m² || 10 le huasmhéid 21 kg de bheomheáchan/m² || 10 le huasmhéid 21 kg de bheomheáchan/m² || 10 le huasmhéid 21 kg de bheomheáchan/m² || 10 le huasmhéid 21 kg de bheomheáchan/m² || 10 le huasmhéid 21 kg de bheomheáchan/m²

spás ar an bhfara (cm) || 40 || 40 || Neamh-infheidhme de ghnáth || Neamh-infheidhme de ghnáth || 40 || 40 || Neamh-infheidhme de ghnáth || 20

Teorainneacha maidir le méid ealtaí || 2,500 || 2,500 || 2,500 || 4,000 baineannach 3,200 fireannach || 3,200 || 4,000 || 3,200 || 5,200

Rátaí stocála taobh amuigh (m2/éan), ar an gcoinníoll nach dtéitear thar theorainn 170kg N/heictéar/bliain || 10 || 10 || 15 || 4.5 || 4.5 || 4.5 || 4.5 || 4

2.4.6. Rochtain ar limistéir taobh amuigh

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le rochtain ar limistéir taobh amuigh:

(a) beidh rochtain ag éanlaith chlóis ar limistéar taobh amuigh ar feadh aon trian dá saol ar a laghad. Cuirfear rochtain leanúnach taobh amuigh ar feadh an lae ar fáil ón aois is óige agus is féidir ar bhonn praiticiúil, aon uair is féidir sna dálaí fiseolaíocha agus fisiceacha, ach amháin i gcás srianta sealadacha arna bhforchur ar bhonn reachtaíocht an Aontais;

(b) beidh limistéir taobh amuigh le haghaidh éanlaithe clóis clúdaithe go príomha le fásra ina mbeidh éagsúlacht plandaí, agus beidh áiseanna cosanta ann agus rochtain éasca ag éanlaith chlóis ar líon leordhóthanach de thrachanna ólacháin. Ní mór an fásra ar an limistéar taobh amuigh a bhaint agus a dhíláithriú ar bhonn rialta chun an baol maidir le barrachas cothaithigh a laghdú. Ní sínfidh na limistéir taobh amuigh níos faide ná ga 150m ón bpoll amach is giorra don teach éanlaithe clóis.  Beidh síneadh suas le 350m ón bpoll amach is giorra don teach éanlaithe clóis ceadaithe áfach, ar an gcoinníoll go bhfuil líon leordhóthanach foscadán agus trachanna ólacháin scaipthe go cothrom sa limistéar taobh amuigh ina iomláine agus ceithre fhoscadán ar a laghad in aghaidh an heicteáir;

(c) faoi dhálaí ina bhfuil teorainn le hinfhaighteacht beatha ón limistéar raoin, mar gheall ar chlúdach fadtéarmach sneachta nó aimsir thur mar shampla, ní mór gairbhseach breise a bheith mar chuid d'aiste bia éanlaithe clóis;

(d) i gcás go gcoinnítear éanlaith chlóis taobh istigh mar gheall ar shrianta nó oibleagáidí arna bhforchur ar bhonn reachtaíocht an Aontais, beidh rochtain buan acu ar mhéideanna leordhóthanacha gairbhsí agus ábhair iomchuí chun freastal a dhéanamh ar a gcuid riachtanas eiteolaíocha;

2.4.7. Leas ainmhithe

Toirmeascfar éanlaith chlóis atá beo a chluimhriú.

2.5. Beachaireacht

2.5.1. Tiontú

Ní fhéadfar tagairt a dhéanamh do tháirgeadh orgánach agus táirgí beachaireachta á ndíol ach amháin má comhlíonadh na rialacha táirgthe a leagtar síos sa Rialachán seo ar feadh bliana ar a laghad.

Cuirfear céir de bhunús beachaireachta orgánaí in ionad na céarach le linn na tréimhse tiontaithe.

2.5.2. Tionscnamh beach

Tabharfar tosaíocht d'úsáid Apis mellifera agus a gcuid éicitíopaí áitiúla.

2.5.3. Cothú

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le cothú:

(a) fágfar dóthain meala agus pailine sna coirceoga ag deireadh an tséasúir táirgthe chun teacht slán ón ngeimhreadh;

(b) ní cheadófar coilíneachtaí beach a bheathú ach amháin má tá baol ann nach dtiocfaidh na coirceoga slán de dheasca dálaí aeráide. Mil orgánach, síoróipí siúcra orgánacha, nó siúcra orgánach a úsáidfear don bheathú.

2.5.4. Rialacha sonracha maidir le cosc galar agus cóireáil tréidliachta i dtaca le beachaireacht

Maidir le cosc galar agus cóireáil tréidliachta beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) Chun críocha frámaí, coirceoga agus cíora meala a chosaint, ó lotnaidí go háirithe, ní cheadófar ach creimiricídí (i ngaistí amháin) agus táirgí arna n-údarú lena n-úsáid sa táirgeadh orgánach de bhun Airteagal 19 a úsáid;

(b) ceadófar cóireálacha fisiceacha amhail gal nó lasair dhíreach a úsáid agus beachlanna á ndíghalrú;

(c) ní cheadófar beacha síolraithe fireanna a scriosadh ach amháin chun fíniú Varroa destructor a leithlisiú;

(d) má éiríonn coilíneachtaí breoite nó ionfhabhtaithe, in ainneoin gach beart coisctheach a dhéanamh, déanfar cóireáil a chur orthu láithreach, agus féadfar na coilíneachtaí a chur i mbeachlanna leithlise, más gá;

(e) féadfar úsáid a bhaint as aigéad formach, aigéad lachtach, aigéad aicéiteach agus aigéad ocsalach chomh maith le meantól, tíomól, eoclaptól, nó camfar i gcás fínithe le Varroa destructor;

(f) má dhéantar cóireáil le táirgí allapatacha atá sintéisithe go ceimiceach, cuirfear na coilíneachtaí cóireáilte i mbeachlanna leithlise le linn na tréimhse sin agus cuirfear céir de bhunús beachaireachta orgánaí in ionad na céarach go léir. Beidh feidhm ag an tréimhse tiontaithe aon bhliain amháin atá leagtha síos i bpointe 2.5.1 ar na coilíneachtaí sin ina dhiaidh sin.

(g) ní bheidh feidhm ag pointe (f) maidir le táirgí arna n-údarú sa táirgeadh orgánach de bhun Airteagal 19.

2.5.5. Dálaí sonracha tithíochta sa bheachaireacht

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir leis na dálaí tithíochta:

(a) Lonnófar beachlanna i limistéir a n-áirithíonn foinsí neachtair agus pailine a thagann go bunúsach ó bharra a táirgeadh go horgánach, nó de réir mar is iomchuí, ó fhásra spontáineach nó ó fhoraois nó barra a bainistíodh go neamh-orgánach nár cóireáladh ach le modhanna ag a mbíonn tionchar íseal comhshaoil;

(b) coinneofar beachlanna fad leordhóthanach ó fhoinsí a d'fhéadfadh táirgí beachaireachta a éilliú nó dochar a dhéanamh do shláinte na mbeach;

(c) lonnófar na beachlanna sa chaoi agus gur foinsí neachtair agus pailine a thagann go bunúsach ó bharra a táirgeadh go horgánach nó ó fhásra spontáineach nó barra a cóireáladh le modhanna ag a mbíonn tiochar íseal comhshaoil atá coibhéiseach leo siúd dá bhforáiltear in Airteagal 28 agus in Airteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 iad na foinsí neachtair agus pailine laistigh de gha 3km ó na beachlanna, nach féidir tionchar a bheith acu ar cháilíocht orgánach an táirgthe beachaireachta. Ní bheidh feidhm ag na ceanglais seo i gcás nach bhfuil aon bhláthú ag tarlú, nó i gcás go bhfuil na coirceoga suanach;

(d) is as ábhair nádúrtha go bunúsach a bheidh na coirceoga agus na hábhair a mbaintear úsáid astu sa bheachaireacht, ábhair nach bhfuil aon bhaol iontu i dtaca le héilliú comhshaoil nó táirgí beachaireachta;

2.5.6. Rialacha sonracha maidir le cleachtais bheachtaireachta

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le cleachtais bheachtaireachta:

(a) is ó aonaid táirgthe orgánacha a thiocfaidh an chéir le haghaidh aonaid nua;

(b) ní fhéadfar ach táirgí nádúrtha amhail gliú beach, céir agus olaí planda a úsáid sna coirceoga;

(c) toirmeascfar táirgí éarthacha atá sintéisithe go ceimiceach a úsáid le linn oibríochtaí chun mil a asbhaint;

(d) toirmeascfar cíora síolraithe a úsáid chun mil a asbhaint;

(e) ní mheasfar gur beachaireacht orgánach atá ann nuair a dhéantar é i réigiúin nó i limistéir arna n-ainmniú ag Ballstáit mar réigiúin nó mar limistéir nach féidir beachaireacht orgánach a chleachtadh iontu.

2.5.7. Leas ainmhithe

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le leas ainmhithe:

(a) toirmeascfar scriosadh na mbeach i gcíora mar mhodh a bhaineann le táirgí beachaireachta a bhaint.

(b) Beidh toirmeasc ar chiorrú amhail sciatháin na gcráinbheach a bhearradh.

Cuid III: Rialacha maidir le táirgeadh feamainne agus ainmhithe dobharshaothraithe

1. Sainmhínithe

Chun críocha na Coda seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn ‘saoráid dobharshaothraithe athshruthúcháin dhúnta’ saoráid ina mbítear ag gabháil do dhobharshaothrú laistigh de thimpeallacht iata ar thalamh nó ar shoitheach lena mbaineann athshruthú uisce, agus atá ag brath ar ionchur buan fuinnimh sheachtraigh chun an timpeallacht a chobhsú do na hainmhithe dobharshaothraithe;

(2) ciallaíonn ‘fuinneamh ó fhoinsí in‑athnuaite’ foinsí fuinnimh neamhiontaise in‑athnuaite amhail an ghaoth, an ghrian, an tonn gheoiteirmeach, an taoide, hidreachumhacht, gás líonta talún, gás ó ionaid cóireála camrais agus bithgháis;

(3) ciallaíonn ‘gorlann’ áit ina ndéantar ainmhithe dobharshaothraithe, iasc eite agus sliogiasc go háirithe a phórú, a ghoradh agus a thógáil le linn luathchéimeanna a saoil.

(4) ciallaíonn ‘iasclann’ áit ina gcuirtear córas táirgthe idirmheánaigh i bhfeidhm idir céimeanna an ghortha agus an ramhraithe. Tugtar céim na hiasclainne chun críche laistigh den chéad trian de thimthriall an táirgthe seachas i gcás speiceas atá ag dul faoi phróiseas an ghealógaithe.

(5) ciallaíonn ‘truailliú’ substaintí nó fuinneamh a thabhairt isteach sa timpeallacht uisceach go díreach nó hindíreach mar atá sainmhínithe i dTreoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[5] agus i dTreoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[6], sna huiscí a bhfuil feidhm ag an dá Threoir sin maidir leo;

(6) ciallaíonn ‘ilsaothrú críche’ dhá speiceas nó níos mó, as leibhéil thrófacha dhifriúla de ghnáth, a thógáil san aonad saothraithe céanna;

(7) ciallaíonn ‘timthriall táirgthe’ tréimhse saoil ainmhí dobharshaothraithe nó feamainne ón gcéim saoil is luaithe (uibheacha toirchithe i gcás ainmhithe dobharshaothraithe) go dtí go ndéantar é nó go ndéantar í a bhaint nó a mharú;

(8) ciallaíonn ‘speicis a fhástar go háitiúil’ speicis nach speicis choimhthíocha ná speicis nach bhfaightear go háitiúil iad faoi Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 ón gComhairle[7], chomh maith leis na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin;

(9) ciallaíonn ‘dlús stocála’ beomheáchan ainmhithe dobharshaothraithe in aghaidh an mhéadair chiúbaigh d'uisce tráth ar bith le linn na céime ramhraithe agus i gcás leathóg agus séaclaí an meáchan in aghaidh an mhéadair chearnaigh de dhromchla.

2. Ceanglais ghinearálta

2.1. Beidh oibríochtaí suite i suíomhanna nach bhfuil faoi réir éilliú ó tháirgí nó substaintí nach bhfuil údaraithe lena n‑úsáid i dtáirgeadh orgánach, ná faoi réir truailleán a dhéanfadh dochar do chineál orgánach na dtáirgí.

2.2. Déanfar aonaid táirgthe orgánaigh agus neamhorgánaigh a dheighilt go leordhóthanach agus i gcomhréir leis na híosfhaid deighilte arna socrú ag na Ballstáit, i gcás ina bhfuil íosfhaid deighilte den sórt sin socraithe. Beidh na bearta deighilte sin bunaithe ar an staid nádúrtha, córais dáileacháin uisce ar leithligh, faid, tuile na taoide, suíomh in aghaidh srutha agus suíomh le sruth an aonaid táirgthe orgánaigh. Ní mheasfar gur táirgeadh orgánach é táirgeadh feamainne i gcás ina ndéantar é i suíomhanna nó i limistéir arna n‑ainmniú ag údaráis na mBallstát mar shuíomhanna nó limistéir atá mí‑oiriúnach do dhobharshaothrú orgánach nó do bhaint feamainne.

2.3. Ní mór measúnú comhshaoil atá comhréireach leis an aonad táirgthe a dhéanamh do gach oibríocht nua ar mhaith léi táirgeadh orgánach a dhéanamh agus a bhfuil níos mó ná 20 tona de tháirgí dobharshaothraithe á dtáirgeadh aici in aghaidh na bliana, chun staid an aonaid táirgthe agus a gharthimpeallachta agus na héifeachtaí a d'fhéadfadh bheith ag baint lena oibriú a fhionnadh. Cuirfidh an t‑oibreoir an measúnú comhshaoil faoi bhráid an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe. Beidh inneachar an mheasúnaithe comhshaoil bunaithe ar Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[8]. Má bhí an t‑aonad faoi réir measúnú coibhéiseach cheana féin, ceadófar an measúnú sin a úsáid chun na críche sin.

2.4. Cuirfidh an t‑oibreoir plean bainistíochta inbhuanaithe atá comhréireach leis an aonad táirgthe ar fáil do dhobharshaothrú agus baint feamainne.

2.5. Tabharfar an plean cothrom le dáta ar bhonn bliantúil agus sonrófar ann na héifeachtaí comhshaoil a bhaineann leis an oibríocht, an faireachán comhshaoil atá le déanamh, agus na bearta atá le déanamh chun an drochthionchar ar an timpeallacht uisceach agus talún máguaird a íoslaghdú, lena n‑áirítear, más infheidhme, sceitheadh cothaitheach amach sa chomhshaol in aghaidh an timthrialla táirgthe nó in aghaidh na bliana. Déanfar an faireachán a dhéantar ar threalamh teicniúil agus an chaoi a gcuirtear air a thaifeadadh sa phlean.

2.6. Tarraingeoidh oibreoirí ghnó an dobharshaothraithe agus na feamainne sceideal laghdaithe dramhaíola suas, mar chuid den phlean bainistíochta inbhuanaithe, a chuirfear i bhfeidhm an tráth a chuirfear tús leis na hoibríochtaí. Más féidir, beidh úsáid teasa iarmharaigh teoranta d'fhuinneamh ó fhoinsí in‑athnuaite. I gcás feamainn a bhaint déanfar meastachán aonuaire ar an mbithmhais ar dtús.

3. Ceanglais maidir le feamainn

I dteannta na rialacha ginearálta maidir le táirgeadh atá leagtha síos in Airteagail 7, 8, 9 agus 12, agus, más ábhartha, i Roinn 2, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos i Roinn 3 seo maidir le feamainn a bhailiú agus a tháirgeadh. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na rialacha sin maidir le táirgeadh uile algaí muirí ilcheallacha, fíteaplanctóin agus miocralgaí lena n‑úsáid tuilleadh mar bheatha d'ainmhithe dobharshaothraithe.

3.1. Tiontú

3.1.1. Mairfidh an tréimhse tiontaithe do láithreán bainte feamainne 6 mhí.

3.1.2. Tréimhse sé mhí nó timthriall táirgthe iomlán, cibé acu is faide, a bheidh sa tréimhse tiontaithe d'aonad saothraithe feamainne.

3.1.3. Le linn na tréimhse tiontaithe, féadfar an gabháltas dobharshaothraithe a roinnt ina aonaid atá deighilte go soiléir óna chéile agus nach bhfuil á mbainistiú ar fad faoi tháirgeadh orgánach. D'fheádfadh go mbeadh na speicis chéanna i gceist i ndáil le táirgeadh feamainne, ar choinníoll go mbeidh deighilt leordhóthanach idir na haonaid.

3.2. Rialacha táirgthe maidir le feamainn

3.2.1. Meastar gurb ionann feamainn fhiáin agus codanna di, a fhásann san fharraige go nádúrtha, a bhailiú agus táirgeadh orgánach ar choinníoll:

(a) go bhfuil stádas ard éiceolaíoch mar atá sainmhínithe i dTreoir 2000/60/CE[9] ag baint leis na limistéir fáis, agus nach bhfuil siad mí‑oiriúnach ó thaobh sláinte de.

(b) nach ndéanann an bailiú difear suntasach do chobhsaíocht an éiceachórais nádúrtha ná do chaomhnú na speiceas sa limistéar bailiúcháin.

3.2.2. Chun táirgeadh orgánach a thabhairt air, ní mór feamainn a shaothrú i limistéir cois cósta lena mbaineann saintréithe comhshaoil agus sláinte atá coibhéiseach leo sin ar a laghad atá leagtha amach i bpointe3.2.1(a). Ina theannta sin, beidh feidhm ag na rialacha táirgthe seo a leanas:

(a) úsáidfear cleachtais inbhuanaithe ag gach céim den táirgeadh, idir bhailiú feamainne óige agus bhaint feamainne;

(b) chun a áirithiú go gcoinneofar raon leathan géinte, déanfar feamainn óg a bhailiú san fhiántas ar bhonn rialta chun an stoc saothraithe laistigh a fhorlíonadh;

(c) ní úsáidfear leasacháin seachas i saoráidí laistigh agus ar choinníoll go bhfuil siad údaraithe lena n‑úsáid i dtáirgeadh orgánach chun na críche sin.

3.3. Saothrú feamainne

3.3.1. Le saothrú feamainne ar farraige ní úsáidfear ach cothaithigh a bhíonn le fáil sa timpeallacht go nádúrtha, nó ó tháirgeadh orgánach ainmhithe dobharshaothraithe atá suite más féidir in aice láimhe mar chuid de chóras ilsaothraithe críche.

3.3.2. I saoráidí ar thalamh ina n‑úsáidtear foinsí seachtracha cothaitheach, beifear in ann a fhíorú go bhfuil leibhéil na gcothaitheach san uisce eisilteach mar an gcéanna, nó níos ísle ná mar atá san uisce atá ina shruth isteach. Ní fhéadfar ach cothaithigh de thionscnamh plandaí nó mianrach atá údaraithe lena n‑úsáid i dtáirgeadh orgánach de bhun Airteagal 19 a úsáid.

3.3.3. Déanfar dlús an tsaothraithe nó déine na hoibríochta a thaifeadadh agus chun sláine na timpeallachta uiscí a chaomhnú áiritheofar nach sáraíonn siad an t‑uasmhéid feamainne is féidir a shaothrú gan dochar a dhéanamh don timpeallacht.

3.3.4. Más féidir, déanfar téada agus trealamh eile a úsáidtear chun feamainn a fhás a athúsáid nó a athchúrsáil.

3.4. Feamainn fhiáin a bhaint ar bhealach inbhuanaithe

3.4.1. Déanfar meastachán aonuaire ar an mbithmhais nuair a thosófar ag baint feamainne

3.4.2. Coinneofar cuntais dhoiciméadacha san aonad nó san áitreabh agus leis na cuntais sin beidh an t‑oibreoir in ann a léiriú agus an t‑údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe in ann a fhíorú nach bhfuil ach feamainn fhiáin arna táirgeadh i gcomhréir leis an Rialachán seo soláthraithe ag lucht bainte feamainne.

3.4.3. Déanfar feamainn a bhaint ar bhealach nach ndéanfaidh an méid atá bainte dochar suntasach do staid na timpeallachta uiscí. Déanfar bearta chun a áirithiú gur féidir le feamainn fás an athuair agus go ndéantar seachghabhálacha a chosc, amhail bearta a bhaineann leis an gcaoi a mbaintear an fheamainn, na híosmhéideanna, aoiseanna, timthriallta táirgthe nó méid na feamainne atá fanta.

3.4.4. I gcás ina mbaintear feamainn ó limistéar bainte comhchoiteann, ní mór fianaise dhoiciméadach a bheith ar fáil ina léirítear go bhfuiltear ag comhlíonadh an Rialacháin seo i gcás na bainte iomláine.

4. Ceanglais maidir le hainmhithe dobharshaothraithe

I dteannta na rialacha ginearálta maidir le táirgeadh atá leagtha síos in Airteagail 7, 8, 9 agus 12, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos i Roinn 4 seo maidir le speicis éisc, crústach, eicínideirmeach agus moileasc, dá dtagraítear i bpointe 4.1.5.10. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na rialacha sin freisin maidir le zóplanctón, micreachrústaigh, rothánaigh, péisteanna agus ainmhithe uisceacha eile a úsáidtear mar bheatha.

4.1. Ceanglais ghinearálta

4.1.1. Tiontú

4.1.1.1. Beidh feidhm ag na tréimhsí tiontaithe seo a leanas d'aonaid táirgthe dobharshaothraithe maidir leis na cineálacha saoráidí dobharshaothraithe seo a leanas lena n‑áirítear na hainmhithe dobharshaothraithe atá ann cheana:

(a) i gcás saoráidí nach féidir a dhraenáil, a ghlanadh agus a dhíghalrú, tréimhse tiontaithe 24 mí;

(b) i gcás saoráidí atá draenáilte, nó ina bhfuil branar déanta, tréimhse tiontaithe 12 mhí;

(c) i gcás saoráidí atá draenáilte, glanta agus a díghalraithe, tréimhse tiontaithe sé mhí;

(d) i gcás saoráidí in uiscí oscailte lena n‑áirítear iad siúd ina dtáirgtear moilisc dhébhlaoscacha, tréimhse tiontaithe trí mhí.

4.1.1.2. Le linn na tréimhse tiontaithe, féadfar an gabháltas dobharshaothraithe a roinnt ina aonaid atá deighilte go soiléir óna chéile agus nach bhfuil á mbainistiú ar fad faoi tháirgeadh orgánach. D'fheádfadh go mbeadh na speicis chéanna i gceist i ndáil le táirgeadh ainmhithe dobharshaothraithe, ar choinníoll go mbeidh deighilt leordhóthanach idir na haonaid.

4.1.2. Tionscnamh ainmhithe dobharshaothraithe

4.1.2.1. Maidir le tionscnamh ainmhithe dobharshaothraithe, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) beidh dobharshaothrú orgánach bunaithe ar thógáil stoic óig atá de thionscnamh stoic síolraíochta orgánaigh agus gabháltas orgánach;

(b) úsáidfear speicis a fhástar go háitiúil agus beidh sé mar aidhm leis an bpórú pórtha a thabhairt atá níos oiriúnaithe do choinníollacha táirgthe, lena n‑áiritheofar dea‑shláinte agus leas ainmhithe agus dea‑úsáid acmhainní beatha. Cuirfear fianaise dhoiciméadach faoi thionscnamh agus cóireáil na n‑ainmhithe lena mbaineann ar fáil don údarás rialaithe nó don chomhlacht rialaithe;

(c) roghnófar speicis atá láidir agus is féidir a tháirgeadh gan dochar suntasach a dhéanamh do stoic fhiáine;

(d) féadfar ainmhithe dobharshaothraithe fiáine a gabhadh nó ainmhithe dobharshaothraithe neamhorgánacha a chur i ngabháltas d'fhonn an stoc géiniteach a fheabhsú. Coinneofar ainmhithe den sórt sin faoi bhainistiú orgánach go ceann trí mhí ar a laghad sula bhféadfar iad a úsáid le haghaidh pórú.

4.1.2.2. Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le pórú:

(a) beidh toirmeasc ar hormóin agus ar dhíorthaigh hormón a úsáid;

(b) ní úsáidfear táirgeadh saorga pórtha monaighnéis, ach amháin trí shórtáil de láimh, ionduchtú polaplóideachta, hibridiú saorga nó clónáil;

(c) roghnófar na pórtha iomchuí;

(d) más iomchuí, bunófar coinníollacha atá sainiúil don speiceas maidir le bainistiú stoic síolraíochta, pórú agus táirgeadh óg.

4.1.3. Cothú

4.1.3.1. Maidir le beatha d'iasc agus crústaigh agus eicínideirmigh, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) déanfar ainmhithe a bheathú le beatha a fhreagraíonn do riachtanais chothaitheacha an ainmhí ag céimeanna éagsúla a fhorbartha;

(b) ceapfar córais beathaithe de réir na dtosaíochtaí seo a leanas:

(i)      sláinte agus leas ainmhithe;

(ii)     ardcháilíocht táirgí, lena n‑áirítear an comhdhéanamh cothaitheach lena n‑áiritheofar ardcháilíocht an táirge deiridh inite;

(iii)    tionchar íseal comhshaoil;

(c) beidh cion plandaí na beatha de thionscnamh táirgthe orgánaigh agus beidh cion na beatha atá díorthaithe ó ainmhithe uisceacha de thionscnamh dobharshaothraithe orgánaigh nó saothraithe inbhuanaithe iascaigh;

(d) ní úsáidfear ábhair beatha neamhorgánacha de thionscnamh plandaí, ábhair beatha de thionscnamh ainmhíoch agus mianrach, breiseáin beatha, táirgí áirithe arna n‑úsáid i gcothú ainmhithe agus áiseanna próiseála ach amháin má tá siad údaraithe lena n‑úsáid i dtáirgeadh orgánach faoin Rialachán seo;

(e) ní úsáidfear spreagthóirí fáis ná aimínaigéid shintéiseacha;

(f) ní fhéadfar ach ábhair beatha de thionscnamh mianrach atá údaraithe lena n‑úsáid i dtáirgeadh orgánach de bhun Airteagal 19 a úsáid i ndobharshaothrú orgánach;

(g) ní fhéadfar ach breiseáin beatha, táirgí áirithe arna n‑úsáid i gcothú ainmhithe agus áiseanna próiseála dá dtagraítear i bpointe 1.4.4. de Chuid II a úsáid i ndobharshaothrú orgánach.

4.1.3.2. Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le moilisc dhébhlaoscacha agus speicis eile nach mbíonn daoine á mbeathú ach a bhíonn á mbeathú féin le planctón nádúrtha:

(a) beidh riar a riachtanas cothaithe uile ón nádúr ag ainmhithe scagbheathaithe den sórt sin seachas i gcás ainmhithe óga den sórt sin a thógtar i ngorlanna nó in iasclanna;

(b) beidh stádas ard éiceolaíoch mar atá sainmhínithe i dTreoir 2000/60/CE ag baint leis na limistéir fáis.

4.1.3.3. Rialacha sonracha maidir le beatha d'ainmhithe dobharshaothraithe feoiliteacha

Déanfar beatha d'ainmhithe dobharshaothraithe feoiliteacha a fhoinsiú faoi na tosaíochtaí seo a leanas:

(a) beatha orgánach de thionscnamh dobharshaothraithe;

(b) min éisc agus ola éisc ó fhuílleach dobharshaothraithe orgánaigh a fhaightear ó iasc, crústaigh nó moilisc;

(c) min éisc agus ola éisc agus comhábhair de thionscnamh éisc atá díorthaithe ó fhuílleach éisc, crústach nó moileasc a gabhadh cheana féin lena gcaitheamh ag daoine in iascach inbhuanaithe;

(d) min éisc agus ola éisc agus comhábhair de thionscnamh éisc atá díorthaithe ó iasc, crústaigh nó moilisc ina n‑iomláine a gabhadh in iascach inbhuanaithe agus nach n‑úsáidtear lena gcaitheamh ag daoine;

(e) ábhair beatha orgánacha de thionscnamh plandaí nó ainmhíoch; ní bheidh níos mó ná 60 % de na comhábhair ar an iomlán comhdhéanta d'ábhair plandaí.

4.1.3.4. Rialacha sonracha maidir le beatha d'ainmhithe dobharshaothraithe áirithe

Déanfar iasc in uiscí intíre, séaclaí peinéideacha agus cloicheáin fionnuisce agus iasc fionnuisce trópaiceach a bheathú mar seo a leanas:

(a) déanfar iad a bheathú le beatha atá ar fáil go nádúrtha i linnte agus lochanna;

(b) i gcás nach bhfuil beatha nádúrtha ar fáil i gcainníochtaí leordhóthanacha dá dtagraítear i bpointe (a), féadfar beatha orgánach de thionscnamh plandaí, a fhástar ar an bhfeirm féin más féidir, nó feamainn a úsáid. Coinneoidh oibreoirí fianaise dhoiciméadach ar an ngá atá le beatha bhreise a úsáid;

(c) i gcás ina ndéantar beatha nádúrtha a fhorlíonadh i gcomhréir le pointe (b) féadfar 10 % ar a mhéad den bheatha do speicis dá dtagraítear i bpointe 4.1.5.10 (g) agus do chait mhara Shiamacha (Pangasius spp.) a bheith comhdhéanta de mhin éisc nó ola éisc atá díorthaithe ó iascach inbhuanaithe.

4.1.4. Cúram sláinte

4.1.4.1. Galair a chosc

Maidir le galair a chosc beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) déanfar galair a chosc trí na hainmhithe a choinneáil i ndálaí barrmhaithe trína lonnú go hiomchuí, agus aird inter alia ar riachtanais na speiceas maidir le cáilíocht mhaith uisce lena ngabhann ráta maith srutha agus malartaithe, dearadh barrmhaith na ngabháltas, cleachtais mhaithe feirmeoireachta agus bainistíochta, lena n‑áirítear na háitribh a ghlanadh agus a dhíghalrú go rialta, beatha ar ardcháilíocht, dlús stocála iomchuí, agus roghnú pórtha agus stoc;

(b) ceadaítear cógais tréidliachta imdhíoneolaíocha a úsáid;

(c) sonrófar i bplean bainistíochta sláinte ainmhithe na cleachtais bithshlándála agus na cleachtais maidir le galair a chosc lena n‑áirítear comhaontú i scríbhinn i dtaca le comhairle sláinte, atá comhréireach leis an aonad táirgthe, a fháil ó sheirbhísí atá cáilithe bheith ag plé le sláinte ainmhithe dobharshaothraithe, ar seirbhísí iad a thabharfaidh cuairt ar an bhfeirm uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad agus uair amháin gach dhá bhliain ar a laghad i gcás sliogéisc dhébhlaoscaigh;

(d) déanfar córais coinneála, trealamh agus gléasanna a ghlanadh agus a dhíghalrú i gceart;

(e) ní dhéanfar orgánaigh bhithscreabhacha a bhaint amach ach trí mhodhanna fisiceacha nó de láimh agus, más iomchuí, cuirfear ar ais san fharraige iad fad áirithe ón bhfeirm;

(f) ní fhéadfar ach substaintí chun trealamh agus saoráidí a ghlanadh agus a dhíghalrú atá údaraithe lena n‑úsáid i dtáirgeadh orgánach de bhun Airteagal 19 a úsáid.

(g) maidir le branrú beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(i)      cinnfidh an t‑údarás inniúil an bhfuil gá le branrú agus an tréimhse iomchuí do chur i bhfeidhm an bhranraithe tar éis gach timthrialla táirgthe i gcórais coimeádta in uiscí oscailte ar farraige agus déanfar í a dhoiciméadú;

(ii)     ní bheidh sé éigeantach i dtaca le saothrú moileasc débhlaoscach;

(iii)    mar chuid den bhranrú déantar an cás nó struchtúr eile a úsáidtear do tháirgeadh ainmhithe dobharshaothraithe a fholmhú agus a dhíghalrú agus fágtar folamh é sula n‑úsáidfear arís é;

(h) más iomchuí, bainfear amach beatha éisc neamhite, faecas agus ainmhithe marbha go pras chun aon bhaol go ndéanfaí damáiste suntasach don chomhshaol maidir le cáilíocht stádas an uisce a sheachaint, chun rioscaí a bhaineann le galair a íoslaghdú, agus sa chaoi nach meallfar feithidí nó creimirí;

(i) ní fhéadfar solas ultraivialait agus ózón a úsáid ach i ngorlanna agus iasclanna;

(j) i dtaca le rialú bitheolaíoch eictisheadán tabharfar tosaíocht d'úsáid éisc níos glaine.

4.1.4.2. Cóireálacha tréidliachta

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le cóireálacha tréidliachta:

(a) cuirfear cóireáil ar ainmhí láithreach má tá galar air sa chaoi nach mbeidh sé ag fulaingt; féadfar táirgí míochaine tréidliachta allapatacha atá sintéisithe go ceimiceach lena n‑áirítear antaibheathaigh a úsáid más gá, faoi choinníollacha diana agus faoi fhreagracht tréidlia, nuair nach iomchuí táirgí fítiteiripeacha, táirgí hoiméapatacha agus táirgí eile a úsáid. Más iomchuí, déanfar srianta maidir le cóireálacha agus tréimhsí aistarraingthe a shainiú;

(b) ceadófar cóireálacha a bhaineann le cosaint sláinte an duine agus sláinte ainmhithe a fhorchuirtear ar bhonn reachtaíocht an Aontais;

(c) i gcás ina dtagann fadhb sláinte chun cinn, in ainneoin beart coisctheach chun sláinte ainmhithe a áirithiú, mar atá leagtha amach i bpointe 4.1.4.1, féadfar cóireálacha tréidliachta a úsáid san ord tosaíochta seo a leanas:

(i)      substaintí ó phlandaí, ainmhithe nó mianraí i gcaolú hoiméapatach;

(ii)     plandaí agus a n‑úisc nach mbaineann éifeachtaí ainéistéiseacha leo; agus

(iii)    substaintí amhail riandúile, miotail, imdhíon‑spreagthaigh nádúrtha nó próibhithigh údaraithe;

(d) beidh úsáid cóireálacha allapatacha teoranta do dhá chóireáil in aghaidh na bliana, seachas i gcás vacsaínithe agus scéimeanna éigeantacha díothaithe. I gcás timthrialla táirgthe nach mó ná bliain, áfach, cóireáil allapatach amháin a cheadófar. Má sháraítear na teorainneacha atá sonraithe do chóireálacha allapatacha ní dhíolfar na hainmhithe dobharshaothraithe mar tháirgí orgánacha;

(e) ní cheadófar cóireálacha seadán a úsáid ach faoi dhó sa bhliain nó uair sa bhliain i gcás gur lú ná 18 mí an timthriall táirgthe; ní áirítear scéimeanna éigeantacha rialaithe arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit ar na cóireálacha sin;

(f) i gcomhréir le pointe (d), beidh an tréimhse aistarraingthe i dtaca le cóireálacha tréidliachta allapatacha agus cóireálacha seadán, lena n‑áirítear cóireálacha faoi scéimeanna éigeantacha rialaithe agus díothaithe, a dhá oiread níos faide ná an tréimhse aistarraingthe dá dtagraítear in Airteagal 11 de Threoir 2001/82/CE nó, i gcás nach sonraítear an tréimhse sin, tréimhse 48 uair an chloig a bheidh ann;

(g) aon uair a úsáidtear táirgí míochaine tréidliachta, ní mór an úsáid sin a fhógairt don údarás rialaithe nó don chomhlacht rialaithe sula ndéanfar na hainmhithe a mhargú mar ainmhithe orgánacha. Beidh an stoc ar tugadh cóireáil dó in‑aitheanta go soiléir.

4.1.5. Dálaí tithíochta agus cleachtais feirmeoireachta

4.1.5.1. Beidh toirmeasc ar shaoráidí athshruthúcháin dhúnta do tháirgeadh ainmhithe dobharshaothraithe, seachas gorlanna agus iasclanna nó do tháirgeadh speiceas arna n‑úsáid d'orgánaigh beatha orgánacha.

4.1.5.2. Ní cheadófar téamh ná fuarú saorga uisce ach amháin i ngorlanna agus iasclanna. Féadfar uisce nádúrtha ó pholl tóraíochta a úsáid chun uisce a théamh nó a fhuarú ag gach céim táirgthe.

4.1.5.3. Déanfar timpeallacht riartha na n‑ainmhithe dobharshaothraithe a dhearadh, i gcomhréir le riachtanais shonracha an speicis, mar seo a leanas:

(a) beidh spás leordhóthanach ar mhaithe lena bhfolláine agus, más iomchuí, íosdlús stocála acu;

(b) tabharfar uisce ar cháilíocht mhaith dóibh lena ngabhann, inter alia, ráta leordhóthanach srutha agus malartaithe, leibhéil ocsaigine leordhóthanacha agus lena gcoinnítear leibhéal íseal meitibilítí;

(c) coinneofar iad i ndálaí teochta agus solais atá i gcomhréir le riachtanais an speicis agus aird ar an suíomh geografach.

I gcás éisc fionnuisce, beidh dálaí an ghrinnill chomh nádúrtha is féidir.

I gcás carbáin, ithir nádúrtha a bheidh sa ghrinneall.

4.1.5.4. Déanfar na córais coimeádta uisceacha a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go mbeidh rátaí srutha agus paraiméadair fhisiceimiceacha ann lena dtugtar cosaint do shláinte agus folláine ainmhithe agus lena ndéantar cúram dá riachtanais iompraíochta.

4.1.5.5. Comhlíonfaidh aonaid tógála ar talamh na coinníollacha seo a leanas:

(a) i gcás córas srutha beifear in ann faireachán a dhéanamh ar ráta srutha agus ar cháilíocht an uisce atá ina shruth isteach agus amach agus iad a rialú;

(b) beidh fásra nádúrtha le fáil in 5 % den limistéar imlíne ar a laghad (“an comhéadan talún‑uisce”).

4.1.5.6. Comhlíonfaidh córais coimeádta ar farraige na coinníollacha seo a leanas:

(a) déanfar iad a lonnú in áit a bhfuil rátaí srutha uisce, doimhneachta agus malartaithe dobharlaigh leordhóthanach chun an tionchar ar ghrinneall na farraige agus ar an dobharlach máguaird a íoslaghdú;

(b) beidh dearadh, tógáil agus cothabháil na gcásanna oiriúnach don timpeallacht oibriúcháin dá bhfuil siad nochtaithe.

4.1.5.7. Déanfar córais coimeádta a dhearadh, a lonnú agus a oibriú chun an riosca go n‑éalódh ainmhithe a íoslaghdú.

4.1.5.8. I gcás ina n‑éalaíonn iasc nó crústaigh, déanfar na bearta iomchuí, lena n‑áirítear athghabháil, más iomchuí, chun an tionchar ar an éiceachóras áitiúil a íoslaghdú. Coinneofar fianaise dhoiciméadach.

4.1.5.9. Maidir le táirgeadh ainmhithe dobharshaothraithe i linnte éisc, dabhcha nó sruthchainéil, beidh cisil scagtha nádúrtha, linnte lonnaíochta, scagairí bitheolaíocha nó scagairí meicniúla le fáil ar fheirmeacha chun cothaithigh dramhaíola a bhailiú nó chun feamainn nó ainmhithe (débhlaoscaigh agus algaí) a chuireann le cáilíocht an eisiltigh a úsáid. Déanfar faireachán ar eisiltigh ar bhonn rialta más iomchuí.

4.1.5.10. Dlús stocála

Agus éifeachtaí an dlúis stocála ar leas an éisc a tháirgtear á meas, déanfar faireachán ar staid an éisc (amhail damáiste do na heití, gortuithe eile, ráta fáis, iompraíocht agus sláinte an éisc ar an iomlán) agus ar cháilíocht an uisce.

Is de réir an speicis nó an ghrúpa speiceas a bheidh an dlús stocála.

(a) Táirgeadh orgánach salmainidí i bhfionnuisce:

Na speicis lena mbaineann: an breac donn (Salmo trutta) – an breac dea‑dhathach (Oncorhynchus mykiss) – an breac srutháin (Salvelinus fontinalis) – an bradán (Salmo salar) – an ruabhreac Artach (Salvelinus alpinus) – an tímeall (Thymallus thymallus) – an breac locha (nó an dúlachán) (Salvelinus namaycush) – an bradán Danóbach (Huchohucho)

Córas táirgthe || Ní mór an táirgeadh a dhéanamh i gcórais oscailte. Leis an ráta srutha ní mór a áirithiú go bhfuil sáithiúchán ocsaigine 60 % ar a laghad ann don stoc agus go bhfuil siad ar a gcompord agus go ndéantar eisilteach táirgthe a dhíothú.

Uasdlús stocála || Speicis salmainidí nach bhfuil liostaithe faoi 15 kg/m3 An bradán 20 kg/m3 An breac donn agus an breac dea‑dhathach 25 kg/m3 An ruabhreac Artach 20 kg/m3

(b) Táirgeadh orgánach salmainidí in uiscí farraige:

Na speicis lena mbaineann: an bradán(Salmo salar), an breac donn (Salmo trutta) ‑ an breac dea‑dhathach (Oncorhynchus mykiss)

Uasdlús stocála || 10 kg/m3 i gcásanna eangaí

(c) Táirgeadh orgánach trosc (Gadus morhua) agus iasc eile de chineál Gadidae, an doingean mara (Dicentrarchus labrax), an garbhánach (Sparus aurata), an scáiliasc Atlantach (Argyrosomus regius), an turbard (Psetta maxima [= Scopthalmus maximux]), an garbhánach pargach dearg (Pagrus pagrus [= Sparus pagrus]), an grágaire dearg (Sciaenops ocellatus) agus garbhánaigh eile, agus an t‑iasc coinín (Siganus spp.)

Córas táirgthe || I gcórais coimeádta in uiscí oscailte (cásanna eangaí) lena mbaineann íosluas do shruth na farraige chun leasa bharrmhaith éisc nó i gcórais oscailte ar tír.

Uasdlús stocála || D'iasc seachas an turbard: 15 kg/m3 Don turbard: 25 kg/m2

(d) Táirgeadh orgánach doingean mara, garbhánach, scáiliasc Atlantach, milléad (Liza, Mugil) agus eascann (Anguilla spp.) i linnte ithreach i gceantair taoide agus i murlaigh cois cósta

Córas coimeádta || Loig salainn thraidisiúnta a athraíodh ina n‑aonaid táirgthe dobharshaothraithe agus linnte ithreach den chineál céanna i gceantair taoide

Córas táirgthe || Déanfar an t‑uisce a athnuachan go leordhóthanach chun folláine na speiceas a áirithiú, Ní mór cumhdach plandaí a bheith ag 50 % de na cladáin ar a laghad Ní mór linnte íonúcháin bunaithe ar bhogach a bheith ann

Uasdlús stocála || 4 kg/m3

(e) Táirgeadh orgánach bradán fearna i bhfionnuisce:

Na speicis lena mbaineann: Fine na mbradán fearna (Acipenseridae)

Córas táirgthe || Beidh an sruth uisce i ngach aonad tógála leordhóthanach chun folláine ainmhithe a áirithiú. Beidh an t‑uisce eisilteach ar cháilíocht atá coibhéiseach leis an uisce atá ag teacht isteach

Uasdlús stocála || 30 kg/m3

(f) Táirgeadh orgánach iasc in uiscí intíre:

Na speicis lena mbaineann: fine na gcarbán (Cyprinidae) agus speicis eile lena mbaineann i gcomhthéacs an ilsaothraithe críche, lena n‑áirítear an phéirse, an liús, an cat mara, cóireagóinidí, an bradán fearna

Córas táirgthe || I linnte éisc a dhraenálfar go hiomlán go tráthrialta agus i locha. Ní mór táirgeadh orgánach amháin a dhéanamh sna locha, lena n‑áirítear barra a fhás i gceantair thirime. Ní mór ionraon uisce ghlain a bheith sa limistéar gabhála iascaigh agus an limistéar sin a bheith ar mhéid sách mór lena mbeidh na héisc ar a gcompord. Ní mór na héisc a stóráil in uisce glan tar éis iad a mharú. Ní dhéanfar leasú orgánach agus mianrach ar na linnte agus na locha ach le leasacháin agus oiriúntóirí ithreach atá údaraithe lena n‑úsáid i dtáirgeadh orgánach de bhun Airteagal 19 agus 20 kg nítrigin in aghaidh an heicteáir an uasmhéid is féidir a úsáid. Beidh toirmeasc ar chóireálacha lena mbaineann ceimiceáin shintéiseacha chun hidrifítí agus cumhdach plandaí in uiscí táirgthe a rialú. Coinneofar limistéir ina bhfuil fásra nádúrtha timpeall aonad uisce intíre mar chrios maolánach do limistéir talún sheachtracha nach bhfuil bainteach leis an oibríocht táirgthe i gcomhréir leis na rialacha maidir le dobharshaothrú orgánach. Ní úsáidfear 'ilsaothrú críche' ramhraithe ach amháin ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir atá leagtha síos sna sonraíochtaí atá ann faoi láthair maidir le speicis eile pollán locha.

Toradh táirgthe || Tá an táirgeadh iomlán do na speicis lena mbaineann teoranta do 1500 kg d'iasc in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana.

(g) Táirgeadh orgánach séaclaí peinéideacha agus cloicheán fionnuisce (Macrobrachium spp.):

Bunú na n‑aonad táirgthe || Beidh an suíomh i limistéir cré aimride chun an tionchar ar an gcomhshaol a bhaineann le tógáil linnte a íoslaghdú. Linnte le tógáil leis an gcré nádúrtha atá ann cheana. Ní cheadófar mangróibh a scriosadh.

Am tiontaithe || Sé mhí in aghaidh na linne, atá comhfhreagrach do ghnáththréimhse saoil séacla táirgthe.

Tionscnamh stoic síolraíochta || Déanfar leath den stoc síolraíochta ar a laghad a cheansú tar éis trí bliana oibriúcháin. Stoc síolraíochta fiáin saor ó phataigin de thionscnamh iascaigh inbhuanaithe a bheidh sa chuid eile. Scagadh éigeantach le cur chun feidhme i gcás na chéad ghlúine agus an dara glúin sula dtabharfar isteach san fheirm iad.

An súil‑iompróir a eisídiú || toirmiscthe

Uasdlús stocála agus uasteorainneacha táirgthe || Síolrú: 22 iarlarbha/m2 ar a mhéad Uas‑bhithmhais mheandrach: 240 g/m2

(h) Moilisc agus eicínideirmigh:

Córais táirgthe || Spiléir, raftaí, saothrán grinnill, málaí eangaí, cásanna, tráidirí, eangacha laindéir, cuaillí diúilicíní agus córais coimeádta eile. I gcás diúilicíní a shaothrú ar raftaí ní bheidh líon na dtéad isteach níos mó ná ceann amháin in aghaidh an mhéadair chearnaigh d'achar dromchla. Ní bheadh uasfhad na téide isteach níos faide ná 20 m. Ní dhéanfar téada isteach a thanú le linn an timthrialla táirgthe, ach ceadófar téada isteach a fhoroinnt gan an dlús stocála a mhéadú ar dtús.

(i) Éisc fionnuisce thrópaiceacha: an t‑iasc bleachta (Chanos chanos), an tioláipia (Oreochromis spp.), an cat mara Siamach (Pangasius spp.):

Córais táirgthe || Linnte agus cásanna eangaí

Uasdlús stocála || Pangasius: 10 kg/m3 Oreochromis: 20 kg/m3

4.1.6. Leas ainmhithe

4.1.6.1. Beidh an buneolas agus na bunscileanna is gá maidir le riachtanais sláinte agus leasa ainmhithe ag gach duine atá bainteach le hainmhithe dobharshaothraithe a choinneáil.

4.1.6.2. Déanfar láimhseáil ainmhithe dobharshaothraithe a íoslaghdú, déanfar iad a láimhseáil go cuí cúramach agus úsáidfear an trealamh ceart agus na prótacail chearta chun an strus agus an díobháil fhisiceach a bhaineann le nósanna imeachta láimhseála a sheachaint. Déanfar stoc síolraíochta a láimhseáil ar bhealach ina n‑íoslaghdaítear an díobháil fhisiceach agus an strus agus déanfar é faoi ainéistéise más iomchuí. Déanfar oibríochtaí grádála a laghdú go dtí an méid is lú agus is gá chun leas éisc a áirithiú.

4.1.6.3. Beidh feidhm ag na srianta seo a leanas maidir le solas saorga a úsáid:

(a) chun fad nádúrtha an lae a fhadú ní bheidh sé os cionn uasmhéide a thugann aird ar riachtanais eiteolaíocha, dálaí geografacha agus sláinte ghinearálta ainmhithe táirgthe; ní bheidh an uasmhéid sin níos airde ná 16 uair an chloig in aghaidh an lae, seachas chun críocha atáirgthe;

(b) déanfar athruithe tobanna ar ghéire an tsolais a sheachaint tráth an athraithe sin trí shoilse íslithe nó soilsiú cúlra a úsáid.

4.1.6.4. Ceadaítear aerú chun leas agus sláinte ainmhithe a áirithiú, ar choinníoll go ndéantar aerthóirí meicniúla a chumhachtú le foinsí fuinnimh in‑athnuaite más féidir.

4.1.6.5. Ní cheadaítear ocsaigin a úsáid ach i gcásanna a bhaineann le riachtanais sláinte agus leasa ainmhithe agus le tréimhsí ríthábhachtacha táirgthe nó iompair, sna cásanna seo a leanas:

(a) cásanna eisceachtúla maidir le hardú teochta nó ísliú bhrú an atmaisféir nó truailliú de thaisme;

(b) nósanna imeachta bainistíochta stoic ócáideacha amhail sampláil agus sórtáil;

(c) chun a áirithiú go mairfidh an stoc feirme.

4.1.6.6. Déanfar bearta iomchuí chun fad tréimhse iompar ainmhithe dobharshaothraithe a íoslaghdú.

4.1.6.7. Coinneofar aon fhulaingt ar an méid is lú is féidir le linn shaol iomlán an ainmhí, lena n‑áirítear tráth an mharaithe.

4.1.6.8. Fágfaidh na teicnící maraithe éisc gan aithne agus gan mhothú láithreach. Sula marófar na héisc déanfar iad a láimhseáil ar bhealach ina seachnófar gortuithe fad a choinneofar an fhulaingt agus an strus ar an méid is lú. Ní mór na héagsúlachtaí ó thaobh méideanna bainte, speiceas, agus suíomhanna táirgthe de a chur san áireamh agus na modhanna maraithe is fearr á meas.

4.2. Rialacha sonracha maidir le moilisc

4.2.1. Tionscnamh an tsíl

Maidir le tionscnamh síl beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) féadfar síol fiáin ó lasmuigh de theorainneacha an aonaid táirgthe a úsáid i gcás sliogéisc dhébhlaoscaigh, ar choinníoll nach ndéanfar díobháil shuntasach don chomhshaol, go bhfuil sé ceadaithe ag an reachtaíocht áitiúil agus go dtagann an síol fiáin as:

(i)      leapacha lonnaíochta nach dócha a thiocfaidh slán ó aimsir an gheimhridh nó a bhfuil níos mó acu ann ná mar is gá; nó

(ii)     lonnaíocht nádúrtha síl sliogéisc i ngabhdáin/gcoimeádáin;

(b) i gcás an chuasoisre, Crassostrea gigas, tabharfar tosaíocht don stoc a dhéantar a phórú ar bhonn roghnaitheach chun sceathrach faoin bhfiántas a laghdú;

(c) coinneofar taifid maidir le conas a bailíodh, cén áit ar bailíodh agus cén uair a bailíodh síol fiáin ionas go mbeidh inrianaitheacht ann siar go dtí an limistéar bailithe.

4.2.2. Dálaí tithíochta agus cleachtais feirmeoireachta

Maidir le dálaí tithíochta agus cleachtais feirmeoireachta beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) féadfar táirgeadh a dhéanamh sa limistéar céanna uisce le táirgeadh orgánach éisc eite agus feamainne mar chuid de chóras ilsaothraithe críche a mbeidh tuairisc air sa phlean bainistíochta inbhuanaithe. Féadfar moilisc dhébhlaoscacha a fhás i dteannta moileasc gastrapódach, amhail faochain, in ilsaothrú críche;

(b) déanfar moilisc dhébhlaoscacha orgánacha a tháirgeadh laistigh de limistéir atá teorannaithe le poist, buimbiléid, nó marcálacha soiléire eile agus déanfar iad a shrianadh, más iomchuí, le málaí eangaí, cásanna nó modhanna saorga eile;

(c) déanfaidh feirmeacha sliogéisc orgánaigh na rioscaí atá ann do speicis atáthar ag iarraidh a chaomhnú a íoslaghdú. I gcás ina n‑úsáidtear eangacha creiche beidh siad deartha sa chaoi nach ndéanfar dochar d'éin thumthacha.

4.2.3. Saothrú

Maidir le saothrú, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) saothrú diúilicíní le téada agus saothrú trí na modhanna eile atá liostaithe i bpointe 4.1.5.10 (h), féadfaidh siad a bheith cáilithe mar tháirgeadh orgánach;

(b) ní cheadófar moilisc a shaothrú ar an ngrinneall ach i gcás nach mbíonn aon tionchar suntasach comhshaoil aige sin ar na suíomhanna bailiúcháin agus fáis. Léireofar go bhfuil an tionchar ar an gcomhshaol a ísle is féidir le suirbhé agus tuarascáil maidir leis an limistéar saothraithe a chuirfidh an t‑oibreoir faoi bhráid an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe. Beidh an tuarascáil le fáil i gcaibidil ar leithligh sa phlean bainistíochta inbhuanaithe.

4.2.4. Bainistíocht

Maidir le bainistíocht beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) úsáidfear dlús stocála sa táirgeadh nach bhfuil níos mó ná an dlús stocála a úsáidtear do mhoilisc neamhorgánacha sa dúiche. Déanfar sórtáil, tanú agus oiriúnuithe don dlús stocála de réir na bithmhaise agus chun leas ainmhithe agus ardcháilíocht táirgí a áirithiú;

(b) déanfar orgánaigh bhithscreabhacha a bhaint amach trí mhodhanna fisiceacha nó de láimh agus, más iomchuí, cuirfear ar ais san fharraige iad amach ó na feirmeacha moilisc. Féadfar moilisc a chóireáil le tuaslagán aoil uair amháin le linn an timthrialla táirgthe chun orgánaigh screabhacha iomaíocha a rialú.

4.2.5. Rialacha sonracha saothraithe maidir le hoisrí

Ceadófar saothrú i málaí ar thristéil. Beidh siad sin nó struchtúir eile ina gcoinnítear na hoisrí leagtha amach sa chaoi nach gcruthófar teorainn iomlán feadh líne an chladaigh. Déanfar an stoc a shuíomh go cúramach ar na leapacha i ndáil le tuile na taoide chun an táirgeadh a bharrfheabhsú. Comhlíonfaidh an táirgeadh na ceanglais atá leagtha amach i bpointe 4.1.5.10. (h).

Cuid IV: Rialacha maidir le táirgeadh bia phróiseáilte agus beatha próiseáilte

I dteannta na rialacha ginearálta maidir le táirgeadh atá leagtha síos in Airteagail 7, 9 agus 13, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos sa Chuid seo maidir le bia próiseáilte agus beatha phróiseáilte.

1. Ceanglais ghinearálta maidir le táirgeadh bia phróiseáilte agus beatha próiseáilte

1.1. Beidh ag breiseáin bia agus beatha, áiseanna próiseála agus substaintí agus comhábhair eile a úsáidtear chun bia nó beatha a phróiseáil agus aon chleachtas próiseála a chuirtear i bhfeidhm, amhail deatú, beidh siad go léir i gcomhréir leis na prionsabail a bhaineann le cleachtas maith monaraíochta[10].

1.2. Bunóidh oibreoirí a tháirgeann bia próiseáilte nó beatha phróiseáilte nósanna imeachta iomchuí agus tabharfaidh siad cothrom le dáta iad bunaithe ar shainaithint chórasach na gcéimeanna próiseála ríthábhachtacha.

1.3. Áiritheofar i gcónaí le cur i bhfeidhm na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe 1.2 go gcomhlíonann na táirgí próiseáilte táirgthe an Rialachán seo.

1.4. Comhlíonfaidh oibreoirí na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe 1.2. agus cuirfidh siad chun feidhme iad agus, go háirithe, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:

(a) déanfaidh siad bearta coisctheacha chun an riosca a bhaineann le héilliú ó shubstaintí nó táirgí nach bhfuil údaraithe a sheachaint;

(b) cuirfidh siad bearta oiriúnacha glantacháin chun feidhme, déanfaidh siad faireachán ar a n‑éifeachtacht agus déanfaidh siad na hoibríochtaí sin a thaifeadadh;

(c) áiritheoidh siad nach gcuirfear táirgí neamhorgánacha ar an margadh agus tásc orthu atá ag tagairt do tháirgeadh orgánach.

1.5. Déanfar táirgí orgánacha próiseáilte a ullmhú go leithleach ó thaobh ama nó spáis de ó tháirgí neamhorgánacha. I gcás ina n‑ullmhaítear nó ina stóráiltear táirgí neamhorgánacha san aonad ullmhúcháin céanna, déanfaidh an t‑oibreoir na nithe seo a leanas:

(a) cuirfidh sé an t‑údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe ar an eolas dá réir;

(b) déanfaidh sé na hoibríochtaí go leanúnach go dtí go bhfuil an babhta iomlán curtha i gcrích, in áit nó am ar leithligh ó oibríochtaí comhchosúla a dhéantar ar tháirgí neamhorgánacha;

(c) stórálfaidh sé táirgí orgánacha, roimh na hoibríochtaí agus dá n‑éis, in áit nó am ar leithligh ó tháirgí neamhorgánacha;

(d) déanfaidh sé taifead cothrom le dáta a choinneáil ar fáil de na hoibríochtaí agus an cainníochtaí ar fad arna bpróiseáil;

(e) déanfaidh sé na bearta is gá chun a áirithiú go sainaithnítear na baisceanna agus chun meascáin nó malartuithe le táirgí neamhorgánacha a sheachaint;

(f) ní dhéanfaidh sé oibríochtaí ar tháirgí orgánacha ach amháin tar éis an trealamh táirgthe a ghlanadh go cuí.

1.6. Ní úsáidfear táirgí, substaintí agus teicnící a athchóiríonn airíonna a chailltear le linn próiseála agus stórála bia orgánaigh, ná táirgí, substaintí agus teicnící a cheartaíonn torthaí mórfhaillí i bpróiseáil bia orgánaigh nó a d'fhéadfadh bheith míthreorach ar bhealach eile i dtaca le fíorchineál na dtáirgí atá beartaithe lena gcur ar an margadh mar bhia orgánach.

2. Ceanglais maidir le táirgeadh bia phróiseáilte

2.1. Beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas maidir le comhdhéanamh bia phróiseáilte orgánaigh:

(a) déanfar an táirge a tháirgeadh ó chomhábhair talmhaíochta go príomha; chun a chinneadh an dtáirgtear táirge ó chomhábhair talmhaíochta go príomha, ní chuirfear uisce agus salann breise san áireamh;

(b) ní fhéadfar a úsáid ach na breiseáin bia, áiseanna próiseála, blastáin, uisce, salann, ullmhóidí miocrorgánach agus einsímí bia, mianraí, riandúile, vitimíní, chomh maith le haimínaigéid agus micreachothaithigh eile, atá in earraí bia chun críocha cothaitheacha áirithe agus atá údaraithe lena n‑úsáid i dtáirgeadh orgánach de bhun Airteagal 19;

(c) ní bheidh comhábhar orgánach le fáil i dteannta an chomhábhair chéanna atá á thiontú nó i bhfoirm neamhorgánach;

(d) ní bheidh ach comhábhar bairr amháin de thionscnamh talmhaíochta le fáil i mbia a tháirgtear ó bharraí atá á dtiontú.

2.2. Táirgí agus substaintí áirithe a úsáid i bpróiseáil bia

2.2.1. Ní fhéadfar ach na táirgí agus na substaintí dá dtagraítear i bpointe 2.1(b) chomh maith leis na táirgí agus na substaintí dá dtagraítear i bpointí 2.2.2, 2.2.4. agus 2.2.5. a úsáid i bpróiseáil bia, seachas i gcás táirgí agus substaintí ó earnáil an fhíona, a mbeidh feidhm ag pointe 2 de Chuid V maidir leo, agus giosta a mbeidh feidhm ag pointe 1.3 de Chuid VI maidir leis.

2.2.2. Ceadófar na táirgí agus na substaintí seo a leanas a úsáid i bpróiseáil bia:

(a) ullmhóidí miocrorgánach agus einsímí bia a úsáidtear i bpróiseáil bia go hiondúil; ní mór einsímí bia atá le húsáid mar bhreiseáin bia a bheith údaraithe lena n‑úsáid i dtáirgeadh orgánach de bhun Airteagal 19, áfach;

(b) substaintí agus táirgí mar atá sainmhínithe in Airteagal 3(2)(b) agus (d) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[11] atá lipéadaithe mar shubstaintí blaistithe nádúrtha nó ullmhóidí blaistithe nádúrtha, i gcomhréir le hAirteagal 15(1)(e) agus Airteagal 16 den Rialachán sin;

(c) dathanna chun feoil agus blaoscanna uibhe a stampáil i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[12];

(d) uisce óil agus salann (agus clóiríd sóidiam nó clóiríd photaisiam mar bhun‑chomhábhair) a úsáidtear i bpróiseáil bia i gcoitinne;

(e) mianraí (riandúile san áireamh), vitimíní, aimínaigéid, agus micreachothaithigh, nach bhfuil údaraithe ach amháin más gá iad a úsáid de réir an dlí in earraí bia ina bhfuil siad ionchorpraithe.

2.2.3. Chun críche an ríofa dá dtagraítear in Airteagal 21(3), beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) ríomhfar breiseáin bia áirithe atá údaraithe lena n‑úsáid i dtáirgeadh orgánach de bhun Airteagal 19 mar chomhábhair talmhaíochta;

(b) ní ríomhfar ullmhóidí agus substaintí dá dtagraítear i bpointe 2.2.2. mar chomhábhair talmhaíochta;

(c) ríomhfar giosta agus táirgí giosta mar chomhábhair talmhaíochta.

2.2.4. Féadfar na comhábhair talmhaíochta neamhorgánacha seo a leanas a úsáid i bpróiseáil bia orgánaigh:

(a) táirgí ainmhithe:

(i)      orgánaigh uisceacha, nach de thionscnamh dobharshaothraithe iad, agus a cheadaítear in ullmhú earraí bia neamhorgánacha;

(ii)     geilitín;

(iii)    cásálacha;

(b) táirgí glasraí neamhphróiseáilte chomh maith le táirgí atá díorthaithe uathu trí bhíthin próiseála:

(i)      torthaí, cnónna agus síolta inite:

– cnónna cóla                            Cola acuminata;

 (ii)    spíosraí agus luibheanna inite:

– síolta raidise fiáine                 Armoracia rusticana;

– bláthanna cróch bhréige         Carthamus tinctorius;

– luibh biolair                            Nasturtium officinale;

(iii)    ilghnéitheach:

– algaí, lena n‑áirítear feamainn;

(c) táirgí próiseáilte glasraí:

(i)      siúcraí, stáirsí agus táirgí eile ó ghránbharra agus tiúbair:

– ríspháipéar;

– stáirse ó rís agus arbhar céarach, nach bhfuil modhnaithe go ceimiceach;

(ii)     ilghnéitheach:

– rum, a fhaightear ó shú siúcra cána amháin.

2.2.5. Féadfar saill agus olaí, bídís scagtha nó ná bíodh, ach nach bhfuil modhnaithe go ceimiceach, a úsáid ina bhfoirm neamhorgánach má tá siad díorthaithe ó phlandaí seachas:

– an cócó                                   Theobroma cacao;

– an cnó cócó                            Cocos nucífera;

– an ológ                                    Olea europaea;

– lus na gréine                           Helianthus annuus;

– an phailm                                Elaeis guineensis;

– an ráib                                     Brassica napus, rapa;

– an cróch bréige                       Carthamus tinctorius;

– an seasaman                            Sesamum indicum;

– soighe                                     Glycine max.

3. Ceanglais maidir le táirgeadh beatha próiseáilte

3.1. Ní ghabhfaidh ábhair beatha orgánacha, ná ábhair beatha atá á dtiontú, i gcomhdhéanamh an táirge beatha orgánaigh go comhuaineach leis na hábhair beatha chéanna a tháirgtear trí mhodhanna neamhorgánacha.

3.2. Aon ábhair beatha a úsáidfear nó a phróiseálfar i dtáirgeadh orgánach, ní bheidh siad próiseáilte trí bhíthin tuaslagóirí atá sintéisithe go ceimiceach.

CUID V Fíon

1. Raon feidhme

1.1. I dteannta na rialacha ginearálta maidir le táirgeadh atá leagtha síos in Airteagail 7, 8, 9 agus 14, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos sa Chuid seo maidir le táirgeadh orgánach táirgí fíona dá dtagraítear i bpointe (l) d'Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

1.2. Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 ón gCoimisiún[13] agus Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún[14], ach amháin má dhéantar foráil shainráite dá mhalairt sa Chuid seo.

2. Táirgí agus substaintí áirithe a úsáid

2.1. Táirgfear táirgí earnáil an fhíona ó amhábhar orgánach.

2.2. Ní fhéadfar ach táirgí agus substaintí atá údaraithe lena n‑úsáid i dtáirgeadh orgánach de bhun Airteagal 19 a úsáid chun táirgí earnáil an fhíona a dhéanamh, lena n‑áirítear le linn na bpróiseas agus na gcleachtas fíoneolaíoch, faoi réir na gcoinníollacha agus na srianta atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 agus go háirithe in Iarscríbhinn IA a ghabhann leis an Rialachán sin.

3. Cleachtais fhíoneolaíocha agus srianta

3.1. Gan dochar do Roinn 1 agus Roinn 2 agus do na toirmisc shonracha agus na srianta sonracha dá bhforáiltear i bpointí 3.2 go 3.5, ní cheadófar ach cleachtais fhíoneolaíocha, próisis fhíoneolaíocha agus cóireálacha fíoneolaíocha, lena n‑áirítear na srianta dá bhforáiltear in Airteagal 80 agus Airteagal 83(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus in Airteagal 3, Airteagail 5 go 9 agus Airteagail 11 go 14 de Rialachán (CE) Uimh. 606/2009, agus sna hIarscríbhinní a ghabhann leis na Rialacháin sin, a úsáideadh roimh an 1 Lúnasa 2010.

3.2. Beidh toirmeasc ar na cleachtais fhíoneolaíocha, próisis fhíoneolaíocha agus cóireálacha fíoneolaíocha seo a leanas a úsáid:

(a) tiúchan páirteach trí fhuarú de réir phointe (c) de Roinn B.1 de Chuid I d'Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(b) dé‑ocsaíd sulfair a dhíothú trí bhíthin próiseas fisiceach de réir phointe 8 d'Iarscríbhinn I A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 606/2009;

(c) cóireáil leictrea‑scagdhealaithe chun cobhsaíocht thartarach an fhíona de réir phointe 36 d'Iarscríbhinn I A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 a áirithiú;

(d) dí‑alcólú páirteach fíona de réir phointe 40 d'Iarscríbhinn I A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 606/2009;

(e) cóireáil le caitianmhalartóirí chun cobhsaíocht thartarach an fhíona de réir phointe 43 d'Iarscríbhinn I A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 a áirithiú;

3.3. Ceadófar na cleachtais fhíoneolaíocha, próisis fhíoneolaíocha agus cóireálacha fíoneolaíocha seo a leanas a úsáid faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a) i gcás cóireálacha teasa de réir phointe 2 d'Iarscríbhinn I A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 606/2009, ní bheidh an teocht níos airde ná 70 °C;

(b) i gcás lártheifneoirithe agus scagacháin le hoibreán támhscagtha nó gan oibreán támhscagtha de réir phointe 3 d'Iarscríbhinn I A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 606/2009, ní bheidh méid na bpóireanna níos lú ná 0.2 micriméadar.

3.4. Déanfaidh an Coimisiún athscrúdú ar úsáid na gcleachtas fíoneolaíoch, na bpróiseas fíoneolaíoch agus na gcóireálacha fíoneolaíocha seo a leanas roimh an 1 Lúnasa 2015 d'fhonn deireadh a chur leis na cleachtais sin de réir a chéile nó iad a shrianadh tuilleadh:

(a) cóireálacha teasa dá dtagraítear i bpointe 2 d'Iarscríbhinn I A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 606/2009;

(b) úsáid roisíní ianmhalartaithe dá dtagraítear i bpointe 20 d'Iarscríbhinn IA a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 606/2009;

(c) cúlosmóis de réir phointe (b) de Roinn B.1 de Chuid I d'Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

3.5. Ní fhéadfaidh aon leasú a tugadh isteach tar éis an 1 Lúnasa 2010, maidir leis an gcleachtas fíoneolaíoch, na próisis fhíoneolaíocha agus na cóireálacha fíoneolaíocha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 nó Rialachán (CE) Uimh. 606/2009, a bheith infheidhme i dtáirgeadh orgánach fíona ach amháin tar éis ghlacadh na mbeart is gá chun na rialacha maidir le táirgeadh dá bhforáiltear i Roinn 3 seo a chur chun feidhme agus, más gá, tar éis meastóireachta de réir Airteagal 19 den Rialachán seo.

Cuid VI: Giosta a úsáidtear mar bhia nó mar bheatha

I dteannta na rialacha ginearálta maidir le táirgeadh atá leagtha síos in Airteagail 7, 9 agus 15, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos sa Chuid seo maidir le giosta orgánach a úsáidtear mar bhia nó mar bheatha.

1. Ceanglais ghinearálta

1.1. Ní úsáidfear ach substráití a tháirgtear go horgánach chun giosta orgánach a tháirgeadh.

1.2. Ní bheidh giosta orgánach agus giosta neamhorgánach araon le fáil i mbia ná i mbeatha orgánach.

1.3. Féadfar na substaintí seo a leanas a úsáid i dtáirgeadh, ullmhú agus foirmliú an ghiosta orgánaigh:

(d) áiseanna próiseála atá údaraithe lena n‑úsáid i dtáirgeadh orgánach de bhun Airteagal 19;

(e) táirgí agus substaintí dá dtagraítear i bpointe 2. 2.2. (a) agus (d) de Chuid IV.

IARSCRÍBHINN III

BAILIÚ, PACÁISTIÚ, IOMPAR AGUS STÓRÁIL TÁIRGÍ

1. Táirgí a bhailiú agus iad a iompar go dtí aonaid ullmhúcháin

Ní fhéadfaidh oibreoirí táirgí orgánacha agus neamhorgánacha a bhailiú go comhuaineach ach amháin má dhéantar na bearta iomchuí chun aon mheascadh nó malartú a d'fhéadfadh tarlú le táirgí neamhorgánacha a chosc agus chun sainaithint na dtáirgí orgánacha a áirithiú. Coinneoidh an t‑oibreoir ar fáil don údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe an fhaisnéis maidir leis na laethanta, na huaireanta agus an chuaird bailiúcháin agus an dáta agus an t‑am a fhaightear na táirgí.

2. Pacáistíocht táirgí agus iad a iompar go dtí oibreoirí nó aonaid eile

2.1. Áiritheoidh oibreoirí go n‑iomprófar táirgí orgánacha go dtí oibreoirí nó aonaid eile, lena n‑áirítear mórdhíoltóirí agus miondíoltóirí, i bpacáistíocht, coimeádáin nó feithiclí iomchuí amháin atá dúnta ar bhealach nach féidir an t‑ábhar a ionadú gan an séala a láimhsiú nó damáiste a dhéanamh dó agus go mbeidh lipéad ag gabháil leo, gan dochar d'aon tásca eile a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais, ar a gcuirtear na nithe seo a leanas in iúl:

(a) ainm agus seoladh an oibreora agus, má tá siad difriúil, ainm agus seoladh úinéir nó dhíoltóir an táirge;

(b) ainm an táirge nó tuairisc ar na hábhair beatha cumaisc lena ngabhann tagairt do tháirgeadh orgánach;

(c) ainm nó códuimhir an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe a bhfuil an t‑oibreoir faoina réir; agus

(d) más ábhartha, an comhartha sainaitheantais baisce de réir córais marcála arna fhormheas ar an leibhéal náisiúnta nó arna chomhaontú leis an údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe agus lenar féidir an bhaisc a nascadh leis na taifid dá dtagraítear in Airteagal 24.

Féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) a léiriú ar dhoiciméad tionlacain freisin, más féidir an doiciméad sin a nascadh gan amhras le pacáistíocht, coimeádán nó iompar feithicle an táirge. Sa doiciméad tionlacain sin beidh faisnéis maidir leis an soláthraí nó iompróir.

2.2. Ní éileofar an phacáistíocht, na coimeádáin ná na feithiclí a dhúnadh sna cásanna seo a leanas:

(a) iompar díreach atá idir an t‑oibreoir agus oibreoir eile atá beirt faoi réir an chórais rialaithe orgánaigh;

(b) tá doiciméad ag gabháil leis na táirgí ina bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear faoi phointe 2.1; agus

(c) coinníonn na hoibreoirí seolta agus na hoibreoirí fála araon taifid dhoiciméadacha ar na hoibríochtaí iompair sin ar fáil don údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe.

3. Rialacha speisialta maidir le beatha a iompar go dtí aonaid táirgthe nó ullmhúcháin eile nó go dtí áitribh stórála

Agus beatha á hiompar go dtí aonaid táirgthe nó ullmhúcháin eile nó go dtí áitribh stórála, áiritheoidh na hoibreoirí go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) le linn iompair, déanfar beatha a tháirgtear go horgánach, beatha atá á tiontú, agus beatha neamhorgánach a dheighilt go fisiceach ar bhealach éifeachtach;

(b) ní fhéadfar feithiclí nó coimeádáin inar iompraíodh táirgí neamhorgánacha a úsáid chun táirgí orgánacha a iompar ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(i)      tá bearta glantacháin oiriúnacha, a bhfuil scrúdú déanta ar a n‑éifeachtacht, curtha i gcrích sula dtosaítear ar na táirgí orgánacha a iompar agus déanann na hoibreoirí na hoibríochtaí sin a thaifeadadh;

(ii)     tá gach beart iomchuí curtha chun feidhme, ag brath ar na rioscaí a bhfuil meastóireacht déanta orthu i gcomhréir leis na socruithe rialaithe agus, más gá, áiritheoidh oibreoirí nach féidir táirgí neamhorgánacha a chur ar an margadh agus tásc ag gabháil leo a thagraíonn do tháirgeadh orgánach;

(iii)    coinníonn an t‑oibreoir taifid dhoiciméadacha ar na hoibríochtaí iompair sin ar fáil don údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe;

(c) déanfar iompar na beatha orgánaí críochnaithe a dheighilt go fisiceach nó ó thaobh ama ó iompar táirgí críochnaithe eile;

(d) agus an bheatha á hiompar, déanfar cainníocht na dtáirgí ag an tús agus gach cainníocht aonair a sheachadtar le linn babhta seachadta a thaifeadadh.

4. Iasc beo a iompar

4.1. Déanfar iasc beo a iompar i ndabhcha oiriúnacha le huisce glan a chomhlíonann a riachtanais fhiseolaíocha ó thaobh teochta agus ocsaigine tuaslagtha de.

4.2. Sula n‑iomprófar iasc orgánach agus táirgí éisc orgánaigh, déanfar na dabhcha a ghlanadh, a dhíghlarú agus a shruthlú go críochnúil.

4.3. Déanfar réamhchúraimí chun an strus a laghdú. Agus iasc á iompar, ní bheidh an líon iasc níos airde ná an leibhéal a bheadh díobhálach do na speicis.

4.4. Coinneofar fianaise dhoiciméadach do na hoibríochtaí dá dtagraítear i bpointí 4.1, 4.2 agus 4.3.

5. Táirgí a fháil ó oibreoirí aonad eile

Tar éis táirge orgánach a fháil, déanfaidh an t‑oibreoir dúnadh na pacáistíochta nó an choimeádáin a sheiceáil, más gá, agus a sheiceáil gurb ann do na tásca dá bhforáiltear i Roinn 2.

Déanfaidh an t‑oibreoir an fhaisnéis ar an lipéad dá dtagraítear i Roinn 2 a chros‑seiceáil leis na bhfaisnéis ar na doiciméid tionlacain. Déanfar toradh na bhfíoruithe sin a lua go sainráite sna taifid dá dtagraítear in Airteagal 24.

6. Rialacha speisialta maidir le táirgí a fháil ó thríú tír

I gcás ina ndéantar táirgí a allmhairiú ó thríú tír, déanfar iad a iompar i bpacáistíocht nó coimeádáin iomchuí, a dhúnfar ar bhealach nach féidir an t‑ábhar a ionadú agus lena ngabhann sainaitheantas an onnmhaireora agus aon chomharthaí agus uimhreacha eile chun an bhaisc a shainaithint agus an deimhniú rialaithe maidir le hallmhairiú ó thríú tíortha de réir mar is iomchuí.

Tar éis táirge orgánach a allmhairíodh ó thríú tír a fháil, déanfaidh an duine nádúrtha nó dlítheanach, a seachadtar an choinsíneacht allmhairithe chuige agus a fhaigheann í d'fhonn í a ullmhú nó a mhargú tuilleadh, déanfaidh sé dúnadh na pacáistíochta nó an choimeádáin a sheiceáil agus, i gcás na dtáirgí arna n‑allmhairiú i gcomhréir le hAirteagal 28(1)(b)(ii), déanfaidh sé a fhíorú go gcumhdaítear sa deimhniú cigireachta dá dtagraítear san Airteagal sin an cineál táirge atá sa choinsíneacht. Déanfar toradh an fíoraithe sin a lua go sainráite sna taifid dá dtagraítear in Airteagal 24.

7. Táirgí a stóráil

7.1. Maidir le táirgí a stóráil, déanfar limistéir a bhainistiú sa chaoi go n‑áiritheofar go ndéanfar baisceanna a shainaithint agus chun aon mheascadh le táirgí nó substaintí nach gcomhlíonann na rialacha maidir le táirgeadh orgánach, nó aon éilliú uathu, a sheachaint. Beidh táirgí orgánacha in‑aitheanta go soiléir i gcónaí.

7.2. I gcás aonad táirgthe plandaí orgánacha agus beostoic orgánaigh, tá toirmeasc ar tháirgí ionchuir a stóráil san aonad táirgthe, seachas na táirgí ionchuir sin atá údaraithe lena n‑úsáid i dtáirgeadh orgánach de bhun Airteagal 19.

7.3. Ceadaítear táirgí míochaine tréidliachta allapatacha agus antaibheathaigh a stóráil i ngabháltais talmhaíochta agus dobharshaothraithe ar choinníoll go bhfuil siad ordaithe ag tréidlia i dtaca le cóireáil dá dtagraítear i bpointe 1.5.2.2 de Chuid II agus pointe 4.1.4.2(a) de Chuid III d'Iarscríbhinn II, go stóráiltear iad i suíomh faoi mhaoirseacht agus go gcuirtear isteach sa taifead beostoic iad dá dtagraítear in Airteagal 24.

7.4. I gcás ina láimhseálann oibreoirí idir tháirgí neamhorgánacha agus tháirgí orgánacha agus go stóráiltear na táirgí orgánacha i saoráidí stórála ina stóráiltear táirgí nó earraí bia talmhaíochta eile freisin:

(e) coinneofar na táirgí orgánacha amach ó na táirgí nó earraí bia talmhaíochta eile;

(f) déanfar gach beart chun a áirithiú go sainaithnítear coinsíneachtaí agus chun meascáin nó malartuithe le táirgí neamhorgánacha a sheachaint;

(g) déanfar bearta glantacháin oiriúnacha, a bhfuil a n‑éifeachtacht fíoraithe, sula ndéanfar na táirgí orgánacha a stóráil agus déanfaidh na hoibreoirí na hoibríochtaí sin a thaifeadadh.

IARSCRÍBHINN IV

TÉARMAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 21

BG: биологичен.

ES: ecológico, biológico.

CS: ekologické, biologické.

DA: økologisk.

DE: ökologisch, biologisch.

ET: mahe, ökoloogiline.

EL: βιολογικό.

EN: organic.

FR: biologique.

GA: orgánach.

HR: ekološki.

IT: biologico.

LV: bioloģisks, ekoloģisks.

LT: ekologiškas.

LU: biologësch.

HU: ökológiai.

MT: organiku.

NL: biologisch.

PL: ekologiczne.

PT: biológico.

RO: ecologic.

SK: ekologické, biologické.

SL: ekološki.

FI: luonnonmukainen.

SV: ekologisk.

‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑‑

IARSCRÍBHINN V

LÓGÓ AN AONTAIS EORPAIGH MAIDIR LE TÁIRGEADH ORGÁNACH AGUS CÓDUIMHREACHA

1. Lógó

1.1. Comhlíonfaidh lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach an tsamhail thíos:

LÓGÓ le cur isteach

1.2. Is é an dath tagartha Pantone Uaine Pantone Uimh. 376 agus Uaine (50 % cian + 100 % buí), i gcás ina n‑úsáidtear próiseas ceithre dhath.

1.3. Ní fhéadfar lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a úsáid i ndubh agus bán, mar atá léirithe, ach amháin mura bhfuil sé praiticiúil an leagan daite a úsáid:

LÓGÓ le cur isteach

1.4. Má tá dath cúlra na pacáistíochta nó an lipéid dorcha, féadfar na siombailí a úsáid i bhformáid dhiúltach, ina n‑úsáidtear dath cúlra na pacáistíochta nó an lipéid.

1.5. Má úsáidtear lógó daite ar chúlra daite, rud atá deacair a fheiceáil, féadfar imlíne teormharcála a úsáid timpeall an lógó chun an chodarsnacht leis na dathanna cúlra a fheabhsú.

1.6. I gcásanna áirithe ina bhfuil tásca i ndath amháin ar an bpacáistíocht, féadfar lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a úsáid sa dath céanna.

1.7. Ní mór lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a bheith chomh hard le 9 mm ar a laghad agus chomh leathan le 13.5 mm ar a laghad; beidh an cóimheas comhréire airde/leithid 1:1.5 i gcónaí. I gcásanna eisceachtúla féadfar an íosmhéid a laghdú go dtí airde 6 mm do phacáistí an‑bheag.

1.8. Féadfar lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a chomhcheangal le heilimintí grafacha nó téacsúla a thagraíonn do tháirgeadh orgánach, ar choinníoll nach ndéantar modhnú ná athrú ar chineál an lógó ná ar aon cheann de na tásca a shainítear i gcomhréir le hAirteagal 22. Agus é comhcheangailte le lógónna náisiúnta nó príobháideacha agus dath uaine in úsáid atá difriúil ón dath tagartha dá bhforáiltear i bpointe 2, féadfar lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach a úsáid sa dath neamhthagartha sin.

2. Códuimhreacha

Beidh formáid ghinearálta na gcóduimhreacha mar seo a leanas:

AB‑CDE‑999

Sin le rá:

(a) Áit a bhfuil ‘AB’ beidh cód ISO na tíre ina ndéantar na rialuithe;

(b) Téarma a bheidh in ‘CDE’, a bheidh trí litir ar fad agus atá le cinneadh ag an gCoimisiún nó ag gach Ballstát, amhail “bio” nó “öko” nó “org” nó “eko” lena mbunaítear nasc le táirgeadh orgánach; agus

(c) Is é ‘999’ an uimhir thagartha, arna léiriú le trí dhigit ar a mhéad, atá le sannadh:

(i)      ag údarás inniúil gach Ballstáit do na húdaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe a bhfuil cúraimí rialaithe tarmligthe chucu acu;

(ii)     ag an gCoimisiún, do:

– na húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe atá aitheanta ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 29;

– údaráis rialaithe tríú tíortha atá aitheanta ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 31.

[1]               Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1).

[2]               Rialachán (CE) Uimh. 1974/2006 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO L 368, 23.12.2006, lch. 15)

[3]               Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487)

[4]               Treoir 2008/119/CE ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena leagtar síos íoschaighdeáin maidir le cosaint laonna (IO L 10, 15.1.2009, lch. 7)

[5]               Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle on 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.00, lch. 1).

[6]               Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (Creat‑Treoir um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

[7]               Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2007 maidir le speicis choimhthíocha agus speicis nach bhfaightear go háitiúil a úsáid sa dobharshaothrú (IO L 168, 28.6.2007, lch. 1).

[8]               Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1)          

[9]               Treoir 2006/113/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an gcáilíocht is gá d'uiscí sliogéisc (IO L 376, 27.12.2006, lch. 14).

[10]             Cleachtais mhaithe monaraíochta mar atá sainmhínithe in Airteagal 3(a) de Rialachán (CE) Uimh. 2023/2006 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2006 maidir le cleachtas maith monaraíochta d'ábhair agus earraí eile atá ceaptha teacht i dteagmháil le bia (IO L 384, 29.12.2006, lch. 75)

[11]             Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (IO L 354, 31.12.2008, lch. 34).

[12]             Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (IO L 354, 31.12 2008, lch. 16).

[13]             Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 ón gCoimisiún an 10 Iúil 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe áirithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 479/2008 ón gComhairle maidir le catagóirí táirgí fíniúna, cleachtais fhíoneolaíocha agus na srianta is infheidhme (IO L 193, 24.7.2009, lch. 1).

[14]             Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe áirithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 479/2008 ón gComhairle maidir le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint, téarmaí traidisiúnta, lipéadú agus cur i láthair táirgí áirithe earnáil an fhíona (IO L 193, 24.7.2009, lch. 60).

Top