EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52014PC0043

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLEmaidir le bearta struchtúracha chun athléimneacht bhainc an AE a fheabhsú

/* COM/2014/043 final - 2014/0020 (COD) */

52014PC0043

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLEmaidir le bearta struchtúracha chun athléimneacht bhainc an AE a fheabhsú /* COM/2014/043 final - 2014/0020 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Ó thús na géarchéime airgeadais, tá an tAontas Eorpach ("Aontas") agus a Bhallstáit ag gabháil d'ollchóiriú bunúsach rialála agus maoirseachta airgeadais.

I réimse na baincéireachta, chuir an tAontas tús le roinnt leasuithe le córas airgeadais níos freagraí, níos trédhearcaí, níos folláine, níos sábháilte a chruthú, a oibríonn don gheilleagar agus don tsochaí ina hiomláine. Mar sin féin, tá earnáil baincéireachta an Aontais mór mar iomlán (EUR 42.9 trilliún) agus go coibhneasta (beagnach 350 faoin gcéad de OTI an Aontais). Tá méid aonair na mbanc is mó san Aontas, ó thaobh sócmhainní, cosúil le OTI a dtíre dúchais, nó gar dó, a bheag nó a mhór. Tá na bainc sin fós rómhór le teip, rómhór le sábháil agus róchasta chun iad a réiteach.

Sa chomhthéacs sin, d'fhógair an Coimisinéir Barnier i mí na Samhna 2011 go mbunófaí Grúpa Saineolaithe Ardleibhéil agus sainordú acu measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le hathchóiriú struchtúrach ar earnáil baincéireachta an AE, faoi chathaoirleacht Erkki Liikanen, Gobharnóir Bhanc na Fionlainne[1]. Cuireadh an tuarascáil i láthair i nDeireadh Fómhair 2012 á rá gur gá athstruchtúrú banc chun na hathchóirithe atá ann cheana féin a chomhlánú agus á mholadh go ndeighlfí go héigeantach an trádáil dílseánaigh agus gníomhaíochtaí eile trádála ard‑riosca ina eintiteas dlíthiúil ar leith laistigh den ghrúpa baincéireachta. Ní bheadh an deighilt éigeantach ach amháin do bhainc i gcás inar sciar suntasach de ghnó an bhainc iad na gníomhaíochtaí atá le deighilt[2]. An 3 Iúil 2013, ghlac Parlaimint na hEorpa le tromlach mór tuarascáil féintionscnamh ar a dtugtar "Struchtúr earnáil baincéireachta an AE a athchóiriú"[3], tuarascáil a fháiltíonn roimh bhearta athchóirithe struchtúracha ag leibhéal an Aontais chun dul i ngleic le himní na mbanc atá rómhór le teip" [4].

Cuid ríthábhachtach de fhreagairt an Aontais chun dul i ngleic leis an aincheist TBTF is ea an togra seo. Tá sé mar aidhm aige cosc a chur leis na rioscaí iarmharacha neamhbhainistithe i gcóras baincéireachta an Aontais ó theacht ann. Cuirfidh sé srian le leathnú saorga bhileoga comhardaithe na mbanc, go háirithe na gníomhaíochtaí de chineál amhantrach amháin, rud a laghdódh an baol go mbeidh ar cháiníocóirí bainc a bhfuil ag teip orthu a shábháil, agus a laghdóidh costas agus castacht aon réitigh nuair is gá sin. Tá sé freisin ina chomhlánú tábhachtach leis an Treoir lena mbunaítear creat do théarnamh agus do réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta ("BRRD")[5].

Go dtí seo ní bhíodh athchóiriú struchtúrach mar chuid den chlár oibre athchóirithe idirnáisiúnta a d'aontaigh an G20. Mar sin féin, tá roinnt dlínsí ar fud an domhain a d'achtaigh nó a mhol bearta chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní thuas. Le blianta beaga anuas tá roinnt Ballstát ag gabháil do thionscnaimh athchóirithe (an Ghearmáin, an Fhrainc, an Ríocht Aontaithe agus an Bheilg). Ghlac na Stáit Aontaithe le déanaí leis an rud ar a dtugtar "riail Volcker" a thoirmisceann trádáil dílseánaigh ag bainc. Ina theannta sin, d'iarr eagraíochtaí idirnáisiúnta díospóireacht dhomhanda ar struchtúir banc agus samhlacha gnó. I bhfianaise an iomadú na dtionscnaimh athchóirithe sa chomhthéacs seo, agus d'fhonn bearta forluí nó nach luíonn le chéile a chosc ó dhifear a dhéanamh do bhainc atá gníomhach go hidirnáisiúnta, d'iarr ceannairí an G20 ag an gcruinniú mullaigh deireanach i gCathair Pheadair ar an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhachtaí trasteorann agus impleachtaí do chobhsaíocht airgeadais dhomhanda na n‑athchóirithe baincéireachta struchtúracha. Tugann an togra seo dá aire go cúramach na hiarrachtaí comhordaithe idirnáisiúnta atá ag teacht agus aithníonn sé an gá atá le deiseanna arbatráiste rialála a chosc.

Tá ag gabháil leis an togra seo togra a bhaineann go díreach le dul i ngleic le seoladán eile aicídithe airgeadais – eadhon, idirnascthacht idir rannpháirtithe sa mhargadh lena n‑áirítear bainc shistéamacha trí naisc trádála theimhneacha in idirbhearta um maoiniú urrús. Go comhuaineach, aithníonn an Páipéar Uaine ar scáthbhaincéireacht, a thíolaic an Coimisiún an 19 Márta 2012[6] go bhféadfadh aon rialachán baincéireachta treisithe cuid mhór gníomhaíochtaí baincéireachta a thiomáint thar theorainneacha na baincéireachta traidisiúnta agus i dtreo na "scáthbhaincéireachta" a shainmhínítear mar "córas na hidirghabhála creidmheasa a mbíonn aonáin agus gníomhaíochtaí atá taobh amuigh den chóras baincéireachta rialta gafa leis"[7]. An 20 Samhain 2012, ghlac Parlaimint na hEorpa rún maidir le scáthbhaincéireacht[8], mar ar leag sí béim ar an ngá le breis trédhearcachta a chinntiú i struchtúr agus gníomhaíochtaí na n‑institiúidí airgeadais chomh maith leis an ngá do mhaoirseoirí bheith ar an eolas faoi leibhéal na ngníomhaíochtaí scáthbhaincéireachta amhail comhaontuithe athcheannaigh agus iasachtaí urrús. An 4 Meán Fómhair 2013, tharraing an Coimisiún aird air sa Teachtaireacht uaidh maidir le scáthbhaincéireacht[9] go mbeidh gá trédhearcacht na n‑idirbheart um maoiniú urrús, amhail comhaontuithe athcheannaigh agus iasachtaí urrús, idirbhearta comhionanna eile agus ath‑fhiachurrú, a neartú chun breathnú ar na rioscaí a bhaineann le hidirnascthacht, giaráil iomarcach agus iompraíochtaí comhthimthriallacha.

Níl sa chuid eile den mheabhrán míniúcháin seo ach cur i láthair ar an togra seo a bhaineann le deighilt struchtúrach na n‑institiúidí creidmheasa.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Chuathas i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ar roinnt ócáidí. Bhuail an Grúpa Sainneolaithe Ardleibhéil le páirtithe leasmhara éagsúla i rith théarma a shainordaithe agus reáchtáil sé comhairliúchán poiblí a dhírigh ar bhainc, custaiméirí corparáideacha agus cliaint miondíola agus a gcuid cumann[10]. Reáchtáil an Coimisiún comhairliúchán poiblí freisin le páirtithe leasmhara i mí Dheireadh Fómhair 2012[11]. Pléadh Athchóiriú struchtúrach banc agus an gá atá le gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais leis na Ballstáit.

Agus an Measúnú Tionchar ("IA") á ullmhú, thionóil an Coimisiún comhairliúchán poiblí le páirtithe leasmhara breise san earrach 2013, agus tugadh cuireadh do na bainc tionchar cineálacha éagsúla roghanna um athchóiriú struchtúrach a shamhaltú[12]. Leag an 500 freagairt comhairliúcháin béim ar an roinnt idir na bainc, ar thaobh amháin, agus tomhaltóirí agus lucht airgeadais neamhbhainc os a choinne sin. Bhí tromlach treascrach na mbanc i gcoinne deighilte struchtúraí; Bhí an dara grúpa ina fhabhar, don chuid is mó. Bhí tuairimí na gcatagóirí eile níos cothroime.

Bunaíodh Grúpa Stiúrtha Idirsheirbhíse ar athchóiriú struchtúrach banc i Márta 2013 agus ionadaithe air ó na hArd‑Stiúrthóireachtaí COMP, ECFIN, EMPL, ENTR, JUST, MARKT, SG, SJ, TAXUD agus an JRC. Tháinig an Grúpa Stiúrtha Idirsheirbhíse le chéile i Márta, Aibreán agus Meán Fómhair 2013 agus thacaigh sé leis an obair ar an IA.

Cuireadh an dréacht‑IA faoi bhráid Bhord um Measúnú Tionchair an Choimisiúin an 19 Meán Fómhair 2013 agus pléadh leis an IAB an 16 Deireadh Fómhair 2013 é. Chuir an Bord um Measúnú Tionchair a moltaí maidir le feabhsúchán ar fáil an18 Deireadh Fómhair 2013. Ba iad seo na príomh‑mholtaí : (i) feabhas a chur ar thuairisc na faidhbe agus an cás bunlíne; (ii) cur síos agus míniú níos fearr ar na roghanna um athchóiriú; (iii) measúnú níos fearr ar thionchair agus léiriú níos fearr ar éifeachtacht na roghanna um athchóiriú a roghnaíodh; (iv) tuairimí na bpáirtithe leasmhara a chur i láthair níos fearr; agus (v) gluais a chur leis. Chuir seirbhísí an Choimisiúin 1A athbhreithnithe isteach athuair an 18 Nollaig 2013, fara doiciméad ar leith lena mhíniú don Bhord um Measúnú Tionchair conas a ionchorpraíodh moltaí an Bhoird. D'eisigh an Bord um Measúnú tionchair tuairim dhearfach an 15 Eanáir 2014, agus chuir sé moltaí le haghaidh feabhsúcháin bhreise ar fáil san aon am, ag iarraidh go háirithe neartú na hanailíse ar bhonn cirt na mbeart atá beartaithe, roghanna eile um athchóiriú, tionchar, agus tuairimí na bpáirtithe leasmhara maidir leis na bearta trédhearcachta a tugadh isteach nuair a cuireadh an 1A deiridh isteach. Mhol an Bord freisin go neartófaí a thuilleadh ar na roghanna um athchóiriú struchtúrach a cuireadh i láthair agus ar mheasúnú tionchair agus éifeachtachta na roghanna um athchóiriú a roghnaíodh. D'fhairsingigh leagan deiridh an IA anailís na mbeart um athchóiriú trédhearcachta agus thug sé mionléiriú breise ar an dá mholadh eile ón mBord um Measúnú Tionchair.

Maidir le costais agus buntáistí foriomlána an togra seo, rinneadh an measúnú tionchair a cuireadh i gcrích i gcomhthéacs an togra seo a chur faoi shamhaltú cainníochtúla agus faoi anailís cháilíochtúil. Mheas an measúnú tionchair go bhfuil fóirdheontais intuigthe suntasach, cé go mbraitheann siad ar mhéid an bhainc agus ar leibhéal idirnascthachta an bhainc. Agus aird chuí á tabhairt ar na sochair a thagann ó éagsúlacht na samhlacha baincéireachta san Eoraip, áiritheoidh an togra seo an chothromaíocht íogair idir rioscaí sistéamacha a chosc agus maoiniú ar fhás eacnamaíoch inbhuanaithe a chothabháil.

3.           EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA

3.1.        Bunús dlí agus coimhdeacht

Is é is bunús dlí don togra seo Airteagal 114 (1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an "CFAE"), lenar féidir bearta a ghlacadh chun forálacha náisiúnta atá dírithe ar bhunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chomhfhogasú.

Feabhsóidh rialacha aonfhoirmeacha maidir le struchtúir na mbanc cobhsaíocht airgeadais laistigh den AE, comhtháthóidh siad margaí airgeadais, éascóidh siad réiteach ar shlí ordúil agus téarnamh an ghrúpa, feabhsóidh siad soláthar trasteorann seirbhísí agus bunú i mBallstáit eile, laghdóidh siad saobhadh na hiomaíochta agus coiscfidh siad arbatráiste rialála.

Tá roinnt Ballstáit san AE a mhol nó a ghlac bearta athchóirithe struchtúracha dá gcórais baincéireachta náisiúnta. Reachtaíocht náisiúnta neamhréireach nach saothraíonn na spriocanna beartais céanna ar bhealach atá comhoiriúnach agus a bheadh ​​comhionann leis na sásraí atá beartaithe sa Rialachán seo, méadóidh sí an baol go mbeidh saobhadh ar ghluaiseachtaí caipitil agus cinntí infheistíochta. Gan cur chuige uile-Aontais, beidh ar na bainc a gcuid struchtúr agus oibriúchán a chur in oiriúint laistigh de theorainneacha náisiúnta, rud a fhágfaidh níos casta fós iad, agus a mhéadóidh an ilroinnt.

Bhainfeadh reachtaíocht náisiúnta neamhréireach chomh maith an bonn d'iarrachtaí chun córas amháin rialacha a bheidh infheidhmithe ar fud an Mhargaidh Inmheánaigh a bhaint amach agus aontas baincéireachta éifeachtach a chruthú, mar theorannódh sé éifeachtacht an tSásra Maoirseachta Aonair[13] agus aon Sásra Singil Réitigh amach anseo[14]. Fágann reachtaíocht neamhréireach bainistiú na n‑institiúidí trasteorann níos deacra agus níos costasaí freisin.

Is féidir leis an gcomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais a shamhlaítear sa Rialachán seo a áirithiú go mbeidh grúpaí baincéireachta an Aontais, a bhfuil go leor acu ag feidhmiú i roinnt Ballstát, á rialú ag creat coiteann ceanglas struchtúrach, rud a áiritheoidh páirc imeartha chothrom, a laghdóidh castacht rialála, a sheachnóidh costais chomhlíonta gan údar do ghníomhaíochtaí trasteorann, a chuirfidh le comhtháthú ar mhargadh an Aontais agus a chuideoidh le deireadh a chur le deiseanna arbatráiste rialála.

I gcomhréir leis na spriocanna cur le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, Ballstát a ghlac reachtaíocht lena dtoirmisctear ar institiúidí creidmheasa taiscí a ghlacadh ó dhaoine aonair agus ar FBManna bheith rannpháirteach sa ghníomhaíocht déileáil le hinfheistíochtaí mar phríomhghnó agus a bhfuil sócmhainní trádála ina seilbh acu, is féidir leo iarraidh ar an gCoimisiún maolú ar na forálacha atá leagtha síos i gCaibidil III ("gníomhaíochtaí trádála áirithe a dheighilt") a cheadú d'institiúid chreidmheasa atá faoi réir an dlí náisiúnta a luíonn leis na forálacha sin. Chuirfeadh sé sin ar chumas na mBallstát a bhfuil bearta "sár‑choibhéiseacha"curtha i bhfeidhm cheana féin, ailíniú costasach ar fhorálacha éifeachtacha atá ann cheana féin leis na forálacha sin a sheachaint. Chun a áirithiú nach gcuirfidh tionchar na reachtaíochta náisiúnta aidhm nó feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i mbaol, ní mór do spriocanna na reachtaíochta náisiúnta a bheith mar an gcéanna leis na cinn atá leagtha amach sa togra seo; agus ní mór do na socruithe dlíthiúla, maoirseachta agus forfheidhmithe náisiúnta a áirithiú go gcomhlíonann an institiúid chreidmheasa ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá ag luí leis an togra seo.

Tugann an togra seo aird chuí ar na margaí airgeadais atá ag athrú go tapa agus ar nuáil airgeadais, chomh maith le héabhlóid chreataí rialála agus maoirseachta an Aontais. D'fhonn maoirsiú éifeachtach, comhsheasmhach agus forbairt an leabhair aonair rialacha i mbaincéireacht a áirithiú, samhlaíonn an togra seo ról tábhachtach don Údarás Baincéireachta Eorpach ("ÚBE"). Beidh na húdaráis inniúla i gcomhairle leis an ÚBE agus cinntí áirithe á nglacadh mar atá leagtha amach sa togra seo agus ullmhóidh sé dréacht‑chaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, agus cuirfidh sé tuarascálacha faoi bhráid an Choimisiúin. Tá tábhacht leis sin go háirithe sna staideanna a shainítear in Airteagail 9, 10, 13 agus 21.

3.2.        Comhréireacht

Faoi phrionsabal na comhréireachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den CAE, níl cead ábhar agus foirm ghníomhaíocht an Aontais a bheith os cionn an méid is gá chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach.

Toirmisceann an Rialachán atá beartaithe institiúidí creidmheasa mhóra an Aontais agus grúpaí baincéireachta ó thrádáil dílseánaigh agus gníomhaíochtaí gaolmhara eile a chur i gcrích.

Tá an cumas ag deighilt úinéireachta a bheith ar an uirlis um athchóiriú struchtúrach is éifeachtaí maidir leis na cuspóirí sonracha a bhaint amach, i.e. réiteach a éascú agus guais mhorálta, coinbhleachtaí leasa agus caipitil agus mí-leithdháileadh acmhainní a theorannú. Bheadh buntáistí féideartha an toirmisc ar thrádáil dílseánaigh láidir go háirithe maidir le maolú rioscaí, castacht, idirnascthacht agus coinbhleachtaí leasa. Ach i bhfianaise na ndúshlán a dhíorthaítear ón idirdhealú deacair idir trádáil dílseánaigh agus gníomhaíochtaí trádála eile den chineál céanna, go háirithe cruthú margaí, tá sainmhíniú cúng ar ghníomhaíochtaí atá faoi réir an toirmisc mar bhonn le comhréireacht an bhirt seo. Tá bonn cirt le bainc bheaga a eisiamh ó raon feidhme an toirmisc mar gheall ar na héifeachtaí díréireacha a d'fhéadfadh a leithéid de thoirmeasc a imirt ar na bainc sin más éigean dóibh cuid dá bpunanna a dhífheistiú.

Éilíonn an Rialachán atá beartaithe freisin ar an údarás inniúil athbhreithniú córasach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí áirithe eile– eadhon, cruthú margaí, infheistíocht in/urraíochta ar urrúsú agus trádáil ar dhíorthaigh áirithe. Aithníodh iad sin mar na gníomhaíochtaí ina bhfuil an baol is mó go bhféadfaí trádáil dílsithe a dhéanamh mar shárú ar an toirmeasc, agus d'fhéadfadh a bheith ina chúis le rioscaí do chobhsaíocht na n‑institiúidí chreidmheasa lárnacha agus chóras airgeadais an Aontais. Deonaítear don údarás inniúil an chumhacht an deighilt a éileamh. Ní fhorchuirtear an chumhacht chun deighilt a éileamh mar ilbheart: ina ionad sin, ceadaítear don údarás inniúil breithiúnas a fheidhmiú, agus úsáid a bhaint as sraith méadrachtaí comhchuibhithe. Faoi chúinsí áirithe amháin, nuair a théann rioscaí thar leibhéil a shainítear le méadracht comhchuibhithe, a bhíonn ceangal ar an údarás inniúil deighilt a chur i bhfeidhm. Meastar an cur chuige seo a bheith comhréireach, toisc nach bhforchuirtear deighilt ach amháin faoi chúinsí áirithe, agus tar éis athbhreithniú domhain a dhéanamh ar thionchar na ngníomhaíochtaí sin ar phóifíl riosca agus ar iompraíocht na croí-institiúide creidmheasa.

Díríonn an Rialachán atá beartaithe ar institiúidí creidmheasa móra agus grúpaí baincéireachta móra. Ós rud é gurb é príomhchuspóir an togra déileáil le rioscaí sistéamacha iarmharacha i gcóras airgeadais an Aontais, bheadh leathnú bhearta an togra chuig gach institiúid chreidmheasa díréireach agus d'fhéadfadh costais gan údar a bheith mar thoradh air, go háirithe le haghaidh institiúidí creidmheasa beaga.

Institiúidí creidmheasa atá faoi bhun thairseacha an Rialacháin atá beartaithe, níl siad faoi réir na mbeart struchtúrach dá bhforáiltear. Tá le tuiscint uaidh sin go bhféadfaidh na Ballstáit nó an t‑údarás inniúil a chinneadh bearta den chineál céanna a fhorchur ar institiúidí creidmheasa beaga freisin.

Urramaíonn an Rialachán atá beartaithe na cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail atá aitheanta i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, eadhon an ceart sonraí pearsanta a bheith cosanta, an ceart gnóthas a chur ar bun, an ceart leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, agus ní mór é a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

3.3.        Míniú mionsonraithe ar an togra

Déanann an chuid seo príomh‑chomhpháirteanna an rialacháin seo a leagan amach go hachomair.

3.3.1.     Cuspóirí agus ábhar deighilte struchtúrtha

Tá an Rialachán atá beartaithe dírithe ar chobhsaíocht airgeadais san Aontas a fheabhsú trí athchóiriú struchtúrach na mbanc mór, a chomhlánaíonn leasuithe airgeadais rialála a rinneadh cheana ar leibhéal an Aontais sa tslí sin. Leagtar amach in Airteagal 1 na haidhmeanna agus na cuspóirí atá mar thaca leis an athchóiriú.

Leagann Airteagal 2 amach an t‑ábhar, is é sin rialacha maidir le hathruithe struchtúracha ar bhainc atá rómhór le teip a leagan síos trí thoirmeasc trádála dílseánaigh agus deighilt fhéideartha gníomhaíochtaí trádála áirithe a fhorchur.

3.3.2.     Raon Feidhme

Sonraítear in Airteagal 3 go bhfuil feidhm ag an Rialachán atá beartaithe maidir le bainc a chomhlíonann critéir áirithe agus atá níos mó ná tairseacha áirithe.

(1) Tá feidhm leis na ceanglais maidir leis na bainc Eorpacha a bheidh aitheanta mar bhainc a bhfuil tábhacht chórasach dhomhanda leo.

(2) Baineann na ceanglais le bainc a bhíonn níos mó ná na tairseacha seo a leanas ar feadh trí bliana as a chéile: (a) tá sócmhainní iomlána an bhainc thar €30 billiún[15]; agus (b) sócmhainní iomlán trádála an bhainc agus na dliteanais níos mó ná €70 billiún nó 10 faoin gcéad dá gcuid sócmhainní iomlána.

Cuireann Airteagail 22 agus 23 tuilleadh sonraí ar fáil faoin tslí le "gníomhaíochtaí trádála" (chun críocha athbhreithniú an údaráis inniúil as a bhféadfadh deighilt ón institiúid chreidmheasa teacht) a ríomh. Ós rud é go bhfuil fócas an athchóirithe struchtúraigh banc ar ghníomhaíochtaí baincéireachta, deir Airteagal 23(2) le haghaidh ilchuideachtaí airgeadais, nach ceart gníomhaíochtaí ghnóthais árachais agus neamhairgeadais a chur san áireamh sa ríomh.

Beidh feidhm ag an Rialachán atá beartaithe maidir le hinstitiúidí creidmheasa de chuid an Aontais agus lena gcuid tuismitheoirí Aontais, a bhfochuideachtaí agus brainsí, lena n‑áirítear iadsan atá i dtríú tíortha. Beidh feidhm aige freisin maidir le brainsí agus fochuideachtaí san Aontas na mbanc atá bunaithe i dtríú tíortha. Tá bonn cirt lena leithéid de raon feidhme críochach leathan chun páirc imeartha chothrom a áirithiú agus aistriú gníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas le teacht timpeall ar na riachtanais sin a sheachaint. Mar sin féin, d'fhéadfaí fochuideachtaí eachtracha na mbanc Aontais agus brainsí Aontais na mbanc coigríche a dhíolmhú má tá siad faoi réir rialacha coibhéiseacha deighilte (Airteagail 4 agus 27). Forálann Airteagal 4(2) do dhíolmhú féideartha eile: deonaíodh an chumhacht do mhaoirseoirí fochuideachtaí eachtracha grúpaí a bhfuil struchtúr díláraithe geografach uathrialach acu agus a leanann straitéis réitigh "Ilphointí Iontrála" a dhíolmhú ó dheighilt.

Má chuirtear an ceangal deighilte i bhfeidhm ar fud an ollghrúpa chorparáidigh beag beann ar shuíomh geografach, cuirtear deireadh leis an mbaol go dtiocfadh bainc timpeall ar an deighilt trí ghíomhaíochtaí áirithe a lonnú lasmuigh den Eoraip a dhíchur. Thairis sin, toisc go gcuirtear córas coibhéise tríú tíre leis an gclúdach leathan críochach, maolaítear imní fhéideartha allchríche na ndlínsí tríú tíre. Trína cheangal ar bhainc coigríche a n‑oibríochtaí a dheighilt san Aontas, áirithítear páirc imeartha chothrom sa mhargadh inmheánach freisin agus mar sin íoslaghdaítear baol na hiomaíochta éagóraí.

3.3.3.     Toirmeasc ar thrádáil dilseánaigh (Caibidil II)

Foráiltear le hAirteagal 6(1) an Rialacháin atá beartaithe nár cheart d'institiúid chreidmheasa ná d'eintitis laistigh de ghrúpa céanna dul i mbun trádála dílseánaigh in ionstraimí airgeadais agus tráchtearraí. Cé go bhfuil sonraí gann ar leibhéal an Aontais maidir le gníomhaíocht baincéireachta ar leith, léiríonn an fhianaise atá ar fáil nach bhfuil sa trádáil dílseánaigh ach cuid theoranta de chláir chomhardaithe na mbanc[16]. Mar sin féin, aibhsíonn an fhianaise chéanna freisin go raibh trádáil den sórt sin suntasach roimh an ngéarchéim agus, mura mbíonn idirghabháil rialála ann, níl aon ráthaíocht nach méadóidh sé arís amach anseo.

Is deacair trádáil dílseánaigh a shainmhíniú agus í a idirdhealú ó chruthú margaí. De réir Airteagal 5(4), lena shainmhínítear trádáil dílseánaigh go cúng, thoirmeascfaí gníomhaíochtaí deasc, aonad, rann nó trádálaithe aonair atá tiomnaithe go sonrach do sheasaimh a ghlacadh chun brabús a dhéanamh dá gcuntas féin, gan aon cheangal le gníomhaíocht cliaint nó le fálú ar riosca an eintitis.

Soiléirítear le hAirteagal 6(2) i gcás ina bhfuil institiúidí creidmheasa faoi raon feidhme an Rialacháin atá beartaithe mar atá sainmhínithe in Airteagal 3 agus Airteagal 4 a oibríonn struchtúir aonfheidhme do cheannach agus do dhíol ionstraimí margaidh airgid chun críocha bainistíochta airgid, nach bhfuil siad gafa ag an toirmeasc seo. Tá trádáil i mbannaí rialtais an Aontais díolmhaithe freisin ón toirmeasc (Airteagal 6(2)(a)) chun cosc a chur le hiarmhairtí diúltacha féideartha sna margaí ríthábhachtacha seo. Is ionann an díolúine seo agus an ceann dá bhforáiltear do thrádáil i mbannaí rialtais i ndáil le measúnú na ngníomhaíochtaí (Airteagal 8 (2)).

Cé go bhféadfaí toirmeasc trádála dílseánaigh a leathnú i bprionsabal go dtí gach banc, tá sé beartaithe gan an toirmeasc a chur i bhfeidhm ach amháin do na bainc dá dtagraítear in Airteagal 3. Chun bainc a chosc ó dhul timpeall ar an toirmeasc trí, e.g. trí infheistiú i gcistí fálaithe nó iad a shealbhú, deir Airteagal 6(1)(b) go dtoirmeasctar na bainc atá faoi réir an toirmisc trádála dílseánaigh freisin ó infheistiú i scaireanna cistí fálaithe nó iad a shealbhú (nó deimhnithe/díorthaigh atá nasctha leosan), nó in eintitis a bhíonn ag gabháil do thrádáil dílseánaigh nó a urraíonn cistí fálaithe. Tugadh díolúine do chistí neamhghiaráilte agus do chistí iata –go príomha cistí cothromais príobháideacha, caipitil fiontair agus fiontraíochta sóisialta – i ngeall ar a ról mar thaca le maoiniú an fhíorgheilleagair (Airteagal 6(3)). Beidh institiúidí creidmheasa atá clúdaithe ag na toirmisc seo in ann leanúint ar aghaidh ag soláthar baincéireachta/seirbhísí cumhdaigh do chistí fálaithe.

3.3.4.     Deighilt fhéideartha gníomhaíochtaí trádála áirithe (Caibidil III)

Bíonn bainc ag gabháil de roinnt gníomhaíochtaí eile trádála agus infheistíochta baincéireachta, lena n‑áirítear cruthú margaidh, iasachtaí do chaipiteal fiontair agus do chistí cothromais phríobháidigh, infheistíocht agus urrúsaithe a bhfuil riosca ag baint leo a urru, díolacháin agus trádáil díorthach etc. Beidh cead ag grúpaí baincéireachta leanúint ar aghaidh ag dul i mbun na ngníomhaíochtaí eile sin faoi réir rogha an údaráis inniúil a mbeidh d'oibleagáid air athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí trádála agus beidh an chumhacht aige (chomh maith leis an oibleagáid faoi imthosca áirithe) fo-thacar gníomhaíochtaí (cruthú margaidh, urrúsaithe a bhfuil riosca ag baint leo, díorthaigh chasta) a dheighilt má sháraítear méadracht áirithe. Tá de chuspóir leis sin an riosca go mbeadh bainc ag dul timpeall ar an gcosc in Airteagal 6 a sheachaint, agus iad ag dul i mbun gníomhaíochtaí trádála dílseánaigh ceilte agus go n‑éiríonn na gníomhaíochtaí trádála neamhthoirmiscthe róshuntasach nó an‑ghiaráilte. Is é is bunphrionsabal don Rialachán atá beartaithe nach féidir le heintitis a ghlacann éarlaisí laistigh de ghrúpaí baincéireachta páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí sin ach amháin chomh fada is nach gcinneann an t‑údarás inniúil gur gá iad a dhéanamh laistigh d'eintiteas trádála ar leith.

3.3.4.1.  Raon feidhme na ngníomhaíochtaí atá faoi réir deighilte

Sainmhíníonn Airteagal 8 gníomhaíochtaí trádála go leathan, á rá dó go gciallaíonn sé gníomhaíochtaí seachas e.g. taiscí atá cáilithe le haghaidh árachais taisce a ghlacadh, iasachtaí, seirbhísí íocaíochta miondíola agus roinnt gníomhaíochtaí eile Thairis sin in Airteagal 8 (2) díolmhaítear bannaí ceannasacha an Aontais ón oibleagáid chun athbhreithniú a dhéanamh agus an chumhacht le deighilt. Tá a leithéid de dhíolúine i gcomhréir leis an gcleachtas reatha maidir le hualaí riosca náid sa Rialachán agus sa Treoir um Riachtanas Caipitil[17]. Mar sin féin, deir Airteagal 8(3) go bhféadfaidh an Coimisiún trí ghníomharttarmligthe raon feidhme na díolúine a leathnú go dtí bannaí ceannasacha neamh‑Aontais má chomhlíonann siad coinníollacha áirithe.

3.3.4.2.  An dualgas gníomhachtaí a athbhreithniú

Cuirfidh an Rialachán atá beartaithe iallach ar údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí trádála na mbanc a mbíonn breis is na tairseacha acu, lena n‑áirítear go háirithe trí ghníomhaíocht atá go háirithe gar do thrádáil dilseánaigh, agus dá bhrí sin a bhféadfadh gné na trádála dílseánaigh ceilte (cruthú margaidh) a bheith acu nó a raibh ról lárnach acu i rith na géarchéime airgeadais (e.g. infheistiú agus gníomhaíochtaí i urrúsú a raibh riosca ag baint leis agus trádáil i ndíorthaigh seachas iad siúd a cheadaítear go sonrach chun críche na bainistíochta riosca críonna). Déanfaidh údaráis inniúla measúnú ar na gníomhaíochtaí sin i bhfianaise méadrachta áirithe atá le coigeartú le sonraí maoirseachta. Léiríonn an mhéadracht méid choibhneasta, giaráil, castacht, brabúsacht, riosca a bhaineann leis an margadh, chomh maith le hidirnascthacht (Airteagal 9(2)). Lena áirithiú go ndéantar an mhéadracht sin a thomhas agus a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, cuireann Airteagal 9(4) de chúram ar an ÚBE caighdeán teicniúil ceangailteach cur chun feidhme a fhorbairt a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún.

3.3.4.3.  Cumhacht le deighilt a dhéanamh

Deir Airteagal 10(1) go gcaithfidh na húdaráis inniúla deighilt i ngníomhaíochtaí trádála na mbanc (cruthú margaidh, infheistiú in urrúsú a bhfuil baint leis agus a urrú agus trádáil i ndíorthaigh áirithe) a éileamh má bhíonn na rioscaí a bhaineann leo níos mó ná tairseacha áirithe agus coinníollacha áirithe a chomhall atá nasctha leis an méadracht. Má léiríonn an banc chun sástachta an údaráis inniúil nach gcuireann na gníomhaíochtaí cobhsaíocht airgeadais an Aontais i mbaol, agus cuspóirí an Rialacháin atá beartaithe á gcur san áireamh, féadfaidh an t‑údarás inniúil cinneadh a dhéanamh gan deighilt a éileamh.

Sonraíonn Airteagal 10(2) go bhféadfaidh údarás inniúil deighilt gníomhaíochta trádála áirithe a éileamh má mheasann sé gur bagairt í an ghníomhaíocht ar chobhsaíocht airgeadais an bhainc nó an Aontais, agus cuspóirí an Rialacháin atá beartaithe á gcur san áireamh.

Ba cheart don údarás inniúil dul i gcomhairle leis an ÚBE sula ndéanfaidh sé cinntí dá dtagraítear in Airteagal 10 agus ba cheart dó fógra a thabhairt don ÚBE maidir lena chinneadh deiridh.

Tugann Airteagal 10(5) cumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh lena sonrófar an leibhéal nach féidir a shárú do gach méadracht chomh maith leis na coinníollacha lena n‑áirítear líon na méadrachta a chaithfear a shárú le go rachaidh an deighilt i bhfeidhm. Ina theannta sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún a shonrú cén cineál urrúsaithe nach meastar a bheith ina bhagairt do chobhsaíocht airgeadais de réir liosta critéar agus dá bhrí sin a d'fhéadfadh croí-institiúid creidmheasa a chur i gcrích.

3.3.4.4.  Bainistiú rioscaí na mbanc féin ("bainistiú cisteáin")

Má thagann ann do bhreis deighilte, soiléiríonn Airteagal 11(1) go gceadaítear fós don bhanc a ghlacann taiscí a riosca féin a bhainistiú. Mar sin féin, toisc gur féidir le bainistiú cisteáin bheith ina chúis le trádáil dílseánaigh agus toisc go dtéann seasaimh áirithe amhantracha a ghlacadh le bainistiú leachtachta, ba cheart é sin a nascadh le cosaintí áirithe.

3.3.4.5.  Seirbhísí bainistithe riosca a chur ar fáil do chliaint

In Airteagal 12 soiléirítear go bhféadfaidh an institiúid chreidmheasa lárnach fós táirgí áirithe bainistithe riosca (i.e. díorthaigh) a dhíol le cliaint neamh‑airgeadais, neamh‑bhaincéireachta. Mar sin féin, nochtann díol díorthach le cliaint an banc do bhreis rioscaí, rud a d'fhéadfadh a réiteach a dhéanamh níos casta agus dá bhrí sin a bheidh faoi réir ag céimeanna éagsúla cosaintí agus rialúcháin. Chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí, tá sé ráite nach féidir leis an croí-institiúid chreidmheasa díorthaigh ráta úis, malairte eachtraí, creidmheasa, lamháltas astaíochtaí agus tráchtearraí atá incháilithe le haghaidh imréitigh trí chontrapháirtí lárnach a dhíol lena cuid cliant neamh‑airgeadais, gnóthais árachais agus institiúidí le haghaidh sochair scoir ghairme, ach amháin chun ráta úis, malairt eachtrach, agus riosca creidmheasa, riosca tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí a fhálú agus faoi réir uasteorainneacha ar riosca an tsuímh atá mar thoradh air sin. Díorthaigh áirithe a aithint, tugann sé spreagadh breise do bhainc na díorthaigh sin a chaighdeánú agus mar sin tá sé ag teacht le cuspóirí beartais Rialachán maidir le Bonneagar Margaidhm Eorpach[18].

3.3.4.6.  Rialacha maidir le gníomhaíochtaí trádála a dheighilt

Má éilíonn údaráis inniúla deighilt na ngníomhaíochtaí trádála thuas agus go bhfanfaidh na gníomhaíochtaí sin laistigh den ghrúpa baincéireachta, ansin níor mhór iad sin a aistriú chuig eintiteas dlíthiúil ar leith ("eintiteas trádála"). Níor mhór naisc dhlíthiúla, eacnamaíochta, rialachais agus oibríocháin an eintitis leis an gcuid eile den ghrúpa a chiorrú chun deighilt éifeachtach a áirithiú. Deir Airteagal 13(3) más rud é go dtarlaíonn deighilt, go gcaithfear an grúpa a eagrú ina fhoghrúpaí feidhme aonchineálacha arna gcomhdhéanamh ar thaobh amháin ag institiúidí creidmheasa lárnacha agus ag eintitis trádála ar an taobh eile. Tugann Airteagal 13(5) go (13) an Rialacháin bheartaithe cuntas ar na coinníollacha a bheidh i bhfeidhm chun deighilt láidir dlí, eacnamaíochta, rialachais agus oibríochta a áirithiú. Tar éis deighilte, ba cheart go mbeadh feidhm ag na ceanglais stuamachta atá leagtha amach sna hAirteagail sin ar bhonn aonair nó fo-chomhdhlúite leis na foghrúpaí faoi seach.

Ina theannta sin, forálann Airteagal 13 (11) do mhaoluithe ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil maidir le tarscaoileadh ar riachtanais áirithe chun a áirithiú go gcuirfear riachtanais stuamachta (a gcistí féin, leachtacht agus nochtadh) i bhfeidhm ar bhonn fo-chomhdhlúite ar na foghrúpaí faoi seach. Grúpaí a cháilíonn mar chumainn fhrithpháirteacha, comharchumainn, institiúidí coigiltis nó a leithéidí, bíonn siad i mbun gníomhaíochtaí trádála a bhfuil riosca ag baint leo agus dá bhrí sin tá siad faoi réir na gceanglas atá sa togra seo. Mar sin féin, tá úinéireacht agus struchtúr eacnamaíoch an‑sonrach ag na hinstitiúidí sin agus tá ról tábhachtach i maoiniú an gheilleagair áitiúil agus réigiúnaigh acu. Dá bhforchuirfí cuid de na rialacha a bhaineann le deighilt orthu, d'fhéadfadh sé athruithe forleathana ar eagrú struchtúrach eintiteas den sórt sin a éileamh. D'fhéadfadh sé sin a bheith díréireach leis na sochair dá gceanglódh sé ar na heintitis a bhféiniúlacht chorparáideach a athrú go hiomlán. Dá bhrí sin, féadfaidh an t‑údarás inniúil a chinneadh go gceadófar do chroí-institiúidí creidmheasa a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 49(3)(a) nó (b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 bheith i seilbh ionstraimí chaipitil nó cearta vótála in eintiteas trádála i gcás ina measann an t‑údarás inniúil go bhfuil seilbh ionstraimí caipitil nó cearta vótála den sórt sin fíor-riachtanach d'fheidhmiú an ghrúpa agus go bhfuil bearta leordhóthanacha glactha aici chun na rioscaí ábhartha a mhaolú go cuí.

Cuid bhunúsach eile den deighilt eacnamaíoch idir an chroí-institiúid chreidmheasa agus an t‑eintiteas trádála, sin na srianta móra ar nochtadh. Dá réir sin, leagann Airteagail 14 go 17 síos rialacha chun na críche sin. Tagraíonn na rialacha sin do theorainneacha ar nochtadh laistigh agus lasmuigh de ghrúpaí, d'idirbhearta aonair agus d'idirbhearta comhiomlána.

3.3.4.7.  Plean deighilte

Roimh dheighilt iarbhír na gníomhaíochtaí trádála beidh iallach ar bhainc "plean deighilte" a chur faoi bhráid na n‑údarás inniúil. Forálann Airteagal 18 gur cheart an plean sin a bheith ceadaithe ag an údarás inniúil, agus an deis aige sin athruithe ar an bplean a éileamh mar is cuí, nó a phlean féin don deighilt a leagan amach i gcás easpa gnímh ón mbanc ábhartha.

3.3.4.8.  Comhoibriú idir údaráis inniúla agus údaráis réitigh

Foráiltear leis an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBancgo bhféadfaidh údaráis réitigh, mar chuid dá bpleanáil réiteach, a éileamh ar bhainc athruithe struchtúracha (e.g. ar a struchtúr dlí agus eagrúcháin) a dhéanamh má chreideann an t‑údarás réitigh gur gá aghaidh a thabhairt ar bhaic ar réiteach éifeachtach. Cé go dtugann an rialachán atá beartaithe aghaidh ar raon leathan cuspóirí a théann níos sia ná réiteach, ní mór idirchaidreamh na n‑údarás faoi seach lena chéile a áirithiú. Dá réir sin deir Airteagal 19 má chinneann údarás inniúil deighilt a éileamh, ní mór dó fógra a thabhairt d'údaráis réitigh (Airteagal 19(1)) agus aon mheasúnú inréiteachta atá leanúnach nó bhí ann cheana féin a chur san áireamh ag údaráis réitigh de réir Airteagal 13 agus 13a den Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc. Mar an gcéanna, ní mór don údarás réitigh an fógra faoi chinneadh deighilte ó údarás inniúil a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar inréititheacht institiúide.

3.3.4.9.  Gníomhaíochtaí toirmiscthe don eintiteas trádála

Foráiltear le hAirteagal 20 go bhfuil gníomhaíochtaí áirithe nach féidir leis an eintiteas trádála a chur i gcrích. Orthusan tá glacadh le taiscí atá cáilithe le haghaidh cosanta faoi scéimeanna ráthaíochta taiscí agus seirbhísí íocaíochta miondíola mar atá sainithe sa Treoir um Sheirbhísí Íocaíochta[19] a chur ar fáil.

3.3.4.10.          Maolú

Cé go leagann an Rialachán atá beartaithe amach rialacha aonfhoirmeacha maidir le cuspóirí agus ionstraimí um athchóiriú struchtúrach na mbanc sa mhargadh inmheánach, ceadaíonn Airteagal 21 maolú féideartha ó na ceanglais deighilte i gCaibidil III d'institiúidí creidmheasa atá cumhdaithe ag reachtaíocht náisiúnta a bhfuil éifeacht acu atá comhionann le forálacha Chaibidil III an togra. Deonóidh an Coimisiún an maolú arna iarraidh sin don Bhallstát atá i dtrácht tar éis don Bhallstát tuairim dhearfach an údaráis inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na bainc a n‑iarrtar maolú dóibh á cur san áireamh aige. Chun cáiliú don mhaolú, ní mór don reachtaíocht phríomha náisiúnta a bheith glactha faoin 29 Eanáir 2014 agus na critéir a leagtar síos in Airteagal 21 (1) a chomhall. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh aidhm an dlí náisiúnta, a raon feidhme ábhartha agus forálacha a thagraíonn do dheighilt dhlíthiúil, eacnamaíoch agus rialachais an eintitis a ghlacann éarlaisí a bheith cosúil leis na cinn sa Rialachán atá beartaithe.

3.3.5.     Comhlíonadh: eintitis agus údaráis inniúla (Caibidil V)

Formhór na mbanc a chumhdaítear le hAirteagal 3, tá siad ag oibriú i roinnt tíortha, trí bhrainsí agus fochuideachtaí araon. Tá siad faoi mhaoirseacht roinnt údarás éagsúil, idir údaráis baile (tuismitheoir, fochuideachtaí i mBallstáit éagsúla) agus óstaigh (craobhacha). D'fhonn athchóiriú struchtúrach éifeachtach agus éifeachtúil a áirithiú ag leibhéal an ghrúpa, tugann Airteagal 26 an focal deiridh maidir le cinntí deighilte struchtúraí don phríomh‑mhaoirseoir a bhfhuil freagracht aige as an ngrúpa comhdhlúite. Is é sin an cur chuige atá roghnaithe ag roinnt moltaí athchóirithe náisiúnta. Ba cheart don phríomh‑mhaoirseoir, sula ndéanfar aon chinntí, dul i gcomhairle le maoirseoir baile na bhfochuideachtaí suntasacha grúpa.

3.3.6.     Caidreamh le tríú tíortha (Caibidil VI)

Déantar foráil in Airteagal 27 maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh le hathchóirithe struchtúracha tríú tíre a aithint a bheith coibhéiseach nuair a chomhlíonann siad coinníollacha áirithe.

3.3.7.     Smachtbhannaí agus bearta riaracháin (Caibidil VII)

 Léiríonn Caibidil VII na beartais chothrománacha reatha in earnáil na seirbhísí airgeadais a bhaineann le smachtbhannaí agus bearta. Sainíonn sí cur chuige coiteann ar sháruithe phríomhchuspóir an Rialacháin atá beartaithe agus leagann sí síos na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta ar cheart go mbeadh de chumhacht ag na húdaráis inniúla chun iad a chur i bhfeidhm i gcás na bpríomh‑sháruithe.

3.3.8.     Tuairisciú agus Athbhreithniú (Caibidil VIII)

B'ionann glacadh an togra seo agus an chéad sraith rialacha maidir le deighilt struchtúrach a mbeadh feidhm acu maidir le bainc ag leibhéal an Aontais. Is tábhachtach, dá bhrí sin, a mheas cé acu a bhí nó nach raibh na rialacha a bhfuil cur síos orthu thuas ina mbealach éifeachtach agus éifeachtúil chun an aidhm agus na cuspóirí um athchóiriú struchtúrach a bhaint amach. Chun na críche sin leagann an Chaibidil dheiridh amach roinnt réimsí ina n‑athbhreithneoidh an Coimisiún an creat go ginearálta agus go sonrach araon (Airteagal 34). Mar shampla, díreoidh athbhreithnithe ar chur i bhfeidhm na dtairseacha, ar chur i bhfeidhm agus ar éifeachtacht an toirmisc dá bhforáiltear in Airteagal 6, raon feidhme na ngníomhaíochtaí atá faoi réir an athbhreithnithe, agus ar oiriúnacht agus cur i bhfeidhm na méadrachta.

3.3.9.     Amchlár

Léiríonn an méid seo a leanas na príomhdhátaí a bhaineann le glacadh agus le cur i bhfeidhm phríomhfhorálacha an togra seo, ar an mbonn go nglacfaidh an PE agus an Chomhairle téacs deiridh an Rialacháin faoi Mheitheamh 2015:

· Glacann an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe is gá do chur chun feidhme forálacha tábhachtacha faoin 1 Eanáir 2016

· foilsítear liosta na mbanc a mhaolaítear agus a dhíolmhaítear an 1 Iúil 2016, agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin

· tagann an toirmeasc ar thrádáil dílseánaigh i bhfeidhm an 1 Eanáir 2017;

· beidh na forálacha maidir le deighilt na ngníomhaíochtaí trádála ó institiúidí creidmheasa i bhfeidhm an 1 Iúil 2018.

4.           Impleachtaí buiséadacha

Léirítear tionchar airgeadais agus buiséadach an togra sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis seo.

2014/0020 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bearta struchtúracha chun athléimneacht bhainc an AE a fheabhsú

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[20], Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach[21],

Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí[22],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Tá i gcóras airgeadais an Aontais breis is 8 000 banc de mhéideanna éagsúla a bhfuil strúchtúir chorparáideacha agus samhlacha gnó éagsúla acu; roinnt acu is i bhfoirm grúpaí móra baincéireachta a dhéanann sraith uilechuimsitheach gníomhaíochtaí atá siad. Gréasán casta d'eintitis dhlíthiúla agus de ghaolta laistigh de ghrúpaí is ea na grúpaí sin. Tá siad nasctha go dlúth le chéile de thoradh iasachtaí idir bhainc agus de thoradh mhargaí na ndíorthach. Is féidir tionchar rífhairsing agus ollmhór a bheith ann i gcás ina dteipeanna ar na bainc mhóra seo.

(2)       Tá léirithe ag an ngéarchéim airgeadais go bhfuil bainc an Aontais idirnasctha agus go bhfuil riosca ann don chóras airgeadais dá dhroim sin. Dá thoradh sin, ba dhúshlánach réiteach a dhéanamh go dtí seo; bhí grúpaí baincéireachta ina n‑iomláine bainteach leis, seachas na codanna neamh‑inmharthana díobh amháin; agus bhí sé ag brath go mór ar thacaíocht phoiblí.

(3)       Ó thús na géarchéime airgeadais, tá an tAontas agus a Bhallstáit ag gabháil d'ollchóiriú bunúsach ar rialáil agus ar mhaoirseacht banc, lena n‑áirítear na chéad bhearta a dhéanamh i dtreo aontais bhaincéireachta. I bhfianaise a dhonacht a bhí an ghéarchéim airgeadais agus an gá a áirithiú gur féidir gach banc a réiteach, ba ghá a mheas an raibh gá le tuilleadh beart chun an dóchúlacht go dteipfeadh ar na bainc is mó agus is casta, agus an tionchar a bhainfeadh leis sin, a laghdú tuilleadh. Ceapadh Grúpa Saineolaithe Ardleibhéil chuige sin, a raibh Erkki Liikanen ina chathaoirleach air. Mhol an grúpa sin go ndéanfaí trádáil dílseánaigh agus gníomhaíochtaí trádála ardriosca eile a chur go héigeantach in eintiteas dlíthiúil ar leith laistigh den ghrúpa baincéireachta i gcás na mbanc is mó agus is casta.

(4)       Cuirfidh an clár athchóirithe rialála baincéireachta atá ar siúl faoi láthair go mór le hathléimneacht banc aonair agus na hearnála baincéireachta ina hiomláine. Tá foghrúpa teoranta de na grúpaí baincéireachta is mó agus is casta san Aontas, áfach, atá fós rómhór le teip, rómhór le sábháil agus róchasta le bainistiú, le maoirsiú agus le réiteach. Dá bhrí sin, comhlánú tábhachtach ar thionscnaimh agus ar bhearta rialála eile is ea an t‑athchóiriú struchtúrach, mar gur bealach amháin a bheadh ann le dul i ngleic go díreach le castacht laistigh de ghrúpaí, le fóirdheontais laistigh de ghrúpaí, agus le dreasachtaí chun rioscaí iomarcacha a thógáil. Tá bearta glactha ag roinnt Ballstát, nó tá siad ag cuimhneamh ar iad a ghlacadh, chun athchóiriú struchtúrach a dhéanamh ina gcórais bhaincéireachta féin.

(5)       An 3 Iúil 2013, d'iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún foráil a dhéanamh maidir le cur chuige, a bheadh bunaithe ar phrionsabail i ndáil le hathchóiriú struchtúrach a dhéanamh ar earnáil bhaincéireachta na hEorpa.

(6)       Is é is bunús dlí don togra seo Airteagal 114 (1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lenar féidir bearta a ghlacadh chun forálacha náisiúnta atá dírithe ar bhunú agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chomhfhogasú.

(7)       De dheasca neamhréire i reachtaíocht náisiúnta nach saothraíonn na spriocanna beartais céanna ar bhealach atá comhoiriúnach agus a bheadh comhionann leis na sásraí atá beartaithe sa Rialachán seo, méadaítear an seans go n‑imreofar tionchar diúltach ar chinntí rannpháirithe sa mhargadh maidir le gluaiseacht caipitil toisc go bhféadfadh rialacha agus cleachtais atá éagsúil agus neamhréireach méadú suntasach a dhéanamh ar chostais oibriúcháin institiúidí creidmheasa atá ag oibriú thar theorainneacha agus dá dhroim sin d'fhéadfadh sé nach mbeadh leithdháileadh acmhainní agus caipitil chomh héifeachtúil agus a bheadh sé dá mbeadh gluaiseacht caipitil faoi réir rialacha comhchosúla agus comhréireacha. Ar na cúiseanna céanna, imreoidh rialacha atá éagsúil agus neamhréireach tionchar diúltach ar chinntí rannpháirtithe margaidh maidir le cá háit agus conas seirbhísí airgeadais trasteorann a sholáthar. D'fhéadfadh rialacha atá éagsúil agus neamhréireach arbatráiste geografach a spreagadh go neamhbheartaithe. Tá gluaiseacht caipitil agus soláthar seirbhísí trasteorann bunriachtanach le haghaidh dea-fheidhmiú mhargadh inmheánach an Aontais. Gan cur chuige ar fud an Aontais, beidh ar institiúidí creidmheasa a gcuid struchtúr agus oibriúchán a chur in oiriúint laistigh de theorainneacha náisiúnta, rud a fhágfaidh níos casta fós iad, agus a fhágfaidh an margadh inmheánach níos ilroinnte.

(8)       De dheasca neamhréire i reachtaíocht náisiúnta, baintear an bonn d'iarrachtaí leabhar rialacha aonair a chruthú a bheadh infheidhme sa mhargadh inmheánach ina iomláine. Dá dtarlódh amhlaidh bheadh sé mar éifeacht aige freisin go laghdófaí éifeachtacht an tSásra Aonair Maoirseachta[23], toisc go mbeadh ar an mBanc Ceannais Eorpach sraith reachtaíochta éagsúil agus neamhréireach a chur i bhfeidhm ar institiúidí creidmheasa atá faoina mhaoirsiú, rud a chuirfeadh le costais maoirseachta agus le castacht. De dheasca neamhréire i reachtaíocht náisiúnta, is deacra agus is costasaí institiúidí creidmheasa trasteorann a bhainistiú, go háirithe ó thaobh comhlíonadh a áirithiú i leith rialacha atá éagsúil agus a d'fhéadfadh a bheith neamhréireach. Ar an gcuma chéanna, bheadh ar an Sásra Aonair Réitigh[24] institiúidí creidmheasa a réiteach a bheadh faoi réir ceanglas náisiúnta i dtaobh a struchtúir eagraíochtúil agus oibriúcháin a d'fhéadfadh a bheith éagsúil ó chéile.

(9)       De bharr comhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, is féidir a áirithiú go mbeidh grúpaí baincéireachta an Aontais, a bhfuil go leor acu ag feidhmiú i roinnt Ballstát, á rialú ag creat coiteann de cheanglais struchtúracha, rud a sheachnóidh saobhadh iomaíochta, a laghdóidh castacht rialála, a sheachnóidh costais chomhlíonta gan údar do ghníomhaíochtaí trasteorann, a chuirfidh le comhtháthú ar mhargadh an AE agus a chuideoidh le deireadh a chur le deiseanna arbatráiste rialála.

(10)     I gcomhréir leis an sprioc cuidiú le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart a bheith in ann maolú a dheonú d'institiúid chreidmheasa ar na forálacha maidir le deighilt gníomhaíochtaí trádála áirithe i gcás ina bhfuil reachtaíocht phríomha náisiúnta glactha ag Ballstát roimh an 29 Eanáir 2014 (lena n‑áirítear reachtaíocht thánaisteach arna glacadh ina dhiaidh sin) lena gcuirtear toirmeasc ar institiúidí creidmheasa, a ghlacann taiscí ó dhaoine aonair agus ó fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), déileáil in infheistíochtaí mar phríomhghnó agus sócmhainní trádála a bheith ina seilbh. Ba cheart, dá bhrí sin, an Ballstát a bheith i dteideal iarraidh ar an gCoimisiún maolú a dheonú ar an forálacha maidir le deighilt gníomhaíochta trádála áirithe i gcás institiúide creidmheasa atá faoi réir na reachtaíochta náisiúnta atá comhoiriúnach do na forálacha sin. Ligfeadh sé sin do Bhallstáit a bhfuil reachtaíocht phríomha i bhfeidhm acu cheana, ar reachtaíocht í a bhfuil a héifeachtaí coibhéiseach agus comhréireach leis an Rialachán seo, gan forálacha éifeachtacha atá ann cheana a ailíniú. Lena áirithiú nach baol tionchar na reachtaíochta náisiúnta sin, ná na bearta cur chun feidhme a leanfaidh í, d'aidhm ná d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ní mór an reachtaíocht náisiúnta agus na socruithe gaolmhara maoirseachta agus forfheidhmithe a bheith in ann a áirithiú go gcomhlíonann institiúidí creidmheasa a ghlacann taiscí incháilithe ó dhaoine aonair agus ó FBManna ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí de atá coibhéiseach agus comhoiriúnach do na forálacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Ba cheart an cúram a bheith ar an údarás inniúl a dhéanann maoirsiú ar an institiúid chreidmheasa atá faoi réir na reachtaíochta náisiúnta i gceist tuairim a thabhairt agus ba cheart í a bheith ag gabháil leis an iarraidh le haghaidh maolú.

(11)     De réir Airteagal 4(1)(i) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013[25] ón gComhairle tá an chumhacht ag an BCE cúraimí maoirseachta a dhéanamh i ndáil le hathruithe struchtúracha a éilítear ar institiúidí creidmheasa chun cosc a chur ar strus airgeadais nó ar theip airgeadais má ordaítear amhlaidh go sainráiteach d'údaráis inniúla i ndlí an Aontais..

(12)     Tá sé beartaithe leis an Rialachán seo laghdú a dhéanamh ar thógáil rioscaí iomarcacha agus ar fhás mear sa chlár comhardaithe, ar dheacrachtaí réitigh agus faireacháin, ar choinbhleachtaí leasa, ar shaobhadh iomaíochta, agus ar mhí-leithdháileadh caipitil. Tá sé beartaithe leis freisin institiúidí a dhéanann gníomhaíochtaí a bhfuil líontán sábhála poiblí tuillte dóibh a chosaint ó chaillteanais arna dtabhú de dheasca gníomhaíochtaí eile. Dá bhrí sin, ba cheart do na rialacha riachtanacha cuidiú chun bainc a dhíriú arís ar a gcroí-ról atá dírithe ar chaidreamh, mar atá freastal ar an bhfíorgheilleagar, agus chun a sheachaint go leithdháilfí an iomarca caipitil bainc ar thrádáil, rud a bhíonn iasachtú chuig an ngeilleagar neamhairgeadais thíos leis.

(13)     Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus grúpaí a bhfuil gníomhaíochtaí trádála acu a shásaíonn tairseacha atá leagtha amach sa Rialachán. Tá sé sin i gcomhréir le bheith ag díriú go sainráite ar an bhfoghrúpa teoranta de na hinstitiúidí creidmheasa agus grúpaí is mó agus is casta atá, in ainneoin gníomhartha reachtacha eile, fós rómhór le teip, rómhór le sábháil agus róchasta le bainistiú, le maoirsiú agus le réiteach. Dá réir sin, níor cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo ach maidir leis na hinstitiúidí creidmheasa sin agus na grúpaí de chuid an Aontais a mheastar tábhacht chórasach dhomhanda a bheith leo nó a sháraíonn tairseacha coibhneasta áirithe agus dearbhthairseacha áirithe atá bunaithe ar cuntasaíocht ó thaobh a ngníomhaíochtaí trádála agus a ndearbhmhéide de. Féadfaidh na Ballstáit nó na húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh bearta comhchosúla a fhorchur ar institiúidí creidmheasa beaga.

(14)     Ba cheart raon feidhme críochach an Rialacháin seo a bheith leathan chun a áirithiú nach ndéanfar iomaíocht a shaobhadh agus nach mbeifear in ann teacht timpeall air. Mar sin féin, fochuideachtaí i dtríú tíortha ar le máthairchuideachtaí AE iad nó brainsí AE d'institiúidí creidmheasa atá bunaithe i dtríú tíortha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, má tá siad faoi réir beart a bhfuil, i dtuairim an Choimisiúin, éifeacht acu atá coibhéiseach leis na bearta sa Rialachán seo, ba cheart iad a bheith díolmhaithe. Ba cheart údaráis inniúla a bheith in ann freisin fochuideachtaí eachtracha grúpaí a bhfuil máthairchuideachta AE acu a dhíolmhú má tá siad uathrialach agus mura mbeadh ach tionchar teoranta ag a dteip ar an ngrúpa ina iomláine.

(15)     Ba cheart toirmeasc a bheith ar institiúidí creidmheasa agus eintitis ar leis an ngrúpa céanna iad ionstraimí airgeadais agus tráchtearraí a cheannach agus a dhíol dá gcuntas féin, mar gur teoranta an luach breise atá ag an ngníomhaíocht sin do leas an phobail, má tá luach breise ar bith aici, agus mar go mbaineann riosca go dlúth léi.

(16)     Is deacair idirdhealú a dhéanamh idir trádáil dílseánaigh agus cruthú margaidh. Chun an deacracht sin a shárú, ba cheart an toirmeasc ar thrádáil dílseánaigh a bheith teoranta do dheasca, d'aonaid, do rannáin nó do thrádálaithe aonair atá dírithe go sonrach ar thrádáil dílseánaigh. Níor cheart bainc a bheith in ann teacht timpeall ar an toirmeasc trí infheistithe a reáchtáil in eintitis neamhbhainc atá i mbun trádála dílseánaigh, ná trí thairbhiú díobh.

(17)     Lena áirithiú go bhféadfaidh eintitis atá faoi réir an toirmisc ar thrádáil dílseánaigh leanúint de cuidiú le maoiniú an gheilleagair, ba cheart ligean dóibh infheistiú i liosta iata de chistí. Ba cheart cistí infheistíochta malartacha (CIManna) iata agus neamhghiaráilte, cistí caipitil fiontair Eorpacha, cistí fontraíochta sóisialta Eorpacha agus cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha a bheith ar an liosta cuimsitheach sin. Lena áirithiú nach gcuirfidh na cistí sin inmharthanacht agus fóntacht airgeadais na n‑institiúidí creidmheasa a infheistíonn iontu i mbaol, tá sé bunriachtanach, maidir leis na CIManna iata agus neamhghiaráilte inar féidir le hinstitiúidí creidmheasa infheistiú fós, gurb iad bainisteoirí CIManna atá údaraithe agus maoirsithe i gcomhréir leis na forálacha ábhartha i dTreoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[26] a bhainisteoidh iad, agus go bhfuil na CIManna sin bunaithe san Aontas nó, más rud é nach bhfuil siad bunaithe san Aontas, go margaítear san Aontas iad i gcomhréir le rialacha na Treorach sin.

(18)     Ba cheart a ligean do na heintitis atá faoi réir an toirmisc ar thrádáil dílseánaigh a gcaipiteal dílis a úsáid le hinfheistíochtaí a dhéanamh faoi chuimsiú a mbainistíochta airgid. Ba cheart an bhainistíocht airgid a bheith ina gníomhaíocht a bhfuil sé mar aidhm aici luach an chaipitil dhílis a chaomhnú agus san am céanna riosca creidmheasa a scaipeadh thar roinnt contrapháirtithe agus leachtacht an chaipitil dhílis a uasmhéadú. Agus a mbainistíocht airgid á déanamh ag eintitis atá faoi réir an toirmisc ar thrádáil dílseánaigh, níor cheart é a bheith mar chuspóir acu torthaí a fháil atá níos mó ná na rátaí margaidh airgid, agus ba cheart dóibh an ráta toraidh ó bhanna rialtais archáilíocht de thrí mhí a úsáid mar thagarmharc.

(19)     Is éard atá i sócmhainní coibhéiseacha airgid ionstraimí a ndéileáiltear go hiondúil leo ar an margadh airgid, amhail billí státchiste agus údaráis áitiúil, deimhnithe taisce, páipéar tráchtála, deimhniúcháin baincéirí, nótaí gearrthéarmacha nó aonaid nó scaireanna de chistí margaidh airgid rialaithe. Chun toirmeasc a chur ar dhíol folamh, ba cheart sócmhainní coibhéiseacha airgid a bheith i seilbh institiúide creidmheasa sula mbíonn sí in ann na sócmhainní sin a dhíol.

(20)     Le beartais luacha saothair a spreagann tógáil rioscaí iomarcacha is féidir an bonn a bhaint de bhainistiú riosca fónta agus éifeachtach banc. Tríd an dlí ábhartha de chuid an Aontais atá ann cheana a chomhlánú, ba cheart d'fhorálacha luacha saothair cuidiú cosc a chur ar theacht timpeall ar an toirmeasc ar thrádáil dílseánaigh. Ar an gcuma chéanna, ba cheart dóibh deireadh a chur le haon trádáil dílseánaigh iarmhartach nó folaigh atá á déanamh ag croí-institiúidí creidmheasa, agus bainstíocht riosca stuama á déanamh.

(21)     Ba cheart do chomhlacht bainistíochta an eintitis atá faoi réir an toirmisc ar thrádáil dílseánaigh comhlíonadh an toirmisc sin a áirithiú.

(22)     Sa bhreis ar thrádáil dílseánaigh, déanann institiúidí creidmheasa móra a lán gníomhaíochtaí trádála eile, amhail gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh, eisiúna, infheistíochta agus urraíochta a bhaineann le hurrúsú a bhfuil riosca ag baint leis, nó struchtúrú, eagrú, nó cur i gcrích idirbheart díorthacha casta. Is minic a bhaineann na gníomhaíochtaí trádála sin le gníomhaíochtaí cliant, ach mar sin féin, d'fhéadfaí cúis imní a bheith iontu. I bhfianaise, áfach, go bhféadfadh na gníomhaíochtaí sin a bheith úsáideach níor cheart iad a bheith faoi réir toirmisc dhírigh. Seachas sin, ba cheart go bhfanfadh na gníomhaíochtaí sin faoi réir measúnú ex post a dhéanfaidh an t‑údarás inniúil, agus d'fhéadfaidís a bheith faoi réir ceanglais go ndeighlfí ón gcuid eile de ghníomhaíochtaí an ghrúpa iad.

(23)     Más rud é, agus na gníomhaíochtaí trádála á meas aige, go gcinneann an t‑údarás inniúil go sáraíonn siad méadraigh áirithe ó thaobh méide coibhneasta, giarála, castachta, brabúsachta agus riosca mhargaidh bhaintigh de, chomh maith le hidirnascthacht, ba cheart dó deighilt na ngníomhaíochtaí sin ón gcroí-institiúid chreidmheasa a cheangal ach amháin más féidir leis an gcroí-institiúid chreidmheasa a léiriú ar bhealach a shásóidh an t‑údarás inniúil nach baol na gníomhaíochtaí trádála sin do chobhsaíocht airgid na croí-institiúide creidmheasa ná do chóras airgeadais an Aontais ina iomláine, ag cur san áireamh na gcuspóirí atá leagtha amach sa Rialachán seo.

(24)     Is ann do chúiseanna imní ar leith i ndáil le cruthú margaidh. D'fhéadfaí bac a bheith ar inréiteacht bainc de dheasca trádála agus fardail laistigh de ghrúpa mór baincéireachta, toisc go ndéileáiltear le suímh trádála aonair ar an mbealach céanna le linn próisis réitigh, bíodh siad ann de thoradh cruthú margaidh faoi bhrí gníomhaíochtaí cliant nó de thoradh amhantraíochta. Thairis sin, bíonn cruthaitheoirí margaidh idirnasctha le grúpaí móra baincéireachta eile. Ina theannta sin, is féidir le cruthaitheoirí margaidh a bheith neamhchosanta ar riosca contrapháirtí suntasach agus is féidir leis an mbealach nithiúil ina bhfeidhmíonn cruthú margaidh a bheith éagsúil i ndáil leis na hionstraimí airgeadais agus na samhlacha margaidh éagsúla. Dá bhrí sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na gníomhaíochtaí sin le linn mheasúnú an údaráis inniúil.

(25)     De thoradh gníomhaíochtaí áirithe a bhaineann le hurrúsú, bhí institiúidí creidmheasa in ann rioscaí a charnadh go tapa, rioscaí a comhchruinniú laistigh den earnáil arna giaráil, spleáchas idir idirghabhálaithe airgeadais ar fhiachas gearrthéarmach a fhás go suntasach, agus idirghabhálaithe airgeadais a dhéanamh i bhfad níos idirnasctha. Mura gcomhlíonann urrúsú critéir íosta áirithe le go measfar go bhfuil sé d'ardcháilíocht, beidh riosca leachtachta suntasach ag institiúidí creidmheasa fós. Thairis sin, d'fhéadfaí idirnascadh institiúidí creidmheasa a theacht as infheistiú i dtáirgí urrúsaithe a bhfuil riosca ag baint leo agus bac is ea é sin ar réiteach ordúil mear. Dá dhroim sin, tá aird ar leith ar na gníomhaíochtaí sin de dhíth le linn mheasúnú an údaráis inniúil.

(26)     Chun deighilt éifeachtach a áirithiú ó thaobh dlí, eacnamaíochta, rialachais agus oibriúcháin de, ba cheart do chroí-institiúidí creidmheasa rialacha maidir le caipiteal, leachtacht agus neamhchosaint mhór a chomhlíonadh ar bhonn foghrúpa fheidhmiúil. Ba cheart rialachas neamhspleách láidir agus comhlachtaí bainistíochta ar leith a bheith acu.

(27)     Tá struchtúr sonrach úinéireachta agus eacnamaíoch ag grúpaí atá cáilithe mar chumainn fhrithpháirteacha, comharchumainn, institiúidí coigiltis nó institiúidí cosúil leo. Le cuid de na rialacha a bhaineann le deighilt a chur i bhfeidhm d'fhéadfadh athruithe forleathana ar eagrúchán struchtúrach na n‑eintiteas sin a bheith de dhíth agus d'fhéadfadh na costais a bheith díréireach leis na sochair . A mhéid a thagann na grúpaí sin faoi raon feidhme an Rialacháin, féadfaidh an t‑údarás inniúil cinneadh a dhéanamh ligean do chroí-institiúidí creidmheasa a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 49(3)(a) nó (b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ionstraimí caipitil nó cearta vótála a bheith acu in eintiteas trádála i gcás ina measfaidh an t‑údarás inniúil gur fíor-riachtanach na hionstraimí caipitil nó na cearta vótála sin a bheith acu ar mhaithe le feidhmiú an ghrúpa agus go bhfuil bearta leordhóthanacha déanta ag an gcroí-institiúid chun na rioscaí ábhartha a mhaolú mar is iomchuí.

(28)     Is é is aidhm le teorainneacha ar neamhchosaint mhór, institiúidí creidmheasa a chosaint ar an riosca go dtabhóidh siad caillteanais de thoradh a bheith dírithe an iomarca ar chliant amháin nó ar ghrúpa cliant nascatha. Dlúthchuid den Rialachán seo is ea na srianta sin a chur i bhfeidhm idir na codanna deighilte laistigh den institiúid chreidmheasa nó grúpa, agus idir an chroí-institiúid chreidmheasa agus eintitis sheachtracha a dhéanann gníomhaíochtaí trádála. D'ainneoin na dteorainneacha aonair sin ar neamhchosaint, áfach, is féidir leis an neamhchosaint mhór chomhiomlán a bheith suntasach i gcónaí. Ba cheart, dá bhrí sin, teorainn ar neamhchosaint mhór chomhiomlán a bheith mar chomhlánú ar na teorainneacha aonair. Chun teorainn a chur ar úsáid an líontáin sábháilte phoiblí ar ghníomhaíochtaí atá faoi réir a ndeighitle agus chun dealú soiléir a dhéanamh idir ghníomhaíochtaí eintitis trádála agus an chroí-institiúid chreidmheasa, ba cheart toirmeasc a bheith ar na heintitis trádála taiscí a ghlacadh atá incháilithe le haghaidh árachais taiscí. Níor cheart don toirmeasc sin cosc a chur ar mhalartú comhthaobhachta a bhaineann lena ngníomhaíochtaí trádála agus leo sin amháin. Ionas nach ndúnfar foinse bhreise creidmheasa, áfach, ba cheart ligean don eintiteas trádála creidmheas a thabhairt dá chliaint uile. Thairis sin, cé go bhféadfadh sé go mbeadh ar an eintiteas trádála seirbhísí íocaíochta mórdhíola, imréitigh agus socraíochta a sholáthar, níor cheart é a bheith bainteach le seirbhísí íocaíochta miondíola.

(29)     Gan beann ar dheighilt, ba cheart an chroí-institiúid chreidmheasa a bheith in ann a riosca féin a bhainistiú. Ba cheart gníomhaíochtaí trádála áirithe a cheadú dá bhrí sin, sa mhéid gur dírithe ar bhainistíocht stuama chaipiteal, leachtacht agus chistiú na croí-institiúide atá siad agus nach cúis imní maidir lena cobhsaíocht airgeadais iad. Ar an gcuma chéanna, caithfidh na croí-institiúidí creidmheasa a bheith in ann seirbhísí riachtanacha áirithe bainistithe riosca a sholáthar dá gcliaint. Ba cheart é sin a dhéanamh, áfach, gan an chroí-institiúid chreidmheasa a bheith neamhchosanta ar riosca nach gá agus gan imní a chruthú i leith a cobhsaíochta airgeadais. Gníomhaíochtaí fálaithe atá incháilithe chun críche bainistiú stuama a dhéanamh ar riosca dílis agus chun seirbhísí bainistithe riosca a sholáthar do chliaint, is féidir leo cáiliú mar chuntasaíocht fálaithe de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais.

(30)     Le cur le héifeacht an phróisis cinnteoireachta atá beartaithe sa Rialachán seo agus chun a áirithiú a oiread is féidir go bhfuil comhsheasmhact idir bearta arna bhforchur faoin Rialachán seo, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoi Threoir [Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc] agus faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[27], ba cheart d'údaráis inniúla agus d'údaráis réitigh ábhartha oibriú i ndlúthchomhar le chéile i ngach uile chás agus na cumhachtaí uile arna dtabhairt dóibh i ndlí ábhartha an Aontais. Ba cheart go gcumhdódh an dualgas oibriú i gcomhar le chéile gach céim den nós imeachta a leanann údarás inniúil chun cinneadh deiridh a dhéanamh maidir le bearta struchtúracha a fhorchur.

(31)     Bíonn tionchar suntasach ag deighilt ar struchtúr dlíthiúil, eagraíochtúil agus oibriúcháin grupaí baincéireachta. Lena áirithiú go gcuirfear an deighilt i bhfeidhm go héifeachtach agus go héifeachtúil agus le cosc a chur ar dheighilt grúpaí de réir tíreolaíochta, ba cheart cinntí maidir le deighilt a dhéanamh ar leibhéal an ghrúpa agus ba cheart don mhaoirseoir comhdhlúthaithe iad a dhéanamh tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla atá ag fochuideachtaí tábhachtacha an ghrúpa baincéireachta de réir mar is iomchuí.

(32)     Chun trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil a chur chun cinn ar mhaithe leis na geallsealbhóirí uile sa mhargadh, ba cheart don Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) liosta d'institiúidí creidmheasa agus de ghrúpaí, atá faoi réir na gceanglas maidir le toirmeasc trádála dílseánaigh agus deighilt gníomhaíochtaí trádála áirithe, a fhoilsiú agus a choinneáil cothrom le dáta ar a shuíomh gréasáin.

(33)     Sa mhéid go mbaineann próiseáil sonraí pearsanta le nochtadh faisnéise i ndáil le maoirseacht stuamachta agus chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ba cheart na sonraí sin a bheith faoi chosaint ina n‑iomláine ag creat dlíthiúil an Aontais. Go háirithe, ní choinneoidh an t‑údarás inniúil sonraí pearsanta ach ar feadh na tréimhse is gá, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí[28].

(34)     Tarraingíonn deighilt athruithe ar struchúr dlíthiúil, eagraíochtúil agus oibriúcháin na ngrúpaí baincéireachta lena mbaineann, agus bíonn costais i gceist leis sin ar fad. Chun teorainn a chur ar an riosca go gcuirfear costais ar aghaidh chuig na cliaint agus chun an t‑am is gá a thabhairt do na hinstitiúidí creidmheasa leis an gcinneadh maidir le deighilt a chur i gcrích go hordúil, níor cheart deighilt a bheith infheidhme a luaithe a thiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm, seachas sin ba cheart feidhm a bheith léi ón [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta beacht 18 mí ó dháta foilsithe an Rialacháin seo].

(35)     Soláthar na seirbhísí nó na ngníomhaíochta infheistíochta uile, nó cuid díobh, mar ghairm nó mar ghnó rialta ar bhonn gairmiúil ag eintitis éagsúla faoin Rialachán seo de thoradh athruithe struchtúracha arna bhforchur ar institiúidí creidmheasa móra, casta agus idirnasctha, ba cheart é a dhéanamh i gcomhréir le forálacha Threoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[29]. I gcás ina bhforáiltear sa Rialachán seo maidir le tuilleadh srianta ar chumas na n‑eintiteas sin seirbhísí infheistíochta a dhéanamh sa bhreis ar na cinn atá sainithe i dTreoir 2004/39/CE, ba cheart forlámhas a bheith ag forálacha an Rialacháin seo. Leis na seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta sin a dhéanamh, ní mór údarú a fháil roimh ré i gcomhréir le forálacha Threoir 2004/39/CE cé is moite d'institiúidí creidmheasa atá údaraithe faoi Threoir 2013/36/AE.

(36)     Ba cheart don Choimisiún oibriú i gcomhar le húdaráis tríú tíortha chun féachaint an bhféadfaí teacht ar réitigh lena soláthrófaí tacaíocht fhrithpháirteach chun comhsheasmhacht a áirithiú idir forálacha an Rialacháin seo agus na forálacha a cheanglaíonn tríú tíortha. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a chinneadh go bhfuil creat dlíthiúil tríú tír coibhéiseach leis an Rialachán seo, maidir lena shocruithe dlíthiúla, maoirseachta agus forfheidhmithe freisin.

(37)     Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh eintitis atá faoi réir an Rialacháin seo na hoibleagáidí a eascraíonn uaidh agus lena áirithiú go mbeidh siad faoi réir cóireála comhchosúla ar fud an Aontais, ba cheart smachtbhannaí agus bearta riaracháin atá éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart na smachtbhannaí agus na bearta riaracháin atá leagtha síos sa Rialachán seo ceanglais bhunriachtanacha áirithe a shásamh i ndáil le seolaithe, na critéir atá le cur san áireamh agus smachtbhanna nó beart á chur i bhfeidhm, foilsiú smachtbhannaí nó beart, príomhchumhachtaí smachtbhannaí agus leibhéil na smachtbhannaí riaracháin airgid.

(38)     Chun na ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán seo a shonrú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na heilimintí neamhriachtanacha seo a leanas: leathnú an chineáil bannaí rialtais nár cheart a bheith faoi thoirmeasc de réir Airteagal 6 agus nach bhfuil ar údaráis inniúla iad a athbhreithniú ná a mheas lena ndeighilt; socrú na dteorainneacha agus na gcoinníollacha ábhartha a úsáidfidh údarás inniúil lena thoimhdiú nach mór gníomhaíochtaí áirithe a dheighilt; leathnú liosta na n‑ionstraimí atá ceadaithe chun riosca dílis institiúide creidmheasa a bhainistiú; leathnú liosta na n‑ionstraimí is féidir le hinstitiúid chreidmheasa a úsáid chun rioscaí cliant a bhainistiú; ríomh na teorann nach féidir díorthaigh a dhíol ná a thaifead ar chlár comhardaithe croí-institiúide creidmheasa os a cionn; neamhchosaintí móra agus an méid aitheantais do theicnící maolaithe riosca chreidmheasa; leasú na gcodanna a chomhdhéanann an coincheap "gníomhaíochtaí trádála" a úsáidtear le haghaidh bhunú na gcoinníollacha faoina gcuirfear i bhfeidhm Caibidil II agus Caibidil III den Rialachán seo; sonrú na gcineálacha urrúsuithe nach baol iad do chobhsaíocht airgeadais croí-institiúide creidmheasa ná do chóras airgeadais an Aontais; na critéir chun coibhéis creata dlíthiúla agus maoirseachta tríú tíortha a mheasúnú. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúchán iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(39)     Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, go háirithe maidir leis na forálacha atá leagtha amach in Airteagal 21 agus in Airteagal 27, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

(40)     Leis na caighdeáin theicniúla i seirbhísí airgeadais ba cheart go n‑áiritheofaí comhchuibhiú comhsheasmhach agus cosaint leordhóthanach taisceoirí, infheisteoirí agus tomhaltóirí ar fud an Aontais. Ós rud é gur comhlachtaí iad a bhfuil saineolas atá thar a bheith speisialaithe acu, is éifeachtúil agus is iomchuí forbairt dréachtchaighdeán teicniúil rialála agus cur chun feidhme, nach bhfuil baint acu le roghanna beartais, a chur mar chúram ar an ÚBE. Ba cheart don ÚBE próisis riaracháin agus tuairiscithe éifeachtúla a áirithiú agus caighdeáin theicniúla á ndréachtú aige.

(41)     Ba cheart don Choimisiún caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag an ÚBE a ghlacadh maidir leis an modheolaíocht chun tomhas agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach a dhéanamh ar mhéadraigh i ndáil le ríomh na dtairseacha ar cheart gníomhaíochtaí trádála a dheighilt os a coinn trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 den CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[30]. Ba cheart don Choimisiún agus don ÚBE a áirithiú go bhféadfaidh na hinstitiúidí go léir lena mbaineann na caighdeáin sin a chur i bhfeidhm ar bhealach atá comhréireach le cineál, scála agus castacht na n‑institiúidí sin agus a ngníomhaíochtaí.

(42)     Ba cheart a chumhachtú don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag an ÚBE a ghlacadh maidir leis an modheolaíocht chun an líon gníomhaíochtaí trádála a dhéanann institiúidí creidmheasa agus grúpaí a ríomh, an teimpléad aonfhoirmeach chun méid iomlán agus comhchodanna na ngníomhaíochtaí trádála atá ag institiúidí creidmheasa agus ag máthairchuideachtaí a nochtadh agus na nósanna imeachta agus na foirmeacha a chinneadh chun faisnéis a mhalartú leis an ÚBE maidir le smachtbhannaí trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 den CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

(43)     I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is gá agus is iomchuí chun cosc a chur le riosca sistéamach, strus airgeadais nó teip institiúidí creidmheasa atá mór, casta agus idirnasctha rialacha a leagan síos maidir le toirmeasc trádála dílseánaigh agus deighilt gníomhaíochtaí trádála áirithe. Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí atá beartaithe a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(44)     An tsaoirse gnó a sheoladh i gcomhréir le dlí an Aontais agus dlíthe agus cleachtais náisiúnta, tá sí aitheanta faoi Airteagal 16 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt). Tá sé de cheart ag gach duine san Aontas gnólacht a thionscnamh nó leanúint de ghnólacht gan idirdhealú ná srian neamhriachtanach a bheith air. Thairis sin, tá scairúinéireacht faoi chosaint mar mhaoin faoi Airteagal 17 den Chairt. Tá sé de cheart ag scairshealbhóirí a maoin a theachtadh, a úsáid agus a dhiúscairt, agus gan a maoin a bheith bainte díobh in aghaidh a dtola. De thoradh an toirmisc ar thrádáil dílseánaigh agus deighilt gníomhaíochtaí trádála áirithe, dá bhforáiltear sa Rialachán seo, d'fhéadfaí difear a dhéanamh don tsaoirse gnó a sheoladh agus do cheart maoine scairshealbhóirí nach mbeadh in ann, i gcás dá shórt, a maoin a dhiúscairt gan srian.

(45)     Ba cheart na srianta ar an tsaoirse gnó a sheoladh agus ar chearta scarshealbhóirí a bheith i gcomhréir le hAirteagal 52 den Chairt. Níor cheart an cur isteach ar na cearta sin a bheith díréireach. Dá réir sin, níor cheart toirmeasc ná deighilt gníomhaíochtaí trádála a cheangal ach i gcás ina bhfuil sé ar mhaithe le leas an phobail agus ina gcothaíonn sé dea-fheidhmiú mhargadh baincéireachta an Aontais agus cobhsaíocht airgeadais. Níor cheart cosc a chur ar na scairshealbhóirí lena mbaineann a gcearta dlíthiúla eile a úsáid, amhail an ceart leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil.

(46)     Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail atá aitheanta sa Chairt, go háirithe an ceart ómóis don saol príobháideach agus teaghlaigh, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart gnó a sheoladh, an ceart chun maoine, an ceart leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, chomh maith le ceart na cosanta agus urramú an phrionsabail ne bis in idem. Ní foláir an Rialachán seo a chur i bhfeidhm de réir na gceart agus na bprionsabal sin.

(47)     Ós rud é go dteastóidh a ndóthain ama ó eintitis a mbaineann an toirmeasc ar thrádáil dílseánaigh leo chun an toirmeasc a chur chun feidhme, foráiltear sa Rialachán seo maidir le feidhm a bheith ag an toirmeasc an [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta beacht 18 mí tar éis dháta foilsithe an Rialacháin seo]. Ar an gcuma chéanna, na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir leis na forálacha as a n‑eascraíonn cinneadh de chuid an údaráis inniúil gur gá gníomhaíochtaí trádála a dheighilt ón gcroí-institiúid chreidmheasa, agus na nósanna imeachta a bhfuil feidhm acu maidir le grúpaí de thoradh an cinneadh sin a bheith glactha, tá siad casta agus teastaíonn am ní hamháin chun iad a dhéanamh ach chun na bearta sin a chur chun feidhme ar bhealach freagrach agus inmharthana. Dá bhrí sin is iomchuí feidhm a bheith ag na forálacha sin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta beacht 36 mí tar éis dháta foilsithe an Rialacháin seo].

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Cuspóirí

Féachtar leis an Rialachán seo le cosc a chur le riosca sistéamach, anás airgeadais nó cliseadh eintiteas mór, casta agus nasctha sa chóras airgeadais, go háirithe institiúidí creidmheasa agus, na cuspóirí seo a leanas a chur i gcrích:

(a) tógáil riosca iomarcach san institiúid chreidmheasa a laghdú;

(b) deireadh a chur leis na coinbhleachtaí leasa ábhartha idir na codanna éagsúla san institiúid chreidmheasa;

(c) mí-leithdháileadh acmhainní a sheachaint agus iasachtú don fíorgheilleagar a spreagadh;

(d) cur le dálaí iomaíochta neamhshaofa do gach institiúid chreidmheasa laistigh den mhargadh inmheánach;

(e) idirnascthacht laistigh den earnáil airgeadais as a dtagann riosca sistéamach a laghdú;

(f) bainistiú, faireachán agus maoirseacht na hinstitiúide creidmheasa ar bhonn éifeachtach a éascú;

(g) réiteach ordúil agus téarnamh an ghrúpa a éascú;

Airteagal 2

An t‑ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos na rialacha maidir le:

(a) trádáil dílseánaigh a thoirmeasc;

(b) gníomhaíochtaí áirithe trádála a dheighilt;

Airteagal 3

Raon Feidhme

1.           Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na heintitis a leanas:

(a) aon institiúid chreidmheasa nó máthairchuideachta, lena n‑áirítear gach brainse nó fochuideachta, is cuma cá bhfuil siad suite, nuair a shainaithnítear í mar institiúid dhomhanda a bhfuil tábhacht shistéamach léi (IDTSanna) agus Airteagal 131 de Threoir 2013/36/AE á cur i bhfeidhm;

(b) aon cheann de na heintitis seo a leanas a bhfuil sócmhainní iomlána acu, ar feadh trí bliana as a chéile, nach lú ná EUR 30 billiún a luach ar a laghad agus gníomhaíochtaí trádála nach lú ná EUR 70 billiún a luach ar a laghad nó deich faoin gcéad dá sócmhainní iomlána:

(i)      aon institiúid chreidmheasa atá bunaithe san Aontas nach máthairchuideachta ná fhochuideachta í, lena n‑áirítear gach brainse is cuma cá bhfuil siad suite;

(ii)     máthairchuideachta AE, lena n‑áirítear gach brainse agus fochuideachta is cuma cá bhfuil siad suite, i gcás ina bhfuil institiúid chreidmheasa atá bunaithe san Aontas ar cheann de na grúpeintitis;

(iii)    brainsí AE de hinstitiúidí creidmheasa atá bunaithe i dtríú tíortha.

Airteagal 4

Raon feidhme diúltach

1.           Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le:

(a) brainsí AE d'institiúidí creidmheasa atá bunaithe i dtríú tíortha má tá siad faoi réir creata dhlíthiúil a mheastar a bheith coibhéiseach i gcomhréir le hAirteagal 27(1);

(b) brainsí AE d'fhochuideachtaí atá bunaithe i dtríú tíortha má tá siad faoi réir creata dhlíthiúil a mheastar a bheith coibhéiseach i gcomhréir le hAirteagal 27(1);

(c) eintitis dá dtagraítear i bpointí (2) go dtí (23) d'Airteagal 2(5) de Threoir 2013/36/AE.

2.           I dteannta pointe (b) de mhír 1, féadfaidh údarás inniúil fochuideachtaí de mháthairchuideachtaí AE atá suite i dtríú tíortha a dhíolmhú ó na ceanglais i gCaibidil III i gcás nach bhfuil aon rialacha ann a mheastar iad a bheith coibhéiseach le hAirteagail 10 go 16, agus Airteagal 20 má tá an t‑údarás inniúil sin sásta:

(a) go bhfuil straitéis réitigh chomhaontaithe ann idir an t‑údarás réitigh ar leibhéal grúpa san Aontas agus an t‑údarás óstach sa tríú tír;

(b) nach bhfuil aon éifeacht dhíobhálach ag an straitéis réitigh ar chobhsaíocht airgeadais an Bhallstáit/na mBallstát ina bhfuil an mháthairchuideachta AE nó grúpeintitis eile bunaithe.

Airteagal 5

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.           ciallaíonn "institiúid chreidmheasa" institiúid chreidmheasa mar a shainmhínítear í i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh.575/2013 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[31];

2.           ciallaíonn ''grúpa'' máthairghnóthas agus a fhothghnóthais;

3.           ciallaíonn ''réiteach'' réiteach mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(1) den Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc [TTRB];

4.           ciallaíonn ''trádáil dílseánaigh '' úsáid a bhaint as caipiteal dílis nó airgead a fuarthas ar iasacht chun suíomhanna a ghlacadh in aon chineál idirbhirt chun aon ionstraim airgeadais nó tráchtearraí a cheannach, a dhíol nó a fháil nó a dhiúscairt, chun brábús a dhéanamh don chuntas dílis agus don chuntas dílis sin amháin, agus é sin a dhéanamh gan aon bhaint le gníomhaíocht cliaint atá ann nó a d'fhéadfadh a bheith ann, nó chun riosca an eintitis a fhálú mar gheall ar ghníomhaíocht cliaint atá ann nó a d'fhéadfadh a bheith ann, trí úsáid a bhaint as deasca, aonaid, rannáin nó trádálaithe aonair atá dírithe go sonrach ar shuíomh mar sin a ghlacadh agus brábús a dhéanamh, agus úsáid clár trádála dílseánaigh bunaithe ar an ngréasán san áireamh;

5.           ciallaíonn ''máthairghnóthas AE'' máthairghnóthas i mBallstát nach bhfuil ina fhochuideachta ag aon fhoghnóthais eile laistigh d'aon Bhallstát;

6.           ciallaíonn "fochuideachta" gnóthas fochuideachta mar a shainmhínítear í i bpointe (10) d'Airteagal 2 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[32];

7.           ciallaíonn "údarás inniúil" údarás inniúil mar a shainmhínítear é i bpointe (40) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 575/2013, lena n‑áirítear an BCE i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle;

8.           ciallaíonn "institiúid'' institiúid mar a shainmhínítear í i bpointe (3) d'Airteagal 4(1) de Rialachán Uimh. 575/2013;

9.           ciallaíonn 'máthairghnóthas' máthairghnóthas mar a shainmhínítear é i bpointe (9) d'Airteagal 2 de Threoir 2013/34/AE, lena n‑áirítear institiúid, cuideachta shealbhaíochta airgeadais, cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha agus cuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha;

10.         ciallaíonn ''ionstraimí airgeadais'' ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear iad i gCuid C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE;

11.         ciallaíonn ''comhlacht bainistíochta'' mar a shainmhínítear é i bpointe (7) d'Airteagal 3 (1) de Threoir 2013/36/AE nó an comhlacht coibhéiseach nuair nach institiúid é an t‑eintiteas i dtrácht;

12.         ciallaíonn ''cruthú margaidh'' gealltanas institiúide airgeadais leachtacht mhargaidh a sholáthar ar bhonn rialta leanúnach, trí phraghas dhá threo maidir le hionstraim airgeadais áirithe a bhreacadh, nó mar chuid dá ghnó laethúil, trí orduithe arna dtionscnamh ag na cliaint a chomhall nó mar fhreagairt ar iarrataí na gcliant ar thrádáil, ach gan a bheith neamhchosanta ar riosca margaidh san dá chás;

13.         ciallaíonn ''urraitheoir'' urraitheoir mar a shainmhínítear é i bpointe (14) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

14.         ciallaíonn ''urrúsú'' urrúsú mar a shainmhínítear é i bpointe (61) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

15.         ciallaíonn ''trádáil díorthach'' díorthaigh a cheannach nó a dhíol;

16.         ciallaíonn ''croí-institiúid chreidmheasa'' institiúid chreidmheasa a ghlacann, ar a laghad, taiscí atá incháilithe faoin Scéim Ráthaithe Taiscí i gcomhréir le Treoir 94/19/CE[33];

17.         ciallaíonn ''tráchtearra'' tráchtearra mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún[34];

18.         ciallaíonn ''grúpeintiteas'' eintiteas dlíthiúil ar cuid de ghrúpa é;

19.         ciallaíonn ''eintiteas airgeadais'' eintiteas a thagann faoi cheann de na sainmhínithe seo a leanas;

– eintiteas earnála airgeadais mar a shainmhínítear é i bpointe (27) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

– cistí infheistíochta malartacha iata agus neamhghiaráilte (''CIM'') mar a shainmhínítear i dTreoir 2011/61/AE, nuair atá na CIManna sin suite san Aontas nó, mura bhfuil siad suite san Aontas, cuirtear ar an margadh iad san Aontas i gcomhréir le hAirteagail 35 nó 40 de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[35], cistí caipitil fiontair cáilitheacha mar a shainmhínitear iad in Airteagal 3(b) de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[36], cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3(b) de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013[37] agus CIManna atá údaraithe mar chistí infheistíochta fadtéarmacha Eorpacha (CIFTEnna) i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [XXX/XXXX][38];

– Gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochtaí in Urrúis Inaistrithe (GCUI) mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE[39];

– eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin mar a shainmhínítear é i bpointe (66) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

20.         ciallaíonn ''FBM'' gnóthas ina bhfostaítear níos lú ná 250 duine agus a bhfuil láimhdeachas bliantúil EUR 50 milliún nó faoina bhun ann, agus/nó iomlán a chláir chomhardaithe bhliantúil EUR 43 milliún nó faoina bhun;

21.         ciallaíonn ''déileáil in infheistíochtaí mar phriomhghnó'' urrúis a cheannach nó a dhíol, suibscríobh d'urrúis nó infheistíochtaí bunaithe ar chonradh nó iad a fhrithghealladh mar phríomhghnó;

22.         ciallaíonn ''maoirseoir comhdhlúthaithe'' údarás inniúil atá freagrach as feidhmiú na maoirseachta, ar bhonn comhdhlúite, ar mháthairchuideachta AE agus ar a fochuideachtaí mar a shainmhínítear é i bpointe (48) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Caibidil II

Gníomhaíochtaí toirmiscthe

Airteagal 6

Toirmeasc ar ghníomhaíochtaí trádála áirithe

1.           Ní dhéanfaidh eintitis dá dtagraítear in Airteagal 3:

(a) tabhairt faoi thrádáil dílseánaigh;

(b) lena caipiteal dílis nó le hairgead a fuarthas ar iasacht chun brábús a dhéanamh don chuntas dílis agus chun na críche sin amháin:

(i)      aonaid nó scaireanna CIManna a fháil nó a choimeád mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(a) de Threoir 2011/61/AE;

(ii)     infheistiú a dhéanamh i ndíorthaigh, deimhnithe, innéacsanna nó in aon ionstraim airgeadais eile a bhfuil an fheidhmíocht ceangailte le scaireanna nó aonaid CIManna;

(iii)    aon aonad nó scair a bheith ina sheilbh a bhaineann le heintiteas a bhíonn i mbun trádála dílseánaigh nó a fhaigheann aonaid nó scaireanna i CIManna.

2.           Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i bpointe (a) de mhír 1 maidir le:

(a) ionstraimí airgeadais arna n‑eisiúint ag rialtais láir na mBallstát nó ag eintitis atá liostaithe i bpointe (2) d'Airteagal 117 agus in Airteagal 118 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b) i gcás ina gcomhlíonann eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 3 na coinníollacha seo go léir:

(i)      úsáideann sé a chaipiteal dílis mar chuid dá phróisis bhainistithe airgid;

(ii)     go heisiach, bíonn ina sheilbh aige, ceannaíonn nó díolann nó faigheann nó diúscraíonn ar shlí eile airgead tirim nó sócmhainní coibhéiseacha airgid. Ní foláir na sócmhainní coibhéiseacha airgid a bheith ina n‑infheistíochtaí fíorleachtacha arna sealbhú san airgeadra dílis, a bheith inchomhshóite go héasca go méid cinnte airgid, a bheith faoi réir riosca neamhshuntasaigh athraithe sa luach, aibíocht a bheith leis nach ngabhann thar 397 lá agus toradh nach mó é ná an ráta toraidh ó bhanna rialtais archáilíochta trí mhí.

3.           Ní bheidh feidhm ag na srianta a leagtar síos i bpointe (b) de mhír 1 maidir le CIManna iata nó neamhghiaráilte mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2011/61/AE nuair atá na CIManna sin suite san Aontas nó, mura bhfuil siad suite san Aontas, cuirtear ar an margadh iad san Aontas i gcomhreir le hAirteagail 35 nó 40 de Threoir 2011/61/AE, cistí caipitil fiontair cáilitheacha mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3(b) de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013/AE agus CIManna atá údaraithe mar chistí infheistíochta fadtéarmacha Eorpacha (CIFTEnna) i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [XXX/XXXX].

4.           Áiritheoidh comhlacht bainistíochta gach eintitis dá dtagraítear in Airteagal 3 go gcomhlíonfar na ceanglais arna leagan amach i mír 1.

5.           Beidh feidhm ag na ceanglais i mír 1 go mír 4 [OP please introduce exact date, 18 mí tar éis fhoilsiú an Rialacháin seo].

6.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 36, chun na hionstraimí seo a dhíolmhú ón toirmeasc dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1:

(a) ionstraimí airgeadais seachas iadsan dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 arna n‑eisiúint ag rialtais tríú tíortha, a chuireann socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leosan laistigh den Aontas, neamhchosaintí a gcuirfear ualú riosca 0 faoin gcéad i bhfeidhm ina leith i gcomhréir le hAirteagal 115 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b) ionstraimí airgeadais arna n‑eisiúint ag rialtais réigiúnacha na mBallstát, neamhchosaintí a gcuirfear ualú riosca 0 faoin gcéad i bhfeidhm ina leith i gcomhréir le hAirteagal 115 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Airteagal 7

Rialacha maidir le luach saothair

Gan dochar do na rialacha maidir le luach saothair mar atá leagtha síos i dTreoir 2013/36/AE, ceapfar agus cuirfear chun feidhme beartas luacha saothair na n‑eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 3ar shlí nach ndéanfar, go díreach nó go indíreach, aon bhall den fhoireann a spreagadh nó a chúiteamh as tabhairt faoi ghníomhaíochtaí atá toirmiscthe faoi Airteagal 6(1).

Caibidil III

Gníomhaíochtaí trádála áirithe a dheighilt

Airteagal 8

Raon feidhme na ngníomhaíochtaí

1.           Chun críocha na Caibidle seo, le gníomhachtaí trádála cuirfear gníomhachtaí eile san áireamh seachas na cinn seo a leanas:

(a) glacadh le taiscí atá incháilithe faoin Scéim Ráthaithe Taiscí i gcomhréir le Treoir 94/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[40];

(b) iasachtú lena n‑áirítear, creidmheas tomhaltóirí, comhaontuithe creidmheasa maidir le maoin dhochorraithe, fachtóireacht bíodh iontaoibh i gceist nó ná bíodh, maoiniú idirbheart tráchtála (lena n‑áirítear forghéilleadh);

(c) léasú airgeadais;

(d) seirbhísí íocaíochta mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4(3) de Threoir 2007/64/CE, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[41];

(e) modhanna eile íocaíochta a eisiúint agus a riar amhail seiceanna taistil agus dréachtaí baincéireachta sa mhéid nach dtagann gníomhaíocht den sórt sin faoi phointe (d);

(f) bróicéireacht airgid, cumhdach agus riar urrús;

(g) seirbhísí teistiméireachta creidmheasa;

(h) seirbhísí slánchumhdaigh;

(i) eisiúint airgid leictreonaigh.

2.           Ní bheidh feidhm ag ceanglais Caibidle seo maidir le ceannach nó díol ionstraimí airgeadais arna n‑eisiúint ag rialtais láir na mBallstát nó ag eintitis atá liostaithe i bpointe (2) d'Airteagal 117 agus in Airteagal 118 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun ionstraimí airgeadais a dhíolmhú:

(a) ionstraimí airgeadais seachas iadsan dá dtagraítear i mír 2 arna n‑eisiúint ag rialtais i dtríú tíortha a chuireann socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leosan laistigh den Aontas, neamhchosaintí a gcuirfear ualú riosca 0 faoin gcéad i bhfeidhm ina leith i gcomhréir le hAirteagal 115 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b) ionstraimí airgeadais arna n‑eisiúint ag rialtais réigiúnacha na mBallstát, neamhchosaintí a gcuirfear ualú riosca 0 faoin gcéad i bhfeidhm ina leith i gcomhréir le hAirteagal 115 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Airteagal 9

An dualgas gníomhachtaí a athbhreithniú

1.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil measúnú ar ghníomhaíochtaí trádála agus aird á tabhairt go háirithe ar: chruthú margaidh, infheistíochtaí in urrúsú agus gníomhú mar urraitheoir ann, agus trádáil i ndíorthaigh seachas sna díorthaigh sin a cheadaítear faoi Airteagail 11 agus 12 na n‑eintiteas seo a leanas:

(a) aon chroí-institiúid chreidmheasa atá bunaithe san Aontas, nach máthairchuideachta ná fochuideachta í, lena n‑áirítear gach brainse is cuma cá bhfuil siad suite;

(b) aon ghrúpa le mháthairchuideachta AE, lena n‑áirítear gach brainse agus fochuideachtaí is cuma cá bhfuil siad suite, i gcás ina bhfuil ceann de na grúpeintitis ina chroí-institiúid chreidmheasa atá bunaithe san Aontas;

(c) brainsí AE de hinstitiúidí creidmheasa atá bunaithe i dtríú tíortha.

2.           Agus an measúnú dá dtagraítear i mír 1 á dhéanamh, bainfidh an t‑údarás inniúil úsáid as an méadracht seo a leanas:

(a) méid choibhneasta na sócmhainní trádála, mar a thomhasfar í leis na sócmhainní trádála arna roinnt ar na sócmhainní iomlána;

(b) giaráil na sócmhainní trádála mar a thomhasfar é leis na sócmhainní trádála arna roinnt ar chroíchaipiteal Leibhéal 1.

(c) tábhacht choibhneasta riosca creidmheasa contrapháirtí, mar a thomhasfar í le luach cóir na ndíorthach arna roinnt ar na sócmhainní trádála;

(d) castacht choibhneasta na ndíorthach trádála, mar a thomhasfar í le sócmhainní díorthach trádála leibhéal 2 agus 3 arna roinnt ar na díorthaigh trádála agus na sócmhainní trádála;

(e) brabúsacht choibhneasta an ioncaim thrádála mar a thomhasfar í leis an ioncam trádála arna roinnt ar ioncam glan iomlán;

(f) tábhacht choibhneasta riosca margaidh, mar a thomhasfar é tríd an difear mar luach absalóideach idir sócmhainní trádála agus dliteanais a ríomh agus é a roinnt ar an meán simplí idir sócmhainní trádála agus dliteanais trádála;

(g) an idirnascthacht, mar a thomhasfar í leis an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 131 (18) de Threoir 2013/36/AE;

(h) an riosca creidmheasa agus leachtachta a eascraíonn as tráchtearraí arna dtabhairt ag an gcroí‑institiúid chreidmheasa.

3.           Beidh an measúnú uaidh tugtha chun críche ag an údarás inniúil faoin [OP – please introduce 18 mí tar éis fhoilsiú an Rialacháin seo], agus déanfaidh sé measúnaithe go rialta, uair sa bhliain ar a laghad, as sin amach.

4.           Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena shonrú conas a thomhasfar an mhéadracht agus, más iomchuí, sonrófar mionsonraí na méadrachta dá dtagraítear i mír 2 agus le sonraí maoirseachta a dtomhas. Leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála tabharfar mhodheolaíocht don údarás inniúil freisin i gcomhair tomhais chomhsheasmhaigh agus cur i bhfeidhm na méadrachta.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiún [OP – an dáta beacht le cur isteach, mí amháin tar éis fhoilsiú an Rialacháin.]

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dreachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 10

An chumhacht ag údaráis inniúil lena cheangal ar chroí-institiúid chreidmheasa nach gcuirfear gníomhaíochtaí áirithe i gcrích

1.           De bharr an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), má mheasann an t‑údarás inniúil go gcomhlíontar na teorainneacha agus na coinníollacha atá nasctha leis an méadracht dá dtagraítear i bpointí (a) go (h) d'Airteagal 9(2) agus atá mionsonraithe sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 5, agus má mheasann sé dá bhrí sin go bhfuil bagairt ann do chobhsaíocht airgeadais na croí-institiúide creidmheasa nó don chóras airgeadais Eorpach i gcoitinne, agus aird á tabhairt ar na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 1, ar dháta nach déanaí ná dhá mhí tar éis do chríochnú an mheasúnaithe sin, cuirfidh sé tús leis an nós imeachta dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 3 as a dtiocfaidh cinneadh.

2.           Sa chás nach gcomhlíontar na teorainneacha agus na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an t‑údarás inniúil tús a chur fós leis an nós imeachta dá dtagraítear sa tríú fomhír den tríú mír as a n‑eascrófar cinneadh, má mheasann sé, de bharr an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), go bhfuil aon ghníomhaíocht trádála, cé is moite de thrádáil i ndíorthaigh seachas iadsan atá ceadaithe faoi Airteagail 11 agus 12, arna dhéanamh ag croí-institiúid chreidmheasa ina bhagairt do chobhsaíocht airgeadais na croí-institiúide creidmheasa nó don chóras airgeadais Eorpach ina iomláine, agus aird á tabhairt ar na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 1.

3.           Cuirfidh an t‑údarás inniúil a chonclúidí, dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, in iúl don chroí-institiúid chreidmheasa agus tabharfaidh sé deis don chroí-institiúid chreidmheasa na barúlacha uaithi a chur i scríbhinn faoina bhráid laistigh de dhá mhí ó dháta an fhógra.

Mura léiríonn an chroí-institiúid chreidmheasa, laistigh den teorainn ama dá dtagraítear sa chéad fho-mhír, chun sástacht an údaráis inniúil nach bhfuil aon bhonn cirt lena chonclúidí, glacfaidh an t‑údarás inniúil cinneadh i leith na croí-institiúide creidmheasa a ceangal gan na gníomhaíochtaí trádála dá sonraítear sna conclúidí sin a dhéanamh. Léireoidh an t‑údarás inniúil na cúiseanna lena cinneadh agus léireofar go poiblí iad.

Chun críche mhír 1, sa chás ina gceadaíonn an t‑údarás inniúil don chroí-institiúid chreidmheasa na gníomhaíochtaí trádála sin a dhéanamh, léireoidh an t‑údarás inniúil na cúiseanna leis an gcinneadh sin freisin agus léireofar go poiblí iad.

Chun críche mhír 2, sa chás ina gceadaíonn an t‑údarás inniúil don chroí-institiúid chreidmheasa gníomhaíochtaí trádála a dhéanamh, cuirfidh an t‑údarás inniúil an cinneadh sin in iúl don chroí-institiúid chreidmheasa.

Sula nglacfar aon chinneadh dá dtagraítear sa mhír seo, rachaidh an t‑údarás inniúil i gcomhairle leis an ÚBE maidir leis na cúiseanna atá aige don chinneadh atá beartaithe agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheidh ag cinneadh den sórt sin ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Cuirfidh an t‑údarás inniúil an cinneadh deiridh uaidh in iúl do ÚBE.

Glacfaidh an t‑údarás inniúil a chinneadh deiridh laistigh de dhá mhí tar éis dóibh na barúlacha i scríbhinn, dá dtagraítear sa chéad fho-mhír, a fháil.

4.           Beidh na cinntí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 3 faoi réir athbhreithnithe ón údaráis inniúil gach cúig bliana.

5.           Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 35 [OP insert the correct date faoi sé mhí ó fhoilsiú an Rialacháin seo]:

(a) lena shonrú, maidir leis an méadracht:

(a) an teorainn ábhartha a bhaineann le gach méadracht atá luaite i bpointí (a) go (h) d'Airteagal 9(1), thar a mheastar an leibhéal riosca na gníomhaíochta trádála i dtrácht a bheith suntasach i leith gach ceann acu;

(ii) na coinníollacha, lena n‑áireofar an mó ceann den mhéadracht chun an teorainn ábhartha a shárú a chaithfidh a bheith ann, agus cén meascán díobh, chun go gcuirfidh an t‑údarás inniúil an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10(1) i bhfeidhm.

(iii) Áireofar i mionsonrúchán na gcoinníollacha i bpointe (ii) táscaire de leibhéal riosca shuntasaigh chomhiomláin na gníomhaíochta trádála i dtrácht atá mar thoradh ar na teorainneacha ábhartha dá dtagraítear i bpointe (i) a bheith sáraithe ag roinnt mhaith méadarachta;

(b) sonrófar cén cineál urrúsúcháin a cheaptar gan a bheith ina bhagairt do chobhsaíocht airgeadais na croí-institiúide creidmheasa nó don chóras airgeadais Eorpach i gcoitinne maidir le gach ceann de na gnéithe seo a leanas:

(i)      na gnéithe struchtúracha, amhail tiontú aibíochta leabaithe agus simplíocht an struchtúir;

(ii)     cáilíocht na sócmhainní foluiteacha agus na tréithe comhthaobhacha a bhaineann leo;

(iii)    liostú agus gnéithe trédhearcachta an urrúsúcháin agus na sócmhainní foluiteacha a bhaineann leis;

(iv)    stóinseacht agus cáilíocht na bpróiseas frithgheallta.

Airteagal 11

Bainistiú stuama ar riosca dílis

1.           Féadfaidh croí-institiúid a cuireadh faoi réir cinnidh dá dtagraítear in Airteagal 10(3) gníomhaíochtaí trádála a dhéanamh sa mhéid is nach ndéantar aon rud seachas bainistiú stuama ar a chuid caipitil, leachtachta agus cistithe.

Mar chuid dá bainistiú stuama ar a chuid caipitil, leachtachta agus cistithe, ní fhéadfaidh croí-institiúid chreidmheasa ach úsáid a bhaint as díorthaigh ráta úis, díorthaigh malairte eachtraí agus díorthaigh chreidmheasa atá cáilithe i gcomhair imréitigh chontrapháirtí lárnaigh chun a rioscaí foriomlána sa chlár comhardaithe a fhálú. Léireoidh an croí-institiúid chreidmheasa don mhaoirseoir inniúil go bhfuil an ghníomhaíocht fhálaithe ceaptha chun rioscaí sonracha inaitheanta suíomhanna aonair nó suíomhanna comhiomlánaithe na croí-institiúide a laghdú, agus gur léir go laghdaítear iad nó go maolaítear iad go mór.

2.           Gan dochar do na rialacha maidir le luach saothair atá leagtha síos i dTreoir 2013/36/AE, sa bheartas luacha saothair is infheidhme maidir le foireann na croí-institiúide creidmheasa a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí fálaithe:

(a) féachfar le haon ghníomhaíochtaí dílseánaigh trádála iarmhartacha nó folaigh a chosc, bídís ceilte mar bhainistiú riosca nó mar rud éigin eile;

(b) léireofar cuspóirí fálaithe dlisteanacha na croí-institiúide creidmheasa ina hiomláine agus a áiritheofar nach gcinnfear an luach saothair a thabharfar faoi threoir na mbrabús a ghinfidh na gníomhaíochtaí sin ach go dtabharfar aird ar éifeachtacht foriomlán na ngníomhaíochtaí d'fhonn rioscaí a laghdú nó a mhaolú.

Áiritheoidh an comhlacht bainistíochta go mbeidh beartas luacha saothair na croí-institiúide creidmheasa ina hiomláine ag teacht leis na forálacha atá leagtha amach sa chéad fhomhír, ag gníomhú dó ar chomhairle ón gcoiste riosca, i gcás ina mbunófar coiste den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 76(3) de Threoir 2013/36/AE.

3.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 den Rialachán seo chun cur leis na h‑ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 1 trí ionstraimí airgeadais eile a chur san áireamh lena n‑áirítear cineálacha eile díorthach, go háirithe iadsan atá faoi réir na n‑oibleagáidí atá leagtha amach in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[42], chun aird a thabhairt ar ionstraimí airgeadais, a bhfuil an tionchar céanna acu ar an gcobhsaíocht airgeadais chun críocha bainistithe stuama ar chaipiteal, leachtacht agus ar chistiú.

Airteagal 12

Seirbhísí bainistithe riosca a chur ar fáil do chliaint

1.           Féadfaidh croí-institiúid a cuireadh faoi réir cinnidh dá dtagraítear in Airteagal 10(3) díorthaigh ráta úis, díorthaigh malairte eachtraí, díorthaigh chreidmheasa, díorthaigh lamháltas astaíochtaí agus díorthaigh tráchtearraí atá cáilithe i gcomhair imréitigh contrapháirtí lárnaigh agus lamháltais astaíochtaí a dhíol lena cuid cliant neamh‑airgeadais, le heintitis airgeadais dá dtagraítear sa dara agus sa tríú fleasc de phointe (19) d'Airteagal 5, le gnóthais árachais agus le hinstitiúidí i gcomhair sochair scoir ghairme ach na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a) is í an t‑aon chríoch leis an díol, riosca an ráta úis, rosca malairte eachtraí, riosca creidmheasa, riosca tráchtearraí nó riosca lamháltais astaíochtaí a fhálú;

(b) ní sháraíonn ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca an tsuímh de chuid na croí-institiúide creidmheasa a leanann na lamháltais díorthach agus na lamháltaí astaíochtaí cionroinn dá ceanglas caipitil iomlána i leith riosca a shonrófar i ngníomh tarmligthe ón gCoimisiún i gcomhréir le mír 2.

Nuair nach gcomhlíonfar an ceanglas i bpointe (b), ní féidir leis an gcroí-institiúid chreidmheasa na lamháltais díorthach ná na lamháltais astaíochtaí a dhíol nó a chur ar an gclár comhardaithe.

2.           Beidh de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35:

(a) an cead a thabhairt ionstraimí airgeadais eile a dhíol, seachas iadsan a luaitear i mír 1, go háirithe iadsan atá faoi réir na n‑oibleagáidí atá leagtha amach in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, chun an riosca atá le díol leis an gcineál cliaint atá liostaithe i mír 1 den Airteagal seo a fhálú;

(b) cionroinn na gceanglas cistí dílse de chuid na croí-institiúide creidmheasa a shonrú nach féidir dul thairis i ndáil le lamháltais díorthach agus lamháltais astaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhíol nó a chur ar chlár comhardaithe na croí-institiúide creidmheasa.

Airteagal 13

Rialacha maidir le grúpeintitis ar leith

1.           Nuair a chineann údaráis inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 10(3) nach féidir le croí-institiúid chreidmheasa gníomhaíochtaí trádála áirithe a dhéanamh, agus, más cuid de ghrúpa í an croí-institiúid chreidmheasa, ansin ní fhéadfaidh ach grúpeintiteas atá deighilte ón gcroí-institiúid chreidmheasa go dlíthiúil, go heacnamaíoch agus go hoibríochtúil (''eintiteas trádála'') na gníomhaíochtaí trádála atá le deighilt a dhéanamh.

2.           Nuair a chineann eintiteas dá dtagraítear in Airteagail 9(1) as a stuaim féin gníomhaíochtaí trádála atá faoi réir Airteagail 9 a dheighilt ón gcroí-institiúid agus nuair atá an plean deighilte sin faofa i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 18, ansin beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i míreanna 3 go 13 den Rialachán seo agus in Airteagail 14 go 17, agus in Airteagal 20 maidir leis na heintitis deighilte.

3.           Áiritheoidh an mháthairchuideachta AE i gcás grúpa ina bhfuil croí-institiúidí creidmheasa agus eintitis trádála araon ann go ndéanfar an grúpa a struchtúrú ionas go gcruthófar dhá fho-ghrúpa ar bhonn fo-chomhdhlúite agus nach mbeidh na croí-institiúidí creidmheasa ach i gceann amháin acu.

4.           Áiritheoidh máthairchuideachta AE na croí-institiúide creidmheasa, a mhéid agus is gá, go mbeidh an croí-institiúid chreidmheasa in ann leanúint lena gníomhaíochtaí i gcás dhóchmhainneacht an eintitis trádála.

5.           Ní bheidh ionstraimí caipitil ná cearta vótála in eintiteas trádála i seilbh croí-institiúide creidmheasa.

In ainneoin na chéad fhomhíre, féadfaidh an t‑údarás inniúil cinneadh a dhéanamh ligean do chroí-institiúidí creidmheasa a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 49(3)(a) nó (b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ionstraimí caipitil nó cearta vótála a bheith acu in eintiteas trádála i gcás ina measfaidh an t‑údarás inniúil gur fíor-riachtanach na hionstraimí caipitil nó na cearta vótála sin a bheith acu ar mhaithe le feidhmiú an ghrúpa agus go bhfuil bearta leordhóthanacha déanta ag an gcroí-institiúid chun na rioscaí ábhartha a mhaolú mar is iomchuí.

Ar aon nós, ní bheidh cead ag croí-institiúid chreidmheasa, nach institiúid chreidmheasa lárnach nó réigiúnach í, ionstraimí caipitil ná cearta vótála in aon eintiteas trádála a bheith ina seilbh go díreach aici.

Sula nglacfar aon chinneadh i gcomhréir leis an mír seo, rachaidh an t‑údarás inniúil i gcomhairle leis an ÚBE.

Cuirfidh an t‑údarás inniúil a chinneadh in iúl don ÚBE. Foilseoidh an ÚBE liosta de na hinstitiúidí sin ar cuireadh an fomhír seo i bhfeidhm orthu.

6.           Eiseoidh an croí-institiúid chreidmheasa agus an t‑eintiteas trádála a bhfiachas dílis ar bhonn aonair nó fo-chomhdhlúite ar choinníoll nach bhfuil sé sin neamhsheasmhach leis an bplean réitigh arna chomhaontú ag na húdaráis réitigh ábhartha i gcomhréir leis an Treoir [Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc].

7.           Beidh gach conradh agus gach idirbheart eile a rinneadh idir an croí-institiúid chreidmheasa agus an t‑eintiteas trádála chomh fabhrach céanna don chroí-institiúid chreidmheasa agus atá conarthaí nó idirbhearta inchomparáide le heintitis nach bhfuil san fhoghrúpa céanna.

8.           Daoine nach baill iad den chomhlacht bainistíochta ná den eintiteas eile a bheidh i dtromlach na mball ar chomhlacht bainistíochta na croí-institiúide creidmheasa agus an eintitis trádála faoi seach. Cé is moite d'oifigeach bainistithe riosca na máthairchuideachta, ní dhéanfaidh aon bhall eile de chomhlacht bainistíochta ceachtar den dá eintiteas aon fheidhm fheidhmiúcháin.

9.           Beidh sé de dhualgas ar chomhlacht bainistíochta na croí-institiúide creidmheasa, an eintitis trádála agus a máthairchuideachtaí seasamh le cuspóirí na deighilte.

10.         I gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, cinnteofar le hainm nó le hainmniú an eintitis trádála agus na croí-institiúide creidmheasa go mbeidh sé furasta don phobal i ndáil le heintitis eintiteas trádála a aithint ó chroí-institiúid chreidmheasa.

11.         Comhlíonfaidh na hinstitiúidí atá deighilte go struchtúrach na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCodanna a Dó, a Trí agus a Ceathair agus i gCodanna a Sé, a Seacht agus a hOcht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i dTeideal VII de Threoir 2013/36/AE ar bhonn fo-chomhdhlúite i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

12.         De mhaolú ar Airteagal 6(1) agus Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, beidh feidhm ag na hoibleagáidí atá leagtha síos in i gCodanna a Dó go dtí a Ceathair agus i gCuid a hocht den Rialachán sin ar bhonn fo-chomhdhlúite i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

13.         De mhaolú ar Airteagal 6(4) agus Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, beidh feidhm ag na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a Sé den Rialachán sin ar bhonn fo-chomhdhlúite i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 14

Teorainneacha maidir le neamhchosaint mhór laistigh de ghrupaí

1.           Chun teorainn na neamhchosanta móire laistigh den ghrúpa a ríomh de réir mír 2, meastar gach eintiteas ar leis an bhfoghrúpa céanna iad de bhun Airteagail 13(3) mar aon chliant amháin nó aon ghrúpa cliant nasctha de réir bhrí phointe (39) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

2.           Nuair atá bearta forchurtha i gcomhréir leis an gCaibidil seo ní thabhóidh croí-institiúid chreidmheasa neamhchosaint laistigh den ghrúpa a sháraíonn 25 faoin gcéad de chaipiteal cáilithe na croí-institiúide creidmheasa ar eintiteas nach leis an bhfoghrúpa céanna agus an croí-institiúid chreidmheasa. Beidh feidhm ag an teorainn neamhchosanta laistigh de ghrúpa ar bhonn fo-chomhdhlúite, agus tar éis an tionchar atá ag maolú riosca creidmheasa agus ag maoluithe, i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 16 den Rialachán seo a chur san áireamh.

Airteagal 15

Teorainneacha i ndáil le neamhchosaint mhór lasmuigh de ghrupa

1.           I dteannta na bhforálacha ó phointe 1 d'Airteagal 395 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nuair atá bearta forchurtha i gcomhréir leis an gCaibidil seo den Rialachán seo, ní thabhóidh an croí-institiúid chreidmheasa na neamhchosaintí seo a leanas:

(a) neamhchosaint a sháraíonn 25 faoin gcéad de chaipiteal cáilithe na croí-institiúide creidmheasa ar eintiteas airgeadais. Beidh feidhm ag an teorainn sin ar neamhchosaint ar bhonn aonair agus ar bhonn fo-chomhdhlúite, agus tar éis an tionchar atá ag maolú riosca creidmheasa agus ag maoluithe i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 16 den Rialachán seo a chur san áireamh;

(b) neamhchosaintí a sháraíonn 200 faoin gcéad de chaipiteal cáilithe na croí-institiúide creidmheasa ar eintiteas airgeadais. Beidh feidhm ag an teorainn ar neamhchosaint ar bhonn aonair agus fo-chomhdhlúite, agus tar éis an tionchar atá ag maolú riosca creidmheasa agus ag maoluithe i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 16 den Rialachán seo a chur san áireamh.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun leibhéal na teorann neamhchosanta móire comhiomláine lasmuigh de ghrúpa mar atá leagtha amach i bpointe (b) de mhír 1 a choigeartú, i gcomhréir lena mhéid agus a aithníodh maolú riosca creidmheasa.

Airteagal 16

Teicnící maolaithe rioscaí creidmheasa

I dteannta na bhforálacha d'Airteagal 399 go 403 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nuair atá bearta forchurtha i gcomhréir leis an gCaibidil seo den Rialachán seo, beidh feidhm ag srianta maidir le haithint téicnící maolaithe rioscaí creidmheasa i ndáil le luachanna na neamhchosanta ar mhaithe leis na teorainneacha ar neamhchosaintí móra dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 15 den Rialachán seo a chomhlíonadh.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 lena sonrú an méid aitheantais a thabharfar do theicnící maolaithe riosca creidmheasa lena n‑áireofar na cineálacha cosanta creidmheasa incháilithe agus a dteorainneacha chun críocha na chéad fhomhíre lena áirithiú nach dteipeann ar theicnící maolaithe riosca creidmheasa nuair a thagann rioscaí chun cinn ionas gur féidir téarnamh éifeachtach de chosaint creidmheasa a bheith ann.

Airteagal 17

Maolú ó fhorálacha idirthréimhseacha maidir le neamhchosaintí móra

Mar eisceacht do mhír 3 d'Airteagal 493 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní bheidh feidhm ag na forálacha dá bhforáiltear sa mhír sin maidir le neamhchosaintí arna dtabhú ag croí-institiúidí creidmheasa a bhí faoi réir beart struchtúrach i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 18

Plean deighilte

1.           Nuair a bhíonn cinneadh déanta ag údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 10(3) nach féidir le croí-institiúid chreidmheasa gníomhaíochtaí trádála áirithe a dhéanamh, cuirfidh an croí-institiúid chreidmheasa, nó más iomchuí é, a máthairchuideachta plean deighilte faoi bhráid an údaráis inniúil laistigh de sé mhí ó dháta an chinnidh dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 10(3).

Ar an gcuma chéanna, nuair a dhéanann eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 9(1) cinneadh na gníomhaíochtaí trádála atá cumhdaithe ag an dualgas chun athbhreithnithe in Airteagal 9 ón gcroí-institiúid chreidmheasa, tíolacfaidh sé plean ag tús na tréimhse measúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 9 ina sonrófar an deighilt. Beidh an fhaisnéis a éilítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 2 an Airteagail seo sa phlean ar a laghad.

2.           Mionsonrófar sa phlean deighilte conas a chuirfear an deighilt i gcrích.

Cumhdófar an méid seo a leanas ar a laghad sa phlean:

(a) sonrú ar na sócmhainní agus na gníomhaíochtaí a dheilfear ón gcroí-institiúid chreidmheasa;

(b) sonraí faoi mar a chuirfear na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 13 i bhfeidhm;

(c) amlíne don deighilt.

3.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil measúnú ar na pleananna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 agus, laistigh de shé mhí tar éis a thíolctha, glacfaidh sé cinneadh ag formheas an phlean nó ag éileamh athruithe sa phlean deighilte.

4.           I gcás ina n‑éilíonn údarás inniúil athruithe sa phlean deighilte, aththíolacfaidh an croí-institiúid chreidmheasa, nó más iomchuí é, a máthairchuideachta AE an plean deighilte leis na hathruithe is gá laistigh de thrí mhí ó dháta na hiarrata ón údarás inniúil.

5.           Glacfaidh an t‑údarás inniúil cinneadh ag formheas an phlean nó ag diúltú dó laistigh de mhí amháin ón aththíolacadh. I gcás ina ndiúltaíonn an t‑údarás inniúil don phlean, glacfaidh sé cinneadh, laistigh de mhí amháin ón diúltú, ag leagan amach plean i gcomhair deighilte ina dtabharfar isteach aon choigeartuithe riachtanacha.

6.           I gcás nach dtíolacann an croí-institiúid chreidmheasa nó, más iomchuí é, a máthairchuideachta AE plean deighilte mar a cheanglaítear i mír 1, glacfaidh an t‑údarás inniúil cinneadh, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis don spriocdháta dá dtagraítear i mír 1 a dhul in éag, ina leagfar amach plean i gcomhair deighilte.

7.           I gcás nach n‑aththíolacann an croí-institiúid chreidmheasa nó, más iomchuí é, a máthairchuideachta AE plean deighilte leis na hathruithe arna gceangal ag an údarás inniúil, glacfaidh an t‑údarás inniúil cinneadh, tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis don spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 4 a dhul in éag, ina leagfar amach plean i gcomhair deighilte.

8.           Léireoidh an chroí-institiúid chreidmheasa nó, más iomchuí é, a máthairchuideachta AE don údarás inniúil go bhfuil an plean formheasta curtha chun feidhme aici.

9.           Áiritheoidh comhlacht bainistíochta institiúide creidmheasa nó máthairchuideachta AE gur cuireadh an plean deighilte chun feidhme i gcomhréir le formheas an údaráis inniúil.

Airteagal 19

Comhar idir údaráis inniúla agus údaráis réitigh ábhartha

1.           Sula nglacfar an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 10(3), tabharfaidh an t‑údarás inniúil fógra ina leith don údarás réitigh ábhartha ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 3 den Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc.

2.           Nuair a dhéanann an t‑údarás inniúil an measúnú i gcomhréir le hAirteagal 9 agus nuair a cheanglaítear ar an gcroí-institiúid chreidmheasa gan gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10, cuirfidh an t‑údarás inniúil aon mheasúnú inréititheachta atá leanúnach nó a bhí ann cheana féin a chur san áireamh de bhun Airteagal 13 agus 13(a) den Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc.

3.           Comhoibreoidh an t‑údarás inniúil leis an údarás réitigh ábhartha agus malartóidh sé aon fhaisnéis ábhartha is gá agus é i mbun a dhualgais.

4.           Áiritheoidh an t‑údarás inniúil go bhfuil bearta arna bhforchur de bhun na Caibidle seo, ag teacht leis na bearta arna bhforchur de bhun Airteagal 13(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, Airteagal 8(9) de Rialachán (AE) Uimh.[SRM], Airteagail 13 agus 13(a), Airteagail 14 agus 15 den Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc agus Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE.

Airteagal 20

Gníomhaíochtaí toirmiscthe i gcás an eintitis trádála

Ní dhéanfaidh an t‑eintiteas trádála:

(a) taiscí a ghlacadh atá incháilithe faoin Scéim Ráthaithe Taiscí i gcomhréir le Treoir 94/19/CE ach amháin sa chás go mbaineann an taisce le malartú comhthaobhachta a bhaineann lena ngníomhaíochtaí trádála;

(b) seirbhísí íocaíochta a sholáthar, mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4(3) de Threoir 2007/64/CE, a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) ach amháin sa chás ina bhfuil na seirbhísí íocaíochta sin coimhdeach agus géarghá leo don mhalartú comhthaobhachta maidir le gníomhaíochtaí trádála.

Airteagal 21

Maolú ó na ceanglais i gCaibidil III

1.           Arna iarraidh sin do Bhallstát, féadfaidh an Coimisiún maolú a dheonú ó cheanglais na Caibidle seo d'institiúid chreidmheasa a ghlacann taiscí ó dhaoine aonair agus ó FBManna atá faoi réir reachtaíochta príomha náisiúnta a glacadh roimh 29 Eanáir 2014 nuair a chomhlíonann an reachtaíocht náisiúnta na ceanglais seo a leanas:

(a) féachtar leis le cosc a chur le hanás airgeadais nó cliseadh agus riosca sistéamach dá dtagraítear in Airteagal 1;

(b) cuireann sé cosc ar institiúidí creidmheasa taiscí incháilithe a ghlacadh ó dhaoine aonair agus cosc ar FBManna ó bheith ag déileáil le hinfheistíochtaí mar phríomhghnó, ar gníomhaíocht rialáilte é, agus ó shócmhainní trádála a bheith ina seilbh acu; féadfar leis an reachtaíocht náisiúnta foráil a dhéanamh d'eisceachtaí teoranta, áfach, le go dtabharfaí cead d'institiúid chreidmheasa a ghlacann taiscí ó dhaoine aonair agus do FBManna tabhairt faoi ghníomhaíochtaí a mhaolódh riosca chun bainistiú stuama a dhéanamh ar a chaipiteal, leachtacht agus cistiú agus chun seirbhísí bainistithe riosca teoranta a sholáthar dá gcuid custaiméirí;

(c) má bhaineann an institiúid chreidmheasa atá ag glacadh taiscí incháilithe ó dhaoine aonair agus ó FBManna le grúpa, áirithítear go bhfuil an institiúid chreidmheasa deighilte go dlíthiúil ó ghrúpeintitis a bhíonn ag déileáil le hinfheistíochtaí mar phríomhghnó, ar gníomhaíocht rialáilte é, agus sócmhainní trádála a bheith ina seilbh acu, agus leagtar an méid seo a leanas amach go sonrach sa reachtaíocht náisiúnta:

(i)      gur féidir leis an institiúid chreidmheasa a ghlacann taiscí ó dhaoine aonair agus ó FBManna cinntí a dhéanamh neamhspleách ar ghrúpéintitis eile;

(ii)     go bhfuil comhlacht bainistíochta atá neamhspleách ar ghrúpéintitis eile agus neamhspleách ar an institiúid chreidmheasa féin ag an institiúid chreidmheasa a ghlacann taiscí ó dhaoine aonair agus ó FBManna;

(iii)    go bhfuil an institiúid chreidmheasa féin a ghlacann taiscí ó dhaoine aonair agus ó FBManna faoi réir ceanglas caipitil agus leachtachta;

(iv)    nach bhféadfaidh an institiúid chreidmheasa a ghlacann taiscí ó dhaoine aonair agus ó FBManna aon chonradh ná aon idirbheart a dhéanamh le grúpeintitis eile ach amháin faoi théarmaí amhail iadsan dá dtagraítear in Airteagal 13(7).

2.           Ballstát ar mian leis maolú a fháil d'institiúid chreidmheasa faoi réir na reachtaíochta náisiúnta i dtrácht, seolfar iarraidh ar mhaolú, agus tuairim dhearfach léi arna heisiúint ag an údarás inniúil ag maoirsiú na hinstitiúide creidmheasa arb í ábhar na hiarrata i gcomhair maolaithe, chuig an gCoimisiún. Beidh gach faisnéis is gá san iarraidh don bhreithmheas ón reachtaíocht náisiúnta agus sonrófar na hinstitiúidí creidmheasa ar lorgaíodh an maolú ina leith. Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil an fhaisnéis ar fad is gá aige, rachaidh sé i dteagmháil leis an mBallstát i dtrácht laistigh de dhá mhí ón iarratas a fháil agus sonróidh sé cén fhaisnéis bhreise atá de dhíth air.

A luaithe is a bheidh an fhaisnéis ar fad is gá dár leis chun breithmheas a thabhairt ar an iarraidh ar mhaolú, cuirfidh sé fógra chuig an mBallstát iarrtha go bhfuil sé sásta leis an bhfaisnéis.

Laistigh de chúig mhí ón bhfógra dá dtagraítear sa dara fomhír a eisiúint, tar éis dó dul i gcomhairle leis an ÚBE maidir leis na cúiseanna leis an gcinneadh atá beartaithe agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag cinneadh den sórt sin ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, glacfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme ina sonrófar nach bhfuil an reachtaíocht náisiúnta neamh‑chomhoiriúnach leis an gCaibidil seo agus an maolú á dheonú aige ar na hinstitiúidí creidmheasa a sonraíodh san iarraidh dá dtagraítear i mír 1. I gcás ina bhfuil sé i gceist ag an gCoimisiún a shonrú go bhfuil an reachtaíocht náisiúnta neamh‑chomhleanúnach agus gan an maolú a dheonú, leagfaidh sé amach a chuid agóidí go mion agus tabharfar deis don Bhallstát iarrtha tuairimí i scríbhinn a thíolaic laistigh de mhí amháin ó dháta fhógra agóidí an Choimisiúin. Laistigh de thrí mhí ó dheireadh na teorann ama i gcomhair tíolactha glacfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme an maolú a dheonú nó diúltú dó.

I gcás ina leasaítear an reachtaíocht náisiúnta, tabharfaidh an Ballstát fógra i ndáil leis na leasuithe don Choimisiún. Féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear sa tríú mír.

I gcás nach bhfuil feidhm a thuilleadh ag an reachtaíocht náisiúnta a sonraíodh gan a bheith neamh‑chomhoiriúnach leis an gCaibidil seo maidir le hinstitiúid chreidmheasa ar deonaíodh maolú di ar cheanglais na Caibidle seo, tarraingeofar siar an maolú maidir leis an institiúid chreidmheasa sin.

Cuirfidh an Coimisiún a chuid cinntí in iúl don ÚBE. Foilseoidh an ÚBE liosta na n‑institiúidí creidmheasa ar deonaíodh maolú dóibh i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfar an liosta a choinneáil cothrom le dáta go leanúnach.

Caibidil IV

Eintitis faoi réir cheanglais Chaibidil II agus Chaibidil III

Airteagal 22

Na rialacha lena rialaítear ríomh tairseach

1.           Chun críche Airteagal 3(b)(ii), is ar chuntais chomhdhlúite na máthairchuideachta san AE a bhunófar ríomh na dtairseach.

2.           Chun críche Airteagal 3(b)(iii), is ar na gníomhaíochtaí a dhéantar san Aontas a bhunófar ríomh na dtairseach.

3.           Ní áireofar sa ríomh sócmhainní agus dliteanais de chuid gnóthas árachais agus ath‑árachais ná sócmhainní agus dliteanais de chuid gnóthais neamhairgeadais eile.

4.           Faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta faoi 12 mhí tar éis fhoilsiú an Rialacháin seo], sainaithneoidh an t‑údarás inniúil institiúidí creidmheasa agus grúpaí atá faoi réir an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 3 agus tabharfaidh sé fógra ina leith don ÚBE.

Tar éis dó fógra a fháil ón údarás inniúil, foilseoidh an ÚBE an liosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír láithreach. Déanfar an liosta a choinneáil cothrom le dáta i dtólamh.

Airteagal 23

Gníomhaíochtaí trádála a ríomh

1.           Chun críocha Airteagal 3, déanfar gníomhaíochtaí trádála a ríomh mar a leanas i gcomhréir leis an gcóras cuntasaíochta is infheidhme.

Gníomhaíochtaí Trádála = (SUT + DUT + SD + DD)/2 i gcás:

(a) gurb éard is Sócmhainní Urrús Trádála (SUT) ann sócmhainní ar cuid iad de phunann a bhainistítear mar aonán iomlán agus a bhfuil fianaise ann ar fhíorphatrún deireanach de bhrabúis a dhéanamh sa ghearrthéarma, gan sócmhainní díorthach a áireamh;

(b) gurb éard is Dliteanais Urrús Trádála (DUT) ann dliteanais a tógadh le hintinn iad a athcheannach sa ghearrthéarma, ar cuid de phunann a bhainistítear mar aonán iomlán, agus a bhfuil fianaise ann ar fhíorphatrún deireanach de bhrabúis a dhéanamh sa ghearrthéarma, gan dliteanais dhíorthach a áireamh;

(c) gurb éard is Sócmhainní Díorthacha (SD) ann díorthaigh ag a bhfuil luachanna ath‑sholáthair deimhneacha nach n‑aithnítear mar dhíorthaigh fálaithe ná leabaithe;

(d) gurb éard is Dliteanais Dhíorthacha (DD) ann díorthaigh ag a bhfuil luachanna ath‑sholáthair diúltacha nach n‑aithnítear mar ionstraimí fálaithe.

2.           Ní áireofar i ríomh gníomhaíochtaí trádála sócmhainní agus dliteanais de chuid gnóthas árachais agus ath‑árachais ná sócmhainní agus dliteanais de chuid gnóthas neamhairgeadais.

3.           Dréachtóidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an mhodheolaíocht a leagan sios maidir leis na gníomhaíochtaí trádála dá dtagraítear i mír 1 a ríomh, agus na difríochtaí sna córais cuntasaíochta is infheidhme á gcur san áireamh.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiún faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta 1 mhí amháin ó lá foilsithe an Rialacháin].

Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

4.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún na codanna de ghníomhaíochtaí trádála dá dtagraítear i bpointe (a) go (d) de mhír 1 den Airteagal seo a leasú, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 35, chun athruithe sna córais cuntasaíochta is infheidhme a chur san áireamh.

Airteagal 24

Faisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí trádála a chur faoi bhráid an údaráis inniúil

1.           Cuirfidh eintitis dá dtagraítear in Airteagal 3 an fhaisnéis ábhartha maidir le méid iomlán a ngníomhaíochtaí trádála agus maidir le comhchodanna na ngníomhaíochtaí sin faoi bhráid an údaráis inniúil den chéad uair [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta 9 mí tar éis lá fhoilsithe an Rialacháin seo le cur isteach] agus gach bliain ina dhiadh sin, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 23(1).

2.           Ullmhóidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an teimpléad aonfhoirmeach don tuairisciú dá dtagraítear i mír 1, mar aon leis na treoracha maidir le conas an teimpléad sin a úsáid, a chinneadh.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiún faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta, 1 mhí amháin ó lá fhoilsithe an Rialacháin].

Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Caibidil V

Comhlíonadh

cuid 1

Eintitis

Airteagal 25

Dualgais na n‑eintiteas atá faoi réir an Rialacháin seo

1.           Déanfaidh na heintitis atá faoi réir an Rialacháin seo bearta iomchuí a chur i bhfeidhm le go mbeidh sé ar chumas na n‑údarás inniúil an fhaisnéis is gá a fháil chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo.

2.           Cuirfidh na heintitis atá faoi réir an Rialacháin seo an fhaisnéis go léir is gá ar fáil don údarás inniúil, lena n‑áirítear an fhaisnéis is gá don mheasúnú atá bunaithe ar na méadraigh dá dtagraítear in Airteagal 9(2), chun measúnú a dhéanamh ar a mhéad atá siad ag comhlíonadh an Rialacháin seo. Ina theannta sin, áiritheoidh na heintitis sin go mbeidh a gcuid sásraí rialaithe inmheánacha agus a gcuid nósanna imeachta cuntasaíochta agus riaracháin ceaptha sa chaoi is go bhféadfar faireachán a dhéanamh i gcónaí ar chomhlíonadh an Rialacháin seo.

3.           Cláróidh na heintitis atá faoi réir an Rialacháin seo gach idirbheart dá gcuid agus gach corás doiciméad agus próiseas a úsáidtear chun críocha an Rialacháin seo sa chaoi is go mbeidh an t‑údarás inniúil in ann faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo i gcónaí.

cuid 2

Údaráis inniúla

Airteagal 26

Cumhachtaí agus dualgais údarás inniúil

1.           Agus iad i mbun na ndualgas a sannadh dóibh i gcomhréir leis an Rialachán seo, feidhmeoidh na húdaráis inniúla na cumhachtaí a sannadh dóibh i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais.

2.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil faireachán ar ghníomhaíochtaí na n‑eintiteas atá faoi réir an Rialacháin seo, agus déanfaidh siad comhlíonadh an Rialacháin seo a mheasúnú agus a áirithiú ar bhonn leanúnach.

3.           Beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla iarraidh ar mháthairchuideachta AE, nach eintiteas rialaithe é, ach a bhfuil fochuideachta amháin ar a laghad aige ar eintiteas rialaithe í, a áirithiú go bhfuil a fochuideachtaí rialaithe ag comhlíonadh an Rialacháin seo.

4.           Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gurb é an maoirseoir comhdhlúthaithe an t‑údarás inniúil maidir le gach eintiteas grúpa atá sa ghrúpa céanna leis an máthairchuideachta AE agus atá faoi réir an Rialacháin seo.

Nuair is i mBallstát eile atá fochuideachta de mháthairchuideachta AE bunaithe agus nuair is maoirseoir nach é an maoirseoir atá ag an máthairchuideachta AE a dhéanann maoirsiú uirthi, agus nuair is fochuideachta shuntasach an fhochuideachta i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, rachaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe i gcomhairle le húdarás inniúil Bhallstát baile na fochuideachta suntasaí maidir le haon cinneadh atá le déanamh ag an maoirseoir comhdhlúthaithe de bhua an Rialacháin seo.

Caibidil VI

Caidreamh le tríú tíortha

Airteagal 27

Coibhéis creat dhlithiúill tríú tíre

1.           Ar iarratas ó údarás inniúil Ballstáit nó tríú tír, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcinnfear:

(a) go n‑áireoidh socruithe dlíthiúla, maoirseachta agus forfheidmithe tríú tír go gcomhlíonann institiúidí creidmheasa agus máthairchuideachtaí sa tríú tír sin ceanglais cheangailteacha atá coibhéiseach leis na ceanglais atá leagtha síos in Airteagail 6, 10 go 16 agus 20;

(b) go ndéanann creat dlíthiúil an tríú tír foráil maidir le córas éifeachtach coibhéiseach chun bearta struchtúracha dá bhforáiltear faoi chórais dlí náisiúnta na dtríú tíortha a aithint.

2.           Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh a leasú nó a tharraingt siar mura bhfuil an foras ar a ndearnadh an cinneadh sin fós á gcomhlíonadh.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 den Rialachán seo chun critéir a leagan síos i leith measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír coibhéiseach leis an Rialachán seo nó nach bhfuil.

Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta, laistigh de 24 mí ó lá fhoilsithe an Rialacháin].

4.           Bunóidh an ÚBE socruithe comhair leis na húdaráis inniúla iomchuí tríú tíortha a mheastar a gcreata dlíthiúla agus maoirseachta a bheith coibhéiseach leis an Rialachán seo i gcomhréir le mír 1 go mír 3. Sna socruithe sin, sonrófar, ar a laghad, córas maidir le húdaráis inniúla ábhartha an dá dlínse íosmhéid faisnéise a roinnt ar a chéile.

Caibidil VII

Smachtbhannaí agus bearta riaracháin

Airteagal 28

Smachtbhannaí agus bearta riaracháin

1.           Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta údarás inniúil faoi Airteagal 26 ná do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí coiriúla forchur na smachtbhannaí sin, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, foráil maidir le cumhacht a thabhairt d'údaráis inniúla chun smachtbhannaí agus bearta riaracháin eile a fhorchur maidir leis na sáruithe a leanas ar a laghad:

(a) sárú ar an toirmeasc atá leagtha síos in Airteagal 6;

(b) mí-ionramháil d'aon chineál ar fhaisnéis atá le cur isteach i gcomhréir le hAirteagal 24(1).

Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir leis an gcumhacht a thabhairt d'údaráis inniúla chun smachtbhannaí agus bearta riaracháin a fhorchur ar institiúid creidmheasa nó ar aon eintiteas grúpa, lena n‑áirítear cuideachta shealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha, gnóthas árachais nó gnóthas ath‑árachais.

I gcás ina bhfuil feidhm maidir le daoine dlítheanacha ag na forálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht d'údaráis inniúla chun smachtbhannaí a chur i bhfeidhm, i gcás sáruithe, faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos sa dlí náisiúnta, ar bhaill an chomhlachta bainistíochta, agus ar dhaoine aonaracha eile atá freagrach as an sárú faoin dlí náisiúnta.

2.           Beidh na smachtbhannaí agus bearta riaracháin a fhorchuirtear chun críche mhír 1 éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

3.           I gcás ina dtograíonn Ballstáit smachtbhannaí coiriúla a leagan síos i dtaca le sárú ar na forálacha dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh siad go bhfuil bearta iomchuí ar bun sa chaoi is go bhfuil na cumhachtaí ar fad is gá ag údarás inniúil chun idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis breithiúnacha ina ndlínse féin ar mhaithe le faisnéis shonrach a fháil maidir le himscrúduithe nó imeachtaí coiriúla a cuireadh ar bun I dtaca le sáruithe a d'fhéadfadh a bheith ann ar Airteagal 6, agus maidir le mí-ionramháil faisnéis atá le cur isteach i gcomhréir le hAirteagal 24(1), agus i dtaca leis an ábhar céanna a chur ar fáil d'údaráis inniúla eile agus d'ÚBE chun a n‑oibleagáid maidir le comhoibriú le chéile a chomhlíonadh, agus, nuair is iomchuí, leis an ÚBE chun críocha mhír 1.

Féadfaidh údaráis inniúla comhoibriú le húdaráis inniúla Ballstát eile chun feidhmiú a gcumhachtaí forchurtha smachtbhannaí a éascú .

4.           Déanfaidh na Ballstáit , i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an chumhacht a thabhairt d'údaráis inniúla na smachtbhannaí agus bearta riaracháin agus bearta eile a leanas ar a laghad a chur i bhfeidhm i gcás na sáruithe dá dtagraítear i mír 1:

(a) ordú á cheangal ar an duine atá freagrach as an sárú scor den iompraíocht atá i gceist agus gan gabháil di arís;

(b) forghéilleadh na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(c) rabhadh poiblí ina luaitear an té atá freagrach as an sárú, agus cineál an tsáraithe;

(d) tarraingt siar nó cur ar fionraí an údaraithe;

(e) toirmeasc sealadach a chur ar aon duine nádúrtha a mheastar a bheith freagrach as sárú, feidhmeanna bainistíochta de chuid eintitis dá dtagraítear in Airteagal 3 a dhéanamh;

(f) i gcás sárú a dhéanamh arís is arís eile, toirmeasc buan ar aon duine nádúrtha a mheastar atá freagrach, feidhmeanna bainistíochta a chur i bhfeidhm in eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 3;

(g) uas‑smachtbhannaí riaracháin airgid dar luach ar a laghad trí oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, i gcás inar féidir iad sin a chinneadh;

(h) maidir le duine nádúrtha, uas‑smachtbhanna riaracháin airgid EUR 5,000,000 ar a laghad nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(i) maidir le daoine dlítheanacha, uas‑smachtbhannaí riaracháin airgid dar luach 10% ar a laghad de láimhdeachas iomlán bliantúil an duine dhlítheanaigh de réir na gcuntas is déanaí atá ar fáil agus atá faofa ag an gcomhlacht bainistíochta; i gcás gur máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid an mháthairghnóthais an duine dlítheanach nach mór dó cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú de réir Threoir 2013/34/AE, is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach de réir na dtreoracha cuntasaíochta ábhartha de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil agus atá faofa ag comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais bhunaidh.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le cumhachtaí de bhreis orthu siúd dá dtagraítear sa mhír seo a thabhairt d'údaráis inniúla agus maidir le raon níos leithne smachtbhannaí agus leibhéil níos airde smachtbhannaí ná mar atá leagtha síos sa mhír seo.

5.           Faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta, 12 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] déanfaidh na Ballstáit fógra i dtaobh na rialacha maidir le mír 1 a thabhairt don Choimisiún agus don ÚBE. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do ÚBE gan mhoill maidir le haon leasú a dhéanfar orthu.

Airteagal 29

Cumhachtaí maoirseachta agus smachtbhannaí a fheidhmiú

1.           Áiritheoidh na Ballstáit, agus cineál agus leibhéal na smachtbhannaí agus na mbeart riaracháin á gcinneadh acu, go gcuirfidh údaráis inniúla san áireamh na cúinsí ábhartha go léir, lena n‑áirítear, nuair is iomchuí, iad seo a leanas:

(a) a thromchúisí atá an sárú, agus fad an tsáraithe;

(b) méid freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;

(c) láidreacht airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, trí fachtóirí éagsúla a chur san áireamh, e.g. láimhdeachas iomlán i gcás duine dhlítheanaigh, nó ioncam bliantúil i gcás duine nádúrtha;

(d) tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó tábhacht na gcaillteanas a sheachain an duine sin, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(e) a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá féachaint chuig aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó na gcaillteanas a sheachain sé;

(f) sáruithe roimhe sin ag an duine atá freagrach as an sárú;

(g) bearta arna ndéanamh ag an duine atá freagrach as an sárú ionas nach dtarlóidh an sárú arís;

(h) aon iarmhairtí sistéamacha a d'fhéadfadh a theacht mar thoradh ar an sárú.

Airteagal 30

Sáruithe a thuairisciú

1.           Cuirfidh na húdaráis inniúla sásra éifeachtach ar bun chun go bhféadfar sáruithe iarbhír nó ionchais ar Airteagal 4 agus Airteagal 15 a thuairisciú do na húdaráis inniúla.

2.           Beidh an méid a leanas ar a laghad ina chuid den sásra dá dtagraítear i mír 1:

(a) nósanna imeachta sonracha maidir le tuairiscí ar sháruithe agus ar a ndearnadh ina leith a glacadh, lena n‑áirítear bealaí cumarsáide slán a bhunú le haghaidh tuairiscí den chineál sin;

(b) cosaint iomchuí do dhaoine atá ag obair ar conradh agus a thuairiscíonn sáruithe nó a gcuirtear sáruithe ina leith, cosaint ar an bhfrithbheartaíocht, ar an idirdhealú nó ar chineálacha eile de chóir neamhchothrom.

(c) cosaint sonraí pearsanta an duine a thuairiscíonn an sárú agus an duine nádúrtha a rinne an sárú líomhnaithe, lena n‑áirítear cosaint maidir le haitheantas an duine sin a choimeád faoi rún, ag gach céim den nós imeachta gan dochar do nochtadh faisnéise a bheith ina cheangal faoin dlí náisiúnta i gcomhthéacs imscrúduithe nó nósanna imeachta breithiúnacha ina dhiaidh sin.

3.           Ceanglóidh na Ballstáit ar fhostóirí nósanna imeachta inmheánacha iomchuí a chur ar bun le gur féidir lena bhfostaithe sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 28(1) a thuairisciú.

4.           Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le dreasachtaí airgeadais a thabhairt do dhaoine a thugann faisnéis iomchuí maidir le sáruithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an Rialachán seo, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcás nach ann d’aon dualgas dlíthiúil ná conarthach ar na daoine sin cheana féin an fhaisnéis sin a thuairisciú, agus ar an gcoinníoll gur faisnéis nua atá i gceist, agus go bhfuil forchur smachtbhanna nó beart riaracháin eile as sárú ar an Rialachán seo mar thoradh air.

Airteagal 31

Malartú faisnéise le ÚBE

1.           Gach bliain soláthróidh údaráis inniúla faisnéis chomhiomlánaithe do ÚBE maidir leis na bearta agus na smachtbhannaí riaracháin, agus na fíneálacha go léir atá forchurtha acu i gcomhréir le hAirteagal 28. Foilseoidh ÚBE an fhaisnéis sin i dtuarascáil bhliantúil.

2.           I gcás ina dtograíonn Ballstáit smachtbhannaí coiriúla a leagan síos i dtaobh sáruithe ar na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 28(1), déanfaidh a n‑údaráis inniúla sonraí comhiomlánaithe agus gan ainmneacha luaite leo maidir le gach imscrúdú coiriúil a rinneadh agus gach smachtbhanna coiriúil a fhorchuireadh a sholáthar do ÚBE. Foilseoidh ÚBE an fhaisnéis sin i dtuarascáil bhliantúil.

3.           I gcás inar ndearna an t‑údarás inniúil bearta agus smachtbhannaí riaracháin, fíneálacha agus bearta eile, chomh maith le smachtbhannaí coiriúla a nochtadh don phobal, tabharfaidh sé fógra ina dtaobh do ÚBE an tráth céanna.

4.           Ullmhóidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na nósanna imeachta agus foirmeacha maidir le malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a chinneadh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta, 12 mhí tar éis fhoilsiú an Rialacháin].

Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 32

Cinntí a fhoilsiú

1.           Faoi réir fhomhír 3, déanfaidh údarás inniúil aon chinneadh lena bhforchuirtear smachtbhanna riaracháin nó beart eile maidir le sárú ar Airteagal 6 agus maidir le tuairisciú airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 28(1) a mhí-ionramháil, déanfaidh sé é a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin go díreach tar éis an duine atá faoi réir an chinnidh sin a chur ar an eolas faoin gcinneadh.

San fhaisnéis a fhoilseofar de bhun na chéad fhomhíreanna sonrófar cineál agus nádúr an tsáraithe ar a laghad, agus aitheantas an duine atá faoi réir an chinnidh.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad ná ag an dara fomhír maidir le cinntí lena bhforchuirtear bearta de chineál imscrúdaithe.

I gcás ina measann údarás inniúil, tar éis dó measúnú a dhéanamh ar gach cás ar leith, go mbeadh sé díréireach aitheantas an duine dhlítheanaigh atá faoi réir an chinnidh, nó sonraí pearsanta duine nádúrtha a fhoilsiú, nó i gcás ina ndéanfadh an foilsiú sin imscrúdú atá ar bun nó cobhsaíocht na margaí airgeadais a chur i gcontúirt, déanfaidh sé ceann amháin de na nithe a leanas:

(a) foilsiú an chinnidh a chur siar go dtí nach ann a thuilleadh do chúiseanna an iarchurtha sin;

(b) an cinneadh a fhoilsiú ar bhonn anaithnid i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcás ina n‑áirithíonn foilsiú den sórt sin cosaint éifeachtach do na sonraí pearsanta lena mbaineann agus, más iomchuí, foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar go ceann tréimhse réasúnta i gcás ina bhfuil sé intuartha go scoirfidh cúiseanna an fhoilsithe anaithnid de bheith ann le linn na tréimhse sin;

(c) ní fhoilseoidh siad an cinneadh i cás ina bhfuil an t‑údarás inniúil faoin tuairim go mbeadh foilsiú i gcomhréir le pointe (a) nó pointe (b) neamhleor leis na nithe seo a áirithiú:

(i)      nach gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais i gcontúirt; nó

(ii)     comhréireacht foilsiú na gcinntí sin maidir le bearta a mheastar a bheith gan mórán tábhachta.

2.           I gcás ina bhfuil an cinneadh faoi réir achomhairc os comhair údarás breithiúnach, riarachán náisiúnta nó údarás náisiúnta eile, foilseoidh údaráis inniúla faisnéis den sórt sin ar a suíomh gréasáin láithreach comh maith le haon fhaisnéis a gheobhaidh siad ina dhiaidh sin maidir le toradh an achomhairc. Fairis sin, foilseofar aon chinneadh lena gcuirfear cinneadh faoi réir achomhairc ar neamhní.

3.           Áiritheoidh údarás inniúil go mbeidh rochtain ar aon chinneadh a fhoilsítear i gcomhréir leis an Airteagal seo ar a shuíomh gréasáin go ceann tréimhse cúig bliana ar a laghad tar éis a fhoilsithe. Coimeádfar na sonraí pearsanta sna cinntí sin ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil go ceann na tréimhse is gá i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí.

Caibidil VIII

Tuarascálacha agus Athbhreithniú

Airteagal 33

Tuarascálacha ón UBE

Ullmhóidh ÚBE, i gcomhair le ESMA, na tuarascálacha a leanas agus cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin iad laistigh de [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta, 12 mhí ó fhoilsiú an Rialacháin.]:

(a) tuarascáil maidir leis an teorainn a d'fhéadfadh a bheith leis na méadraigh i bpointe (a) go (h) in Airteagal 9(2) agus ar na cineálacha urrúsúcháin nach baol iad, dar leis an ÚBE, do chobhsaíocht airgeadais na croí-institiúide creidmheasa ná do chóras airgeadais an Aontais;

(b) tuarascáil maidir le cé acu ar cheart nó nár cheart cineálacha eile de dhíorthaigh agus d'ionstraimí airgeadais eile, seachas na cinn atá liostaithe in Airteagal 11(1), a chur san áireamh chun críche a phriacal féin a bhainistiú go stuama i gcás croí-institiúide creidmheasa.

(c) tuarascáil maidir leis an bhféidearthacht cead a thabhairt ionstraimí airgeadais eile a úsáidtear chun críocha fálú, seachas na cinn atá liostaithe in Airteagal 12(1), a dhíol le cliaint agus maidir leis an gcuid de chistí dílse nach féidir díorthaigh a dhíol os a cionn dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 12(2).

Airteagal 34

Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún faireachán, ar bhonn rialta, ar éifeacht na rialacha atá leagtha síos sa Rialachán seo maidir le baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 1 agus maidir le cobhsaíocht chóras airgeadais an Aontais ina iomláine, agus cuirfidh sé san áireamh forbairtí maidir le struchtúr an mhargaidh chomh maith le forbairtí agus gníomhaíochtaí na n‑eintiteas atá á rialú ag an Rialachán seo, agus chomh maith leis sin déanfaidh sé aon mholtaí is iomchuí ina leith. Díreoidh an t‑athbhreithniú go háirithe ar chur i bhfeidhm na dtairseacha dá dtagraítear in Airteagal 3, ar chur i bhfeidhm agus éifeachtacht an toirmisc dá bhforáiltear in Airteagal 6, ar raon feidhme na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 8 agus ar oiriúnacht na méadrach atá leagtha amach in Airteagal 9. Faoin 1 Eanáir 2020, agus ar bhonn rialta ina dhiaidh sin, tar éis dóibh tuairimí na n‑údarás inniúil a chur san áireamh, na saincheisteanna thuasluaite san áireamh, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, tuarascáil a mbeidh togra reachtach ag gabháil leis, más iomchuí.

Caibidil IX:

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 35

Cumhachtaí tarmligthe a fheidhmiú

1.           Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.           Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 6(6), 8(3), 10(5), 11(3), 12(2), 15(2), sa dara fomhír d'Airteagal 16, in Airteagail 23(4) agus 27(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 38.

3.           Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 6(6), 8(3), 10(5), 11(3), 12(2), 15(2), sa dara fomhír d'Airteagal 16, in Airteagail 23(4) agus 27(3) a chúlghairm aon tráth. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de ghníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

4.           A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

5.           Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 6(6), 8(3), 10(5), 11(3), 12(2), 15(2), an dara fhomhír d'Airteagal 16, Airteagail 23(4) agus 27(3) i bhfeidhm ach amháin mura bhfuil aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí ón tráth a dtugtar fógra i dtaobh an ghnímh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 36

Teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón dáta a thagann sé i bhfeidhm, seachas Airteagal 6, a mbeidh feidhm aige ó [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta, 18 mí tar éis fhoilsiú an Rialacháin seo] agus Airteagail 13 go 18 agus Airteagal 20, a mbeidh feidhm acu ó [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta, 36 mí tar éis fhoilsiú an Rialacháin seo].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa               Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

              1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh

              1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

              1.3.    An cineál togra/tionscnaimh

              1.4.    Cuspóirí

              1.5.    Foras an togra/tionscnaimh

              1.6.    Fad agus tionchar airgeadais

              1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

              2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

              2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

              2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

              3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

              3.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

              3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

              3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

              3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

              3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

              3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

              3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.        Teideal an togra/tionscnaimh

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta struchtúracha chun athléimneacht bhainc an AE a fheabhsú

1.2.        Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[43]

Margadh Inmheánach – Margaí airgeadais

1.3.        An cineál togra/tionscnaimh

ý Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

1.4.        Cuspóirí

1.4.1.     Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Cuidiú leis na rioscaí maidir le cobhsaíocht airgeadais a laghdú agus muinín infheisteoirí agus rannpháirtithe eile sna margaí airgeadais a spreagadh arís.

1.4.2.     Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

I bhfianaise na gcuspóirí ginearálta thuas, is éard is aidhm leis an rialachán riosca sistéamach, strus airgeadais nó teip a chosc i measc banc mór, casta agus idirnasctha, agus roinnt cuspóirí a bhaint amach:

· Tógáil riosca iomarcach a laghdú san institiúid chreidmheasa;

· Deireadh a chur leis na coinbhleachta leasa ábhartha idir na codanna éagsúla san institiúid chreidmheasa;

· Mí-leithdháileadh acmhainní a sheachaint agus iasachtú don fhíorgheilleagar a spreagadh;

· Dálaí iomaíochta neamhshaofa a áirithiú do gach institiúid laistigh den mhargadh inmheánach;

· Idirnascthacht laistigh den earnáil airgeadais as a dtagann riosca sistéamach a laghdú;

· Bainistiú éifeachtach, faireachán agus maoirseacht institiúide creidmheasa a éascú; agus

· Réiteach ordúil agus téarnamh an ghrúpa a éascú.

1.4.3.     An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Tógáil riosca a laghdú san institiúid chreidmheasa;

Deireadh a chur leis na coinbhleachta leasa ábhartha idir na codanna éagsúla san institiúid chreidmheasa;

Mí-leithdháileadh acmhainní a sheachaint agus iasachtú don fhíorgheilleagar a spreagadh;

Níos lú saofa iomaíochta laistigh den mhargadh inmheánach;

Idirnascthacht laistigh den earnáil airgeadais a laghdú;

Bainistiú, faireachán agus maoirseacht níos éifeachtúla institiúide creidmheasa a éascú;

Réiteach agus téarnamh níos ordúla i gcás na ngrúpaí baincéireachta is mó agus is casta.

1.4.4.     Táscairí lena léirítear toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Ar na táscairí atá ábhartha chun meastóireacht a dhéanamh ar an togra d'fheadfaí a áireamh:

· Líon agus an mhéid atá sna bainc atá faoi réir ceanglas deighilte struchtúraí;

· Leithdháileadh gníomhaíochtaí d'eintiteas glactha taiscí nó trádála;

· Líon na n‑idirbheart, raonta difríochta nó leachtacht i margaí ábhartha;

· Treochtaí sna sciartha den mhargadh atá ag bainc atá faoi réir deighilte struchtúraí;

· Comhchruinniú margaidh i ngníomhaíochtaí atá faoi réir deighilte struchtúraí;

· Iontrálaithe nua i ngníomhaíochtaí faoi réir deighilte struchtúraí;

· Treochtaí i mbrabúsacht na mbanc atá faoi réir deighilte struchtúraí;

· Tomhais maidir leis an méid atá i bhfóirdheontais phoiblí intuigthe;

· Tomhais buntáiste na mbanc atá rómhór le teip ó thaobh costas maoiniúcháin;

· Tomhais gníomhaíochta trádála agus iasachtaithe ag bainc atá rómhór le teip.

1.5.        Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.     Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Ó thús na géarchéime airgeadais, tá an tAontas Eorpach (an AE) agus a Bhallstáit ag gabháil d'ollchóiriú bunúsach ar rialáil agus ar mhaoirseacht na mbanc.

I réimse na baincéireachta, chuir an AE tús le roinnt athchóirithe le hathléimneacht na mbanc a mhéadú agus le hiarmhairt teipeanna ionchasacha na mbanc a laghdú, leis an gcuspóir córas níos sábháilte, níos fónta, níos trédhearcaí agus ní freagraí a chruthú, córas a oibreoidh ar son an gheilleagair agus na sochaí ina n‑iomláine (féach go háirithe an Rialachán nua agus an Treoir nua maidir le Ceanglais Chaipitil chomh maith leis an Treoir atá molta maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc).

Tá earnáil bhaincéireachta an AE agus bainc aonair fós mór i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta, áfach. Is iad na bainc is mó freisin is gníomhaí i ngníomhaíochtaí trádála casta agus i ngníomhaíochtaí trasteorann trí líon mór eintiteas dlíthiúil.

Chuaigh roinnt tíortha san AE chomh maith le tríú tíortha céim níos faide agus ghníomhaigh siad, nó tá siad i mbun gníomhú athchóirithe struchtúracha ar a n‑earnálacha baincéireachta faoi seach chun díriú ar ábhair imní a bhaineann leis na hinstítiúidí airgeadais is mó agus is casta. Chomh maith leis sin tá béim leagtha ag institiúidí idirnáisiúnta, amhail an G20, an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais, an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíoch, ar ról na n‑athchóirithe sin i dtaca le hinréiteacht, mar shampla, agus d'iarr siad díospóireacht leathan agus domhanda ar shamhlacha gnó banc.

1.5.2.     Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE:

I bhfianaise na bhforbairtí seo, tá bonn cirt láidir le gníomhú ar leibhéal an AE. Cé go bhfuil an cuspóir céanna ag na hathchóirithe náisiúnta tríd is tríd, tá difríochtaí eatarthu sna mionsonraithe. Déanfaidh an méid sin cinntí bunaíochta a shaobhadh, mar féadfaidh bainc atá rómhór le teip a ngníomhaíochtaí a aistriú go Ballstát eile, nó lonnú ansin. Bheadh freagairt choiteann ón AE níos éifeachtaí dá bhrí sin. Tá an gá le rialacha aonfhoirmeacha ríthábhachtach don aontas baincéireachta chun cúraimí maoirseachta an tSásra Maoirseachta Aonair agus gníomhaíochtaí réitigh an tSásra Réitigh Aonair a éascú.

1.5.3.     Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart

n.b.

1.5.4.     Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann:

Tá roinnt athchóirithe curtha ar bun cheana féin ag an AE chun athléimneacht na mbanc a mhéadú agus chun an dóchúlacht go dteipfeadh ar an mbanc agus an tionchar a bhainfeadh leis sin a laghdú. Ar na hathchóirithe sin áirítear bearta chun sócmhainneacht na mbanc a neartú (an chuid sin de phacáiste an Rialacháin agus na Treorach maidir Ceanglais Chaipitil ina bhfuil ceanglais chaipitil agus leachtachta); bearta chun inréiteacht na mbanc a neartú (Treoir atá beartaithe maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc) bearta chun taiscí a ráthú níos fearr (athbhreithniú na Treorach maidir le Scéimeanna Ráthaíochta Taiscí); bearta le trédhearcacht a fheabhsú agus le díriú ar rioscaí na ndíorthach agus le bonneagair margaidh a fheabhsú (Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach agus athbhreithnithe gaolmhara ar an Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais). Sa bhreis air sin, le stop a chur leis an timthriall aischothaithe dhiúltaigh idir an stát agus rioscaí baincéireachta agus le muinín san euro agus sa chóras baincéireachta a thabhairt ar ais, d'iarr an Coimisiún Eorpach go ndéanfaí tuilleadh forbartha ar Aontas Baincéireachta, ag cur leis an leabhar rialacha aonair a bheidh infheidhme maidir le gach banc san AE ina iomláine. Áireofar leis seo Sásra Maoirseachta Aonair agus Sásra Réitigh Aonair a bheidh éigeantach do bhaill an limistéir euro ach oscailte do rannpháirteachas Ballstát eile.

In ainneoin an chláir oibre leathain seo um athchóiriú tá gá le bearta breise chun an fhéidearthacht go dteipfeadh bainc atá rómhór le teip chomh maith leis an iarmhairt a laghdú. Tá tacaíocht ar leibhéal domhanda ann do na bearta sin, mar atá léirithe i ráitis ó cheannairí agus ó airí an G20 le déanaí.

Maidir le hiarmhairt teipe, réiteoidh an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc an bealach chuig réiteach ordúil ghnáthbhainc an AE agus ar an gcaoi sin laghdófar go mór iarmhairt theip na mbanc sin don airgeadas poiblí. Beidh sé dúshlánach do na bainc atá rómhór le teip na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú, toisc a gcláir chomhardaithe agus a struchtúir chorparáideacha a bheith an‑mhór, casta agus comhdhlúite. Dá thoradh sin, cé go laghdaítear an seans go mbeadh gá le tacaíocht phoiblí, b'fhéidir nach mbeidh deireadh ar fad leis mura gcuirfear na cumhachtaí uile i bhfeidhm i ngach cás. D'fhéadfadh iarmhairt sách mór teacht as teip bainc mhóir chasta fós dá bhrí sin. B'fhéidir go míníonn an méid sin uile léargas na margaí ar na fóirdheontais intuigthe atá fágtha agus go bhfuil gá le soiléiriú breise i dtaca leis na bearta struchtúracha breise a d'fhéadfaí a dhéanamh. Trí athchóiriú struchtúrach a dhéanamh, méadófar na roghanna atá ar fáil d'údaráis agus iad ag déileáil le grúpaí baincéireachta a bhfuil ag teip orthu. Trí chreidiúnacht réitigh ordúil a mhéadú, cuirfear feabhas ex ante ar rialú an mhargaidh agus ar dhinimic na gclár comhardaithe banc. Le hathchóirithe struchtúracha d'fhéadfadh na cumhachtaí nua-bhronnta sa Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc bheith níos éifeachtaí do na bainc atá rómhór le teip, mar go ndéileáilfeadh údaráis réitigh le cláir chomhardaithe ar leith, a bheadh leithscartha agus níos simplí. D'fhágfadh sin go mbeadh sé níos éasca faireachán agus measúnú a dhéanamh ar na heintitis éagsúla i ngrúpa baincéireachta agus cuireann sé leis an raon roghanna atá ag na húdaráis réitigh. Bheadh bearta breise do na bainc atá rómhór le teip i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta sa Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc.

1.6.        Fad agus tionchar airgeadais

ý Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Foráiltear go dtiocfaidh sé i bhfeidhm agus go gcuirfear i bhfeidhm é in 2015/2017 agus go gcomhlíonfar an cosc ar thrádáil ó Eanáir 2017 agus na ceanglais deighilte ionchasacha ó Iúil 2018.

1.7.        Modhanna bainistíochta atá beartaithe[44]

Ó bhuiséad 2014

¨ Bainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún

– ¨ ag a ranna, lena n‑áirítear an fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

– ¨  ag na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

¨ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

ý Bainistíocht indíreach trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

– ¨ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

– ¨ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

– ¨an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

– ¨ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

– ¨ comhlachtaí dlí poiblí;

– ¨ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

– ¨ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

– ¨ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme sa CBES de bhun Theideal V den CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

– I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

Is gníomhaireacht rialála í an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) a ghníomhaíonn faoi mhaoirseacht an Choimisiúin.

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.        Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Foráiltear sa togra go n‑athbhreithneoidh an Coimisiún éifeachtacht na mbeart atá beartaithe ar bhonn tréimhsiúil.

2.2.        Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.     Na rioscaí a aithníodh.

I ndáil le húsáid dhlíthiúil, eacnamaíoch, éifeachtach agus éifeachtúil na leithreasuithe a thagann as an togra, táthar ag súil nach dtiocfadh rioscaí nua as an togra nach mbeadh cumhdhaithe faoin gcreat rialaithe inmheánach atá ag an ÚBE cheana.

2.2.2.     Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm.

n.b.

2.2.3.     Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis.

n.b.

2.3.        Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Chun críocha calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian maidir leis an mBord ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF).

Aontóidh ÚBE do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Pharlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach, maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus glacfaidh sé forálacha iomchuí láithreach bonn maidir le foireann uile ÚBE.

Leagfar amach go sainráite sna cinntí maidir le maoiniú agus sna comhaontuithe agus sna hionstraimí cur chun feidhme a dtig astu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha ar an láthair a chur i gcrích, más gá, ar thairbhithe airgid atá íoctha amach ag ÚBE agus ar chomhaltaí foirne atá freagrach as an airgead sin a leithdháileadh.

Is in Airteagal 64 agus Airteagal 65 den Rialachán lena mbunaítear ÚBE a leagtar amach na forálacha maidir le cur chun feidhme agus rialú bhuiséad ÚBE agus na rialacha airgeadais is infheidhme.

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.        Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

· Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

|| LD/LN ([45]) || ó thíortha CSTE[46] || ó thíortha is iarrthóirí[47] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

1.a || 12.0302 Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) || Difreáilte || TÁ || TÁ || NÍL || NÍL

· Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

3.2.        An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

Beidh na tionchair seo a leanas ag an tionscnamh reachtach seo ar chaiteachas:

· Earcú beirt gníomhairí sealadacha nua ag ÚBE (beirt ó Eanáir 2016) - Féach an Iarscríbhinn le haghaidh tuilleadh eolais faoina ról agus conas mar a ríomhadh a chostas (maoineoidh an AE 40% díobh agus na Ballstáit 60% díobh).

· Déanfar na cúraimí nua leis na hacmhainní daonna atá ar fáil laistigh den nós imeachta um leithdháileadh buiséid, i bhfianaise srianta ar an mbuiséad is infheidhme maidir le gach comhlacht den AE agus atá i gcomhréir leis an gclárú airgeadais do na gníomhaireachtaí. Go háirithe, beidh na hacmhainní a bheidh de dhíth ar an ngníomhaireacht le haghaidh na gcúraimí nua comhsheasmhach agus comhoiriúnach leis an gcláreagrú daonna agus airgeadais le haghaidh ÚBE a socraíodh sa Teachtaireacht le déanaí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle - Cláreagrú acmhainní daonna agus airgeadais le haghaidh gníomhaireachtaí díláraithe 2014-2020' (COM(2013)519).

3.2.1.     Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais || Uimhir || 1a Fás Cliste agus Cuimsitheach Comhtháthú Eacnamaíoch, Sóisialta agus Críochach

DG: MARKT || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

Ÿ Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || ||

12.0302 Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) || Gealltanais || (1) || 0,00 || 0,00 || 0,16 || 0,15 || 0,15 || 0,15 || 0,15 || 0,76

Íocaíochtaí || (2) || 0,00 || 0,00 || 0,16 || 0,15 || 0,15 || 0,15 || 0,15 || 0,76

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach[48] || || || || || || || ||

Uimhir na líne buiséid || || (3) || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasuithe do MARKT || Gealltanais || =1+1a +3 || 0,00 || 0,00 || 0,16 || 0,15 || 0,15 || 0,15 || 0,15 || 0,76

Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 0,00 || 0,00 || 0,16 || 0,15 || 0,15 || 0,15 || 0,15 || 0,76

Ÿ IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || ||

Ÿ IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDEAL 1.a den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || =4+ 6 || 0,00 || 0,00 || 0,16 || 0,15 || 0,15 || 0,15 || 0,15 || 0,76

Íocaíochtaí || =5+ 6 || 0,00 || 0,00 || 0,16 || 0,15 || 0,15 || 0,15 || 0,15 || 0,76

Íocaíochtaí || =5+ 6 || || || || || || || ||

Ceannteideal an chreata airgeadais || 5 || "Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

|| || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN

DG: ||

Ÿ Acmhainní daonna || || || || || || || ||

Ÿ Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || ||

IOMLÁN DG <…….> || Leithreasuithe || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || || || || || || || ||

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

|| || || Bliain N[49] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || || || || || || || ||

3.2.2.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

– ¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

– ý  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas[50] || Meánchostas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon iomlán || Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1[51]... || || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1 || || || || || || || || || || || || || || || ||

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2... || || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || ||

COSTAS IOMLÁN || || || || || || || || || || || || || || || ||

3.2.3.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.  Achoimre

– ý Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

– ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

|| Bliain N[52] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || || || || || || || ||

Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || ||

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[53] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || || || || || || || ||

Caiteachas eile de chineál riaracháin || || || || || || || ||

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

IOMLÁN || || || || || || || ||

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.2.  Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

– ý Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

– ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

|| || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

|| Ÿ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach) || ||

|| XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || || || || || || ||

|| XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || ||

|| XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || ||

|| 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || ||

Ÿ Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[54] ||

|| XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón 'gclúdach iomlánaíoch') || || || || || || ||

|| XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí) || || || || || || ||

|| XX 01 04 yy[55] || - sa Cheanncheathrú || || || || || || ||

|| - Toscaireachtaí || || || || || || ||

|| XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach) || || || || || || ||

|| 10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || ||

|| Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || ||

|| IOMLÁN || || || || || || ||

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus foireann shealadach ||

Foireann sheachtrach ||

3.2.4.     Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

– ý Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

– Beidh na hacmhainní a bheidh de dhíth ar ÚBE le haghaidh na gcúraimí nua comhsheasmhach agus comhoiriúnach le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020 agus leis an gcláreagrú daonna agus airgeadais le haghaidh ÚBE a socraíodh sa Teachtaireacht le déanaí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle - Cláreagrú acmhainní daonna agus airgeadais le haghaidh gníomhaireachtaí díláraithe 2014-2020' (COM(2013)519)."

– ¨  Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

– ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[56].

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.     Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

– Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh‑mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Iomlán

Ballstáit || 0,00 || 0,00 || 0,00 || 0,00 || 0,00 || 0,00 || 0,00 || 0,00

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe || 0,00 || 0,00 || 0,00 || 0,00 || 0,00 || 0,00 || 0,00 || 0,00

3.3.        An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

– ¨ Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

– ¨  Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

¨         ar acmhainní dílse

¨         ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim || Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha || Tionchar an togra/tionscnaimh[57]

2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020

Airteagal …………. || || 0.00 || 0.00 || 0.00 || 0.00 || 0.00 || 0.00 || 0.00

I gcás ioncaim ilghnéithigh atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

Iarscríbhinn maidir le bearta struchtúracha chun athléimneacht institiúidí creidmheasa an AE a fheabhsú

Meastachán do ÚBE

Cuimsítear i dtogra an Choimisiúin forálacha do ÚBE chun ceithre gníomh tarmligthe agus sé chaighdeán theicniúla a fhorbairt lena áirithiú go bhfuil forálacha de chineál ardteicniúil curtha chun feidhme go comhsheasmhach ar fud an AE.

Ba cheart don Choimisiún caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh arna bhforbairt ag ÚBE i dtaca leis an modheolaíocht le haghaidh thomhas agus chur i bhfeidhm comhsheasmhach na méadrach a bhaineann le ríomh na tairsí ar cheart deighilt gníomhaíochtaí trádála a bheith ar siúl os a chionn. Ba cheart don Choimisiún agus do ÚBE a áirithiú go bhféadfaidh na hinstitiúidí go léir lena mbaineann na caighdeáin sin a chur i bhfeidhm ar bhealach atá comhréireach le cineál, scála agus castacht na n‑institiúidí sin agus a ngníomhaíochtaí. Sa bhreis air sin, ba cheart don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag ÚBE a ghlacadh i dtaca le modheolaíocht chun an méid gníomhaíochtaí trádála a mbíonn institiúidí creidmheasa agus máthairchuideachtaí ag gabháil dóibh a ríomh agus i dtaca leis an teimpléad aonfhoirmeach le haghaidh nochtadh méid iomláin agus comhpháirteanna gníomhaíochtaí trádála na n‑institiúidí creidmheasa agus na máthairchuideachtaí trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Chun an obair dá bhforáiltear a chur i gcrích, beidh gá le cruinnithe déthaobhacha agus iltaobhacha leis an geallsealbhóirí, anailís agus measúnú ar roghanna agus dréachtú doiciméad comhairleach, comhairliúcháin phoiblí le geallsealbhóirí, bunú agus bainistiú buanghrúpaí saineolaithe ina mbeidh maoirseoirí ó Bhallstáit, bunú agus bainistiú grúpaí saineolaithe ad hoc, anailís ar na freagairtí ar chomhairliúcháin, dréachtú anailíse costas/sochar agus dréachtú an téacs dhlíthiúil.

Glactar leis go dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm ag deireadh 2015 Ní bheidh gá le hacmhainní breise ÚBE ach ó 2016 ar aghaidh. Beidh gá le poist na ngníomhairí sealadacha chun na cúraimí is gá a chomhlíonadh san fhadtéarma.

Gníomhartha tarmligthe an Choimisiúin:

· Méadraigh: leibhéal toimhde infhrisnéise, uimhir;

· Soláthar táirgí bainistithe riosca: uasteorainn ar ceart táirgí bainistithe riosca a sholáthar ag eintiteas trádála os a cionn;

· Rialacha maidir le deighilt – neamhchosaintí móra: Teicnící maolaithe riosca creidmheasa incháilithe.

· Raon críochach: critéir um choibhéis

Caighdeáin theicniúla an Choimisiúin:

· Cosc ar thrádáil dílseánaigh – modheolaíocht chun gníomhaíochtaí trádála a ríomh chun críocha na tairsí ginearálta.

· Cosc ar thrádáil dílseánaigh – teimpléad aonfhoirmeach do nochtadh gníomhaíochtaí trádála;

· Deighilt - méadraigh: tomhas agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach.

· Mionsonraí maidir le hoibleagáid tuairiscithe agus teacht i bhfeidhm

· Clárú stórtha trádála

· Údaráis a bhfuil rochtain acu ar shonraí stórtha trádála.

Toimhde maidir le hacmhainní breise:

· Glactar leis gur gníomhairí sealadacha ón ngrúpa feidhmiúil agus grád AD7 a bheidh sa dá phost bhreise.

· Is ar threoir ó Ard‑Stiúrthóireacht an Bhuiséid atá na meánchostais tuarastail i gcás catagóirí éagsúla pearsanra bunaithe;

· Is é 1.344 an chomhéifeacht coigeartaithe tuarastail do Londain.

· Meastar na costais misean ag €10,000.

· Meastar go mbeidh €12,700 i gceist le costais a bhaineann le hearcaíocht (taisteal, óstáin, scrúduithe leighis, aistriú agus liúntais eile, costais aistrithe, etc).

Léirítear an modh chun an méadú sa bhuiséad a theastaíonn a ríomh maidir leis na chéad trí bliana eile níos mine sa tábla thíos. Léirítear sa ríomh go gcistítear 40% de na costais as buiséid an Aontais.

Cineál costais || Ríomh || Méid (i mílte)

2016 || 2017 || 2018 || Iomlán

Caiteachas foirne || || || || ||

11 Tuarastail agus liúntais || =2 x 132 x1.344 || 355 || 355 || 355 || 1.064

12 Caiteachas a bhaineann le hearcaíocht || =2 x 13 || 25 || || || 25

13 Speansais misean || =2 x 10 || 20 || 20 || 20 || 60

Iomlán: Caiteachas foirne || || 400 || 375 || 375 || 1.150

|| || || || ||

Ar ranníocaíocht Chomhphobail é (40%) || || 160 || 150 || 150 || 460

Ar ranníocaíocht na mBallstát é (60%) || || 240 || 225 || 225 || 690

[1]               Do shainordú agus liosta na gcomhaltaí, féach ar       http://ec.europa.eu/internal_market/bank/docs/high‑level_expert_group/mandate_en.pdf

[2]               I measc moltaí eile an Ghrúpa Saineolaithe Ardleibhéil bhí (2) go bhféadfadh deighilt gníomhaíochtaí breise a bheith riachtanach ag brath ar an bplean téarnaimh agus réitigh; (3) tarrtháil isteach a úsáid mar uirlis réitigh; (4) athbhreithniú ar riachtanais chaipitil ar shócmhainní trádála agus ar iasachtaí a bhaineann le heastát réadach; agus (5) bearta atá dírithe ar láidriú rialachas agus rialú na mbanc ionas go neartófar grinnscrúdú banc agus smacht an mhargaidh.

[3]               Parlaimint na hEorpa (McCarthy 2013), Struchtúr earnáil baincéireachta an AE a athchóiriú , 2013/2021 (INI)

[4]               Tá sé ceaptha go gcumhdóidh rómhór le teip róthábhachtach le teip, agus ró-idirnasctha le teip chomh maith. Féach freisin an Coimisiún Eorpach (2013b).

[5]               Treoir xx/xxxx/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochtaí agus lena leasaítear Treoir 77/91/CEE agus Treoir 82/891/CE ón gComhairle agus Treoracha 2001/27/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE agus 2011/35/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L--xxx

[6]               COM(2012) 102 final, http://ec.europa.eu/internal_market/bank/docs/shadow/green‑paper_en.pdf

[7]              Is í Tuarascáil FSB an 27 Deireadh Fómhair 2011 maidir le maoirseacht agus rialáil scáthbhaincéireachta a d'fhorbair an sainmhíniú seo, http://www.financialstabilityboard.org/publications/r_111027a.pdf

[8]               P7_TA(2012)0427, http://www.europarl.europa.eu/sides/getDoc.do?type=TA&reference=P7-TA-2012-0427&language=EN

[9]               Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le Scáthbhaincéireacht - Aghaidh a thabhairt ar Fhoinsí Nua Riosca san Earnáil Airgeadais, COIM (2013), 614 final

[10]             Comhairliúchán an Grúpa Saineolaithe Ardleibhéil ar athchóiriú struchtúr earnáil baincéireachta an AE, Bealtaine/Meitheamh 2012. http://ec.europa.eu/internal_market/consultations/2012/banking_sector_en.htm. Fuair ​​an Grúpa Saineolaithe Ardleibhéil 83 freagra, a bhformhór mór acu ó bhainc agus institiúidí airgeadais eile, agus ina dhiaidh custaiméirí miondíola agus a gcumainn agus, ar deireadh, custaiméirí corparáideacha.

[11]             Comhairliúchán ar mholtaí an Ghrúpa Saineolaithe Ardleibhéil maidir le struchtúr earnáil baincéireachta an AE,http://ec.europa.eu/internal_market/consultations/2012/hleg-banking_en.htm. As na 89 freagra a fuarthas, is ón tionscal baincéireachta a tháinig a leath, beagnach

[12]             "Comhairliúchán an Choimisiúin ar Athchóiriú Struchtúrach na hEarnála Baincéireachta," http://ec.europa.eu/internal_market/consultations/2013/banking-structural-reform/index_en.htm. Fuair ​​seirbhísí an Choimisiúin breis is 500 freagraí. Tháinig siad ó bhainc agus institiúidí airgeadais eile, cliaint chorparáideacha, infheisteoirí, údaráis phoiblí, agus comhlachais tomhaltóirí, agus ó dhaoine aonair-freagairtí ó dhaoine aonair (439) agus ó chomhlachais tomhaltóirí (11).

[13]             Arna bhunú trí Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 an 15 Deireadh Fómhair 2013 a ghlacadh, lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L287, 2013/10/29, lch. 63).

[14]             A bunaíodh trí [SRM] a ghlacadh.

[15]             Is é seo an tairseach do "institiúidí suntasacha " a úsáidtear i Rialachán Uimh. 1024/2013.

[16]             Féach Iarscríbhinn 6 den IA.

[17]             Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochtaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, IO L 176, 27.6.2013, Lch. 1. Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain ar ghníomhaíocht na n‑institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE, IO L 176, 27.6.2013, lch. 338.

[18]             Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012, IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.

[19]             Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach (IO L 319, 5.12.2007, lch. 1-36).

[20]             IO C , , lch. .

[21]             IO C , […], Lch. […].

[22]             IO C , […], lch. […].

[23]             Arna bhunú ag Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don BCE maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L287, 29.10.2013, lch. 63).

[24]             Arna bhunú ag [an Sásra Aonair Réitigh].

[25]             Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don BCE maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).

[26]             Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011

                maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010

[27]             Treoir 2001/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE, (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

[28]             Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

[29]             Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 85/611/CEE agus Treoir 93/6/CEE ón gComhairle agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 93/22/CEE ón gComhairle (IO L 145, 30.4.2004, lch. 1).

[30]             Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

[31]             Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013

maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, (IO L176, 27.6.2013, lch.1).

[32]             Treoir 2013/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais comhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

[33]          Treoir 94/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 maidir le scéimeanna ráthaithe éarlaisí IO L 135, 31.05.1994, lch. 0005 go lch. 0014.

[34]             Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2006 lena gcuirtear chun feidhmeTreoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hoibleagáidí gnólachtaí infheistíochta i ndáil le coimeád taifead, idirbhearta a thuairisciú, trédhearcacht mhargaidh, ionstraimí airgeadais a ligean isteach chun trádála, agus téarmaí a mhínítear chun críocha na Treorach sin, (IO L 241, 2.9.2006, lch.1).

[35]             Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch 1).

[36]             Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013, maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch.1).

[37]             Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013, maidir le cistí caipitil fiontraíochta soisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch.18).

[38]             Rialachán (AE) Uimh. XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cistí Infheistíochta Fadtéarmacha Eorpacha IO L xx/xx.

[39]             Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin maidir le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe, (GCUI), (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

[40]             Treoir 94/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí (IO L 135, 31/05/1994, lgh. 0005 go 0014).

[41]             Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach (IO L 319, 5.12.2007, lgh.1 go 36).

[42]             Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012

maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála.

[43]             ABM: bainistiú de réir gníomhaíochtaí ABB: bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[44]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard‑Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[45]             LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte

[46]             CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

[47]             Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí .

[48]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[49]             Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

[50]             Is éard atá in aschuir táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).

[51]             Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. Cuspóirí sonracha...

[52]             Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

[53]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[54]             CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne Áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht).

[55]             Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

[56]             Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach (don tréimhse 2007-2013).

[57]             A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

Top