EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52013PC0462
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on European Long-term Investment Funds
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí
/* COM/2013/0462 final - 2013/0214 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí /* COM/2013/0462 final - 2013/0214 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Infheistíocht fhadtéarmach, sin caipiteal
fadsaolach a chur ar fáil le sócmhainní inláimhsithe (amhail bonneagair
fuinnimh, iompair agus cumarsáide, saoráidí tionscail agus seirbhíse,
teicneolaíochtaí tithíochta agus éicea-nuála agus um agus athrú aeráide) chomh
maith le sócmhainní doláimhsithe (amhail oideachas agus taighde agus forbairt)
a mhaoiniú le treisiú le nuáil agus iomaíochas. Go leor de na hinfheistíochtaí
s, bíonn buntáistí poiblí leathana acu, toisc gur mó na torthaí a ghineann don
tsochaí ina hiomláine trí thacú le seirbhísí riachtanacha agus caighdeáin
mhaireachtála a fheabhsú. Tá faoin togra seo cabhrú le cur leis an linn
caipitil atá ar fáil d'infheistíocht fhadtéarmach i ngeilleagar an lae amárach
san Aontas Eorpagh d'fhonn trasdul chuig fás cliste, inbhuanaithe, cuimsitheach
a mhaoiniú. Déanfar é sin trí chineál nua feithicle
ciste a chruthú, Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí AE nó ELTIFanna. Táthar ag
súil go mbeidh ELTIFanna, de bhua na haicmí sócmhainne a bhfuil cead acu
infheistiú iontu, in ann torthaí fadtéarmacha, cobhsaí a chur ar fáil
d'infheisteoirí. Mheasfaí sócmhainní incháilithe a bheith mar chuid de
'infheistíochtaí malartacha' - aicmí sócmhainne atá lasmuigh den sainmhíniú
traidisiúnta ar scaireanna agus bannaí atá liostaithe. Cuimsíonn
infheistíochtaí malartacha eastát réadach, caipiteal fiontair, cothromas
príobháideach, cistí fálaithe, cuideachtaí neamh‑liostaithe, urrúis shuaite
agus tráchtearraí, ní dhíreodh ELTIFanna ach ar infheistíochtaí malartacha a
thagann laistigh de chatagóir sainmhínithe d'aicmí sócmhainne fadtéarmacha a n‑éilíonn
a bhforbairt rathúil tiomantas fadtéarmach infheisteoirí. Dá bhrí sin, bheadh
eastát réadach, cuideachtaí neamhliostaithe nó tionscadail bonneagair incháilithe,
ach ní bheadh tráchtearraí incháilithe. Tá gá soiléir ann mar sin lena áirithiú go
dtéitear i ngleic ar leibhéal an Aontais Eorpaigh le bacainní ar infheistíocht
a bhfuil peirspictíocht fhadtéarmach acu. Tá sé seo fíor go háirithe do shócmhainní
amhail tionscadail bhonneagair a bhíonn ag brath ar thiomantais fhadtéarmacha. Bíonn
na sócmhainní seo ag brath, i bpáirt, ar rud ar a dtugtar go minic 'caipiteal
foighneach'. Ní féidir an cineál seo infheistíochta a fhuascailt ar feadh
roinnt blianta, ach infheistítear iad ar dhóigh go mbeidh siad in ann torthaí
cobhsaí agus intuartha a chur ar fáil. Bheadh tionscadail bhonneagair,
infheistíochtaí i gcaipiteal daonna, nó lamháltais oibriúcháin i gceist sa chur
síos sin. Caipiteal a infheistítear sa tslí fhadtéarmach, 'fhoighneach' seo,
tugann sé tairbhe don fhíorgheilleagar trí shreabha intuartha, inbhuanaithe
airgeadais do ghnólachtaí, a chruthaíonn fostaíocht, a chur ar fáil. Infheisteoirí ar nós cuideachtaí árachais agus
cistí pinsin a bhfuil dliteanais fhadtéarmacha acu, léirigh siad fonn le
hinfheistiú i sócmhainní infheistíochta níos fadtéarmaí. Ag an am céanna,
tharraing siad aird ar an easpa sásraí comhroinnte atá ar fáil go héasca,
amhail cistí infheistíochta, chun rochtain ar na cineálacha infheistíochtaí sin
a éascú. Mar thoradh air sin, sriantar deiseanna infheistíochta den sórt sin do
roinnt infheisteoirí an‑mhór, amhail cistí pinsin móra nó gnóthais árachais,
atá in ann go leor caipitil a thiomsú agus a leithdháileadh de bhua a n‑acmhainní
féin. Gníomhaíonn sé sin, ar a sheal, mar bhac d'infheisteoirí beaga, amhail
pleananna pinsin áitiúla, bardais, na scéimeanna pinsin a bhíonn á reáchtáil ag
na gairmeacha liobrálacha nó pleananna pinsin corparáideacha a d'fhéadfadh,
murach sin, tairbhe a bhaint as éagsúlú a gcuid infheistíochtaí isteach i
sócmhainní den sórt sin. D'uireasa na ngrúpaí infheisteoirí sin, ina dhiaidh
sin, ní bhíonn an fíorgheilleagar in ann rochtain a fháil ar linnte doimhne de
mhaoiniú a bhfuil tacaíocht caipitil acu. An meall mór ar deireadh, d'fhéadfadh
infheisteoirí miondíola aonair a bhfuil dliteanas amach anseo acu (ceannacháin
baile, oideachas nó maoiniú mór-athchóirithe) leas a bhaint as an toradh nó na
torthaí rialta a thugann cistí infheistíochta fadtéarmaí. Na tiomantais chaipitil ar scála mór agus
fadtéarmach is gá chun linnte infheistíochta éifeachtaí do shócmhainní
fadtéarmacha a fheidhmiú, tá ilroinnt rialála i measc na mBallstát ag cur baic
orthu. Nuair a bhíonn cistí agus dreasachtaí ann ar an leibhéal náisiúnta, ní
bhíonn siad comhleanúnach le tionscnaimh inchomparáide i mBallstáit eile. Cuireann
sé sin cosc ar scála an chomhthiomsaithe saineolais caipitil agus
infheistíochta a chruthaíonn barainneachtaí scála le haghaidh cistí agus dá
bhrí sin, a thugann tairbhe d'infheisteoirí. Ar an láimh eile, níl aon
samhlacha ciste nó dreasachtaí coibhéiseacha a thugann aghaidh ar aicmí
sócmhainne fadtéarmacha ag formhór na mBallstát. In éagmais feithicle ciste
trasteorann, déantar infheisteoirí sna margaí sin a eisiamh ó infheistiú i
ranganna sócmhainne fadtéarmaí. Is é an toradh deiridh nach bhfuil aon sásra
ar fáil go héasca le cistí atá le bheith tiomanta ar feadh tréimhsí fada ama a
threorú chuig tionscadail fíorgheilleagar ar gá an maoiniú sin dóibh. Moillíonn
sé sin forbairt na hinfheistíochta fadtéarmaí. Ní fhorbraítear saineolas i
measc gairmithe infheistíochta i ngeall ar easpa éilimh. Ní chruthaítear
barainneachtaí scála a mbíonn mar thoradh orthu laghdú ar na costais a
bhaineann le feidhmiú ciste infheistíochta fhadtéarmaigh. Ina theannta sin, d'fhéadfadh tionscadail
bhonneagair nó innealtóireachta tionsclaíocha ar scála mór rochtain ar linnte
caipitil a éileamh nach mbíonn ar fáil i gcónaí nuair is i mBallstát amháin a
chruinnítear an caipiteal. B'fhéidir go mbeadh tionscadail ar scála mór gafa le
gnólachtaí atá bunaithe i roinnt Ballstát éagsúil chomh maith. Bíonn ar aon
sásra maoinithe déileáil le fadhb seo na hilroinnte agus infheisteoirí agus
tionscadail i dtíortha éagsúla san Aontas Eorpach a éascú. Tá, mar sin, gá le feithicil maoinithe atá
ceaptha go sonrach chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin a éascú. Chun
éifeachtúlacht aon sásra cistiúcháin a uasmhéadú ní mór dó go mbeadh rochtain
ag infheisteoirí ar fud an Aontais air. Léiríodh an tábhacht a bhaineann le dul
i ngleic leis na saincheisteanna sin cheana féin sa Ghníomh um an Margadh
Aonair II (SMA II).[1]
Ar cheann dá dhá phríomhchuspóir déag tá treisiú le hinfheistíocht fadtéarmach
san fhíorgheilleagar. D'fhonn an sprioc sin
a bhaint amach, mhol an SMA II sraith nua rialacha AE a fhorbairt le cruinniú
caipitil trasteorann a éascú, mar chuid den chaipiteal is gá chun cistí
infheistíochta éifeachtacha ó thaobh costais a dhíríonn ar dheiseanna
infheistíochtaí fadtéarmacha a oibriú. Leagadh amach an comhthéacs leathan na hoibre
seo i bPáipéar Uaine an Choimisiúin Eorpaigh[2]
, Maoiniú Fadtéarmach Gheilleagar na hEorpa, a chuireann síos ar cheisteanna
soláthair agus éilimh ar fud na struchtúr maoinithe uile. Dhearbhaigh an
Páipéar Uaine freisin an gá atá le bearta maidir le cistí infheistíochta, mar
atá leagtha amach sa togra seo, agus ag an am céanna dhírigh sé ar an
chomhthéacs an ghá leathain le maoiniú an fhíorgheilleagair a athbheochan trí
mheascán agus athléimneacht foriomlán na bhfoinsí maoinithe éagsúla a fheabhsú.
Anseo is féidir leis an ELTIF nua rannchuidiú trí airgeadas nach ó bhainc é atá
ar fáil do ghnólachtaí a mhéadú, chun rochtain ar mhaoiniú bainc a chomhlánú. Faoi láthair, tá ceannas ar mhargaí cistí
infheistíochta an AE ag cistí a oibríonn faoin Treoir GCUI (Gnóthais le
haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe), a tugadh isteach den chéad
uair i 1985. Tá sócmhainní GCUI atá faoi bhainistíocht ardaithe anois go €
6,697 billiún[3]
. Sa Treoir GCUI tá sraith rialacha táirge a úsáideann cistí infheistíochta
agus atá ar fáil d'infheisteoirí miondíola, ach tá sé dírithe ar urrúis
inaistrithe d'fhonn a áirithiú go mbíonn leachtacht leordhóthanach ar fáil chun
fuascailtí ar éileamh a shásamh. Mar thoradh
air sin, níl aonaid GCUI in ann rannchuidiú le maoiniú cheangaltais chaipitil
fhoighnigh ar thionscadail infreastruchtúir agus eile. Cé nach gá go gciallódh
an tionscnamh GCUI go bhfágfaidh cruthú ELTIF go meallfar leibhéil chomhchosúla
spéise ó na hinfheisteoirí, mar gheall ar an luach atá ag cistí an‑leachtacha
do go leor infheisteoirí miondíola, léiríonn an fhíric gur éirigh leis gur
féidir le tionscnaimh ar fud an AE tionchar láidir a imirt le margadh a
fhorbairt agus muinín infheisteoirí a thógáil. Cabhróidh cruthú na gCistí Caipitil Fiontair
Eorpacha (EuVECA) agus na gCistí Eorpacha um Fhiontraíocht Shóisialta (EuSEF),
fara ELTIFanna, le rannchuidiú le maoiniú an gheilleagair Eorpaigh. Ach díríonn
na scéimeanna EuVECA agus EuSEF ar nideog an‑sonrach i ngeilleagar an AE: gnólachtaí
nuathionscanta a
mhaoiníonn caipiteal fiontair agus gnólachtaí ar
speisialtóirí iad le tionchar sóisialta a bhaint amach.
Leanann an togra ar ELTIFanna cur chuige níos
leithne ná na tograí EuVECA agus EuSEF. Tá
faoi díriú ar réimse leathan cineálacha sócmhainní fadtéarmacha agus tá faoi
ciste infheistíochta a chruthú a fhéadfar a dhíol chomh maith le infheisteoirí
miondíola. Tarraingíonn sé sin anuas an gá le trí ghné lárnacha: (1) rialacha
sonracha táirgí a chlúdaíonn sócmhainní incháilithe agus a n‑éagsúlú; (2)
leibhéal ard inniúlachta acu siúd a bhfuil cead acu ELTIFanna a bhainistiú agus
a mhargú agus (3) ailíniú idir ionchais infheistíochta ELTIFanna agus ionchais
fuascailte a gcuid infheisteoirí. An gá le rialacha táirge Is é is aidhm don chreat nua ELTIF 'dara pas
miondíola' a chruthú a leanann an cur chuige GCUI, a bhfuil seantaithí air, ar
sonraíochtaí táirgí agus rioscaí a scaipeadh. Tá cuid mhaith suime ag
infheisteoirí an deis a fháil le hinfheistiú in aicmí sócmhainní fadtéarmacha a
mhéadaíonn trína saolré (cuideachtaí beaga nó meánmhéide) nó a tháirgeann
ioncam rialta i rith na tréimhse sealbhaíochta (sócmhainní bonneagair). Teastaíonn
feithicil den sórt sin go háirithe ó phleananna pinsin a bhíonn á reáchtáil ag
bardais, buirgí, cuideachtaí beaga agus móra nó ag gairmeacha liobrálacha.
Toisc nach bhfuil a leithéid de chistí sócmhainní fadtéarmacha in a lán
Ballstát, bíonn infheisteoirí sna Stáit sin gearrtha amach ón deis
infheistíochta sin. Déanfaidh pas tras‑teorann an scéal sin a leigheas. Chun freastal ar na riachtanais infheisteoirí
sin, beidh an ELTIF in ann infheistiú i ngach cineál sócmhainní nach ndéantar a
thrádáil ar mhargaí rialáilte. Bíonn na sócmhainní seo neamhleachtach agus, ar
an gcúis sin amháin, ceanglaíonn siad ar chiste tiomantas fadtéarmach a
dhéanamh agus é á gceannach. Is ionann cás dóibh siúd a infheistíonn i gciste
mar sin. Ar na sócmhainní nach ndéantar a thrádáil ar mhargadh tánaisteach agus
ar ghá cuid mhaith ama dá n‑úinéirí le teacht ar cheannaitheoir, bheadh na cinn
seo a leanas: (1) Infheistíochtaí i dtionscadail bhonneagair, amhail i réimsí
an iompair, fuinnimh nó oideachais; (2) Infheistíochtaí i gcuideachtaí neamhliostaithe,
go príomha FBManna iarbhír; (3) infheistíochtaí i sócmhainní eastát réadach,
cosúil le foirgnimh nó sócmhainn bhonneagair a cheannach go díreach. Dá bhrí sin, toisc nach ndéantar sócmhainn a
thrádáil ar mhargadh rialaithe, cáileoidh sí mar shócmhainn fhadtéarmach. Níl
na sócmhainní sin neamhleachtach ach toisc nach mbíonn teacht go héasca ar
cheannaitheoirí dóibh gan ionad trádála poiblí. Chomh maith leis sin, bíonn na
sócmhainní sách neamhghnách go minic agus ní bheidh siad tarraingteach ach amháin
do cheannaitheoirí atá in ann a gcuid díchill chuí féin a dhéanamh agus ar tá
speisialtóirí sa réimse ábhartha iad. Mar shampla, a luaithe a infheistíonn
ELTIF i gcuideachta tionscadail, tuarann sé nach mbeidh aon cheannaitheoir
láithreach inaitheanta di ar feadh tréimhse mhaith ama. I bhfianaise a nglaneaspa leachtachta,
staonann an togra ELTIF ó thréimhsí seilbhe réamhshainaitheanta a fhorordú. I
bhfianaise ardleibhéal an díchill chuí a éilíonn infheistíocht i sócmhainn
fadtéarmach, ní cosúil gur stuama an beartas é tréimhsí íosta don sealbhú a
fhorordú. Sin toisc go mbeidh gach cinneadh infheistíochta éasgúil agus gurb
iad na bainisteoirí ELTIF is fearr a chinnfidh cé chomh fada is ba mhaith leo a
bheith infheistithe sa tsócmhainn d'fhonn an toradh geallta a ghiniúint. Difríocht
mhór is ea é sin do bhainisteoirí GCUI a leanann forbairtí maicreacnamaíocha nó
na luaineachtaí laethúla ar stocmhalartán. Dealraíonn sé riachtanach freisin foráil do
sholúbthacht bainistíochta maidir leis an bhfráma ama beacht nach mór punann
sócmhainní fadtéarmacha a chur le chéile ann. Sin é an fáth go gceadaíonn an
togra tréimhse cúig bliana leis an bpunann sócmhainní fadtéarmacha a
thiomargadh. Ina theannta sin, ceadaíonn an togra don bhainisteoir suas le 30%
de chaipiteal an ELTIF a infheistiú in urrúis leachtacha. Ceapadh an maolán
leachtachta sin le go bhféadfaidh an ELTIF an sreabhadh airgid a thagann chun
cinn agus an phunann fhadtéarmach á comhdhéanamh a bhainistiú. Ceadaíonn sé
freisin don bhainisteoir airgead barrachais a bhaintear amach 'idir
infheistíochtaí' a infheistiú - is é sin nuair a dhíoltar sócmhainn
fhadtéarmach chun ceann eile a chur ina hionad. Chun muinín infheisteoirí agus cinnteacht
dhlíthiúil a chruthú, go háirithe d'infheisteoirí miondíola a ndíríonn ELTIFanna
orthu, ach ní hamháin dóibh sin, éilíonn an scéim atá beartaithe sraith
rialacha táirge a bheidh láidir ach solúbtha. Rialacha táirge, sin an tslí is
oiriúnaí chun cabhrú le freastal ar na riachtanais maoinithe fhadtéarmacha a aithníodh
agus le próifíl táirge intuartha a chur ar fáil do ELTIFanna. Nuair a údarófar
iad, beidh ELTIFanna ar fáil chun iad a mhargú le hinfheisteoirí gairmiúla
chomh maith le hinfheisteoirí miondíola i mBallstáit eile. Cuireann ELTIF deiseanna ar fáil
d'infheisteoirí chun a bpunanna infheistíochta a éagsúlú. Infheistíochtaí
malartacha is ea na sócmhainní a d'fhéadfadh an ELTIF beartaithe infheistiú
iontu, agus dá bhrí sin is cineál an‑difriúil iad ó na scaireanna liostaithe
traidisiúnta agus na hurrúis a bhíonn i seilbh go leor infheisteoirí. Cé go
bhféadfadh na rialacha diana um éagsúlú atá i gcreat GCUI é a dhéanamh
costasach, nó fiú dodhéanta, ELTIF a oibriú, bheadh leibhéal réasúnta
éagsúlaithe sócmhainní ag ELTIF fós. Baineann an tairbhe éagsúlaithe le miondíol
chomh maith le hinfheisteoirí institiúideacha nó 'sofaisticiúla', amhail daoine
a bhfuil glanluach ard acu. Na rialacha táirge láidre atá beartaithe agus an
chosaint infheisteoirí a chruthaíonn siad, tá siad ceaptha chun ELTIF a
dhéanamh oiriúnach d'infheisteoirí miondíola. An gá atá le leibhéal ard inniúlachta
bainistíochta I ngeall ar a n‑easpa leachtachta agus toisc
nach liostaítear páirtíocht in aicmí sócmhainne fadtéarmacha a ndíríonn ELTIF
orthu ar mhargadh rialáilte, tá gach sócmhainn fhadtéarmach a gceadaítear do
ELTIF infheistiú iontu sa chatagóir 'infheistíochtaí malartacha'(féach an cur
síos ar infheistíochtaí malartacha thuas). Ní mór mar sin gur gnóthais atá
údaraithe go cuí faoi Threoir 2011/61/CE le hinfheistíochtaí malartacha a
bhainistiú agus a mhargú a bhainisteoidh ELTIFanna. Dá bhrí sin, beidh an creat ELTIF atá
beartaithe ag tógáil ar an údarú bainistíochta sa Treoir AIFM[4], lena leagtar síos na rialacha
ginearálta maidir le bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha a
bhainistíonn agus a mhargaíonn a gcuid cistí d'infheisteoirí gairmiúla. Cuirfear rialacha sonracha táirgí LTIF isteach
ionas go bhféadfaidh infheisteoirí gairmiúla agus miondíola araon, a bhfuil
suim acu sna próifílí torthaí agus teacht isteach a bhaineann le
hinfheistíochtaí i sócmhainní fadtéarmacha, ELTIFanna a aithint go héasca. Tógann an creat ELTIF atá beartaithe ar na
forálacha trasteorann sa Treoir, agus cuireann siad pas "Eorpach" do
mhargaíocht d'infheisteoirí miondíola ar fud an AE maidir le ELTIFanna leis an
bpas "Eorpach" pas do infheisteoirí gairmiúla margaíochta. Toisc gur
féidir ELTIFanna a dhíol le tomhaltóirí miondíola, is mó an gá atá le
tomhaltóirí a chosaint, mar shampla na rialacha níos déine ELTIF lena
dtoirmeasctar infheistiú i sócmhainní a d'fhéadfadh coinbhleacht leasa a
chruthú, rialacha trédhearcachta a éilíonn go bhfoilseofaí príomhdhoiciméad
faisnéise agus na coinníollacha margaíochta faoi leith. I bhfianaise a bhfuil thuas, chun go n‑údarófaí
ELTIF ní mór a bhainisteoir a údarú freisin faoin Treoir. De réir sainmhínithe,
ní mór gur sócmhainní nach mór a bheith sealbhaithe ar feadh tréimhse fada iad
formhór na sócmhainní ina n‑infheistíonn ELTIF. Cruthaíonn róchomhchruinniú i
sócmhainn nó i ngnóthas amháin rioscaí d'infheisteoirí a bhíonn an‑deacair a
bhainistiú. Chun an riosca sin a mhaolú beidh ar ELTIF cloí leis na rialacha
éagsúlaithe. Thairis sin, tá teorainneacha á moladh ar dhíorthaigh a úsáid i
ndáil le sócmhainní ELTIF chomh maith le caipín ar iasachtaí. An gá atá le hionchais infheistíochta
agus ionchais fuascailte a ailíniú Is buntréith de na sócmhainní a n‑infheistíonn
ELTIF iontu iad a bheith neamhleachtach. Is é sin le rá, ní bheidh siad ar fáil
le ceannach ná le díol go héasca. Is féidir nach mbeadh aon mhargadh
tánaisteach iontaofa le haghaidh sócmhainní fadtéarmacha, rud a d'fhéadfadh a
luacháil agus a ndíol a dhéanamh níos deacra. Ní fadhb inti féin í na
sócmhainní a bheith neamhleachtach agus tá an togra ELTIF ceaptha chun
feithicil maoinithe a oirfidh don chineál sin sócmhainní a chruthú. Tugann
riachtanais an Threoir 2011/61/CE aghaidh ar na ceisteanna sin fosta, mar
shampla, i ndáil le luacháil agus an riachtanas go mbeadh beartais agus sásraí
luachála cuí i bhfeidhm ag bainisteoirí. D'fhéadfadh neamhleachtacht na sócmhainní é a
dhéanamh deacair do chistí freastal ar iarratais fuascailte a rinne
infheisteoirí sular shroich sócmhainn nó tionscadal infheistithe a aibíocht
mheasta. Riachtanas le sócmhainní leachtacha a choimeád ar bun chun freastal ar
iarratais fuascailte, d'atreoródh sé airgead freisin ó phríomhchuspóir na
nELTIFanna - infheistiú i sócmhainní fadtéarmacha. Thairis sin, roghanna
luathfhuascailte, is é sin, roimh dheireadh shaolré infheistíochta an chiste,
chruthódh siad gá na sócmhainní le freastal ar iarratais luathfhuascailte. Tá
baol ann go gcaithfí na sócmhainní sin a dhíol ar phraghsanna 'díol tine' go
maith faoi bhun an méid is fiú an tsócmhainn i ndíolachán neamhéigeantach, dar
leis an mbainisteoir ciste. D'fhéadfadh a leithéid de dhíol aon sruth ioncaim
atá á íoc le infheisteoirí eile a choinníonn infheistíochtaí san ELTIF a laghdú
freisin. Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh ELTIFanna luathfhuascailt a thairiscint
d'infheisteoirí. Cuirfidh an cur chuige sin deireadh le coinbhleachtaí leasa a
d'fhéadfadh a bheith ann idir infheisteoirí a imíonn agus iad siúd atá fágtha. Cuirfidh an ELTIF in éineacht leis an Treoir
creat láidir bainistíochta agus táirgí ar fáil atá ceaptha chun an mhuinín a
thabhairt infheisteoirí go bhfuil a gcuid infheistíochtaí á mbainistiú go
stuama, cumasach, ionraic. Níor mhór a chur in iúl go soiléir nach gceadófar
fuascailtí le linn shaolré na n‑infheistíochtaí roghnaithe chun go seachnófaí
mí-ionchais mar gheall ar leachtacht an chiste. Má leathnaítear ELTIF
d'infheisteoirí miondíola, cinnteofar freisin go gcuirfear an linn caipitil is
leithne is féidir ar fáil. Ina theannta sin, ní féidir leis an phréimh
neamhleachtachta a bhaineann le hinfheistíocht i sócmhainn fhadtéarmach a
bhaint ach amháin má bhíonn bainisteoir ELTIF saor le dul i mbun tionscadal do
thréimhse shuntasach ama gan bhrú fuascailte a bheith air de shíor. Mar a
dúradh sa mheasúnú tionchair, an phréimh neamhleachtachta ar gné dhílis
d'infheistiú i sócmhainní fadtéarmacha í, éilíonn tréimhsí seilbhe idir 10 agus
20 bliain. Mar shampla, bhuaigh an fheidhmíocht bhliantúlaithe eastát réadach
12.71% ar an S&P 500 (innéacs gnáthscaireanna) ag 10.94% agus an t‑innéacs
banna tipiciúil ag 7.70% nuair a mheastar thar thréimhse 14 bliain iad. Mar an
gcéanna, ní fhéidir feidhmíocht fhabhrach na gcistí caipitil fiontair i SAM –
ioncam bliantúil 16.5% vs an S&P 500 ag 11.2% - a bhaint amach gan tréimhse
infheistíochta 20 bliain a roghnú. Ba chóir an t‑ioncam dearfach ar infheistíocht
i sócmhainní fadtéarmacha a mheasúnú chomh maith i gcoinne na rioscaí a
bhaineann leo. Mar is amhlaidh le hinfheistíochtaí traidisiúnta i stoic agus
bannaí, bíonn an riosca i gcónaí ann an caipiteal ar fad a chailleadh. Ach an
rud a idirdhealaíonn idir na sócmhainní fadtéarmacha agus urrúis inaistrithe a
ndéileáltar leo ar mhargadh rialáilte, sin an riosca neamhleachtachta
s'acu. Murab ionann agus stoic agus bannaí ar féidir iad a dhíol de ghnáth go
héasca ar mhargadh rialáilte, ní bhíonn margaí tánaisteacha leachtacha ag
sócmhainní fadtéarmacha agus is minic is gá míonna nó blianta chun sócmhainn
den sórt sin a dhíol. Sin é an fáth go n‑éilíonn an dréacht‑togra go mbeadh an
saolré atá roghnaithe ar ELTIF sách fada le freastal ar an rogha dhúthrachtach
agus rannpháirtíocht fhadtéarmach le tionscadal, cuideachta nó sócmhainn fhíor
a roghnaíodh. Sna cúinsí sin, ní mór méid leordhóthanach
solúbthachta bainistíochta i sócmhainní a roghnú agus an fráma ama a chinneadh
chun iad a shealbhú roimh scaradh leo a bheith fairis an bpas ciste todhchaí. Sin
an fáth nach bhforordaíonn an cur chuige sa dréacht‑togra tréimhsí ama
socraithe chun sócmhainní infheistíochta a shealbhú nó do shaolré an ELTIF
féin. Dá bhrí sin, ba chóir don ELTIF nua a bheith
solúbtha ina cuid beartas infheistíochta agus a cuid tréimhsí sealbhaíochta.
Is é is aidhm dó mais chriticiúil bainisteoirí a mhealladh chuirfidh an
fheithicil ar fáil thar theorainneacha, rud a mheallfaidh mais chriticiúil
sócmhainní agus infheisteoirí. Dá bhrí sin, ba chóir go mbeadh saolré an chiste
comhoiriúnach le próifíl ar leith na sócmhainní ina n‑infheisteoidh sé. Tá
impleachtaí aige sin do na deiseanna fuascailte is féidir le ciste den sórt sin
a thairiscint go réalaíoch. Léiríonn taithí le cistí fadtéarmacha ceannoscailte
i margaí náisiúnta, nach féidir le ciste fuascailtí a thairiscint fad a bheidh
sí infheistithe i sócmhainní fadtéarmacha a ndírítear orthu sa togra. Tá
meaitseáil shaolré an chiste le saolré a shócmhainní infheistíochta ar an gcur
chuige is fearr is féidir lena áirithiú go mbeidh an scóip ag na bainisteoirí
infheistiú i sócmhainní a éilíonn tiomantais fhadtéarmacha agus sa tslí sin an
geilleagar a mhaoiniú. Má thugtar féidearthachtaí fuascailte ag céim níos
luaithe, caolaítear i gcónaí ionchas fadtéarmach an chiste; laghdódh sé sin a
tharraingteacht d'fhormhór na n‑infheisteoirí plean pinsin atá ag iarraidh
ioncaim fhadtéarmaigh, sheasmhaigh in ionad áiseanna luathfhuascailte. Ní hionann sin is a rá, áfach, nach féidir le
hinfheisteoirí a n‑infheistíochtaí a fhuascailt roimh dheireadh shaolré an
ELTIF. Go leor de na cistí fadtéarmacha rathúla a fuair measúnú tionchair an
Choimisiúin ag an leibhéal náisiúnta, is mar eintitis liostaithe a bhí a
struchtúir. Ceadaíonn sé sin d'infheisteoirí a gcuid scaireanna nó aonad a
thrádáil sa chiste ar mhargadh tánaisteach. Má tá infheistiú
fadtéarmach le bheith tarraingteach dáiríre d'infheisteoirí ar scála beag nó
don phobal miondíola i gcoitinne, beidh margaí tánaisteacha ar an bpríomh‑ionad
inar féidir ceannach isteach i gciste fadtéarmach nó é a fhágáil. Séard a bheidh in ELTIF táirgí infheistíochta
de réir bhrí na Treorach um Margaí in Ionstraimí Airgeadais (MiFID)[5] agus dá bhrí sin beidh sé faoi
réir cheanglais uile na treoradh sin i ndáil le margaíocht, díol agus nochtadh. Beidh an ELTIF nua atá beartaithe ar fáil lena
mhargú d'infheisteoirí ar fud an Aontais Eorpaigh. Tá sé tábhachtach mar sin go
mbeidh a fhios ag infheisteoirí go muiníneach gurb ionann an leibhéal cosanta a
gheobhaidh siad is cuma cén tír arb as bainisteoir an chiste. Ar an gcúis sin,
is é Rialachán an ionstraim dlí atá beartaithe, toisc gurb é sin an bealach is
iomchuí le rialacha comhsheasmhacha, soiléire agus infheidhme go díreach ar fud
an Aontais a bhaint amach. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN
LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR 2.1. Comhairliúchán le páirtithe
leasmhara Ó lár 2012 tá an Coimisiún Eorpach i mbun
comhairliúchán fairsing le hionadaithe ó réimse leathan eagraíochtaí. Is é rud
a bhí sna comhairliúcháin cruinnithe déthaobhacha agus iltaobhacha,
comhairliúchán poiblí i scríbhinn maidir le saincheisteanna bainistíochta
sócmhainní [6]
lena n‑áirítear infheistíocht fhadtéarmach (LTI) agus ceistneoir athleanúna a
scaipeadh i measc páirtithe leasmhara. Fuair seirbhísí an Choimisiúin 65
freagra a bhain leis an roinn LTI. Fuarthas 50 freagra ar an gceistneoir
athleanúna. Rinneadh tuilleadh plé dhéthaobhaigh le bainisteoirí ciste atá ag
feidhmiú sna margaí bonneagair agus fadtéarmacha, cumainn bhainistíochta ciste
agus ionadaithe infheisteoirí miondíola chomh maith le hionadaithe institiúideacha.
2.2. Measúnú tionchair I gcomhréir lena bheartas ar 'rialáil níos
fearr', rinne an Coimisiún measúnú tionchair ar na roghanna beartais. Ar na
roghanna sin bhí réimse leathan roghanna beartais, idir gan aon rud a dhéanamh,
aicmí sócmhainne fadtéarmacha a chomhtháthú sa chreat GCUI atá ann cheana féin,
feithicil ciste a chruthú d'infheisteoirí gairmiúla amháin, nó feithicil ciste
a bheadh ar oscailt do gach infheisteoir, le saoráidí fuascailte nó gan iad. Rinneadh anailís ar gach ceann de na roghanna
sin taobh leis na prionsabail ghinearálta an sreabhadh caipitil atá ar fáil do
mhaoiniú fadtéarmach do gheilleagar iarbhír na hEorpa a mhéadú agus méadú ar
chomhchuibheas an mhargaidh aonair. Is gá, áfach, aon sásra maoinithe nua a
cheapadh freisin sa tslí nach mbeidh an cuspóir barainneachtaí scála a chruthú
do bhainisteoirí ciste agus an rogha a mhéadú i gcoimhlint leis an ngá le gach
catagóir infheisteoirí a chur ar an eolas agus iad a chosaint go cuí. Is é an rogha a roghnaíodh feithicil chiste
infheistíochta fadtéarmaí a chruthú a bheidh ar oscailt d'infheisteoirí
gairmiúla agus miondíola araon. I gcomhréir le hairíonna neamhleachtacha aicmí
sócmhainne fadtéarmacha, ní bheadh aon chearta fuascailte roimh fhoirceannadh
shaolré an chiste. Ar shaintréithe an ELTIF atá beartaithe bheadh rochtain ar
ELTIFanna a cheadú don réimse is leithne infheisteoirí. Ar an mbealach sin,
d'uasmhéadófaí an linn chaipitil atá ar fáil chun infheistíochtaí den sórt sin
a dhéanamh. Bheadh na hELTIFanna faoi réir rialacha táirgí a ceapadh le
héagsúlú leordhóthanach a áirithiú, le díriú ar choinbhleachtaí leasa
féideartha, le trédhearcacht a mhéadú i dtaca le costais agus teorainn a chur
le díorthaigh a úsáid agus le giaráil. Tá na gnéithe sin i bhfeidhm le cosaint
infheisteoirí a chur ar fáil d'infheisteoirí miondíola. Mura gcuirtear cearta
fuascailte ar fáil i rith shaolré an chiste, féadfar níos mó dá chaipiteal a
infheistiú i sócmhainní atá neamhleachtach. Ceart fuascailte a bheith in
easnamh, léiríonn sé go soiléir freisin d'infheisteoirí miondíola agus
gairmiúla gur tiomantas fadtéarmach ata i gceist. Cuireadh san áireamh na barúlacha a chuir Bord
an Mheasúnaithe Tionchair uaidh an 31 Bealtaine 2013. Neartaíodh an cur síos ar
an bhfadhb le tuilleadh soiléireachta a thabhairt do mhéid na faidhbe a
bhfuiltear ag dul i ngleic léi agus le huainiú an togra. Feabhsaíodh an cur
síos ar na roghanna agus freisin an anailís ar éifeachtacht rogha na
tosaíochta. Soiléiríonn an Measúnú Tionchair anois freisin ar bhealach níos
mionchruinne na cúiseanna nach ionann an togra agus roinnt de na tuairimí a
thug geallsealbhóirí áirithe le linn an phróisis chomhairliúcháin. Go háirithe,
neartaíodh an réasúnaíocht faoin rogha gan cearta fuascailte a cheadú, ó thaobh
chosaint infheisteoirí, agus ó thaobh ghlacadh infheisteoiri leis an rogha nua
a bhfuil súil leis. Bíodh gur féidir gur lú an dóchúlacht go n‑infheisteoidh
roinnt infheisteoirí i gciste atá gan chearta fuascailte ar éileamh,
d'fhéadfadh na rioscaí a ghabhann leis na cearta sin an bonn a bhaint den
tsamhail ciste, agus éifeachtúlacht laghdaithe na n‑infheistíochtaí le
leachtacht bhreise a áirithiú, laghdódh sé tionchar aon éilimh bhreise
miondíola. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA 3.1. Bunús dlí agus rogha na
foirme dlíthiúla Cuireann Airteagal 114 (1) den CFAE bunús
dlí ar fáil le haghaidh Rialacháin a chruthóidh forálacha aonfhoirmeacha atá
dírithe ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Bunaíonn rialacha táirge
stuamachta teorainneacha na rioscaí a bhaineann le cistí infheistíochta atá
dírithe ar shócmhainní fadtéarmacha. Iontu féin, ní dhéanann siad rochtain ar
ghníomhaíochtaí bainistíochta sócmhainní a rialáil ach rialaíonn siad an tslí a
gcuirtear gníomhaíochtaí den sórt sin i gcrích, d'fhonn cosaint infheisteoirí
agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú. Tugann siad buntaca d'fheidhmiú ceart,
sábháilte an mhargaidh inmheánaigh. Agus cuspóir shláine an mhargaidh inmheánaigh
á shaothrú, cruthóidh an beart reachtach atá beartaithe creat rialála do
ELTIFanna, d'fhonn a áirithiú go mbeidh cistí den sórt sin faoi réir rialacha
comhsheasmhacha ar fud an AE agus go mbeidh siad inaitheanta mar ELTIFanna ag infheisteoirí
ar fud an AE. Is é is sprioc don Rialacháin atá beartaithe sraith láidir,
solúbtha, rialacha a chruthú a fhreagróidh go sonrach d'fhadtéarmacht na n‑infheistíochtaí
atá i gceist. Ba cheart go n‑áiritheodh na rialacha atá beartaithe cothrom na
Féinne idir bainisteoirí éagsúla cistí infheistíochta fadtéarmaí. Sa togra
reachtaíochta seo, dá bhrí sin, déantar comhchuibhiú ar na dálaí oibriúcháin do
na gníomhairí ábhartha uile i margadh na gcistí infheistíochta, ar mhaithe le
gach infheisteoir agus d'fheidhmiú rianúil an mhargaidh aonair i seirbhísí
airgeadais. Meastar gurb é Rialachán an ionstraim dhlí is
iomchuí le ceanglais aonfhoirmeacha a thabhairt isteach a bheidh ag plé, i
measc nithe eile, le raon feidhme sócmhainní incháilithe, le comhdhéanamh na
punainne, rialacha éagsúlaithe, beartais fuascailte, chomh maith le rialacha
maidir le húdarú na gcistí a bhfuil sé ar intinn iad a chur i mbun
infheistíochtaí fadtéarmacha. Is é is cuspóir do na rialacha táirgí seo a
áirithiú go n‑oibreoidh ELTIFanna ar shlí níos éifeachtaí. Dul i mbun
gníomhaíochtaí mar bhainisteoir ar ELTIF, tá sé á rialáil ag an Treoir AIFM. Leanfaidh
gníomhaíochtaí na mbainisteoirí a bheith faoi réir na Treorach, ach beidh na táirgí
infheistíochta fadtéarmaí á rialú ag an Rialachán atá beartaithe, de bhreis ar
rialacha na Treorach AIFM. 3.2. Coimhdeacht agus
comhréireacht Bíonn cur chuige rialála náisiúnta teoranta
ann féin don Bhallstát atá i gceist. Má dhéantar rialáil ar phróifíl táirgí
ELTIF ar an leibhéal náisiúnta amháin, beidh baol ann go mbeidh táirgí
infheistíochta éagsúla á ndíol mar chistí infheistíochta fadtéarmaí agus
tréithe éagsúla acu. Chruthódh sé sin mearbhall d'infheisteoirí agus chuirfeadh
sé bac ar réimse Chothrom na Féinne a theacht chun cinn ar fud an Aontais do na
bainisteoirí sin a thairgeann ELTIFanna d'infheisteoirí gairmiúla agus/nó
miondíola. Toisc go bhfuil an earnáil bainistíochta
sócmhainní go bunúsach trasteorann inti féin, thug ilroinnt reatha an mhargaidh
ELTIF an earnáil seo le bheith ag oibriú faoi bhun an leibhéil éifeachtúil. Gníomhóidh
an creat comhchuibhithe, inbhuanaithe atá molta le ELTIF a chumhdach mar
fhoinse maoinithe fadtéarmaí le haghaidh gheilleagar na hEorpa. Áiritheoidh an
creat nua maoiniú na dtionscadal agus earnálacha éagsúla agus cuirfidh sé
foinsí cobhsaí ioncaim ar fáil d'infheisteoirí fadtéarmacha. Dá bhrí sin, tá
margadh ELTIF uile-Eorpach de dhíth agus tá an beart reachtach atá beartaithe i
gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 (3)
CAE agus leis an Dara Prótacal ar Fheidhmiú Phrionsabail na Coimhdeachta agus
na Comhréireachta. Maidir le comhréireacht, mar a leagtar amach
in Airteagal 5(4) CAE í, tagann an togra ar an gcothromaíocht chuí idir
leas an phobail atá i gceist agus cost‑éifeachtúlacht an bhirt. Tá faoi na
rialacha atá beartaithe comhlipéad táirgí a chruthú a bhfuil suim láidir ag an
bpobal ann agus a leagann síos bonn le haghaidh cómhargaidh a bheidh iomaíoch
agus éifeachtúil ó thaobh costais le haghaidh ELTIF ar fud an Aontais. Rinneadh
calabrú cúramach ar na ceanglais a fhorchuirtear ar na páirtithe éagsúla. Aon
uair is féidir, ceapadh na ceanglais mar chaighdeáin íosta (e.g. teorainneacha
éagsúlaithe eisitheora,) agus cuireadh ceanglais rialála in oiriúint ionas nach
gcuirfidh siad isteach gan ghá ar shamhlacha gnó atá ann cheana. Go háirithe,
chomhcheangail an Rialachán atá beartaithe paraiméadair atá oiriúnach le
haghaidh infheistíochtaí fadtéarmacha agus grúpaí infheisteoirí ar leith, trí
na cúinsí slándála agus muiníne a bhaineann le haon ainmniú ELTIFanna a chur
san áireamh go hiomlán. Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun creat
dlíthiúil comhchoiteann i gcomhair ELTIF a bhaint amach, agus ag an am céanna
tugann sé aghaidh ar na saincheisteanna rialála a dhéanfadh difear
d'iontaofacht an lipéid. 3.3. Mínithe mionsonraithe ar an
togra An togra le haghaidh Rialacháin maidir le
Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí (ELTIF), tá sé struchtúrtha ina seacht
gcaibidil. 3.3.1. Caibidil I - Forálacha
Ginearálta (Airteagail 1-6) I gCaibidil I tá rialacha ginearálta, amhail
ábhar agus raon feidhme an chreata ciste atá beartaithe, sainmhínithe, an nós
imeachta um ELTIFanna a údarú (ag leibhéal an chiste), agus an
idirghníomhaíocht idir an Rialachán atá beartaithe le rialacha reatha lena
rialaítear údarú na mbainisteoirí ar chistí infheistíochta malartacha, mar atá
leagtha amach i dTreoir 2011/61/AE (Treoir AIFM). In Airteagal 1 sonraítear ábhar agus
leagtar amach an raon feidhme an Rialacháin. Déanann sé soiléir go bhfuil na
ceanglais atá sa Rialachán uileghabhálach, rud nach bhfágann aon slí le
'hór-phlátáil' ag an leibhéal náisiúnta. In Airteagal 2 tá na sainmhínithe
riachtanacha is gá d’fheidhmiú aonfhoirmeach an Rialacháin atá beartaithe. Éilíonn
Airteagal 3 go n‑údarófaí AIFanna an AE i gcomhréir leis an Rialachán atá
beartaithe d'fhonn iad a chur ar an margadh nó a bhainistiú ar fud an Aontais
mar ELTIFanna. Forchoimeádfar an t‑ainmniú 'Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí
Eorpacha' (ELTIFanna) do AIFanna an AE a chomhlíonann an Rialachán atá
beartaithe. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil d'oibleagáid ar bhainisteoir aicmí
sócmhainní malartacha cloí leis an Rialachán atá beartaithe más mian leis/léi
cistí atá dírithe ar shócmhainní fadtéarmacha a bhainistiú nó a mhargú gan
úsáid a bhaint as an ainmniú atá beartaithe. Forálann Airteagal 4 nós imeachta
comhchuibhithe maidir le húdarú ELTIFanna agus leagann Airteagal 5 síos na
coinníollacha le haghaidh údaraithe den sórt sin. Déanann Airteagal 6 cur
síos ar an idirghníomhú idir rialacha Threoir 2011/61/CE atá ann agus an
Rialachán atá beartaithe, á shonrú go bunúsach go mbeidh gurb é bainisteoir an
ELTIF a áiritheoireoidh comhlíonadh leis an Rialachán. 3.3.2. Caibidil II - Oibleagáidí
maidir le beartais infheistíochta ELTIFanna (Airteagail 7-15) I gCaibidil II tá na rialacha maidir le
polasaithe infheistíochta incheadaithe atá le saothrú ag ELTIF, amhail rialacha
a bhaineann le hinfheistíochtaí incháilithe, comhdhéanamh na punainne agus
éagsúlú, coinbhleacht leasa, comhchruinniúchán agus iasachtaí airgid thirim. Foráiltear in Airteagal 7,
i gcás inarb infheidhme, go measfar gach roinn
infheistíochta in ELTIF mar ELTIF ar leith chun
críocha Chaibidil II. In Airteagal 8 tá cur síos ar dhá
chatagóir sócmhainní airgeadais ar féidir le ELTIF infheistiú iontu: sócmhainní
fadtéarmacha agus sócmhainní atá liostaithe in Airteagal 50 (1) de Threoir 2009/65/CE
(Treoir GCUI). Mar sin féin, ní dhéanfaidh ELTIF díol folamh ar shócmhainní,
nochtadh do tráchtearraí a fháil, dul i mbun urrúis a iasachtú nó comhaontuithe
iasachtaí urrúis, comhaontuithe athcheannaigh nó ionstraimí díorthacha
airgeadais a úsáid mura n‑úsáidtear na hionstraimí sin chun críocha fálaithe. Míníonn Airteagal 9 na coinníollacha
incháilitheachta le haghaidh sócmhainní fadtéarmacha, amhail na catagóirí
éagsúla ionstraimí a úsáidtear chun rochtain a fháil ar ghnóthais cháilithe
punainne, an infheistíocht i scaireanna nó in aonaid eile ELTIFanna agus
rannpháirtíochtaí i sócmhainní fíora, amhail eastát réadach, longa nó
aerárthaí. Leagann Airteagal 10 amach na coinníollacha do ghnóthas a
bheith ina ghnóthas punainne incháilithe. Ba chóir don ghnóthas punainne
cáilithe a bheith neamhliostaithe, sainchónaí a bheith air san AE agus an
cuspóir a bheith aige tionscadail bhonneagair, cuideachtaí nó eastát réadach,
longa agus aerárthaí a mhaoiniú. Níor cheart gur gnóthas comhinfheistíochta a
bheadh ann. In Airteagal 11 tá riail ghinearálta
faoin dóigh a bpléifidh an bainisteoir ELTIF le coinbhleachtaí leasa. Ní
ceadmhach do bhainisteoir aon leas pearsanta i sócmhainn fhadtéarmach ina
bhfuil an ELTIF infheistithe. Cuireann Airteagal 12 rialacha
mionsonraithe ar fáil maidir le comhdhéanamh na punainne is buntréith do ELTIF.
Clúdaíonn sé freisin na rialacha éagsúlaithe nach mór do gach ELTIF a urramú i
gcomhthéacs na sócmhainní infheistíochta incháilithe, amhail rialacha maidir
leis an nochtadh riosca uasta atá ceadaithe do ELTIF vis‑à-vis contrapháirtí amháin.
In Airteagal 13 sonraítear na teorainneacha uasta is ceadaithe do ELTIF a
shealbhú in eisitheoir amháin (teorainneacha comhchruinnithe). Tugann Airteagal 14
na coinníollacha faoinar féidir le ELTIF airgid a thógáil ar iasacht. Tá
forálacha in Airteagal 15 maidir le cur i bhfeidhm chomhdhéanamh na
punainne agus na rialacha um éagsúlú, agus na céimeanna difriúla i saol chiste
ELTIF á gcur san áireamh. 3.3.3. Caibidil
III - Fuascailt, trádáil agus eisiúint scaireanna nó aonad ELTIFanna
agus dáileadh ioncaim (Airteagail 16‑20) Pléann Caibidil III le beartas fuascailte
ELTIFanna, le féidearthacht aonaid trádála nó scaireanna ELTIF ar mhargadh
tánaisteach, scaireanna nó aonaid nua a eisiúint, diúscairt sócmhainní ELTIF
agus dáileadh ioncaim leis na hinfheisteoirí in ELTIF. Coisceann Airteagal 16 ar ELTIF ceart
fuascailte a thairiscint dá chuid infheisteoirí roimh dheireadh shaolré ELTIF. Sainítear
an saolré i rialacha an ELTIF agus freagraíonn sí do shaolré na sócmhainní
aonair in ELTIF agus dá chuspóirí infheistíochta fadtéarmaí. Déantar foráil in Airteagal 17 do
thrádáil aonaid nó scaireanna ELTIF ar mhargaí rialáilte, chomh maith le
haistriú saor aonaid nó scaireanna ELTIF chuig tríú páirtithe. In Airteagal 18
tá na coinníollacha faoina n‑eisíonn ELTIF scaireanna nó aonaid nua, amhail
réamhthairiscint d'infheisteoirí atá ann cheana nuair a bhíonn an praghas
eisiúna faoi bhun NAV an ELTIF. Baineann Airteagal 19 leis an nós imeachta
a ghlacfaidh gach ELTIF do dhiúscairt a shócmhainní. Leagann Airteagal 20
síos na rialacha is infheidhme maidir le dáileadh an ioncam a ghin sócmhainní
an ELTIF agus éilíonn sé ar ELTIF a bheartas um dháileadh a leagan amach ina
chuid rialacha ciste. 3.3.4. Caibidil IV - Ceanglais
trédhearcachta (Airteagal 21 agus Airteagal 22) I gCaibidil IV tá rialacha trédhearcachta
nuair a bhíonn ELTIFanna á bhfógairt d'infheisteoirí Ceanglaítear le hAirteagal 21 doiciméad
tábhachtach faisnéise agus réamheolaire a fhoilsiú roimh ré sula margaítear an
ELTIF d'infheisteoirí miondíola. Cuirfidh an réamheolaire agus aon doiciméad
margaíochta eile na hinfheisteoirí ar an eolas mar gheall ar nádúr speisialta
na hinfheistíochta fadtéarmaí isteach in ELTIF. Ceanglaítear le hAirteagal 22
ar bhainisteoir ELTIF na costais go léir a bhaineann leis an gciste a nochtadh
i slí mhionsonraithe do na hinfheisteoirí. 3.3.5. Caibidil V – Margú (Airteagail
23-25) I gCaibidil V tá na rialacha is infheidhme ar
AIFM ón AE le haghaidh aonaid nó scaireanna ELTIF a mhargú d'infheisteoirí
gairmiúla agus miondíola. Ceanglaítear le hAirteagal 23 ar
bhainisteoirí ELTIFanna áiseanna a bheith curtha i bhfeidhm acu i ngach
Ballstát ina bhfuil sé beartaithe acu a nELTIFanna a mhargú. Déantar foráil in Airteagal 24
do na riachtanais breise nach mór do bhainisteoirí a chomhlíonadh d'fhonn margú
d'infheisteoirí miondíola. Tógann Airteagal 25 ar na nósanna imeachta um
fhógra atá sa Treoir AIFM chun a údarú do bhainisteoirí ELTIFanna an aonaid nó
scaireanna a gcuid ELTIFanna a mhargú d'infheisteoirí ina mBallstát féin agus
in aoi-Bhallstáit féideartha araon. 3.3.6. Caibidil VI – Maoirsiú
(Airteagail 26-29) I gCaibidil VI leagtar amach na rialacha is
infheidhme maidir le maoirseacht ELTIFanna. In Airteagal 26 soiléirítear róil na n‑údarás
ELTIF inniúil agus bhainisteoir an ELTIF faoi seach. Deir Airteagal 27 gur
cheart cumhachtaí na n‑údarás inniúil, faoi na Treoracha GCUI agus AIFM, a
fheidhmiú freisin maidir leis an Rialachán atá beartaithe. Tagraíonn Airteagal 28
do chumhachtaí ESMA, ach forálann Airteagal 29 do chomhar idir na húdaráis
mhaoirseachta. 3.3.7. Caibidil VII (Forálacha
críochnaitheacha, Airteagail 30-31) I gCaibidil VII tá rialacha maidir le
hathbhreithniú ar fheidhmiú na rialacha a shamhlaítear a bheidh le hullmhú ag
an gCoimisiún chomh maith le forálacha maidir le teacht i bhfeidhm an
Rialacháin atá beartaithe. 4. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA Tá tionchar buiséadach an rialacháin ELTIF mar
atá léirithe sa Ráiteas Airgeadais Reachtach a ghabhann leis an togra. 2013/0214 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[7],
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an
ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Is uirlis cumasúcháin
ríthábhachtach é an maoiniú fadtéarmach chun an geilleagar Eorpach a chur ar
bhealach fáis inbhuanaithe, chliste agus chuimsithigh agus chun an geilleagar
amach anseo a thógáil ar dhóigh nach mbeidh rioscaí córais ag cur isteach air
chomh furasta sin agus a mbeidh sé níos athléimní. Soláthraíonn cistí
infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (ELTIFanna) maoiniú do thionscadail
bhonneagair éagsúla nó do ghnólachtaí neamhliostaithe marthanacha a eisíonn
ionstraimí cothromais nó fiachais nach bhfuil aon cheannaitheoir so‑aitheanta
ann dóibh. Trí mhaoiniú a sholáthar do na tionscadail sin, cuireann ELTIFanna
do mhaoiniú gheilleagair an Aontais. (2) Ó thaobh an éilimh de, is
féidir le ELTIFanna sruth ioncaim foisteaneach a sholáthar do riarthóirí
pinsin, d’eintitis eile a mbíonn dliteanais rialta agus athfhillteacha rompu.
Cé go gcuireann siad níos lú leachtachta ar fáil, is féidir le ELTIFanna sruth
ioncaim foisteaneach a sholáthar d’infheisteoirí aonair atá ag brath ar an
sreabh airgid is féidir le ELTIF a tháirgeadh. Lena chois sin, is féidir le
ELTFanna deiseanna maithe maidir le luachmhéadú caipitil thar am a chur ar fáil
do na hinfheisteoirí sin nach bhfuil ag fáil srutha ioncaim fhoisteanigh. (3) Bíonn ganntanas ann in amanna
ó thaobh tionscadal maidir le bonneagar iompair, giniúint nó dáileadh fuinnimh
inbhuanaithe, bonneagar sóisialta (tithíocht nó ospidéil), feidhmiú céimneach
teicneolaíochtaí agus córas lena laghdaítear úsáid acmhainní agus fuinnimh nó
fás breise ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide Mar a léirigh an ghéarchéim
airgeadais, b'fhéidir go mbeadh sé ina chuidiú, agus aghaidh á tabhairt ar
bhearnaí sa mhaoiniú, dá gcomhlánófaí maoiniú ó na bainc le rogha níos leithne
d’fhoinsí maoinithe lena mbainfí úsáid níos fearr as na margaí caipitil. Is
féidir príomhról a bheith ag ELTIFanna chuige sin. (4) Cé gurbh fhéidir go mbeadh
spéis ag infheisteoirí aonair infheistiú in ELTIF, ní féidir do ELTIF
fuascailtí rialta a chur ar fáil dá infheisteoirí ós rud é go bhfuil sé
neamhleachtach. Déantar tiomantas an infheisteora aonair d'infheistíocht go dtí
deireadh théarma na hinfheistíochta mar gheall ar an gcineál tiomantais atá
ann. Ba cheart, mar sin, ELTIFanna a struchtúrú ar dhóigh nach mbeidh fuascailtí
rialta le fáil uathu roimh dheireadh shaolré an ELTIF. Imscrúdófar le
tuarascáil trí bliana tar éis ghlacadh an Rialacháin seo ar bhain an riail sin
na torthaí a raibh súil leo amach maidir le dáileadh ELTIFanna nó an bhféadfadh
tabhairt isteach, i líon teoranta cásanna, na rogha, i gcás roinnt
infheisteoirí miondíola aonair, a n‑aonaid nó a scaireanna a fhuascailt roimh
dheireadh an ELTIF, cuidiú a thabhairt dáileadh ELTIFanna i measc infheisteoirí
miondíola aonair a mhéadú. (5) Ba cheart aicmí de shócmhainní
fadtéarmacha de réir bhrí an Rialacháin seo, a bheith comhdhéanta de ghnóthais
neamhliostaithe lena n‑eisítear ionstraimí cothramais nó fiachais nach bhfuil
aon cheannaitheoir so‑aitheanta ann dóibh. Ba cheart go gcumhdódh an Rialachán
seo sócmhainní iarbhír a bhfuil caiteachas láithreach de dhíth orthu. (6) In éagmais Rialacháin a
leagfadh amach rialacha maidir le ELTIFanna, d'fhéadfadh sé go nglacfaí bearta
nach mbeadh ag teacht le chéile ar an leibhéal náisiúnta, rud is dealraitheach
a dtiocfadh mórshaobhadh iomaíochta as i ngeall ar éagsúlachtaí a bheith sna
bearta maidir le cosaint infheistíochtaí. De dheasca na gceanglas maidir le
punanna a chur le chéile gan a bheith ag teacht le chéile, de dheasca na
héagsúlachta agus na sócmhainní is incháilithe, go háirithe an infheistíocht i
dtráchtearraí, bíonn bacainní ar mhargaíocht maoine atá dírithe ar mhargaíocht
trasteorann gnóthas neamhliostaithe agus sócmhainní iarbhír ós rud é gur
deacair d’infheisteoirí tairiscintí infheistíochta éagsúla a thairgtear dóibh a
chur i gcomparáid le chéile. Lena chois sin, bíonn leibhéil éagsúla cosanta
infheisteora ann de thoradh na gceanglas náisiúnta nach bhfuil ag teacht le
chéile. Ar a bharr sin, bíonn neamhréitigh ann maidir le cosaint an iarrthóra
mar gheall ar cheanglais náisiúnta a bhaineann le teicnící infheistíochta a
bheith éagsúil, amhail leibhéil iasachtaíochta is ceadmhach, úsáid ionstraimí
airgeadais díorthacha, rialacha maidir le hidirbhearta díola ghearr nó
idirbhearta maoinithe urrús. Chomh maith leis sin, cuirtear bac ar dhíol cistí
lena n‑infheistítear i sócmhainní neamhliostaithe mar gheall ar cheanglais
maidir le fuascailt agus/nó tréimhsí sealbhaíochta. Is féidir go mbainfear an
bonn de mhuinín infheisteoirí a bheidh ag smaoineamh ar infheistíochtaí a
dhéanamh sna cistí sin agus go laghdófar an raon a bheidh ag infheisteoirí
roghnú go héifeachtach idir dheiseanna infheistíochta fadtéarmaí éagsúla ós rud
é nach bhfuil na ceanglais sin ag teacht le chéile. Dá bhrí sin, is é Airteagal 114
den Chonradh an bunús dlí cuí mar a léirmhínítear é i gcásdlí comhsheasmhach
Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. (7) Is gá rialacha aonfhoirmeacha
ar fud an Aontais chun a áirithiú gur léir próifíl táirge chomhleanúnach ag na
ELTIFanna ar fud an Aontais. Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh
inmheánach go réidh agus go mbeidh ardleibhéal cosanta infheisteora ann, is gá
rialacha aonfhoirmeacha a shocrú maidir le ELTIFanna a oibriú, go háirithe
maidir leis an gcomhad ELTIFanna a chur le chéile agus maidir leis na
hionstraimí infheistíochta is ceadmhach dóibh a úsáid chun nochtadh a fháil ar
ghnóthais agus ar shócmhainní iarbhír. Lena chois sin, is gá rialacha
aonfhoirmeacha a bheith ann maidir le comhad ELTIF chun a áirithiú go
gcothabhálfaidh ELTIFanna atá dírithe ar ioncam rialta a ghiniúint comhad
éagsúlaithe de shócmhainní infheistíochta lenar féidir an tsreabh airgid rialta
a choinneáil ar bun. (8) Tá sé ríthábhachtach go n‑áiritheofar
go mbeidh sainmhíniú oibrithe ELTIFanna, go háirithe i ndáil leis an gcomhad
ELTIFanna a chur le chéile agus na hionstraimí infheistíochta is ceadmhach
dóibh a úsáid i bhfoirm Rialacháin, infheidhme go díreach maidir le
bainisteoirí ELTIFanna agus is gá, mar sin, na rialacha nua sin a ghlacadh mar
Rialachán. Áiritheoidh sin freisin go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann
maidir le húsáid an ainm 'ELTIF' trí chosc a chur ar éagsúlacht sna ceanglais
náisiúnta. Ba cheart do bhainisteoirí ELTIFanna na rialacha céanna a leanúint
ar fud an Aontais ionas go gcothófar muinín infheisteoirí in ELTIFanna agus go n‑áiritheofar
iontaofacht inbhuanaithe an ainm freisin. San am céanna, trí rialacha
aonfhoirmeacha a ghlacadh, laghdófar castacht na gceanglas rialála is
infheidhme maidir le ELTIFanna. Trí bhíthin rialacha aonfhoirmeacha, laghdófar
freisin an costas a bheidh ar na bainisteoirí rialacha náisiúnta éagsúla a
chomhlíonadh maidir le cistí a infheistíonn i ngnóthais neamhliostaithe agus in
aicmí sócmhainní iarbhír is inchomparáide leo. Beidh difear ar leith ann i gcás
bainisteoirí ar mian leo caipiteal a thiomsú ar bhonn trasteorann. Cuideoidh sé
freisin saobhadh iomaíoch a chealú. (9) Tá na rialacha nua maidir le
ELTIFanna nasctha go dlúth le Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí
Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus
2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh.
1095/2010[8]
ós í an Treoir sin an creat dlí lena rialaítear bunú, bainistiú agus margú
Cistí Infheistíochta Malartacha (AIFanna) san Aontas. De réir sainmhínithe, tá
na ELTIFanna ina AIFanna ón AE a bhainistíonn bainisteoirí cistí infheistíochta
malartacha (AIFManna) atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE. (10) Cé go bhforáiltear i dTreoir 2011/61/AE
do chóras dlí céimnithe tríú tír lena rialáiltear AIFManna agus AIFanna nach de
AE iad, tá raon níos lú ag na rialacha nua maidir le ELTIFanna agus béim ar an
ngné Eorpach den táirge infheistíochta fadtéarmaí nua. Dá bharr sin, ní bheidh
incháilithe éirí ina ELTIF údaraithe ach AIF ón AE de réir bhrí Threoir 2011/61/AE
agus sin ar choinníoll gur AIFM ón AE a fuair údarú i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE
atá ina bhainisteoir air. (11) Ba cheart na Rialacha nua is
infheidhme maidir le ELTIFanna a thógáil ar an gcreat rialála atá ann cheana
agus a bunaíodh le Treoir 2011/61/CE agus leis na gníomhartha a glacadh
chun í a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na
rialacha a bhaineann le ELTIFanna sa bhreis ar na rialacha atá leagtha síos i
reachtaíocht an Aontais atá ann cheana. Go háirithe, ba cheart feidhm a bheith
ag na rialacha bainistíochta agus margaíochta atá leagtha síos i dTreoir 2011/61/AE
maidir le ELTIFanna. Ar an gcuma chéanna, na rialacha maidir le soláthar trasteorann
seirbhísí agus saoirse bhunaíochta atá leagtha síos i dTreoir 2011/61/AE,
ba cheart feidhm a bheith acu dá réir maidir le gníomhaíochtaí trasteorann
ELTIFanna. Ba cheart iad sin a chomhlánú leis na rialacha margaíochta sonracha
a ceapadh i leith margaíochta trasteorann ELTIFanna chuig infheisteoirí
miondíola agus gairmiúla araon ar fud an Aontais. (12) Ba cheart feidhm a bheith ag
rialacha aonfhoirmeacha maidir leis na AIFanna ón AE ar mian leo iad féin a
chur ar an margadh mar ELTIFanna. Níor cheart na rialacha sin a bheith ina
gceangal ar AIFanna ón AE nach mian leo iad féin a chur ar an margadh mar
ELTIFanna agus a thoilíonn, dá bhrí sin, gan tairbhe a bhaint as na buntáistí a
thagann as sin. Ar an taobh eile, ní bheadh Gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta
in urrúis inaistrithe (GCUInna) agus AIFanna nach den AE iad incháilithe bheith
ar an margadh mar ELTIFanna. (13) Chun a áirithiú go
gcomhlíonfaidh ELTIFanna na rialacha comhchuibhithe maidir le gníomhaíocht na
gcistí sin, is gá ceanglas a bheith ann go n‑údaróidh údaráis inniúla
ELTIFanna. Ba cheart, mar sin, na nósanna imeachta comhchuibhithe maidir le
húdarú AIFManna agus faireachán orthu faoi Threoir 2011/61/AE a chomhlánú
le nós imeachta údarúcháin ar leith maidir le ELTIFanna. Ba cheart nósanna
imeachta a bhunú a áiritheoidh gur AIFManna ón AE arna n‑údarú i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE
agus ar féidir leo ELTIF a bhainistiú amháin a fhéadfaidh ELTIFanna a
bhainistiú. Tabharfar na céimeanna cuí uile is gá chun a áirithiú go mbeidh sé
ar chumas an ELTIF na rialacha comhchuibhithe maidir le gníomhaíocht na gcistí
sin a chomhlíonadh. (14) Ós rud é gur féidir foirmeacha
éagsúla dlí a bheith ar AIFanna ón AE nach dtugann dóibh pearsantacht
dhlítheanach i gcónaí, ba cheart a mheas, maidir leis na forálacha a
cheanglaíonn ar ELTIFanna gníomhú, gur ag tagairt do bhainisteoir an ELTIF
atáthar i gcásanna ina bhfuil an ELTIF bunaithe mar AIF ón AE nach bhfuil ar a
chumas gníomhú leis féin toisc nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige. (15) Chun a áirithiú go mbeidh
ELTIFanna spriocdhírithe ar infheistíochtaí fadtéarmacha, ba cheart é bheith
ina cheanglas i rialacha maidir leis an gcomhad ELTIFanna go sainaithneofar go
soiléir catagóirí na sócmhainní ba cheart a bheith incháilithe d'infheistíocht
a dhéanann ELTIFanna agus na coinníollacha faoinar cheart iad a bheith
incháilithe. Ba cheart do ELTIF 70 % ar a laghad dá chaipiteal a
infheistiú i sócmhainní infheistíochta incháilithe. Chun sláine ELTIFanna a
áirithiú, ba mhaith an rud é freisin toirmeasc a chur ar ELTIF idirbhearta
airgeadais áirithe a dhéanamh a chuirfeadh a straitéis agus a chuspóirí
infheistíochta i mbaol trí rioscaí breise a thabhairt isteach nach ionann iad
agus na rioscaí arbh fhéidir bheith ag súil leo i gcás ciste atá spriocdhírithe
ar infheistíochtaí fadtéarmacha. Chun a áirithiú go ndíreofar go soiléir ar
infheistíochtaí fadtéarmacha, rud ab fhéidir a bheith úsáideach ag
infheisteoirí miondíola nach bhfuil eolas acu ar straitéisí is lú a luíonn leis
an nós, níor cheart cead a bheith ag ELTIF infheistiú in ionstraimí díorthacha
airgeadais ach amháin más chun fad tréimhse agus rioscaí malartaithe sócmhainní
eile a theorannú a dhéantar sin. Ós rud é gur leachtach atá trádearraí agus
ionstraimí díorthacha airgeadais a thugann nochtadh neamhdhíreach orthu, níl
gealltanas infheisteora fadtéarmach de dhíth orthu agus ba cheart, mar sin, gan
iad a chur sa chuntas. Ní bhaineann an réasúnaíocht sin le hinfheistíochtaí i
mbonneagar nó i ngnólachtaí a bhfuil baint acu le trádearraí nó a bhfuil a
bhfeidhmíocht nasctha go díreach le feidhmíocht trádearraí, amhail feirmeacha i
gcás trádearraí talmhaíochta nó gléasraí cumhachta i gcás trádearraí fuinnimh. (16) Is leathan an sainmhíniú ar
cad is infheistíocht fhadtéarmach ann. Cé nach mbíonn tréimhsí sealbhaíochta
fada don bhainisteoir ELTIF de dhíth orthu i gcónaí, bíonn sócmhainní
infheistíochta incháilithe neamhleachtach de ghnáth, bíonn gealltanais a
mhairfidh fad ama áirithe de dhíth orthu, agus bíonn próifíl eacnamaíoch de
chineál fadtéarmach acu. Tá sócmhainní infheistíochta incháilithe ina n‑urrúis
do‑aistrithe agus, dá bhrí sin, ní bhíonn rochtain acu ar leachtacht margaí
tánaisteacha. Is minic a bhíonn gealltanais téarma sheasta de dhíth orthu, rud
a chuireann srian lena n‑indíoltacht. Tá saolré eacnamaíoch na hinfheistíochta
a lorgtar le ELTIFanna de chineál fadtéarmach go bunúsach mar gheall ar na
gealltanais ardchaipitil agus an fad ama is gá chun torthaí a tháirgeadh. Dá
dheasca sin, ní bhíonn na sócmhainní sin oiriúnach d’infheistíochtaí a bhfuil
cearta fuascailte leo. (17) Ba cheart cead a bheith ag
ELTIF infheistiú i sócmhainní seachas sócmhainní infheistíochta incháilithe,
rud ab fhéidir a bheadh riachtanach chun a shreabh airgid a bhainistiú, ach ní
níos faide ná mar a bheidh comhsheasmhach le straitéis fhadtéarmach
infheistíochta an ELTIF. (18) Ní mór rannpháirtíochtaí,
amhail ionstraimí cothromais nó cuasachothromais, ionstraimí fiachais i
ngnóthais phunainne incháilithe agus iasachtaí a thugtar dóibh, a bheith san
áireamh sa chiall atá le sócmhainní fadtéarmacha. Ba cheart rannpháirtíocht i
gcistí eile atá dírithe ar shócmhainní amhail sócmhainní i ngnóthais
neamhliostaithe a eisíonn ionstraimí cothromais nó fiachais nach mbíonn
ceannaitheoir so‑aitheanta ann dóibh i gcónaí a chur san áireamh i gciall an
téarma sin freisin. Ba cheart sealúchais dhíreacha sócmhainní iarbhír, murab é
go bhfuil siad urrúsaithe, a bheith in n‑aicme de shócmhainní incháilithe
freisin. (19) Is é a chiall is gá a bheith
le hionstraimí cuasacothromais, cineál ionstraime maoinithe ar teaglaim é de
chothromas agus d'fhiachas, sa chás ina bhfuil an fáltas ar an ionstraim
nasctha le brabús nó le caillteanas an ghnóthais phunainne incháilithe agus i
gcás nach bhfuil aisíoc na hionstraime i gcás mainneachtana lánurraithe. Ar na
hionstraimí sin tá réimse ionstraimí maoinithe amhail fo-iasachtaí,
rannpháirtíochta ciúine, iasachtaí rannpháirtíochta, cearta rannpháirtíochta
brabúis, bannaí in‑chomhshóite agus bannaí le barántais. (20) Chun freagairt do chleachtas
gnó an lae inniu, ba cheart cead a bheith ag ELTIF scaireanna ó ghnóthas
punainne incháilithe atá ann a cheannach ó scairshealbhóirí an ghnóthais sin
atá ann. Lena chois sin, chun a áirithiú go mbeidh na deiseanna is leithne is
féidir ann maidir le tiomsú airgid, ba cheart infheistíochtaí isteach in
ELTIFanna eile a cheadú. Chun nach gcaolófar na hinfheistíochtaí isteach i
ngnóthais phunainne incháilithe, níor cheart cead a bheith ag ELTIFanna
infheistiú in ELTIFanna eile ach ar choinníoll nár infheistígh na ELTIFanna sin
iad féin níos mó ná 10 % dá gcaipitil in ELTIFanna eile. (21) Bíonn sé riachtanach gnóthais
airgeadais a úsáid in amanna chun ranníocaíochtaí infheisteoirí éagsúla, lena n‑áirítear
infheistíochtaí de chineál poiblí, a chomhthiomsú agus a eagrú isteach i
dtionscadail bhonneagair. Ba cheart, mar sin, cead a bheith ag ELTIFanna
infheistiú i sócmhainní infheistíochta incháilithe trí bhíthin gnóthas
airgeadais, ar choinníoll go mbeidh na gnóthais sin tiomnaithe do thionscadail
fhadtéarmacha a mhaoiniú. (22) Chun a chur ina luí ar
infheisteoirí go rannchuidíonn ELTIFanna go díreach infheistíochtaí
fadtéarmacha a fhorbairt, ba cheart ELTIFanna a theorannú d’infheistíochtaí i
ngnóthais nár liostaíodh. Dá bhrí sin, níor cheart gnóthais phunainne
incháilithe a liostú ar mhargaí rialáilte. Ar ghnóthais phunainne incháilithe
tá tionscadail bonneagair. infheistíocht i gcuideachtaí neamhliostaithe atá ag
lorg fáis agus infheistíochtaí in eastát réadach nó i sócmhainní eile iarbhír
arbh fhéidir go mbeadh siad oiriúnach do chríocha infheistíochta fadtéarmaí. (23) De bharr scála tionscadal
bonneagar, bíonn suimeanna mór caipitil de dhíth orthu sin agus ní mór na
suimeanna sin a fhágáil ina n‑infheistíochtaí ar feadh tréimhsí fada. Ar na
tionscadail bhonneagair sin tá bonneagar foirgneamh poiblí amhail scoileanna,
ospidéil nó príosúin, bonneagar sóisialta amhail tithíocht shóisialta,
bonneagar iompair amhail bóithre, córais iompair phoiblí nó aerfoirt, bonneagar
fuinnimh amhail eangacha fuinnimh, tionscadail oiriúnaithe agus maolaithe
aeráide, gléasraí cumhachta nó píblínte, bonneagar bainistíochta uisce amhail
córais soláthair uisce, córais séarachais nó uisciúcháin, bonneagar cumarsáide
amhail gréasáin agus bonneagar bainistíochta dramhaíle amhail córais athchúrsála
nó bhailithe. (24) Bíonn deacrachtaí le gnóthais
neamhliostaithe maidir le rochtain a fháil ar mhargaí caipitil agus fás agus
leathnú breise a mhaoiniú. Tá an maoiniú trí bhunanna cothromais nó trí
iasachtaí ina ghnáthmhodh tiomsaithe airgid. Ós buntréith de na hionstraimí sin
bheith ina n‑infheistíochtaí fadtéarmacha bíonn caipiteal foighneach de dhíth
orthu, caipiteal is féidir a fháil ó ELTIFanna. (25) Bíonn caipiteal foighneach de
dhíth ar infheistíochtaí i sócmhainní iarbhír ó nach bhfuil margaí leachtacha
tánaisteacha ann. Is foinse ríthábhachtach maoinithe iad cistí infheistíochta i
gcás sócmhainní a bhfuil caiteachas mór caipitil de dhíth orthu. I gcás na
sócmhainní sin, is minic is gá comhthiomsú caipitil chun an leibhéal maoinithe
atáthar a iarraidh a bhaint amach. Bíonn tréimhsí fada ama de dhíth ar na
hinfheistíochtaí sin ós rud é go mbaineann timthriall eacnamaíoch fhada leis na
sócmhainní sin de ghnáth. Is gá roinnt blianta, de ghnáth, chun infheistíocht i
sócmhainní iarbhír móra a amúchadh. Chun gur fusa na sócmhainní móra sin a
fhorbairt, ba cheart é a bheith ar chumas ELTIFanna infheistiú go díreach i sócmhainní
iarbhír ar níos mó ná € 10 milliún a luach. I dtéarmaí praiticiúla, bheadh
sócmhainní amhail bonneagar, eastát réadach, longa, aerárthaí agus rothstoc san
áireamh freisin. Is gá, ar na cúiseanna sin, sealúchais dhíreacha i sócmhainní
iarbhír agus infheistíochtaí i ngnóthais phunainne incháilithe a láimhseáil ar
an dóigh chéanna. (26) I gcás ina mbíonn geall ag
bainisteoir i ngnóthas punainne, bíonn baol ann go dtabharfaidh an bainisteoir
tús áite do leas na punainne thar leas na n‑infheisteoirí sa chiste. Chun nach
mbeidh an choinbhleacht leasa sin ann, is sócmhainní nach bhfuil baint acu leis
an mbainisteoir amháin ar cheart don ELTIF infheistiú iontu. (27) Chun go mbeidh méid áirithe
solúbthachta ag bainisteoirí ELTIFanna maidir lena gcistí a infheistiú, ba
cheart cead a thabhairt trádáil i sócmhainní seachas infheistíochtaí
fadtéarmacha a cheadú go dtí uastairseach 30 % dá gcaipiteal. (28) Chun teorainn a chur leis an
riosca a dtéann ELTIFanna ina bhfiontar, tá sé ríthábhachtach riosca
contrapháirtí a laghdú trí phunainn ELTIFanna a beith faoi réir ceanglas
soiléir maidir le héagsúlú. Ba cheart gach díorthach thar an gcuntar (OTC) a
bheith faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar,
contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála[9]. (29) Chun nach n‑imreoidh ELTIF atá
ag infheistiú tionchar iomarcach ar bhainistiú ELTIF eile nó ar chomhlacht
eisiúna, is gá comhchruinniú iomarcach ELTIF san infheistíocht chéanna a
sheachaint. (30) Chun gur féidir le
bainisteoirí ELTIF airgead breise a thiomsú le linn saolré an chiste, ba cheart
cead a thabhairt dóibh suimeanna airgid go dtí 30 % de chaipiteal an
chiste a fháil ar iasacht. Ba cheart gurbh fhéidir toradh breise a sholáthar do
na hinfheisteoirí leis sin. Chun an baol atá ann go mbeidh neamhréir airgeadra
ann, níor cheart don ELTIF iasacht a fháil ach san airgeadra a mheasann an
bainisteoir a mbeidh an tsócmhainn ann. (31) Ós rud é go bhfuil
infheistíochtaí ELTIF fadtéarmach agus neamhleachtach, ba cheart go leor ama a
bheith ag bainisteoirí chun na teorainneacha infheistíochta a chur i bhfeidhm.
Ba cheart saintréithe na n‑infheistíochtaí a chur san áireamh agus an tréimhse
ama is gá chun na teorainneacha sin á ríomh, ach níor cheart an tréimhse sin a
bheith os cionn cúig bliana. (32) Cé nach dtairgeann ELTIFanna
cearta fuascailte roimh dheireadh shaolré an ELTIF, níor cheart aon bhac a
bheith ar ELTIF cead isteach na scaireanna nó na n‑aonad sin a iarraidh isteach
i margadh rialáilte de réir shainmhíniú Airteagal 4(14) de Threoir 2004/39/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le
margaí in ionstraimí airgeadais[10],
isteach i saoráid trádála iltaobhach de réir shainmhíniú Airteagal 4(15)
de Threoir 2004/39/CE, nó isteach i saoráid trádála eagraithe de réir
shainmhíniú (…) de Rialachán (…), rud a thabharfadh deis d’infheisteoirí a n‑aonaid
nó a scaireanna a dhíol roimh dheireadh shaolré an ELTIF. Níor cheart, mar sin,
na rialacha nó na hionstraimí maidir le ELTIF a ionchorprú a chosc go ligfí
aonaid nó scaireanna isteach i margaí rialáilte ná go láimhseálfaí iontu iad,
ná a chosc go n‑aistreodh infheisteoirí a scaireanna nó a n‑aonaid go héasca go
tríú páirtithe ar mian leo na scaireanna sin nó na n‑aonad sin. (33) Chun gur féidir le
hinfheisteoirí a n‑aonaid nó a scaireanna a fhuascailt tráth a bheith deireadh
le saolré a gciste, ba cheart don bhainisteoir tosú ar phunann sócmhainní an
ELTIF go luath chun a áirithiú go réadófar an luach go hiomlán. Agus sceideal
ordúil dí‑infheistithe á socrú aige, ba cheart don bhainisteoir ELTIF próifílí
aibíochta éagsúla na n‑infheistíochtaí agus an fad ama is gá chun ceannaitheoir
a fháil do na sócmhainní ina bhfuil an ELTIF infheistithe a chur san áireamh. Ós
rud é nach praiticiúil na teorainneacha infheistíochta a choinneáil le linn na
tréimhse leachtaithe seo, ba cheart deireadh a theacht lena bhfeidhm nuair a
thosaíonn an tréimhse leachtaithe. (34) Is féidir go dtabharfar liostú
ar mhargadh rialáilte do na sócmhainní ina bhfuil ELTIF infheistithe le linn
shaolré an chiste. Sa chás sin, ní bheidh an tsócmhainn ag comhlíonadh
cheanglas neamhliostaithe an Rialacháin seo níos mó. Chun gur féidir le
bainisteoirí dí‑infheistiú óna leithéid de shócmhainn ar dhóigh ordúil,
b’fhéidir don tsócmhainn sin leanúint de bheith san áireamh maidir leis an
teorainn 70 % de shócmhainní infheistíochta incháilithe go cionn trí
bliana ar a mhéad. (35) I bhfianaise saintréithe
ELTIFanna, agus na hinfheisteoirí miondíola agus gairmiúla atá spriocdhírithe
tá sé tábhachtach go gcuirfear ceanglais trédhearcachta dhaingne ar bun lenar
féidir le hinfheisteoirí ionchasacha cinneadh a dhéanamh ar bhonn eolais agus
na rioscaí a fheiceáil go soiléir. Sa bhreis ar na ceanglais trédhearcachta atá
i dTreoir 2011/61/AE, ba cheart do ELTIFanna réamheolaire a fhoilsiú ina
mbeadh an fhaisnéis uile a cheanglaítear a fhógairt sna gnóthais chomh‑infheistíochta
den chineál dúnta i gcomhréir le Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle[11]
agus Rialachán Uimh. 809/2004/CE ón gCoimisiún[12]. I gcás ELTIF a mhargú
d’infheisteoirí ba cheart é a bheith éigeantach go bhfoilseofaí doiciméad
faisnéise bunriachtanaí (KID) i gcomhréir le Rialachán Uimh. […] de […] ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ar a bharr sin, ba cheart aird a
tharraingt in aon doiciméid mhargaíochta ar phróifíl riosca an ELTIF. (36) Ós rud é go bhfuil ELTIFanna
spriocdhírithe ar infheisteoirí gairmiúla agus miondíola araon ar fud an
Aontais, is gá ceanglais áirithe a chur leis na ceanglais mhargaíochta atá
leagtha síos i dTreoir 2011/61/AE chun a áirithiú go mbeidh leibhéal cuí
cosanta d'infheisteoirí ann. Ar an dóigh sin, ba cheart saoráidí a chur ar fáil
le haghaidh suibscríbhinní a dhéanamh, íocaíochtaí a thabhairt do shealbhóirí
aonad nó do scairshealbhóirí, aonaid nó scaireanna a athcheannach nó a
fhuascailt agus an fhaisnéis a chur ar fáil atá ceangailte ar an ELTIF agus ar
a bhainisteoirí a sholáthar. Ar a bharr sin, chun go n‑áiritheofar nach mbeidh
infheisteoirí miondíola thíos leis i gcomparáid le hinfheisteoirí gairmiúla
seanchleachta, is gá ráthaíochtaí áirithe a chur ar bun nuair a mhargaítear
ELTIFanna d'infheisteoirí miondíola. (37) Ba cheart d’údarás inniúil an
ELTIF a sheiceáil an bhfuil ELTIF in ann an Rialachán seo a chomhlíonadh ar
bhonn leanúnach. Ós rud é go bhfuil cumhachtaí leathana ar fáil ag na húdaráis
inniúla cheana faoi Threoir 2011/61/AE, is gá na cumhachtaí sin a leathnú
chun go bhfeidhmeofar iad i gcomhréir leis na comhrialacha nua maidir le
ELTIFanna. (38) Ba cheart ESMA a bheith in ann
na cumhachtaí uile arna dtabhairt faoi Threoir 2011/61/AE maidir leis an
Rialachán seo a fheidhmiú. (39) Ba cheart ról lárnach i gcur i
bhfeidhm na rialacha maidir le ELTIFanna a bheith ag an Údarás Eorpach um
Urrúis agus Margaí (ESMA), arna bhunú le Rialachán (AE)
Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (ESMA), lena
leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‑aisghairtear
Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún[13],
trína áirithiú go gcuirfidh údaráis inniúla náisiúnta i bhfeidhm rialacha an
Aontais go comhsheasmhach. Ós rud é gur comhlacht é ag a bhfuil saineolas atá
thar a bheith speisialaithe maidir le hurrúis agus margaí urrús, is éifeachtúil
agus is cuí é forbairt dréachtchaighdeán teicniúil rialála, nach bhfuil baint
acu le roghanna beartais, lena chur faoi bhráid an Choimisiúin, a chur mar
chúram ar ESMA, maidir leis na cásanna inar leor fad saolré ELTIF chun cumhdach
a dhéanamh ar shaolré gach ceann de na hurrúis aonair den ELTIF, ar na gnéithe
den sceideal maidir le sócmhainní ELTIF a dhiúscairt go hordúil, ar
shainmhínithe, ar mhodhanna ríofa agus ar thíolacadh nochta costais, agus
maidir le tréithe na saoráidí atá le bunú ag ELTIFanna i ngach Ballstát ina
bhfuil sé beartaithe acu aonaid nó scaireanna a mhargú. (40) Ba cheart na rialacha nua
aonfhoirmeacha maidir le ELTIFanna forálacha Threoir 95/46/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a
chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht
sonraí den sórt sin[14]
agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a
chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí
agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den
sórt sin a chomhlíonadh[15]. (41) Ós rud é nach féidir leis na
Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, mar atá, a áirithiú go mbeidh na
ceanglais maidir le hinfheistíochtaí agus coinníollacha oibríochta ELTIFanna ar
fud an Aontais aonfhoirmeach, agus an gá á chur san áireamh atá le
cothromaíocht a bhaint amach idir sábháilteacht agus iontaofacht ELTIFanna, ar
an taobh amháin, agus le hoibríocht éifeachtúil an mhargaidh do mhaoiniú
fadtéarmach agus leis an gcostas i gcás a gheallsealbhóirí éagsúla, ar an taobh
eile, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr is féidir, dá bhrí sin,
mar gheall ar a scála agus a éifeachtaí, iad a bhaint amach ar leibhéal an
Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na
coimhdeachta, atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas
Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, arna leagan amach san Airteagal
sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin
a bhaint amach. (42) Urramaítear leis na rialacha
nua aonfhoirmeacha maidir le ELTIFanna na cearta bunúsacha agus comhlíontar leo
na prionsabail arna n‑aithint, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an
Aontais Eorpaigh agus cosaint tomhaltóirí, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an
ceart chun leigheas agus triail chóir a fháil agus cosaint sonraí pearsanta. Ba
cheart na rialacha nua aonfhoirmeacha a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na
cearta sin agus na prionsabail sin, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta Airteagal 1
Ábhar 1. Leagtar síos leis an
Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha maidir le húdarú, beartais infheistíochta
agus coinníollacha oibríochta chistí infheistíochta malartacha (AIFanna) an AE
a mhargaítear san Aontas mar chistí infheistíochta fadtéarmaí (ELTIFanna). 2. Ní chuirfidh na Ballstáit aon
cheanglas breise leis an réimse atá cumhdaithe faoin Rialachán seo Airteagal 2
Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm
ag na sainmhínithe seo a leanas: (1)
ciallaíon 'caipiteal' ranníocaíochtaí caipitil
comhiomlánaithe agus caipiteal geallta neamhghlaoite arna ríomh ar bhonn
suimeanna is in‑infheistithe tar éis na táillí, na muirir agus na costais uile
a asbhaint a bhíonn le híoc, go díreach nó go hindíreach, ag na hinfheisteoirí;
(2)
ciallaíonn 'cothromas' leas úinéireachta i
ngnóthas, a léirítear le scaireanna nó le foirmeacha eile sealúchais i
gcaipiteal an ghnóthais phunainne incháilithe arna eisiúint ag a infheisteoirí; (3)
ciallaíonn 'cuasachothromas' aon chineál ionstraime
maoinithe, i gcás ina bhfuil an fáltas ar an ionstraim nasctha le brabús nó
caillteanas an ghnóthais phunainne incháilithe agus sa chás nach bhfuil
aisíocaíocht na hionstraime i gcás mainneachtana urraithe go hiomlán; (4)
ciallaíonn 'gnóthas airgeadais' aon cheann díobh
seo a leanas: (a)
institiúid creidmheasa mar atá sainmhínithe i
bpointe 1 d’Airteagal 4 de Threoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle[16]; (b)
gnólacht infheistíochta mar atá sainmhínithe i
bpointe 1 d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE; (c)
gnóthas árachais mar atá sainmhínithe i
bpointe 1 d’Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle[17]; (d)
cuideachta shealbhaíochta airgeadais mar atá
sainmhínithe i bpointe 19 d’Airteagal 4 de Threoir 2006/48/CE; (e)
cuideachta shealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha
mar atá sainmhínithe i bpointe 20 d’Airteagal 4 de Threoir 2006/48/CE; (5)
ciallaíonn 'údarás inniúil an ELTIF' údarás inniúil
Bhallstát baile an AIF ón AE mar atá sainmhínithe in Airteagal 4(1)(p) de
Threoir 2011/61/AE; (6)
ciallaíonn 'Ballstát baile an ELTIF' an Ballstát
ina bhfuil an ELTIF údaraithe. Airteagal 3
Ainmniú a údarú agus a úsáid 1. Is iad na AIFanna ón AE
amháin a bheidh incháilithe d’údarú mar ELTIF. 2. Ní mhargófar ELTIF san Aontas
ach i gcás inar údaraíodh é i gcomhréir leis an Rialachán seo. Beidh an t‑údarú mar ELTIF bailí do na Ballstáit
uile. 3. Ní úsáidfidh gnóthas comh‑infheistíochta
an t‑ainm 'ELTIF' nó 'ciste infheistíochta fadtéarmaí' ach i dtaca leis féin nó
i dtaca leis na haonaid nó na scaireanna a eisíonn sé i gcás inar údaraíodh sin
i gcomhréir leis an Rialachán seo. 4. Cuirfidh údaráis inniúla an
ELTIF an ESMA ar an eolas, gach ráithe, faoi údaruithe arna dtabhairt nó arna
dtarraingt siar de bhun an Rialacháin seo. Coinneoidh ESMA clár lárnach poiblí ina
sainaithneofar gach ELTIF arna údarú faoin Rialachán seo, a bhainisteoir agus
údarás inniúil an ELTIF. Cuirfear an clár ar fáil i bhformáid leictreonach. Airteagal 4
Údarú mar ELTIF a iarraidh 1. Iarrfaidh ELTIF údarú ar a
údarás inniúil. San iarratas ar údarú mar ELTIF beidh na nithe seo
a leanas: (a)
rialacha an chiste nó na hionstraimí
ionchorprúcháin; (b)
faisnéis ar aitheantas an bhainisteora; (c)
faisnéis ar aitheantas an taiscí; (d)
tuairisc ar an bhfaisnéis atá le cur ar fáil
d’infheisteoirí; (e)
aon fhaisnéis nó aon doiciméad eile arna iarraidh
ag údarás inniúil an ELTIF chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a
fhíorú. 2. Iarrfaidh bainisteoir cistí
infheistíochta malartacha (AIFM) arna údarú faoi Threoir 2011/61/AE údarú
maidir le ELTIF a chuir isteach iarratas ar údarú i gcomhréir le mír 1
chuig údarás inniúil an ELTIF. San iarratas ar údarú maidir le ELTIF a bhainistiú
beidh na nithe seo a leanas: (f)
an comhaontú i scríbhinn leis an taiscí; (g)
faisnéis faoi shocruithe tarmligin maidir le
bainistiú punainne agus riosca agus le riarachán i ndáil leis an ELTIF; (h)
faisnéis faoi na straitéisí infheistíochta, faoin
bpróifíl riosca agus faoi shaintréithe eile AIFanna a bhfuil an AIFM údaraithe
iad a bhainistiú. Féadfaidh údarás inniúil an ELTIF soiléiriú a
iarraidh ar údarás inniúil an AIFM ón AE chomh maith le faisnéis faoi na
doiciméid dá dtagraítear sa dara fomhír, nó dearbhú lena soiléirítear an dtagann
ELTIFanna faoi raon feidhme údarú an AIFM ón AE maidir le AIFanna a bhainistiú.
Tabharfaidh údarás inniúil an AIFM ón AE freagra faoi cheann 10 lá oibre ón
dáta a fuair sé an iarraidh arna cur isteach ag údarás inniúil an ELTIF. 3. Cuirfear in iúl don ELTIF
agus do AIFM ón AE faoi cheann dhá mhí ón dáta a cuireadh isteach iarratas
iomlán ar tugadh údarú don ELTIF. 4. Cuirfidh an BCIM aon mhodhnú
a dhéanfar tar éis sin ar na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2
in iúl láithreach d'údarás inniúil an ELTIF. Airteagal 5
Coinníollacha maidir leis an údarú a thabhairt 1. Ní údarófar ELTIF is
iarratasóir ach i gcás: (a)
ina bhfuil a údarás inniúil sásta go bhfuil sé ar
chumas an ELTIF ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh; (b)
inar údaraigh a údarás inniúil iarratas ó AIFM ón
AE i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE ar an ELTIF, rialacha an chiste agus
rogha an taiscí a bhainistiú. 2. Ní fhéadfaidh údarás inniúil
an ELTIF iarratas an AIFM ón AE ar an ELTIF a úsáid a dhiúltú ach i gcás: (a)
nach gcomhlíonann an AIFM ón AE an Rialachán seo; (b)
nach gcomhlíonann an AIFM ón AE Treoir 2011/61/AE; (c)
nach bhfuil an AIFM ón AE údaraithe ag a údarás
inniúil AIFanna a bhfuil cistí den chineál atá cumhdaithe sa Rialachán seo a
bhainistiú; (d)
nár chuir an AIFM ón AE na doiciméid dá dtagraítear
i mír 4(2) ar fáil. Sula ndiúltaíonn sé d'iarratas, rachaidh údarás
inniúil an ELTIF i gcomhairle le húdarás inniúil an AIFM ón AE. 3. Ní thabharfaidh údarás
inniúil údarú mar ELTIF má dhéantar an ELTIF is iarrthóir a chosc go dlíthiúil
ar a aonaid nó a scaireanna a mhargú ina Bhallstát baile. 4. Ní bheidh údarú mar ELTIF
faoi réir ceanglais go mbainisteoidh AIFM ón AE arna údarú i mBallstát baile
ELTIF an ELTIF, nó go saothróidh nó go dtarmligfidh an AIFM ón AE aon ghníomhaíochtaí
i mBallstát baile an ELTIF. Airteagal 6
Rialacha is infheidhme agus diliteanas 1. Comhlíonfaidh ELTIF forálacha
an Rialacháin seo i gcónaí. 2. Comhlíonfaidh ELTIF agus a
bhainisteoir forálacha Rialacháin 2011/61/AE i gcónaí. 3. Beidh bainisteoir an ELTIF
freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Beidh an bainisteoir
faoi dhliteanas i gcás aon chaillteanais nó damáiste a thig as neamh‑chomhlíonadh
an Rialacháin seo. Caibidil II
Oibleagáidí maidir le beartais infheistíochta ELTIFnna ROINN 1
Rialacha ginearálta agus sócmhainní incháilithe Airteagal 7
Ranna infheistíochta I gcás ina bhfuil níos mó ná roinn
infheistíochta amháin i ELTIF, measfar gur ELTIF ar leith gach roinn chun
críocha na Caibidle seo. Airteagal 8
Infheistíochtaí incháilithe 1. Ní infheisteoidh ELTIF ach
sna catagóirí sócmhainní seo a leanas agus ní dhéanfaidh siad sin ach faoi na
coinníollacha atá sonraithe sa Rialachán seo: (a)
sócmhainní infheistíochta incháilithe; (b)
sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 50(1)
de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[18]. 2. Ní dhéanfaidh ELTIF aon
cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas: (a)
sócmhainní a dhíol go folamh; (b)
nochtadh díreach nó indíreach ar chothromas nó ar
thráchtearraí a ghlacadh, lena n‑áirítear díorthaigh, deimhniúcháin ar a son,
innéacsanna bunaithe orthu, nó aon mhodhanna nó ionstraim eile lena nochtfaí
iad; (c)
dul i mbun comhaontuithe i ndáil le hiasachtú urrús
nó comhaontuithe i ndáil le hiasachtaíocht hurrús, agus comhaontuithe
athcheannaigh, nó aon chomhaontú eile a chuirfeadh isteach ar shócmhainní an
ELTIF; (d)
ionstraimí díorthacha airgeadais a úsáid, ach
amháin más éard atá san ionstraim is bonn dóibh rátaí úis nó airgeadraí agus
nach bhfuil de chuspóir aige ach fad tréimhse agus rioscaí malartaithe ar
gnéithe iad d'infheistíochtaí eile an ELTIF a theorannú. Airteagal 9
Sócmhainní infheistíochta incháilithe; Ní bheidh sócmhainn dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a)
incháilithe d’infheistíocht ag ELTIF ach má bhíonn sé i gceann de na catagóirí
seo a leanas: (a)
ionstraimí cothromais nó cuasachothromais arna n‑eisiúint: (i) ag gnóthas punainne incháilithe agus
arna bhfáil go díreach ag an ELTIF ón ngnóthas punainne incháilithe; (ii) ag gnóthas punainne incháilithe mar
mhalairt ar ionstraim cothramais a fuair an ELTIF go díreach agus roimhe sin ón
ngnóthas punainne incháilithe; (iii) ag gnóthas ar foghnóthas faoi
úinéireacht an mhóraimh mar mhalairt ar ionstraim cothramais arna fháil i
gcomhréir le pointe (i) nó pointe (ii) ag an ELTIF ón ngnóthas
punainne incháilithe; (b)
ionstraimí fiachais arna n‑eisiúint ag gnóthas
punainne incháilithe; (c)
iasachtaí arna dtabhairt ag an ELTIF do ghnóthas
punainne incháilithe; (d)
aonaid nó scaireanna de chuid ELTIF amháin eile nó
roinnt ELTIFanna, Cistí Caipitil Fiontair Eorpacha (EuVECA) agus Cistí Eorpacha
um Fhiontraíocht Shóisialta (SEFanna ón AE) ar choinníol nár infheistigh na
ELTIFanna, na VECAanna ón AE agus SEFanna ón AE sin níos mó ná 10 % dá
gcaipiteal in ELTIFanna; (e)
sealúchais dhíreacha i sócmhainní iarbhír a bhfuil
caiteachas caipitil láithreach EUR 10 milliún ar a laghad nó a chothrom
san airgeadra de dhíth orthu tráth a thabhaítear an caiteachas. Airteagal 10
Gnóthas punainne incháilithe 1. Beidh gnóthas punainne
incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1) ina ghnóthas punainne
incháilithe nach gnóthas comhinfheistíochta é agus a chomhlíonann na ceanglais
seo a leanas ar fad: (a)
ní gnóthas airgeadais é; (b)
ní ligtear isteach i dtrádáil é: (i) ar mhargadh rialáilte de réir bhrí Airteagal 4(14)
de Threoir 2004/39/CE; (ii) ar shaoráid trádála iltaobhach de réir
bhrí Airteagal 4(15) de Threoir 2004/39/CE; (iii) ar shaoráidí trádála eagraithe de réir
bhrí phointe […] de Rialachán […]; (c)
bunófar é i mBallstát, nó i dtríú tír má
chomhlíonann an tríú tír na coinníollacha seo a leanas: (i) nach dlínse ardriosca nach bhfuil ag
comhoibriú a shainaithin an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) atá
inti; (ii) go bhfuil comhaontú sínithe an tríu tír
le Ballstát baile bainisteoir an ELTIF agus le gach Ballstát ina mbeartaítear
aonaid agus scaireanna an ELTIF a mhargú, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an
tríú tír na caighdeáin a leagtar síos in Airteagal 26 den
Samhailchoinbhinsiún Cánach ar ioncam agus ar chaipiteal EFCE agus lena
áirithítear malartú éifeachtach faisnéis maidir le cúrsaí cánach, lena n‑áirítear
aon chomhaontuithe cánach iltaobhacha. 2. De mhaolú ar mhír 1(a)
den Airteagal seo, féadfar go mbeidh gnóthas punainne incháilithe ina ghnóthas
airgeadais nach maoiníonn ach gnóthais phunainne incháilithe dá dtagraítear i
mír 1 den Airteagal seo nó sócmhainní iarbhír dá dtagraítear in Airteagal 9.
Airteagal 11
Coinbhleachtaí leasa Ní infheisteoidh ELTIF i sócmhainn
infheistíochta incháilithe ina bhfuil nó ina raibh leas an bhainisteora, go
díreach nó go hindíreach, seachas trí aonaid nó scaireanna de chuid an ELTIF a
bhainistíonn sé a shealbhú. ROINN 2
Forálacha maidir le beartais infheistíochta Airteagal 12
Punann a thiomsú agus a éagsúlú 1. Infheisteoidh ELTIF 70 %
ar a laghad dá chaipiteal i sócmhainní infheistíochta incháilithe. 2. Ní infheisteoidh ELTIF níos
mó ná: (a)
10 % dá chaipiteal i sócmhainní arna n‑eisiúint
ag aon ghnóthas punainne incháilithe aonair; (b)
10 % dá chaipiteal i sócmhainn iarbhír aonair; (c)
10 % dá chaipiteal in aonaid nó i scaireanna
aon ELTIF, VECA ón AE nó SEF ón AE aonair; (d)
5 % dá chaipiteal i sócmhainní dá dtagraítear
in Airteagal 8(1)(b) i gcás in ar eisigh comhlacht aonair na sócmhainní
sin. 3. Ní bheidh luach carnach aonaid
ná scaireanna ELTIFanna, VECAanna ón AE agus SEFanna ón AE i bpunann ELTIF os
cionn 20 % de luach a chaipitil. 4. Ní bheidh an nochtadh carnach
riosca le contrapháirtí de chuid an ELTIF a thagann as idirbhearta díorthacha
thar an gcuntar ná comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais os cionn 5 %
dá chaipiteal. 5. De mhaolú ar mhír 2(a)
agus ar mhír 2(b), féadfaidh an ELTIF an teorainn 10 % dá dtagraítear
ann go dtí 20 % ar choinníoll nach mbeidh luach carnach na sócmhainní i
seilbh an ELTIF i ngnóthais punainne incháilithe agus i sócmhainní iarbhír
aonair ina n‑infheistíonn sé os cionn 10 % dá chaipiteal, ní bheidh sé os
cionn 40 % de luach a chaipitil. 6. Measfar gur gnóthais
phunainne incháilithe aonair nó comhlachtaí aonair iad comhlachtaí a áirítear
sa ghrúpa céanna chun críocha cuntas comhdhlúthaithe, arna rialú le Seachtú
Treoir 83/349/CEE[19]
ón gComhairle, nó i gcomhréir le rialacha cuntasóireachta idirnáisiúnta
aitheanta, chun críche na teorainneacha dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 a
ríomh. Airteagal 13
Comhdhlúthú 1. Ní fhéadfaidh ELTIF níos mó
ná 25 % d’aonaid nó de scaireanna ELTIF, VECA ón AE nó SEF ón AE aonair a
fháil. 2. Beidh feidhm ag na
teorainneacha comhdhlúthaithe atá leagtah síos in Airteagal 56(2) de Threoir 2009/65/C
maidir le hinfheistíochtaí sna sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b)
den Rialachán seo. Airteagal 14
Airgead a fháil ar iasacht Féadfaidh ELTIF airgead a fháil ar iasacht ar
choinníoll go gcomhlíonann an iasacht sin na coinníollacha seo a leanas ar fad: (a)
nach mó é ná 30 % de chaipiteal an ELTIF; (b)
go bhfuil sé ina chuspóir aige rannpháirtíocht i
sócmhainní infheistithe incháilithe a fháil; (c)
go bhfaightear é in airgeadra na sócmhainní atá le
fáil leis an airgead a fuarthas ar iasacht; (d)
nach gcuireann sé bac ar réadú aon sócmhainne i
seilbh i bpunann an ELTIF; (e)
nach gcuireann sé aon bhac ar shócmhainní i seilbh
i bpunann an ELTIF. Airteagal 15
Rialacha maidir le punann a thiomsú agus a éagsúlú a cur i bhfeidhm 1. Maidir leis na teorainneacha
infheistíochta atá leagtha síos in Airteagal 12(1): (a)
tiocfaidh siad i bhfeidhm faoin dáta atá sonraithe
i rialacha an ELTIF nó in ionstraimí ionchorprúcháin, i gcás ina mbeidh
saintréithe na sócmhainní atá le hinfheistiú ag an ELTIF curtha san áireamh
agus an dáta sin a shocrú agus ní bheidh sé níos déanaí ná cúig bliana tar éis
údarú an ELTIF. i gcásanna eisceachtúla, féadfaidh údarás inniúil an ELTIF, ar
chur isteach plean infheistíochta a bhfuil údar cuí leis, síneadh ar an
teorainn ama sin nach mó ná aon bhliain amháin a fhormheas; (b)
beidh deireadh lena bhfeidhm nuair a thosóidh an
ELTIF ar shócmhainní a dhíol i gcomhréir lena bheartas fuascailte mar atá
leagtha amach in Airteagal 16; (c)
beidh siad ar fionraí go sealadach i gcás ina
dtiomsaíonn an ELTIF caipiteal breise, fad is nach mairfidh an fionraí sin níos
mó ná 12 mhí. 2. I gcás ina n‑eisíonn gnóthas
punainne incháilithe nach gcomhlíonann Airteagal 10(1)(b) níos mó
sócmhainn fhadtéarmach inar infheistigh ELTIF , féadfar leanúint den tsócmhainn
fhadtéarmach a chuntas chun an 70 % a ríomh dá dtagraítear in Airteagal 12(1)
ar feadh trí bliana ar a mhéad ón dáta nach gcomhlíonann an gnóthas punainne na
ceanglais in Airteagal 10 níos mó. Caibidil III
Fuascailt, trádáil agus eisiúint scaireanna ELTIF nó aonad ELTIF agus dáiltí
ioncaim Airteagal 16
Beartas fuascailte 1. Ní fhéadfaidh infheisteoirí
fuascailt a n‑aonad ná a scaireanna a iarraidh roimh dheireadh shaolré an
ELTIF. Féadfar fuascailt a dhéanamh d’infheisteoirí ón lá tar éis an dáta atá
sainithe mar dheireadh shaolré an ELTIF. Beidh deireadh shaolré an ELTIF léirithe go
soiléir mar dháta sonrach i rialacha agus in ionstraimí ionchorprúcháin an ELTIF
agus nochtfar d'infheisteoirí é. Le rialacha nó le hionstraimí ionchorprúcháin an
ELTIF agus le nochtaí d’infheisteoirí, leagfar síos na nósanna imeachta maidir
le fuascailt agus diúscairt sócmhainní agus luafar go soiléir go gcuirfear tús
le fuascailt d'infheisteoirí an lá tar éis an dáta atá sainithe mar dheireadh
shaolré an ELTIF. 2. Beidh
saolré an ELTIF fada a dhóthain chun saolré gach sócmhainn ar leith den ELTIF a
chumhdach, arna thomhas de réir phróifíl neamhleachtach agus shaolré
eacnamaíoch na sócmhainne, agus de réir chuspóir infheistíochta sonraithe an
ELTIF. 3. Féadfaidh infheisteoirí
foirceannadh an ELTIF a iarraidh murar tugadh sásamh dóibh i leith a n‑iarrataí
ar fhuascailt laistigh de bhliain tar éis dheireadh shaolré an ELTIF. 4. Beidh an rogha i gcónaí ag
infheisteoirí aisíocaíocht in airgead tirim a fháil. 5. Ní fhéadfar aisíocaíocht
chomhchineáil as sócmhainní an ELTIF a dhéanamh ach amháin i gcás ina
gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas: (a)
foráiltear maidir leis an deis sin i rialacha nó in
ionstraimí ionchorprúcháin an ELTIF, ar an gcoinníoll go gcuirfear cóir
chothrom ar gach infheisteoir; (b)
iarrann an t‑infheisteoir i scríbhinn go n‑aisíocfaí
é trí sciar de shócmhainní an chiste; (c)
ní chuireann aon rialacha sonracha srianadh ar
aistriú na sócmhainní sin. 6. Forbróidh ESMA
dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na cúinsí ina mbeidh saolré
ELTIF fada a dhóthain chun saolré gach sócmhainn ar leith den ELTIF a
chumhdach. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla
rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [...]. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún
chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a
ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán
(AE) Uimh. 1095/2010. Airteagal 17
Margadh tánaisteach 1. Ní chuirfidh rialacha ná
ionstraim ionchorprúcháin an ELTIF cosc ar aonaid nó scaireanna ELTIF a ligean
isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 4(14)
de Threoir 2004/39/CE nó ar shaoráid iltaobhach trádála mar a
shainmhínítear í in Airteagal 4(15) de Threoir 2004/39/CE nó ar
shaoráid trádála eagraithe mar a shainítear í ag pointe (...) de Rialachán
(...). 2. Ní chuirfidh rialacha ná
ionstraim ionchorprúcháin ELTIF cosc ar infheisteoirí a scaireanna nó a n‑aonaid
a aistriú go neamhshrianta go tríú páirtithe. Airteagal 18
Eisiúint scaireanna nua nó aonad nua 1. Féadfaidh ELTIF eisiúintí nua
scaireanna agus aonad a thairiscint i gcomhréir lena rialacha ciste nó a
ionstraimí ionchorprúcháin. 2. Ní eiseoidh ELTIF scaireanna
nua ná aonaid nua ar phraghas níos ísle ná a ghlanluach sócmhainne gan na
scaireanna nó na haonaid sin a thairiscint roimh ré ar an bpraghas sin do na
hinfheisteoirí atá ann cheana. Airteagal 19
Diúscairt sócmhainní ELTIF 1. Glacfaidh gach ELTIF sceideal
mionsonraithe le haghaidh diúscairt ordúla a chuid sócmhainní chun
infheisteoirí a fhuascailt tar éis dheireadh shaolré an ELTIF. 2. Áireofar sa sceideal dá
dtagraítear i mír 1: (a)
measúnú ar an margadh do cheannaitheoirí
ionchasacha; (b)
measúnú ar na praghsanna díolta ionchasacha agus
comparáid eatarthu; (c)
luacháil ar na sócmhainní atá le dídhílsiú; (d)
creat ama cruinn don sceideal diúscartha. 3. Forbróidh ESMA
dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na critéir atá le húsáid sna
measúnuithe i bpointe (a) agus sa luacháil i bpointe (c) de mhír 2. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla
rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [...]. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún
chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a
ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán
(AE) Uimh. 1095/2010. Airteagal 20
Dáileadh ioncaim 1. Féadfaidh ELTIF an t‑ioncam
arna ghiniúint ag na sócmhainní sa phunann a dháileadh go rialta ar
infheisteoirí. Is éard a bheidh san ioncam sin: (a)
aon ioncam arna theacht go rialta ó na sócmhainní; (b)
an luachmhéadú caipitil a réadaíodh tar éis
diúscairt sócmhainne, ach gan na bunghealltanais caipitil a tugadh a bheith san
áireamh. 2. Ní dháilfear an t‑ioncam thar
mar a bheidh ag teastáil do ghealltanais an ELTIF amach anseo. 3. Luafaidh an ELTIF ina
rialacha ciste nó ina ionstraimí ionchorprúcháin an beartas dáilte a bheidh á
ghlacadh aige le linn shaolré an chiste. Caibidil IV
Ceanglais trédhearcachta Airteagal 21
Trédhearcacht 1. Ní dhéanfar aonaid ná
scaireanna ELTIF údaraithe a mhargú san Aontas gan réamheolaire a fhoilsiú
roimh ré. Ní dhéanfar aonaid ná scaireanna ELTIF údaraithe a
mhargú le hinfheisteoirí mórdhíola san Aontas gan Doiciméad Faisnéise
Bunriachtanaí (DFB) a fhoilsiú roimh ré i gcomhréir le Rialachán Uimh. […] an
[…] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[20].
2. San áireamh sa réamheolaire
beidh an fhaisnéis atá riachtanach d’infheisteoirí ionas go mbeidh siad in ann
breith fheasach a thabhairt maidir leis an infheistíocht atá á moladh dóibh,
agus, go háirithe, maidir leis na rioscaí a ghabhann léi. 3. Beidh an méid seo a leanas ar
a laghad sa réamheolaire: (a)
ráiteas ina leagfar amach conas a cháilítear an
ciste mar chiste de chineál fadtéarmach i bhfianaise chuspóirí infheistíochta
an ELTIF agus na straitéise chun na cuspóirí sin a bhaint amach; (b)
faisnéis le nochtadh ag gnóthais
chomhinfheistíochta den chineál iata i gcomhréir le Treoir 2003/71/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[21]
agus le Rialachán (CE) Uimh.809/2004 ón gCoimisiún[22]; (c)
faisnéis atá le nochtadh d'infheisteoirí de bhun Airteagal 23
de Threoir 2011/61/AE, mura bhfuil sé cumhdaithe cheana féin faoi phointe
(b) den mhír seo; (d)
sonrú suntasach ar na catagóirí sin sócmhainní a
bhfuil an ELTIF údaraithe infheistiú iontu; (e)
aon fhaisnéis eile a mheasann na húdaráis inniúla a
bheith ábhartha chun críocha mhír 2. 4. Leis an réamheolaire, an
doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus aon doiciméid mhargaíochta eile
tabharfar fógra feiceálach d’infheisteoirí maidir le cineál neamhlachtach an
chiste. Go háirithe, sa réamheolaire, sa doiciméad
faisnéise bunriachtanaí agus in aon doiciméid mhargaíochta eile agus é go
soiléir: (a)
cuirfear gach infheisteoir ar an eolas faoi cineál
fadtéarmach na n‑infheistíochtaí san ELTIF; (b)
cuirfear gach infheisteoir ar an eolas faoi
dheireadh shaolré an ELTIF; (c)
sonrófar an bhfuil sé i gceist an ELTIF a mhargú le
hinfheisteoirí mórdhíola; (d)
luafar nach bhfuil sé de cheart ag infheisteoirí a n‑infheistíocht
a fhuascailt go dtí deireadh shaolré an ELTIF; (e)
luafar minicíocht agus amchlár aon íocaíochtaí
ioncaim, más ann dóibh, le hinfheisteoirí le linn shaolré an chiste; (f)
cuirfear comhairle ar infheisteoirí nach ceart ach
cion beag dá bpunann foriomlán a infheistiú in ELTIF. Airteagal 22
Nochtadh costais 1. Leis an réamheolaire cuirfear
in iúl go feiceálach d’infheisteoirí leibhéal na gcostas éagsúla a bheidh le h‑íoc
go díreach nó go hindíreach ag an infheisteoir. Cuirfear na costais éagsúla i ngrúpaí
de réir na gceannteideal seo a leanas: (a)
na costais a bhaineann leis an ELTIF a chur ar bun; (b)
na costais a bhaineann le héadáil sócmhainní; (c)
costais bhainistíochta; (d)
costais dáiliúcháin; (e)
costais eile, lena n‑áirítear costais riaracháin,
costais rialála, costais coinneála agus iniúchta. 2. Nochtfar sa réamheolaire
cóimheas foriomlán na gcostas in aghaidh chaipitil an ELTIF. 3. Léireofar sa doiciméad
faisnéise bunriachtanaí na costais uile arna leagan amach sa réamheolaire
laistigh den chuntas ann ar na costais iomlána i dtéarmaí airgeadaíochta agus
céatadáin. 4. Forbróidh ESMA dréacht‑chaighdeáin
theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú: (a)
sainmhínithe, modheolaíochtaí ríomha agus formáidí
láithreoireachta comhchoiteanna na gcostas dá dtagraítear i mír 1 agus an
cóimheas foriomlán dá dtagraítear i mír 2; (b)
sainmhíniú comhchoiteann, modheolaíocht ríomha
chomhchoiteann agus formáid láithreoireachta chomhchoiteann an chuntais ar na
costais iomlána i mír 3. Agus na
dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt, tabharfaidh ESMA aird ar na
dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i bpointe (...) de
Rialachán (...) [TIMPanna (Táirgí Infheistíochta Miondíola Pacáistithe)]. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla
rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [...]. Déantar cumhacht a
tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá
dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14
de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Caibidil V
Margú aonaid agus scaireanna ELTIFanna. Airteagal 23
Saoráidí a bheith ar fáil d’infheisteoirí 1. Cuirfidh bainisteoir ELTIF, i
ngach Ballstát ina bhfuil sé beartaithe aonaid nó scaireanna an ELTIF sin a
mhargú, saoráidí ar fáil chun síntiúis a dhéanamh, chun íocaíochtaí a dhéanamh
le sealbhóirí aonad nó le scairshealbhóirí, chun aonaid nó scaireanna a
athcheannach nó a fhuascailt, agus chun an fhaisnéis sin a bhfuil sé de
cheangal ar an ELTIF agus a bhainisteoirí a sholáthar a chur ar fáil. 2. Forbróidh ESMA dréacht‑chaighdeáin
theicniúla rialála chun cineálacha agus saintréithe na saoráidí a shonrú, chun
a mbonneagar teicniúil a shonrú agus ábhar a gcúraimí maidir le hinfheisteoirí
ELTIF dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla
rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [...]. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún
chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a
ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán
(AE) Uimh. 1095/2010. Airteagal 24
Ceanglais bhreise maidir le margú le hinfheisteoirí mórdhíola Beidh bainisteoir ELTIF in ann aonaid nó
scaireanna an ELTIF sin a mhargú d’infheisteoirí mórdhíola ar choinníoll go
gcomhlíonfar na ceanglais bhreise seo a leanas: (a)
foráiltear le rialacha nó le hionstraimí
ionchorprúcháin an ELTIF go mbainfidh gach infheisteoir leas as cóir
chomhionann agus nach dtabharfar cóir fhabhrach nó sochair eacnamaíochta
shonracha d’infheisteoirí aonair nó do ghrúpaí infheisteoirí; (b)
ní struchtúr comhpháirtíochta atá san ELTIF; (c)
féadfaidh infheisteoirí mórdhíola, i rith na
tréimhse shuibscríbhinne agus ar feadh dhá sheachtain ar a laghad tar éis
aonaid nó scaireanna an ELTIF a thógáil, a síntiús a chur ar ceal agus an t‑airgead
a fháil ar ais gan aon phionós. Airteagal 25
Margú aonaid agus scaireanna ELTIFanna. 1. Beidh bainisteoir ELTIF in
ann aonaid nó scaireanna an ELTIF údaraithe sin a mhargú le hinfheisteoirí
gairmiúla agus le hinfheisteoirí mórdhíola ina Bhallstát baile nuair a
fhaigheann sé fógra i gcomhréir le hAirteagal 31 de Threoir 2011/61/AE.
2. Beidh bainisteoir ELTIF in
ann aonaid nó ar scaireanna an ELTIF údaraithe sin a mhargú le hinfheisteoirí
gairmiúla agus le hinfheisteoirí mórdhíola ina Bhallstát baile nuair a
fhaigheann sé fógra i gcomhréir le hAirteagal 32 de Threoir 2011/61/AE.
3. Maidir le gach ELTIF ar leith
sonróidh bainisteoir an ELTIF dá údarás inniúil cé acu atá nó nach bhfuil sé
beartaithe é a mhargú le hinfheisteoirí mórdhíola. 4. I dteannta na ndoiciméad agus
na faisnéise a cheanglaítear de bhun Airteagail 31 agus Airteagail 32 de Threoir 2011/61/AE
cuirfidh bainisteoir gach ceann acu seo a leanas ar fáil dá údarás inniúil: (a)
réamheolaire an ELTIF; (b)
doiciméad faisnéise bunriachtanaí an ELTIF i gcás a
mhargaithe le hinfheisteoirí mórdhíola; (c)
faisnéis faoi na saoráidí dá dtagraítear in Airteagal 22. 5. Na hinniúlachtaí agus na
cumhachtaí de chuid na n‑údarás inniúil de bhun Airteagail 31 agus Airteagail
32 de Threoir 2011/61/AE, tabharfar le tuiscint go dtagraíonn siad do mhargú
na ELTIFanna le hinfheisteoirí mórdhíola agus do chumhdach na gceanglas breise
freisin arna leagan amach sa Rialachán seo. 6. I dteannta a chumhachta i
gcomhréir le hAirteagal 31(3) an chéad mhír de Threoir 2011/61/AE,
cuirfidh an t‑údarás inniúil de Bhallstát baile an bhainisteora ELTIF cosc
freisin ar mhargú ELTIF údaraithe mura gcomhlíonann nó mura gcomhlíonfaidh an
bainisteoir ELTIF an Rialachán seo. 7. I dteannta a chumhachta i
gcomhréir le hAirteagal 32(3) an chéad mhír de Threoir 2011/61/AE,
diúltóidh an t‑údarás inniúil de Bhallstát baile an bhainisteora ELTIF freisin
comhad iomlán fógra a chur chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sé
beartaithe an ELTIF a mhargú, mura gcomhlíonann nó mura gcomhlíonfaidh an
bainisteoir ELTIF an Rialachán seo. Caibidil VI
Maoirseacht Airteagal 26
Maoirseacht ag na húdaráis inniúla 1. Déanfaidh na húdaráis inniúla
maoirseacht ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ar bhonn leanúnach. 2. Beidh údarás inniúil an ELTIF
freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha a leagtar síos
i gCaibidlí II, III agus IV. 3. Beidh údarás inniúil an ELTIF
freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí a leagtar
amach i rialacha an chiste nó sna hionstraimí ionchorprúcháin agus ar
chomhlíonadh na n‑oibleagáidí a leagtar amach sa réamheolaire, a bheidh
comhsheasmhach leis an Rialachán seo. 4. Beidh údarás inniúil
bhainisteoir an ELTIF freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar leordhóthanacht
shocruithe agus eagrúchán an bhainisteora ionas go mbeidh bainisteoir an ELTIF
in ann na hoibleagáidí agus na rialacha a chomhlíonadh a bhaineann le
comhdhéanamh agus feidhmiú na ELTIFanna go léir atá faoina stiúir. Beidh údarás inniúil an bhainisteora freagrach as
maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonfaidh an Rialacháin seo ag bainisteoir an
ELTIF. 5. Déanfaidh údaráis inniúla
faireachán ar ghnóthais chomhinfheistíochta arna mbunú nó arna margú ina
gcríocha lena fhíorú nach n‑úsáideann siad sonrúchán an ELTIF ná nach dtugann
siad le tuiscint gur ELTIF atá iontu ach amháin sa chas go bhfuil siad
údaraithe chuige nó go gcomhlíonann siad an Rialachán seo. Airteagal 27
Cumhachtaí na n‑údarás inniúil 1. Beidh gach cumhacht
maoirseachta agus imscrúdaithe ag údaráis inniúla a bheidh de dhíth orthu chun
a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú de bhun an Rialacháin seo. 2. Na cumhachtaí arna dtabhairt
d'údaráis inniúla i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE feidhmeofar iad i
gcomhréir leis an Rialachán seo. Airteagal 28
Cumhachtaí agus inniúlachtaí ESMA 1. Beidh ag ESMA na cumhachtaí is
gá chun na cúraimí a shanntar dó leis an Rialachán seo a dhéanamh. 2. Na cumhachtaí atá ag ESMA i
gcomhréir le Treoir 2011/61/AE feidhmeofar iad freisin i ndáil leis an
Rialachán seo agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. 3. Chun críche Rialachán (AE)
Uimh. 1095/2010, áireofar an Rialachán seo faoi aon ghníomh eile de chuid
an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena dtugtar cúraimí don Údarás
dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 1095/2010. Airteagal 29
Comhar idir na húdaráis 1. Murab ionann údarás inniúil
an ELTIF agus údarás inniúil an bhainisteora, oibreoidh siad i gcomhar le
chéile agus malartóidh siad faisnéis chun a gcuid dualgas faoin Rialachán seo a
chomhlíonadh. 2. Comhoibreoidh na húdaráis
inniúla agus ESMA le chéile chun a gcuid dualgas faoi seach a dhéanamh faoin
Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 3. Malartóidh na húdaráis
inniúla agus ESMA gach faisnéis agus doiciméad is gá chun a gcuid dualgas faoi
seach faoin Rialachán seo a chomhlíonadh i gcomhréir le Rialachán (AE)
Uimh. 1095/2010, go háirithe chun sáruithe ar an Rialachán seo a
shainaithint agus a leigheas. Caibidil VII
Forálacha críochnaitheacha Airteagal 30
Athbhreithniú Tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis
theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfidh an Coimisiún tús le
hathbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfar anailís san
athbhreithniú go háirithe: (a)
ar thionchar na forála in Airteagal 16(1) lena
n‑eisiatar infheisteoirí óna n‑aonaid ná a scaireanna a fhuascailt roimh
dheireadh shaolré an ELTIF. San athbhreithniú, agus aird á tabhairt ar
dháileadh ELTIF ar chatagóirí éagsúla infheisteoirí, déanfar a mheas freisin dá
ndéanfaí líon teoranta d’infheisteoirí mórdhíola aonaracha a dhíolmhú ó riail
den chineál sin an mbeadh sé d’éifeacht aici éileamh ar ELTIF i measc
infheisteoirí mórdhíola a mhéadú; (b)
ar an tionchar ar éagsúlú sócmhainní a bheidh ag
cur chun feidhme íosmhéid 70% de shócmhainní infheistíochta incháilithe arna
leagan amach in Airteagal 12(1), go háirithe lena mheas ar ghá níos mó
bearta i ndáil le leachtacht dá ndíolmhófaí líon teoranta infheisteoirí
mórdhíola ón toirmeasc maidir le fuascailt a n‑aonad roimh dheireadh shaolré an
ELTIF; (c)
ar raon margaithe ELTIFanna san Aontas, lena n‑áirítear
an spéis a d’fhéadfadh a bheith ag cistí infheistíochta malartacha (AIFanna) de
réir Airteagal 3(2) de Threoir 2011/61/AE i margú ELTIFanna. Cuirfear torthaí an athbhreithnithe seo faoi
bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus i gcás ina bhfuil gá leis,
cuirfear tograí iomchuí le haghaidh leasuithe leis. Airteagal 31
Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN
TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh 1.2. Réimsí
beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 1.3. An
cineál togra/tionscnaimh 1.4. Cuspóirí
1.5. Na
forais atá leis an togra/tionscnamh 1.6. Fad
agus tionchar airgeadais 1.7. Modhanna
bainistíochta atá beartaithe 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha
faireacháin agus tuairiscithe 2.2. Córas
bainistíochta agus rialaithe 2.3. Bearta
chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A
MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil
an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear
tionchar 3.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.2. An tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair
oibríochtaí 3.2.3. An tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál
riaracháin 3.2.4. Comhoiriúnacht don
chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó
thríú páirtithe 3.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam RÁITEAS
AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN
TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh Rialachán
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cistí Infheistíochta
Fadtéarmaí 1.2. Réimsí beartais lena
mbaineann i gcreat ABM/ABB[23]
Margadh
Inmheánach – Margaí airgeadais 1.3. An cineál togra/tionscnaimh x Baineann an
togra/tionscnamh le beart nua ¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann
treoirthionscadal/réamhbheart[24]
¨ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana
¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua 1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha
ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe Sábháilteacht
agus éifeachtúlacht na margaí airgeadais a mhéadú; an margadh inmheánach do
sheirbhísí airgeadais a threisiú 1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na
gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann Gníomhú
mar fhoinse maoinithe fadtéarmaigh don gheilleagar Eorpach; cothrom iomaíochta
idir bainisteoirí cistí infheistíochta fadtéarmaí a áirithiú; an maoiniú
neamhbhainc atá ar fáil do ghnólachtaí a mhéadú; cosaint infheisteoirí agus
cobhsaíocht airgeadais a áirithiú 1.4.3. An toradh agus an tionchar a
bhfuil súil leis Sonraigh an tionchar a
bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe. Is
é aidhm an togra: margaíocht trasteorann i ndáil le cistí infheistíochta
fadtéarmaí Eorpacha (ELTIFanna) a fheabhsú d'infheisteoirí miondíola agus
gairmiúla araon trasna an Aontais; foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta
comhchuibhithe chun cistí infheistíochta fadtéarmaí a údarú; na beartais
infheistíochta is incheadaithe atá le saothrú ag cistí infheistíochta
fadtéarmaí a shainaithint; coinbhleachtaí leasa a chosc; dlúthcheanglais
trédhearcachta agus coinníollacha sonracha margaíochta a shocrú 1.4.4. Táscairí lena léirítear toradh
agus tionchar Sonraigh na táscairí
lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Ba
cheart tuarascálacha a ullmhú maidir le: forbairtí
i dtaca le margaíocht trasteorann ELTIFanna; tionchar an Rialacháin atá
beartaithe ar chosaint infheisteoirí; an dul chun cinn atá déanta i dtaca le
hiomaíocht neamhshaofa a bhaint amach; tionchar na mbeart beartaithe ar an
gcomhthiomsú caipitil atá ar fáil d'infheistíochtaí fadtéarmacha (e.g.
infheistíochtaí ar thionscadail bonneagair, eastát réadach agus cuideachtaí
neamhliostaithe) 1.5. Na forais atá leis an
togra/tionscnamh 1.5.1. Na ceanglais is gá a
chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Mar
thoradh ar ghlacadh an Rialacháin atá beartaithe: • Tá
méadú ar mhargaíocht trasteorann ar chistí infheistíochta fadtéarmaí tuartha; • Dhéanfaí
údarú na gcistí infheistíochta fadtéarmaí ag na húdaráis náisiúnta inniúla a
chomhchuibhiú agus dhéanfaí an comhordú idir na maoirseoirí náisiúnta a
fheabhsú; • Beidh
tuilleadh forbartha ar infheistíocht fhadtéarmach trasna an Aontais: le
comhchuibhiú na gcoinníollacha oibríochta do na gníomhaithe ábhartha ar fad sa
mhargadh cistí infheistíochta áiritheofar éifeachtúlacht cistí infheistíochta
fadtéarmaí, agus chomh maith leis sin beidh barainneachtaí scála ann; • Gabhfaidh
torthaí rialta ó chistí infheistíochta fadtéarmaí chun sochair d'infheisteoirí
institiúideacha, amhail cuideachtaí árachais agus cistí pinsin, chomh maith le
hinfheisteoirí miondíola aonair; • Beidh
méadú ar rogha infheisteoirí agus cáilíocht na seirbhíse arna fáil; • Cuirfidh
trédhearcacht fheabhsaithe borradh faoi mhuinín infheisteoirí agus is dócha go
mbeidh iomaíocht níos fearr ann dá bharr; • Bheadh
feabhas ar infheistíocht fhadtéarmach an gheilleagair Eorpaigh, go háirithe
maidir le tionscadail bonneagair agus maoiniú fiontar beag agus meánmhéide; 1.5.2. Luach breise a bhaineann le
rannpháirteachas an AE 1)
Leis an ilroinnt rialála cuirtear cosc ar infheisteoirí teagmháil a bheith acu
le sócmhainní fadtéarmacha agus dá dheasca sin cuirtear cosc ar an méadú ar
chomhthiomsú caipitil agus saineolas infheistíochta lena gcruthaítear
barainneachtaí scála do chistí infheistíochta fadtéarmaí; 2)
Is é a bheadh mar thoradh ar easpa gníomhaíochta ar leibhéal an AE mearbhall ar
infheisteoirí agus chuirfí bac ar theacht chun cinn cothroim iomaíochta idir
bainisteoirí cistí infheistíochta fadtéarmaí; 1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó
thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart Tugadh
isteach ar dtús leis an Treoir maidir le GCUInna (Gnóthais le haghaidh
Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe) sraith láidir rialacha táirgí arna n‑úsáid
ag cistí infheistíochta atá ar fáil d'infheisteoirí miondíola. Is fiú
EUR 6 697 billiún sócmhainní GCUInna anois faoin mbainistíocht. Ní
chiallaíonn tionscnamh GCUInna go mbeidh na leibhéil chomhchosúla suime ann ó
na hinfheisteoirí mar thoradh ar chruthú ELTIF, ach léirítear ann an rath a
d'fhéadfadh a bheith ar thionscnaimh mar sin ar fud an AE. 1.5.4. Comhoiriúnacht d'ionstraimí
iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann Leis
na rialacha atá beartaithe cuirtear leis an gcreat rialála atá ann cheana agus
a bunaíodh le Treoir 2011/61/AE (Treoir maidir le Bainisteoirí Cistí
Infheistíochta Malartacha) agus na gníomhartha a glacadh chun í a chur chun
feidhme. Déantar na nósanna imeachta údaraithe agus maoirseachta comhchuibhithe
do bhainisteoirí cistí infheistíochta malartacha faoin Treoir a fhorlíonadh le
nós imeachta údaraithe do ELTIFanna. Anuas air sin, tá feidhm ag na rialacha
táirgí maidir le ELTIFanna i dteannta na rialacha atá leagtha síos i
reachtaíocht an Aontais atá ann cheana, seachas má bhaintear an fheidhm díobh
go sonrach. Beidh feidhm go háirithe ag na rialacha bainistíochta agus
margaíochta atá leagtha síos sa chreat atá ann cheana, chomh maith leis na
rialacha maidir le soláthar trasteorann seirbhísí agus saoirse bhunaíochta atá
san áireamh sa Treoir i dtaca le ELTIFanna. 1.6. Fad agus tionchar airgeadais ¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar
feadh tréimhse teoranta –
¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an
[LL/MM]BBBB –
¨ Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB x Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse
neamhtheoranta –
Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh
2015 go 2020, –
cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é. 1.7. Modhanna bainistíochta atá
beartaithe[25] ¨ Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún ¨ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a
tharmligean chuig: – ¨ gníomhaireachtaí feidhmiúcháin –
x comhlachtaí arna
mbunú ag na Comhphobail[26]
– ¨ comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí
a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu – ¨ daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta ar leith
a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus
atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49
den Rialachán Airgeadais ¨ Bainistíocht atá
comhroinnte leis na Ballstáit ¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha ¨ Comhbhainistíocht le
heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí) – I gcás ina sonraítear níos mó
ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do
thoil. 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus
tuairiscithe Sonraigh cé chomh
minic, agus na coinníollacha. Na ceanglais is gá a
shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma In
Airteagal 81 den Rialachán lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach Urrús agus
Margaí (ESMA) déantar foráil maidir le meastóireacht ar an taithí arna fáil mar
thoradh ar oibríocht ESMA laistigh de thrí bliana ó thús éifeachtach a
oibríochta. Chuige sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ghinearálta a
chuirfear ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. 2.2. Córas bainistíochta agus
rialaithe 2.2.1. Na ceanglais is gá a shásamh
sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Tá
gá leis an acmhainn bhreise do ESMA dá bhforáiltear mar gheall ar an togra
reatha chun ligean do ESMA a chuid inniúlachtaí a chur i gcrích agus go
háirithe a ról a chomhlíonadh maidir leis an méid seo a leanas: • Comhchuibhiú
agus comhordú rialacha an Rialacháin maidir le ELTIFanna a áirithiú trí
chaighdeáin rialála a dhréachtú; • Cur
i bhfeidhm comhsheasmhach cumhachtaí rialála náisiúnta a threisiú agus a
áirithiú trí threoirlínte a eisiúint agus trí chaighdeáin theicniúla cur chun
feidhme a dhréachtú; • An
fhaisnéis is gá maidir le rannpháirtithe sa mhargaíocht airgeadais fhadtéarmach
a bhailiú agus a fhoilsiú; Ní
fhéadfadh easpa na hacmhainne sin comhlíonadh tráthúil agus éifeachtúil ról
ESMA a áirithiú. 2.2.2. Faisnéis maidir leis an gcóras
rialaithe inmheánach arna bhunú Beidh
feidhm freisin ag na córais bainistíochta agus rialaithe dá bhforáiltear sa
Rialachán maidir le ESMA i dtaca le ról ESMA de réir an togra reatha. 2.3. Bearta chun calaois agus
neamhrialtachtaí a chosc Sonraigh bearta
coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. Chun
críocha calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhlíthiúil eile a chomhrac,
beidh feidhm gan srian ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir
le himscrúduithe arna gcur i gcrích ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise
(OLAF) maidir leis an ESMA, atá mar choinníoll in Airteagal 66(1) den
Rialachán maidir le ESMA. Aontóidh
ESMA do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir
Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na
gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an
Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus glacfaidh sé forálacha iomchuí
láithreach bonn maidir le foireann uile ESMA, dá bhforáiltear in Airteagal 66(2)
den Rialachán maidir le ESMA. 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A
MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata
airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar · Línte buiséid atá ann cheana In ord cheannteidil
agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir […][Ceannteideal………………………...…….....................] || LD/LN ([27]) || ó thíortha CSTE[28] || ó thíortha is iarrthóirí[29] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais 1.a || [12.03.04][ESMA] || LD || IS EA || IS EA || NÍ hEA || NÍ hEA · Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata
airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir […][Ceannteideal………………………...…….....................] || LD/LN || ó thíortha CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais || || || || || || 3.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas Ní bheidh de
thionchar ar chaiteachas ach an méid a bhaineann le 2 ghníomhaire shealadacha
bhreise a fhostú ar feadh tréimhse neamhtheoranta ama. Déanfar na cúraimí nua
leis na hacmhainní daonna atá ar fáil laistigh den nós imeachta um
leithdháileadh buiséid, i bhfianaise srianta ar an mbuiséad a mbaineann le gach
comhlacht den AE agus atá i gcomhréir leis an gclárú airgeadais do na
gníomhaireachtaí. 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || 1.a || Iomaíochas don Fhás agus do Phoist DG: MARKT || || || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || 12.03.04 ESMA || Gealltanais || (1) || 0.140 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.788 Íocaíochtaí || (2) || 0.140 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.788 Uimhir na líne buiséid || Gealltanais || (1a) || || || || || || || Íocaíochtaí || (2a) || || || || || || || Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach[30] || || || || || || || Uimhir na líne buiséid || || (3) || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe i gcomhair DG MARKT || Gealltanais || =1+1a +3 || 0.140 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.788 Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 0.140 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.788 IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || 0.140 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.788 Íocaíochtaí || (5) || 0.140 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.788 IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach || (6) || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe do Cheannteideal 1.a den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || =4+ 6 || 0.140 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.788 Íocaíochtaí || =5+ 6 || 0.140 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.788 Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná
ceannteideal amháin: IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || || || || || || || || Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach || (6) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe faoi Cheannteidil 1 go 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha) || Gealltanais || =4+ 6 || || || || || || || || Íocaíochtaí || =5+ 6 || || || || || || || || Nóta tráchta: ní
chuirtear san áireamh anseo ach 40% den chostas iomlán, is iad na Ballstáit a
mhaoiníonn an 60% eile. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || 5 || "Caiteachas riaracháin" EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN DG: <…….> || Acmhainní daonna || || || || || || || || Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || || IOMLÁN DG <…….> || Leithreasuithe || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || || || || || || || || EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) || || || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 0.140 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.788 Íocaíochtaí || 0.140 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.130 || 0.788 3.2.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi
chomhair oibríochtaí –
þ Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi
chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos: Nóta tráchta: Féach thuas. Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR
milliúin (go dtí an tríú deachúil) Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN ASCHUIR Saghas[31] || Meánchostas Líon || Líon || Líon || Líon || Líon || Líon || Líon || Líon || Líon || Líon || Líon || No || Líon || Líon || Líon || Líon iomlán || Costas iomlán CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1[32]... || || || || || || || || || || || || || || || || Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1 || || || || || || || || || || || || || || || || CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2... || || || || || || || || || || || || || || || || Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || || COSTAS IOMLÁN || || || || || || || || || || || || || || || || 3.2.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin 3.2.3.1. Achoimre –
þ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de
chineál riaracháin –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál
riaracháin mar a mhínítear thíos: EUR milliúin (go dtí
an tríú deachúil) || Bliain N[33] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || || || || || || || || Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || || Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[34] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || || || || || || || || Caiteachas eile de chineál riaracháin || || || || || || || || Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || IOMLÁN || || || || || || || || Soláthrófar na
hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil
bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh
istigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a
d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi
chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na
srianta buiséadacha. 3.2.3.2. Na hacmhainní daonna a
mheastar a bheidh riachtanach –
þ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna. –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a
mhínítear thíos: Nóta tráchta: –
Ní theastóidh aon acmhainní breise daonna na
riaracháin ó DG MARKT de thoradh an togra. Beidh 2 ghníomhaire shealadacha
bhreise ag teastáil in ESMA ar feadh tréimhse teoranta. Sloinnfear an meastachán in aonaid de
choibhéis lánaimseartha || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach) || || || XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || || || || || || || || XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || || || XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || || || 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || || Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[35] || || XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón 'gclúdach iomlánaíoch') || || || || || || || || XX 01 02 02 (CA, SNE, INT ón 'gclúdach iomlánaíoch') || || || || || || || || XX 01 04 yy[36] || - sa cheanncheathrú || || || || || || || || - Toscaireachtaí || || || || || || || || XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach) || || || || || || || || 10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || || || Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || || || IOMLÁN || || || || || || || Is é XX an réimse
beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann. Comhlíonfar na riachtanais
acmhainní daonna trí fhoireann ón Ard Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an
bhirt faoina cúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den Ard
Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt
don Ard Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta
maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha. Cur síos ar na
cúraimí a bheidh le déanamh: Oifigigh agus pearsanra sealadach || Pearsanra seachtrach || 3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat
airgeadais ilbhliantúil reatha –
¨ Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais
ilbhliantúil reatha. –
þ Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais
ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo. Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus
sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i
bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[37]. Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na
ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna
comhfhreagracha. 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú
páirtithe –
Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le
cómhaoiniú le tríú páirtithe. –
þ Déantar foráil sa
togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh mheasta thíos: Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú
deachúil) || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN Na Ballstáit trí mhaoirseoirí náisiúnta an AE * || 0.210 || 0.194 || 0.194 || 0.194 || 0.194 || 0.194 || 1.181 IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe || 0.210 || 0.194 || 0.194 || 0.194 || 0.194 || 0.194 || 1.181 * Meastachán atá
bunaithe ar an sásra maoinithe atá sa Rialachán maidir le ESMA (na Ballstáit
60%, an Comhphobal 40%)
3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam –
þ Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam. –
¨ Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh: ¨ ar acmhainní dílse ¨ ar ioncam ilghnéitheach EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) Líne buiséid ioncaim || Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha || Tionchar an togra/tionscnaimh[38] Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) Airteagal …………. || || || || || || || || I gcás ioncaim
ilghnéithigh atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar
orthu. Sonraigh an modh chun an
tionchar ar ioncam a ríomh. Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas
Airgeadais Reachtach i gcomhair togra le haighaidh Rialacháin ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí Eorpacha
(ELTIFanna) Is é aidhm an togra seo cuidiú cur leis an
linn caipitil atá ar fáil le haghaidh infheistíochta fadtéarmaí i
bhfíorgheilleagar an Aontais Eorpaigh. Déanfar é sin trí chineál nua feithicle
ciste a chruthú, Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí AE nó ELTIFanna. Táthar ag
súil go mbeidh ELTIFanna, de bhua na n‑aicmí sócmhainne a mbeidh cead acu
infheistiú iontu, in ann torthaí fadtéarmacha, cobhsaí a chur ar fáil
d'infheisteoirí. Mheasfaí sócmhainní incháilithe a bheith mar chuid de
'infheistíochtaí malartacha' - aicmí sócmhainne atá lasmuigh den sainmhíniú
traidisiúnta ar scaireanna agus bannaí atá liostaithe. Cuimsíonn
infheistíochtaí malartacha eastát réadach, caipiteal fiontair, cothromas
príobháideach, cistí fálaithe, cuideachtaí neamh‑liostaithe, urrúis shuaite
agus tráchtearraí, ní dhíreodh ELTIFanna ach ar infheistíochtaí malartacha a
thagann laistigh de chatagóir sainmhínithe d'aicmí sócmhainne fadtéarmacha a n‑éilíonn
a bhforbairt rathúil tiomantas fadtéarmach ó infheisteoirí. Is gá cur chuige na n‑infheisteoirí a
athraonadh ó bheith ag déanamh infheistíochtaí nach mbaineann ach ionchas
gearrthéarmach leo agus ó bheith ag infheistiú i sócmhainní a éilíonn
tiomantais ghearrthéarmacha. Bealach amháin chun é sin a dhéanamh na bacainní a
laghdú atá orthu tiomantais fhadtéarmacha a dhéanamh do shócmhainní amhail
tionscadail bhonneagair, trí rud ar a dtugtar go minic 'caipiteal foighneach' a
sholáthar. Ní féidir an cineál seo infheistíochta a fhuascailt ar feadh roinnt
blianta, ach infheistítear iad ar dhóigh go mbeidh siad in ann torthaí cobhsaí
agus intuartha a chur ar fáil. Bheadh tionscadail bhonneagair nó lamháltais
oibríochta den chineál sin. Caipiteal a infheistítear sa tslí fhadtéarmach,
'fhoighneach' seo, tugann sé tairbhe don fhíorgheilleagar trí shreabha
intuartha, inbhuanaithe airgeadais do ghnólachtaí, a chruthaíonn fostaíocht, a
chur ar fáil. Chun a áirithiú go mbainfear ar bhealach
éifeachtach aon bhacainní atá ar mhargadh uile-Eorpach in ELTIFanna agus aon
bhacainní ar iontaoibh infheisteoirí as na cistí sin, is gá a áirithiú gurb ann
don leibhéal is airde cóineasaithe maoirseachta agus maoirsiú iomchuí. Beidh an‑tábhacht
ag baint le ról ESMA dá bhrí sin, ó thaobh forbartha ceanglas rialála
mionsonraithe chun cóineasú agus aonhfhoirmeacht a bhaint amach sa mhargadh,
agus ó thaobh tacú le maoirseacht leanúnach araon. Rinneadh meastachán ar na costais a bhaineann
leis na cúraimí atá le déanamh ag ESMA i gcás caiteachais ar fhoireann
(Teideal 1), i gcomhréir leis an aicmiú costas atá i ndréacht‑bhuiséad
ESMA. Cuimsíonn togra an Choimisiúin forálacha go bhforbróidh ESMA ceithre cinn
de chaighdeáin theicniúla rialála. Thairis sin, beidh ar ESMA clár lárnach a
choinneáil de na ELTIFanna uile atá údaraithe. Beidh deis ag ESMA treoirlínte a
fhorbairt do na réimsí a chumhdaíonn an Rialachán seo. Beidh ról ag ESMA
freisin maidir lena áirithiú go ndéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát
comhoibriú agus comhordú réidh le chéile maidir le maoirseacht ELTIFanna. Glacadh leis go dtiocfadh an Rialachán i
bhfeidhm go luath in 2015, agus dá bhrí sin teastóidh na hacmhainní breise do
ESMA ó 2015. Rinneadh meastachán ar an bhfoireann bhreise a theastóidh i ngeall
ar na caighdeáin theicniúla, ar an gcomhairle agus ar an gclár a mbeidh ESMA
ina mbun; agus i gcomhair cúraimí buana eile a ghabhann le feidhm ESMA maidir
le feabhas a chur ar chomhar leis na húdaráis inniúla agus ar chóineasú maidir
le cleachtais mhaoirseachta. Maidir leis an gcineál post a bheidh ann, go
háirithe ar mhaithe le caighdeáin theicniúla nua a sholáthar go ráthúil agus go
tráthúil, teastóidh tuilleadh oifigeach beartais, oifigeach dlí agus oifigeach
measúnaithe tionchair. Úsáideadh na toimhdí seo a leanas le measúnú a
dhéanamh ar an tionchar ar líon na FTEnna a theastóidh le caighdeáin
theicniúla, treoirlínte agus tuarascálacha a fhorbairt: ·
Féadann oifigeach beartais amháin 1.5 caighdeán
teicniúil ar an meán a dhréachtadh in aghaidh na bliana. Éilíonn an obair seo
ar fad obair ullmhúcháin amhail: ·
Cruinnithe déthaobhacha agus iltaobhacha le
geallsealbhóirí ·
Anailís agus measúnú ar roghanna agus dréachtadh na
ndoiciméad comhairliúcháin ·
Comhairliúchán poiblí le geallsealbhóirí ·
Bunú agus bainistiú buanghrúpaí saineolaithe ina
bhfuil maoirseoirí ó na Ballstáit ·
Bunú agus bainistiú grúpaí saineolaithe ad hoc ina
bhfuil lucht an mhargaidh agus ionadaithe infheisteoirí ·
Anailís ar na freagraí ar chomhairliúcháin ·
Dréachtadh anailíse costais/sochair ·
Dréachtadh an téacs dhlíthiúil Ba ghá clár lárnach a fhorbairt (sonrú
tionscadail TF, measúnú ar thairscintí, bainistiú tionscadail). Dhéanfaí
cothabháil leanúnach ar an gclár sin ina dhiaidh sin, d'fhonn a áirithiú go
bhfuil sé cruinn agus iomlán. Thairis sin, beidh obair eile riachtanach ar
bhonn leanúnach, lena n‑áirítear comhordú ghníomhaíocht maoirseoirí na
mBallstát, obair chun cleachtais mhaoirseachta a shainaithint agus chun
cóineasú a chur chun cinn iontu, réiteach díospóidí agus próisis eadrána, agus
faireachán margaidh agus obair measúnaithe chun treochtaí a shainaithint sa
mhargadh Eorpach in infheistíochtaí fadtéarmacha agus aon rioscaí atá ag teacht
chun cinn a léiriú d'infheisteoirí nó chun aon bhacainní a aithint atá ar
fheidhmiú réidh an mhargaidh aonair sna cistí sin. Ciallaíonn sé sin go dteastaíonn dhá FTE
bhreise ó 2015. Glacadh leis go gcoinneofaí an méadú sin ar FTEnna idir 2006
agus 2020 ós rud é gur dealraithí nach gcuirfear bailchríoch ar na caighdeáin
go dtí 2016‑2017 agus teastóidh sé iad a chur chun feidhme go dtí 2020, agus
thiocfadh méadú ar na cúraimí leanúnacha de chuid ESMA a bhfuil tuairisc orthu
thuas i ndiaidh na hoibre cur chun feidhme. Toimhdí eile: ·
Bunaithe ar dháileadh na FTEnna ó 2015 ar aghaidh,
glactar leis gur beirt ghníomhairí sealadacha a bheidh sa bheirt FTEnna breise ·
Is ar threoir ó Ard‑Stiúrthóireacht an Bhuiséid atá
na meánchostais bhliantúla tuarastal i gcás catagóirí éagsúla pearsanra
bunaithe; ·
Comhéifeacht ualaithe tuarastail 1.16 i gcás
Pháras; ·
Glactar leis go mbeidh €10,000 in aghaidh na bliana
i gceist le costais mhisean ·
Meastar go mbeidh €12,700 i gceist le costais a
bhaineann le hearcaíocht (taisteal, óstáin, scrúduithe leighis, aistriú agus
liúntais eile, costais aistrithe, etc), ·
Tá an modh lena ríomhtar an méadú ar an mbuiséad a
theastaíonn don na 6 bhliana léirithe ar dhóigh níos sonraithe sa tábla thíos.
Léirítear sa ríomh go gcistítear 40% de na costais as buiséid an Chomhphobail. Saghsanna costais || Ríomhanna || Méid (i mílte) 2015 || 2016 || … || 2020 Teideal 1: Caiteachas ar fhoireann: 11 Tuarastail agus liúntais - ar gníomhairí sealadacha iad - ar SNEnna iad - ar gníomhairí ar conradh iad 12 Caiteachas a bhaineann le hearcaíocht 13 Speansais misean Iomlán teideal 1: Caiteachas ar fhoireann Ar ranníocaíocht Chomhphobail é (40%) Ar ranníocaíocht na mBallstát é (60%) || =2*131*1,16 =2*12.7 =2*10 || 304 25 20 349 140 210 || 304 20 324 130 194 || 304 20 324 130 194 || 304 20 324 130 194 Sa tábla thíos léirítear an plean bunaíochta
don dá phost don bheirt ghníomhairí sealadacha: Grúpa feidhme agus grád || Poist AD16 || AD15 || AD14 || AD13 || AD12 || AD11 || AD10 || AD9 || AD8 || AD7 || 1 AD6 || 1 AD5 || || Iomhlán AD || 2 [1] Féach
hhttp://ec.euopea.eu/internal_market/smact/docs/single-market‑act2_en.pdf [2] Féach
hhttp://ec.euopea.eu/internal_market/finances/financing-growth/long-term/index_en.htm [3] Bileog Fíricí Thionscal Chiste
Infheistíochta EFAMA, Márta 2013 [4] Treoir 2011/61/AE [5] Treoir 2004/39/CE [6] Féach http://ec.europa.eu/internal_market/consultations/docs/2012/ucits/ucits_consultation_en.pdf [7] IO C , , lch. . [8] IO L 174, 1.7.2011, lch. 1. [9] IO L 201.
27.7.2012. lch. 1 [10] IO L 145, 30.4.2004, lch.1. [11] IO L 345, 31.12.2003, lch. 64. [12] IO L 149, 30.04.2004, lch 1. [13] IO L 331, 15.12.2010, lch.84. [14] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31-50. [15] IO L 8, 12.01.2001, lch. 1-22. [16] IO L 177, 30.06.06, lch 1. [17] IO L 335, 17.12.09, lch 1. [18] IO L 302, 17.11.09, lch. 32. [19] IO L 193, 18.7.1983, lch. 1. [20] Tagairt don IO. [21] IO L 345, 31.12.2003, lch. 64. [22] IO L 149, 30.4.2004, lch 1. [23] ABM: Bainistíocht de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir
gníomhaíochtaí. [24] Mar a thagraítear dó in
Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais. [25] Is féidir mionsonraí ar na modhanna
bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh
gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [26] Mar a thagraítear dóibh in
Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais. [27] LD = Leithreasuithe difreáilte / LN =
Leithreasuithe neamhdhifreáilte [28] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [29] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is
iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí. [30] Cúnamh agus caiteachas teicniúil
agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte
"BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme. [31] Is ionann aschuir agus táirgí agus
seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú,
iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.). [32] Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2.
'Cuspóirí sonracha...' [33] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun
feidhme an togra/tionscnaimh. [34] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe
le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach,
taighde díreach a chur chun feidhme. [35] CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne Áitiúil; SNE=
Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED =
Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht). [36] Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag
leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA"). [37] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach
(don tréimhse 2007-2013). [38] A fhad a bhaineann le hacmhainní
dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na
méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus
25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.