EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52012PC0576
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on Access to Genetic Resources and the Fair and Equitable Sharing of Benefits Arising from their Utilization in the Union
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na Sochar a eascraíonn óna nÚsáid san Aontas
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na Sochar a eascraíonn óna nÚsáid san Aontas
/* COM/2012/0576 final - 2012/0278 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na Sochar a eascraíonn óna nÚsáid san Aontas /* COM/2012/0576 final - 2012/0278 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA ·
Forais agus cuspóirí an togra Is é an príomhchuspóir atá leis an togra le
haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le
Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach
na Sochar a eascraíonn óna nÚsáid san Aontas Prótacal Nagoya a chur chun
feidhme san Aontas agus daingniú an Aontais ar an gconradh sin a chumasú. ·
Comhthéacs ginearálta Bíonn ról suntasach, agus ról atá ag méadú, ag
acmhainní géiniteacha – linn na ngéinte sna stoic nádúrtha agus shaothraithe
araon – i go leor earnálacha eacnamaíochta: Is táirgí nádúrtha nó díorthaíodh ó
tháirge nádúrtha 26 % de na drugaí formheasta nua uile le 30 bliain
anuas[1].
Baineann raon leathan gníomhairí san Aontas, lena
n‑áirítear taighdeoirí acadúla agus cuideachtaí ó earnálacha difriúla
tionscail (mar shampla, pórú plandaí agus ainmhithe, bithshrianadh, cosmaidí,
bia agus deochanna, gairneoireacht, biteicneolaíocht thionsclaíoch,
cógaseolaíocht) úsáid as acmhainní géiniteacha chun críoch taighde agus
forbartha, agus baineann roinnt acu úsáid as eolas traidisiúnta a bhaineann le
hacmhainní géiniteacha. Tá
an tAontas Eorpach agus gach ceann dá 27 Ballstát ina bPáirtíthe sa
Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch[2] (CÉB). Aithnítear sa
Choinbhinsiún go bhfuil cearta ceannasachta ag stáit ar acmhainní géiniteacha
atá ar fáil laistigh dá ndlínse agus údarás acu rochtain ar acmhainní den sórt
sin a chinneadh. Faoin gCoinbhinsiún, ceanglaítear ar na páirtithe go léir
rochtain a éascú maidir le hacmhainní géiniteacha a bhfuil cearta ceannasachta
acu orthu. Cuireann sé ceangal ar na Páirtithe go léir freisin torthaí taighde
agus forbartha a chomhroinnt mar aon leis na sochair a eascraíonn ón úsáid
tráchtála agus úsáidí eile ar bhealach atá cothrom agus cothromasach leo siúd a
chuireann na hacmhainní sin ar fáil. Tugtar aghaidh chomh maith ar chearta na
bpobal dúchasach agus ar chearta na bpobal áitiúil a bhfuil eolas traidisiúnta
acu a bhaineann le hacmhainní géiniteacha, agus lena bhféadfaí teacht ar
fhaisnéis treorach ar mhaithe le fionnachtana eolaíocha a dhéanamh ar airíonna
géiniteacha nó bithcheimiceacha. Faoi láthair, áfach, is beag sonraí a thugtar
sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch i dtaobh conas ba
cheart, i gcleachtas, rochtain agus comhroinnt‑sochar (RCS) a dhéanamh
maidir le hacmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta lena mbaineann a
úsáid. Bíonn gníomhaithe ag tús an tslabhra breisluacha acmhainní géiniteacha
san Aontas (bailiúcháin agus taighdeoirí acadúla den chuid is mó) i dteagmháil
le dlíthe agus le húdaráis na dtíortha is soláthraithe go díreach. Cuireann na
gníomhaithe tosaigh seo samplaí d'acmhainní géiniteacha agus na chéad torthaí
taighde ar aghaidh chuig úsáideoirí eile a mbíonn taighde bunúsach nó taighde
feidhmeach ar siúl acu. Bíonn gníomhaithe ag deireadh na n‑acmhainní
géiniteacha i mbun gníomhaíochtaí forbartha, gníomhaíochtaí fada go minic, a
mbíonn infheistíochtaí suntasacha de dhíth ina leith a bhfuil torthaí neamhchinnte
orthu. Bíonn siad ag brath go mór mór ar ábhar agus ar fhaisnéis a chuirtear ar
aghaidh chucu ó úsáideoirí níos luaithe sa slabhra, lena n‑áirítear ábhar
agus faisnéis maidir le RCS. Gan rialacha soiléire nó le rialacha lena
mbaineann ualach an‑mhór i bhformhór na dtíortha ar soláthraithe iad, tá
tíortha ann atá ag cur 'bithphíoráideachta' i leith cuideachtaí agus
taighdeoirí Eorpacha arís agus arís eile agus ag maíomh go bhfuiltear ag sárú a
gcearta ceannasachta. Tá creat soiléir oibleagáidí do gach úsáideoir acmhainní
géiniteacha ar fud an tslabhra bhreisluacha fíor‑riachtanach chun
comhthéacs a chruthú lena bhféadfaí rochtain a éascú ar shamplaí d'acmhainní
géiniteacha d'ardcaighdeán a bhfuil deimhneacht dhlíthiúil ard acu. Conradh nua idirnáisiúnta is ea "Prótacal
Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom
agus Chothromasach na Sochar a eascraíonn óna nÚsáid a ghabhann leis an
gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch" ( “Prótacal Nagoya”
anseo feasta) ar ghlac an 193 Páirtí sa Choinbhinsiún maidir leis an
Éagsúlacht Bhitheolaíoch leis trí chomhthoil an 29 Deireadh Fómhair 2010.
Leis an gConradh seo, lena mbaineann éifeachtaí atá ceangailteach ó thaobh dlí,
déantar fairsingiú nach beag ar chreat rochtana agus comhroinnte sochar an
Coinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch. Táthar ag súil go
dtiocfaidh Prótacal Nagoya i bhfeidhm sa bhliain 2014. Nuair a thiocfaidh
sé i bhfeidhm, cruthóidh Prótacal Nagoya go leor sochar don chaomhnú bithéagsúlachta
sna Stáit a chuirfidh ar fáil na hacmhainní géiniteacha a bhfuil cearta
ceannasachta acu orthu. Déanfaidh sé an méid seo a leanas, go háirithe: –
Cúinsí rochtana níos intuartha ar acmhainní
géiniteacha a bhunú. –
Comhroinnt‑sochar idir úsáideoirí agus
soláthraithe acmhainní géiniteacha a áirithiú. –
Áirithiú gur acmhainní géiniteacha a fuarthas go
dleathach amháin a úsáidtear. Tá dhá phríomhcholún sa Phrótacal: bearta
maidir le rochtain, agus bearta maidir le comhlíontacht úsáideoirí. Fágann an colún rochtana faoi rogha na
bPáirtithe é cibé acu an mian leo rochtain a rialáil, agus ceangal a leagan
síos maidir le toiliú feasach roimh ré agus comhroinnt sochar i leith úsáid a
bhaint as a gcuid acmhainní géiniteacha nó gan é sin a dhéanamh. Má
roghnaíonn Páirtí é sin a dhéanamh, áfach, sa chás sin ní mór dó na
"caighdeáin idirnáisiúnta maidir le rochtain" atá leagtha amach sa
chonradh, caighdeáin atá mionsonraithe go maith, a chur chun feidhme trí
reachtaíocht cheangailteach. Déantar soiléiriú sa Phrótacal freisin nach mór do
Stáit dul i dteagmháil lena bpobail dhúchasacha agus lena bpobail áitiúla i
gcásanna ina ndéantar rochtain ar eolas traidisiúnta nó ar acmhainní
géiniteacha atá ag na pobail sin a lorg. I measc príomhphrionsabail an
Phrótacail maidir le rochtain, tá an méid seo a leanas: (i) ní mór d'údaráis an
rialtais nó d'ionadaithe dúchasacha toiliú feasach roimh ré a thabhairt sula
féidir rochtain a thabhairt, (ii) ní mór oibleagáidí sonracha maidir le
comhroinnt sochar a leagan amach i gconarthaí faoin dlí príobháideach idir
soláthraí agus úsáideoir, agus (iii) ní mór go mbeadh creataí rochtana soiléir
trédhearcach, iad bunaithe ar rialacha neamhthreallacha, agus cinntí iontaofa
tráthúla mar thoradh leo, agus é sin ar fad a dhéanamh ar bhealach atá éifeachtach
ó thaobh costais de. Ceanglaíonn colún comhlíontachta úsáideoirí an
Phrótacail ar gach Páirtí sa Phrótacal bearta a dhéanamh le foráil a
dhéanamh nach ndéantar ach acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a
bhaineann leo a fuarthas go dleathach a úsáid laistigh dá ndlínse. Is gá do na
páirtithe faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht úsáideoirí laistigh dá
ndlínse agus seicphointe amháin nó níos mó a ainmniú chuige seo. Is gá dóibh
bearta iomchuí éifeachtacha comhréireacha a dhéanamh i gcásanna nach bhfuil
úsáideoirí laistigh dá ndlínse ag comhlíonadh a gcuid oibleagáidí a bhaineann
le rochtain agus comhroinnt sochar. Is gá do pháirtithe a áirithiú freisin gur
féidir díospóidí a eascraíonn as conarthaí sonracha maidir le comhroinnt sochar
a thabhairt chun cúirte. Tá rogha sách leathan ag Páirtithe sna forálacha
maidir le comhlíontacht úsáideoirí sa Phrótacal Nagoya, áfach, maidir le cineál
agus meascán na mbeart cur chun feidhme a roghnófar, nach amhlaidh i gcás
rochtana. Beidh ar Pháirtithe sa Phrótacal roghanna
breise maidir le cur i bhfeidhm na mbeart cur chun feidhme ó thaobh ama de,
maidir le sain‑ionstraimí rochtana agus comhroinnte sochar atá ann cheana
féin a urramú[3]
agus léirbhreithniú ar leith a dhéanamh maidir le taighde neamhthráchtála,
maidir le hacmhainní géiniteacha ina bhfuil tréithe pataigineacha a mhalartú,
agus maidir le hacmhainní géiniteacha le haghaidh bia agus talmhaíochta. Beidh
orthu freisin dul díriú ar na caidrimh leo siúd nach bhfuil ina bPáirtithe sa
Phrótacal. Ina theannta sin, is gá do gach Páirtí sa Phrótacal Pointe
Comhtheagmhála Náisiúnta maidir le rochtain agus comhroinnt sochar a bhunú le
hidirchaidreamh a dhéanamh leis an Rúnaíocht idirnáisiúnta agus le freagairt
d’iarrataí ar fhaisnéis ó gheallsealbhóirí. Is gá do Pháirtithe Údarás Inniúil
Náisiúnta amháin nó níos mó a ainmniú a bheidh freagrach as rochtain a dheonú
agus as comhairle a thabhairt maidir le nósanna imeachta is infheidhme maidir
le toiliú feasach roimh ré a éileamh agus maidir le dul i mbun téarmaí a
comhaontaítear go frithpháirteach. Féadfaidh Páirtithe eintiteas amháin a
ainmniú chun feidhmeanna an phointe chomhtheagmhála agus an údaráis inniúil
náisiúnta araon a chomhlíonadh. Tá Prótacal Nagoya sínithe ag an Aontas agus
ag formhór a chuid Ballstát[4]
agus dá bhrí sin tá siad tiomanta obair a dhéanamh chun é a chur chun feidhme
agus a dhaingniú. Cruthófar deiseanna sa taighde bunaithe ar an nádúr le cur
chun feidhme agus daingniú an Aontais ar an bPrótacal, agus rannchuideoidh sé
le geilleagar bithbhunaithe a fhorbairt[5]. ·
Forálacha atá ann cheana i réimse an togra Ní thugtar aghaidh ar chur chun feidhme an
cholúin rochtana ná an cholúin comhlíontachta úsáideora den Phrótacal faoi
láthair i ndlí an Aontais. ·
Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an
Aontais Tá an AE agus a chuid Ballstáit tiomanta go
polaitiúil a bheith ina Páirtithe sa Phrótacal le rochtain thaighdeoirí agus
chuideachtaí an AE ar shamplaí d'ardchaighdeán d'acmhainní géiniteacha,
bunaithe ar chinntí iontaofa rochtana le costais ísle ar na hidirbhearta, a
dhaingniú.[6] Tá an togra i gcomhréir freisin le síniú an
Phrótacail ag an AE agus i gcomhréir freisin le sprioc 16 i bPlean
Straitéiseach an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch ina
bhforáiltear go mbeidh Prótacal Nagoya i bhfeidhm faoi 2015, i gcomhréir le
reachtaíocht náisiúnta. 2. TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN
LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ TIONCHAIR Is toradh é an tionscnamh seo ar
chomhairliúcháin fhorleathana leis an bpobal i gcoitinne agus le geallsealbhóirí
ábhartha. Ina theannta sin, rinne an Coimisiún measúnú iarmharta ar na roghanna
beartais a bhí á moladh, agus foilsíodh tuarascáil dá bharr. ·
Comhairliúchán poiblí D'eagraigh an Coimisiún comhairliúchán poiblí ar an idirlíon ón 24 Deireadh
Fómhair go dtí an 30 Nollaig 2011 chun aiseolas a fháil ar liosta
ceisteanna a dhírigh ar na príomhghnéithe de chur chun feidhme Phrótacal
Nagoya. Fuarthas ceathracha is a trí freagra, rud atá ionadaíoch ar raon
freagróirí i bhfad níos leithne, i ngeall is gur tháinig formhór na bhfreagraí
sin ó chomhlachais Eorpacha nó idirnáisiúnta a bhfuil na céadta nó na mílte
comhaltaí acu. Cumhdaíonn na freagróirí an chuid is mó de na hearnálacha a
d'fhéadfadh sé go ndéanfadh bearta cur chun feidhme faoi Phrótacal Nagoya
tionchar a imirt orthu. Foilsíodh liosta na gceisteanna chomh maith le torthaí
ón gcomhairliúchán poiblí ar an idirlíon ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin
Eorpaigh ag an nasc seo a leanas:
http://ec.europa.eu/environment/consultations/abs_en.htm. ·
Comhairliúcháin ad hoc D'eagraigh AS an Chomhshaoil cruinniú
teicniúil an 26 Eanáir 2012 inar raibh baint ag gach freagróir do an
gcomhairliúchán poiblí, ionadaithe na ngeallsealbhóirí a bhí bunaithe sa
Bhruiséil agus saineolaithe a d'ainmnigh na Ballstáit. Ag an gcruinniú, chuir
an Coimisiún a achoimre ar an gcomhairliúchán poiblí i láthair, agus chuir
comhaltaí den fhoireann comhairliúcháin torthaí sealadacha a gcuid oibre i
láthair. Thapaigh na rannpháirtithe an deis chun dúshlán a thabhairt don
fhoireann comhairliúcháin roinnt dá gcuid torthaí a chruthú. D'eagraigh oifigigh ó AS an Chomhshaoil go
leor cruinnithe le hionadaithe ó ghairdíní luibheolaíocha, bailiúcháin
saothrán, cónaidhmeanna tionscail nó cuideachtaí aonair agus ghlac siad páirt i
comhdhálacha saineolaithe éagsúla maidir le Prótacal Nagoya. Rinne an fhoireann
comhairliúcháin agallaimh leath‑struchtúrtha le hionadaithe na
ngeallsealbhóirí agus na gcuideachtaí. ·
Comhairliúchán le tríú tíortha In 2011, d'iarr AS an Chomhshaoil ar roinnt
toscaireachtaí an AE i dtríú tíortha faisnéis a lorg ó mhórthíortha comhpháirtíochta
maidir le staid na hoibre agus maidir lena gcuid smaointe nithiúla le Prótacal
Nagoya a chur chun feidhme. Comhlánaíodh an t aiseolas a fuarthas trí phléití
déthaobhacha níos mionsonraithe leis an Astráil, leis an mBrasaíl, leis an Ind,
leis an tSeapáin, le Meicsiceo agus leis an Eilbhéis. ·
Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair I gcomhréir lena bheartas "Rialála Níos
Fearr", rinne an Coimisiún measúnú ar na tionchair eacnamaíocha,
shóisialta agus chomhshaoil a bheadh ag roghanna beartais difriúla chun Prótacal
Nagoya a chur i bhfeidhm. Is féidir teacht ar an tuarascáil ar shuíomh gréasáin
an Choimisiúin Eorpaigh (Ard‑Stiúrthóireacht an Chomhshaoil). Tá gnólacht
sainchomhairliúcháin fostaithe ar chonradh ag an gCoimisiún freisin le staidéar
a dhéanamh, a áireofar ina thuarascáil nuair a bheidh sé déanta. Tá an staidéar
sin ar fáil ar an suíomh gréasáin céanna. Rinneadh raon leathan roghanna a mheas i
measúnú tionchair an Choimisiúin chun Prótacal Nagoya a chur chun feidhme.
Rinneadh anailís dhomhain ar dhá rogha a bhain le bearta rochtana agus ar
cheithre rogha a bhain le bearta comhlíontachta úsáideoirí. Rinneadh anailís ar
gach rogha i gcomórtas le bonnlíne gnó mar is gnách gan bearta cur chun feidhme
ar leibhéal an AE ná ar leibhéal na mBallstát. Rinneadh anailís ann freisin ar
bhearta a chur i bhfeidhm go sealadach ar leibhéal an AE chomh maith le raon de
bhearta comhlántacha. San anailís, aithníodh bunú ardáin an AE le
plé a dhéanamh ar rochtain ar acmhainní géiniteacha agus le dea‑chleachtais
a chomhroinnt mar an rogha is inmhianaithe maidir le rochtain, agus is í an
rogha is inmhianaithe maidir le comhlíontacht úsáideoirí oibleagáid i ndáil le
dícheall cuí ar úsáideoirí an AE le córas comhlántach chun bailiúcháin a
aithint mar "fhoinsí iontaofa" acmhainní géiniteacha. Ní bheadh
feidhm ag an oibleagáid seo maidir le dícheall cuí ach ar acmhainní géiniteacha
agus ar eolas traidisiúnta a ghabhann leo a gheofaí tar éis theacht i bhfeidhm
Phrótacal Nagoya don AE. Ar mhaithe le costais a ísliú agus éifeachtacht a
fheabhsú, ba cheart na bearta a chomhlánú le gníomhaíochtaí feasachta agus
oiliúna, obair ar chlásail de chineál conarthach, obair ar uirlisí teicniúla
chun faireachán agus rianú a dhéanamh ar shreabhadh acmhainní géiniteacha, agus
nuair is iomchuí le comhar déthaobhach le tíortha nó le réigiúin eile. D'áiritheodh an oibleagáid maidir le dícheall
cuí go mbeadh an fhaisnéis íosta a bhaineann le rochtain agus comhroinnt sochar
ar fáil ar fud slabhra breisluacha na n‑acmhainní géiniteacha san Aontas.
Cuirfidh sé seo ar chumas gach úsáideora fios a bheith aige maidir le cearta
agus oibleagáidí lena mbaineann agus iad a urramú. Ag an am céanna, ní dhéanann
an cur chuige maidir le dícheall cuí na cineálacha céanna beart a fhorordú do
gach úsáideoir, ach fágann sé solúbthacht áirithe ag úsáideoirí na bearta is
fearr a thógáil dá chás féin, agus chun dea‑chleachtais earnálacha a
fhorbairt freisin. Dhéanfadh córas na bhfoinsí iontaofa an baol go n‑úsáidfear
acmhainní géiniteacha a fuarthas go neamhdhleathach san Aontas a laghdú go
substaintiúil. Bheadh leas ar leith ag baint le samplaí a fháil ó fhoinsí
iontaofa i gcás taighdeoirí acadúla chomh maith le fiontair bheaga agus
mheánmhéide. 3. EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA ·
Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe Sa togra, leagtar amach oibleagáidí le
haghaidh úsáideoirí acmhainní géiniteacha agus eolais thraidisiúnta a bhaineann
le hacmhainní ginearálta san Aontas. Leagfadh sé ar gach úsáideoir dícheall cuí
a dhéanamh le fionnadh go bhfuarthas rochtain ar acmhainní géiniteacha agus
eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a úsáideadh i
gcomhréir le ceanglais dhlíthiúla is infheidhme agus, más iomchuí, go ndéantar
sochair a chomhroinnt go cothrom cothromasach faoi théarmaí a chomhaontaítear
go frithpháirteach. Chuige sin, bheadh ar gach úsáideoir faisnéis atá ábhartha
maidir le rochtain agus comhroinnt sochar a lorg, a choinneáil agus a aistriú
chuig úsáideoirí ina dhiaidh sin. Leagtar amach gnéithe íosta na mbeart maidir
le dícheall cuí sa togra. Le comhlíonadh, d'fhéadfadh úsáideoirí cur le
cóid chleachtais atá ann cheana maidir le rochtain agus comhroinnt sochar, cóid
a forbraíodh don earnáil acadúil nó do thionscail dhifriúla. Féadfaidh
comhlachais úsáideoirí iarraidh ar an gCoimisiún teaglaim ar leith nósanna
imeachta, uirlisí nó sásraí a ndéanann comhlachais maoirseacht orthu a aithint
mar dea‑chleachtas. Bheadh oibleagáid ar údaráis inniúla na mBallstát a
mheas go laghdaítear baol neamh‑chomhlíontachta úsáideora má chuireann an
t‑úsáideoir sin dea‑chleachtas aitheanta chun feidhme agus go
mbeadh údar le laghdú ar sheiceálacha comhlíontachta dá bharr. Foráiltear do chóras de bhailiúcháin iontaofa
an Aontais sa togra seo freisin a laghdódh go substaintiúil an baol go n‑úsáidfear
acmhainní géiniteacha a fuarthas go neamhdhleathach san Aontas. Gheallfadh
bailiúcháin ar mian leo a bheith san áireamh ar chlár bhailiúcháin iontaofa an
Aontais gan ach samplaí lándoiciméadaithe acmhainní géiniteacha a sholáthar do
thríú páirtithe lena n‑úsáid. Beidh ar údaráis inniúla na mBallstát a
fhíorú an gcomhlíonann bailiúchán na ceanglais lena aithint mar bhailiúchán
iontaofa an Aontais. Mheasfaí go ndearnadh úsáideoirí a fhaigheann acmhainn
ghéiniteach ó bhailiúchán atá ar áireamh i gclár an Aontais dícheall cuí a fheidhmiú
i ndáil le gach faisnéis riachtanach a lorg. Beidh tairbhe ar leith ag baint le
córas de bhailiúcháin iontaofa an Aontais i gcás taighdeoirí acadúla chomh
maith le fiontair bheaga agus mheánmhéide. Bheadh oibleagáidí ar úsáideoirí a fhógairt ag
pointí aitheanta gur chomhlíon siad a n‑oibleagáid maidir le dícheall
cuí. Ba cheart d'údaráis inniúla na mBallstát a sheiceáil an bhfuil úsáideoirí
ag comhlíonadh a n‑oibleagáidí faoin Rialachán seo le cur chuige riosca‑bhunaithe.
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go bpionósófar aon sárú a
dhéanfaidh úsáideoirí ar an Rialachán seo le pionóis éifeachtacha,
chomhréireacha agus athchomhairleacha. Ar deireadh, foráiltear ardán Aontais a
chruthú maidir le rochtain freisin sa Rialachán atá beartaithe. ·
Bunús dlí Tá an togra bunaithe ar inniúlacht an Aontais
maidir le beartas comhshaoil de bhun Airteagal 192(1) den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh mar go bhfuil sé mar aidhm leis Prótacal Nagoya a
chur chun feidhme, comhaontú comhshaoil domhanda i bhfabhar éagsúlacht
bhitheolaíocht a chaomhnú agus a úsáid ar bhonn inbhuanaithe ar fud an domhain.
·
Rogha ionstraime Is rialachán í an ionstraim atá beartaithe mar
tá gá le rialachán le gur féidir an comhchuibhiú is fearr a bhaint amach agus
le nach mbeidh caighdeáin éagsúla ann sna Ballstáit seachas a chéile. ·
Prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta Chuirfí colún comhlántachta úsáideoirí de
Phrótacal Nagoya chun feidhme go cuimsitheach faoin togra. Bheadh sé de rogha
ag Ballstáit cibé acu toiliú feasach a chur in iúl roimh ré a lorg nó gan é a
lorg mar aon leis an gcomhroinnt sochar i leith acmhainní géiniteacha a
bhaineann leo. Ní bheadh a gcinntí maidir leis seo ina réamhchoinníoll ar
dhaingniú ón Aontas ar Phrótacal Nagoya. Níl reachtaíocht curtha le chéile ach ag dhá
Bhallstát den Aontas go dtí seo maidir le rochtain ar na hacmhainní géiniteacha
a bhfuil cearta ceannasachta acu orthu, cé go bhfuil cinneadh déanta ag
Ballstáit eile saor‑rochtain a dheonú ar a gcuid acmhainní géiniteacha.
Faoi láthair níl bearta rochtana comhchuibhithe an AE de dhíth. I gcás ina
gceanglóidh Ballstát go mbeidh toiliú feasach roimh ré agus comhroinnt sochar
de dhíth, bheadh air na forálacha de Phrótacal Nagoya a bhaineann le rochtain a
chur chun feidhme. Is cur chuige neamhcheangailteach a bheadh in ardán
beartaithe an Aontais maidir le rochtain chun coinníollacha rochtana a
athchóiriú chun éifeachta sna Ballstáit bunaithe ar chomhordú oscailte. Meastar údar a bheith le hidirghabháil ar
leibhéal an AE maidir le comhlíontacht úsáideoirí a bheadh ina cheangal de réir
dlí toisc go seachnaítear leis na tionchair dhiúltacha ar an margadh inmheánach
i dtaca le táirgí agus seirbhísí atá bunaithe ar an nádúr a tharlódh mar
thoradh ar ilroinnt chórais maidir le comhlíontacht úsáideoirí sna Ballstáit
agus meastar chomh maith gurb í is fearr ó thaobh feidhmíochta de i ndáil le
comhthéacs cumasúcháin i dtaighde agus i bhforbairt acmhainní géiniteacha a
chruthú le sochair chun éagsúlacht bhitheolaíocht a chaomhnú agus a úsáid ar bhonn
inbhuanaithe ar fud an domhain. Tá an oibleagáid atá beartaithe maidir le
dícheall cuí ar úsáideoirí acmhainní géiniteacha agus eolais thraidisiúnta a
bhaineann le hacmhainní géiniteacha comhréireach freisin toisc go mbeadh
cóimheá ann leis, ar lámh amháin, idir an cuspóir maidir le híoslaghdú an
bhaoil go n‑úsáidfí acmhainní géiniteacha a bhfaighfí go neamhdhleathach
san Aontas agus an cuspóir maidir le tacú le comhroinnt chothrom chothromasach
sochar a eascraíonn as úsáid acmhainní géiniteacha agus eolais thraidisiúnta a
bhaineann le hacmhainní géiniteacha faoi théarmaí a chomhaontaítear go
frithpháirteach, agus ar lámh eile, deimhneacht dhlíthiúil, costais ísle ar
idirbhearta, agus an tsolúbthacht atá de dhlúth agus d'inneach sa choincheap
maidir le dícheall cuí, chun na bearta cur chun feidhme a ghlacadh is oiriúnaí
faoi dhálaí difriúla. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Níl aon tionchar suntasach airgeadais ag an
togra reatha ar bhuiséad an Chomhphobail. 5. AN LIMISTÉAR EORPACH
EACNAMAÍOCH (LEE) Baineann an togra le hábhar LEE agus, dá bhrí
sin, ba cheart go gcuimseodh sé an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. 2012/0278 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha
agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na Sochar a eascraíonn óna nÚsáid
san Aontas (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[7], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[8], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an
ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Baineann raon leathan
gníomhaithe san Aontas, lena n‑áirítear taighdeoirí acadúla agus
cuideachtaí ó earnálacha difriúla tionscail, úsáid as acmhainní géiniteacha
chun críoch taighde, forbartha agus tráchtálaíochta; baineann cuid acu úsáid as
eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha freisin. (2) Is ionann acmhainní
géiniteacha agus linn na ngéinte sna stoic nádúrtha agus shaothraithe araon agus
bíonn ról suntasach acu, agus ról atá ag méadú, i go leor earnálacha
eacnamaíocha lena n‑áirítear táirgeadh bia, foraoiseacht, forbairt cógas
leighis nó forbairt foinsí bithbhunaithe fuinnimh in‑athnuaite. (3) D'fhéadfaí teacht ar
fhaisnéis treorach chun fionnachtain eolaíoch a dhéanamh ar airíonna suimiúla
géiniteacha nó bithcheimiceacha de chuid acmhainní géiniteacha ó eolas
traidisiúnta atá ag pobail dhúchasacha nó ag pobail áitiúla. (4) Is é an Coinbhinsiún maidir
leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (an Coinbhinsiún) an phríomhionstraim
idirnáisiúnta lena rialaítear rochtain ar agus úsáid acmhainní géiniteacha.
Rinneadh an Coinbhinsiún a fhormheas thar ceann an Aontais leis an gCinneadh 93/626/CEE
ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 1993[9]. (5) Aithnítear sa Choinbhinsiún
go bhfuil cearta ceannasachta ag stáit ar acmhainní nádúrtha atá ar fáil
laistigh dá ndlínse agus údarás acu rochtain ar a gcuid acmhainní géiniteacha a
chinneadh. Faoin gCoinbhinsiún, leagtar oibleagáid ar na Páirtithe go léir
rochtain a éascú maidir le hacmhainní géiniteacha a bhfuil cearta ceannasachta
acu orthu. Cuireann sé ceangal éigeantacha ar na Páirtithe go léir freisin
bearta a ghlacadh chun torthaí taighde agus forbartha a chomhroinnt mar aon
leis na sochair a eascraíonn ón úsáid tráchtála agus úsáidí eile ar bhealach
atá cothrom cothromasach leo siúd a chuireann na hacmhainní sin ar fáil.
Déanfar an chomhroinnt sin ar théarmaí a chomhaontaítear go frithpháirteach.
Tugtar aghaidh sa Choinbhinsiún ar rochtain agus comhroinnt sochar maidir le
heolas, nuálaíochtaí agus cleachtais na bpobal dúchasacha agus na bpobal
áitiúla atá ábhartha maidir le héagsúlacht bhitheolaíocht a chaomhnú agus a
úsáid ar bhonn inbhuanaithe. (6) Is conradh idirnáisiúnta é
Prótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt
Chothrom agus Chothromasach na Sochar a eascraíonn óna nÚsáid (Prótacal Nagoya)
a ghlac na Páirtithe sa Choinbhinsiún an 29 Deireadh Fómhair 2010[10]. Le Prótacal Nagoya
fairsingítear go suntasach rialacha ginearálta an Choinbhinsiúin maidir le
rochtain agus comhroinnt sochar chun acmhainní géiniteacha agus an t‑eolas
tradisiúnta a bhaineann leo a úsáid. (7) Rinneadh Prótacal Nagoya a
fhormheas thar ceann an Aontais leis an gCinneadh ón gComhairle xxxx/xx/AE
an [dáta] maidir le cur i gcrích Phrótacal Nagoya maidir le Rochtain ar
Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na Sochar a
eascraíonn óna nÚsáid a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an
Éagsúlacht Bhitheolaíoch[11]. (8) Tá sé tábhachtach creat
soiléir fónta a leagan amach chun Prótacal Nagoya a chur chun feidhme agus ba
cheart dó na deiseanna atá ar fáil i ndáil le taighde agus gníomhaíochtaí
forbartha bunaithe ar an nádúr san Aontas a fheabhsú. Tá sé fíor‑riachtanach
cosc a chur ar úsáid acmhainní géiniteacha nó eolais thraidisiúnta a bhaineann
le hacmhainní géiniteacha a fuarthas go neamhdhleathach san Aontas agus tacú le
cur chun feidhme éifeachtach na ngealltanas maidir le comhroinnt sochar atá
leagtha amach i dtéarmaí a chomhaontaítear go frithpháirteach idir soláthraithe
agus úsáideoirí. (9) Chun deimhneacht dhlíthiúil a
áirithiú, tá sé tábhachtach gur cheart nach mbeidh feidhm leis na rialacha lena
gcuirtear Prótacal Nagoya chun feidhme ach maidir le hacmhainní géiniteacha
agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a bhfaighfear
rochtain orthu tar éis theacht i bhfeidhm Phrótacal Nagoya san Aontas. (10) Leis an gCinneadh 2004/869/CE
ón gComhairle an 24 Feabhra 2004 maidir leis an gConradh
Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don
Talmhaíocht[12],
rinneadh an Conradh sin a fhormheas thar ceann an Aontais. Is sainionstraim
idirnáisiúnta maidir le rochtain agus comhroinnt sochar atá sa Chonradh sin
agus níor cheart go ndéanfadh na rialacha lena gcuirtear Prótacal Nagoya chun
feidhme difear dó. (11) Tá sé tábhachtach a shainiú, i
gcomhréir le Prótacal Nagoya, gurb é atá i gceist le húsáid acmhainní
géiniteacha taighde agus forbairt ar chomhshuíomh géiniteach nó bithcheimiceach
samplaí d'ábhar géiniteach, lena n‑áirítear taighde agus forbairt ar
chomhdhúileanna leithlisithe a eastóscadh ó ábhar géiniteach a bhfuarthas
rochtain air i bPáirtí sa Phrótacal Nagoya. (12) Is tráthúil Cinneadh II/11
mír 2 sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch – mar a
dearbhaíodh sa Chinneadh X/1, mír 5 sa Choinbhinsiún sin – a
mheabhrú, cinneadh a athdhearbhaigh go bhfágtar acmhainní géiniteacha daonna
amach as creat an Choinbhinsiúin. (13) Faoin láthair, níl aon
shainmhíniú a chomhaontaítear go hidirnáisiúnta ar "eolas traidisiúnta a
bhaineann le hacmhainní géiniteacha" ná ar eolas den sórt sin a bheith
"i seilbh" pobail dhúchasaigh nó áitiúil. Tá caibidlíocht idir lámha
maidir le sainmhínithe idirnáisiúnta ar na téarmaí agus coincheapa sin sa Choiste
Idir‑rialtasach den Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil. Dá bhrí
sin, ar mhaithe le solúbthacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do
sholáthraithe agus d'úsáideoirí, ba cheart tagairt a dhéanamh d'eolas
traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha sa Rialachán seo ar an gcaoi
a dtugtar tuairisc air sna comhaontuithe maidir le comhroinnt sochar. (14) D’fhonn cur chun feidhme
éifeachtach ar Phrótacal Nagoya a áirithiú, ba cheart do gach úsáideoir
acmhainní géiniteacha agus eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní den
sórt sin dícheall cuí a fheidhmiú le fionnadh go bhfuarthas rochtain ar
acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní
géiniteacha a úsáideadh, i gcomhréir le ceanglais dhlíthiúla is infheidhme agus
le háirithiú go ndéantar sochair a chomhroinnt, más ábhartha. I ngeall ar
éagsúlacht na n‑úsáideoirí laistigh den Aontas, áfach, ní cuí oibleagáid
a leagan ar gach úsáideoir na bearta céanna a dhéanamh chun dícheall cuí a
fheidhmiú. Dá bhrí sin, níor cheart ach gnéithe íosta na mbeart maidir le
dícheall cuí a leagan amach. Ba cheart tacú leis na roghanna sonracha a
dhéanfaidh úsáideoirí maidir leis na huirlisí agus bearta a chuirfear i
bhfeidhm chun dícheall cuí a fheidhmiú trí aitheantas a thabhairt do dhea‑chleachtais
chomh maith le bearta comhlántacha chun tacaíocht a thabhairt do chóid iompair
earnála, do chlásail de chineál conarthach eiseamláireacha agus do threoirlínte
d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus costais a laghdú. Ba cheart an oibleagáid
ar úsáideoirí faisnéis atá ábhartha maidir le rochtain agus comhroinnt sochar a
bheith teoranta ó thaobh ama de, i gcomhréir leis an tréimhse ama a bheadh i
gceist do nuáil faoi dheireadh. (15) Ba cheart feidhm a bheith leis
an oibleagáid maidir le dícheall cuí i leith gach úsáideora beag beann ar chomh
mór agus atá siad, lena n‑áirítear micrifhiontair agus fiontair bheaga
agus mheánmhéide. Bhainfí an bonn go hiomlán ón gcóras dá bhfágfaí na
gníomhaithe seo amach. Bheadh sé ag teacht salach ar oibleagáidí idirnáisiúnta
an Aontais faoi Phrótacal Nagoya chomh maith. Ba cheart raon beart agus uirlisí
a chur ar fáil faoin Rialachán áfach, le go mbeidh ar chumas micrifhiontar agus
fiontair bheaga agus mheánmhéide a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh ar chostas
íseal agus le deimhneacht ard dhlíthiúil. (16) Ba cheart ról tábhachtach a
bheith ag dea‑chleachtais arna bhforbairt ag úsáideoirí maidir le bearta
díchill chuí a aithint atá thar a bheith oiriúnach chun comhlíontacht a bhaint
amach le córas cur chun feidhme Phrótacal Nagoya le deimhneacht ard dlíthiúil
agus ar chostas íseal. Ba cheart a chur ar chumas úsáideoirí cur le cóid
chleachtais atá ann cheana maidir le rochtain agus comhroinnt sochar, cóid a
forbraíodh don earnáil acadúil nó do thionscail dhifriúla. Ba cheart do
chomhlachais úsáideoirí a bheith ábalta iarraidh ar an gCoimisiún cinneadh an
féidir teaglaim ar leith nósanna imeachta, uirlisí nó sásraí a ndéanann
comhlachas maoirseacht orthu a aithint mar dea‑chleachtas. Ba cheart go
measfadh údaráis inniúla na mBallstát go laghdaítear baol neamh‑chomhlíontachta
úsáideora má chuireann an t‑úsáideoir sin dea‑chleachtas aitheanta
chun feidhme agus go mbeadh údar le laghdú ar sheiceálacha comhlíontachta dá
bharr. Ba cheart an rud céanna a bheith i gceist maidir le dea‑chleachtais
a ghlacfaidh iomlán na bPáirtithe i bPrótacal Nagoya. (17) Ba cheart d’úsáideoirí a
fhógairt, ag pointí aitheanta i slabhra na ngníomhaíochtaí arb ionann agus
úsáid iad, go ndearna siad dícheall cuí a fheidhmiú. Is pointí oiriúnacha chun
fógairt den sórt sin a dhéanamh iad nuair a fhaightear cistí poiblí, nuair a
iarrtar formheas margaidh do tháirge a forbraíodh ar bhonn acmhainní
géiniteacha nó tráth na tráchtálaíochta i gcásanna nach bhfuil formheas
margaidh de dhíth. Go sonrach, ní bheadh an fhógairt a dhéanfaí tráth a iarrtar
formheas margaidh ina chuid den nós imeachta formheasa ann féin agus bheadh sé
le cur faoi bhráid na n‑údarás inniúil a bhunófar faoin Rialachán seo. (18) Den chuid is mó, is
taighdeoirí na bailitheoirí in ollscoileanna a dhéanann acmhainní géiniteacha a
bhailiú san fhianas chun críocha neamhthráchtála. I bhformhór mór na gcásanna
agus i mbeagnach gach earnáil, faightear rochtain ar acmhainní géiniteacha a
bailíodh le déanaí trí idirghabhálaithe, bailiúcháin nó gníomhairí a fhaigheann
acmhainní géiniteacha i dtríú tíortha. (19) Is mórsholáthraithe acmhainní
géiniteacha agus eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a
úsáidtear san Aontas iad bailiúcháin. Ba cheart córas de chuid an Aontais de
bhailiúcháin iontaofa a chur i bhfeidhm. D'áiritheofaí leis seo go gcuireann
bailiúcháin atá san áireamh i gclár an Aontais de bhailiúcháin iontaofa bearta
i bhfeidhm gan samplaí d'acmhainní géiniteacha a sholáthar le tríú páirtithe
ach le doiciméadacht a chuireann fianaise ar fáil go bhfuarthas go dleathach
iad agus gur bunaíodh téarmaí a chomhaontaíodh go frithpháirteach, más gá sin.
Ba cheart go laghdódh córas an Aontais de bhailiúcháin iontaofa an baol go n‑úsáidfear
acmhainní géiniteacha a fuarthas go neamhdhleathach san Aontas go
substaintiúil. D'fhíoródh údaráis inniúla na mBallstát an gcomhlíonann
bailiúchán na ceanglais lena aithint mar bhailiúchán iontaofa an Aontais. Ba
cheart a mheas go ndearnadh úsáideoirí a fhaigheann acmhainn ghéiniteach ó
bhailiúchán atá liostaithe i gclár an Aontais dícheall cuí a fheidhmiú i ndáil
le gach faisnéis riachtanach a lorg. Ba cheart go mbeadh tairbhe ar leith ag
baint leis seo do thaighdeoirí acadúla agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide
chomh maith. (20) Ba cheart d’údaráis inniúla na
mBallstát a sheiceáil cibé acu an bhfuil úsáideoirí ag comhlíonadh a n‑oibleagáidí
nó nach bhfuil. Sa chomhthéacs sin, ba cheart d’údaráis inniúla glacadh le
deimhnithe comhlíontachta atá aitheanta go hidirnáisiúnta mar fhianaise go
bhfuarthas na hacmhainní géiniteacha atá cumhdaithe leis go dleathach agus gur
bunaíodh téarmaí a chomhaontaíodh go frithpháirteach Ba cheart do na húdaráis
inniúla taifid a choinneáil freisin ar na seiceálacha a rinneadh agus ba cheart
an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le
rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol[13]. (21) Ba cheart do na Ballstáit a
áirithiú go bpionósófar aon sárú a dhéanfaidh úsáideoirí ar na rialacha atá ina
gcóras chun Prótacal Nagoya a chur chun feidhme le pionóis éifeachtacha,
chomhréireacha agus athchomhairleacha. (22) Ag cur san áireamh ghné
idirnáisiúnta na n‑idirbheart maidir le rochtain agus comhroinnt sochar,
ba cheart d'údaráis inniúla na mBallstát dul i mbun comhair lena chéile, leis
an gCoimisiún agus le húdaráis triú tíortha chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh
laistigh den chóras chun Prótacal Nagoya a chur chun feidhme. (23) Ba cheart d’ardán an Aontais
maidir le rochtain plé a a chumasú ar an méid seo a leanas agus rannchuidiú le
hathchóiriú chun éifeachta orthu: coinníollacha rochtana sna Ballstáit, dearadh
agus feidhmíocht na gcóras rochtana, rochtain shimplithe le haghaidh taighde
neamhthráchtála, cleachtais rochtana na mbailiúchán san Aontas, rochtain
gheallsealbhóirí an Aontais i dtríú tíortha agus malartú dea‑chleachtas. (24) Tógfaidh an Coimisiún agus na
Ballstáit bearta comhlántacha iomchuí chun éifeachtacht chur chun feidhme an
Rialacháin seo a fheabhsú agus chun costais a laghdú, go háirithe i gcásanna
ina mbeadh sé seo chun tairbhe taighdeoirí acadúla agus fiontar beag agus
meánmhéide. (25) Ar mhaithe le gné dhúchasach
idirnáisiúnta na ngníomhaíochtaí rochtana agus comhroinnte sochar a chur san
áireamh, ba cheart don Choimisiún machnamh a dhéanamh freisin an bhféadfaí tacú
le cur i bhfeidhm an chórais a cruthaíodh chun Prótacal Nagoya a chur chun
feidhme trí chomhar le tríú tíortha nó réigiúin. (26) Ba cheart comhchoibhneas
díreach a bheith idir an dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm agus an
dáta a thiocfaidh Prótacal Nagoya i bhfeidhm lena áirithiú go mbeidh
coinníollacha comhionanna ann ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal
domhanda sna gníomhaíochtaí a bhaineann le rochtain agus comhroinnt sochar na n‑acmhainní
géiniteacha. Tiocfaidh Prótacal Nagoya i bhfeidhm ar an nóchadú lá tar éis do
na Stáit nó na heagraíochtaí comhtháthaithe eacnamaíoch réigiúnda atá ina
bPáirtithe sa Choinbhinsiún an caogadú ionstraim daingnithe, glactha, formheasa
nó aontachais a thaisceadh. (27) Chun coinníollacha
aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba
cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart
na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena
leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí
maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an
gCoimisiún[14]. (28) Is iad cuspóirí an Rialacháin
seo an baol go n‑úsáidfear acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta
a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a fuarthas go neamhdhleathach san Aontas,
agus tacú le comhroinnt chothrom agus chothromasach na sochar a eascraíonn as
úsáid acmhainní géiniteacha nó eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní
géiniteacha ar théarmaí a chomhaontaítear go frithpháirteach. Ní féidir leis na
Ballstáit ina n‑aonar iad seo a bhaint amach agus dá bhrí sin is fearr is
féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, de bharr a bhfairsinge agus
chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Dá bhrí sin, féadfaidh an
tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá
leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I
gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar atá leagtha amach san Airteagal
sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a
bhaint amach. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: Airteagal 1 Ábhar Bunaítear rialacha leis an Rialachán seo a
rialaíonn rochtain agus comhroinnt sochar le haghaidh acmhainní géiniteacha
agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha, i gcomhréir le
forálacha Phrótacal Nagoya maidir le rochtain ar acmhainní géiniteacha agus
comhroinnt chothrom agus chothromasach na sochar a eascraíonn óna n‑úsáid
a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch
(Prótacal Nagoya). Airteagal 2 Raon feidhme Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le
hacmhainní géiniteacha ar a bhfeidhmíonn stáit cearta ceannasachta agus maidir
le heolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a bhfaighfear
rochtain orthu tar éis theacht i bhfeidhm Phrótacal Nagoya don Aontas. Tá
feidhm aige freisin maidir le sochair a eascraíonn as acmhainní géiniteacha den
sórt sin a úsáid agus maidir le heolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní
géiniteacha. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le
hacmhainní géiniteacha lena ndéantar rochtain agus comhroinnt sochar a rialú ag
sain‑ionstraim idirnáisiúnta ina bhfuil an tAontas ina Pháirtí. Airteagal 3 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag
na sainmhínithe seo a leanas: (1)
Ciallaíonn "Prótacal Nagoya" Prótacal
Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom
agus Chothromasach na Sochar a eascraíonn óna nÚsáid a ghabhann leis an
gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch; (2)
Ciallaíonn "ábhar géiniteach" aon ábhar
de thionscnamh planda, ainmhí, miocróbach nó eile ina bhfuil aonaid fheidhmiúla
oidhreachtúlachta; (3)
Ciallaíonn "acmhainní géiniteacha" ábhar
géiniteach lena mbaineann luach iarbhír nó féideartha; (4)
Ciallaíonn "rochtain" acmhainní
géiniteacha nó eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a fháil
i bPáirtí do Phrótacal Nagoya i gcomhréir leis an reachtaíocht intíre is
infheidhme maidir le rochtain agus comhroinnt sochar nó le ceanglais rialála an
Pháirtí sin. (5)
Ciallaíonn "úsáideoir" duine nádúrtha nó
dlítheanach a úsáideann acmhainní géiniteacha nó eolas traidisiúnta a bhaineann
le hacmhainní géiniteacha; (6)
Ciallaíonn "acmhainní géiniteacha a
úsáid" taighde agus forbairt a dhéanamh ar chomhshuíomh géiniteach nó
bithcheimiceach acmhainní géiniteacha; (7)
Ciallaíonn "téarmaí a chomhaontaítear go
frithpháirteach" an socrú conarthach a chuirtear i gcrích idir soláthróir
acmhainní géiniteacha nó eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní
géiniteacha agus úsáideoir na n‑acmhainní nó an eolais sin, ina leagtar
amach na coinníollacha sonracha maidir leis na sochair a eascraíonn as úsáid
den sórt sin a chomhroinnt go cothrom agus go cothromasach, agus ina bhféadfadh
coinníollacha agus téarmaí breise a bheith ann maidir le hacmhainní nó eolas
den sórt sin a úsáid; (8)
Ciallaíonn "eolas traidisiúnta a bhaineann le
hacmhainní géiniteacha" eolas traidisiúnta atá ag pobal dúchasach nó
áitiúil atá ábhartha maidir le hacmhainní géiniteacha a úsáid agus a ndéantar
cur síos air ar an gcaoi sin sna téarmaí a chomhaontaítear go frithpháirteach
atá i bhfeidhm maidir le hacmhainní géiniteacha a úsáid; (9)
Ciallaíonn "bailiúchán" iomlán na samplaí
a bailíodh d'acmhainní géiniteacha agus faisnéis a bhaineann leo le chéile atá
carntha, stóráilte agus aitheanta go tacsanomaíoch, bíodh sin i seilbh
eintiteas poiblí nó príobháideach; (10)
Ciallaíonn "comhlachas úsáideoirí" duine
dlítheanach a dhéanann ionadaíocht ar leasanna úsáideoirí a bhfuil baint aige
le dea‑chleachtais a fhorbairt agus maoirseacht a dhéanamh orthu faoi
Airteagal 8 den Rialachán seo. (11)
Ciallaíonn "deimhniú comhlíontachta a
aithnítear go hidirnáisiúnta" ceadúnas rochtana nó a chomhionann a eisíonn
údarás inniúil náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 6(3)(e) de Phrótacal
Nagoya, a chuirtear ar fáil don Teach Imréitigh Rochtana agus Comhroinnte
Sochar; (12)
Ciallaíonn "Teach Imréitigh Rochtana agus
Comhroinnte Sochar" an tairseach domhanda um chomhroinnt faisnéise a
bunaíodh faoi Airteagal 14(1) de Phrótacal Nagoya. Airteagal 4 Oibleagáidí ar úsáideoirí 1. Déanfaidh gach úsáideoir
dícheall cuí a fheidhmiú le fionnadh go bhfuarthas rochtain ar acmhainní
géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a
úsáideadh i gcomhréir leis an reachtaíocht rochtana agus comhroinnte sochar is
infheidhme nó le ceanglais dhlíthiúla agus, más ábhartha, go ndéantar tairbhí a
chomhroinnt go cothrom cothromasach faoi théarmaí a chomhaontaítear go
frithpháirteach. Déanfaidh úsáideoirí faisnéis atá ábhartha maidir le rochtain
agus comhroinnt sochar a lorg, a choinneáil agus a aistriú chuig úsáideoirí ina
ndiaidh. 2. Déanfaidh úsáideoirí an méid
seo a leanas: (a)
faisnéis a lorg, a choinneáil agus a aistriú chuig
úsáideoirí ina ndiaidh maidir le: (1)
dáta agus áit rochtana na n‑acmhainní
géiniteacha agus an eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní den sórt
sin: (2)
tuairisc ar acmhainní géiniteacha nó eolas traidisiúnta
a bhaineann le hacmhainní den sórt sin a úsáideadh, lena n‑áirítear
aitheantóirí uathúla atá ar fáil; (3)
an fhoinse óna bhfuarthas na hacmhainní nó an t‑eolas
go díreach chomh maith le húsáideoirí acmhainní géiniteacha nó eolais
thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní den sórt sin ina ndiaidh; (4)
cearta nó oibleagáidí a bhaineann le rochtain agus
comhroinnt sochar a bheith ann nó gan a bheith ann; (5)
cinntí maidir le rochtain agus téarmaí a
chomhaontaítear go frithpháirteach, más iomchuí; (b)
faisnéis nó fianaise bhreise a fháil má tá
neamhchinnteachtaí fós ann faoi dhleathacht rochtana agus úsáide; agus, (c)
ceadúnas ceart rochtana a fháil, téarmaí a
chomhaontaítear go frithpháirteach a bhunú, nó gan leanúint ar aghaidh leis an
úsáid má tá an chosúlacht ar an scéal nach bhfuil rochtain i gcomhréir leis
reachtaíocht is infheidhme maidir le rochtain agus comhroinnt sochar nó le
ceanglais rialála. 3. Coinneoidh úsáideoirí an
fhaisnéis atá ábhartha maidir le rochtain agus comhroinnt sochar ar feadh fiche
bliain tar éis deireadh na tréimhse úsáide. 4. Measfar go ndearna úsáideoirí
a gheobhaidh acmhainn ghéiniteach ó bhailiúchán atá liostaithe i gclár an
Aontais de na bailiúcháin iontaofa dá dtagraítear in Airteagal 5(1)
dícheall cuí a fheidhmiú i ndáil le faisnéis a lorg atá ábhartha maidir le
rochtain agus comhroinnt sochar le haghaidh acmhainní géiniteacha agus eolais
thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha. Airteagal 5 Bailiúcháin iontaofa an Aontais 1. Bunóidh agus coinneoidh an
Coimisiún clár an Aontais de bhailiúcháin iontaofa. Beidh an clár sin ar fáil
ar an idirlíon, beidh rochtain éasca ag úsáideoirí air, agus beidh na
bailiúcháin d'acmhainní géiniteacha a aithnítear mar bhailiúcháin a
chomhlíonann na critéir do bhailiúchán iontaofa an Aontais san áireamh ann. 2. Arna iarraidh sin do
bhailiúchán faoina ndlínse, déanfaidh gach Ballstát machnamh ar an mbailiúchán
sin a chur san áireamh i gclár de bhailiúcháin iontaofa an Aontais. Tar éis a
fhíorú go ndéanann an bailiúchán na critéir atá leagtha amach i mír 3 a
chomhlíonadh, tabharfaidh an Ballstát fógra gan mhoill don Choimisiún faoi
ainm, sonraí teagmhála agus cineál an bhailiúcháin sin. Cuirfidh an Coimisiún
an fhaisnéis a fhaightear ar an gcaoi sin isteach i gclár an Aontais de na
bailiúcháin iontaofa gan mhoill. 3. Le go gcuirfear bailiúchán
san áireamh i gclár an Aontais de bhailiúcháin iontaofa, is gá d'úinéir an
bhailiúcháin a léiriú go bhfuil sé de chumas aige an méid seo a leanas a
dhéanamh: (a)
nósanna imeachta caighdeánaithe a chur i bhfeidhm
chun samplaí d'acmhainní géiniteacha agus faisnéis a bhaineann leo a mhalartú
le bailiúcháin eile, agus chun samplaí d'acmhainní géiniteacha agus faisnéis a
bhaineann leo a sholáthar do thriú páirtithe le go mbainfidh siad úsáid astu; (b)
gan samplaí d'acmhainní géiniteacha agus faisnéis a
bhaineann leo a sholáthar do thriú páirtithe dá n‑úsáid ach le
doiciméadacht ina dtugtar fianaise go bhfuarthas rochtain ar na hacmhainní agus
ar an bhfaisnéis i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme agus,
más ábhartha, le téarmaí a chomhaontaítear go frithpháirteach maidir le sochair
a chomhroinnt go cothrom cothromasach. (c)
taifid a choinneáil de gach sampla d'acmhainní
géiniteacha agus faisnéis a bhaineann leo a dhéantar a sholáthar do thriú
páirtithe dá n‑úsáid; (d)
aitheantóirí uathúla a bhunú nó a úsáid le haghaidh
samplaí d'acmhainní géiniteacha a dhéantar a sholáthar do thriú páirtithe; (e)
uirlisí oiriúnacha rianaithe agus faireacháin a
úsáid chun samplaí d'acmhainní géiniteacha agus faisnéis a bhaineann leo a
mhalartú le bailiúcháin eile. 4. Fíoróidh Ballstáit go rialta
go gcuireann gach bailiúchán faoina ndlínse atá san áireamh i gclár an Aontais
de bhailiúcháin iontaofa na bearta atá leagtha amach i mír 3 i bhfeidhm go
héifeachtach. Cuirfidh Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan
mhoill más rud é nach gcloíonn bailiúchán faoina ndlínse atá san áireamh i
gclár an Aontais le mír 3 a thuilleadh. 5. I gcás ina bhfuil fianaise
nach gcuireann bailiúchán atá san áireamh i gclár an Aontais de na bailiúcháin
iontaofa na bearta atá leagtha amach i mír 3 i bhfeidhm, déanfaidh an Ballstát
lena mbaineann gníomhaíochtaí leasúcháin a aithint gan mhoill ar bhonn idirphlé
le húinéir an bhailiúcháin lena mbaineann. Bainfidh an Coimisiún bailiúchán de chlár an
Aontais de na bailiúcháin iontaofa má chinneann sé, go háirithe ar bhonn na
faisnéise a chuirtear ar fáil de bhun mhír 4, go bhfuil deacrachtaí
tábhachtacha nó leanúnacha ag bailiúchán atá san áireamh ar chlár an Aontais de
na bailiúcháin iontaofa maidir le bheith i gcomhréir le mír 3. 6. Beidh sé de chumhacht ag an
gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na nósanna imeachta
lena gcuirfear mír 1 go mír 5 den Airteagal seo chun feidhme a bhunú.
Déanfar na bearta cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós
imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 15(2). Airteagal 6 Údaráis inniúla agus pointe
comhtheagmhála 1. Ainmneoidh gach Ballstát
údarás inniúil amháin nó níos mó ná údarás inniúil amháin a bheidh freagrach as
an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún
le hainmneacha agus seoltaí a gcuid údarás inniúil ó dháta theacht i bhfeidhm
an Rialacháin seo. Déanfaidh na Ballstáit aon athruithe ar ainmneacha nó ar
sheoltaí na n‑údarás inniúil a chur in iúl don Choimisiún gan mhoill. 2. Cuirfidh an Coimisiún liosta
na n‑údarás inniúil ar fáil go poiblí, lena n‑áirítear ar an
Idirlíon. Coimeádfaidh an Coimisiún an liosta seo cothrom le dáta. 3. Ainmneoidh an Coimisiún
pointe comhtheagmhála maidir le rochtain agus comhroinnt sochar a bheidh
freagrach as faisnéis a sholáthar le hiarrthóirí atá ag lorg rochtana ar
acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní den
sórt sin san Aontas agus chun idirchaidreamh a dhéanamh Rúnaíocht an
Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch. Airteagal 7 Faireachán ar chomhliontacht úsáideoirí 1. Iarrfaidh Ballstáit agus an
Coimisiún ar gach duine atá ag fáil maoiniú poiblí do thaighde lena mbaineann
úsáid acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní
géiniteacha a fhógairt go bhfeidhmeoidh siad dícheall cuí i gcomhréir le
hAirteagal 4. 2. Tabharfaidh úsáideoirí fógra
do na húdaráis inniúla a bhunófar faoi Airteagal 6(1) gur fheidhmigh siad
dícheall cuí i gcomhréir le hAirteagal 4 an tráth a iarradh formheas margaidh
le haghaidh táirge a forbraíodh bunaithe ar acmhainní géiniteacha nó eolas
traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní den sórt sin, nó ag tráth na
tráchtálaíochta i gcásanna nach bhfuil formheas margaidh de dhíth. 3. Seolfaidh údaráis inniúla an
fhaisnéis a fhaigheann siad ar bhonn mhír 1 agus mhír 2 chuig an
gCoimisiún gach dá bhliain. Déanfaidh an Coimisiún achoimre ar an bhfaisnéis a
gheofar agus cuirfidh sé ar fáil don Teach Imréitigh Rochtana agus Comhroinnte
Sochar í. 4. Beidh sé de chumhacht ag an
gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na nósanna imeachta
lena gcuirfear mír 1, 2 agus 3 den Airteagal seo chun feidhme a bhunú. Déanfar
na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta
scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 15(2). Airteagal 8 Dea‑chleachtais 1. Féadfaidh aon chomhlachas
úsáideoirí iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin le go n‑aithneofar
mar dea‑chleachtas teaglaim ar leith nósanna imeachta, uirlisí nó sásraí
a d'fhorbair sé nó a ndearna sé maoirseacht orthu. Cuirfear fianaise agus
faisnéis ar fáil le tacú leis an iarratas. 2. I gcás ina ndéanann an
Coimisiún cinneadh, bunaithe ar fhaisnéis agus ar fhianaise a chuir comhlachas
úsáideoirí ar fáil dó, go gcuireann an teaglaim ar leith nósanna imeachta,
uirlisí nó sásraí ar chumas úsáideora a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh mar
atá leagtha amach in Airteagal 4 go hAirteagal 7, má chuireann an t‑úsáideoir
an teaglaim chun feidhme go héifeachtach, tabharfaidh an Coimisiún aitheantas
mar dhea‑chleachtas. 3. Cuirfidh comhlachas
úsáideoirí aon athrú nó tabhairt cothrom le dáta a dhéantar ar dhea‑chleachtas
aitheanta lenar deonaíodh aitheantas i gcomhréir le mír 2 in iúl don
Choimisiún. 4. Má léiríonn fianaise ó
údaráis inniúla na mBallstát nó ó fhoinsí eile go bhfuil cásanna ann ina
ndéanann úsáideoirí a chuireann dea‑chleachtas chun feidhme mainneachtain
a gcuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh arís agus arís eile,
déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar bhonn idirphlé leis an gcomhlachas ábhartha
úsáideoirí an dtugtar le fios leis na cásanna neamh‑chomhlíonadh arís
agus arís eile go bhfuil easnaimh fhéideartha sa dea‑chleachtas. 5. Déanfaidh an Coimisiún an t‑aitheantas
do dhea‑chleachtas a tharraingt siar, i gcás inar chinn sé go gcuireann
athruithe ar an dea‑chleachtas cumas úsáideora na coinníollacha atá
leagtha amach in Airteagal 4 go hAirteagal 7 i gcontúirt, nó i gcás
ina mbaineann cásanna neamh‑chomhlíonadh arís agus arís eile ag
úsáideoirí le heasnaimh sa chleachtas. 6. Bunóidh an Coimisiún clár ar
an Idirlíon de na dea‑chleachtais aitheanta agus coinneoidh sé cothrom le
dáta é. Sa chlár sin, beidh liosta i gcuid amháin de na dea‑chleachtais
arna n‑aithint ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 2 den Airteagal
seo agus taispeánfar i gcuid eile dea‑chleachtais arna nglacadh ar bhonn
Airteagal 20(2) de Phrótacal Nagoya. 7. Beidh sé de chumhacht ag an
gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na nósanna imeachta
lena gcuirfear mír 1 go mír 5 den Airteagal seo chun feidhme a bhunú.
Déanfar na bearta cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós
imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 15(2). Airteagal 9 Seiceálacha maidir le comhlíontacht
úsáideoirí 1. Déanfaidh na húdaráis inniúla
seiceálacha chun a fhíorú an gcomhlíonann úsáideoirí na ceanglais a leagtar
amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 7. 2. Déanfar na seiceálacha dá
dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur i gcrích i gcomhréir le plean
a ndéanfar athbhreithniú air go tráthrialta agus úsáidfear cur chuige riosca‑bhunaithe
ina leith. Agus an cur chuige riosca‑bhunaithe á fhorbairt, measfaidh
Ballstáit go laghdófar baol neamh‑chomhlíontachta úsáideora má chuireann
an t‑úsáideoir sin dea‑chleachtas atá aitheanta faoi Airteagal 8(2)
den Rialachán seo nó faoi Airteagal 20(2) den Phrótacal Nagoya chun
feidhme. 3. Féadfar seiceálacha a
dhéanamh nuair atá faisnéis ábhartha ina sheilbh ag údarás inniúil, lena n‑áirítear
faisnéis atá bunaithe ar ábhair imní ó thríú páirtithe maidir le neamh‑chomhliontacht
úsáideora leis an Rialachán seo, ar ábhair imní iad a bhfuil bonn maith leo. 4. Áireofar an méid seo a leanas
ar a laghad i measc na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1: (a)
scrúdú ar na bearta a thóg úsáideoir chun dícheall
cuí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 4; (b)
scrúdú ar dhoiciméadacht agus ar thaifid a léiríonn
go ndearnadh dícheall cuí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 4 maidir
le gníomhaíochtaí sonracha úsáide; (c)
seiceálacha ar an láthair, lena n‑áirítear
iniúchtaí allamuigh; (d)
scrúdú ar chásanna ina raibh oibleagáid ar
úsáideoir fógairt a dhéanamh faoi Airteagal 7. 5. Glacfaidh údaráis inniúla le
deimhniú comhréireachta atá aitheanta go hidirnáisiúnta mar fhianaise go
ndearnadh an acmhainn ghéiniteach atá cumhdaithe leis a rochtain i gcomhréir le
toiliú feasach roimh ré agus gur bunaíodh téarmaí a chomhaontaítear go
frithpháirteach, mar atá riachtanach sa reachtaíocht intíre maidir le rochtain
agus comhroinnt sochar nó i gceanglais rialála an Pháirtí sa Phrótacal Nagoya
atá ag tabhairt an toiliú feasach roimh ré. 6. Tabharfaidh na húsáideoirí
gach cúnamh is gá chun seoladh na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a
éascú, go háirithe a mhéid a bhaineann le rochtain ar áitreabh agus le
tíolacadh doiciméad nó taifead. 7. Gan dochar d'Airteagal 11,
i gcás ina mbraitear easnaimh, tar éis na seiceálacha dá dtagraítear i
mír 1 a dhéanamh, féadfaidh an t‑údarás inniúil fógra a eisiúint
maidir leis na gníomhaíochtaí leasúcháin a ghlacfaidh an t‑úsáideoir. Chomh maith leis sin, ag brath ar na cineálacha
easnamh a braitheadh, féadfaidh Ballstáit bearta eatramhacha láithreacha a
thógáil, lena n‑áirítear inter alia acmhainní géiniteacha a
fuarthas neamhdhleathach a ghabháil agus gníomhaíochtaí úsáide sonraí a chur ar
fionraí. 8. Beidh sé de chumhacht ag an
gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na nósanna imeachta
lena gcuirfear mír 1 go mír 7 den Airteagal seo chun feidhme a bhunú.
Déanfar na bearta cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós
imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 15(2). Airteagal 10 Taifead ar
sheiceálacha 1. Coinneoidh na húdaráis
inniúla taifid ar na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 9(1), agus
léireofar, go háirithe, cineál agus torthaí na seiceálacha, mar aon le
gníomhaíochtaí agus bearta leasúcháin a tógadh faoi Airteagal 9(7). Déanfar taifid ar gach seiceáil a choinneáil ar
feadh cúig bliana ar a laghad. 2. Cuirfear an fhaisnéis dá
dtagraítear i mír 1 ar fáil i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE. Airteagal 11 Pionóis 1. Leagfaidh na Ballstáit síos
na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar
fhorálacha Airteagal 4 agus Airteagal 7 den Rialachán seo agus
déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. 2. Ní mór na pionóis dá
bhforálfar a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
D'fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh sna pionóis sin: (a)
fíneálacha; (b)
gníomhaíochtaí úsáide sonraí a chur ar fionraí
láithreach; (c)
acmhainní géiniteacha a fuarthas go neamhdhleathach
a choigistiú. 3. Tabharfaidh na Ballstáit
fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1 faoin
[dáta] ar a dhéanaí agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill maidir le haon
leasú ina dhiaidh sin a mbeidh tionchar aige orthu. Airteagal 12 Comhar 1. Rachaidh na húdaráis inniúla
i gcomhar lena chéile, le húdaráis riaracháin tríú tíortha agus leis an
gCoimisiún chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh úsáideoirí an Rialachán seo. 2. Déanfaidh na húdaráis inniúla
faisnéis faoi easnaimh thromchúiseacha a bhraitear trí na seiceálacha dá
dtagraítear in Airteagal 9(1) agus faisnéis faoi na cineálacha pionós arna
bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 11 a mhalartú le húdaráis inniúla na
mBallstát eile agus leis an gCoimisiún. Airteagal 13 Ardán an
Aontais maidir le rochtain 1. Bunaítear leis seo ardán an
Aontais maidir le rochtain ar acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a
bhaineann le hacmhainní géiniteacha. 2. Rannchuideoidh ardán an
Aontais le hathchóiriú chun éifeachta na gcoinníollacha rochtana ar leibhéal na
Aontais trí phlé a dhéanamh ar shaincheisteanna gaolmhara, lena n‑áirítear
dearadh agus feidhmíocht na gcóras rochtana a bunaítear sna Ballstáit, rochtain
shimplithe le haghaidh taighde neamhthráchtála, cleachtais rochtana na
mbailiúchán san Aontas, rochtain gheallsealbhóirí an Aontais i dtríú tíortha
agus malartú na ndea‑chleachtas. 3. Féadfaidh ardán an Aontais
comhairle neamhcheangailteach, treorú nó tuairimí a sholáthar faoi
shaincheisteanna a thagann faoina shainordú. 4. Féadfaidh gach Ballstát agus
an Coimisiún gnáthchomhalta amháin a ainmniú d'ardán an Aontais. Féadfar
cuireadh a thabhairt do gheallsealbhóirí agus do shaineolaithe eile ar ábhair a
thugtar aghaidh orthu faoin Rialachán seo de réir mar is iomchuí. 5. Tógfaidh ardán an Aontais
cinntí trí chomhthoil dá ghnáthchomhaltaí atá rannpháirteach i gcruinniú.
Féadfar cinntí maidir le nósanna imeachta a thógáil le tromlach dhá trian de na
gnáthchomhaltaí atá rannpháirteach i gcruinniú. Glacfar rialacha mionsonraithe
maidir le nósanna imeachta ardán an Aontais ag an gcéad chruinniú den ardán trí
chomhthoil. Déanfaidh an Coimisiún cruinnithe an ardáin a ullmhú, a chomóradh
agus beidh sé ina chathaoirleach orthu. Airteagal 14 Bearta
comhlántacha Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit an
méid seo a leanas, de réir mar is cuí: (a)
tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faisnéise,
ardaithe feasachta agus oiliúna le cabhrú le geallsealbhóirí a gcuid
oibleagáidí faoin Rialachán seo a thuiscint; (b)
tacaíocht a thabhairt chun cóid iompair earnála,
clásail de chineál conarthach eiseamláireacha, treoirlínte agus dea‑chleachtais
a fhorbairt, go háirithe i gcásanna ina mbeadh siad ina dtairbhe do
thaighdeoirí acadúla agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide; (c)
tacaíocht a thabhairt chun forbairt a dhéanamh ar
chórais agus uirlisí cumarsáide atá éifeachtach ó thaobh costais de chun tacú
le faireachán agus rianú a dhéanamh ar úsáid acmhainní géiniteacha agus eolais
thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha ag bailiúcháin agus ag
úsáideoirí; (d)
treorú teicniúil agus eile a sholáthar
d'úsáideoirí, agus cás na dtaighdeoirí acadúla agus na bhfiontar beaga agus
meánmhéide á chur san áireamh, ar mhaithe le comhlíonadh cheanglais an
Rialachán seo a éascú. Airteagal 15 Gníomhartha
cur chun feidhme 1. Beidh coiste de chúnamh ag an
gCoimisiún. Is é a bheidh sa choiste sin, coiste de réir bhrí
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt
don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011. 3. I gcás ina mbeidh tuairim an
choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós
imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh,
laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh
tromlach dhá thrian de chomhaltaí an choiste é. 4. Más rud é nach dtugann an
coiste tuairim uaidh, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun
feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Airteagal 16 Tuairisciú
agus athbhreithniú 1. Cuirfidh Ballstáit tuarascáil
maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo faoi bhráid an Choimisiúin, trí
bliana tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm agus gach cúig
bliana ina dhiaidh sin. 2. Laistigh de bhliain amháin ar
a dhéanaí ón teorainn ama chun na tuarascálacha náisiúnta a chur isteach,
tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint
na hEorpa agus na Comhairle. Beidh measúnú tosaigh sa tuarascáil ón gCoimisiún
maidir le héifeachtacht an Rialacháin seo. 3. Gach deich mbliana tar éis a
chéad thuarascála, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú agus ar
éifeachtúlacht an Rialacháin seo, ar bhonn tuarascálacha ar chur i bhfeidhm an
Rialacháin seo agus a thaithí i ndáil leis an gcur i bhfeidhm sin. Agus é ag
tuairisciú, déanfaidh an Coimisiún machnamh ar leith ar na hiarmhairtí
riaracháin ar institiúidí taighde poiblí, ar fhiontair bheaga nó mheánmhéide
agus ar mhicrifhiontair. Déanfaidh sé machnamh freisin ar an ngá atá le gníomhaíochtaí
breise ón Aontas maidir le rochtain ar acmhainní géiniteacha agus ar eolas
traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha. 4. Tabharfaidh an Coimisiún
tuairisc do Chomhdháil na bPáirtithe atá ag freastal mar chruinniú na
bPáirtithe ar Phrótacal Nagoya faoi na bearta atá déanta ag an Aontas agus ag a
chuid Ballstáit chun Prótacal Nagoya a chur chun feidhme. Airteagal 17 Teacht
i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm 1. Foilseoidh an Coimisiún fógra
in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh go bhfuil Prótacal Nagoya tar éis
teacht i bhfeidhm. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar
éis an fógra sin a fhoilsiú. 2. Beidh feidhm ag
Airteagal 4, ag Airteagal 7 agus ag Airteagal 9 bliain amháin
tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. 3. Beidh an Rialachán seo ina
cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] Newman agus Cragg (2012), "Natural
Products as Sources of New Drugs over the 30 Years from 1981 to 2010"
("Táirgí Nádúrtha mar Fhoinsí Drugaí Nua thar na 30 Bliain ó 1981 go
2010"). Journal of Natural
Products, 75(3), lgh 311–335. [2] Coinbhinsiún maidir leis an
Éagsúlacht Bhitheolaíoch (Rio de Janeiro, 5 Meitheamh 1992, i bhfeidhm an 29
Nollaig 1993), ar fáil ag <http://www.cbd.int/convention/text/>. [3] Mar shampla, an Conradh
Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don
Talmhaíocht a cuireadh i gcrích in 2001 i gcomhthéacs Eagraíocht Bhia agus
Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe lena bhfuil an AE ina Pháirtí. Le sonraí a fháil, féach Iarscríbhinn 1. [4] Níor shínigh an Laitvia, Málta ná
an tSlóvaic fós é. [5] Féach an Teachtaireacht ón
gCoimisiún maidir le Bithgheilleagar don Eoraip (COM (2012) 60 final). [6] Féach Conclúidí ón gComhairle an
20 Nollaig 2010 (mír 1 agus mír 21), an
23 Meitheamh 2011 (mír 14), an Rún ó Pharlaimint na hEorpa an
20 Aibreán 2012 (mír 101), an Teachtaireacht ón gCoimisiún
maidir le Straitéis Bithéagsúlachta an AE go 2020 (COM(2011) 244)
(Gníomhaíocht 20). [7] IO C …, lch . [8] IO C …, lch . [9] IO L 309, 13.12.1999, lch 1. [10] Iarscríbhinn I le Doiciméad
UNEP/CBD/COP/DEC/X/1 an 29 Deireadh Fómhair 2010. [11] IO [12] IO L 378, 23.12.2004, lch 1. [13] IO L 41, 14.02.2003, lch 26. [14] IO L 55, 28.02.2011, lch 13.