EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52012PC0548

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí

/* COM/2012/0548 final - 2012/0261 (COD) */

52012PC0548

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí /* COM/2012/0548 final - 2012/0261 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Comhthéacs ginearálta

Tá go leor ceimiceán a úsáidtear i raon leathan de phróisis thábhachtacha thionsclaíocha (e.g. sintéis plaisteach, cógas, cosmaidí, cumhrán, glantach agus bolaithe) agus trádáiltear iad chun na críocha dleathacha sin ar mhargaí réigiúnacha agus domhanda. Féadtar mí-úsáid a bhaint as roinnt de na ceimiceáin sin, áfach, chun drugaí támhshuanacha nó substaintí síceatrópacha a mhonarú go haindleathach. Réamhtheachtaithe drugaí a thugtar ar cheimiceáin a tháirgtear chun críocha dleathaigh agus is féidir a úsáid i monarú drugaí neamhdhleathacha.

Coirpigh a bhfuil sé beartaithe acu réamhtheachtaithe drugaí a úsáid chun drugaí a mhonarú go neamhdhleathach, is annamh a tháirgeann siad féin iad, toisc go mbíonn bonneagar tionsclaíoch mór de dhíth chun iad a tháirgeadh go minic. Dá bhrí sin, déanann coirpigh iarracht na substaintí seo a atreorú ón trádáil dhleathach.

Níl toirmeasc ar thrádáil na réamhtheachtaithe drugaí iad féin mar gheall ar an úsáid thábhachtach dhlisteanach a bhaintear astu. Ar mhaithe le cosc a chur ar atreorú na réamhtheachtaithe drugaí chuig monarú drugaí aindleathacha áfach, bunaíodh creat rialála ar leith ar leibhéal idirnáisiúnta le hAirteagal 12 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha (dá ngairtear Coinbhinsiún 1988 na NA anseo feasta). Tá an tAontas Eorpach ina Pháirtí sa Choinbhinsiún sin agus tá a chuid oibleagáidí curtha chun feidhme aige le Rialachán (EC) Uimh. 273/2004 lena rialaítear faireachán ar thrádáil laistigh den AE réamhtheachtaithe drugaí agus le Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 lena rialaítear an trádáil sheachtrach. Déantar foráil i gcreat rialála an Aontais maidir le faireachán agus rialú a dhéanamh ar thrádáil dhlisteanach réamhtheachtaithe drugaí. Ceanglaítear ar oibreoirí, i.e. monaróirí, dáileoirí, bróicéirí, onnmhairithe, allmhairithe agus mórdhíoltóirí ceimiceán atá i mbun trádála dlisteanaí réamhtheachtaithe drugaí bearta frithghadaíochta a dhéanamh, a gcuid custaiméirí a sheiceáil, idirbhearta amhrasacha a bhrath agus na húdaráis a chur ar an eolas ina leith. Ní fhéadfadh an creat rialála a fheidhmiú go réidh d'uireasa na comhpháirtíochta idir an tionscal agus na húdaráis.

Déanann na húdaráis phoiblí faireachán lena chinntiú go bhfuil cuideachtaí a bhíonn ag plé le réamhtheachtaithe drugaí ag comhlíonadh mar is ceart a gcuid oibleagáidí faoin reachtaíocht trí chigireachtaí ar an láthair a dhéanamh agus trí nósanna imeachta riaracháin amhail ceadúnais agus cláruithe a dheonú.

Forais agus cuspóirí an togra

Ceannaíonn gáinneálaithe na réamhtheachtaithe drugaí atá de dhíth orthu ó réigiúin dhifriúla sa domhan agus baineann siad úsáid as laigí rialaithe chun a leasa féin. Tá sé d'aidhm ag an togra seo dul i ngleic le laige ar leith a braitheadh san Aontas Eorpach, nuair a atreoraíodh méid mór ainhidríde aicéití, príomh-réamhtheachtaí druga hearóine, ó thrádáil inmheánach an AE: in 2008, is san AE a rinneadh 75 % d'urghabhálacha ainhidríde aicéití an domhain. Tá úsáid hearóine ag cur le fadhbanna sláinte poiblí san Eoraip ó na 1970idí i leith. Is í is cúis fós leis an sciar is mó den úsáid drugaí lena mbaineann galracht agus bás léi san Aontas Eorpach.

Cé go bhfuil laghdú an-suntasach tagtha ar an méid ainhidríde aicéití a urghabháladh san AE ó 2008 i leith, tá an INCB[1] fós ag lua ina thuarascálacha bliantúla nach bhfuil bearta rialaithe reachtacha na hEorpa sách dian le hatreorú an phríomh-réamhtheachtaí hearóine ón trádáil laistigh den AE a chosc.

An 7 Eanáir 2010, ghlac an Coimisiún Eorpach Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm agus feidhmiú na reachtaíochta atá ag an AE cheana maidir le réamhtheachtaithe drugaí[2]; thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil sin go bhfuil an reachtaíocht ag feidhmiú go maith tríd is tríd, ach aithníodh roinnt laigí freisin agus rinneadh moltaí maidir le conas dul i ngleic leo sin[3].

Sa togra seo, trí Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 a leasú, déantar beart de réir an mholta a rinneadh sa Tuarascáil ón gCoimisiún chun feabhas a chur ar an gcosc ar atreorú ainhidríde aicéití, príomh‑réamhtheachtaí druga hearóine, ó thrádáil inmheánach an AE, trí na ceanglais chlárúcháin a shíneadh, ceanglais nach bhfuil feidhm acu faoi láthair ach maidir le hoibreoirí a chuireann ainhidríd aicéiteach ar an margadh, d'fhonn úsáideoirí na substainte a chumhdach, agus trí na forálacha clárúcháin comhchuibhithe a fheabhsú chun cothrom iomaíochta níos stóinsithe a bhaint amach lena gcaomhnófar an margadh inmheánach agus lena seachnófar glacadh beart náisiúnta atá éagsúil óna chéile.

Comhsheasmhacht le beartais agus le cuspóirí eile an Aontais

Tá an togra seo ag teacht go huile agus go hiomlán le cuspóirí Straitéis Drugaí an AE 2005‑2012[4] agus le Plean Gníomhaíochta an AE maidir le Drugaí (2009‑2012)[5], ina leagtar amach an cuspóir laghdú a dhéanamh ar atreorú agus ar gháinneáil, san Aontas agus tríd an Aontas, réamhtheachtaithe drugaí a úsáidtear chun drugaí aindleathacha a tháirgeadh.

Ós rud é gur feiniméan casta é fadhb na ndrugaí, tá cur chuige décheannach ag teastáil le dul i ngleic leis, is é sin an t-éileamh agus an soláthar a laghdú[6]. Is é an aidhm atá le cosc a chur ar atreorú agus ar gháinneáil réamhtheachtaithe drugaí soláthar drugaí aindleathacha a laghdú – is é an cuspóir foriomlán leibhéal ard cosanta, sláine agus comhtháthaithe shóisialta a bhaint amach do shaoránaigh an AE trí úsáid drugaí a chosc agus a laghdú i gcomhréir le Straitéis Drugaí an AE. Tá Seirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh ag tabhairt faoi mheastóireacht ar Straitéis Drugaí an AE 2005‑2012 faoi láthair, mar chuid den ullmhúchán ar Straitéis Drugaí an AE a bheidh i bhfeidhm ó 2013 ar aghaidh[7]. Faoin meastóireacht sin ní cheistítear colún an 'laghdaithe sa soláthar' (lena n-áirítear cosc a chur ar atreorú réamhtheachtaithe drugaí) áfach, agus siocair go bhfuil an tAontas ina Pháirtí in Airteagal 12 de Choinbhinsiún 1988 na NA, tá ceangal air ar aon nós féachaint le hatreorú réamhtheachtaithe drugaí a chosc.

Is prionsabal bunúsach den Chonradh é leibhéal ard cosanta do shláinte an duine, agus déanfar sin a áirithiú agus gach beartas agus gníomhaíocht den AE á sainiú agus á chur chun feidhme. Cabhraíonn rialú ar atreorú réamhtheachtaithe drugaí le sláinte an duine a chosaint, go háirithe i réimse an dochair a dhéantar don tsláinte a bhaineann le drugaí, réimse ina n-iarrtar ar an Aontas sa Chonradh gníomhaíochtaí na mBallstát maidir le cosc ar úsáid drugaí a chomhlánú[8].

Chomh maith leis sin, tá an tionscnamh i gcomhréir freisin leis an bprionsabal a leagtar síos sa Chonradh go ndéanfaidh an tAontas iarracht leibhéal ard slándála a áirithiú trí bhearta chun coireacht a chosc agus a chomhrac, agus trí bhearta comhordaithe agus comhair idir póilíní agus údaráis inniúla eile[9].

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara, saineolas a bhailiú agus a úsáid

In 2009 agus go luath sa bhliain 2010, chuaigh Seirbhísí an Choimisiúin i mbun comhairliúcháin le gach páirtí leasmhar maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 agus chuir siad torthaí an chomhairliúcháin i láthair i dTuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, a glacadh an 7 Eanáir 2010[10]. I mBealtaine 2010, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le Tuarascáil an Choimisiúin, inar aithníodh an tábhacht a bhaineann le leanúint le comhar gníomhach i measc na n‑údardás agus an tionscail agus le cur chun feidhme na reachtaíochta Eorpaí a fheabhsú. D'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún clár oibre a bhunú chun gníomhú i leith na laigí a aithníodh sa reachtaíocht, i gcomhar leis na Ballstáit, agus leasuithe reachtacha a mholadh roimh dheireadh 2011 tar éis measúnú grinn a dhéanamh ar na tionchair a d'fhéadfadh a bheith acu ar údaráis na mBallstát agus ar oibreoirí eacnamaíocha[11].

Ina dhiaidh sin, d'fhorbair an Coimisiún sé cinn de roghanna beartais féideartha (tá tuilleadh eolais sa chéad rannóg eile thíos) agus rinneadh iad a phlé leis na Ballstáit agus le hionadaithe tionscail ag cruinniú speisialta den Mheitheal um Réamhtheachtaithe Drugaí i Meitheamh 2010.

Chuathas i gcomhairle arís leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara an tionscail, trí chomhairliúchán scríofa, maidir leis an sé rogha, idir an 23 Iúil agus an 18 Deireadh Fómhair 2010. Aithníodh trí phríomhghrúpa sprice: monaróirí agus trádálaithe (oibreoirí), úsáideoirí deiridh agus údaráis inniúla na mBallstát. Chomh maith leis sin, tugadh faoi chomhairliúchán le FBManna tríd an líonra Fiontar Eorpach ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 24 Samhain 2010 lena áirithiú go gcuirfí san áireamh na húdair imní a bhí ag grúpa sprice ar leith, mar atá úsáideoirí deiridh réamhtheachtaithe drugaí, ar FBManna an chuid is mó díobh.

Ar deireadh, chuir an Coimisiún de chúram ar shainchomhairleoir seachtrach staidéar a dhéanamh chun meastóireacht mhionsonraithe a dhéanamh ar na costais riaracháin a bheadh ar chuideachtaí agus ar údaráis mar thoradh ar gach ceann de na roghanna beartais.

Measúnú tionchair

Ós rud é gurb í an easpa rialaithe atá ag na húdaráis inniúla ar na gníomhaithe eacnamaíoch go léir a bhfuil baint acu i dtrádáil dhlisteanach réamhtheachtaithe drugaí an phríomhchúis fadhbanna, féachadh i gcás gach ceann de na roghanna beartais le rialú a fheabhsú trí thuairisciú feabhsaithe, tabhairt fógraí, nó oibleagáidí clárúcháin a chur ar ghníomhaithe eacnamaíocha. Tá anailís déanta ar na tionchair a bheadh ag na sé rogha beartais seo a leanas:

– Rogha 1 (an rogha bhonnlíne): gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh: ní bheidh aon athrú ar reachtaíocht reatha an AE;

– Rogha 2: oibleagáidí níos láidre maidir le tuairisciú;

– Rogha 3: rialacha agus oibleagáidí níos láidre ar oibreoirí a bhaineann le dearbhuithe custaiméirí ó úsáideoirí deiridh;

– Rogha 4: ceangal a chur ar oibreoirí fógra a thabhairt go tráthrialta do na húdaráis maidir le húsáideoirí deiridh nua ar mhaithe le fíorú a dhéanamh;

– Rogha 5: ceangal a leagan síos go mbeidh clárú de dhíth ar úsáideoirí deiridh agus na ceanglais maidir le clárú a atreisiú;

– Rogha 6: Ainhidríd aicéiteach a aistriú ó shubstaintí sceidealaithe chatagóir 2 go substaintí sceidealaithe chatagóir 1.

I gcás rogha 2 go rogha 5, rinneadh anailís ar dhá fho-rogha, i.e. iad a theorannú go sonrach d'ainhidríd aicéiteach nó iad a chur i bhfeidhm maidir le gach substaint sceidealaithe i gcatagóir 2.

Ba í conclúid ghinearálta an mheasúnaithe tionchair[12] go mbeadh an dá rogha, rogha 4 (i gcás ainhidríde aicéití amháin) agus rogha 5 (i gcás ainhidríde aicéití amháin), araon ina roghanna maithe le féachaint leis na cuspóirí a aithníodh a bhaint amach. Bheadh tionchair ag an dá rogha ar FBManna toisc gur FBManna iad bunús na húsáideoirí deiridh a bhíonn ag plé le hainhidríd aicéiteach, ach ní bheadh ualach chomh mór i gceist i gcás rogha 5 le hais rogha 4 a fhad a bhaineann leis na costais bhliantúla ar fhiontair (ar choinníoll nach ndéanfaidh na húdaráis gach costais a chur ar aghaidh chuig na cláraithe trí tháillí a ghearradh), argóint a bhaineann go mór le hábhar i gcás FBManna. Tríd is tríd, mar gheall ar an tacaíocht láidir pholaitiúil atá ann do rogha 5 i gcás formhór na mBallstát, chomh maith leis na tuairimí a nochtaíodh go hidirnáisiúnta go bhfuil rialú níos córasaí ar úsáideoirí deiridh ainhidríde aicéití (orthu ar fad) de dhíth ar reachtaíocht an AE, agus i ngeall ar an ualach beagán níos éadroime a chuirfeadh sí ar FBManna, is í rogha 5 an rogha a taobhaíodh léi, de bheagán, sa deireadh thiar thall.

3.           EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA

Bunús dlí

Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra. Is é is cuspóir d'Airteagal 114 margadh inmheánach a bhunú agus ardleibhéal cosanta á áirithiú do shláinte an duine agus don chomhshaol.

Prionsabal na coimhdeachta

Beidh feidhm ag prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach é, a mhéid nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais.

Is é cuspóir ginearálta an Rialacháin (CE) Uimh. 273/2004 cosc a chur ar atreorú réamhtheachtaithe drugaí ón trádáil dhlisteanach i gcomhréir le hoibleagáidí an Aontais faoi Airteagal 12 de Choinbhinsiún 1988 na NA. Rannchuidíonn sé leis an gcomhrac domhanda i gcoinne táirgeadh agus gáinneáil aindleathach drugaí tamhshuanacha agus substaintí síceatrópacha, agus ag an am céanna áirítear leis feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh réamhtheachtaithe drugaí trí oibreoirí a bhíonn ag feidhmiú laistigh den AE a chur faoi réir na rialacha comhchuibhithe céanna agus, san am céanna, bacainní gan chall roimh thrádáil dhlisteanach agus ualach riaracháin gan chall ar fiontair agus ar údaráis inniúla a sheachaint.

Ní féidir leis na Ballstáit leo féin cuspóir an togra seo, eadhon neartú ar na bearta rialaithe a dhéantar ar ainhidríd aicéiteach chun cosc a chur ar a hatreorú ó mhargadh inmheánach an AE agus, san am céanna, saobhadh an mhargaidh a sheachaint, a bhaint amach ar bhealach leordhóthanach agus is éifeachtúla a bhainfidh gníomhaíocht ón Aontas amach é, ar na cúiseanna seo a leanas:

– Mothaíonn roinnt Ballstát go bhfuil cosc dlí orthu bearta rialaithe náisiúnta a ghlacadh a rachadh thar reachtaíocht an AE ar bhonn Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 273/2004, lena dtugtar cumhacht do na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh a bhfuil gá leo ionas gur féidir lena n-údaráis a ndualgais rialaithe agus faireacháin a dhéanamh. Áitíonn siad gurb iad na hoibreoirí amháin a chuirtear faoi réir beart rialaithe le reachtaíocht an AE (ní chuirtear aon oibleagáidí ar úsáideoirí deiridh), agus gur cheart an méid sin a thuiscint mar chinneadh toiliúil agus ceangailteach de chuid an AE nár cheart úsáideoirí deiridh a bheith faoi réir rialú na reachtaíochta maidir le réamhtheachtaithe drugaí.

– Os a choinne sin, tá Ballstáit eile ag cuimhniú ar rialuithe substainteacha náisiúnta a bhunú ar Airteagal 10, nó tá siad bunaithe acu cheana. Tháinig as sin, ar an gcéad dul síos, éagsúlacht i gcur chuige na mBallstát maidir le rialú, rud a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh d'fheidhmiú mhargadh an Aontais agus, ar an dara dul síos, beart aonair i mBallstáit ar leith, rud lena mbaineann an baol ann go n-aistreofar an fhadhb ó Bhallstát go chéile, agus na gáinneálaithe ach baint leasa as an "lúb is laige" i margadh an Aontais. Ní bheadh teaglaim de bhearta náisiúnta éagsúla chomh héifeachtach céanna le cur chuige comhchuibhithe ar leibhéal an AE. Dearbhú eile de sin is ea gur iarr Ballstáit agus earnálacha bainteacha den tionscal ar an gCoimisiún beart a dhéanamh chun cothrom iomaíochta an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú, agus gan a bheith ag brath an iomarca ar bhearta náisiúnta forlíontacha.

Prionsabal na comhréireachta

Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí atá beartaithe a bhaint amach, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach é. Trí chosc a chur ar atreorú réamhtheachtaithe drugaí ón trádáil dhlisteanach chuig táirgeadh aindleathach drugaí, táthar ag súil leis go rannchuideoidh an togra seo leis an gcomhrac i gcoinne gáinneáil drugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha, agus go gcosnófar saoránaigh dá bharr sin ón dochar don tsláinte a bhaineann le handúil drugaí. Lena chois sin, toisc go n‑áirithítear go mbeidh oibreoirí agus úsáideoirí a bhíonn i mbun thrádáil dhlisteanach na réamhtheachtaithe drugaí sin faoi réir rialacha comhchuibhithe, ba cheart go n-áiritheofar leis feidhmiú ceart mhargadh an Aontais trí bhacainní nach bhfuil gá leo roimh thrádáil dhlisteanach a sheachaint agus ualaí riaracháin ar oibreoirí agus ar údaráis inniúla a laghdú.

Ní théann an togra i ngleic ach leis na láigí a aithníodh sa mheastóireacht ar fheidhmiú agus ar chur chun feidhme na Rialachán maidir le Réamhtheachtaithe Drugaí; déantar sin trína leagan síos go bhfuil ceangal clárúcháin, ní amháin ar oibreoirí a chuireann ainhidríd aicéiteach ar an margadh ach ar úsáideoirí a mbíonn sí acu dá n-úsáid nó dá gcuid próisis féin (i.e. úsáideoirí deiridh) freisin. Ní dhéantar sa togra na forálacha atá beartaithe i leith ainhidríd aicéiteach a shíneadh d'fhonn substaintí sceidealaithe eile i gcatagóir 2 a chumhdach.

Rogha na hionstraime

Rialachán an ionstraim dlí a roghnaíodh mar go bhfuil sé d'aidhm ag an togra na rialacha is infheidhme i leith oibreoirí eacnamaíocha (úsáideoirí deiridh) a bhíonn ag plé le hainhidríd aicéiteach dá gcuid úsáide nó próisis féin a chomhchuibhiú. Leasaítear leis Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 atá ann cheana.

Príomhfhóralacha an togra

Tugtar isteach leis an togra an ceanglas ar úsáideoirí deiridh ainhidríde aicéití clárú a fháil mar atá cheana féin i gcás oibreoirí a chuireann an tsubstaint ar an margadh, agus neartaítear leis na rialacha maidir le clárú.

Thairis sin, beartaítear leis an togra bunachar sonraí Eorpach maidir le réamhtheachtaithe drugaí a bhunú agus a choinneáil ar bun chun nuachóiriú a dhéanamh ar bhailiú na faisnéise a sholáthraíonn na Ballstáit faoi urghabhálacha réamhtheachtaithe drugaí agus faoi lastais díobh ar cuireadh stop leo, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 273/2004, agus liosta a choimeád d'oibreoirí agus d'úsáideoirí san AE a bhfuil ceadúnas acu agus a thrádálann nó a úsáideann réamhtheachtaithe drugaí go dleathach, agus é a chur ar chumas oibreoirí faisnéis achoimreach a chur ar fáil d'údaráis inniúla maidir lena gcuid idirbhearta a bhaineann le substaintí sceidealaithe i gcomhréir le hAirteagal 8 (2) reatha i Rialachán (CE) Uimh. 273/2004.

Ar deireadh, déanann an dréacht-rialachán forálacha Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 maidir le hiarchoisteolaíocht a chur in oiriúint do na rialacha nua i gConradh Liospóin.

4.           IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon tionchar ag an togra ón gCoimisiún ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh de bhrí nach bhfuil aon acmhainní breise de dhíth chun an ghníomhaíocht atá beartaithe a chur chun feidhme. Tá na hacmhainní riachtanacha chun an bunachar sonraí Eorpach a chur chun feidhme san áireamh cheana féin sna leithdháiltí a deonaíodh i rith an nós imeachta buiséadaigh agus laistigh de líne an Mhargaidh Inmheánaigh. Dá bhrí sin níl tionchar aige ar an mbuiséad thar na leithreasaí a bhfuil foráil déanta maidir leo cheana i gcomhair na mblianta atá le teacht i gcláreagrú oifigiúil an Choimisiúin.

5.           FAISNÉIS BHREISE

– Tá an togra faoi réir fógra a thabhairt don Eagraíocht Dhomhanda Trádála i gcreat an Chomhaontaithe maidir le Bacainní Teicniúla ar an Trádáil.

– Beidh an gníomh atá beartaithe ábhartha maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE).

– Tá sa ghníomh atá beartaithe tréimhse eatramhach do theacht i bhfeidhm na n-oibleagáidí cláraithe nua ar úsáideoirí deiridh ainhidríde aicéití.

– ­Tá sa ghníomh atá beartaithe clásal athbhreithnithe le measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an Rialacháin leasaithe i leith atreorú ainhidríde aicéití a chosc.

2012/0261 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[13],

Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí[14],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       De bhun Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí[15], ghlac an Coimisiún an 7 Eanáir 2010 tuarascáil chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le cur i bhfeidhm agus feidhmiú na reachtaíochta atá ag an AE cheana maidir le réamhtheachtaí drugaí[16].

(2)       Sa Tuarascáil sin, mhol an Coimisiún go ndéanfaí tuilleadh anailíse ar bhealaí chun rialú na trádála in ainhidríd aicéiteach a neartú (substaint sceidealaithe i gCatagóir 2) chun cosc níos fearr a chur ar atreorú ainhidríde aicéití chun hearóin a tháirgeadh go haindleathach.

(3)       Ina Conclúidí maidir le feidhmiú agus cur chun feidhme reachtaíocht an AE i ndáil le réamhtheachtaithe drugaí an 25 Bealtaine 2010, d'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún leasuithe reachtacha a mholadh tar éis dó measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d'fhéadfaidís a imirt ar údaráis inniúla agus ar oibreoirí eacnamaíocha.

(4)       Ba cheart an sainmhíniú ar shubstaintí sceidealaithe a shoiléiriú: ba cheart an téarma ábhartha ó reachtaíocht an Aontais, 'táirgí íocshláinte' a chur in áit an téarma 'ullmhóid chógaisíochta' a tháinig as Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha a glacadh i Vín an 19 Nollaig 1988 (dá ngairtear "Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe" anseo feasta), agus ba cheart an téarma 'ullmhóidí eile' a scriosadh mar is ionann é agus an téarma 'meascáin' atá in úsáid sa sainmhíniú cheana féin.

(5)       Ba cheart sainmhíniú ar an téarma 'úsáideoir' a thabhairt isteach i gcomhair cuideachtaí a bhfuil substaintí ina seilbh acu chun críocha eile seachas iad a chur ar an margadh.

(6)       Ba cheart a shoiléiriú nach mór do chuideachtaí atá ag úsáid substaintí sceidealaithe i gcatagóir 1 chun críocha eile seachas iad a chur ar an margadh ceadúnas a fháil.

(7)       Ba cheart rialacha níos mionsonraithe a thabhairt isteach maidir le clárúchán chun coinníollacha aonfhoirmeacha clárúcháin a áirithiú i ngach Ballstát i gcás substaintí sceidealaithe i gcatagóir 2 d'Iarscríbhinn I. I gcás substaintí atá sceidealaithe san fhochatagóir nua 2A, d'Iarscríbhinn I, ba cheart ní hamháin oibreoirí ach úsáideoirí freisin a bheith faoi réir ceanglais chlárúcháin.

(8)       Chun iomaíochas micreaghnóthas a chosaint, níor cheart aon táillí a ghearradh orthu chun clárúchán nó ceadúnas a fháil.

(9)       Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le forálacha sainráite chun a shoiléiriú gur féidir leis na Ballstáit gníomhú i ndáil le hidirbhearta amhrasacha a bhaineann le substaintí neamhsceidealaithe ionas go mbeidh siad in ann gníomhú níos sciobtha i ndáil le treochtaí nua i dtáirgeadh aindleathach drugaí.

(10)     Ba cheart bunachar sonraí Eorpach maidir le réamhtheachtaithe drugaí a chruthú chun an tuairisciú ag na Ballstáit a shimpliú i dtaca le hurghabhálacha agus lastais ar cuireadh stop leo, chun clár Eorpach d'oibreoirí agus d'úsáideoirí a bhfuil ceadúnas nó clárúchán acu a chruthú lena n-éascófar fíorú dlisteanachta idirbheart tráchtála lena mbaineann substaintí sceidealaithe, agus chun é a chur ar chumas oibreoirí faisnéis a sholáthar do na húdaráis inniúla faoina n-idirbhearta dleathacha lena mbaineann substaintí sceidealaithe.

(11)     Le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 beartaítear sonraí a phróiseáil. D'fhéadfaí sonraí pearsanta a chuimsiú leis an bpróiseáil sonraí sin agus ba cheart é sin a dhéanamh i gcomhréir le Dlí an Aontais.

(12)     Ba cheart ainhidríd aicéiteach, atá sceidealaithe i gcatagóir 2 d'Iarscríbhinn I faoi láthair, a chur san fhochatagóir nua 2A, d'Iarscríbhinn I ionas go bhféadfar breis rialaithe a dhéanamh ar a trádáil. Ba cheart na substaintí atá fágtha de chatagóir 2 a liostú i bhfochatagóir 2B.

(13)     Faoi Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 tugtar cumhachtaí don Choimisiún cuid dá fhorálacha a chur chun feidhme, ar cumhachtaí iad atá le feidhmiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagadh síos i gCinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[17] arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE ón gComhairle[18].

(14)     Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is gá na cumhachtaí sin a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(15)     Chun cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 a bhaint amach, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na ceanglais agus na coinníollacha a shonrú maidir le deonú an cheadúnais agus an chlárúcháin, maidir le dearbhuithe custaiméirí a fháil agus a úsáid, maidir le meascáin a dhoiciméadú nó a lipéadú, maidir le soláthar faisnéise ag na hoibreoirí i dtaobh idirbheart lena mbaineann substaintí sceidealaithe, maidir le hoibreoirí agus úsáideoirí a bhfuil ceadúnas nó clárúchán faighte acu sa chlár Eorpach a liostú agus chun na hIarscríbhinní a leasú. Tá sé rítábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe.

(16)     Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(17)     Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú chun Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le meicníochtaí i gcomhair rialú na mBallstát ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[19].

(18)     Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na mionsonraí a chinneadh maidir leis an gcaoi ar cheart dearbhuithe custaiméirí a sholáthar i bhfoirm leictreonach; chun na mionsonraí a chinneadh maidir leis an gcaoi a soláthrófar do bhunachar sonraí Eorpach an fhaisnéis faoi idirbhearta oibreoirí lena mbaineann substaintí sceidealaithe.

(19)     Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon neartú na rialacha maidir le clárúchán oibreoirí atá ag cur substaintí sceidealaithe de chatagóir 2 ar an margadh nó a bhfuil substaintí den sórt sin ina seilbh acu, go háirithe ainhidríd aicéiteach, chun cosc a chur ar a atreorú i dtreo táirgthe aindleathaigh dhrugaí, a bhaint amach go leordhóthanach toisc gur leas na ngáinneálaithe éagsúlachtaí náisiúnta maidir le clárúchán agus toisc go n-aistríonn siad a ngnó aindleathach go dtí na háiteanna is éasca réamhtheachtaithe drugaí a atreorú chucu, agus dá bhrí sin, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá sé leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 mar a leanas:

(1) Leasaítear Airteagal 2 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a)       ciallaíonn 'substaint sceidealaithe' aon substaint a úsáidtear le haghaidh monarú neamhcheadaithe drugaí támhshuanacha nó substaintí síceatrópacha atá liostaithe in Iarscríbhinn I, lena n‑áirítear meascáin agus táirgí nádúrtha ina bhfuil na substaintí sin. Ní áirítear leis sin táirgí agus meascáin nádúrtha ina bhfuil substaintí sceidealaithe agus atá comhshuite ar bhealach nach féidir na substaintí sceidealaithe a úsáid go héasca ná a eastóscadh trí mhodhanna is infheidhme go héasca ná trí mhodhanna atá inmharthana ó thaobh eacnamaíochta de agus táirgí íocshláinte de réir bhrí Airteagal 1(2) de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[20];"

(b) cuirtear isteach pointe (h) mar seo a leanas:

"(h)       ciallaíonn 'úsáideoir' aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil substaint sceidealaithe ina sheilbh aige agus atá i mbun substaintí sceidealaithe a phróiseáil, a fhoirmliú, a thomhailt, a stóráil, a choinneáil, a chóireáil, a chur isteach i gcoimeádáin, a aistriú ó choimeádán amháin go ceann eile, a meascadh, a chlaochlú nó a úsáid ar aon bhealach eile.

(2) Leasaítear Airteagal 3 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

"2.        Beidh sé de cheangal ar oibreoirí agus úsáideoirí ceadúnas a fháil ó na húdaráis inniúla sula bhféadfaidh substaint sceidealaithe de chatagóir 1 d'Iarscríbhinn I a bheith ina seilbh acu nó sula bhféadfaidh siad substaint den sórt sin a chur ar an margadh. Féadfaidh na húdaráis inniúla ceadúnais speisialta a dheonú do chógaslanna, d'íoclannaí tréidliachta, d'údaráis phoiblí de chineálacha áirithe nó do na fórsaí armtha. Ní bheidh ceadúnais speisialta den sórt sin bailí ach i gcomhair úsáid substaintí sceidealaithe de chatagóir 1 d'Iarscríbhinn I laistigh de raon feidhme dhualgais oifigiúla na n‑oibreoirí lena mbaineann.

3.          Ní sholáthróidh aon oibreoir a bhfuil ceadúnas dá dtagraítear i mír 2 aige substaintí sceidealaithe de chatagóir 1 d'Iarscríbhinn I ach d'oibreoirí nó d'úsáideoirí a bhfuil ceadúnas den sórt sin acu agus a shínigh dearbhú custaiméara dá bhforáiltear in Airteagal 4(1)."

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5.        Gan dochar do mhír 9, féadfaidh na údaráis inniúla bailíocht an cheadúnais a theorannú do thréimhse nach faide ná trí bliana nó féadfaidh siad iallach a chur ar na hoibreoirí a léiriú i gceann tréimhsí nach faide ná trí bliana go bhfuil na coinníollacha faoinar deonaíodh an ceadúnas á gcomhlíonadh go fóill. Luafar sa cheadúnas an t‑oibreoir agus na hoibríochtaí a bhfuil sé bailí dóibh, chomh maith leis na substaintí lena mbaineann sé. Deonófar ceadúnais speisialta de réir bhrí mhír 2 i bprionsabal ar feadh tréimhse neamhtheoranta ach féadfaidh an t‑údarás inniúil iad a chur ar fionraí nó a chúlghairm faoi choinníollacha mhír 4, an tríú abairt."

(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

"6.        Ón [18 mí tar éis dháta an fhoilsithe] beidh sé de cheangal ar oibreoirí clárúchán a fháil ó na húdaráis inniúla sula gcuirfidh siad substaintí sceidealaithe de chatagóir 2 d'Iarscríbhinn I ar an margadh. Ina theannta sin, beidh sé de cheangal ar úsáideoirí clárúchán a fháil ó na húdaráis inniúla sula mbeidh substaintí sceidealaithe d'fhochatagóir 2A d'Iarscríbhinn I ina seilbh acu. Féadfaidh na húdaráis inniúla clárúcháin speisialta a dheonú do chógaslanna, d'íoclannaí tréidliachta, d'údaráis phoiblí de chineálacha áirithe nó do na fórsaí armtha. Ní mheasfar clárúcháin speisialta den sórt sin a bheith bailí ach i gcomhair úsáid substaintí sceidealaithe de chatagóir 2 d'Iarscríbhinn I laistigh de raon feidhme dhualgais oifigiúla na n‑oibreoirí nó na n‑úsáideoirí lena mbaineann."

(d) cuirtear isteach mír 6a agus mír 6b mar seo a leanas:

"6a.       Ní sholáthróidh aon oibreoir a bhfuil clárúchán dá dtagraítear i mír 6 aige substaintí sceidealaithe d'fhochatagóir 2A d'Iarscríbhinn I ach d'oibreoirí nó d'úsáideoirí eile a bhfuil clárúchán den sórt sin acu agus a shínigh dearbhú custaiméara dá bhforáiltear in Airteagal 4(1).

6b.        Agus na húdaráis inniúla ag breithniú clárúchán a dheonú, cuirfidh siad san áireamh go háirithe inniúlacht agus ionracas an iarratasóra, agus ní mór an clárúchán a dhiúltú má tá forais réasúnta amhrais ann maidir le hoiriúnacht agus iontaofacht an iarratasóra nó an oifigigh atá freagrach as an trádáil i substaintí sceidealaithe. Féadfaidh na húdaráis inniúla an clárúchán a chur ar fionraí nó a chúlghairm aon uair a bhfuil forais réasúnta ann lena chreidiúint nach duine cuí cóir a thuilleadh an sealbhóir le clárúchán a bheith aige, nó nach bhfuil na coinníollacha faoinar deonaíodh an clárúchán á gcomhlíonadh a thuilleadh."

(e) i mír 7, cuirtear isteach an abairt seo a leanas:

"Aon oibreoir nó úsáideoir, ar micrifhiontar é de réir bhrí Airteagal 2(3) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le sainmhíniú micreachuideachtaí agus cuideachtaí beaga agus meánmhéide[21], ní bheidh sé de cheangal air táillí den sórt sin a íoc."

(f) cuirtear isteach Airteagal 8 agus Airteagal 9 mar seo a leanas:

"8.        Déanfaidh na húdaráis inniúla oibreoirí agus úsáideoirí a bhfuil ceadúnas dá dtagraítear i mír 2 nó clárúchán dá dtagraítear i mír 6 faighte acu a chur isteach i mbunachar sonraí Eorpach maidir le réamhtheachtaithe drugaí a fhorbróidh an Coimisiún agus dá bhforáiltear in Airteagal 13a.

9.          Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a maidir leis an méid seo a leanas:

(a) na ceanglais agus na coinníollacha a bhaineann leis an gceadúnas dá dtagraítear i mír 2 a dheonú;

(b) na ceanglais agus na coinníollacha a bhaineann leis an gclárúchán dá dtagraítear i mír 6 a dheonú;

(c) na ceanglais agus na coinníollacha chun na hoibreoirí agus na húsáideoirí a liostú a bhfuil ceadúnas nó clárúchán i mbunachar sonraí Eorpach maidir le réamhtheachtaithe drugaí dá dtagraítear i mír 8 faighte acu."

(3) Leasaítear Airteagal 4 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1.        Gan dochar do mhír 4, Airteagal 6 agus Airteagal 14, gheobhaidh aon oibreoir atá bunaithe laistigh den Chomhphobal agus a sholáthróidh substaint sceidealaithe de chatagóir 1 nó de chatagóir 2 d'Iarscríbhinn I do chustaiméir dearbhú ón gcustaiméir sin ina léireofar úsáid shonrach nó úsáideanna sonracha na substaintí sceidealaithe. Ceanglófar dearbhú ar leith a fháil i gcás gach substainte sceidealaithe ar leith. Beidh an dearbhú sin i gcomhréir leis an tsamhail atá leagtha amach i bpointe 1 d'Iarscríbhinn III. I gcás daoine dlítheanacha, déanfar an dearbhú ar pháipéar litreacha ceannchlóite."

(b) cuirtear isteach mír 4 mar seo a leanas:

"4.        Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a maidir leis na ceanglais agus na coinníollacha a bhaineann le dearbhuithe custaiméirí a fháil agus a úsáid."

(4) In Airteagal 5, cuirtear isteach mír 7 mar seo a leanas:

"7.      Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a maidir leis na ceanglais agus na coinníollacha a bhaineann le doiciméadú meascán a bhfuil substaintí atá liostaithe in Iarscríbhinn I iontu."

(5) In Airteagal 7, cuirtear an dara mír seo a leanas isteach:

"Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a maidir leis na ceanglais agus na coinníollacha a bhaineann le lipéadú meascán a bhfuil substaintí atá liostaithe in Iarscríbhinn I iontu."

(6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

"1       Tabharfaidh oibreoirí fógra do na húdaráis inniúla gan mhoill maidir le haon imthosca, amhail orduithe nó idirbhearta neamhghnácha a bhaineann le substaintí sceidealaithe atá le cur ar an margadh, a thugann le fios go bhféadfaí na substaintí sin a atreorú chun drugaí támhshuanacha nó substaintí síceatrópacha a mhonarú go haindleathach. Chuige sin, soláthróidh na hoibreoirí aon fhaisnéis atá le fáil lena bhféadfaidh na húdaráis inniúla dlisteanacht an ordaithe nó an idirbhirt ábhartha a fhíorú.

2.       Soláthróidh na hoibreoirí faisnéis achomair do na húdaráis inniúla faoina n‑idirbhearta lena mbaineann substaintí sceidealaithe.

3.       Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a maidir leis na ceanglais agus na coinníollacha ar oibreoirí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar."

(7) In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"Chun comhar idir na húdaráis inniúla, na hoibreoirí agus tionscal na gceimiceán a éascú, go háirithe maidir le substaintí neamhsceidealaithe, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta chun cuidiú le tionscal na gceimiceán."

(8) In Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2.      Féadfaidh gach Ballstát na bearta is gá a ghlacadh chun é a chur ar chumas a údarás inniúil idirbhearta maidir le substaintí neamhsceidealaithe a bhfuil amhras fúthu a rialú agus faireachán a dhéanamh orthu, go háirithe:

(a) chun faisnéis a fháil maidir le haon orduithe le haghaidh substaintí neamhsceidealaithe nó maidir le haon oibríochtaí a bhaineann le substaintí neamhsceidealaithe;

(b) chun dul isteach in áitribh ghnó oibreoirí chun fianaise a fháil maidir le hidirbhearta amhrasacha a bhaineann le substaintí neamhsceidealaithe.

3.       Urramóidh na húdaráis inniúla faisnéis rúnda gnó."

(9) Cuirtear isteach Airteagal 13a mar seo a leanas:

"Airteagal 13a

Bunachar sonraí

Forbróidh an Coimisiún bunachar sonraí Eorpach maidir le réamhtheachtaithe drugaí a mbeidh na feidhmeanna seo a leanas aige:

(a) páirtiú faisnéise de bhun Airteagal 13(1), sintéis agus anailís uirthi ar leibhéal an Aontais, agus tuairisciú don Bhord Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach de bhun Airteagal 13(2) a éascú;

(b) clár Eorpach d'oibreoirí agus d'úsáideoirí, ar bronnadh ceadúnas orthu de bhun Airteagail 3(2) nó ar bronnadh clárúchán orthu de bhun Airteagail 3(6), a chruthú;

(c) é a chur ar chumas oibreoirí faisnéis faoina n-idirbhearta i gcomhréir le hAirteagal 8(2) a thabhairt do na húdaráis inniúla i bhfoirm leictreonach, mar atá sonraithe i mbearta cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 14."

(10) Cuirtear isteach Airteagal 13b mar seo a leanas:

"Airteagal 13b

Cosaint sonraí

1.       Déanfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Treoir 95/46/CE[22] agus faoi mhaoirseacht údarás neamhspleách poiblí an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 28 den Treoir seo.

2.       Déanfaidh an Coimisiún sonraí pearsanta a phróiseáil, lena n‑áirítear chun críche an bhunachair sonraí Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 13a, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[23] agus faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí."

(11) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14 agus Airteagal 15:

"Airteagal 14

Gníomhartha cur chun feidhme

1.       Féadfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme seo a leanas a ghlacadh:

(a) rialacha maidir le conas na dearbhuithe custaiméirí dá dtagraítear in Airteagal 4 a sholáthar i bhfoirm leictreonach, más iomchuí;

(b) rialacha maidir le conas an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(2) a sholáthar i bhfoirm leictreonach do bhunachar sonraí Eorpach, más iomchuí.

2.       Déanfar na gníomhartha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14a(2).

Airteagal 14a

An Nós Imeachta Coiste

1.       Beidh an Coiste um Réamhtheachtaithe Drugaí a bunaíodh le hAirteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle[24] de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.       I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 15

Na hIarscríbhinní a oiriúnú

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a chun Iarscríbhinní I, II agus III a oiriúnú do threochtaí nua in atreorú réamhtheachtaithe drugaí agus chun leasú ar na táblaí san Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe a leanúint.

Airteagal 15a

Tarmligean a fheidhmiú

1.       Tugtar de chumhacht don Choimisiúin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.       Tabharfar an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 3(9), 4(4), 5(7), 7, 8(2), 13a(2), 15 go ceann tréimhse éiginnte ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].

3.       Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 3(9), 4(4), 5(7), 7, 8(2), 13a(2), 15 a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.       A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.       Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagail 3(9), 4(4), 5(7), 7, 8(2), 13a(2), 15 i bhfeidhm ach amháin más rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle."

(12) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

"Airteagal 16

Faisnéis faoi bhearta arna nglacadh ag na Ballstáit

1.       Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta a ghlacfaidh siad de bhun an Rialacháin seo, agus go háirithe faoi na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 10 agus Airteagal 12. Tabharfaidh siad fógra faoi aon leasuithe orthu ina dhiaidh sin freisin.

2.       Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin in iúl do na Ballstáit eile.

3.       Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme agus ar fheidhmiú an Rialacháin seo faoin [78 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo]."

(13) Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a) cuirfear an méid seo a leanas in ionad theideal Iarscríbhinn I:

"Liosta na substaintí sceidealaithe";

(b) cuirtear an téacs atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad an téacs atá leagtha amach i gcomhair Chatagóir 2.

(14) In Iarscríbhinn III, scriosfar an téarma "údarú/".

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

"CATAGÓIR 2

FOCHATAGÓIR 2A

Substaint || Ainmniúchán AC (más éagsúil) || Cód AC(1) || Uimh. CAS(2)

Ainhidríd aicéiteach || || 2915 24 00 || 108-24-7

Salainn na substaintí atá liostaithe sa chatagóir seo, más féidir salainn den sórt sin a bheith ann.

___________________________________________________________________________

(1) IO L290, 28.10.2002, lch.1.

(2) Is éard atá san Uimhir CAS 'uimhir chláraithe sheirbhís na gcoimrithe ceimiceacha', ar sainaitheantóir uimhriúil uathúil a bhaineann go sonrach le gach substaint agus a struchtúr é. Baineann an Uimhir CAS le gach isiméir ar leith agus le gach salann de gach isiméir ar leith. Tabhair faoi deara go mbeidh Uimhreacha CAS shalainn na substaintí atá liostaithe thuas éagsúil ó na cinn atá tugtha.

___________________________________________________________________________

FOCHATAGÓIR 2B

Substaint || Ainmniúchán AC (más éagsúil) || Cód AC(1) || Uimh. CAS(2)

Aigéad feiniolaicéiteach || || 2916 34 00 || 103-82-2

Aigéad antrainileach || || 2922 43 00 || 118-92-3

Pipiridín || || 2933 32 00 || 110-89-4

Sármhanganáit photaisiam || || 2841 61 00 || 7722-64-7

Salainn na substaintí atá liostaithe sa chatagóir seo, más féidir salainn den sórt sin a bheith ann.

___________________________________________________________________________

(1) IO L290, 28.10.2002, lch.1.

(2) Is éard atá san Uimh. CAS 'uimhir chláraithe sheirbhís na gcoimrithe ceimiceacha', ar sainaitheantóir uimhriúil uathúil a bhaineann go sonrach le gach substaint agus a struchtúr é. Baineann an Uimhir CAS le gach isiméir ar leith agus le gach salann de gach isiméir ar leith. Tabhar faoi deara go mbeidh Uimhreacha CAS shalainn na substaintí atá liostaithe thuas éagsúil ó na cinn atá tugtha.

___________________________________________________________________________

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

              1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh

              1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

              1.3.    An cineál togra/tionscnaimh

              1.4.    Cuspóirí

              1.5.    Na forais atá leis an togra/tionscnamh

              1.6.    Fad agus tionchar airgeadais

              1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

              2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

              2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

              2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

              3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar

              3.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

              3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

              3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

              3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

              3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

              3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

              3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.        Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí

1.2.        Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[25]

Teideal 2: Fiontraíocht agus Tionscal

Caibidil 02.03: An margadh inmheánach in earraí agus beartas earnálach

1.3.        An cineál togra/tionscnaimh

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[26]

X Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua

1.4.        Cuspóirí

1.4.1.     Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

1a. Iomaíochas le haghaidh fáis agus fostaíochta

As deireadh an athbhreithnithe leanúnaigh ar an acquis atá ann faoi láthair maidir leis an margadh inmheánach agus ar a chur chun feidhme, tá se d'aidhm ag an togra reachtach nua feabhas a chur ar éifeachtúlacht na reachtaíochta atá ann cheana maidir le réamhtheachtaithe drugaí.

1.4.2.     Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach Uimh.

Is é an aidhm atá le bunachar sonraí Eorpach a fhorbairt malartú faisnéise idir údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún, agus idir oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis inniúla na mBallstát a éascú.

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Teideal 2 – Caibidil 02.03 An margadh inmheánach in earraí agus beartas earnálach

1.4.3.     An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Is é príomhaidhm an togra seo lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 feabhas a chur ar an gcosc ar atreorú ainhidríde aicéití, príomh‑réamhtheachtaí druga hearóine, ó thrádáil inmheánach an AE trí na ceanglais chlárúcháin a shíneadh, ceanglais nach bhfuil feidhm acu faoi láthair ach maidir le hoibreoirí a chuireann ainhidríd aicéiteach ar an margadh, chun úsáideoirí na substainte sin a chumhdach, agus trí na forálacha clárúcháin comhchuibhithe a fheabhsú chun cothrom iomaíochta níos stóinsithe a bhaint amach lena gcaomhnófar an margadh inmheánach agus lena seachnófar go nglacfar bearta náisiúnta éagsúla.

Thairis sin, beartaítear leis bunachar sonraí Eorpach maidir le réamhtheachtaithe drugaí a bhunú agus a chothabháil chun nuachóiriú a dhéanamh ar bhailiú bliantúil na faisnéise a sholáthraíonn na Ballstáit faoi urghabhálacha réamhtheachtaithe drugaí agus faoi lastais díobh ar cuireadh stop leo, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 273/2004, chomh maith le liosta a choinneáil ar bun d'oibreoirí agus d'úsáideoirí san AE a bhfuil ceadúnas acu agus a thrádálann nó a úsáideann réamhtheachtaithe drugaí go dleathach;

Is é aidhm bunachar sonraí an AE maidir le réamhtheachtaithe drugaí uirlis nua-aimseartha a chur ar fáil chun an rialú a neartú ar an trádáil dhlisteanach i réamhtheachtaithe drugaí:

- i gcás údaráis inniúla na mBallstát ionas gur féidir leo a n-oibleagáidí tuairiscithe don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 agus le hAirteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 1277/2005 ón gCoimisiún seo a chomhlíonadh;

- i gcás údaráis inniúla na mBallstáit agus i gcás oibreoirí sa tionscal san AE ionas gurb éasca dóibh dlisteanacht na gcliant féideartha a sheiceáil agus chun an t-ualach ar oibreoirí a laghdú a bhaineann lena n‑idirbhearta lena mbaineann réamhtheachtaithe drugaí a thuairisciú gach bliain i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 8.2 de Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 agus i gcomhréir le hAirteagal 17 agus le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 111/2005,

- i gcás an Choimisiúin ionas gurb éasca dó a oibleagáidí a chomhlíonadh maidir leis an mBord Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach faoi Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 agus Airteagal 32(1) de Rialachán uimh. 111/2005 chomh maith leis na Ballstáit faoi Airteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 1277/2005 ón gCoimisiún.

Mar chríoch, déanann an togra seo forálacha Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 maidir le hiarchoisteolaíocht a chur in oiriúint do na rialacha nua i gConradh Liospóin.

1.4.4.     Táscairí lena léirítear toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Is é aidhm an Rialacháin atá beartaithe feabhas a chur ar an gcosc ar atreorú réamhtheachtaithe drugaí – go háirithe ainhidríd aicéiteach – ag gáinneálaithe ón trádáil dhlisteanach chuig táirgeadh aindleathach drugaí. Leanfar de threochtaí bliantúil, i ndáil le hatreorú réamhtheachtaithe drugaí san AE, a bhailiú agus a thuairisciú don phobal, do na Ballstáit agus don Bhord Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach. Is é an cuspóir atáthar ag iarraidh a bhaint amach urghabhálacha agus lastais a gcuirtear stop leo a laghdú.

1.5.        Na forais atá leis an togra/tionscnamh

1.5.1.     Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Is é príomhaidhm an togra Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 a leasú chun aghaidh a thabhairt ar na laigí arna sainaithint i bhfeidhmiú an Rialacháin maidir le cosc a chur ar atreorú réamhtheachtaithe drugaí áirithe (go háirithe ainhidríd aicéiteach) ón trádáil dhlisteanach chuig táirgeadh drugaí aindleathacha, trí rialú agus faireachán a dhéanamh ar an trádáil dhlisteanach.

Ba cheart go n-éascódh bunachar sonraí an AE maidir le réamhtheachtaithe drugaí gníomhaíochtaí faireacháin agus rialaithe na mBallstát, chomh maith leis na cúraimí tuairiscithe atá ar na Ballstáit agus ar oibreoirí.

1.5.2.     Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Ní féidir leis na Ballstáit amháin cuspóir an togra seo, eadhon na bearta rialaithe a neartú ar ainhidríd aicéiteach chun cosc a chur ar a atreorú ó mhargadh inmheánach an AE ach saobhadh an mhargaidh a sheachaint, a bhaint amach ar bhealach leordhóthanach agus is éifeachtúla a bheidh gníomhaíocht ón Aontas ar na cúiseanna seo a leanas:

1. Mothaíonn roinnt Ballstát go bhfuil cosc dlí orthu bearta rialaithe náisiúnta a ghlacadh a rachadh thar reachtaíocht an AE ar bhonn Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 273/2004, lena dtugtar cumhacht do na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh a bhfuil gá leo ionas gur féidir lena n-údaráis a ndualgais rialaithe agus faireacháin a chur i gcrích. Áitíonn siad nach gcuireann reachtaíocht an AE ach oibreoirí faoi réir beart rialaithe (ní chuirtear aon oibleagáidí ar úsáideoirí deiridh), agus gur cheart an méid sin a thuiscint mar chinneadh toiliúil agus ceangailteach de chuid an AE nár cheart úsáideoirí deiridh a bheith faoi réir rialú na reachtaíochta maidir le réamhtheachtaithe drugaí.

2. Os a choinne sin, tá Ballstáit eile ag cuimhniú ar rialuithe substainteacha náisiúnta a bhunú ar Airteagal 10, nó tá siad bunaithe acu cheana. Tháinig as sin, ar an gcéad dul síos, éagsúlacht i gcur chuige na mBallstát maidir le rialú, rud a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh d'fheidhmiú mhargadh an Aontais agus, ar an dara dul síos, bearta aonair i mBallstáit ar leith rud lena mbaineann an baol ann go n-aistreofar an fhadhb ó Bhallstát go chéile, agus gáinneálaithe ag baint leasa as an "lúb is laige" i margadh an Aontais. Ní bheadh teaglaim de bhearta náisiúnta éagsúla chomh héifeachtach céanna le cur chuige comhchuibhithe ar leibhéal an AE. Dearbhú eile de sin is ea gur iarr Ballstáit agus earnálacha bainteacha den tionscal ar an gCoimisiún beart a dhéanamh chun cothrom iomaíochta an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú, agus gan a bheith ag brath an iomarca ar bhearta náisiúnta forlíontacha.

1.5.3.     Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart

Tá anailís chríochnúil déanta ag an gCoimisiún ar fheidhmiú Rialachán (CE) Uimh, 273/2004 mar atá sé faoi láthair agus an 7 Eanáir 2010, ghlac an Coimisiún Eorpach tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm agus feidhmiú na reachtaíochta atá ag an AE cheana maidir le réamhtheachtaí drugaí[27]. Cé gur baineadh de thátal ó mheastóireacht an Choimisiúin go bhfuil an reachtaíocht ag feidhmiú go maith ar an iomlán[28], sainaithníodh roinnt laigí agus rinneadh moltaí conas aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear go háirithe modhnú ar roinnt ceanglas i gcás substaintí de chatagóir 2 – d'ainhidríd aicéiteach go sonrach nó do gach substaint de chatagóir 2 – chun atreorú ó mhargadh inmheánach an AE a chosc.

Tá sé d'aidhm ag an togra seo aghaidh a thabhairt ar an moladh sin i dtuarascáil an Choimisiúin trí Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 a leasú, go háirithe chun feabhas a chur ar an gcosc ar atreorú ainhidríde aicéití, príomh‑réamhtheachtaí druga hearóine, ó thrádáil inmheánach an AE trí na ceanglais chlárúcháin a shíneadh, ceanglais nach bhfuil feidhm acu faoi láthair ach maidir le hoibreoirí a chuireann ainhidríd aicéiteach ar an margadh, chun úsáideoirí na substainte sin a chumhdach agus trí na forálacha clárúcháin comhchuibhithe a fheabhsú chun cothrom iomaíochta níos stóinsithe a bhaint amach lena gcaomhnófar an margadh inmheánach agus lena seachnófar glacadh beart náisiúnta éagsúil.

1.5.4.     Comhoiriúnacht d'ionstraimí ábhartha eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Tá an togra seo go hiomlán comhsheasmhach le cuspóirí straitéis drugaí an AE 2005‑2012 agus le Plean Gníomhaíochta an AE maidir le Drugaí (2009‑2012), ina leagtar amach an cuspóir laghdú a dhéanamh ar atreorú agus ar gháinneáil, san Aontas agus tríd an Aontas, réamhtheachtaithe drugaí a úsáidtear chun drugaí aindleathacha a tháirgeadh, agus i ndeireadh na dála, laghdú a dhéanamh ar sholáthar drugaí aindleathacha do shaoránaigh an AE, agus san am céanna, ardleibhéal cosanta do shláinte an duine ardleibhéal slándála a áirithiú.

1.6.        Fad agus tionchar airgeadais

¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta

– ¨  Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

– ¨  Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

x Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

– Cur chun feidhme le tréimhse dúisithe ó Eanáir 2014 go Nollaig 2014,

– agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin ón 1 Eanáir 2015 (Measta).

1.7.        Modhanna bainistíochta atá beartaithe[29]

x Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

¨ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

– ¨  gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

– ¨  comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[30]

– ¨  comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

– ¨  daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

¨ Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit

¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

¨ Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí)

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.        Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh cé chomh minic, agus na coinníollacha.

(1) Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún gach bliain an fhaisnéis maidir leis na cásanna inar cuireadh seachadadh réamhtheachtaithe drugaí ar fionraí nó inar urghabhadh iad.

(2) Cuirfidh na Ballstáit ar aghaidh chuig an gCoimisiún go tráthrialta an fhaisnéis atá acu faoi na hoibreoirí agus na húsáideoirí ceadúnaithe agus cláraithe a thrádálann réamhtheachtaithe drugaí nó a bhfuil réamhtheachtaithe drugaí ina seilbh acu, agus faoi idirbhearta gach ceann acu.

(3) Ansin, déanfaidh an Coimisiún, tuarascáil a ullmhú go rialta ar bhonn na faisnéise arna bailiú ó na Ballstáit agus cuirfidh sé faisnéis fhoriomlán an AE maidir le réamhtheachtaithe drugaí a urghabhadh agus lastais díobh ar cuireadh stop leo san Aontas faoi bhráid na mBallstát agus an Bhoird Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach. Thairis sin, ullmhóidh an Coimisiún a thuarascáil bhliantúil maidir le réamhtheachtaithe drugaí a urghabhadh agus lastais díobh a stopadh san AE, lena poibliú.

2.2.        Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.     Na rioscaí a aithníodh

Is iad seo na príomhrioscaí:

- Nach gcomhlíonfaidh Ballstáit na hoibleagáidí tuairiscithe atá orthu agus/nó soláthar na faisnéise faoi oibreoirí agus úsáideoirí ceadúnaithe/cláraithe;

- Nach gcuirfear an reachtaíocht chun feidhme ar bhealach aonfhoirmeach sna Ballstáit;

- Nach leor na córais rialaithe sna Ballstáit go háirithe maidir le hoibreoirí agus úsáideoirí ceadúnaithe agus/nó cláraithe.

2.2.2.     Modhanna rialaithe atá beartaithe

Tá údaráis ainmnithe ag na Ballstáit cheana le bheith freagrach as cur chun feidhme na reachtaíochta a mhaoirsiú agus as ceadúnais agus clárúchán a dheonú d'oibreoirí agus d'úsáideoirí dlisteanacha atá páirteach i dtrádáil réamhtheachtaithe drugaí;

Déanfar faireachán ar chur chun feidhme na reachtaíochta trí chruinnithe rialta idir na húdaráis inniúla náisiúnta atá ainmnithe le bheith freagrach as reachtaíocht an AE maidir le Réamhtheachtaithe Drugaí;

Beidh gnáthbhainistiú laethúil bhunachar sonraí an AE maidir le Réamhtheachtaithe Drugaí faoi fhreagracht na seirbhísí de chuid an Choimisiúin a bhfuil leanúint reachtaíocht an AE maidir le Réamhtheachtaithe Drugaí faoina gcúram, na hArd-Stiúrthóireachtaí ENTR agus TAXUD go príomha.

2.3.        Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Níor sainaithníodh aon riosca ar leith maidir le calaois nó neamhréireachtaí.

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.        Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar

· Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas  caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir [Tuairisc…...….] || LD/LN[31] || ó thíortha CSTE[32] || ó thíortha is iarrthóirí[33] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

1a. Iomaíochas le haghaidh fáis agus fostaíochta || Airteagal 02.03.01 Oibríu agus forbairt an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe sna réimsí: fógra a thabhairt, deimhniú agus comhfhogasú earnálacha || Difreáilte DA || TÁ || NÍL || NÍL || NÍL

· Línte nua buiséid atá á n-iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir   [Ceannteideal………………………...……] || LD/LN || ó thíortha CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

|| || || || || ||

3.2.        An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.     Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir 1a || Iomaíochas le haghaidh fáis agus fostaíochta

AS: ENTR || || || Bliain 2014[34] || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020[35] || IOMLÁN

Ÿ Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || ||

Airteagal 02.03.01 – Oibríocht agus forbairt an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe sna réimsí: fógra a thabhairt, deimhniú agus comhfhogasú earnálacha || Gealltanais || (1) || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.315

Íocaíochtaí || (2) || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.315

Uimhir na líne buiséid || Gealltanais || (1a) || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || (2a) || || || || || || || ||

Leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach[36] || || || || || || || ||

Uimhir na líne buiséid || || (3) || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasaí do AS ENTR || Gealltanais || =1+1a +3 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.315

Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.045 || 0.315

Ÿ IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || ||

ŸIOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach || (6) || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL <….> den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || = 4+ 6 || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || = 5+ 6 || || || || || || || ||

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

Ÿ IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || ||

ŸIOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach || (6) || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha) || Gealltanais || = 4+ 6 || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || = 5+ 6 || || || || || || || ||

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

AS: ENTR || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

Ÿ Acmhainní daonna || || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.756

Ÿ Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || ||

IOMLÁN AS ENTR || Leithreasuithe || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.756

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.756

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 0.153 || 0.153 || 0.153 || 0.153 || 0.153 || 0.153 || 0.153 || 1.071

Íocaíochtaí || 0.153 || 0.153 || 0.153 || 0.153 || 0.153 || 0.153 || 0.153 || 1.071

3.2.2.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí.

– x Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos[37]:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN ||

|| ASCHUIR ||

|| || Saghas aschuir[38] || Meánchostas an aschuir || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon iomlán na n-aschur || Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1[39]... || || || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || || || 1 || 0.045 || 1 || 0.045 || 1 || 0.045 || 1 || 0.045 || 1 || 0.045 || 1 || 0.045 || 1 || 0.045 || 7 || 0.315 ||

- Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1 || || || || || || || || || || || || || || || || ||

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2... || || || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || || ||

COSTAS IOMLÁN || 1 || 0.045 || 1 || 0.045 || 1 || 0.045 || 1 || 0.045 || 1 || 0.045 || 1 || 0.045 || 1 || 0.045 || 7 || 0.315 ||

3.2.3.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.  Achoimre

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

– x Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.756

Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || ||

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[40] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || || || || || || || ||

Caiteachas eile de chineál riaracháin || || || || || || || ||

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

IOMLÁN || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.756

3.2.3.2.  Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna

– x Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad)

|| || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020

Ÿ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) ||

|| 02 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108

|| XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || ||

|| XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || ||

|| 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || ||

|| Ÿ Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha )[41] ||

|| XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón 'gclúdach iomlánaíoch') || || || || || || ||

|| XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || ||

|| XX 01 04 yy [42] || - sa Cheanncheathrú[43] || || || || || || ||

|| - i dtoscaireachtaí || || || || || || ||

|| XX 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) || || || || || || ||

|| 10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || ||

|| Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || ||

|| IOMLÁN || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108 || 0.108

Is é 02 an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón AS a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe taobh istigh den AS, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don AS atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Bainistiú agus forbairt reachtaíocht an AE chun Margadh Aonair i gceimiceáin a áirithiú – go háirithe maidir le réamhtheachtaithe drugaí. Cruinnithe meithleacha agus coistí rialála a ullmhú, cathaoirleacht a dhéanamh orthu agus tuarascálacha a scríobh fúthu chun a áirithiú go gcuirfear an reachtaíocht chun feidhme go haonfhoirmeach. Cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus do lucht tionscail. Treoirdhoiciméid ábhartha a ullmhú, chomh maith le 'ceisteanna agus freagraí' comhaontaithe i ndlúthchomhar le húdaráis na mBallstát agus geallsealbhóirí eile. Tuarascálacha bliantúla maidir le hurghabhálacha agus lastais ar cuireadh stop leo a fhoilsiú. Cothabháil agus forbairt bhreise an bhunachair sonraí Eorpaigh maidir le Réamhtheachtaithe Drugaí a mhaoirsiú. Ceisteanna parlaiminte a fhreagairt. Oiriúnuithe d'ascnamh teicniúil a ullmhú agus comhairliúcháin idirsheirbhíse a sheoladh. Dlúthchomhar le AS TAXUD, ar a bhfuil an fhreagracht as faireachán a dhéanamh ar thrádáil sheachtrach i réamhtheachtaithe drugaí, a áirithiú.

Pearsanra seachtrach ||

3.2.4.     Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

– x Tá an togra/an tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020.

– ¨  Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

– ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[44]

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.     Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

– x Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

– ¨  Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe || || || || || || || ||

3.3.        An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

– x Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

– ¨  Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

– ¨         ar acmhainní dílse

– ¨         ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Líne buiséid ioncaim || Leithreasuithe atá ar fáil don tréimhse bhuiséadach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh[45]

Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na colúin ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal …………. || || || || || || || ||

I gcás ioncaim ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n-imrítear tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

[1]               United Nations International Narcotic Control Board (Bord Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Rialú Támhshuanach).

[2]               Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa de bhun Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 agus de bhun Airteagal 32 de Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú reachtaíocht an Chomhphobail maidir le faireachán a dhéanamh ar thrádáil réamhtheachtaithe drugaí agus a rialú, COM(2009)709 final:  http://eur‑lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=COM:2009:0709:FIN:en:PDF.

[3]               Le tuilleadh sonraí a fháil, féach faoi Roinn 4.2.2 "Strengths and weaknesses of the legislation" i dTuarascáil COM(2009)709 final thuasluaite.

[4]               Straitéis Drugaí an AE 2005‑2012, a d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach Samhain 2004 (15074/04 CORDROGUE 77 SAN 187 ENFOPOL 187 RELEX 564).

[5]               Plean Gníomhaíochta an AE maidir le Drugaí le haghaidh 2009‑2012 (2008/C 326/09).

[6]               Déanann Straitéis Drugaí an AE comhlánú breise ar an dá phríomhghné seo le trí théama chothrománacha: comhordú; comhar agus faisnéis idirnáisiúnta; taighde agus meastóireacht.

[7]               Le tuilleadh sonraí a fháil, féach        http://ec.europa.eu/justice/newsroom/anti-drugs/opinion/111027_en.htm.

[8]               Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

[9]               Airteagal 67 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

[10]             Féach fonóta 1.

[11]             Conclúidí ón gComhairle maidir le feidhmiú agus cur chun feidhme reachtaíocht an AE i ndáil le réamhtheachtaithe drugaí – an 3016ú cruinniú den Chomhairle maidir le hIomaíochas, an Bhruiséil, an 25 Bealtaine 2010.

[12]             Tá an tuarascáil ar an measúnú tionchair ar fáil ag: http://ec.europa.eu/governance/impact/ia_carried_out/cia_2012_en.htm.

[13]               IO C , , lch. .

[14]               IO C , , lch. .

[15]               IO L 47, 18.2.04, lch. 1.

[16]               Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa de bhun Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 agus de bhun Airteagal 32 de Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú reachtaíocht an Chomhphobail maidir le faireachán a dhéanamh ar thrádáil réamhtheachtaithe drugaí agus a rialú, COM(2009)709 final.

[17]               IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

[18]               IO L 200, 22.7.2006, lch. 11.

[19]               IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

[20]               IO L 311, 28.11.2001, lch. 67.

[21]               IO L 124, 20.5.2003, lch. 36.

[22]             IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

[23]             IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

[24]             IO L 22, 26.1.2005, lch. 1.

[25]             ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[26]             Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais

[27]             Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa de bhun Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 agus de bhun Airteagal 32 de Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú reachtaíocht an Chomhphobail maidir le faireachán agus rialú a dhéanamh ar thrádáil réamhtheachtaithe drugaí, COM(2009)709 final.           http://eur‑lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=COM:2009:0709:FIN:en:PDF.

[28]             Le tuilleadh sonraí a fháil, féach faoi Roinn 4.2.1 "Láidreachtaí agus laigí na reachtaíochta sa Tuarascáil COM(2009)209 final thuasluaite.

[29]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[30]             Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais

[31]             LD – Leithreasaí difreáilte / LN – Leithreasaí neamhdhifreáilte

[32]             CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

[33]             Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí .

[34]             Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

[35]             Foráiltear maidir leis na costais i ndiaidh 2020 freisin de bharr chineál an togra (bunachar sonraí a choinneáil ar bun).

[36]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[37]             Níl aon fhaisnéis faoi na haschuir ar fáil go fóill toisc nach bhfuil treoirthionscadal an bhunachair sonraí Eorpaigh forbartha go fóill.

[38]             Is éard atá in aschuir táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).

[39]             Mar a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. "Cuspóirí sonracha..."

[40]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[41]             CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta (“Intérimaire”); JED= " Jeune Expert en Délégation " (saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht;

[42]             Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

[43]             Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach.

[44]             Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach

[45]             A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

Top