EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52012PC0073
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on improving securities settlement in the European Union and on central securities depositories (CSDs) and amending Directive 98/26/EC
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE
/* COM/2012/073 final - 2012/0029 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE /* COM/2012/073 final - 2012/0029 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. Comhthéacs an togra Institiúidí tábhachtacha sistéamacha do na
margaí airgeadais iad na taisclanna lárnacha urrús. Aon uair a dhéantar urrúis
a thrádáil i malartán urrús nó lasmuigh de, tarlaíonn próisis iarthrádála ina
dhiaidh sin a mbeidh socrú na trádála sin, eadhon soláthar urrús i gcoinne
airgid, mar thoradh orthu. Is iad na taisclanna lárnacha urrús na
príomhinstitiúidí a áirithíonn gur féidir socraíocht a dhéanamh trí chórais
socraíochta urrús mar a thugtar orthu a oibriú. Lena chois sin áirithíonn na
taisclanna lárnacha urrús go ndéantar taifeadadh tosaigh agus cothabháil
lárnach ar na cuntais urrús ina dtaifeadtar cá mhéad urrús a eisíodh agus cé a
d’eisigh iad mar aon le gach athrú ar shealbhaíocht na n‑urrús sin. Tá ról ríthábhachtach ag taisclanna lárnacha
urrús freisin maidir leis an margadh comhthaobhachta agus go háirithe chun
críocha beartais airgeadaíochta. Mar shampla, is trí chórais socraíochta urrús
arna n‑oibriú ag taisclanna lárnacha urrús a bhogann beagnach an chomhthaobhacht
incháilithe go léir i gcomhair oibríochtaí beartais airgeadaíochta na mbanc
ceannais san AE go mór mór i limistéar an euro. Shocraigh córais socraíochta urrús san AE
idirbhearta dar luach €920 trilliún a bheag nó a mhór in 2010, agus bhí urrúis
dar luach beagnach €39 trilliún ina seilbh acu ag deireadh 2010. Tá os
cionn 30 taisclann lárnach urrús san AE, rud a fhágann go mbíonn ceann i ngach
tír de ghnáth, mar aon le dhá thaisclann lárnacha urrús ‘idirnáisiúnta’
(Clearstream Banking Luxembourg agus Euroclear Bank). Fochatagóir de na
taisclanna lárnacha urrús is ea iad sin arb í a sainréimse, eisiúint bannaí
idirnáisiúnta a dtugtar “Eorabhannaí” orthu de ghnáth. Cé go mbíonn taisclanna lárnacha urrús
sábháilte agus éifeachtach de ghnáth laistigh de theorainneacha náisiúnta,
tagann siad le chéile agus déanann siad cumarsáid thar theorainneacha ar
bhealach nach bhfuil chomh sábháilte, rud a fhágann go mbíonn baol níos mó agus
costais níos airde i gceist d'infheisteoir agus infheistíocht trasteorann á
déanamh. Mar shampla, tá líon na socraíochtaí a dteipeann orthu níos airde i
gcás idirbheart trasteorann ná mar atá i gcás idirbheart intíre agus bíonn
costais socraíochta trasteorann suas le ceithre huaire níos airde ná na costais
socraíochta intíre. Tá cúpla cúis leis na fadhbanna sábháilteachta
sin, lena n‑áirítear: · Fad an timthrialla socraíochta. Níl aga comhchuibhithe idir trádáil
agus socraíocht san AE, rud a chruthaíonn bristeacha nuair a shocraítear urrúis
trasteorann; · Tá líon beag suntasach urrús ann go fóill i bhfoirm pháipéir. Baineann
timthriall socraíochta i bhfad níos faide leo sin, rud a mhéadaíonn na rioscaí
a thabhaíonn infheisteoirí; · Tugtar teipeanna socraíochta ar chásanna nuair nach socraítear
idirbheart ar an dáta socraíochta atá beartaithe. Níl siad faoi réir pionós
díspreagthach i ngach margadh agus nuair is ann dóibh bíonn an‑éagsúlacht
le sonrú idir na bearta maidir le haraíonacht socraíochta sna margaí éagsúla; · Cé go laghdaítear le Treoir 98/26/CE maidir le críochnaitheacht socraíochta
i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús[1]
an bhristeacht ar chóras socraíochta urrús de dheasca imeachtaí dócmhainneachta
in aghaidh rannpháirtí sa chóras sin, ní thugann sé aghaidh ar rioscaí eile an
chórais ná ar stóinseacht na taisclainne lárnaí urrús a oibríonn an córas. Tá
rioscaí creidmheasa agus leachtachta níos mó ag baint le roinnt taisclann
lárnach urrús, rioscaí a eascraíonn ó sholáthar seirbhísí baincéireachta atá
coimhdeach i ndáil le socraíocht; · Comhaontuithe idir thaisclanna lárnacha urrús nascadh le chéile, cé go
meastar nach bhfuil iontu ach an chéad chéim chun margaí socraíochta na hEorpa
a chomhdhlúthú, is cúis imní ó thaobh sábháilteachta iad in éagmais rialacha
sonracha stuamachta maidir le naisc den sórt sin. Ina theannta sin, cuireann
siad leis an idircheangailteacht idir thaisclanna lárnacha urrús, rud a thugann
údar breise do chreat coiteann stuamachta a thabhairt isteach. Cúis mhór imní eile is ea an chaoi nach ann do
mhargadh inmheánach éifeachtúil amháin i ndáil le socraíocht. Tá bacainní
tábhachtacha ann i gcónaí maidir leis an margadh iarthrádála Eorpach, mar
shampla an rochtain theoranta atá ag eisitheoirí urrús ar thaisclanna lárnacha
urrús, na córais éagsúla ceadúnaithe náisiúnta agus na rialacha éagsúla maidir le
taisclanna lárnacha urrús ar fud an AE agus an iomaíocht theoranta idir na
taisclanna lárnacha urrús náisiúnta éagsúla. Tá margadh an‑ilroinnte ann
de thoradh na mbacainní sin. Dá bhrí sin, braitheann socraíocht na n‑idirbheart
trasteorann ar 'shlabhraí' sealbhaithe atá i bhfad níos casta ná mar is gá agus
ina mbíonn roinnt taisclann lárnach urrús agus roinnt idirghabhálaithe eile
páirteach iontu go minic. Bíonn tionchar diúltach aige sin ar éifeachtúlacht na
n‑idirbheart trasteorann, agus ar na rioscaí a bhaineann leo freisin. Tá na fadhbanna sin tábhachtach toisc go
bhfuil méadú ag teacht i gcónaí ar idirbhearta trasteorann san Eoraip, idir
cheannach nó díol urrús mar is gnách agus aistrithe comhthaobhachta, agus toisc
go bhfuil taisclanna lárnacha urrús ag éirí níos idirnasctha le chéile. Meastar
go gcuirfear dlús leis na treochtaí sin nuair a thiocfaidh Urrúis Sprioc2 (US2)
ar an bhfód, tionscadal a sheol Eurochóras chun comhardán gan teorainneacha a
sholáthar i gcomhar socraíochta urrús san Eoraip, agus atá le tosú in 2015. Tugtar aghaidh ar na fadhbanna sin leis an
Rialachán seo atá beartaithe. Tugtar isteach leis oibleagáid chun gach urrús
inaistrithe a léiriú i bhfoirm cuntais reatha agus iad a thaifead sna
taisclanna lárnacha urrús sula dtrádáilfear iad in ionaid rialáilte. Déantar
comhchuibhiú leis ar thréimhsí socraíochta agus ar chórais maidir le
haraíonacht socraíochta ar fud an AE. Déantar sraith comhrialacha atá bunaithe
ar chaighdeáin idirnáisiúnta a thabhairt isteach leis, rialacha a thugann aghaidh
ar na rioscaí a bhaineann le hoibríochtaí agus le seirbhísí na dtaisclann
lárnach urrús. Toisc go mbeidh taisclanna lárnacha urrús faoi réir rialacha
substainteacha comhionanna ar fud an AE, beidh siad in ann leas a bhaint as
ceanglais aonfhoirmeacha maidir le ceadúnú agus as pas don AE go léir, rud a
chuideoidh chun deireadh a chur leis na bacainní reatha maidir le rochtain. Ar an ábhar sin, cuirfidh an Rialachán atá
beartaithe le sábháilteacht sa chóras agus osclóidh sé an margadh do sheirbhísí
taisclainne lárnaí urrús, agus sa chaoi sin, feabhsóidh sé éifeachtúlacht na
socraíochta urrús. Cuirfidh an Rialachán atá beartaithe críoch leis an gcreat
rialúcháin maidir le bonneagair an mhargaidh urrús, in éineacht le
Treoir 2004/39/CE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFID)[2] le haghaidh ionad trádála, agus
an togra le haghaidh Rialacháin maidir le hidirbhearta díorthacha (EMIR) le
haghaidh Contrapháirtithe Lárnacha. Tá tacaíocht pholaitiúil fhorleathan faighte
ag an tionscnamh seo. Ar an 2 Nollaig 2008 leag Comhairle ECOFIN béim
ar an ngá atá le sábháilteacht agus fóntacht na gcóras socraíochta urrús arna n‑oibriú
ag taisclanna lárnacha urrús a neartú agus d'aontaigh siad go bhfuil
reachtaíocht an AE ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní dlí a
bhaineann le hiarthrádáil, lena n‑áirítear bacainní maidir le rochtain ar
thaisclanna lárnacha urrús. Glactar leis go hidirnáisiúnta freisin go bhfuil gá
le caighdeáin iomchuí maidir le taisclanna lárnacha urrús. Ghlac rialtóirí
baincéireachta agus urrús domhanda (CPSS‑IOSCO) le sraith moltaí chomh
luath le 2001 i gcomhair córas socraíochta urrús. Chuir rialtóirí Eorpacha
(CEBC‑CESR) iad sin in oiriúint trí bhíthin treoirlínte
neamhcheangailteacha in 2009. I mí Dheireadh Fómhair 2010 d’iarr an Bord um
Chobhsaíocht Airgeadais an athuair go ndéanfaí caighdeáin a thabhairt cothrom
le dáta le haghaidh bonneagar níos stóinsithe sa mhargadh lárnach agus d'iarr
siad go n‑athbhreithneofaí agus go bhfeabhsófaí na caighdeáin reatha. 2. torthaí an chomhairliúcháin leis na
páirtithe leasmhara agus measúnú tionchair Is toradh é an tionscnamh seo ar idirphlé agus
ar chomhairliúchán fairsing leanúnach leis na príomh‑gheallsealbhóirí
uile, lena n‑áirítear rialtóirí urrús agus baincéireachta, an BCE agus
gach cineál rannpháirtí sa mhargadh. Cuirtear san áireamh ann na tuairimí a
léiríodh i gcomhairliúchán poiblí ón 13 Eanáir go dtí an 1 Márta
2011, agus an t‑ionchur a fuarthas ó raon leathan de ghrúpaí
geallsealbhóirí ó shamhradh na bliana 2010 i leith. Ina theannta sin, coimisiúnaíodh staidéar
seachtrach ó Oxera Consulting ar chostais agus praghsanna san earnáil
iarthrádála. Chuir Oxera an chéad tuarascáil ar fáil in 2009 agus an dara ceann
in 2011. Sna tuarascálacha sin cuirtear sonraí úsáideacha ar fáil faoi na difríochtaí
atá ann idir costais iarthrádála trasteorann agus intíre san Eoraip. I gcomhréir lena bheartas "Rialáil Níos
Fearr", rinne an Coimisiún measúnú tionchair ar na roghanna beartais.
Rinneadh roghanna beartais a mheasúnú de réir na bpríomhchuspóirí maidir le cur
le sábháilteacht agus le héifeachtúlacht agus le cothrom iomaíochta le haghaidh
seirbhísí taisclainne lárnaí urrús san Eoraip. Rinneadh an measúnú trí
bhreithniú a dhéanamh ar an éifeacht a bhaineann le saothrú na gcuspóirí thuas
agus ar an gcost‑éifeachtúlacht a bhaineann le roghanna beartais éagsúla
a chur chun feidhme. Cuireadh an dréacht‑tuarascáil ar
mheasúnú tionchair faoi bhráid Bhord um Measúnú Tionchair an Choimisiúin an 16 Márta 2011,
agus cuireadh dréacht athbhreithnithe faoina bhráid ina dhiaidh sin an 8 Lúnasa 2011.
Tar éis don Bhord um Measúnú Tionchair barúlacha a thabhairt, feabhsaíodh an
dréacht‑tuarascáil go mór tríd an mbonn fianaise maidir leis na fadhbanna
a fuarthas a neartú agus trí anailís a dhéanamh ar na roghanna beartais
éagsúla, go háirithe maidir le seirbhísí baincéireachta atá coimhdeach le
socraíocht agus trí mheastachán ar na sochair fhoriomlána agus ar an tionchar
foriomlán a bheadh ag na roghanna beartais difriúla ar gheallsealbhóirí éagsúla
a chur ar áireamh agus trí chreat níos soiléire agus níos stóinsithe
faireacháin agus meastóireachta a cheapadh. 3. Eilimintí dlí an togra 3.1. Bunús dlí Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 den
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) toisc gurb é sin an bunús dlí
is iomchuí sa réimse seo. Tá sé mar phríomhaidhm ag an togra aghaidh a
thabhairt ar an easpa sábháilteachta agus éifeachtúlachta maidir le socraíocht
urrús agus ar na constaicí atá ann dá thoradh sin ar fheidhmiú an mhargaidh
inmheánaigh mar thoradh ar na rialacha náisiúnta éagsúla faoina rialaítear
socraíocht urrús agus ar ghníomhaíochtaí na dtaisclann lárnach urrús a oibríonn
córais socraíochta urrús, trí shraith comhrialacha a thabhairt isteach maidir
le gnéithe áirithe den timthriall socraíochta agus le haraíonacht, chomh maith
le sraith comhcheanglais stuamachta lena dtugtar aghaidh ar sholúbthacht na
dtaisclann lárnach urrús agus rochtain ar na taisclanna sin. In éagmais
rialacha coiteanna agus ceanglas den chineál sin, beidh tionchar díreach diúltach
ag bearta féideartha éagsúla arna nglacadh ar an leibhéal náisiúnta ar
shábháilteacht, ar éifeachtúlacht agus ar iomaíocht sna margaí socraíochta san
Aontas. Meastar gur rialachán an ionstraim is iomchuí d’fhonn a áirithiú go
bhfuil gach rannpháirtí sa mhargadh faoi réir oibleagáidí aonfhoirmeacha atá
infheidhme go díreach maidir leis an timthriall socraíochta agus maidir le
haraíonacht, agus go bhfuil taisclanna lárnacha urrús faoi réir caighdeán
aonfhoirmeach stuamachta atá infheidhme go díreach san Aontas, agus ba cheart
go gcabhródh an méid sin chun atreisiú a dhéanamh ar a sholúbthacht agus ar an
ról lárnach atá acu i gcothabháil na gcóras um chuntais reatha agus sa
phróiseas socraíochta. Ós rud é gurb é príomhchuspóir an Rialacháin
atá beartaithe roinnt oibleagáidí dlíthiúla a fhorchuirtear go díreach ar
oibreoirí margaidh a thabhairt isteach, oibleagáidí arb é atá iontu, inter
alia, taifeadadh ar bheagnach gach urrúis inaistrithe i bhfoirm cuntais reatha
i dtaisclann lárnach urrús mar aon le fráma ama níos déine maidir le socraíocht
agus ós rud é go bhfuil taisclanna lárnacha urrús freagrach as oibriú na gcóras
socraíochta urrús agus as cur i bhfeidhm na mbeart chun socraíocht a chur ar
fáil go tráthúil san Aontas, tá sé riachtanach go gcomhlíonfaidh na taisclanna
lárnacha urrús go léir na ceanglais aonfhoirmeacha stuamachta dhiana i gcónaí a
bhfuil foráil maidir leo sa togra. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach a áireamh sa
togra seo sraith rialacha aonfhoirmeacha atá infheidhme go díreach maidir le
húdarú agus maoirseacht leanúnach taisclann lárnach urrús, mar atoradh na n‑oibleagáidí
dlíthiúla arna bhforchur ar oibreoirí margaidh. 3.2. Coimhdeacht agus
comhréireacht I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta dá
bhforáiltear in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, níor
cheart beart a dhéanamh ar leibhéal an AE ach amháin mura féidir leis na
Ballstáit na haidhmeanna atá beartaithe a bhaint amach go leormhaith as a
stuaim féin agus gurbh fhearr, i ngeall ar scála nó ar éifeachtaí an bhirt atá
beartaithe, ab fhéidir iad a bhaint amach ar leibhéal an AE. Tá sé mar aidhm ag an togra seo go bunúsach an
margadh urrús Eorpach a dhéanamh níos sábháilte agus níos éifeachtúla laistigh
den Aontas, rud a éileoidh gníomhaíocht chomhordaithe de chuid an AE. Tá údar
breise le gníomhaíocht an Aontais i ngeall ar nádúr sistéamach na dtaisclann
lárnach urrús agus ar an gcaoi go bhfuil siad ag éirí níos idirnasctha i
gcónaí, agus go mbeidh siad níos idirnasctha fós nuair a thabharfar isteach
T2S. Maidir le húdarú agus maoirseacht na
dtaisclann lárnach urrús, tá sé mar aidhm ag an Rialachán atá beartaithe
cothromaíocht a aimsiú idir inniúlachtaí na n‑údarás náisiúnta, agus
leasanna na n‑údarás inniúil eile. Beidh ról lárnach ag an Údarás Eorpach
um Urrúis agus Margaí (ESMA) maidir le díospóidí a réiteach, le héascú na
socruithe comhair idir údaráis náisiúnta agus le caighdeáin theicniúla a
fhorbairt i ndlúthchomhairle le comhaltaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais
(CEBC). Tá saincheisteanna áirithe clúdaithe cheana féin
faoi reachtaíocht reatha an Aontais. Mar shampla, tá córais socraíochta urrús
sainmhínithe cheana i dTreoir 98/26/CE maidir le críochnaitheacht
socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús[3] agus foráiltear le
Treoir 2004/39/CE (MiFID) do rialacha áirithe maidir le rochtain ag
rannpháirtithe sa mhargadh ar an gcóras socraíochta urrús is rogha leo. Tá an
Rialachán atá beartaithe i gcomhréir le téacsanna sin an Aontais. Cuirtear prionsabal na comhréireachta san
áireamh go hiomlán sa togra, prionsabal a cheanglaítear le hAirteagal 5(4)
den Chonradh ar an Aontas Eorpach, eadhon, gur cheart gníomhaíocht an Aontais a
bheith leordhóthanach chun na cuspóirí atá á saothrú a bhaint amach agus níor
cheart go rachadh sí thar a bhfuil riachtanach. Tá an Rialachán atá beartaithe
comhoiriúnach leis an bprionsabal sin, agus faightear leis an chothromaíocht
cheart idir leas an phobail atá i gceist agus cost‑éifeacht na mbeart
arna mbeartú. Cuireadh san áireamh go hiomlán sa togra an gá atá le
cothromaíocht a aimsiú idir sábháilteacht, éifeachtúlacht na margaí agus na
costais ar na páirtithe leasmhara. 3.3. Míniú mionsonraithe ar an
togra Tá dhá phríomhchuid sa Rialachán atá
beartaithe: bearta lena dtugtar aghaidh ar oibreoirí uile an mhargaidh i
gcomhthéacs socraíochta urrús (Teideal II) agus bearta lena dtugtar
aghaidh go sonrach ar thaisclanna lárnacha urrús (Teideal III,
Teideal IV agus Teideal V). Tá feidhm ag na teidil eile i ndáil le
raon feidhme agus sainmhínithe (Teideal I) agus forálacha idirthréimhseacha
agus críochnaitheacha (Teideal VI) maidir leis an dá chuid den togra. 3.3.1. Raon feidhme an togra (Teideal
I) Clúdaítear na taisclanna lárnacha urrús go
léir faoin Rialachán, ach tugtar díolúine ó na ceanglais maidir le húdarú agus
le maoirseacht do chomhaltaí an CEBC agus do chomhlachtaí náisiúnta nó poiblí
eile a bhfuil na seirbhísí céanna á bhfeidhmiú acu, amhail comhlachtaí
náisiúnta na mBallstát a bhfuil sé de chúram orthu an fiachas poiblí a
bhainistiú nó idiragairt ann, agus a bheadh incháilithe mar thaisclanna
lárnacha urrús murach é sin. Mar sin féin, tá na hinstitiúidí sin fós faoi réir
shraith iomlán na gceanglas maidir le taisclanna lárnacha urrús. Tá siad
díolmhaithe ó Theideal IV, lena bhforchuirtear leithscaradh idir seirbhísí
baincéireachta atá coimhdeach le socraíocht agus seirbhísí eile taisclainne
lárnaí urrús ós rud é gurb é nádúr na n‑institiúidí sin na seirbhísí
coimhdeacha sin a chur ar fáil. Maidir le hionstraimí airgeadais, clúdaítear
faoin togra na hionstraimí airgeadais go léir a mhéid a bhaineann le ceanglais
maidir le taisclanna lárnacha urrús, ach clúdaítear go príomha ann urrúis
inaistrithe mar atá sainmhínithe i bpointe 18 d'Airteagal 4(1) de
Threoir 2004/39/CE (MiFID) (scaireanna agus bannaí go bunúsach) chun
críocha Theideal II maidir le socraíocht urrús. 3.3.2. Socraíocht urrús (Teideal II) Príomhchuspóir de chuid an Rialacháin atá
beartaithe is ea cur le sábháilteacht socraíochta. Tá trí shraith beart ar
áireamh i dTeideal II chun an cuspóir sin a bhaint amach. Ar an gcéad dul
síos, forchuirtear leis rud ar a dtugtar dí‑ábharú/díluailiú urrús, rud
is ionann agus urrúis a eisiúint i bhfoirm cuntais reatha. Tá an beart sin
dírithe ar éifeachtúlacht socraíochta a fheabhsú, ar ghiorrú na dtréimhsí
socraíochta a éascú agus ar shláine shaincheist na n‑urrús a áirithiú trí
fhoráil a dhéanamh maidir leis na sealúchais urrús a réiteach ar bhealach níos
éasca. Ní gá urrúis i gcuntais reatha a thaifeadadh i dtaisclann lárnach urrús
sula ndéantar iad a thrádáil nó a thabhairt mar chomhthaobhacht. D’fhéadfadh
cláraitheoirí iad a thaifeadadh, mar shampla. Mar sin féin, má thrádáiltear iad
ar ionaid arna rialáil le Treoir 2004/39/CE (MiFID), ní mór iad a
thaifeadadh i dtaisclann lárnach urrús, d'fhonn leas a bhaint as an gcosaint do
chórais socraíochta urrús faoi Threoir 98/26/CE agus chun réiteach a éascú
idir urrúis arna dtaifeadadh, ar thaobh amháin, agus urrúis arna dtrádáil, ar
an taobh eile. Déantar foráil sa Rialachán atá beartaithe maidir le
hidirthréimhse atá sách fada, tréimhse a mhairfidh go dtí an 1 Eanáir 2018,
chun ligean d'oibreoirí margaidh ó na Ballstáit sin ina bhfuil méid suntasach
urrús páipéir in úsáid fós an beart sin a chomhlíonadh. Ar an dara dul síos, déantar comhchuibhiú ar
an tréimhse shocraíochta i gcomhair idirbheart urrús ar fud an AE trí bhíthin
Theideal II. San Eoraip socraítear an chuid is mó de na hidirbhearta urrús
dhá lá nó trí lá tar éis an lae trádála, rud a bhraitheann ar an margadh atá i
gceist. Déanfar an tréimhse shocraíochta a chomhchuibhiú agus a shocrú dhá lá
tar éis an lae trádála, cé go gceadófar tréimhsí socraíochta níos giorra. Ar an
tríú dul síos, déantar comhchuibhiú ar bhearta maidir le haraíonacht
socraíochta ar fud an AE trí bhíthin Theideal II. Bearta ex ante
atá iontu chun teipeanna socraíochta a chosc, agus bearta ex post le
déileáil le teipeanna socraíochta. Is é an príomhchuspóir teipeanna socraíochta
a laghdú agus aon iomaíocht a bhainfeadh ó na caighdeáin maidir le haraíonacht
socraíochta a ísliú, mar shampla idir margaí a bhféadfadh córais phionós
éagsúla a bheith i bhfeidhm acu. Téann na forálacha atá beartaithe thar
leibhéal na dtaisclann lárnach urrús agus is é an aidhm atá leo rannpháirtithe
sa mhargadh a dteipeann orthu urrúis a sheachadadh ar an dáta socraíochta atá
beartaithe a chur faoi réir nós imeachta comhchuibhithe ‘ceannach isteach’ a
d’fhéadfadh contrapháirtí lárnach a chur i bhfeidhm, i gcás idirbhirt atá
socraithe, nó a bheadh ar áireamh ar shlí eile i rialacha na n‑ionad
trádála féin. 3.3.3. Taisclanna lárnacha urrús (Teideal
III) Taisclanna lárnacha urrús a údarú agus a
mhaoirsiú (Caibidil I) Tá sainmhíniú tugtha cheana féin i
dTreoir 98/26/CE ar chórais socraíochta urrús mar shocruithe foirmiúla
trína gceadaítear aistrithe urrús idir rannpháirtithe éagsúla. Mar sin féin, ní
thugtar aghaidh sa Treoir sin ar na hinstitiúidí atá freagrach as na
córais sin a oibriú. I bhfianaise chastacht mhéadaitheach na gcóras sin agus na
rioscaí a bhaineann le socraíocht, tá sé riachtanach i gcás na n‑institiúidí
a oibríonn córais socraíochta urrús go dtabharfar sainmhíniú dlíthiúil orthu
agus go ndéanfar iad a údarú agus a mhaoirsiú de réir sraithe comhchaighdeán
stuamachta. Sainmhínítear taisclann lárnach urrús mar dhuine dlítheanach a
oibríonn córas socraíochta urrús mar aon le seirbhís lárnach amháin eile ar a
laghad (seirbhís ‘nótaire’ nó seirbhís cothabhála lárnaí). Ina theannta sin, ní
cheadófaí do thaisclanna lárnacha urrús ach seirbhísí 'coimhdeacha' áirithe a
chomhlíonadh, a bhaineann den chuid is mó leis na seirbhísí lárnacha. I gcás
ina mbeadh seirbhísí cánach san áireamh sna seirbhísí coimhdeacha sin, bheadh
ar na taisclanna lárnacha urrús a áirithiú go gcomhlíonann siad reachtaíocht
chánach an Bhallstáit lena mbaineann. I gcás nósanna imeachta siarchoinneála i
ndáil le faoiseamh cánach, bheadh ar na taisclanna lárnacha urrús aon cheanglas
a dhéanfadh an Ballstát is foinse do na híocaíochtaí sin atá faoi réir cánach
siarchoinneála a fhorchur ar idirghabhálaithe airgeadais a urramú d'fhonn iad a
údarú leis an bhfaoiseamh cánach siarchoinneála a chur i bhfeidhm agus leis an
bhfaoiseamh cánach siarchoinneála a éileamh ar son úinéirí tairbhiúla na n‑íocaíochtaí.
D'fhéadfadh go mbeadh oibleagáid orthu, sa chás sin, faisnéis faoi
infheisteoirí a thuairisciú go díreach chuig an mBallstát foinseach (i gcomaoin
faoiseamh a éileamh ó chánacha siarchoinneála ag an bhfoinse), agus d'fhéadfaí
an oibleagáid sin a chur ar aghaidh chuig an mBallstát ina bhfuil cónaí ar
úinéir tairbhiúil na n‑ionstraimí airgeadais. Ní mór taisclanna lárnacha urrús a bheith
údaraithe agus faoi mhaoirseacht ag údaráis inniúla náisiúnta na n‑áiteanna
sin ina bhfuil siad bunaithe. Mar sin féin, i bhfianaise na gné trasteorann dá
gcuid gníomhaíochta, gné atá ag méadú i gcónaí, bheadh sé riachtanach dul i
gcomhairle le húdaráis eile a bhaineann leis an gcóras socraíochta urrús nó
leis na córais socraíochta urrús a oibríonn an taisclann lárnach urrús agus a
bhaineann le grúpeintitis eile. Beidh ról tábhachtach ag ESMA maidir le
dréachtchaighdeáin theicniúla a fhorbairt chun an próiseas údaraithe a
chomhchuibhiú agus chun comhar idir údaráis a áirithiú. Leis an togra, deonaítear “pas” do thaisclanna
lárnacha urrús atá údaraithe chun seirbhísí a sholáthar san Aontas, trí
sheirbhís a sholáthar go díreach i mBallstát eile nó trí bhrainse a bhunú sa
Bhallstát sin. Is féidir rochtain a dheonú do thaisclann lárnach urrús ó thríú
thír má tá sí aitheanta ag ESMA. Ní féidir aitheantas den sórt sin a dheonú ach
amháin nuair atá deimhniú tugtha ag an gCoimisiún go bhfuil creat dlíthiúil
agus maoirseachta an tríú tír sin coibhéiseach le creat an Aontais agus go
ndéanann an tríú tír foráil maidir le haitheantas éifeachtach coibhéiseach a
thabhairt do chreat rialála agus maoirseachta an Aontais; go bhfuil an
taisclann lárnach urrús faoi réir údarú éifeachtach agus maoirseachta
éifeachtaí sa tríú tír sin; agus go bhfuil socruithe comhair curtha i bhfeidhm
idir ESMA agus údaráis an tríú tír sin. Ceanglais maidir le taisclanna lárnacha
urrús agus easaontacht dlíthe (Caibidil II agus Caibidil III) Ó tharla go bhfuil tábhacht shistéamach ag
baint le taisclanna lárnacha urrús agus go gcomhlíonann siad seirbhísí
ríthábhachtacha le haghaidh an mhargaidh urrús, ní mór dóibh a bheith faoi réir
caighdeán ard stuamachta d’fhonn a n‑inmharthanacht agus cosaint a
rannpháirtithe a áirithiú. Tá na ceanglais maidir le taisclanna lárnacha urrús
bailithe le chéile i gcatagóirí éagsúla i gCaibidil II: ceanglais eagraíochtúla
(Roinn 1), rialacha maidir le gnó a dhéanamh (Roinn 2), ceanglais maidir le
seirbhísí taisclann lárnach urrús (Roinn 3), ceanglais stuamachta (Roinn 4)
agus ceanglais maidir le naisc idir thaisclanna lárnacha urrús (Roinn 5). Ceanglaítear le Roinn 1 go mbeidh ag
taisclanna lárnacha urrús, socruithe stóinsithe rialachais, bainistíocht
shinsearach, bord agus scairshealbhóirí atá oiriúnach agus a bhfuil taithí acu,
agus ceanglaítear orthu coistí úsáideoirí a bhunú le haghaidh gach córais
socraíochta urrús a dhéanfaidh ionadaíocht ar eisitheoirí agus ar
rannpháirtithe. Má dhéantar seirbhísí nó gníomhaíochtaí a eisfhoinsiú níor
cheart go gcuirfí isteach ar fhreagracht taisclainne lárnaí urrús i leith
rannpháirtithe nó i leith eisitheoirí ná ar fheidhmiú na bhfeidhmeanna
maoirseachta agus faireacháin ag údaráis éagsúla. Meastar go mbeidh eisceacht
thábhachtach ann maidir le socruithe eisfhoinsithe le heintitis phoiblí, amhail
an tionscadal T2S arna oibriú ag Eurochóras, eintitis atá faoi rialú ag creat
tiomanta atá comhaontaithe ag na húdaráis inniúla. Tugtar isteach ceanglais thábhachtacha le
Roinn 2 go mbeidh critéir neamh‑idirdhealaitheacha agus thrédhearcacha
atá bunaithe i gcónaí ar rioscaí ag taisclanna lárnacha urrús maidir le
rannpháirtíocht i gcórais socraíochta urrús. Atreisítear na ceanglais sin leis
na forálacha maidir le rochtain atá leagtha síos i gCaibidil IV. Tugtar
prionsabail thábhachtacha isteach leis freisin maidir le trédhearcacht a
bhaineann le praghsanna a nochtadh go poiblí agus maidir le costais agus
ioncaim a nochtadh do na húdaráis inniúla de réir na seirbhíse a chuirtear ar fáil. Aithnítear in Airteagal 34 de Roinn 3, i
ndáil leis na ceanglais maidir le seirbhísí taisclann lárnach urrús, an ról
tábhachtach a bhíonn ag taisclanna lárnacha urrús ó thaobh sláine eisiúna urrús
a áirithiú agus áirítear inti oibleagáidí maidir le réiteach ionlae cuntas.
Maidir le leithscaradh cuntas ar mhaithe le sócmhainní rannpháirtithe a
chosaint, téann an togra thar na ceanglais dá bhforáiltear i
dTreoir 2004/39/CE (MiFID) agus ceanglaítear ar thaisclanna lárnacha urrús
cuntais gach rannpháirtí a leithscaradh ó chuntais na rannpháirtithe eile agus
a chur ar chumas rannpháirtithe cuntais na gcliant atá ag gach aon rannpháirtí
a leithscaradh. Maidir le socraíocht airgid, ceanglaítear leis an togra ar
thaisclanna lárnacha urrús cuntais na mbanc ceannais a shocrú aon uair is
praiticiúil agus nuair atá na cuntais sin ar fáil. Ceadaítear socraíocht airgid
i mbainc thráchtála, áfach, rud atá bunoscionn le roinnt cleachtas atá ann faoi
láthair, ach ní mór é a dhéanamh trí institiúid chreidmheasa ar leith a
ghníomhaíonn mar ghníomhaire socraíochta. Sna ceanglais stuamachta ar na taisclanna
lárnacha urrús féin i Roinn 4, tá forálacha tábhachtacha maidir le riosca
oibriúcháin a mhaolú. Ós rud é nach gceadófaí do thaisclanna lárnacha urrús
seirbhísí de chineál baincéireachta a chomhlíonadh go díreach, is é riosca
oibriúcháin an príomhriosca a bheidh le sárú ag taisclanna lárnacha urrús.
Áirítear ar na forálacha sin bearta iomchuí d’fhonn leanúnachas na n‑oibríochtaí,
lena n‑áirítear socraíocht, a áirithiú i gcónaí. Leagtar síos ceanglais
chaipitil freisin de réir costais oibriúcháin - ba cheart do thaisclanna
lárnacha urrús caipiteal, tuillimh choimeádta agus cúlchistí a choimeád ina
seilbh chun costais oibriúcháin sé mhí ar a laghad a chumhdach. Ós rud é go bhfuil taisclanna lárnacha urrús
ag éirí níos idirnasctha agus go meastar go gcuirfear dlús leis an bpróiseas
sin nuair a thiocfaidh T2S ar an bhfód, déantar foráil in Airteagal 45
maidir le ceanglais thábhachtacha stuamachta do thaisclanna lárnacha urrús nasctha,
lena n‑áirítear rialacha comhionanna a bhunú maidir le críochnaitheacht
socraíochta. Is é is aidhm do Chaibidil III cur leis an
deimhneacht dhlíthiúil d’idirbhearta urrús, trí riail easaontachta dlíthe a
mholadh maidir le gnéithe dílsithe i gcás urrús atá i seilbh taisclainne lárnaí
urrús. Rochtain ar thaisclanna lárnacha urrús
(Caibidil IV) Ar cheann de chuspóirí an tionscnaimh seo tá
an margadh a oscailt do sheirbhísí taisclainne lárnaí urrús agus deireadh a
chur le bacainní ar rochtain. Tugtar aghaidh i gCaibidil IV ar thrí chineál
rochtana: (a) idir eisitheoirí agus taisclanna lárnacha urrús, (b) idir
thaisclanna lárnacha urrús, agus (c) idir taisclanna lárnacha urrús agus
bonneagair eile mhargaidh. Ceanglaítear le dlí ar eisitheoirí in go leor
Ballstát cineálacha áirithe urrús a eisiúint, go háirithe scaireanna, sa
taisclann lárnach urrús náisiúnta. Tugtar isteach le hAirteagal 47 an
ceart d’eisitheoirí a n‑urrúis a thaifeadadh in aon taisclann lárnach
urrús atá údaraithe san Aontas mar aon leis an gceart do thaisclanna lárnacha
urrús seirbhísí a sholáthar le haghaidh urrús a bunaíodh faoi dhlí Ballstáit
eile. Tugtar urraim do shainiúlachtaí náisiúnta trína n‑aithint gur
cheart an ceart seo a bheith gan dochar don dlí corparáideach faoina mbunaítear
na hurrúis. Leagtar síos i Roinn 2 agus i Roinn 3 na
prionsabail maidir le rochtain. Ba cheart an ceart a bheith ag taisclann
lárnach urrús teacht chun bheith ina rannpháirtí i gcóras socraíochta urrús de
chuid taisclainne lárnaí urrús eile bunaithe ar phrionsabail neamh‑idirdhealaitheacha
atá bunaithe ar riosca. Ba cheart an ceart a bheith ag taisclann lárnach urrús
freisin, bunaithe ar na prionsabail chéanna, a iarraidh ar thaisclann lárnach
urrús eile feidhmeanna speisialta a fhorbairt, ar cheart iad a mhuirearú ar
bhonn ‘costas plus'. Mar an gcéanna, ba cheart an ceart a bheith ag taisclann
lárnach urrús fothaí idirbheart a fháil ó chontrapháirtithe lárnacha agus ó
ionaid trádála agus ba cheart rochtain a bheith ag na bonneagair sin ar chórais
socraíochta urrús arna n‑oibriú ag taisclanna lárnacha urrús. D’fhéadfaí
aon díospóidí idir na húdaráis inniúla ábhartha a chur faoi bhráid ESMA chun
iad a réiteach. 3.3.4. Institiúidí creidmheasa atá
ainmnithe le gníomhú mar ghníomhairí socraíochta (Teideal IV) Mar a thuairiscítear thuas, nuair nach mbíonn
sé praiticiúil socraíocht bainc cheannais a dhéanamh nó nuair nach mbíonn a
leithéid ar fáil, féadfaidh taisclanna lárnacha urrús socraíocht airgid bainc
thráchtála a thairiscint dá rannpháirtithe. Mar sin féin, níor cheart do
thaisclanna lárnacha urrús na seirbhísí baincéireachta atá coimhdeach le
socraíocht a chur ar fáil iad féin, ach ba cheart iad a bheith údaraithe ag a n‑údaráis
inniúla chun dhá institiúid chreidmheasa ar a laghad a ainmniú chun gníomhú mar
ghníomhaire socraíochta chun cuntais airgid a oscailt agus saoráidí creidmheasa
a dheonú d’fhonn socraíocht a éascú ach amháin má léiríonn na húdaráis inniúla,
bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil, nach bhfuil neamhchosaint institiúide
creidmheasa amháin ar chomhchruinniú na rioscaí creidmheasa agus leachtachta
maolaithe a dhóthain. Beart tábhachtach is ea an deighilt seo idir taisclanna
lárnacha urrús agus gníomhairí socraíochta chun aghaidh a thabhairt ar
shábháilteacht taisclann lárnach urrús agus í a mhéadú. Méadaíonn seirbhísí
baincéireachta atá coimhdeach le socraíocht na rioscaí a mbíonn taisclanna
lárnacha urrús neamhchosanta orthu agus dá bhrí sin, an dóchúlacht go mainneodh
taisclanna lárnacha urrús nó go mbeidís faoi strus an‑mhór. Cé go mbíonn na
seirbhísí baincéireachta á gcur ar fáil de ghnáth ag roinnt taisclann lárnach
urrús ar bhonn ionlae agus go mbíonn siad teoranta do na seirbhísí atá
coimhdeach le socraíocht, bíonn suimeanna suntasacha á láimhseáil, áfach, agus
dá mainneodh na taisclanna lárnacha urrús sin bheadh iarmhairtí diúltacha aige
sin ar na margaí urrús agus íocaíochtaí. Maidir leis an gceanglas chun
seirbhísí baincéireachta a chur ar fáil in eintiteas dlíthiúil ar leith seachas
an ceann a sholáthraíonn na seirbhísí lárnacha taisclainne lárnaí urrús,
cuirfidh sé sin cosc ar rioscaí a aistriú ó na seirbhísí baincéireachta chuig
soláthar seirbhísí lárnacha taisclainne lárnaí urrús, go háirithe i gcás
dócmhainneachta nó struis an‑mhór de thoradh na seirbhísí baincéireachta.
Leis an gceanglas sin tabharfar roghanna breise freisin do thaisclanna lárnacha
urrús agus d’údaráis phoiblí le teacht ar réitigh iomchuí i gcás mainneachtana
an ghníomhaire socraíochta a sholáthraíonn seirbhísí baincéireachta. Maidir
leis na taisclanna lárnacha urrús a chuireann seirbhísí baincéireachta ar fáil
faoi láthair, is iad na costais dlí atá i gceist chun eintiteas dlíthiúil ar
leith a cheapadh chun seirbhísí baincéireachta a sholáthar na príomhchostais a
bhaineann leis an mbeart sin, cé nach mbeadh ar thaisclanna lárnacha urrús a
bheidh toilteanach na seirbhísí sin a fhorbairt sa todhchaí costais shuntasacha
incriminteacha a thabhú chun eintiteas dlíthiúil ar leith a bhunú. Níl aon
roghanna eile ann nach bhfuil chomh dian le leithscaradh na seirbhísí baincéireachta,
a chuirfeadh deireadh go hiomlán leis an mbaol go dtarchuirfí rioscaí ó na
seirbhísí baincéireachta chuig seirbhísí lárnacha taisclainne lárnaí urrús. Chun na héifeachtúlachtaí, ar toradh iad ar
sheirbhísí taisclainne lárnaí urrús agus ar sheirbhísí baincéireachta a
sholáthar laistigh den ghrúpa gnóthas céanna, a shocrú, níor cheart go
gcuirfeadh an ceanglas maidir le seirbhísí baincéireachta a bheith á ndéanamh
ag institiúid chreidmheasa ar leithligh cosc leis an institiúid chreidmheasa
sin a bheith sa ghrúpa céanna gnóthas leis an taisclann lárnach urrús. Mar sin
féin, má sholáthraítear na seirbhísí taisclainne lárnaí urrús agus na seirbhísí
baincéireachta araon laistigh den ghrúpa céanna gnóthas, ba cheart
gníomhaíochtaí na hinstitiúide creidmheasa a sholáthraíonn seirbhísí
baincéireachta a theorannú do sholáthar seirbhísí baincéireachta atá coimhdeach
le socraíocht. Tá an teorainn sin dírithe ar phróifíl riosca fhoriomlán an
ghrúpa a laghdú de bharr institiúid chreidmheasa a bheith sa ghrúpa sin. Ba cheart go mbeadh an t‑údarás
inniúil in ann a léiriú ar bhonn gach cáis ar leith nuair nach ann do riosca
sistéamach arna thabhú trí sheirbhísí taisclainne lárnaí urrús agus seirbhísí
baincéireachta araon a bheith á soláthar ag an eintiteas dlíthiúil céanna. Sa
chás sin, d'fhéadfaí iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin
Eorpaigh a d'fhéadfadh an maolú a údarú. Pé ar bith, ba cheart gníomhaíochtaí
taisclainne lárnaí urrús arna ceadúnú mar institiúid chreidmheasa a theorannú
do sholáthar seirbhísí baincéireachta atá coimhdeach le socraíocht. Ba cheart an institiúid chreidmheasa atá ag
gníomhú di mar ghníomhaire socraíochta a údarú faoi Threoir 2006/48/CE maidir
le gabháil le gnó institiúidí creidmheasa agus lena shaothrú[4]. Mar sin féin, ós rud é gur
cheart córas nó córais socraíochta urrús arna n‑oibriú ag taisclanna
lárnacha urrús a chosaint a mhéad is féidir ar aon rioscaí a d'fhéadfadh
gníomhairí socraíochta a chur faoi deara, ba cheart do na gníomhairí sin
ceanglais bhreise a chomhlíonadh chun rioscaí creidmheasa agus leachtachta a
mhaolú i ndáil le gach córas socraíochta urrús a ndéanann siad freastal orthu. De bhrí nach dtugtar aghaidh go sonrach le
Treoir 2006/48/CE ar rioscaí creidmheasa agus leachtachta ionlae a thig as
soláthar seirbhísí baincéireachta atá coimhdeach le socraíocht, ba cheart
institiúidí creidmheasa a bheith faoi réir ag ceanglais shonracha fheabhsaithe
maidir le maolú rioscaí creidmheasa agus leachtachta agus ba cheart feidhm a
bheith ag na ceanglais sin maidir le gach córas socraíochta urrús a
ghníomhaíonn siad mar ghníomhairí socraíochta ina leith. Tá na ceanglais atá
beartaithe le haghaidh na ngníomhairí socraíochta bunaithe ar chaighdeáin
idirnáisiúnta CPSS‑IOSCO maidir le bonneagair sa mhargadh airgeadais agus
ar chleachtais reatha an mhargaidh. Áirítear orthu soláthar urrúis
chomhthaobhaigh iomlán maidir le neamhchosaintí creidmheasa, faireachán a
dhéanamh ar leachtacht ionlae agus an riosca leachtachta a ghintear trí
mhainneachtain an dá rannpháirtí is mó agus teorainneacha comhchruinnithe le
soláthraithe leachtachta á gcur san áireamh. 3.3.5. Smachtbhannaí (Teideal V) Tá athbhreithniú ar na cumhachtaí
smachtbhannaí reatha agus ar chur i bhfeidhm praiticiúil na gcumhachtaí sin,
atá dírithe ar chóineasú smachtbhannaí ar feadh réimse na ngníomhaíochtaí
maoirseachta a chur chun cinn, déanta sa Teachtaireacht ón gCoimisiún
‘Smachtbhannaí in earnáil na seirbhísí airgeadais a athneartú’[5]. I measúnú a rinneadh ar na
córais náisiúnta atá i bhfeidhm, mar shampla, léiríodh go bhfuil an‑éagsúlacht
ann idir leibhéil na smachtbhannaí airgid i measc na mBallstát, nach bhfuil
cumhachtaí tábhachtacha áirithe smachtbhannaí ar fáil do roinnt údarás inniúil
agus nach féidir le roinnt údarás inniúil smachtbhannaí a chur ar dhaoine nádúrtha
dlítheanacha. Mar thoradh air sin, molann an Coimisiún anois gur cheart do na
Ballstáit foráil a dhéanamh chun gur féidir smachtbhannaí agus bearta
riaracháin iomchuí a chur i bhfeidhm maidir le sáruithe ar an Rialachán. Chuige
sin, ba cheart tacar íosta smachtbhannaí agus beart riaracháin a bheith ar fáil
do na húdaráis inniúla, lena n‑áirítear údarú a tharraingt siar,
foláirimh phoiblí, lucht bainistíochta a chur as oifig, aisíoc brabús a
fuarthas ó sháruithe ar an Rialachán seo i gcásanna inar féidir iad sin a
chinneadh, agus fíneálacha riaracháin. Níor cheart uasleibhéal na bhfíneálacha
riaracháin a bheith níos ísle ná an leibhéal dá bhforáiltear leis an Rialachán
- 10% den láimhdeachas bliantúil de chuid eintitis dhlíthiúil nó cúig mhilliún
Euro nó 10% d’ioncam bliantúil duine nádúrtha. Agus cineál agus leibhéal na
smachtbhannaí á chinneadh, ba cheart do na húdaráis inniúla a chur san áireamh
roinnt critéar atá leagtha síos sa Rialachán, lena n‑áirítear méid agus
láidreacht airgeadais an duine atá freagrach, tionchar an tsáraithe agus iompar
comhoibritheach an duine atá freagrach. Ní chuirfidh an Rialachán atá
beartaithe cosc ar Bhallstáit aonair caighdeáin níos airde a shocrú. 3.3.6. Comhlíonadh Airteagal 290
agus Airteagal 291 den CFAE An 23 Meán Fómhair 2009, ghlac an
Coimisiún tograí le haghaidh Rialachán lenar bunaíodh an tÚdarás Baincéireachta
Eorpach (ÚBE), an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme (ÚEÁPG) agus
an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA). Ina thaobh sin is mian leis an
gCoimisiún na Ráitis i ndáil le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291
den CFAE a lua, ar ráitis iad a rinne sé agus na Rialacháin lenar bunaíodh na
hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha á nglacadh. De réir na ráiteas sin:
"Maidir leis an bpróiseas chun caighdeáin rialála a ghlacadh, tugann an
Coimisiún le fios go láidir go bhfuil carachtar uathúil ag earnáil na seirbhísí
airgeadais, atá ag eascairt as struchtúr Lamfalussy agus a dtugtar aitheantas
dó go sainráite i nDearbhú 39 a ghabhann leis an CFAE. Mar sin féin, tá an‑amhras
go deo ar an gCoimisiún an bhfuil na srianta atá ar a ról, agus gníomhartha
tarmligthe agus bearta cur chun feidhme á nglacadh aige, ag teacht le hAirteagal 290
agus Airteagal 291 den CFAE." 4. Impleachtaí buiséadacha Tá
impleachtaí ag baint leis an togra i ndáil le buiséad an Aontais Eorpaigh,
maidir leis na cúraimí a leithdháiltear ar ESMA, mar atá sonraithe sna ráitis
airgeadais reachtacha a ghabhann leis an togra seo. 2012/0029 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach
a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[6], Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais
Eorpach[7], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Cuireann taisclanna lárnacha
urrús, i dteannta contrapháirtithe lárnacha, go mór le cothabháil bonneagar
iarthrádála a chosnaíonn margaí airgeadais agus a thugann muinín do
rannpháirtithe sa mhargadh go bhfuil idirbhearta urrús á ndéanamh i gceart agus
ar bhealach tráthúil, lena n‑áirítear le linn tréimhsí nuair a bhíonn an‑strus
ann. (2) Mar gheall ar a suíomh ag
deireadh an phróisis socraíochta, tá tábhacht shistéamach ó thaobh feidhmiú
margaí urrús ag baint leis na córais socraíochta urrús arna n‑oibriú ag
taisclanna lárnacha urrús. Ós rud é go bhfuil siad suite ag deireadh shlabhra
an tsealbhaithe urrús trína dtuairiscíonn a rannpháirtithe na hurrúis atá i
seilbh na n‑infheisteoirí, is uirlis ríthábhachtach iad na córais
socraíochta urrús arna n‑oibriú ag taisclanna lárnacha urrús chun sláine
na heisiúna a rialú, agus imríonn siad ról tábhachtach ó thaobh muinín
infheisteoirí a chothú. Ina theannta sin, bíonn dlúthbhaint ag córais
socraíochta urrús arna n‑oibriú ag taisclanna lárnacha urrús le soláthar
urrúis chomhthaobhaigh na n‑oibríochtaí beartais airgeadaíochta agus leis
an bpróiseas maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh idir institiúidí
creidmheasa, agus is gníomhaithe tábhachtacha iad dá bhrí sin sna margaí
comhthaobhachta. (3) Cé gur laghdaíodh le
Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998
maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta
urrús[8]
an cur isteach ar chóras socraíochta urrús de dheasca imeachtaí dócmhainneachta
in aghaidh rannpháirtí sa chóras sin, is gá dul i ngleic le rioscaí eile atá le
sárú ag córais socraíochta urrús, agus leis an riosca dócmhainneachta nó
bristeachta i bhfeidhmiú na dtaisclann lárnach urrús a oibríonn córais
socraíochta urrús. Tá roinnt taisclann lárnach urrús faoi réir rioscaí
creidmheasa agus leachtachta a eascraíonn ó sholáthar seirbhísí baincéireachta
atá coimhdeach i ndáil le socraíocht. (4) Tá méadú ar an líon
socraíochtaí trasteorann mar iarmhairt ar fhorbairt chomhaontuithe naisc idir
thaisclanna lárnacha urrús, rud a ardaíonn ceist maidir le stóinseacht na
dtaisclann lárnach urrús, in éagmais comhrialacha stuamachta, le linn
allmhairiú na rioscaí a bhaineann do thaisclanna lárnacha urrús ó Bhallstáit
eile. Ina theannta sin, in ainneoin an mhéadaithe i socraíochtaí trasteorann,
tá na margaí socraíochta san Aontas fós ilroinnte agus tá socraíocht
trasteorann níos costasaí, i ngeall ar rialacha náisiúnta éagsúla lena
rialaítear socraíocht agus gníomhaíochtaí na dtaisclann lárnach urrús agus ar
iomaíocht theoranta idir thaisclanna lárnacha urrús. Cruthaítear bac agus
costais bhreise agus rioscaí breise i leith socraíochtaí trasteorann de bharr
na hilroinnte sin. In éagmais oibleagáidí comhionanna le haghaidh oibreoirí
margaidh agus comhchaighdeán stuamachta i gcomhair taisclann lárnach urrús,
beidh tionchar diúltach díreach ag bearta éagsúla arna nglacadh ar an leibhéal
náisiúnta ar shábháilteacht, ar éifeachtúlacht agus ar iomaíocht sna margaí
socraíochta san Aontas. Is gá na bacainní suntasacha sin maidir le feidhmiú an
mhargaidh inmheánaigh a bhaint, saobhadh ar an iomaíocht a sheachaint agus cosc
a chur ar bhacainní agus ar shaobhadh den chineál sin sa todhchaí. Dá réir sin,
is é an bunús dlí iomchuí don Rialachán seo Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, arna
léiriú i gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais
Eorpaigh. (5) Is gá roinnt oibleagáidí
aonfhoirmeacha a leagan síos i Rialachán a bheidh le cur i bhfeidhm ar
rannpháirtithe sa mhargadh maidir le gnéithe áirithe den araíonacht agus den
timthriall socraíochta agus sraith ceanglas coiteann a sholáthar i gcomhair
taisclann lárnach urrús a bhfuil córais socraíochta urrús á n‑oibriú acu.
Ba cheart go n‑áiritheofaí i rialacha atá infheidhme go díreach de chuid
Rialacháin go bhfuil gach oibreoir margaidh agus taisclann lárnach urrús faoi
réir oibleagáidí agus rialacha comhionanna atá infheidhme go díreach. Ba cheart
go méadófaí sábháilteacht agus éifeachtúlacht socraíochta san Aontas de thoradh
ar Rialachán, trí chosc a chur ar rialacha éagsúla náisiúnta de thoradh ar
threoir a thrasuíomh. Ba cheart an chastacht rialála d’oibreoirí margaidh agus
do thaisclanna lárnacha urrús ag eascairt ó rialacha náisiúnta éagsúla a laghdú
trí bhíthin Rialacháin agus ba cheart a chur ar chumas taisclann lárnach urrús
a gcuid seirbhísí a sholáthar ar bhonn trasteorann gan dualgas a bheith orthu
sraitheanna éagsúla ceanglas náisiúnta, amhail na ceanglais sin maidir le
húdarú, maoirseacht, eagrúchán nó rioscaí taisclann lárnach urrús a
chomhlíonadh. Ba cheart do Rialachán lena gcuirtear ceanglais chomhionanna ar
thaisclanna lárnacha urrús rannchuidiú freisin le deireadh a chur le saobhadh
iomaíochta. (6) An 20 Deireadh Fómhair 2010,
d’iarr an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais (FSB) [9]
go gcuirfí bonneagair lárnacha níos stóinsithe ar fáil sa mhargadh agus d'iarr
sé go n‑athbhreithneofaí agus go bhfeabhsófaí na caighdeáin reatha. Tá an
Coiste ar Chórais Íocaíochta agus Socraíochta den Bhanc le haghaidh
Socraíochtaí Idirnáisiúnta (BSI) agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin
Urrús ag cur dréachtchaighdeáin dhomhanda i gcrích. Tiocfaidh na
dréachtchaighdeáin sin in ionad mholtaí an BSI ó 2001, moltaí a rinne an Córas
Eorpach Banc Ceannais (CEBC) agus Coiste na Rialtóirí um Urrúis Eorpacha (CESR)
oiriúnú orthu trí bhíthin treoirlínte neamhcheangailteacha ar leibhéal na
hEorpa in 2009. (7) Ina conclúidí an 2 Nollaig 2008[10], leag an Chomhairle béim ar an
ngá atá le sábháilteacht agus le hiontaofacht na gcóras socraíochta urrús a
neartú agus dul i ngleic le bacainní dlí ar iarthrádáil san Aontas. (8) Ceann de na cúraimí bunúsacha
atá ar an CEBC is ea oibriú rianúil na gcóras íocaíochta a chur chun cinn.
Maidir leis sin, déanann comhaltaí an CEBC maoirseacht trína áirithiú go bhfuil
córais éifeachtúla fónta imréitigh agus íocaíochta ann. Is minic a fheidhmíonn
comhaltaí an CEBC mar ghníomhairí socraíochta don ghné airgid de na
hidirbhearta urrús. Is cliaint thábhachtacha iad freisin de thaisclanna
lárnacha urrús, a bhainistíonn soláthar urrúis chomhthaobhaigh ar oibríochtaí
beartais airgeadaíochta go minic. Ba cheart dlúthbhaint a bheith ag comhaltaí
an CEBC trí bhíthin dul i gcomhairle leo maidir le húdarú agus maoirseacht na
dtaisclann lárnach urrús, aithint taisclann lárnach urrús tríú tíortha agus
formheas nasc idir thaisclanna lárnacha urrús. Ba cheart dlúthbhaint a bheith
acu freisin trí bhíthin dul i gcomhairle leo maidir le leagan síos caighdeán
teicniúil cur chun feidhme agus rialála mar aon le treoirlínte agus moltaí. Ba
cheart 'forálacha an Rialacháin seo a bheith gan dochar do na freagrachtaí
atá ar an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) agus ar na bainc cheannais náisiúnta as
córais éifeachtúla fónta imréitigh agus íocaíochta a áirithiú laistigh den
Aontas agus de thíortha eile. (9) Féadfaidh bainc cheannais na
mBallstát nó aon chomhlachtaí eile a chomhlíonann feidhmeanna cosúla i
mBallstáit áirithe, amhail comhlachtaí náisiúnta na mBallstát a bhfuil sé de
chúram orthu an fiachas poiblí a bhainistiú nó idiragairt ann, roinnt seirbhísí
a sholáthar lena gcáileofaí iad mar thaisclann lárnach urrús. Ba cheart do na
hinstitiúidí sin a bheith díolmhaithe ó na ceanglais údaraithe agus
mhaoirseachta, ach ba cheart dóibh a bheith faoi réir shraith iomlán na
gceanglas stuamachta le haghaidh taisclann lárnach urrús. Ós rud é go
bhfeidhmíonn bainc cheannais mar ghníomhairí socraíochta chun críche
socraíochta, ba cheart go mbeidís díolmhaithe ó na ceanglais atá leagtha amach
i dTeideal IV den Rialachán seo. (10) Ba cheart feidhm a bheith ag
an Rialachán seo maidir le socraíocht idirbheart in ionstraimí airgeadais agus
i ngníomhaíochtaí uile na dtaisclann lárnach urrús mura sonraítear a mhalairt.
Ina theannta sin, ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do
reachtaíocht eile de chuid an Aontais maidir le hionstraimí airgeadais sonracha
amhail Treoir 2003/87/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón
gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le
trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den
Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle[11] agus bearta arna nglacadh i
gcomhréir leis an Treoir sin. (11) Tá taifeadadh na n‑urrús
i bhfoirm cuntais reatha ina chéim thábhachtach d’fhonn éifeachtúlacht na
socraíochta a mhéadú agus d'fhonn sláine eisiúna urrús a áirithiú, go háirithe
i gcomhthéacs ina bhfuil castacht na modhanna sealbhaithe agus aistrithe ag dul
i méid i gcónaí. Ar mhaithe le sábháilteacht, déantar foráil sa Rialachán seo i
gcomhair taifeadadh i bhfoirm cuntais reatha a dhéanamh ar gach urrús
inaistrithe. Níor cheart go bhforchuirfí modh amháin ar leith don taifeadadh
tosaigh i gcuntais reatha leis an Rialachán seo. D’fhéadfadh an taifeadadh sin
a bheith i bhfoirm díluailithe trí nóta domhanda a eisiúint nó trí dhí‑ábharú
láithreach. Níor cheart go bhforchuirfí an cineál institiúide ar cheart di
taifeadadh a dhéanamh ar urrúis i bhfoirm cuntais reatha ar a n‑eisiúint
leis an Rialachán seo, agus ceadaítear do ghníomhaithe éagsúla, lena n‑áirítear
cláraitheoirí, an fheidhm sin a chomhlíonadh. Mar sin féin, nuair a dhéantar na
urrúis sin a thrádáil ar ionaid trádála arna rialú le Treoir 2004/39/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le
margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 85/611/CEE agus
Treoir 93/6/CEE ón gComhairle agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 93/22/CEE
ón gComhairle[12]
nó nuair a sholáthraítear mar chomhthaobhacht iad faoi choinníollacha
Threoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002
maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais[13], ba cheart na hurrúis sin a
thaifeadadh i gcóras cuntais reatha taisclainne lárnaí urrús d’fhonn a
áirithiú, inter alia, go bhféadfaí gach urrús dá leithéid a shocrú i gcóras
socraíochta urrús. (12) Chun sábháilteacht socraíochta
a áirithiú, aon rannpháirtí i gcóras socraíochta urrús a cheannaíonn nó a
dhíolann ionstraimí airgeadais áirithe, mar atá urrúis inaistrithe, ionstraimí
margadh airgid, aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta agus lamháltais astaíochta,
ba cheart dó a oibleagáid a shocrú ar an dáta socraíochta a bheidh beartaithe. (13) Baineann éiginnteacht agus
riosca méadaithe do rannpháirtithe i gcórais socraíochta urrús le tréimhsí
socraíochta níos faide d’idirbhearta in urrúis inaistrithe. Cuireann faid
tréimhse éagsúla do thréimhsí socraíochta i measc na mBallstát éagsúil isteach
ar réiteach, agus is foinse earráidí a bhíonn iontu d’eisitheoirí,
d’infheisteoirí agus d’idirghabhálaithe araon. Dá bhrí sin, is gá tréimhse
shocraíochta choiteann a sholáthar lena n‑éascófaí aithint an dáta
socraíochta atá beartaithe agus cur chun feidhme beart araíonachta socraíochta.
Ba cheart an dáta socraíochta beartaithe d'idirbhearta urrús inaistrithe a
ligtear isteach chun a dtrádála ar ionaid trádála arna rialú le
Treoir 2004/39/CE a bheith tráth nach déanaí ná an dara lá gnó tar éis lá
na trádála. (14) Ba cheart do thaisclanna
lárnacha urrús agus do bhonneagair eile mhargaidh bearta a dhéanamh chun
teipeanna socraíochta a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu. Tá sé riachtanach
go gcuirfí na rialacha sin i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus go díreach san
Aontas. Go háirithe, ba cheart a cheangal ar thaisclanna lárnacha urrús agus ar
bhonneagair eile mhargaidh nósanna imeachta a chur i bhfeidhm lena gcuirfear ar
a gcumas bearta iomchuí a ghlacadh chun aon rannpháirtí a bhíonn mar chúis le
teipeanna socraíochta go córasach a chur ar fionraí agus a chéannacht a
nochtadh don phobal, ar choinníoll go mbeadh an deis ag an rannpháirtí sin
barúlacha a sheoladh isteach sula ndéanfaí cinneadh den chineál sin. (15) Ceann de na bealaí is
éifeachtúla chun dul i ngleic le teipeanna socraíochta is ea ceangal ar
rannpháirtithe i mbun teipe a bheith faoi réir ceannach isteach, inar gá na
hurrúis ar cheart a sheachadadh a cheannach sa mhargadh tar éis an dáta
socraíochta atá beartaithe agus a sheachadadh ar an rannpháirtí is faighteoir.
Ba cheart go ndéanfaí foráil sa Rialachán seo i gcomhair rialacha
aonfhoirmeacha maidir le gnéithe áirithe den idirbheart ceannach isteach i
gcomhair gach urrúis inaistrithe, ionstraime margaidh airgid, aonaid i
ngnóthais chomhinfheistíochta agus lamháltais astaíochta, amhail uainiú,
tréimhse fógra, praghsáil agus pionóis. (16) Ós rud é gurb é príomhchuspóir
an Rialacháin seo roinnt oibleagáidí dlíthiúla a thabhairt isteach a
fhorchuirfear go díreach ar oibreoirí margaidh, oibleagáidí arb é a bheidh
iontu, inter alia, taifeadadh gach urrúis inaistrithe i bhfoirm cuntais reatha
i dtaisclann lárnach urrús i gcás ina ndéantar na hurrúis sin a thrádáil ar ionaid
trádála arna rialú le Treoir 2004/39/CE nó a sholáthar mar chomhthaobhacht
faoi choinníollacha Treoir 2002/47/CE agus i socrú a n‑oibleagáidí
tráth nach déanaí ná an dara lá gnó tar éis lá na trádála agus ós rud é go
bhfuil taisclanna lárnacha urrús freagrach as oibriú na gcóras socraíochta
urrús agus as cur i bhfeidhm na mbeart chun socraíocht a chur ar fáil go
tráthúil san Aontas, tá sé riachtanach a áirithiú go bhfuil gach taisclann
lárnach urrús slán agus fónta agus go gcomhlíonann siad go léir na ceanglais
dhiana maidir le heagrúchán, maidir le stuamacht agus maidir le gnó a dhéanamh
arna mbunú leis an Rialachán seo i gcónaí. Dá bhrí sin, tá rialacha
aonfhoirmeacha atá infheidhme go díreach maidir le húdarú agus maoirseacht
leanúnach taisclann lárnach urrús mar atoradh bunriachtanach na n‑oibleagáidí
dlíthiúla a fhorchuirtear ar rannpháirtithe an mhargaidh leis an Rialachán seo,
agus tá baint acu le chéile. Tá sé riachtanach mar sin na rialacha maidir le
húdarú agus maoirseacht taisclann lárnach urrús a chur ar áireamh san ionstraim
chéanna leis na hoibleagáidí dlíthiúla a fhorchuirtear ar rannpháirtithe an
mhargaidh. (17) Ag cuimhneamh gur cheart do
thaisclanna lárnacha urrús a bheith faoi réir sraith ceanglas coiteann agus
d’fhonn na bacainní reatha ar shocraíocht thrasteorann a dhíchur, ba cheart
saoirse a bheith ag aon taisclann lárnach urrús a seirbhísí a sholáthar
laistigh de chríocha an Aontais trí bhrainse a bhunú nó trí sholáthar díreach
seirbhísí. (18) Laistigh de mhargadh
socraíochta Aontais gan teorainneacha, is gá sainiú a dhéanamh ar inniúlachtaí
na n‑údarás éagsúil a bhfuil baint acu le chur i bhfeidhm an Rialacháin
seo. Ba cheart do na Ballstáit na húdaráis inniúla atá freagrach as cur i
bhfeidhm an Rialacháin seo a ainmniú go sonrach, agus ba cheart na cumhachtaí
maoirseachta agus imscrúdaithe is gá a thabhairt dóibh chun a gcuid feidhmeanna
a fheidhmiú. Ba cheart do thaisclann lárnach urrús a bheith faoi réir údarú
agus mhaoirseacht an údaráis san áit ina bhfuil sí bunaithe, údarás atá i gcaoi
mhaith chun féachaint ar an gcaoi a bhfeidhmíonn taisclanna lárnacha urrús ar
bhonn laethúil, athbhreithnithe rialta a dhéanamh, agus gníomhaíocht iomchuí a
dhéanamh nuair is gá, agus ba cheart cumhacht a thabhairt dó chun na nithe sin
a dhéanamh. Ba cheart don údarás sin, áfach, dul i gcomhairle agus comhoibriú
le húdaráis iomchuí eile a luaithe is féidir. Áirítear ar na húdaráis sin na
húdaráis atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar gach córas socraíochta urrús
arna oibriú ag an dtaisclann lárnach urrús agus, nuair is infheidhme, na bainc
cheannais iomchuí a ghníomhaíonn mar ghníomhaire socraíochta do gach córas
socraíochta urrús agus freisin, nuair is infheidhme, údaráis inniúla
grúpeintiteas eile. Tugtar le tuiscint leis an gcomhar sin freisin go gcuirfear
na húdaráis lena mbaineann ar an eolas láithreach i gcás aon staide éigeandála
a dhéanfaidh difear do leachtacht agus do chobhsaíocht an chórais airgeadais in
aon cheann de na Ballstáit ina bhfuil an taisclann lárnach urrús nó a rannpháirtithe
bunaithe. Aon uair a sholáthraíonn taisclann lárnach urrús a seirbhísí i
mBallstát eile seachas an ceann ina bhfuil sí bunaithe, bíodh is gur trí
bhrainse a bhunú nó trí sholáthar díreach seirbhísí a ndéantar é, is é údarás
inniúil na háite ina bhfuil sí bunaithe atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh
ar an taisclann lárnach urrús sin go príomha. (19) Ní mór d’aon duine dlítheanach
a thagann faoin sainmhíniú ar thaisclann lárnach urrús a bheith údaraithe ag na
húdaráis inniúla náisiúnta sula rachaidh sé i mbun gnímh. Ag féachaint do
shamhlacha gnó éagsúla a chur san áireamh, ba cheart taisclann lárnach urrús a
shainmhíniú trí thagairt do sheirbhísí lárnacha áirithe, arb éard atá i gceist
leo socraíocht, lena dtugtar oibriú córais socraíochta urrús le tuiscint,
seirbhísí nótaire agus seirbhísí cothabhála do chuntais urrús lárnacha. Ba
cheart do thaisclann lárnach urrús córas socraíochta urrús a oibriú agus
seirbhís lárnach amháin eile a sholáthar ar a laghad. Dá bhrí sin, ba cheart go
n‑eiseofaí faoin sainmhíniú sin eintitis nach bhfuil córais socraíochta
urrús á n‑oibriú acu amhail cláraitheoirí nó údaráis phoiblí agus
comhlachtaí atá i bhfeighil córais chláraithe arna bhunú faoi Threoir
2003/87/CE. Tá an meascán sin bunriachtanach do thaisclanna lárnacha urrús chun
a ról sa tsocraíocht urrús a chur i gcrích agus chun sláine eisiúna urrús a
áirithiú. (20) Ionas nach nglacfaidh na
taisclanna lárnacha urrús aon riosca in aon ghníomhaíochtaí eile seachas na
cinn sin atá faoi réir údaraithe faoin Rialachán seo, ba cheart gníomhaíochtaí
na dtaisclann lárnach urrús a bheith teoranta do sholáthar seirbhísí atá
cumhdaithe faoina n‑údarú agus níor cheart dóibh aon rannpháirtíocht a
shealbhú, mar atá sainmhínithe sa Rialachán trí thagairt don Cheathrú
Treoir 78/660/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1978 atá bunaithe ar Airteagal 54(3)(g)
den Chonradh ar chuntais bhliantúla cineálacha áirithe cuideachtaí[14], nó níor cheart aon
úinéireacht, dhíreach nó indíreach, a bheith acu ar 20 % nó níos mó de na
cearta vótála nó den chaipiteal in aon institiúid seachas na cinn ina gcuirtear
seirbhísí cosúla ar fáil. (21) Chun sábháilteacht i
bhfeidhmiú na gcóras socraíochta urrús a áirithiú, níor cheart ach do
thaisclanna lárnacha urrús faoi réir na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán
seo nó do bhainc cheannais na córais sin a oibriú. (22) Gan dochar do cheanglais
shonracha na reachtaíochta cánach sna Ballstáit, ba cheart na taisclanna
lárnacha urrús a údarú chun seirbhísí atá coimhdeach lena seirbhísí lárnacha a
sholáthar, lena rannchuideofar le sábháilteacht, éifeachtúlacht agus
trédhearcacht na margaí urrús. I gcás ina mbaineann soláthar na seirbhísí sin
le nósanna imeachta siarchoinneála, leanfar á dhéanamh i gcomhréir le
reachtaíocht na mBallstát lena mbaineann. (23) I gcás taisclainne lárnaí
urrús a bhfuil sé ar intinn aici seirbhís lárnach a eisfhoinsiú chuig tríú
páirtí nó seirbhís nua lárnach nó choimhdeach a sholáthar, córas socraíochta
urrús eile a oibriú, banc ceannais eile a úsáid mar ghníomhaire socraíochta nó
nasc nua idir thaisclanna lárnacha urrús a bhunú, ba cheart di iarratas a
dhéanamh ar údarú tríd an nós imeachta céanna is a theastaíonn i gcás údaraithe
tosaigh a leanúint, seachas gur cheart don údarás inniúil an taisclann lárnach
urrús is iarratasóir a chur ar an eolas laistigh de thrí mhí ar deonaíodh an t‑údarú
nó ar diúltaíodh dó. (24) Féadfaidh taisclanna lárnacha
urrús arna mbunú i dtríú tíortha a seirbhísí a thairiscint, trí bhíthin brainse
nó trí sholáthar díreach na seirbhísí, d’eisitheoirí agus do rannpháirtithe atá
bunaithe san Aontas maidir lena ngníomhaíochtaí ansin, agus féadfaidh siad
naisc idir‑inoibritheachta a bhunú le taisclanna lárnacha urrús atá
bunaithe san Aontas faoi réir aitheantais ó ESMA. I bhfianaise nádúr domhanda
na margaí airgeadais, is é ESMA is fearr atá ábalta aitheantas a thabhairt do
thaisclanna lárnacha urrús tríú tíortha. Ní fhéadfaidh ESMA aitheantas a
thabhairt do thaisclanna lárnacha urrús tríú tíortha ach amháin má chinneann an
Coimisiún go bhfuil siad faoi réir creata maoirseachta agus dlí atá
coibhéiseach leis an gceann arna soláthar sa Rialachán seo, má tá siad
údaraithe agus maoirsithe go héifeachtúil ina dtír féin agus má tá socruithe
comhair bunaithe idir ESMA agus údaráis inniúla na dtaisclann lárnach urrús. Tá
aitheantas ó ESMA faoi réir aitheantais choibhéisigh éifeachtaigh den chreat
stuamachta is infheidhme maidir le taisclanna lárnacha urrús atá bunaithe san
Aontas agus atá údaraithe faoin Rialachán seo. (25) I bhfianaise nádúr domhanda na
margaí airgeadais agus thábhacht shistéamach na dtaisclann lárnach urrús, is gá
cóineasú idirnáisiúnta na gceanglas stuamachta a bhfuil siad faoina réir a
áirithiú. Ba cheart d’fhorálacha an Rialacháin seo cloí leis na moltaí reatha
arna bhforbairt ag CPSS‑IOSCO agus ag CEBC‑CESR. Ba cheart do ESMA
na caighdeáin reatha agus an fhorbairt a dhéanfar orthu amach anseo a chur san
áireamh le linn dó na caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme,
mar aon leis na treoirlínte agus na moltaí atá ina gceangal sa Rialachán seo, a
tharraingt suas nó moltaí a dhéanamh maidir lena leasú. (26) Ag féachaint do chastacht agus
do nádúr sistéamach na dtaisclann lárnach urrús agus na seirbhísí arna soláthar
acu, ba cheart a áirithiú leis na rialacha maidir le rialachas trédhearcach go
bhfuil an bhainistíocht shinsearach, comhaltaí an bhoird, scairshealbhóirí agus
rannpháirtithe, a bhfuil ar a gcumas rialú a fheidhmiú, mar a shainítear é trí
thagairt don Seachtú Treoir 83/349/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1983
bunaithe ar Airteagal 54(3)(g) den Chonradh maidir le cuntais chomhdhlúite[15], ar oibriú na taisclainne
lárnaí urrús, oiriúnach chun bainistíocht fhónta stuama na taisclainne lárnaí
urrús a áirithiú. (27) Ba cheart a áirithiú trí
bhíthin rialacha maidir le rialachas trédhearcach go ndéanfaí leasa
scairshealbhóirí agus lucht bainistíochta agus foirne na taisclainne lárnaí
urrús, ar thaobh amháin, agus leasa a húsáideoirí, ar an taobh eile, a chur san
áireamh. Ba cheart feidhm a bheith ag na prionsabail sin maidir le rialachas
gan dochar don tsamhail úinéireachta arna glacadh ag an taisclann lárnach
urrús. Ba cheart coistí úsáideoirí a bhunú i leith gach córais socraíochta
urrús arna oibriú ag an taisclann lárnach urrús chun comhairle a thabhairt do
bhord na taisclainne lárnaí urrús maidir leis na saincheisteanna tábhachtacha a
bhfuil tionchar acu ar a gcomhaltaí. (28) I ngeall ar an tábhacht a
bhaineann leis na cúraimí a chuirtear ar thaisclanna lárnacha urrús, ba cheart
foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo nach n‑aistreoidh taisclanna
lárnacha urrús a gcuid freagrachtaí chuig tríú páirtithe trí eisfhoinsiú a
dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí. Ba cheart d’eisfhoinsiú gníomhaíochtaí den
chineál sin a bheith faoi réir coinníollacha diana lena gcothaítear freagracht
na dtaisclann lárnach urrús i leith a ngníomhaíochtaí féin, agus lena n‑áirítear
nach gcuirtear bac ar mhaoirseacht agus ar faireachán ar na taisclanna lárnacha
urrús. Féadfar eisfhoinsiú taisclainne lárnaí urrús ar a gníomhaíochtaí chuig
eintitis phoiblí a dhíolmhú ó na ceanglais sin faoi choinníollacha áirithe. (29) Ba cheart an caidreamh idir
taisclann lárnach urrús agus a húsáideoirí a bheith trédhearcach de thoradh ar
rialacha maidir le gnó a dhéanamh. Go háirithe, ba cheart do thaisclann lárnach
urrús critéir thrédhearcacha, oibiachtúla, neamh‑idirdhealaitheacha atá
nochta go poiblí a bheith aici maidir le rannpháirtíocht sa chóras socraíochta
urrús, lena gceadófaí srian ar rochtain na rannpháirtithe ar bhonn na rioscaí
atá i gceist agus ar an mbonn sin amháin. Ba cheart leigheas tapa, iomchuí a
chur ar fáil d’údaráis inniúla chun dul i ngleic le haon taisclann lárnach
urrús a dhiúltódh, gan údar maith, a seirbhísí a sholáthar do rannpháirtithe.
Ba cheart do thaisclann lárnach urrús na praghsanna agus na táillí a bhaineann
lena seirbhísí a nochtadh go poiblí. Chun rochtain oscailte agus neamh‑idirdhealaitheach
a chur ar fáil ar sheirbhísí arna soláthar ag taisclann lárnach urrús, agus i
bhfianaise na cumhachta suntasaí margaidh atá ag taisclanna lárnacha urrús i
gcríocha a mBallstáit faoi seach go fóill, ní fhéadfaidh taisclann lárnach
urrús imeacht óna beartas praghsála foilsithe. Ba cheart do thaisclann lárnach
urrús foráil a dhéanamh do nósanna imeachta cumarsáide atá aitheanta. Déantar
an ceart atá ag rannpháirtithe sa mhargadh úsáid a bhaint as córas socraíochta
i mBallstát eile, faoi mar a dhéantar foráil dó i dTreoir 2004/39/CE, a
chomhlánú agus a atreisiú leis na forálacha rannpháirtíochta seo. (30) I bhfianaise ról lárnach na
gcóras socraíochta urrús sna margaí airgeadais, ba cheart do thaisclanna
lárnacha urrús, tráth a bhfuil a gcuid seirbhísí á soláthar acu an méid seo a
leanas a áirithiú: socraíocht thráthúil, sláine na heisiúna, leithscaradh na
gcuntas urrús a choinnítear do gach rannpháirtí, agus an fhéidearthacht
leithscaradh breise na gcuntas do chliaint na rannpháirtithe a thairiscint dá n‑iarrfaí
é sin orthu. Ba cheart do thaisclanna lárnacha urrús a áirithiú go mbaineann na
ceanglais sin ar leithligh le gach córas socraíochta urrús arna oibriú acu. (31) Chun rioscaí socraíochta i
ngeall ar dhócmhainneacht an ghníomhaire socraíochta a sheachaint, ba cheart do
thaisclann lárnach urrús an ghné airgid den urrús a shocrú trí chuntais arna n‑oscailt
le banc ceannais, tráth ar bith a bhíonn an rogha sin praiticiúil agus ar fáil.
Mura bhfuil an rogha sin praiticiúil ná ar fáil, ba cheart go mbeadh taisclann
lárnach urrús ábalta socrú a dhéanamh trí chuntais arna n‑oscailt le
hinstitiúid chreidmheasa arna bunú faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i
dTreoir 2006/48/CE an 14 Meitheamh 2006 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle maidir le gabháil le gnó institiúidí creidmheasa agus lena
shaothrú[16]
agus faoi réir nós imeachta údarúcháin sonrach agus ceanglas stuamachta dá
bhforáiltear i dTeideal IV den Rialachán seo. Ba cheart dó sin, le linn dó a
bheith ag feidhmiú mar ghníomhaire socraíochta, a bheith ábalta na seirbhísí
atá leagtha amach sa Rialachán seo, atá cumhdaithe faoin údarú, a sholáthar do
rannpháirtithe na taisclainne lárnaí urrús, agus féadfaidh sí seirbhísí eile a
sholáthar freisin nach bhfuil cumhdaithe faoin Rialachán seo. (32) De bhrí nach dtugtar aghaidh
go sonrach le Treoir 2006/48/CE ar rioscaí creidmheasa agus leachtachta
ionlae a thig ó sholáthar seirbhísí baincéireachta atá coimhdeach le
socraíocht, ba cheart institiúidí creidmheasa a sholáthraíonn seirbhísí den
chineál sin a bheith faoi réir ag ceanglais shonracha fheabhsaithe maidir le
maolú rioscaí creidmheasa agus leachtachta agus ba cheart feidhm a bheith ag na
ceanglais sin maidir le gach córas socraíochta urrús a ngníomhaíonn siad mar
ghníomhairí socraíochta ina leith. Chun comhlíonadh iomlán na mbeart sonrach
atá dírithe ar rioscaí creidmheasa agus leachtachta a mhaolú, ba cheart do na
húdaráis inniúla bheith in ann a éileamh ar thaisclanna lárnacha urrús níos mó
ná institiúid chreidmheasa amháin a ainmniú uair ar bith is féidir leo a
léiriú, ar bhonn na fianaise atá ar fáil, nach bhfuil neamhchosaintí
institiúide creidmheasa ar chomhchruinniú rioscaí creidmheasa agus leachtachta
maolaithe ina iomláine. (33) Is beart tábhachtach chun
sábháilteacht agus stóinseacht na dtaisclann lárnach urrús a mhéadú é an
ceanglas ar eintiteas dlíthiúil ar leith, atá ag feidhmiú mar ghníomhaire
socraíochta, socraíocht don ghné airgid den idirbheart urrús a chur i gcrích.
Is cosúil go deimhin go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh deighilt den chineál
sin idir seirbhísí lárnacha na dtaisclann lárnach urrús agus seirbhísí
baincéireachta atá coimhdeach le socraíocht, d’fhonn aon bhaol go dtarchuirfí
na rioscaí ó na seirbhísí baincéireachta a chosc, amhail rioscaí creidmheasa
agus rioscaí leachtachta, chuig soláthar sheirbhísí lárnacha na dtaisclann
lárnach urrús. Níl aon bhearta nach bhfuil chomh hionsáite céanna ar fáil chun
na rioscaí creidmheasa agus na rioscaí leachtachta sin a dhíothú d’fhonn an
leibhéal sábháilteachta agus stóinseachta atá beartaithe de na taisclanna
lárnacha urrús a áirithiú. Mar sin féin, chun na héifeachtúlachtaí, ar toradh
iad ar sheirbhísí taisclainne lárnaí urrús agus seirbhísí baincéireachta a
sholáthar laistigh den ghrúpa gnóthas céanna, a shocrú, níor cheart go
gcuirfeadh an ceanglas maidir le seirbhísí baincéireachta a dhéanamh ag
institiúid chreidmheasa ar leithligh cosc leis an institiúid chreidmheasa sin a
bheith sa ghrúpa céanna gnóthas leis an taisclann lárnach urrús. Má
sholáthraítear na seirbhísí taisclainne lárnaí urrús agus na seirbhísí
baincéireachta araon laistigh den ghrúpa céanna gnóthas, chun sábháilteacht
agus éifeachtúlacht na seirbhísí arna soláthar a fheabhsú, ba cheart
gníomhaíochtaí na hinstitiúide creidmheasa a sholáthraíonn seirbhísí
baincéireachta a theorannú do sholáthar seirbhísí baincéireachta atá coimhdeach
le socraíocht. Ina theannta sin, ba cheart maolú a bheith ar fáil i ndáil leis
an oibleagáid seirbhísí baincéireachta atá coimhdeach le socraíocht a scaradh ó
sheirbhísí lárnacha taisclainne lárnaí urrús in éagmais aon bhaoil go
dtarchuirfí rioscaí creidmheasa agus leachtachta ó na seirbhísí baincéireachta
go dtí soláthar seirbhísí lárnacha taisclann lárnach urrús. Chun a áirithiú go
gcuirfear i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach an fhéidearthacht maolú a fháil
ón oibleagáid atá ar thaisclanna lárnacha urrús gan aon seirbhísí coimhdeacha
de chineál baincéireachta a chur ar fáil, ba cheart an chumhacht a thabhairt
don Choimisiún cinneadh a dhéanamh, arna iarraidh sin ag údarás náisiúnta
inniúil, i dtaobh an gceadófar an maolú sin nuair nach ann don riosca
sistéamach arna thabhú agus an t‑eintiteas dlíthiúil céanna ag soláthar
seirbhísí lárnacha taisclainne lárnaí urrús agus baincéireachta araon. Ar
bhealach amháin nó ar bhealach eile, ba cheart gníomhaíochtaí taisclainne
lárnaí urrús a dtéann an maolú sin chun sochar di, agus atá údaraithe mar
institiúid chreidmheasa, a theorannú do sholáthar seirbhísí baincéireachta atá
coimhdeach le socraíocht. (34) Chun leibhéal leordhóthanach
sábháilteachta agus leanúnachais a sholáthar i ndáil leis na seirbhísí arna
soláthar ag na taisclanna lárnacha urrús, ba cheart don taisclann lárnach urrús
a bheith faoi réir ceanglas caipitil agus ceanglas stuamachta aonfhoirmeach is
infheidhme go díreach lena maolaítear a rioscaí dlíthiúla, oibríochtúla agus
infheistíochta. (35) Ba cheart do shábháilteacht na
socruithe naisc arna mbunú idir thaisclanna lárnacha urrús a bheith faoi réir
ceanglas sonrach ionas go mbeidh rochtain ag a rannpháirtithe ar chórais
socraíochta urrús eile. Níor cheart go gcuirfeadh an ceanglas atá ar
thaisclanna lárnacha urrús seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a
sholáthar trí bhíthin eintitis dhlíthiúil ar leithligh cosc ar na taisclanna
sin na seirbhísí sin a fháil, go háirithe nuair is rannpháirtithe iad i gcóras
socraíochta urrús arna oibriú ag taisclann lárnach urrús eile. Tá sé
fíorthábhachtach go maolófar ina n‑iomláine aon rioscaí féideartha atá
mar thoradh ar na socraithe nasctha amhail rioscaí maidir le creidmheas,
leachtacht, eagraíocht nó aon riosca ábhartha eile atá ann do thaisclanna
lárnacha urrús. I gcás nasc idir-inoibritheachta, tá sé tábhachtach go mbeadh
pointí comhionanna ag córais nasctha socraíochta urrús maidir leis an tráth a
dtagann orduithe aistrithe isteach sa chóras, maidir le do‑athraitheacht
orduithe aistrithe agus maidir le críochnaitheacht aistrithe urrús agus airgid.
Ba cheart feidhm a bheith ag na prionsabail chéanna maidir le taisclanna
lárnacha urrús ina n‑úsáidtear comhbhonneagar teicneolaíochta faisnéise
(TF) socraíochta. (36) Mar oibreoirí córas
socraíochta urrús, tá ról lárnach ag taisclanna lárnacha urrús sa phróiseas
aistrithe urrús chuig cuntais urrús. Chun cur le deimhneacht dhlíthiúil i
gcomhthéacs trasteorann go háirithe, tá sé tábhachtach rialacha soiléire a
bhunú maidir leis an dlí is infheidhme maidir le gnéithe úinéireachta i ndáil
leis na hurrúis atá á gcothabháil ag taisclann lárnach urrús ina cuntais. Ar
bhonn an chur chuige arna ghlacadh leis na rialacha reatha maidir le
heasaontacht dlíthe, ba cheart do dhlí na háite ina gcoimeádtar cuntais
taisclainne lárnaí urrús a bheith ar an dlí is infheidhme. (37) Ceanglaítear leis an dlí
náisiúnta ar eisitheoirí in go leor Ballstát cineálacha áirithe urrús a
eisiúint, go háirithe scaireanna, laistigh dá dtaisclanna lárnacha urrús
náisiúnta. Chun deireadh a chur leis an mbac sin ar fheidhmiú rianúil mhargadh
iarthrádála an Aontais agus d’fhonn cur ar chumas eisitheoirí an bealach is
éifeachtúla chun a gcuntais a bhainistiú a roghnú, ba cheart é a bheith de
cheart ag eisitheoirí aon taisclann lárnach urrús atá bunaithe san Aontas a
roghnú chun a n‑urrúis a thaifeadadh agus chun aon seirbhísí taisclainne
lárnaí urrús iomchuí a fháil. Ba cheart leigheas tapa, iomchuí a chur ar fáil
d’údaráis inniúla chun dul i ngleic le haon taisclann lárnach urrús a
dhiúltódh, gan údar maith, a seirbhísí a sholáthar d’eisitheoirí. Chun cearta
na scairshealbhóirí a chosaint, níor cheart go gcuirfeadh ceart na n‑eisitheoirí
taisclann lárnach urrús a roghnú cosc ar chur i bhfeidhm na ndlíthe
corparáideacha náisiúnta faoina mbunaítear na hurrúis agus lena rialaítear an
caidreamh idir eisitheoirí agus a scairshealbhóirí. (38) Sa European Code of Conduct
for Clearing and Settlement (An Cód Iompair Eorpach maidir le hImréiteach
agus Socraíocht) an 7 Samhain 2006[17],
cruthaíodh creat deonach chun rochtain a chumasú idir taisclanna lárnacha urrús
agus bonneagair eile mhargaidh. Mar sin féin, tá earnáil na hiarthrádála
ilroinnte i gcónaí ar bhonn náisiúnta agus bíonn trádálacha trasteorann níos
costasaí dá dheasca sin. Is gá coinníollacha aonfhoirmeacha a leagan síos
maidir le naisc idir thaisclanna lárnacha urrús agus maidir le rochtain idir
taisclanna lárnacha urrús agus bonneagair eile mhargaidh. Chun taisclanna
lárnacha urrús a chumasú chun rochtain ar mhargaí eile a thairiscint dá
rannpháirtithe, ba cheart é a bheith de cheart acu a bheith ina rannpháirtithe
de chuid taisclainne lárnaí urrús eile nó iarraidh ar thaisclann lárnach urrús
eile feidhmeanna speisialta a fhorbairt chun rochtain a bheith acu uirthi. Ba
cheart leigheas tapa, iomchuí a chur ar fáil d’údaráis inniúla chun dul i
ngleic le haon taisclann lárnach urrús a dhiúltódh, gan údar maith, rochtain a
chur ar fáil ar thaisclann lárnach urrús eile. Ós rud é go bhféadfaidh naisc
idir thaisclanna lárnacha urrús riosca breise a thabhairt isteach ó thaobh
socraíochta de, ba cheart dóibh a bheith faoi réir údarú agus mhaoirseacht na n‑údarás
inniúil iomchuí. (39) Ba cheart rochtain a bheith ag
taisclanna lárnacha urrús ar fhothaí idirbheart ó chontrapháirtí lárnach nó ó
ionad trádála freisin agus ba cheart rochtain a bheith ag na bonneagair
mhargaidh sin ar na córais socraíochta urrús arna n‑oibriú ag na taisclanna
lárnacha urrús, seachas má chuireann rochtain den chineál sin oibriú a
ngníomhaíochtaí i mbaol. Ba cheart leigheas tapa, iomchuí a chur ar fáil
d’údaráis inniúla chun dul i ngleic le haon taisclann lárnach urrús nó le haon
bhonneagar margaidh a dhiúltódh, gan údar maith, rochtain ar a seirbhísí a
sholáthar. (40) Ba cheart creat gnó fónta
maidir le stuamacht agus gnó a dhéanamh don earnáil airgeadais a bheith
bunaithe ar chórais láidre mhaoirseachta agus smachtbhannaí. Chun na críche
sin, ba cheart cumhachtaí leordhóthanacha feidhmithe a thabhairt d’údaráis
mhaoirseachta agus ba cheart go mbeidís in ann brath ar chórais smachtbhannaí
dhíspreagthacha le húsáid i gcoinne aon iompair neamhdhleathaigh. Tá
athbhreithniú ar chumhachtaí smachtbhannaí reatha agus ar chur i bhfeidhm
praiticiúil na gcumhachtaí sin, atá dírithe ar chóineasú smachtbhannaí ar fud
réimse na ngníomhaíochtaí maoirseachta a chur chun cinn, déanta sa
Teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2010 chuig Parlaimint na
hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste
na Réigiún, maidir le smachtbhannaí a dhaingniú san earnáil seirbhísí
airgeadais. (41) Dá bhrí sin, ba cheart
d’údaráis inniúla a bheith ábalta smachtbhannaí agus bearta riaracháin atá
éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm d’fhonn
comhlíonadh éifeachtach cheanglais an Rialacháin seo a áirithiú ag taisclanna
lárnacha urrús, institiúidí creidmheasa atá ainmnithe mar ghníomhairí
socraíochta, comhaltaí dá gcuid comhlachtaí bainistíochta agus aon duine eile a
dhéanann rialú éifeachtach ar a ngnó nó aon duine eile . (42) D’fhonn díspreagadh agus cur i
bhfeidhm comhsheasmhach na smachtbhannaí ar fud na mBallstát a sholáthar, ba
cheart don Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir le liosta de na príomhbhearta
agus na príomh‑smachtbhannaí nach mór a bheith ar fáil do na húdaráis
inniúla, maidir leis an gcumhacht chun na smachtbhannaí agus na bearta sin a
fhorchur ar gach duine, cibé acu an duine dlítheanach nó duine nádúrtha atá i
gceist, atá freagrach as sárú, maidir le liosta de na príomhchritéir nuair a
bhíonn leibhéal agus cineál na smachtbhannaí sin á áirithiú agus maidir le
leibhéil smachtbhannaí airgid riaracháin. Ba cheart a chur san áireamh i
bhfíneálacha riaracháin tosca amhail aon tairbhe airgeadais shonraithe de
thoradh an tsáraithe, tromaíocht agus fad an tsáraithe, aon tosca géaraitheacha
nó maolaitheacha, an gá atá le fíneálacha éifeacht bhactha a bheith acu agus,
nuair is iomchuí, ba cheart go n‑áireofaí leo lascaine ar chomhar leis an
údarás inniúil. Agus na smachtbhannaí á nglacadh agus á bhfoilsiú, ba cheart
cearta bunúsacha a urramú mar atá leagtha amach i gCairt um Chearta Bunúsacha
an Aontais Eorpaigh, go háirithe na cearta go ndéanfar an saol príobháideach
agus an saol teaghlaigh a urramú (Airteagal 7), an ceart go ndéanfar
sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8) agus an ceart chun leigheas
éifeachtach agus triail chóir a fháil (Airteagal 47). (43) D’fhonn sáruithe féideartha a
bhrath, ba cheart sásraí éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun tuairisciú
sháruithe féideartha nó dáiríre an Rialacháin seo d’údaráis inniúla a
spreagadh. Ba cheart coimircí leordhóthanacha a chuimsiú sna sásraí sin le
haghaidh daoine a thuairiscíonn sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann nó sáruithe
iarbhír maidir leis an Rialachán seo, agus na daoine a gcuirtear na sáruithe
sin ina leith. Ba cheart nósanna imeachta iomchuí a bhunú ar mhaithe le
comhlíonadh cheart an chúisí i leith sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart
cosanta agus an ceart chun éisteacht a fháil sula nglacfar
cinneadh deireanach a bhaineann leis an duine sin mar aon leis an gceart
chun leigheas éifeachtach a lorg os comhair binse in aghaidh aon chinnidh nó
aon bhirt a bhaineann leis an duine sin. (44) Ba cheart an Rialachán seo a
bheith gan dochar d’aon fhorálacha i ndlí na mBallstát a bhaineann le
smachtbhannaí coiriúla. (45) Déantar próiseáil sonraí
pearsanta arna déanamh sna Ballstáit de bhun an Rialacháin seo a rialú le
Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil
le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den
sórt sin[18].
Ba cheart aon mhalartú nó tarchur sonraí pearsanta idir údaráis inniúla na
mBallstát a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha maidir le tarchur sonraí
pearsanta mar atá leagtha síos i dTreoir 95/46/CE. Déantar próiseáil
sonraí pearsanta arna déanamh ag ESMA de bhun an Rialacháin seo a rialú le
Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí
pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus
maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin[19].
Ba cheart aon mhalartú nó tarchur sonraí pearsanta arna dhéanamh ag ESMA a
bheith i gcomhréir leis na rialacha maidir le tarchur sonraí pearsanta mar atá
leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. (46) Leis an Rialachán seo,
comhlíontar na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear, go háirithe,
le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe na cearta maidir
le saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, an ceart go ndéanfaí
sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun leigheas éifeachtach nó triail chóir
a fháil, an ceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in
imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna, an tsaoirse chun gnó a
sheoladh, agus ní mór é a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na
prionsabail sin. (47) Ba cheart ról lárnach a bheith
ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1095/2010
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena
mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus
Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‑aisghairtear
Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún[20] i gcur i bhfeidhm an
Rialacháin seo trí chur i bhfeidhm comhsheasmhach rialacha an Aontais ag
údaráis inniúla náisiúnta a áirithiú agus trí easaontais eatarthu a réiteach. (48) Ós rud é gur comhlacht é ESMA
a bhfuil saineolas an‑speisialaithe aige maidir le hurrúis agus margaí
urrús, is éifeachtúil agus is iomchuí forbairt dréachtchaighdeán rialála agus
cur chun feidhme, nach mbeadh roghanna beartais ag baint leo, a chur ar
iontaoibh ESMA, lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin. Nuair a shainítear a
leithéid, ba cheart do ESMA a áirithiú go bhfuil ról lárnach ag comhaltaí an
CECB agus an Údaráis Bhaincéireachta Eorpaigh, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An
tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE
agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/78/CE ón gCoimisiún[21]. (49) Ba cheart cumhacht a thabhairt
don Choimisiún caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh agus leis an nós imeachta atá
leagtha síos in Airteagal 10 go dtí Airteagal 14 de Rialachán
(AE) Uimh. 1095/2010 maidir leis na
gnéithe mionsonraithe de na bearta maidir le haraíonacht socraíochta; an
fhaisnéis agus gnéithe eile atá le háireamh ag taisclann lárnach urrús ina
hiarratas ar údarú; an fhaisnéis a sholáthróidh údaráis éagsúla dá chéile nuair
a bheidh na taisclanna lárnacha urrús á maoirsiú acu; mionsonraithe na
socruithe comhair idir údaráis baile agus údaráis aíochta; gnéithe na socruithe
rialachais i gcomhair taisclann lárnach urrús; mionsonraí na dtaifead atá le coinneáil
ag taisclanna lárnacha urrús; mionsonraí na mbeart atá le glacadh ag taisclanna
lárnacha urrús ionas go gcoinneofar sláine na heisiúna; cosaint urrúis na
rannpháirtithe; socraíocht a bhaint amach go tráthúil; maolú na rioscaí
oibriúcháin agus na rioscaí a eascraíonn ó na naisc idir thaisclanna lárnacha
urrús; mionsonraí na gceanglas caipitil le haghaidh taisclann lárnach urrús;
mionsonraí na gceanglas stuamachta maidir le rioscaí creidmheasa agus
leachtachta do na hinstitiúidí creidmheasa atá ainmnithe. (50) Ba cheart cumhacht a thabhairt
don Choimisiún freisin caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh trí
bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha
amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 maidir le
foirmeacha caighdeánacha agus teimpléid chaighdeánacha don iarratas ar údarú ó
thaisclanna lárnacha urrús; do sholáthar faisnéise idir údaráis inniúla éagsúla
ar mhaithe le taisclanna lárnacha urrús a mhaoirsiú; do na socruithe comhair
ábhartha idir údaráis baile agus údaráis aíochta; d'fhormáidí na dtaifead atá
le coinneáil ag taisclanna lárnacha urrús; do na nósanna imeachta i gcásanna
ina ndiúltaítear rochtain do rannpháirtí nó d’eisitheoir ar thaisclann lárnach
urrús, ina ndiúltaítear rochtain do thaisclanna lárnacha urrús eatarthu féin nó
idir taisclanna lárnacha urrús agus bonneagair eile mhargaidh; do
chomhairliúchán na n‑údarás éagsúil roimh údarú a dheonú do ghníomhaire
socraíochta. (51) Ba cheart cumhacht a thabhairt
don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290
den Chonradh. Go háirithe, ba cheart na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh
maidir le mionsonraí ar leith i dtaobh sainmhínithe; na critéir faoinar cheart
a mheas go bhfuil tábhacht shubstaintiúil ag baint le hoibríochtaí taisclainne
lárnaí urrús i mBallstát aíochta le haghaidh an Bhallstáit sin; na seirbhísí a
lorgóidh taisclann lárnach urrús tríú tír aitheantas ó ESMA ina leith agus an
fhaisnéis a chuirfidh an taisclann lárnach urrús is iarratasóir ar fáil do ESMA
ina iarratas ar aitheantas; na rioscaí a shonrú a d’fhéadfadh a bheith ina
mbonn údair le diúltú ó thaisclann lárnach urrús rochtain a thabhairt do
rannpháirtithe agus na heilimintí den nós imeachta atá ar fáil do
rannpháirtithe iarrthacha; measúnú ar chásanna nach bhfuil socraíocht in
airgead bainc ceannais praiticiúil agus ar fáil; na heilimintí den nós imeachta
maidir le rochtain eisitheoirí ar thaisclanna lárnacha urrús, rochtain idir
thaisclanna lárnacha urrús agus idir taisclanna lárnacha urrús agus bonneagair
eile mhargaidh. (52) Chun coinníollacha
aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart
cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun cinntí a dhéanamh
maidir le measúnú ar rialacha ó thríú tíortha chun críocha taisclanna lárnacha
urrús i dtríú tíortha a aithint agus maidir le maoluithe ón oibleagáid
seirbhísí baincéireachta atá coimhdeach le socraíocht a scaradh ó sheirbhísí
lárnacha taisclainne lárnaí urrús. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i
gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na
prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na
Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún.[22] (53) Ós rud é nach féidir leis na
Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, mar atá ceanglais aonfhoirmeacha a leagan
síos le haghaidh socraíochta agus le haghaidh taisclann lárnach urrús, a
ghnóthú go leordhóthanach, agus dá bhrí sin, gur fearr, de bharr fhairsinge na
gníomhaíochta, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an
tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta atá
leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I
gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin,
ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a
bhaint amach. (54) Is gá leasú a dhéanamh ar
Threoir 98/26/CE d’fhonn í a thabhairt i gcomhréir le Treoir 2010/78/AE ó
Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010
lena leasaítear Treoracha 98/26/CE, 2002/87/CE, 2003/6/CE, 2003/41/CE,
2003/71/CE, 2004/39/CE, 2004/109/CE, 2005/60/CE, 2006/48/CE, 2006/49/CE agus
2009/65/CE i ndáil leis na cumhachtaí atá ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an
tÚdarás Baincéireachta Eorpach), ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás
Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme) agus ag an Údarás Maoirseachta Eorpach
(an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí)[23],
ionas nach gcuirfear córais socraíochta urrús ainmnithe in iúl don Choimisiún a
thuilleadh ach go gcuirfear in iúl do ESMA iad. (55) Ba cheart cur i bhfeidhm na
gceanglas údaraithe agus aitheantais sa Rialachán seo a chur siar chun a
ndóthain ama a thabhairt do thaisclanna lárnacha urrús atá bunaithe san Aontas
nó i dtríú tíortha an t‑údarú agus an t‑aitheantas dá dtagraítear
sa Rialachán seo a lorg. (56) Is gá freisin cur i bhfeidhm
na gceanglas a chur siar maidir le hurrúis inaistrithe a thaifeadadh i bhfoirm
cuntais reatha agus oibleagáidí i gcórais socraíochta urrús a shocrú tráth nach
déanaí ná an dara lá gnó tar éis lá na trádála chun a ndóthain ama a thabhairt do
rannpháirtithe sa mhargadh, ag a bhfuil urrúis i bhfoirm páipéir á sealbhú nó a
bhaineann úsáid as tréimhsí socraíochta níos faide, chun na ceanglais sin a
chomhlíonadh. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Teideal I
Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme 1. Leagtar síos leis an
Rialachán seo ceanglais aonfhoirmeacha maidir le socraíocht ionstraimí
airgeadais san Aontas agus rialacha maidir le heagrú agus le hiompar na
dtaisclann lárnach urrús d’fhonn socraíocht shábháilte rianúil a chur chun
cinn. 2. Beidh feidhm ag an Rialachán
seo i leith socraíochta in ionstraimí airgeadais agus i ngníomhaíochtaí uile
taisclann lárnach urrús mura sonraítear a mhalairt i bhforálacha an Rialacháin
seo. 3. Tá an Rialachán seo gan
dochar d’fhorálacha reachtaíocht an Aontais maidir le hionstraimí airgeadais
sonracha, go háirithe Treoir 2003/87/CE. 4. Níl feidhm ag Airteagal 9
go hAirteagal 18 ná ag Airteagal 20 ná ag forálacha Theideal IV
maidir le comhaltaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CECB), le comhlachtaí
náisiúnta na mBallstát eile a bhfuil na feidhmeanna céanna acu, ná le
comhlachtaí poiblí na mBallstát a bhfuil sé de chúram orthu an fiachas poiblí a
bhainistiú nó idiragairt ann. Airteagal 2
Sainmhínithe 1. Chun críocha an Rialacháin
seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: (1)
ciallaíonn ‘taisclann lárnach urrús’ duine
dlítheanach a oibríonn an córas socraíochta urrús atá liostaithe i bpointe 3 de
Roinn A den Iarscríbhinn agus a chomhlíonann ar a laghad seirbhís lárnach
amháin eile atá liostaithe i Roinn A den Iarscríbhinn; (2)
ciallaíonn ‘socraíocht’ idirbheart urrús a chur i
gcrích d’fhonn oibleagáidí na rannpháirtithe a chomhlíonadh trí aistriú cistí
nó aistriú urrús; (3)
ciallaíonn ‘córas socraíochta urrús’ córas faoin
gcéad fhleasc agus faoin dara fleasc i bpointe (a) d’Airteagal 2 de
Threoir 98/26/CE a bhfuil a ghnó comhdhéanta d’fhorghníomhú orduithe aistrithe
mar atá sainmhínithe sa dara fleasc i bpointe (i) d’Airteagal 2 de Threoir
98/26/CE; (4)
ciallaíonn ‘tréimhse shocraíochta’ an tréimhse idir
an dáta trádála agus an dáta socraíochta atá beartaithe; (5)
ciallaíonn ‘lá gnó’ lá gnó mar atá sainmhínithe i
bpointe (n) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE; (6)
ciallaíonn ‘teip socraíochta’ nach socraítear
idirbheart urrús ar an dáta socraíochta atá beartaithe i ngeall ar easpa urrús
nó airgid, beag beann ar an mbunchúis; (7)
ciallaíonn ‘dáta socraíochta atá beartaithe’ an
dáta ar a n‑aontaíonn na páirtithe in idirbheart urrús go bhfuil
socraíocht le déanamh; (8)
ciallaíonn ‘contrapháirtí lárnach’ eintiteas a
chuireann é féin idir na contrapháirtithe leis na conarthaí arna dtrádáil
laistigh de mhargadh airgeadais amháin nó níos mó, agus a bhíonn ina
cheannaitheoir ag gach díoltóir agus ina dhíoltóir ag gach ceannaitheoir; (9)
ciallaíonn ‘údarás inniúil’ an t‑údarás arna
ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 10; (10)
ciallaíonn ‘rannpháirtí’ aon rannpháirtí, mar atá
sainmhínithe i bpointe (f) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE, lena n‑áirítear
contrapháirtí lárnach, i gcóras socraíochta urrús; (11)
ciallaíonn ‘rannpháirtíocht’ rannpháirtíocht de
réir bhrí na chéad abairte d’Airteagal 17 de Threoir 78/660/CEE, nó
úinéireacht, dhíreach nó indíreach, ar 20 % nó níos mó de chearta vótála
nó de chaipiteal gnóthais; (12)
ciallaíonn ‘Ballstát baile’ an Ballstát a bhfuil
taisclann lárnach urrús údaraithe ann; (13)
ciallaíonn ‘Ballstát aíochta’ an Ballstát, seachas
an Ballstát baile, ina bhfuil brainse ag taisclann lárnach urrús, nó ina
soláthraíonn sí seirbhísí taisclainne lárnaí urrús; (14)
ciallaíonn 'brainse' áit ghnó seachas an
cheannoifig atá mar chuid de thaisclann lárnach urrús, nach bhfuil aon
phearsantacht dhlítheanach aici agus ina soláthraítear seirbhísí taisclainne
lárnaí urrús a bhfuil an taisclann údaraithe ina leith; (15)
ciallaíonn ‘rialú’ an caidreamh idir dhá ghnóthas
mar atá sainmhínithe in Airteagal 1 de Threoir 83/349/CEE; (16)
ciallaíonn ‘mainneachtain rannpháirtí’ cás ina
ndéantar imeachtaí dócmhainneachta, mar atá sainmhínithe i bpointe (j) d’Airteagal 2
de Threoir 98/26/CE, a thionscnamh i gcoinne rannpháirtí; (17)
ciallaíonn ‘soláthar in áit íocaíochta’ sásra
socraíochta urrús a nascann aistriú urrús le haistriú cistí ionas nach ndéantar
urrúis a sheachadadh ach amháin má dhéantar an íocaíocht chomhfhreagrach; (18)
ciallaíonn ‘cuntas urrús’ cuntas ar féidir urrúis a
chur chun sochair nó chun dochair air; (19)
ciallaíonn ‘nasc idir thaisclanna lárnacha urrús’
socrú idir thaisclanna lárnacha urrús ina n‑osclaíonn taisclann lárnach
urrús amháin cuntas i gcóras socraíochta urrús de chuid taisclainne lárnaí
urrús eile chun aistriú urrús óna chuid rannpháirtithe chuig rannpháirtithe na
taisclainne lárnaí urrús sin a éascú. Áirítear ar naisc idir thaisclanna
lárnacha urrús rochtain chaighdeánach ar nasc, rochtain shaincheaptha ar nasc
agus naisc idir-inoibritheacha; (20)
ciallaíonn ‘rochtain chaighdeánach ar nasc’ nasc
idir thaisclanna lárnacha urrús ina bhfuil taisclann lárnach urrús nasctha le
taisclann lárnach urrús eile mar a bheadh aon rannpháirtí eile sa chóras
socraíochta urrús arna oibriú ag an rannpháirtí sin; (21)
ciallaíonn ‘rochtain shaincheaptha ar nasc’ nasc
idir thaisclanna lárnacha urrús ina soláthraíonn taisclann lárnach urrús
seirbhísí sonracha do thaisclann lárnach urrús eile, seirbhísí atá difriúil ó
na seirbhísí a sholáthraítear do rannpháirtithe eile ina córas socraíochta
urrús; (22)
ciallaíonn ‘naisc idir-inoibritheachta’ naisc idir
thaisclanna lárnacha urrús ina dtagann na córais socraíochta urrús arna n‑oibriú
ag taisclanna lárnacha urrús chun bheith idir-inoibritheach mar atá
sainmhínithe i bpointe (o) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE; (23)
ciallaíonn ‘urrúis inaistrithe’ urrúis inaistrithe
mar atá sainmhínithe i bpointe (18) d’Airteagal 4 de Threoir 2004/39/CE; (24)
ciallaíonn ‘ionstraimí an mhargaidh airgid’
ionstraimí an mhargaidh airgid mar atá sainmhínithe i bpointe (19) d’Airteagal 4
de Threoir 2004/39/CE; (25)
ciallaíonn ‘aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta’
aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta dá dtagraítear i bpointe (3) de Roinn C
d’Iarscríbhinn I de Threoir 2004/39/CE; (26)
ciallaíonn ‘lamháltais astaíochta’ aon aonad a
aithnítear maidir le comhlíonadh cheangaltais Threoir 2003/87/CE; (27)
ciallaíonn ‘margadh rialáilte’ ‘margadh rialáilte’
mar atá sainmhínithe i bpointe (14) d’Airteagal 4 de Threoir 2004/39/CE; (28)
ciallaíonn ‘saoráid trádála iltaobhach (MTF)’
saoráid trádála iltaobhach mar atá sainmhínithe i bpointe (15) d’Airteagal 4
de Threoir 2004/39/CE; (29)
ciallaíonn ‘saoráid trádála eagraithe’ (OTF) aon
chóras nó saoráid, nach margadh rialáilte ná MTF é, arna oibriú ag gnólacht
infheistíochta nó ag oibreoir margaidh, ina bhfuil iliomad leasanna ceannaigh
agus díola tríú páirtithe in ionstraimí airgeadais in ann idirghníomhú sa
chóras ar shlí a mbeidh conradh mar thoradh uirthi i gcomhréir le forálacha
Theideal II de Threoir 2004/39/CE; (30)
ciallaíonn ‘fochuideachta’ gnóthas fochuideachta de
réir bhrí Airteagal 1 de Threoir 83/349/CEE; (31)
ciallaíonn ‘gníomhaire socraíochta’ gníomhaire
socraíochta mar atá sainmhínithe i bpointe (d) d’Airteagal 2 de Threoir
98/26/CE. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64
maidir le bearta chun eilimintí teicniúla na sainmhínithe i bpointí (17), (20),
(21) agus (22) de mhír 1 a shonrú, agus chun na seirbhísí coimhdeacha atá
leagtha amach i bpointí (1) go (4) de Roinn B den Iarscríbhinn agus na
seirbhísí atá leagtha amach i bpointí (1) agus (2) de Roinn C den Iarscríbhinn
a shonrú. Teideal II
Socraíocht urrús Caibidil I
Foirm cuntais reatha Airteagal 3
Foirm cuntais reatha 1. Aon chuideachta a eisíonn
urrúis inaistrithe a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte,
socróidh sí go léireofar na hurrúis sin i bhfoirm cuntais reatha mar dhíluailiú
trí bhíthin nóta domhanda a eisiúint, rud arb ionann é agus an eisiúint iomlán,
nó tar éis na hurrúis a eisiúint go díreach i bhfoirm dhí‑ábharaithe. 2. I gcás ina ndéantar na
hurrúis dá dtagraítear i mír 1 a thrádáil ar mhargaí rialáilte, ar shaoráidí
trádála iltaobhacha (MTFanna) nó ar shaoráidí trádála eagraithe (OTFanna) nó a
aistriú i ndiaidh socraithe comhthaobhachta airgeadais mar atá sainmhínithe i
bpointe (a) d’Airteagal 2 de Threoir 2002/47/CE, taifeadfar na hurrúis sin
i bhfoirm cuntais reatha i dtaisclann lárnach urrús roimh an dáta trádála, mura
ndearnadh iad a thaifeadadh mar sin cheana féin. Airteagal 4
Forfheidhmiú 1. Beidh údaráis an Bhallstáit
ina bhfuil an chuideachta a eisíonn urrúis bunaithe inniúil ar a áirithiú go
gcuirfear Airteagal 3(1) i bhfeidhm. 2. Na húdaráis atá inniúil ar
mhaoirseacht a dhéanamh ar na margaí rialáilte, ar na MTFanna agus ar na
OTFanna, áiritheoidh siad go gcuirfear Airteagal 3(2) i bhfeidhm nuair a
dhéanfar na hurrúis dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a thrádáil ar mhargaí
rialáilte, ar MTFanna nó ar OTFanna. 3. Beidh údaráis na mBallstát
atá freagrach as Treoir 2002/47/CE a chur i bhfeidhm inniúil ar a áirithiú
go gcuirfear Airteagal 3(2) den Rialachán seo i bhfeidhm nuair a
aistreofar na hurrúis dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo i
ndiaidh socraithe comhthaobhachta airgeadais mar atá sainmhínithe i bpointe (a)
d’Airteagal 2 de Threoir 2002/47/CE. Caibidil II
Tréimhsí socraíochta Airteagal 5
Dátaí socraíochta atá beartaithe 1. Aon rannpháirtí i gcóras
socraíochta urrús a cheannaíonn nó a dhíolann ar a chuntas féin nó thar ceann
tríú páirtí urrúis inaistrithe, ionstraimí an mhargaidh airgid, aonaid i ngnóthais
chomhinfheistíochta agus lamháltais astaíochtaí, déanfaidh sé a oibleagáid i
ndáil leis an gcóras socraíochta urrús a shocrú ar an dáta socraíochta atá
beartaithe. 2. Maidir leis na hurrúis
inaistrithe dá dtagraítear i mír 1, a dhéantar a thrádáil ar na margaí
rialáilte, ar MTFanna nó ar OTFanna, beidh an dáta socraíochta atá beartaithe
tráth nach déanaí ná an dara lá gnó tar éis don trádáil a bheith ar bun. 3. Beidh údarás ábhartha an
Bhallstáit a bhfuil feidhm ag a dhlí maidir leis an gcóras socraíochta urrús
arna oibriú ag taisclann lárnach urrús inniúil ar a áirithiú go gcuirfear mír 1
agus mír 2 i bhfeidhm. Caibidil III
Araíonacht socraíochta Airteagal 6
Bearta chun teipeanna socraíochta a chosc 1. Aon mhargadh rialáilte, MTF
nó OTF, bunóidh sé nósanna imeachta a chuirfidh ar a gcumas sonraí ábhartha a
bhaineann le hidirbhearta sna hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5
(1) a dhearbhú ar an dáta a seolfar orduithe chuige. 2. Maidir le gach córas
socraíochta urrús arna oibriú aici, bunóidh taisclann lárnach urrús nósanna
imeachta a éascóidh socraíochtaí na n‑idirbheart sna hionstraimí
airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) ar an dáta socraíochta atá
beartaithe. Molfaidh sé go ndéanfaí socraíocht luath an dáta socraíochta atá
beartaithe trí bhíthin sásraí iomchuí, amhail struchtúr taraifí a bheidh
comhleanúnach. 3. Maidir le gach córas
socraíochta urrús arna oibriú aici, bunóidh taisclann lárnach urrús uirlisí
faireacháin a chuirfidh ar a cumas socraíochtaí idirbheart sna hionstraimí
airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a aithint roimh ré, i gcás na n‑idirbheart
a bhfuil an baol is mó ann go dteipfidh orthu, agus iarrfar leis sin ar
rannpháirtithe na hidirbhearta sin a shocrú ar an dáta socraíochta atá
beartaithe. 4. Forbróidh an tÚdarás Eorpach
um Urrúis agus Margaí (ESMA)
i gcomhairle le comhaltaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC)
dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn cuntas a thabhairt ar shonraí na
nósanna imeachta a chuirfidh ar a gcumas sonraí ábhartha na n‑idirbheart
a dhearbhú agus a éascóidh an tsocraíocht dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2
agus sonraí na n‑uirlisí faireacháin a aithneoidh na rudaí is dóigh a
dteipfidh orthu le linn socraíochta dá dtagraítear i mír 3. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla
rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí ó dháta theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin
theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis
an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 7
Bearta chun dul i ngleic le teipeanna socraíochta 1. Maidir le gach córas
socraíochta urrús arna oibriú aici, bunóidh taisclann lárnach urrús córas a
dhéanfaidh faireachán ar chásanna ina dteipeann ar na hidirbhearta sna
hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a shocrú.
Tabharfaidh sí tuarascálacha rialta don údarás inniúil agus d’aon duine a
bhfuil leas dlisteanach aige maidir le líon agus le sonraí na dteipeanna
socraíochta agus aon fhaisnéis ábhartha eile. Roinnfidh na húdaráis inniúla le
ESMA aon fhaisnéis ábhartha maidir le teipeanna socraíochta. 2. Maidir le gach córas
socraíochta urrús arna oibriú aici, bunóidh taisclann lárnach urrús nósanna imeachta
a éascóidh socraíocht na n‑idirbheart sna hionstraimí airgeadais dá
dtagraítear in Airteagal 5(1) nach socraítear ar an dáta socraíochta atá
beartaithe. Beidh foráil sna nósanna imeachta sin maidir le sásra i gcomhair
pionóis a bheidh sách díspreagthach do rannpháirtithe a chuirfidh faoi deara na
teipeanna socraíochta. 3. Beidh rannpháirtí i gcóras
socraíochta urrús a mhainníonn na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1)
a sheachadadh ar an rannpháirtí is faighteoir ar an dáta socraíochta atá
beartaithe, beidh sé faoi réir ceannach isteach ina gceannófar na hionstraimí
sin sa mhargadh tráth nach déanaí ná ceithre lá tar éis an dáta socraíochta atá
beartaithe agus ina ndéanfar iad a sheachadadh ar an rannpháirtí is faighteoir,
agus faoi réir beart eile i gcomhréir le mír 4. 4. Sna bearta dá dtagraítear i
mír 3, sonrófar iad seo a leanas ar a laghad: (a)
an pionós laethúil a íocfaidh an rannpháirtí
mainneachtana as gach lá gnó idir an dáta socraíochta beartaithe agus an dáta
socraíochta iarbhír; (b)
an tréimhse fógra a thabharfar don rannpháirtí
mainneachtana roimh an idirbheart ceannach isteach a chur i gcrích; (c)
praghsáil agus costais ceannach isteach; (d)
nuair is ábhartha, an páirtí a chuireann an
ceannach isteach i gcrích; (e)
an méid cúitimh a gheobhaidh an rannpháirtí is
faighteoir i gcás nach féidir an ceannach isteach a chur i gcrích. 5. Áiritheofar an méid seo a
leanas leis na bearta dá dtagraítear i mír 3: (f)
gheobhaidh an rannpháirtí is faighteoir ar a laghad
praghas na n‑ionstraimí airgeadais a comhaontaíodh tráth na trádála; (a)
beidh an pionós laethúil a íocfaidh an rannpháirtí
mainneachtana sách díspreagthach don rannpháirtí mainneachtana; (b)
i gcás nach mbeifear in ann an ceannach isteach a
chur i gcrích, beidh an méid cúitimh airgid a íocfar leis an rannpháirtí is
faighteoir níos airde ná praghas na n‑ionstraimí airgeadais a
comhaontaíodh tráth na trádála agus an praghas is deireanaí a bhí ar fáil go
poiblí do na hionstraimí sin san ionad trádála áit a rinneadh an trádáil, agus
beidh sé sách díspreagthach don rannpháirtí mainneachtana; (c)
déanfaidh na páirtithe dá dtagraítear i mír 7, lena
n‑áirítear contrapháirtithe lárnacha, a chuireann an ceannach isteach i
gcrích do na rannpháirtithe, na táillí a ghearrfaidh siad as an tseirbhís seo a
nochtadh; (d)
más páirtí seachas an rannpháirtí ar a dteipfidh a
chuirfidh an ceannach isteach i gcrích, aisíocfaidh an rannpháirtí ar a
dteipfidh gach suim a íocfaidh an páirtí a chuirfidh an t‑idirbheart i
gcrích i gcomhréir le mír 3 agus le mír 4. 6. Ní bhunóidh taisclanna
lárnacha urrús, contrapháirtithe lárnacha, margaí rialáilte, MTFanna agus
OTFanna nósanna imeachta a chuirfidh ar a gcumas aon rannpháirtí a chur ar
fionraí a dteipeann air go córasach na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i
mír 1 a sheachadadh nó an t‑airgead a sheachadadh ar an dáta socraíochta
atá beartaithe agus a chéannacht a nochtadh don phobal, go dtí go dtabharfaidh
siad deis don rannpháirtí sin a chuid barúlacha a chur isteach. 7. Beidh feidhm ag mír 2 go mír
6 maidir le gach idirbheart de chuid na n‑ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 5(1)
a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte, a thrádáiltear ar
MTFanna nó ar OTFanna nó atá imréitithe ag contrapháirtí lárnach. Maidir le hidirbhearta atá imréitithe ag
contrapháirtí lárnach sula socraítear iad laistigh de chóras socraíochta urrús,
is é an contrapháirtí lárnach a chuirfidh na bearta dá dtagraítear i mír 3 go 5
i gcrích. Maidir le hidirbhearta nach bhfuil imréitithe ag
contrapháirtí lárnach, áireoidh na margaí rialáilte, na MTFanna agus na OTFanna
ina gcuid rialacha inmheánacha oibleagáid ar a gcuid rannpháirtithe a bheith
faoi réir na mbeart dá dtagraítear i mír 3 go 5. 8. Forbróidh ESMA i gcomhairle
le comhaltaí an CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn cuntas a
thabhairt ar an gcóras a dhéanann faireachán ar theipeanna socraíochta agus na
tuarascálacha maidir le teipeanna socraíochta dá dtagraítear i mír 1,
maidir leis na nósanna imeachta a éascaíonn socraíocht na n‑idirbheart i
ndiaidh na dteipeanna socraíochta dá dtagraítear i mír 2 agus na bearta dá
dtagraítear i mír 3 go 5. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla
rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí ó dháta theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin
theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis
an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Airteagal 8
Forfheidhmiú 1. Beidh údarás ábhartha an
Bhallstáit ina bhfuil feidhm ag a dhlí maidir leis an gcóras socraíochta urrús
arna oibriú ag taisclann lárnach urrús inniúil ar a áirithiú go gcuirfear Airteagal 6
agus Airteagal 7 i bhfeidhm agus ar fhaireachán a dhéanamh ar na pionóis
arna ngearradh, i ndlúthchomhar leis na húdaráis a bheidh inniúil ar
mhaoirseacht a dhéanamh ar na margaí rialáilte, ar na MTFanna, ar na OTFanna,
agus ar na contrapháirtithe lárnacha dá dtagraítear in Airteagal 7. Go
háirithe, déanfaidh na húdaráis faireachán ar chur i bhfeidhm na bpionós dá
dtagraítear in Airteagal 7(2) agus 4 agus na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 7(6). 2. D’fhonn cleachtais
mhaoirseachta a bheidh comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a áirithiú
laistigh den Aontas maidir le hAirteagal 6 agus Airteagal 7 den Rialachán
seo, féadfaidh ESMA treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de
Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Teideal III
Taisclanna lárnacha urrús Caibidil I
Taisclanna lárnacha urrús a údarú agus a mhaoirsiú Roinn 1
Na
húdaráis atá freagrach as taisclanna lárnacha
urrús a údarú agus a mhaoirsiú Airteagal 9
Údarás inniúil Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina
bhfuil sí bunaithe taisclann lárnach urrús a údarú agus a mhaoirsiú. Airteagal 10
An t‑údarás inniúil a ainmniú 1. Ainmneoidh gach Ballstát ar
leith an t‑údarás inniúil a bheidh freagrach as na dualgais faoin
Rialachán seo a chomhlíonadh chun na taisclanna lárnacha urrús atá bunaithe ina
gcríocha a údarú agus a mhaoirsiú agus cuirfidh sé ESMA ar an eolas faoin méid
sin. I gcás ina n‑ainmníonn Ballstát níos mó ná
údarás inniúil amháin, cinnfidh sé na róil a bheidh ag gach údarás ar leithligh
acu agus ainmneoidh sé údarás amháin a bheidh freagrach as comhar le húdaráis
inniúla i mBallstáit eile, leis na húdaráis ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 11,
le ESMA, agus leis an ÚBE uair ar bith a dtagraítear go sonrach dóibh sa
Rialachán seo. 2. Foilseoidh ESMA liosta de na
húdaráis inniúla arna n‑ainmniú i gcomhréir le mír 1 ar a shuíomh
gréasáin. 3. Beidh na cumhachtaí
maoirseachta agus imscrúdaithe is gá ag na húdaráis inniúla chun a gcuid
feidhmeanna a fheidhmiú. Airteagal 11
Údaráis ábhartha 1. Beidh baint ag na húdaráis
seo a leanas le húdarú agus le maoirsiú taisclann lárnach urrús uair ar bith a
dtagrófar go sonrach dóibh sa Rialachán seo: (a)
an t‑údarás a bheidh freagrach as maoirsiú a
dhéanamh ar an gcóras socraíochta urrús arna oibriú ag an taisclann lárnach
urrús sa Bhallstát ina bhfuil feidhm ag a dhlí maidir leis an gcóras
socraíochta urrús sin; (b)
nuair is iomchuí, an banc ceannais san Aontas a
socraítear an ghné airgid den chóras socraíochta urrús arna oibriú ag an
taisclann lárnach urrús ina chuid leabhar nó, i gcás socraíochta trí institiúid
chreidmheasa i gcomhréir le Teideal IV, an banc ceannais san Aontas ina n‑eisítear
an t‑airgeadra ábhartha. 2. Foilseoidh ESMA liosta de na
húdaráis ábhartha dá dtagraítear i mír 1 ar a shuíomh gréasáin. Airteagal 12
Comhar idir na húdaráis 1. Rachaidh na húdaráis dá
dtagraítear in Airteagal 9 agus in Airteagal 11 agus ESMA i
ndlúthchomhar le chéile chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, go háirithe
sna cásanna éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 13. Nuair is iomchuí
agus ábhartha, áireofar ar chomhar den sórt sin comhar le húdaráis phoiblí agus
comhlachtaí poiblí eile, go háirithe na cinn sin a bunaíodh nó a ceapadh faoi
Threoir 2003/87/CE. Chun cleachtais mhaoirseachta a bheidh
comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a áirithiú laistigh den Aontas,
lena n‑áirítear comhar idir na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 9
agus in Airteagal 11 sna measúnuithe difriúla is gá do chur i bhfeidhm an
Rialacháin seo, féadfaidh ESMA treoirlínte a eisiúint a bheidh dírithe ar na
húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 9 i gcomhréir le hAirteagal 16
de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 2. Tabharfaidh na húdaráis inniúla,
i bhfeidhmiú a ndualgas ginearálta, aird mar is cuí ar an tionchar a
d’fhéadfadh a gcinntí a imirt ar chobhsaíocht an chórais airgeadais sna
Ballstáit eile ar fad lena mbaineann, go háirithe ar na cásanna éigeandála dá
dtagraítear in Airteagal 13, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil. Airteagal 13
Cásanna éigeandála Cuirfidh na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 9
agus in Airteagal 11 in iúl láithreach do ESMA agus dá chéile faoi aon
chás éigeandála a bhaineann le taisclann lárnach urrús, lena n‑áirítear
aon fhorbairtí i margaí airgeadais, a d’fhéadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith
acu ar leachtacht mhargaidh agus ar chobhsaíocht an chórais airgeadais in aon
cheann de na Ballstáit ina bhfuil an taisclann lárnach urrús nó ceann dá
rannpháirtithe bunaithe. Roinn 2
Coinníollacha
agus nósanna imeachta chun taisclanna lárnacha urrús a údarú Airteagal 14
Taisclann lárnach urrús a údarú 1. Aon duine dlítheanach a
thagann faoin sainmhíniú ar thaisclann lárnach urrús, gheobhaidh sé údarú ó
údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe roimh dó tús a chur lena
chuid gníomhaíochtaí. 2. Sonrófar san údarú na
seirbhísí atá leagtha amach i Roinn A agus i Roinn B den Iarscríbhinn, a bhfuil
an taisclann lárnach urrús údaraithe iad a sholáthar. 3. Comhlíonfaidh taisclann
lárnach urrús na coinníollacha atá riachtanach don údarú i gcónaí. Tabharfaidh taisclann lárnach urrús, gan aon
mhoill mhíchuí, fógra don údarás inniúil i dtaobh aon athruithe ábhartha ar
choinníollacha an údaraithe. Airteagal 15
An nós imeachta maidir le húdarú a dheonú 1. Déanfaidh an taisclann
lárnach urrús is iarratasóir iarratas ar údarú a chur faoi bhráid a údaráis
inniúil. 2. Mar chuid den iarratas ar
údarú, soláthróidh an taisclann lárnach urrús is iarratasóir an fhaisnéis ar
fad atá riachtanach ionas gur féidir leis an údarás inniúil bheith deimhin de
go bhfuil na socruithe ar fad atá riachtanach chun a hoibleagáidí atá leagtha
amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh bunaithe ag an taisclann lárnach urrús is
iarratasóir, tráth an údaraithe. Beidh clár oibríochtaí san iarratas ar údarú
ina leagfar amach na cineálacha gnó arna mbeartú agus eagrúchán struchtúrach na
taisclainne lárnaí urrús. 3. Laistigh de 20 lá oibre ón
iarratas a fháil, déanfaidh an t‑údarás inniúil measúnú féachaint an bhfuil
an t‑iarratas iomlán. Mura bhfuil an t‑iarratas iomlán, leagfaidh
an t‑údarás inniúil teorainn ama síos faoina gcaithfidh an taisclann
lárnach urrús is iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar. Cuirfidh an t‑údarás
inniúil an taisclann lárnach urrús is iarratasóir ar an eolas nuair a mheasfar
an t‑iarratas a bheith iomlán. 4. Ón bpointe a mheasfar go
bhfuil an t‑iarratas comhlánaithe, tarchuirfidh an t‑údarás inniúil
an fhaisnéis go léir san iarratas chuig na húdaráis ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 11
agus rachaidh sé i gcomhairle leis na húdaráis sin maidir leis na gnéithe den
chóras socraíochta urrús arna n‑oibriú ag an taisclann lárnach urrús is
iarratasóir. 5. Rachaidh an t‑údarás
inniúil i gcomhairle le húdaráis inniúla an Bhallstáit eile lena mbaineann,
roimh dó údarú a dheonú don taisclann lárnach urrús is iarratasóir, sna cásanna
seo a leanas: (a)
nuair is fochuideachta de thaisclann lárnach urrús
údaraithe i mBallstát eile í an taisclann lárnach urrús; (b)
nuair is fochuideachta de mháthairchuideachta
taisclainne lárnaí urrús atá údaraithe i mBallstát eile í an taisclann lárnach
urrús; (c)
nuair atá an taisclann lárnach urrús á rialú ag na
daoine nádúrtha nó dlítheanacha céanna a rialaíonn taisclann lárnach urrús
dhifriúil atá údaraithe i mBallstát eile. Cumhdófar an méid seo a leanas sa chomhairliúchán
dá dtagraítear sa chéad fhomhír: (a)
oiriúnacht na scairshealbhóirí agus na
rannpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 25(4) agus an cháil atá ar
dhaoine agus an taithí atá ag daoine a thugann treoir éifeachtach maidir
le gnó na taisclainne lárnaí urrús uair ar bith a bhfuil baint ag na
scairshealbhóirí, na rannpháirtithe agus na daoine sin i gcoitinne le taisclann
lárnach urrús agus le taisclann lárnach urrús atá údaraithe i mBallstát eile
araon; (b)
cibé acu a dhéanann nó nach ndéanann an caidreamh
dá dtagraítear i mír 5 idir an taisclann lárnach urrús atá údaraithe i
mBallstát eile agus an taisclann lárnach urrús is iarratasóir difear don chumas
atá ag an taisclann sin ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh. 6. Laistigh de shé mhí tar éis
iarratas iomlán a bheith curtha faoina bhráid, cuirfidh an t‑údarás
inniúil in iúl i scríbhinn, le cinneadh atá cuí‑réasúnaithe ina
iomláine, don taisclann lárnach urrús is iarratasóir ar deonaíodh nó ar
diúltaíodh an t‑údarú dó. 7. Forbróidh ESMA i gcomhairle
le comhaltaí an CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn an fhaisnéis
a shonrú a sholáthróidh an taisclann lárnach urrús is iarratasóir don údarás
inniúil san iarratas ar údarú. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla
rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí ó dháta theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin
theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis
an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
8. Forbróidh ESMA i gcomhairle
le comhaltaí an CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn
foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta
caighdeánacha a bhunú maidir leis an iarratas ar údarú. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur
chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí ó dháta theacht
i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin
theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 15 de
Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Airteagal 16
Éifeachtaí an údaraithe 1. Beidh gníomhaíochtaí na
taisclainne lárnaí urrús údaraithe teoranta do sholáthar seirbhísí a
chumhdaítear ina húdarú. 2. Ní fhéadfaidh ach amháin
taisclanna lárnacha urrús údaraithe agus bainc cheannais córais socraíochta
urrús a oibriú. 3. Ní bheidh taisclann lárnach
urrús neamhchosanta ar aon rioscaí a bhaineann le soláthar seirbhísí
coimhdeacha de chineál baincéireachta ag an institiúid chreidmheasa a bheidh
ainmnithe chun seirbhísí den sórt sin a sholáthar i gcomhréir le Teideal IV. 4. Ní bheidh taisclann lárnach urrús
údaraithe rannpháirteach i nduine dlítheanach ach amháin i gcás ina bhfuil a
chuid gníomhaíochtaí teoranta do sholáthar seirbhísí atá leagtha amach i Roinn
A agus i Roinn B den Iarscríbhinn. Airteagal 17
Gníomhaíochtaí agus seirbhísí a leathnú agus a eisfhoinsiú 1. Cuirfidh taisclann lárnach
urrús údaraithe iarraidh ar údarú faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit ina
bhfuil sí bunaithe cibé uair ar mian léi seirbhís lárnach a eisfhoinsiú chuig
tríú páirtí faoi Airteagal 28 nó a cuid gníomhaíochtaí a leathnú chun
ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a áireamh: (a) breis seirbhísí lárnacha agus coimhdeacha
atá leagtha amach i Roinn A agus i Roinn B den Iarscríbhinn nach gcumhdaítear
leis an gcéad údarú; (b) oibriú córais socraíochta urrús eile; (c) an ghné airgid ar fad nó cuid den ghné
airgid dá chóras socraíochta urrús a shocrú i leabhair de chuid bainc cheannais
eile; (d) aon nasc idir thaisclanna lárnacha urrús
a bhunú. 2. Leanfar an nós imeachta atá
leagtha amach in Airteagal 15 chun údarú a dheonú faoi mhír 1. Laistigh de thrí mhí tar éis iarratas iomlán a
bheith curtha faoina bhráid, cuirfidh an t‑údarás inniúil in iúl don
taisclann lárnach urrús is iarratasóir ar deonaíodh nó ar diúltaíodh an t‑údarú
dó. Airteagal 18
Údarú a tharraingt siar 1. Déanfaidh údarás inniúil an
Bhallstáit ina bhfuil an taisclann lárnach urrús bunaithe an t‑údarú a
tharraingt siar in aon cheann de na cásanna seo a leanas: (a)
i gcás nár úsáid an taisclann lárnach urrús an t‑údarú
ar feadh 12 mhí, i gcás ina dtréigeann sí an t‑údarú go sainráite nó i
gcás nach bhfuil seirbhísí ar bith curtha ar fáil aici ná aon ghníomhaíocht
déanta aici le linn na sé mhí roimhe sin; (b)
i gcás ina bhfuair an taisclann lárnach urrús an t‑údarú
trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodhanna neamhdhleathacha eile; (c)
i gcás nach bhfuil na coinníollacha faoinar
deonaíodh an t‑údarú á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an taisclann lárnach
urrús agus nach mbeidh na gníomhaíochtaí leasúcháin atá iarrtha ag an údarás
inniúil déanta aici laistigh de thréimhse a shocrófar; (d)
i gcás ina bhfuil an taisclann lárnach urrús tar
éis na ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán seo a shárú go córasach agus go
tromchúiseach. 2. A luaithe is a bheidh sé ar
an eolas faoi cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 1, rachaidh an t‑údarás
inniúil i gcomhairle láithreach leis na húdaráis ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 11
maidir leis an ngá an t‑údarú a tharraingt siar seachas i gcás ina bhfuil
gá le cinneadh den sórt sin ar bhonn práinne. 3. Féadfaidh ESMA agus aon údarás
ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 11 a iarraidh, tráth ar bith, go
scrúdóidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an taisclann lárnach urrús
bunaithe an cás féachaint an bhfuil an taisclann lárnach urrús fós ag
comhlíonadh na gcoinníollacha faoinar deonaíodh an t‑údarú. 4. Féadfaidh an t‑údarás
inniúil an tarraingt siar a theorannú ionas nach mbainfidh sé ach le seirbhís,
le gníomhaíocht, nó le hionstraim airgeadais ar leith. Airteagal 19
Clár na dtaisclann lárnach urrús 1. Cuirfear cinntí arna nglacadh
ag údaráis inniúla faoi Airteagal 14, Airteagal 17 agus Airteagal 18
in iúl láithreach do ESMA. 2. Cuirfidh bainc cheannais ESMA
ar an eolas láithreach faoi aon taisclann lárnach urrús atá á hoibriú acu. 3. Cuirfear ainm gach
taisclainne lárnaí urrús atá ag oibriú i gcomhlíonadh an Rialacháin seo agus ar
deonaíodh údarú nó aitheantas di faoi Airteagal 14, Airteagal 17 agus
Airteagal 23 ar liosta ina mbeidh na seirbhísí agus na haicmí ionstraimí
airgeadais sonraithe a bhfuil an taisclann lárnach urrús údaraithe ina leith.
Áireofar sa liosta sin brainsí atá á n‑oibriú ag an taisclann lárnach
urrús i mBallstáit eile agus naisc idir thaisclanna lárnacha urrús. Foilseoidh
ESMA an liosta ar a shuíomh gréasáin tiomnaithe agus coinneoidh sé cothrom le
dáta é. 4. Cuirfidh na húdaráis inniúla
dá dtagraítear in Airteagal 9 in iúl do ESMA na hinstitiúidí sin a
oibríonn mar thaisclanna lárnacha urrús laistigh de 90 lá ó dháta theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo. Roinn 3
Taisclanna
lárnacha urrús a mhaoirsiú Airteagal 20
Athbhreithniú agus meastóireacht 1. Déanfaidh an t‑údarás
inniúil, uair sa bhliain ar a laghad, athbhreithniú ar na socruithe, ar na
straitéisí, ar na próisis agus ar na sásraí arna gcur i bhfeidhm ag taisclann
lárnach urrús maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo agus déanfaidh sé
meastóireacht ar na rioscaí a bhfuil an taisclann lárnach urrús nó a bhféadfadh
an taisclann lárnach urrús a bheith neamhchosanta orthu. 2. Is é an t‑údarás
inniúil a bhunóidh a mhinice a dhéanfar an t‑athbhreithniú agus an
mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1, agus a dhoimhne a bheidh siad, ag
féachaint do mhéid, do thábhacht chórasach, do nádúr, do scála agus do
chastacht ghníomhaíochtaí na taisclainne lárnaí urrús lena mbaineann. Déanfar
an t‑athbhreithniú agus an mheastóireacht a thabhairt cothrom le dáta ar
a laghad gach bliain. 3. Féadfaidh an t‑údarás
inniúil cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar an taisclann lárnach urrús. 4. Nuair a bheidh sé i mbun an
athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, rachaidh an t‑údarás
inniúil i gcomhairle go luath leis na húdaráis ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 11
maidir le feidhmiú na gcóras socraíochta urrús arna n‑oibriú ag an
taisclann lárnach urrús. 5. Cuirfidh an t‑údarás
inniúil na húdaráis ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 11 ar an eolas go
rialta, agus uair sa bhliain ar a laghad, faoi thorthaí an athbhreithnithe agus
na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, lena n‑áirítear aon
ghníomhaíochtaí leasúcháin nó pionóis. 6. Nuair a bheidh siad i mbun an
athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh na
húdaráis inniúla atá freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar thaisclanna lárnacha
urrús a chothaíonn na cineálacha caidreamh dá dtagraítear i bpointí (a), (b)
agus (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 15(5) an fhaisnéis ar fad ar fáil
dá chéile is dóigh a dhéanfaidh a gcuid oibre níos éasca. 7. Cuirfidh an t‑údarás
inniúil de cheangal ar an taisclann lárnach urrús nach bhfuil ceanglais an
Rialacháin seo á gcomhlíonadh aici na bearta nó na céimeanna is gá a
dhéanamh go luath chun aghaidh a thabhairt ar an staid sin. 8. Forbróidh ESMA i gcomhairle
le comhaltaí an CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn an méid seo
a leanas a shonrú: (a)
an fhaisnéis a thabharfaidh an taisclann lárnach
urrús don údarás inniúil chun críocha an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír
1; (b)
an fhaisnéis a thabharfaidh an t‑údarás
inniúil do na húdaráis ábhartha dá dtagraítear i mír 5; (c)
an fhaisnéis a thabharfaidh na húdaráis inniúla dá
dtagraítear i mír 6 dá chéile. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla
rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí ó dháta theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin
theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis
an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 9. Forbróidh ESMA i gcomhairle le
comhaltaí an CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn
foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta
caighdeánacha a chinneadh maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad
fhomhír de mhír 8 a sholáthar. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur
chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí ó dháta theacht
i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin
theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 15 de Rialachán
(AE) Uimh. 1095/2010. Roinn 4
Soláthar
seirbhísí i mBallstát eile Airteagal 21
Saoirse chun seirbhísí a sholáthar i mBallstát eile 1. Féadfaidh taisclann lárnach
urrús údaraithe a cuid gníomhaíochtaí a dhéanamh laistigh de chríoch an
Aontais, trí bhrainse a bhunú nó trí sheirbhísí a sholáthar go díreach, ar
choinníoll go bhfuil na cineálacha gníomhaíochtaí lena mbaineann cumhdaithe
faoin údarú sin. 2. Más mian le haon taisclann
lárnach urrús a cuid seirbhísí a sholáthar laistigh de chríoch Ballstáit eile
den chéad uair, nó an raon seirbhísí a chuireann sí ar fáil inti a athrú, ní
mór di an fhaisnéis seo a leanas a chur in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit
ina bhfuil sí bunaithe: (d)
an Ballstát ina bhfuil sé beartaithe aici feidhmiú; (e)
clár oibríochtaí ina luaitear go háirithe na
seirbhísí atá beartaithe aici a sholáthar; (f)
i gcás brainse, struchtúr eagraíochtúil an bhrainse
agus ainmneacha na ndaoine atá freagrach as bainistiú an bhrainse. 3. Laistigh de thrí mhí ón dáta
ar a bhfaighfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh an t‑údarás
inniúil an fhaisnéis sin in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit aíochta ach
amháin i gcás ina bhfuil cúiseanna aige, tar éis an soláthar seirbhísí atá
beartaithe a chur san áireamh, a bheith amhrasach faoi leordhóthanacht
struchtúir riaracháin nó chás airgeadais na taisclainne lárnaí urrús ar mian
léi a cuid seirbhísí a sholáthar sa Bhallstát aíochta. 4. I gcás ina ndiúltaíonn an t‑údarás
inniúil an fhaisnéis a chur in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit aíochta, ní
mór dó cúiseanna an diúltaithe sin a thabhairt don taisclann lárnach urrús lena
mbaineann laistigh de thrí mhí ón am a fhaigheann sé an fhaisnéis go léir. 5. Féadfaidh an taisclann
lárnach urrús tosú ar a cuid seirbhísí a sholáthar sa Bhallstát aíochta de réir
na gcoinníollacha seo a leanas: (a)
tar éis di teachtaireacht a fháil ón údarás inniúil
sa Bhallstát aíochta ina n‑admhaítear go bhfuair an t‑údarás sin an
teachtaireacht dá dtagraítear i mír 3; (b)
mura bhfaightear aon teachtaireacht, tar éis dhá
mhí ó dháta tharchur na teachtaireachta dá dtagraítear i mír 3. 6. I gcás athraithe ar aon chuid
den fhaisnéis arna cur in iúl i gcomhréir le mír 2, tabharfaidh taisclann
lárnach urrús fógra i scríbhinn maidir leis an athrú sin d'údarás inniúil an
Bhallstáit aíochta mí amháin ar a laghad sula gcuirfear an t‑athrú chun
feidhme. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile údarás inniúil an
Bhallstáit aíochta ar an eolas faoin athrú sin freisin. Airteagal 22
Comhar idir údaráis baile agus údaráis aíochta 1. I gcás ina bhfuil taisclann
lárnach urrús atá údaraithe i mBallstát amháin tar éis brainse a bhunú i
mBallstát eile, féadfaidh údarás inniúil Bhallstát baile na taisclainne lárnaí
urrús, i bhfeidhmiú a fhreagrachtaí agus tar éis dó údarás inniúil an
Bhallstáit aíochta a chur ar an eolas ina leith, cigireachtaí ar an láthair a
dhéanamh sa bhrainse sin. 2. D’fhéadfadh údaráis inniúla
na mBallstát aíochta a cheangal ar thaisclanna lárnacha urrús a sholáthraíonn
seirbhísí i gcomhréir le hAirteagal 21 tuairisciú dóibh go tréimhsiúil
maidir lena gcuid gníomhaíochtaí sna Ballstáit aíochta sin, go háirithe chun
críche staidreamh a bhailiú. 3. Déanfaidh údarás inniúil
Bhallstát baile na taisclainne lárnaí urrús, ar iarratas ó údarás inniúil an
Bhallstáit aíochta agus laistigh de thréimhse iomchuí, céannacht na n‑eisitheoirí
agus na rannpháirtithe a chur in iúl do na córais socraíochta urrús arna n‑oibriú
ag an taisclann lárnach urrús a sholáthraíonn seirbhísí sa Bhallstát aíochta
sin chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile maidir le gníomhaíochtaí na
taisclainne lárnaí urrús sin sa Bhallstát aíochta. 4. Agus cás na margaí urrús sa
Bhallstát aíochta á chur san áireamh, maidir le gníomhaíochtaí taisclainne
lárnaí urrús atá tar éis brainse nó naisc idir‑inoibritheachta a bhunú le
taisclanna lárnacha urrús eile nó le córais socraíochta slándála sa Bhallstát
aíochta sin, má tharlaíonn sé go bhfuil tábhacht shuntasach ag baint le
gníomhaíochtaí na taisclainne sin ó thaobh fheidhmiú na margaí urrús agus
infheisteoirí a chosaint sa Bhallstát aíochta sin, bunóidh na húdaráis inniúla
baile agus aíochta socruithe comhair chun maoirseacht a dhéanamh ar
ghníomhaíochtaí na taisclainne lárnaí urrús sin sa Bhallstát aíochta. 5. I gcás ina bhfuil forais
shoiléire agus inléirithe ag údarás inniúil an Bhallstáit aíochta chun a
chreidiúint go bhfuil taisclann lárnach urrús atá ag soláthar seirbhísí
laistigh dá chríoch i gcomhréir le hAirteagal 21 ag sárú na n‑oibleagáidí
a eascraíonn as forálacha an Rialacháin seo, cuirfidh sé an t‑údarás
inniúil sa Bhallstát baile ar an eolas faoi. I gcás ina leanann an taisclann lárnach urrús de
ghníomhú ag sárú na n‑oibleagáidí a eascraíonn as forálacha an Rialacháin
seo, d’ainneoin na mbeart arna nglacadh ag údarás inniúil an Bhallstáit baile
nó toisc nach leor na bearta sin, tar éis dó an scéal a chur in iúl d’údarás
inniúil an Bhallstáit baile, glacfaidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta na
bearta iomchuí go léir is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha an
Rialacháin seo laistigh de chríoch an Bhallstáit aíochta. Cuirfear ESMA ar an
eolas faoi na bearta sin gan mhoill. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta an
cheist a tharchur chuig ESMA, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na
cumhachtaí a tugadh dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 6. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64
maidir le bearta chun na critéir a bhunú faoina bhféadfaí a bhreithniú go
mbaineann tábhacht shuntasach le hoibríochtaí taisclainne lárnaí urrús i
mBallstát aíochta maidir le feidhmiú na margaí urrús agus le cosaint
infheisteoirí sa Bhallstát aíochta sin. 7. Forbróidh ESMA
dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn foirmeacha
caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a
shonrú maidir leis na socruithe comhair dá dtagraítear i mír 1, i mír 3 agus i
mír 5. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur
chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí ó dháta theacht
i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin
theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 15 de
Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Roinn 5
Caidreamh
le tríú tíortha Airteagal 23
Tríú tíortha 1. Féadfaidh taisclann lárnach
urrús atá bunaithe i dtríú tír seirbhísí taisclainne lárnaí urrús a sholáthar
trí bhíthin brainse nó trí sholáthar díreach seirbhísí d’eisitheoirí agus do
rannpháirtithe atá bunaithe san Aontas maidir lena ngníomhaíochtaí san Aontas,
agus ní fhéadfaidh siad naisc a bhunú le taisclann lárnach urrús atá bunaithe
san Aontas, mura n‑aithníonn ESMA an taisclann lárnach urrús sin. 2. Tar éis dó dul i gcomhairle
leis na húdaráis dá dtagraítear i mír 3, tabharfaidh ESMA aitheantas do
thaisclann lárnach urrús atá bunaithe i dtríú tír a chuir isteach ar aitheantas
a fháil chun na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar, i gcás ina
gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas: (a)
go bhfuil cinneadh glactha ag an gCoimisiún i
gcomhréir le mír 6; (b)
go bhfuil an taisclann lárnach urrús faoi réir
údaraithe éifeachtaigh agus maoirseachta éifeachtaí lena n‑áirithítear go
ndéantar na ceanglais stuamachta atá infheidhme sa tríú tír sin a chomhlíonadh
go hiomlán; (c)
go bhfuil socruithe comhair bunaithe idir ESMA agus
na húdaráis inniúla sa tríú tír sin de bhun mhír 7. 3. Agus measúnú á dhéanamh aige
an gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear in mír 2, rachaidh ESMA i
gcomhairle leis na húdaráis inniúla seo a leanas: (a)
údaráis inniúla na mBallstát ina bhfuil sé
beartaithe ag an taisclann lárnach urrús seirbhísí taisclainne lárnaí urrús a
chur ar fáil; (b)
na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar
thaisclanna lárnacha urrús atá bunaithe san Aontas a bhfuil taisclann lárnach
urrús i dtríú tír tar éis naisc a bhunú leo; (c)
na húdaráis dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 11(1); (d)
an t‑údarás sa tríú tír atá inniúil chun
taisclanna lárnacha urrús a údarú agus maoirseacht a dhéanamh orthu. 4. Cuirfidh an taisclann lárnach
urrús dá dtagraítear i mír 1 a hiarratas ar aitheantas faoi bhráid ESMA. Soláthróidh an taisclann lárnach urrús is
iarratasóir an fhaisnéis uile a mheastar a bheith riachtanach maidir lena
haitheantas do ESMA. Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh
ESMA measúnú féachaint an bhfuil an t‑iarratas comhlánaithe ina iomláine.
Mura mbeidh an t‑iarratas comhlánaithe, leagfaidh ESMA teorainn ama síos
faoina gcaithfidh an taisclann lárnach urrús is iarratasóir faisnéis bhreise a
sholáthar. Is ar bhonn na gcritéar atá leagtha amach i
mír 2 a dhéanfar an cinneadh faoin aitheantas. Laistigh de shé mhí ón lá a gcuirfear isteach
iarratas comhlánaithe, cuirfidh ESMA in iúl i scríbhinn, le
cinneadh cuí-réasúnaithe ina iomláine, don taisclann lárnach urrús is
iarratasóir ar deonaíodh an t‑aitheantas nó ar diúltaíodh é. 5. Tar éis dó dul i gcomhairle
leis na húdaráis dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh ESMA athbhreithniú ar
aitheantas a thabhairt don taisclann lárnach urrús atá bunaithe i dtríú tír i
gcás ina gcuireann an taisclann lárnach urrús sin síneadh san Aontas leis na
seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 faoi réir an nós imeachta atá leagtha amach i
mír 1 go mír 4. Tarraingeoidh ESMA siar an t‑aitheantas don
taisclann lárnach urrús sin i gcás nach bhfuil na coinníollacha agus na
ceanglais de réir mhír 2 á gcomhlíonadh a thuilleadh nó sna dálaí dá
dtagraítear in Airteagal 18. 6. Féadfaidh an Coimisiún
cinneadh a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 66,
lena gcinntear go n‑áirithítear le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta
tríú tír go gcomhlíonann na taisclanna lárnacha urrús atá údaraithe sa tríú tír
sin ceanglais atá ceangailteach de réir dlí agus atá coibhéiseach leis na
ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, go bhfuil na taisclanna lárnacha
urrús sin faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus forfheidhmiú éifeachtach ar
bhonn leanúnach sa tríú tír sin agus go ndéantar foráil le creat dlíthiúil an
tríú tír sin maidir le córas coibhéiseach éifeachtach chun na taisclanna lárnacha
urrús arna n‑údarú faoi chórais dhlíthiúla tríú tíortha a aithint. 7. I gcomhréir le hAirteagal 33(1)
de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, bunóidh ESMA socruithe comhair le
húdaráis inniúla iomchuí na dtríú tíortha a aithnítear go bhfuil a gcreataí dlí
agus maoirseachta coibhéiseach leis an Rialachán seo i gcomhréir le mír 6.
Sonróidh na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad: (a)
an sásra don mhalartú faisnéise idir ESMA agus
údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, lena n‑áirítear rochtain
ar gach faisnéis a iarrann ESMA faoi na taisclanna lárnacha urrús atá údaraithe
i dtríú tíortha; (b)
an sásra chun fógra pras a thabhairt do ESMA i gcás
ina measfaidh údarás inniúil tríú tír go bhfuil coinníollacha a údaraithe nó
coinníollacha reachtaíochta eile á sárú ag taisclann lárnach urrús a bhfuil
maoirseacht á déanamh ag an údarás inniúil uirthi, ar coinníollacha iad a
bhfuil sé d'oibleagáid uirthi cloí leo; (c)
na nósanna imeachta maidir le comhordú na
ngníomhaíochtaí maoirseachta lena n‑áirítear nuair is iomchuí,
cigireachtaí ar an láthair. I gcás ina bhforáiltear d’aistrithe sonraí
pearsanta ag Ballstát i gcomhaontú comhair, comhlíonfar forálacha Threoir
95/46/CE agus na haistrithe sin á ndéanamh agus i gcás ina bhforáiltear
d’aistrithe sonraí pearsanta ag ESMA i gcomhaontú comhair, comhlíonfar
forálacha Rialachán (AE) Uimh. 45/2001 agus na haistrithe sin á ndéanamh. 8. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64
i dtaobh beart lena sonrófar na seirbhísí a ndéanfaidh taisclann lárnach urrús
atá bunaithe i dtríú tír iarratas ar aitheantas ina leith ó ESMA faoi mhír 1
agus an fhaisnéis a sholáthróidh an taisclann lárnach urrús is iarratasóir do
ESMA ina hiarratas ar aitheantas faoi mhír 4. Caibidil II
Ceanglais maidir le taisclanna lárnacha urrús Roinn 1
Ceanglais
eagraíochtúla Airteagal 24
Forálacha ginearálta 1. Beidh socruithe stóinseacha
rialachais ag taisclann lárnach urrús, lena n‑áireofar struchtúr soiléir
eagraíochtúil a mbeidh freagrachtaí dea-shainithe, trédhearcacha agus
comhsheasmhacha ann, próisis éifeachtacha chun rioscaí a bhfuil sí nó a
bhféadfadh sí a bheith nochtaithe dóibh a shainaithint, a bhainistiú, a
thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu, mar aon le sásraí leordhóthanacha
um rialú inmheánach, lena n‑áirítear nósanna imeachta fónta ó thaobh an
riaracháin agus na cuntasaíochta de. 2. Glacfaidh taisclann lárnach
urrús beartais agus nósanna imeachta atá éifeachtach a ndóthain chun
comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, lena n‑áirítear forálacha uile
an Rialacháin seo a bheith á gcomhlíonadh ag a bainisteoirí agus a fostaithe. 3. Déanfaidh taisclann lárnach
urrús socruithe eagrúcháin agus riaracháin éifeachtacha i scríbhinn a
chothabháil agus a oibriú chun aon choinbhleachtaí leasa a aithint a
d’fhéadfadh a bheith ann idir í féin, lena n‑áirítear a bainisteoirí, a
fostaithe, comhaltaí a boird nó aon duine a bhfuil baint dhíreach nó indíreach
aige leo, agus a rannpháirtithe nó a gcliaint sin. Déanfaidh sí nósanna
imeachta leordhóthanacha maidir le réiteach a chothabháil agus a chur chun
feidhme nuair a thiocfaidh coinbhleachtaí leasa féideartha chun cinn. 4. Cuirfidh taisclann lárnach
urrús a socruithe rialachais agus na rialacha lena rialaítear a gníomhaíocht ar
fáil don phobal. 5. Beidh nósanna imeachta
iomchuí ag taisclann lárnach urrús le go bhféadfaidh a fostaithe sáruithe
féideartha a thuairisciú go hinmheánach ar bhealach sonrach. 6. Déanfar iniúchtaí rialta agus
neamhspleácha ar thaisclann lárnach urrús. Cuirfear torthaí na n‑iniúchtaí
seo in iúl don bhord agus cuirfear ar fáil don údarás inniúil iad. 7. Déanfaidh taisclann lárnach
urrús atá faoi cheangal ag naisc chaipitiúla le taisclann lárnach urrús eile,
le cuideachta shealbhaíochta nó le hinstitiúid chreidmheasa dá dtagraítear i
dTeideal IV beartais agus nósanna imeachta mionsonraithe a ghlacadh ina
sonrófar an chaoi ina mbeidh feidhm ag na ceanglais atá leagtha síos san Airteagal seo
maidir leis an ngrúpa agus maidir le heintitis éagsúla an ghrúpa. 8. Forbróidh ESMA i gcomhairle
le comhaltaí an CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na
huirlisí faireacháin maidir le rioscaí na dtaisclann lárnach urrús dá
dtagraítear i mír 1, agus freagrachtaí an phríomhphearsanra i leith na rioscaí
sin, na coinbhleachtaí leasa féideartha dá dtagraítear i mír 3 agus na modhanna
iniúchta dá dtagraítear i mír 6 ar leibhéal na taisclainne lárnaí urrús agus ar
leibhéal an ghrúpa. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla
rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí ó dháta theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin
theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis
an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Airteagal 25
Bainistíocht shinsearach, an bord agus scairshealbhóirí 1. Beidh dea-cháil ar lucht
bainistíochta sinsearaí taisclainne lárnaí urrús agus beidh a ndóthain taithí
acu le háirithiú go ndéanfar bainistiú fónta stuama ar an taisclann lárnach
urrús. 2. Beidh bord ag an taisclann
lárnach urrús a mbeidh aon trian ar a laghad dá chomhaltaí, beirt chomhaltaí ar
a laghad, neamhspleách. 3. Ní bheidh cúiteamh na
gcomhaltaí neamhspleácha ná na gcomhaltaí neamhfheidhmiúcháin eile den bhord
nasctha le feidhmíocht ghnó na taisclainne lárnaí urrús. 4. Beidh comhaltaí oiriúnacha ar
an mbord a mbeidh meascán iomchuí scileanna, taithí agus eolais ar an eintiteas
agus ar an margadh acu. 5. Cinnfidh taisclann lárnach
urrús róil agus freagrachtaí an bhoird go soiléir agus cuirfidh sí
miontuairiscí na gcruinnithe boird ar fáil don údarás inniúil. 6. Scairshealbhóirí agus
rannpháirtithe na taisclainne lárnaí urrús atá in ann rialú a fheidhmiú ar
bhainistíocht na taisclainne lárnaí urrús, go díreach nó go hindíreach, beidh
siad oiriúnach chun bainistiú fónta agus stuama na taisclainne lárnaí urrús a
áirithiú. 7. Maidir le taisclann lárnach
urrús: (a)
soláthróidh sí don údarás inniúil faisnéis maidir
le húinéireacht na taisclainne lárnaí urrús, agus go háirithe, maidir le
céannacht agus scála leasanna aon pháirtithe atá in ann rialú a fheidhmiú ar
oibriú na taisclainne lárnaí urrús agus poibleoidh sí an fhaisnéis sin; (b)
cuirfidh sí in iúl don údarás inniúil aon aistriú
ar úinéireacht as a n‑eascraíonn athrú ar chéannacht na ndaoine a
fheidhmíonn rialú ar oibriú na taisclainne lárnaí urrús agus poibleoidh sí an t‑aistriú
sin. 8. Laistigh de 60 lá oibre ón
bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 7 a fháil, déanfaidh an t‑údarás inniúil
cinneadh maidir leis na hathruithe atá beartaithe ar rialú na taisclainne
lárnaí urrús. Diúltóidh an t‑údarás inniúil na
hathruithe atá beartaithe ar rialú na taisclainne lárnaí urrús a fhormheas i
gcás ina bhfuil forais oibiachtúla agus inléirithe ann chun a chreidiúint go
gcuirfidís bainistiú fónta agus stuama na taisclainne lárnaí urrús nó cumas na
taisclainne lárnaí urrús an Rialachán seo a chomhlíonadh i mbaol. Airteagal 26
Coiste úsáideoirí 1. Bunóidh an taisclann lárnach
urrús coistí úsáideoirí le haghaidh gach córais socraíochta urrús arna oibriú
aici, ar a mbeidh ionadaithe eisitheoirí na gcóras socraíochta urrús sin agus a
rannpháirtithe. Beidh comhairle an choiste úsáideoirí neamhspleách ar aon
tionchar díreach ó lucht bainistíochta na taisclainne lárnaí urrús. 2. Saineoidh an taisclann
lárnach urrús an sainordú do gach coiste úsáideoirí atá bunaithe, na socruithe
rialachais is gá chun a neamhspleáchas a áirithiú, a nósanna imeachta
oibriúcháin, na critéir iontrála agus an sásra toghcháin le haghaidh chomhaltaí
an choiste úsáideoirí. Beidh na socruithe rialachais ar fáil don phobal, agus
áiritheofar leo go dtuairisceoidh an coiste úsáideoirí go díreach don bhord
agus go reáchtálfaidh sé cruinnithe rialta. 3. Cuirfidh na coistí úsáideoirí
comhairle ar bhord na taisclainne lárnaí urrús maidir leis na príomhshocruithe
a mbíonn tionchar acu ar a gcomhaltaí, lena n‑áirítear na critéir chun
glacadh le heisitheoirí nó rannpháirtithe ina gcórais socraíochta urrús faoi
seach, an leibhéal seirbhíse agus an struchtúr praghsála. 4. Gan dochar do cheart na n‑údarás
inniúil a bheith curtha ar an eolas mar is cuí, beidh comhaltaí na gcoistí
úsáideoirí faoi cheangal ag forálacha rúndachta. I gcás ina gcinnfidh
cathaoirleach an choiste úsáideoirí go bhfuil coinbhleacht leasa nó go
bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ag comhalta i ndáil le ceist ar leith,
ní bheidh cead ag an gcomhalta sin vótáil ar an gceist sin. 5. Cuirfidh taisclann lárnach
urrús an t‑údarás inniúil ar an eolas go pras faoi aon chinneadh lena
gcinnfidh an bord gan comhairle an choiste úsáideoirí a leanúint. Airteagal 27
Taifead a choinneáil
1. Coimeádfaidh taisclann
lárnach urrús na taifid ar fad ar na seirbhísí agus ar an ngníomhaíocht a
sholáthrófar, ar feadh deich mbliana ar a laghad, ionas gur féidir leis an
údarás inniúil faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas faoin
Rialachán seo. 2. Cuirfidh taisclann lárnach
urrús na taifid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil ar iarratas don údarás inniúil
agus do na húdaráis ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 11 chun críche a
sainorduithe a chomhlíonadh. 3. Forbróidh ESMA i gcomhairle
le comhaltaí an CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonraí na
dtaifead dá dtagraítear i mír 1 a shonrú a choimeádfar d’fhonn faireachán a
dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Rialacháin seo ag taisclanna lárnacha
urrús. Cuirfidh ESMA na dréachtaí sin faoi bhráid an
Choimisiúin laistigh de shé mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin
theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis
an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 4. Forbróidh ESMA i gcomhairle
le comhaltaí an CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun
formáid na dtaifead dá dtagraítear i mír 1 a bhunú, a choimeádfar d’fhonn
faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Rialacháin seo ag
taisclanna lárnacha urrús. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur
chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí ó dháta theacht
i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin
theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 15 de
Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Airteagal 28
Foinsiú allamuigh 1. I gcás ina ndéanfaidh
taisclann lárnach urrús seirbhísí nó gníomhaíochtaí a eisfhoinsiú chuig tríú
páirtí, leanfaidh sí de bheith freagrach go hiomlán as a hoibleagáidí go léir a
chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus comhlíonfaidh sí na coinníollacha seo a
leanas i gcónaí: (a)
ní tharmligfear a freagrachtaí mar thoradh ar an
eisfhoinsiú; (b)
ní dhéanfar athrú ar chaidreamh ná ar oibleagáidí
na taisclainne lárnaí urrús i leith a rannpháirtithe nó i leith a heisitheoirí; (c)
ní athróidh na coinníollacha chun taisclann lárnach
urrús a údarú; (d)
ní chuirfear cosc de dheasca an eisfhoinsithe ar
fheidhmeanna maoirseachta a fheidhmiú, lena n‑áirítear rochtain ar
an láthair a bheith ar fáil ar fhaisnéis atá ag teastáil chun na feidhmeanna
sin a chomhlíonadh; (e)
ní fhágfar an taisclann lárnach urrús gan na córais
agus na rialtáin atá de dhíth chun na rioscaí a bhfuil aghaidh le thabhairt
orthu a bhainistiú de dheasca eisfhoinsiú; (f)
coinneoidh an taisclann lárnach urrús an saineolas
agus na hacmhainní is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar chaighdeán na
seirbhísí a sholáthraítear, ar leordhóthanacht an tsoláthraí seirbhísí ó thaobh
eagrúcháin agus caipitil, agus chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na
seirbhísí eisfhoinsithe agus na rioscaí a bhaineann le heisfhoinsiú a
bhainistiú; (g)
beidh rochtain dhíreach ag an taisclann lárnach
urrús ar fhaisnéis ábhartha na seirbhísí eisfhoinsithe; (h)
beidh an soláthraí seirbhísí ag comhoibriú go
díreach leis an údarás inniúil agus leis na húdaráis ábhartha dá dtagraítear in
Airteagal 11 maidir leis na gníomhaíochtaí eisfhoinsithe; (i)
áiritheoidh an taisclann lárnach urrús go
gcomhlíonfaidh an soláthraí seirbhísí na caighdeáin a leagtar síos leis an
reachtaíocht ábhartha um chosaint sonraí a mbeadh feidhm aici dá mbeadh na
soláthraithe seirbhísí bunaithe san Aontas. Beidh an taisclann lárnach urrús
freagrach as a áirithiú go leagfar amach na caighdeáin sin i gconradh idir
na páirtithe agus go gcoinneofar na caighdeáin sin. 2. Déanfaidh an taisclann
lárnach urrús a cearta agus a hoibleagáidí agus cearta agus oibleagáidí an
tsoláthraí seirbhísí a shainiú i gcomhaontú scríofa. Áireofar sa chomhaontú
eisfhoinsithe an fhéidearthacht go gcuirfeadh an taisclann lárnach urrús
deireadh leis an gcomhaontú. 3. An fhaisnéis ar fad atá de
dhíth chun gur féidir leis an údarás inniúil agus na húdaráis ábhartha dá
dtagraítear in Airteagal 11 measúnú a dhéanamh ar an dóigh ina
gcomhlíonann na gníomhaíochtaí eisfhoinsithe ceanglais an Rialacháin seo,
cuirfidh taisclann lárnach urrús an fhaisnéis sin ar fáil dóibh nuair a iarrtar
í. 4. Déanfaidh an t‑údarás
inniúil eisfhoinsiú seirbhíse lárnaí a údarú de réir Airteagal 17. 5. Ní bheidh feidhm ag mír 1 go
mír 4 i gcás ina ndéanann taisclann lárnach urrús roinnt dá seirbhísí nó gníomhaíochtaí
a eisfhoinsiú go dtí eintiteas poiblí agus i gcás ina bhfuil an t‑eisfhoinsiú
sin arna rialú ag creat dlíthiúil, rialúcháin agus oibriúcháin tiomnaithe, a
ndearna an t‑eintiteas poiblí agus an taisclann lárnach urrús ábhartha é
a chomhaontú agus a chur ar bhonn foirmiúil go comhpháirteach ar bhonn na
gceanglas a bhunaítear sa Rialachán seo. Roinn 2
Rialacha
maidir le gnó a dhéanamh Airteagal 29
Forálacha ginearálta 1. Dearfar taisclann lárnach
urrús chun riachtanais a rannpháirtithe agus na margaí ar a bhfreastalaíonn sí
a chomhlíonadh. 2. Beidh spriocanna agus
cuspóirí atá sainithe go soiléir agus atá intomhaiste agus indéanta ag
taisclann lárnach urrús, amhail i réimse na n‑íosleibhéal seirbhísí, i
réimse na n‑ionchas bainistíochta riosca agus i réimse na dtosaíochtaí
gnó. 3. Beidh rialacha trédhearcacha
maidir le láimhseáil gearán ag taisclann lárnach urrús. Airteagal 30
Ceanglais rannpháirtíochta 1. Beidh critéir
rannpháirtíochta atá nochta go poiblí ag taisclann lárnach urrús le haghaidh gach
córais socraíochta urrús arna oibriú aici, critéir lena gceadófar rochtain
chothrom agus oscailte. Beidh na critéir sin trédhearcach, oibiachtúil,
bunaithe ar rioscaí, agus neamh‑idirdhealaitheach i dtreo is go n‑áiritheofaí
rochtain chothrom agus oscailte ar an taisclann lárnach urrús. Ní cheadófar
critéir a úsáid a chuireann srian le rochtain ach amháin sa mhéid is gurb é
rialú an riosca atá ann don taisclann lárnach urrús an cuspóir atá leo. 2. Déileálfaidh taisclann
lárnach urrús le hiarrataí ar rochtain go pras trí fhreagra ar na hiarrataí sin
a chur a fáil laistigh de mhí amháin ar a dhéanaí, agus cuirfidh sí na nósanna
imeachta maidir le déileáil le hiarratais ar rochtain ar fáil go poiblí. 3. Ní fhéadfaidh taisclann
lárnach urrús rochtain a dhiúltú do rannpháirtí a chomhlíonann na critéir dá
dtagraítear i mír 1 ach amháin má thugtar údar cuí leis i scríbhinn agus má tá
sé bunaithe ar anailís riosca chuimsitheach. I gcás diúltaithe, tá sé de cheart ag an
rannpháirtí iarrthach gearán a dhéanamh le húdarás inniúil na taisclainne
lárnaí urrús a dhiúltaigh an rochtain. Déanfaidh an t‑údarás inniúil freagrach
iniúchadh cuí ar an ngearán trí mheasúnú a dhéanamh ar na cúiseanna leis an
diúltú agus tabharfaidh sé freagra réasúnaithe don rannpháirtí iarrthach. Rachaidh an t‑údarás inniúil freagrach i
gcomhairle leis an údarás inniúil in áit bhunaithe an rannpháirtí iarrthaigh
maidir leis an measúnú a dhéanann sé ar an ngearán. I gcás nach n‑aontaíonn
údarás an rannpháirtí iarrthaigh leis an measúnú a cuireadh ar fáil, déanfar an
cheist a tharchur chuig ESMA, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na
cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. I gcás ina meastar go bhfuil diúltú na taisclainne
lárnaí urrús chun rochtain a thabhairt don rannpháirtí iarrthach éagórach,
eiseoidh an t‑údarás inniúil freagrach ordú lena gceanglófar ar an
taisclann lárnach urrús sin rochtain a thabhairt don rannpháirtí iarrthach. 4. Beidh nósanna imeachta
oibiachtúla agus trédhearcacha ag an taisclann lárnach urrús maidir le
rannpháirtithe nach gcomhlíonann na critéir maidir le rannpháirtíocht dá
dtagraítear i mír 1 a thuilleadh a chur ar fionraí agus a scor go hordúil. 5. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64
maidir le bearta chun na rioscaí a shonrú a d’fhéadfadh a bheith ina mbonn
údair le diúltú ó thaisclann lárnach urrús rochtain a thabhairt do
rannpháirtithe agus chun na heilimintí den nós imeachta dá dtagraítear i mír 3
a shonrú. 6. Forbróidh ESMA i gcomhairle
le comhaltaí an CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn na
foirmeacha caighdeánacha agus na teimpléid a bhunú i gcomhair an nós imeachta
dá dtagraítear i mír 3. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur
chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí ó dháta theacht
i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin
theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 15 de
Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Airteagal 31
Trédhearcacht 1. Déanfaidh taisclann lárnach
urrús na praghsanna agus na táillí a bhaineann leis na seirbhísí a
sholáthraítear a nochtadh go poiblí maidir le gach córas socraíochta urrús arna
oibriú aici, agus maidir le gach ceann de na seirbhísí eile a chuireann sí i
gcrích. Nochtfaidh sí na praghsanna agus táillí ar gach seirbhís agus ar gach
feidhm a chuirtear ar fáil ar leithligh, lena n‑airítear lascainí agus
aisíocaíochtaí mar aon leis na coinníollacha chun tairbhe a bhaint as na
laghduithe sin. Ligfidh sé dá chustaiméirí rochtain leithleach a bheith acu ar
na seirbhísí sonracha a sholáthraítear. 2. Foilseoidh taisclann lárnach
urrús a praghasliosta chun comparáid idir thairiscintí a éascú agus chun cur ar
chumas custaiméirí an praghas a bheidh le híoc acu chun úsáid a bhaint as na
seirbhísí a réamh‑mheas. 3. Beidh taisclann lárnach urrús
faoi cheangal ag a beartas praghsála atá foilsithe. 4. Soláthróidh taisclann lárnach
urrús faisnéis dá custaiméirí lenar féidir an sonrasc a réiteach leis na
praghasliostaí atá foilsithe. 5. Déanfaidh taisclann lárnach
urrús na rioscaí a bhaineann leis na seirbhísí a sholáthraítear a nochtadh do
na rannpháirtithe go léir. 6. Tabharfaidh taisclann lárnach
urrús cuntas go leithleach i dtaobh chostais agus ioncaim na seirbhísí a
sholáthraítear agus nochtfaidh sí an fhaisnéis sin don údarás inniúil. Airteagal 32
Nósanna imeachta cumarsáide le rannpháirtithe agus le
bonneagair eile mhargaidh Úsáidfidh taisclanna lárnacha urrús na
caighdeáin agus na nósanna imeachta cumarsáide atá aitheanta le haghaidh
teachtaireachtaí agus sonraí tagartha d’fhonn taifeadadh, íocaíocht agus
socraíocht éifeachtúil a éascú ina gcuid nósanna imeachta cumarsáide le
rannpháirtithe na gcóras socraíochta urrús arna n‑oibriú acu agus leis na
bonneagair mhargaidh a mbíonn siad ag plé leo. Roinn 3
ceanglais
maidir le seirbhísí taisclainne lárnaí urrús Airteagal 33
Forálacha ginearálta Beidh rialacha agus nósanna imeachta iomchuí
ag taisclann lárnach urrús le haghaidh gach córais socraíochta urrús atá á
oibriú aici, lena n‑áirítear rialtáin agus cleachtais chuntasaíochta
stóinsithe, d’fhonn cabhrú chun sláine eisiúintí urrús a áirithiú, agus na
rioscaí a bhaineann le hidirbhearta urrús a choimeád slán agus a shocrú a
laghdú agus a bhainistiú. Airteagal 34
Sláine na heisiúna 1. Glacfaidh taisclann lárnach
urrús bearta réitigh iomchuí le fíorú go bhfuil líon na n‑urrús atá i
gceist in eisiúint urrús nó i gcuid d’eisiúint urrús a chuirtear faoi bhráid na
taisclainne lárnaí urrús cothrom le suim na n‑urrús atá taifeadta ar
chuntais urrús rannpháirtithe an chórais socraíochta urrús arna oibriú ag an
taisclann lárnach urrús. Déanfar na bearta réitigh sin ar bhonn ionlae. 2. Nuair is iomchuí, agus más
rud é go bhfuil baint ag eintitis eile leis an bpróiseas réitigh maidir le
heisiúint urrús áirithe, amhail an t‑eisitheoir, na cláraitheoirí, na
gníomhairí eisiúna, na gníomhairí aistrithe, na taisceoirí coiteanna, taisclanna
lárnacha urrús eile nó eintitis eile, ceanglóidh an taisclann lárnach urrús ar
na heintitis sin bearta comhair agus malartaithe faisnéise leordhóthanacha a
chur ar bun leis an taisclann lárnach urrús ionas go gcoinneofar sláine na
heisiúna. 3. Ní cheadófar rótharraingtí
urrús, iarmhéideanna dochair ná cruthú urrús i gcóras socraíochta urrús arna
oibriú ag taisclann lárnach urrús. 4. Forbróidh ESMA i gcomhairle
le comhaltaí an CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn na bearta
réitigh a ghlacfaidh taisclann lárnach urrús faoi mhír 1 go mír 3 a shonrú. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla
rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí ó dháta theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin
theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis
an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Airteagal 35
Urrúis na rannpháirtithe a chosaint 1. Coinneoidh taisclann lárnach
urrús taifid agus cuntais maidir le gach córas socraíochta urrús arna oibriú
aici, lena gcuirfear ar a cumas, aon tráth agus gan mhoill, urrúis rannpháirtí
amháin a idirdhealú sna cuntais leis an taisclann lárnach urrús ó urrúis aon
rannpháirtí eile agus, más infheidhme, ó shócmhainní na taisclainne lárnaí
urrús féin. 2. Coinneoidh taisclann lárnach
urrús taifid agus cuntais lena gcuirfear ar chumas rannpháirtí idirdhealú a
dhéanamh idir urrúis an rannpháirtí sin agus urrúis chliaint an rannpháirtí
sin. 3. Beidh taisclann lárnach urrús
sásta taifid agus cuntais a choinneáil lena gcuirfear ar chumas rannpháirtí
idirdhealú a dhéanamh idir urrúis gach duine de chliaint an rannpháirtí sin, má
tá a leithéid ag teastáil ón rannpháirtí sin agus dá réir (‘leithscaradh
cliaint aonair’). 4. Déanfaidh taisclann lárnach
urrús an leibhéal cosanta agus na costais a bhaineann leis na leibhéil éagsúla
leithscartha a sholáthraíonn sí a nochtadh don phobal, agus déanfaidh sí na
seirbhísí sin a thairiscint de réir téarmaí tráchtála réasúnta. 5. Ní bhainfidh taisclann
lárnach urrús úsáid as urrúis rannpháirtí chun aon chríche mura bhfuil toiliú
sainráite an rannpháirtí sin faighte aici. 6. Forbróidh ESMA i gcomhairle
le comhaltaí an CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na
modhanna cuntais reatha agus na struchtúir chuntais lenar féidir idirdhealú a
dhéanamh idir na sealúchais dá dtagraítear faoi mhír 1 go mír 3 agus na
modhanna measúnaithe ina leith. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla
rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí ó dháta theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin
theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis
an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Airteagal 36
Críochnaitheacht socraíochta 1. Áiritheoidh taisclann lárnach
urrús go gcuirfidh an córas socraíochta urrús arna oibriú aici cosaint
leormhaith ar fáil do rannpháirtithe. Déanfar an córas socraíochta urrús arna
oibriú ag taisclann lárnach urrús a ainmniú agus a fhógairt de réir na nósanna
imeachta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE. 2. Déanfaidh taisclann lárnach
urrús nósanna imeachta a bhunú maidir lena córais socraíochta urrús lena
gcumasófar socraíocht a bhaint amach go tráthúil, neamhchosaint íosta a
rannpháirtithe ar riosca contrapháirtí agus riosca leachtachta agus ráta íseal
teipeanna socraíochta. 3. Saineoidh taisclann lárnach
urrús go soiléir an pointe ag a mbeidh orduithe aistrithe i gcóras socraíochta
urrús do-athraitheach, in‑fhorfheidhmithe le dlí agus ceangailteach ar
thríú páirtithe. 4. Nochtfaidh taisclann lárnach
urrús an pointe ama ag a mbeidh aistrithe cistí agus urrús i gcóras socraíochta
urrús do-athraitheach, in‑fhorfheidhmithe le dlí agus ceangailteach ar
thríú páirtithe. 5. Beidh feidhm ag mír 3 agus ag
mír 4 gan dochar do na forálacha is infheidhme maidir le naisc agus
comhbhonneagar TF socraíochta dá bhforáiltear faoi Airteagal 45. 6. Bainfidh taisclann lárnach
urrús críochnaitheacht socraíochta amach tráth nach déanaí ná deireadh an lae
gnó ar an dáta socraíochta atá beartaithe. Ar éileamh óna coiste úsáideoirí,
déanfaidh sí córais a shuiteáil lena gcumasófar socraíocht ionlae nó fíorama. 7. Cuirfear fáltais airgid
socraíochtaí urrús ar fáil d’fhaighteoirí lena n‑úsáid tráth nach déanaí
ná deireadh an lae gnó aran dáta socraíochta atá beartaithe. 8. Gach idirbheart urrús i
gcoinne airgid idir rannpháirtithe díreacha na gcóras socraíochta urrús arna n‑oibriú
ag taisclann lárnach urrús, socrófar iad ar bhonn soláthair in áit íocaíochta. 9. Forbróidh ESMA i gcomhairle
le comhaltaí an CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na
heilimintí de na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 2 lena gcumasófar
socraíocht a bhaint amach go tráthúil. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla
rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí ó dháta theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin
theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis
an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Airteagal 37
Socraíocht airgid 1. I gcás idirbheart atá
ainmnithe in airgeadra na tíre ina dtarlaíonn an tsocraíocht tráth ar bith a
mbíonn sé praiticiúil agus ar fáil, socróidh taisclann lárnach urrús
íocaíochtaí airgid a córas socraíochta urrús faoi seach trí bhíthin cuntas arna
n‑oscailt le banc ceannais a fheidhmíonn faoi réir an airgeadra sin. 2. Nuair nach mbíonn sé
praiticiúil socraíocht a dhéanamh i gcuntais an bhainc ceannais ná nuair nach
mbíonn an tsocraíocht ar fáil, féadfaidh taisclann lárnach urrús tairiscint a
dhéanamh na híocaíochtaí airgid a shocrú le haghaidh a córas socraíochta urrús
ar fad nó le haghaidh cuid díobh trí bhíthin cuntas arna n‑oscailt le
hinstitiúid chreidmheasa. Má dhéanann taisclann lárnach urrús tairiscint
socraíocht a dhéanamh i gcuntais arna n‑oscailt le hinstitiúid
chreidmheasa, déanfaidh sí é sin i gcomhréir le forálacha Theideal IV. 3. I gcás ina dtairgeann
taisclann lárnach urrús socraíocht i gcuntais an bhainc ceannais agus i
gcuntais arna n‑oscailt le hinstitiúid chreidmheasa araon, beidh sé de
cheart ag a rannpháirtithe rogha a dhéanamh idir an dá rogha sin. 4. Cuirfidh taisclann lárnach
urrús faisnéis leordhóthanach ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh ionas gur
féidir leo na rioscaí agus na costais a bhaineann leis na seirbhísí sin a
shainaithint agus chun meastóireacht a dhéanamh orthu. 5. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64
maidir le bearta ina sainítear na cásanna nach mbíonn socrú na n‑íocaíochtaí
airgid in airgeadra ar leith trí bhíthin cuntas arna n‑oscailt le banc
ceannais praiticiúil ná ar fáil agus ina sainítear na modhanna measúnaithe ina
leith. Airteagal 38
Rialacha agus nósanna imeachta maidir le mainneachtain
rannpháirtí 1. Maidir le gach córas
socraíochta urrús arna oibriú aici, beidh rialacha agus nósanna imeachta
éifeachtacha atá sainithe go soiléir ag an taisclann lárnach urrús chun
mainneachtain rannpháirtí a bhainistiú lena n‑áiritheofar go nglacfaidh
an taisclann lárnach urrús gníomhaíocht thráthúil chun caillteanais agus brúnna
leachtachta a rialú agus go leanfaidh sí ar aghaidh ag comhlíonadh a
hoibleagáidí. 2. Cuirfidh taisclann lárnach
urrús a rialacha agus nósanna imeachta maidir le mainneachtain ar fáil don
phobal. 3. Tabharfaidh taisclann lárnach
urrús faoi thástáil agus faoi athbhreithniú ar bhonn tréimhsiúil ar a nósanna
imeachta mainneachtana i gcomhpháirt lena rannpháirtithe agus le páirtithe
leasmhara ábhartha eile chun a áirithiú go bhfuil siad praiticiúil agus
éifeachtach. 4. Chun feidhmiú comhsheasmhach
an airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ESMA treoirlínte a eisiúint i gcomhréir
le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Roinn 4
Ceanglais
stuamachta Airteagal 39
Ceanglais ghinearálta Glacfaidh taisclann lárnach urrús creat
bainistithe riosca fónta chun rioscaí dlíthiúla, gnó, oibriúcháin agus eile a
bhainistiú go cuimsitheach. Airteagal 40
Rioscaí dlíthiúla 1. Chun críche údaraithe agus
maoirseachta, agus chun críche a custaiméirí a chur ar an eolas, beidh ag
taisclann lárnach urrús rialacha, nósanna imeachta agus conarthaí atá soiléir
agus intuigthe lena n‑áirítear cinn le haghaidh na gcóras socraíochta
urrús arna n‑oibriú aici. 2. Déanfaidh taisclann lárnach
urrús a rialacha, a nósanna imeachta agus a conarthaí a cheapadh ionas gur
féidir iad a fhorfheidhmiú i ngach dlínse ábhartha, lena n‑áirítear i
gcás mhainneachtain an rannpháirtí. 3. Sainaithneoidh agus maolóidh
taisclann lárnach urrús a bhfuil gnó á dhéanamh aici i ndlínsí éagsúla na
rioscaí a eascraíonn as easaontachtaí féideartha dlíthe sna dlínsí éagsúla. Airteagal 41
Riosca ginearálta gnó Beidh uirlisí bainistithe agus rialaithe TF
stóinsithe ag taisclann lárnach urrús chun rioscaí ginearálta gnó a
shainaithint agus a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu, lena n‑áirítear
straitéis ghnó, sreafaí airgid agus speansais oibriúcháin. Airteagal 42
Rioscaí oibriúcháin 1. Sainaithneoidh taisclann
lárnach urrús na foinsí féideartha go léir a bhaineann le riosca oibriúcháin,
idir inmheánach agus seachtrach, agus íoslaghdóidh sí a dtionchar trí bhíthin
uirlisí TF, rialuithe agus nósanna imeachta iomchuí a úsáid, lena n‑áirítear
le haghaidh na gcóras socraíochta urrús go léir arna n‑oibriú aici. 2. Coimeádfaidh taisclann
lárnach urrús uirlisí TF iomchuí chun ardleibhéal slándála agus iontaofachta
oibriúcháin a áirithiú, agus beidh cumas leordhóthanach ar fáil di freisin.
Déileálfar go leordhóthanach le castacht, le héagsúlacht agus le cineál na
seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí atá á bhfeidhmiú trí bhíthin uirlisí
teicneolaíochta faisnéise d’fhonn ardchaighdeáin slándála, sláine agus rúndacht
na faisnéise a choimeádtar a áirithiú. 3. I gcás a seirbhísí nótaire
agus cothabhála lárnaí agus i gcás gach córais socraíochta urrús a oibríonn sí,
ceapfaidh taisclann lárnach urrús beartas leormhaith um leanúnachas gnó agus
plean athshlánaithe ó thubaiste a mbeidh sé d’aidhm leo a seirbhísí a
choinneáil slán, a hoibríochtaí a athshlánú go tráthúil agus oibleagáidí na
taisclainne lárnaí urrús a chomhlíonadh i gcás imeachtaí lena mbainfeadh riosca
suntasach go gcuirfí isteach ar oibríochtaí agus cuirfidh an taisclann lárnach
urrús iad sin i bhfeidhm agus coinneoidh sé ar bun iad. 4. Beifear in ann na
hidirbhearta ar fad a athshlánú tráth an bhriste de dhroim an phlean dá
dtagraítear i mír 3, ionas gur féidir le rannpháirtithe na taisclainne lárnaí
urrús leanúint ag oibriú faoi chinnteacht agus socraíocht a dhéanamh ar an dáta
sceidealta. Cuirfear san áireamh ann an dara láithreán próiseála a chur ar bun
mar aon leis an leibhéal riachtanach príomhacmhainní, cumas agus
feidhmiúlachtaí, lena n‑áirítear foireann a bhfuil scileanna agus taithí
iomchuí aici. 5. Déanfaidh an taisclann
lárnach urrús clár tástálacha ar na socruithe dá dtagraítear i mír 1 go mír 4 a
phleanáil agus a thabhairt chun críche. 6. Sainaithneoidh agus
bainisteoidh taisclann lárnach urrús na rioscaí ó thaobh a hoibríochtaí a
d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le príomh‑rannpháirtithe sna córais
socraíochta urrús arna n‑oibriú aici, agus le soláthraithe seirbhísí agus
fóntais, le taisclanna lárnacha urrús eile nó le bonneagair eile mhargaidh agus
déanfaidh sí faireachán orthu. 7. Forbróidh ESMA i gcomhairle
le comhaltaí an CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn an méid seo
a leanas a shainiú; na rioscaí oibriúcháin dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 6,
na modhanna chun dul i ngleic leis na rioscaí sin, iad a thástáil nó a
íoslaghdú, lena n‑áirítear na beartais um leanúnachas gnó agus na
pleananna athshlánaithe ó thubaiste dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 agus na
modhanna chun measúnú a dhéanamh orthu. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla
rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí ó dháta theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin
theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis
an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Airteagal 43
Rioscaí infheistíochta 1. Déanfaidh taisclann lárnach
urrús a sócmhainní airgeadais a shealbhú i mbainc cheannais nó in institiúidí
creidmheasa údaraithe a bhfuil cleachtais chuntasaíochta stóinsithe, nósanna
imeachta maidir le slánchoimeád agus rialuithe inmheánacha acu ionas gur féidir
na sócmhainní sin a chosaint go hiomlán. 2. Beidh rochtain phras ag
taisclann lárnach urrús ar a sócmhainní nuair is gá. 3. Ní infheisteoidh taisclann
lárnach urrús a hacmhainní airgeadais ach in airgead tirim nó in ionstraimí
airgeadais fíorleachtacha a mbaineann riosca íosta margaidh agus creidmheasa
leo. Beifear in ann na hinfheistíochtaí sin a leachtú go tapa gan ach éifeacht
dhíobhálach an‑bheag a imirt ar phraghsanna. 4. Cuirfidh taisclann lárnach
urrús a neamhchosaintí foriomlána ar riosca creidmheasa i leith institiúidí
aonair san áireamh nuair a bheidh a cinneadh infheistíochta á dhéanamh
aici agus áiritheoidh sí go bhfanfaidh a neamhchosaint fhoriomlán ar riosca i
leith aon institiúide aonair laistigh de theorainneacha comhchruinnithe
inghlactha. Airteagal 44
Ceanglais chaipitil 1. Beidh caipiteal, chomh maith
le tuilleamh coimeádta agus cúlchistí de chuid taisclainne lárnaí urrús
comhréireach leis na rioscaí a thig as gníomhaíochta na taisclainne lárnaí
urrús. Beidh sé leordhóthanach i gcónaí chun an méid seo a leanas a dhéanamh: (a)
a áirithiú go mbeidh an taisclann lárnach urrús
cosanta go leormhaith ar rioscaí oibriúcháin, dlíthiúla, gnó, coimeádta agus
infheistíochta; (b)
caillteanais fhéideartha a bhaineann le
caillteanais gnó ghinearálta a chumhdach, ionas gur féidir leis an taisclann
lárnach urrús leanúint ar aghaidh ag soláthar seirbhísí mar ghnóthas leantach; (c)
a áirithiú go ndéanfar foirceannadh ordúil nó
athstruchtúrú ar ghníomhaíochtaí na taisclainne lárnaí urrús thar thréimhse
iomchuí i gcás mainneachtana; (d)
a ligean don taisclann lárnach urrús íoc as a
costais oibriúcháin reatha agus réamh‑mheasta ar feadh sé mhí ar a laghad
faoi réir raon cásanna struis. 2. Coimeádfaidh taisclann
lárnach urrús plean maidir leis an méid seo a leanas: (a)
caipiteal breise a chruinniú i gcás ina ndruideann
a caipiteal cothromais gar do na ceanglais dá bhforáiltear i mír 1 nó má
thiteann sé faoi bhun an méid sin; (b)
foirceannadh ordúil nó atheagrú a hoibríochtaí agus
a seirbhísí a bhaint amach i gcás nach féidir leis an taisclann lárnach urrús
caipiteal nua a chruinniú. Faomhfaidh bord stiúrthóirí nó bord coiste iomchuí
an plean seo agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn rialta. 3. Forbróidh ESMA i gcomhairle
le comhaltaí an CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn sainiú a
dhéanamh ar chaipiteal, ar thuillimh choimeádta agus ar chúlchistí na
taisclainne lárnaí urrús dá dtagraítear i mír 1 agus ar ghnéithe an phlean dá
dtagraítear i mír 2. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla
rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí ó dháta theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin
theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis
an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Roinn 5
Ceanglais
maidir le naisc idir thaisclanna lárnacha urrús Airteagal 45
Naisc idir thaisclanna lárnacha urrús 1. Sula ndéanfar nasc idir
thaisclanna lárnacha urrús a bhunú, agus ar bhonn leanúnach a luaithe is a
bhunófar an nasc, déanfaidh gach taisclann lárnach urrús lena mbaineann na
foinsí féideartha riosca dóibh féin agus dá rannpháirtithe a eascraíonn ón
socrú naisc a shainaithint, a mheasúnú, a bhainistiú agus déanfaidh siad
faireachán orthu. 2. Déanfar socruithe naisc a
údarú de réir mar a cheanglaítear le pointe (d) Airteagal 17(1). 3. Cuirfidh nasc cosaint leordhóthanach
ar fáil do na taisclanna lárnacha urrús atá nasctha agus dá rannpháirtithe, go
háirithe maidir le creidmheasanna féideartha arna nglacadh ag taisclanna
lárnacha urrús agus na rioscaí comhchruinnithe agus leachtachta atá mar thoradh
ar an socrú maidir leis an nasc. Tacóidh socrú conarthach iomchuí le nasc, ar socrú
é ina leagfar amach cearta agus oibleagáidí faoi seach na dtaisclann lárnach
urrús atá nasctha agus, nuair is gá, rannpháirtithe na dtaisclann lárnach urrús
chomh maith. Déanfar foráil i socrú conarthach lena mbainfidh impleachtaí
trasdlínsiúla maidir le rogha shoiléir dlí lena rialaítear gach gné
d’oibríochtaí an naisc. 4. I gcás aistrithe shealadaigh
urrús idir thaisclanna lárnacha urrús atá nasctha, beidh cosc ar urrúis a
athaistriú sula gcuirfear an chéad aistriú i gcrích. 5. Déanfaidh taisclann lárnach
urrús a úsáideann idirghabhálaí chun nasc a fheidhmiú le taisclann lárnach
urrús eile na rioscaí breise a eascraíonn as úsáid an idirghabhálaí sin a
thomhas agus a bhainistiú agus déanfaidh sé faireachán orthu. 6. Beidh nósanna imeachta
réitigh stóinsithe ag taisclanna lárnacha urrús atá nasctha chun a áirithiú go
bhfuil a dtaifid féin cruinn. 7. I ngeall ar naisc idir
thaisclanna lárnacha urrús, beifear in ann socraíocht ina bhfuil soláthar in
áit íocaíochta i gceist a dhéanamh i gcás idirbheart idir rannpháirtithe na
dtaisclann lárnach urrús atá nasctha, más féidir agus más praiticiúil. Déanfar
na cúiseanna le haon socraíocht nach bhfuil bunaithe ar sholáthar in áit
íocaíochta a chur in iúl do na húdaráis inniúla. 8. Bunófar i gcórais socraíochta
urrús idir‑inoibritheacha agus i dtaisclanna lárnacha urrús a úsáideann
comhbhonneagar socraíochta pointí comhionanna maidir leis na nithe seo a
leanas: (a)
an tráth a dtagann orduithe aistrithe isteach sa
chóras; (b)
do‑athraitheacht orduithe aistrithe; (c)
críochnaitheacht aistrithe urrús agus airgid. 9. Forbróidh ESMA i gcomhairle
le comhaltaí an CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn an méid seo
a leanas a shainiú: na coinníollacha dá bhforáiltear i mír 3 faoina
ndéantar foráil i ngach cineál socraithe naisc maidir le cosaint leormhaith a
thabhairt do na taisclanna lárnacha urrús atá nasctha agus dá rannpháirtithe,
go háirithe nuair a bheartaíonn taisclann lárnach urrús bheith rannpháirteach i
gcóras socraíochta urrús arna oibriú ag taisclann lárnach urrús eile,
faireachán agus bainistíocht a dhéanamh ar na rioscaí breise dá dtagraítear i
mír 5 a eascraíonn as úsáid idirghabhálaithe, na modhanna réitigh dá
dtagraítear i mír 6, na cásanna ina bhfuil réiteach bunaithe ar sholáthar in
áit íocaíochta praiticiúil agus indéanta, rud dá bhforáiltear i mír 7 agus
maidir leis na modhanna chun measúnú a dhéanamh orthu. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla
rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí ó dháta theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin
theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis
an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Caibidil III
Easaontacht dlíthe Airteagal 46
An dlí is infheidhme maidir le gnéithe dílsithe 1. Is de réir dhlí na tíre ina
ndéantar an cuntas a choimeád a rialófar aon cheist maidir le gnéithe dílsithe
ó thaobh ionstraimí airgeadais atá i seilbh taisclainne lárnaí urrús. 2. I gcás ina n‑úsáidtear
an cuntas le haghaidh socraíochta i gcóras socraíochta urrús, is é a bheidh sa
dlí is infheidhme an dlí lena rialaítear an córas socraíochta urrús sin. 3. I gcás nach n‑úsáidtear
an cuntas le haghaidh socraíochta i gcóras socraíochta urrús, glacfar leis go
bhfuil an cuntas sin á choimeád san áit a bhfuil gnátháit chónaithe na
taisclainne lárnaí urrús arna cinneadh le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 593/2008
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[24].
4. Ciallaíonn cur i bhfeidhm
dhlí aon tíre a shonraítear leis an Airteagal seo cur i bhfeidhm na
rialacha dlí a bheidh i bhfeidhm sa tír sin seachas a rialacha dlí
idirnáisiúnta phríobháidigh. Caibidil IV
Rochtain ar thaisclanna lárnacha urrús roinn 1
Rochtain
eisitheoirí ar thaisclanna lárnacha urrús Airteagal 47
Saoirse chun eisiúint a dhéanamh i dtaisclann lárnach
urrús atá údaraithe san AE 1. Gan dochar don dlí
corparáideach faoina bhfuil na hurrúis bunaithe, beidh sé de cheart ag
eisitheoir socrú a dhéanamh go mbeadh a urrúis taifeadta i dtaisclann lárnach
urrús ar bith atá bunaithe i mBallstát ar bith. 2. I gcás ina gcuireann
eisitheoir iarraidh isteach ar a urrúis a thaifeadadh i dtaisclann lárnach
urrús, tabharfaidh an taisclann lárnach urrús faoin iarraidh sin go pras agus
cuirfidh sí freagra ar fáil don eisitheoir iarrthach laistigh de thrí mhí. 3. Féadfaidh taisclann lárnach
urrús diúltú seirbhísí a chur ar fáil d’eisitheoir. Ní fhéadfaidh an diúltú sin
a bheith bunaithe ach amháin ar anailís riosca chuimsitheach nó ar éagmais
rochtana ag an taisclann lárnach urrús ar fhothaí idirbheart ón margadh ina
dtrádáiltear nó ina dtrádálfar urrúis an eisitheora iarrthaigh. 4. I gcás ina ndiúltaíonn
taisclann lárnach urrús seirbhísí a chur ar fáil d’eisitheoir, cuirfidh sí na
cúiseanna iomlána lena ndiúltú ar fáil don eisitheoir iarrthach. I gcás diúltaithe, tá sé de cheart ag an
eisitheoir iarrthach gearán a dhéanamh le húdarás inniúil na taisclainne lárnaí
urrús a dhiúltaíonn a seirbhísí a chur ar fáil. Déanfaidh údarás inniúil na taisclainne lárnaí
urrús sin iniúchadh cuí ar an ngearán trí mheasúnú a dhéanamh ar na cúiseanna
leis an diúltú a thug an taisclann lárnach urrús agus tabharfaidh sé freagra
réasúnaithe don eisitheoir. Rachaidh údarás inniúil freagrach na taisclainne
lárnaí urrús i gcomhairle leis an údarás inniúil in áit bhunaithe an eisitheora
iarrthaigh maidir leis an measúnú a dhéanfaidh sé ar an ngearán. I gcás nach n‑aontaíonn
údarás áit bhunaithe an eisitheora iarrthaigh leis an measúnú sin, déanfar an
cheist a tharchur chuig ESMA, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na
cumhachtaí a tugadh dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. I gcás ina meastar go bhfuil diúltú na taisclainne
lárnaí urrús a seirbhísí a chur ar fáil don eisitheoir éagórach, eiseoidh an t‑údarás
inniúil atá freagrach ordú lena gceanglófar ar an taisclann lárnach urrús sin a
seirbhísí a chur ar fáil don eisitheoir iarrthach. 5. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64
maidir le bearta chun na rioscaí a shonrú a d’fhéadfadh a bheith ina mbonn
údair le diúltú ó thaisclann lárnach urrús rochtain a thabhairt d’eisitheoirí
agus chun na heilimintí den nós imeachta dá dtagraítear i mír 4 a shonrú. 6. Forbróidh ESMA i gcomhairle
le comhaltaí an CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn
foirmeacha caighdeánacha agus teimpléid a bhunú i gcomhair an nós imeachta dá
dtagraítear i mír 2. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur
chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí ó dháta theacht
i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin
theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 15 de
Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. roinn 2
Rochtain
idir thaisclanna lárnacha urrús Airteagal 48
Rochtain chaighdeánach ar nasc Beidh sé de cheart ag taisclann lárnach urrús
a bheith ina rannpháirtí de thaisclann lárnach urrús eile i gcomhréir le hAirteagal 30
agus faoi réir údarú an naisc idir thaisclanna lárnacha urrús dá bhforáiltear
faoi Airteagal 17. Airteagal 49
Rochtain shaincheaptha ar nasc 1. I gcás ina n‑iarrann
taisclann lárnach urrús amháin ar thaisclann lárnach urrús eile feidhmeanna
speisialta a fhorbairt ionas go mbeadh rochtain ar an taisclann lárnach urrús
eile sin, ní fhéadfaidh an taisclann lárnach urrús is faighteoir an iarraidh
sin a dhiúltú ach amháin ar bhonn cúinsí riosca. Ní fhéadfaidh sé iarraidh a
dhiúltú mar gheall ar sciar den mhargadh a chailliúint. 2. Féadfaidh an taisclann
lárnach urrús is faighteoir táille a ghearradh ar an taisclann lárnach urrús
iarrthach as rochtain shaincheaptha ar nasc a chur ar fáil ar bhonn costais
plus, mura gcomhaontaítear a mhalairt idir an dá pháirtí. Airteagal 50
Nós Imeachta maidir le naisc idir thaisclanna lárnacha
urrús 1. Nuair a chuireann taisclann
lárnach urrús iarraidh isteach ar rochtain ar thaisclann lárnach urrús eile, láimhseálfaidh
an dara taisclann lárnach urrús an iarraidh sin go pras agus cuirfidh sí
freagra chuig an taisclann lárnach urrús iarrthach laistigh de thrí mhí. 2. Ní fhéadfaidh taisclann
lárnach urrús rochtain a dhiúltú do thaisclann lárnach urrús iarrthach ach
amháin i gcás ina gcuirfeadh an rochtain sin isteach ar fheidhmiú na margaí
airgeadais agus ina mbeadh sí ina cúis le riosca sistéamach. Ní foláir nó go
mbeidh an diúltú sin bunaithe ar anailís riosca chuimsitheach agus uirthi sin
amháin. I gcás ina ndiúltaíonn taisclann lárnach urrús
rochtain, cuirfidh sí na cúiseanna iomlána lena diúltú ar fáil don taisclann
lárnach urrús iarrthach. I gcás diúltaithe, tá sé de cheart ag an taisclann
lárnach urrús iarrthach gearán a dhéanamh le húdarás inniúil na taisclainne
lárnaí urrús a dhiúltaigh rochtain. Déanfaidh an t‑údarás inniúil freagrach
iniúchadh cuí ar an ngearán trí mheasúnú a dhéanamh ar na cúiseanna leis an
diúltú agus tabharfaidh sé freagra réasúnaithe don taisclann lárnach urrús
iarrthach. Rachaidh an t‑údarás inniúil freagrach i
gcomhairle le húdarás inniúil na taisclainne lárnaí urrús iarrthaí maidir lena
mheasúnú ar an ngearán. I gcás nach n‑aontaíonn údarás na taisclainne
lárnaí urrús iarrthaí leis an measúnú a chuirfear ar fáil, féadfaidh an dá
údarás an cheist a chur faoi bhráid ESMA, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis
na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. I gcás ina meastar go bhfuil diúltú na taisclainne
lárnaí urrús rochtain a thabhairt don rannpháirtí iarrthach éagórach, eiseoidh
an t‑údarás inniúil freagrach ordú lena gceanglófar ar an taisclann
lárnach urrús sin rochtain a dheonú don taisclann lárnach urrús iarrthach. 3. I gcás ina gcomhaontaíonn na
taisclanna lárnacha urrús nasc a bhunú, cuirfidh siad a gcinneadh i dtaobh
údaraithe faoi bhráid a n‑údarás inniúil faoi seach i gcomhréir le hAirteagal 17,
agus déanfaidh siad a mheas an maolaítear ina n‑iomláine aon rioscaí
féideartha atá mar thoradh ar na socruithe nasctha amhail rioscaí maidir le
creidmheas, leachtacht, eagraíocht nó aon riosca ábhartha eile. Diúltóidh údaráis inniúla na dtaisclann lárnach
urrús faoi seach nasc a údarú i gcás ina gcuirfeadh sé sin isteach ar fheidhmiú
na gcóras socraíochta urrús atá á n‑oibriú ag na taisclanna lárnacha
urrús is iarratasóirí. 4. Rachaidh údaráis inniúla na
dtaisclann lárnach urrús faoi seach i gcomhairle le chéile maidir le faomhadh
an naisc, agus féadfaidh siad, más gá i gcás cinntí éagsúla, an cheist a chur
faoi bhráid ESMA, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar
dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 5. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64
maidir le bearta chun eilimintí de na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1
agus i mír 3 a shonrú. 6. Forbróidh ESMA i gcomhairle
le comhaltaí an CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn
foirmeacha caighdeánacha agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú i gcomhair na
nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 go mír 3. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur
chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí ó dháta theacht
i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin
theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 15 de
Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. roinn 3
Rochtain
idir taisclann lárnach urrús agus bonneagar eile margaidh Airteagal 51
Rochtain idir taisclanna lárnacha urrús agus bonneagar
eile margaidh 1. Cuirfidh contrapháirtí
lárnach agus ionad trádála fothaí idirbheart ar fáil ar bhonn neamh‑idirdhealaitheach
agus trédhearcach do thaisclann lárnach urrús arna iarraidh sin don taisclann
lárnach urrús agus féadfaidh siad táille a ghearradh as na fothaí idirbheart
sin ar an taisclann lárnach urrús iarrthach ar bhonn costais plus, mura
gcomhaontaítear a mhalairt idir an dá pháirtí. Soláthróidh taisclann lárnach urrús rochtain ar a
córais socraíochta urrús ar bhonn neamh‑idirdhealaitheach agus
trédhearcach do chontrapháirtí lárnach nó d’ionad trádála agus féadfaidh sí
táille a ghearradh as an rochtain sin ar bhonn costais plus, mura
gcomhaontaítear a mhalairt idir an dá pháirtí. 2. Nuair a chuireann páirtí
iarraidh ar rochtain faoi bhráid páirtí eile i gcomhréir le mír 1, láimhseálfar
an iarraidh sin go pras agus cuirfear freagra chuig an bpáirtí iarrthach
laistigh d’aon mhí amháin. 3. Ní fhéadfaidh an páirtí is
faighteoir rochtain a dhiúltú ach amháin dá gcuirfeadh an rochtain sin isteach
ar fheidhmiú na margaí airgeadais agus dá mbeadh sí ina cúis le riosca
sistéamach. Ní fhéadfaidh sé iarraidh a dhiúltú mar gheall ar sciar den
mhargadh a chailliúint. Cuirfidh páirtí a dhiúltaíonn rochtain cúiseanna
iomlána ar fáil don pháirtí iarrthach maidir leis an diúltú sin bunaithe ar
anailís riosca chuimsitheach. I gcás diúltaithe, tá sé de cheart ag an bpáirtí
iarrthach gearán a dhéanamh le húdarás inniúil an pháirtí a dhiúltaigh an
rochtain. Déanfaidh an t‑údarás inniúil freagrach
iniúchadh cuí ar an ngearán trí mheasúnú a dhéanamh ar na cúiseanna leis an
diúltú agus tabharfaidh sé freagra réasúnaithe don pháirtí iarrthach. Rachaidh an t‑údarás inniúil freagrach i
gcomhairle le húdarás inniúil an pháirtí iarrthaigh maidir leis an measúnú a
dhéanann sé ar an ngearán. I gcás nach n‑aontaíonn údarás an pháirtí
iarrthaigh leis an measúnú a chuirfear ar fáil, féadfaidh an dá údarás an
cheist a chur faoi bhráid ESMA, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na
cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. I gcás ina meastar go bhfuil diúltú ó pháirtí
rochtain a dheonú éagórach, eiseoidh an t‑údarás inniúil freagrach ordú
lena gceanglófar ar an bpáirtí sin rochtain ar a sheirbhísí a dheonú. 4. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64
maidir le heilimintí den nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 a
shonrú. 5. Forbróidh ESMA i gcomhairle
le comhaltaí an CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn
foirmeacha caighdeánacha agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú i gcomhair an
nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 go 3. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur
chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí ó dháta theacht
i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin
theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear san fhomhír roimhe seo a
ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 15
de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Teideal IV Institiúidí creidmheasa arna nainmniú chun seirbhísí coimhdeacha de chineál
baincéireachta a chur ar fáil do rannpháirtithe na dtaisclann lárnach urrús Airteagal 52
Údarú chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta
a chur ar fáil 1. Ní sholáthróidh taisclann
lárnach urrús aon cheann de na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta
atá leagtha amach in Roinn C den Iarscríbhinn. 2. De mhaolú ar mhír 1, nuair
atá an t‑údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 53(1)
den Rialachán seo deimhin de go bhfuil na coimircí ar fad is gá i bhfeidhm chun
gur féidir leis seirbhísí coimhdeacha a fheidhmiú, féadfaidh an t‑údarás
inniúil iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun a chur ar chumas na
taisclainne lárnaí urrús na seirbhísí coimhdeacha atá leagtha amach i Roinn C
den Iarscríbhinn a dhéanamh. Áireofar san iarraidh sin: (a) fianaise a thugann údar leis an iarraidh, ina
mínítear go mionsonraithe na socruithe atá curtha i bhfeidhm ag an taisclann
lárnach urrús chun déileáil leis na rioscaí gaolmhara ar fad; (b) measúnú réasúnaithe gurb é an réiteach seo an
bealach is éifeachtaí chun solúbthacht shistéamach a áirithiú; (c) anailís ar an tionchar a bhfuiltear ag súil a
bheidh ar an margadh airgeadais ábhartha agus ar chobhsaíocht airgeadais. Tar éis measúnú tionchair mionsonraithe a
dhéanamh, rachaidh sé i gcomhairle leis na gnóthais lena mbaineann, agus tar
éis tuairimí an Údaráis Eorpaigh Bhaincéireachta, ESMA agus an Bhainc Cheannais
Eorpaigh a chur san áireamh, glacfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme i
gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 66. Tabharfaidh
an Coimisiún cúiseanna lena chinneadh cur chun feidhme. Údarófar taisclann lárnach urrús a dtéann maolú chun
tairbhe di mar institiúid chreidmheasa dá bhforáiltear i dTeideal II de
Threoir 2006/48/CE. Beidh an t‑údarú sin teoranta do sheirbhísí
coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, ar seirbhísí iad a bhfuil sé
údaraithe iad a sholáthar i gcomhréir le mír 4, agus tabharfar le tuiscint
go gcomhlíonfar na ceanglais stuamachta agus mhaoirseachta dá bhforáiltear in Airteagal 57
agus Airteagal 58. 3. Taisclann lárnach urrús a
bhfuil sé i gceist aici an chuid airgid dá córas socraíochta urrús ar fad nó de
chuid dá córas socraíochta urrús a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 37(2)
den Rialachán seo, gheobhaidh sí údarú, chun na críche sin, institiúid
chreidmheasa údaraithe a ainmniú dá bhforáiltear i dTeideal II de Threoir
2006/48/CE, ach amháin má léiríonn an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 53(1)
den Rialachán seo, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil, nach bhfuil
neamhchosaint institiúide creidmheasa amháin ar an gcomhchruinniú rioscaí faoi Airteagal 57(3)
agus (4) den Rialachán seo maolaithe a dhóthain. Sa chás sin, féadfaidh an t‑údarás
inniúil dá dtagraítear in Airteagal 53(1) a cheangal ar an taisclann
lárnach urrús níos mó ná institiúid chreidmheasa amháin a ainmniú. Measfar gur
gníomhairí socraíochta iad na hinstitiúidí creidmheasa ainmnithe. 4. Cuimseoidh an t‑údarú
dá dtagraítear i mír 3 na seirbhísí coimhdeacha atá leagtha amach i Roinn C den
Iarscríbhinn a bhféadfadh sé gur mian leis an institiúid chreidmheasa nó an
taisclann lárnach urrús ar deonaíodh maolú uirthi faoi mhír 2 den Airteagal seo
iad a chur ar fáil dá rannpháirtithe. 5. I gcás ina bhfuil an
taisclann lárnach urrús agus an institiúid chreidmheasa ainmnithe ina mball de
ghrúpa gnóthas atá faoi rialú an mháthairghnóthais chéanna, beidh an t‑údarú
dá bhforáiltear i dTeideal II de Threoir 2006/48/CE den institiúid
chreidmheasa ainmnithe sin teoranta do sholáthar na seirbhísí coimhdeacha de
chineál baincéireachta sin a bhfuil sé údaraithe iad a sholáthar i gcomhréir le
mír 3 den Airteagal seo. Tá feidhm ag an gceanglas céanna i ndáil le
taisclann lárnach urrús ar deonaíodh maolú uirthi faoi mhír 2 den Airteagal seo. 6. Comhlíonfaidh an taisclann
lárnach urrús agus na hinstitiúidí creidmheasa ainmnithe na coinníollacha atá
riachtanach d’údarú faoin Rialachán seo i gcónaí. Tabharfaidh an taisclann lárnach urrús, gan aon
mhoill mhíchuí, fógra do na húdaráis inniúla i dtaobh aon athruithe ábhartha ar
choinníollacha an údaraithe. Airteagal 53
Nós imeachta chun údarú a dheonú agus a dhiúltú 1. Déanfaidh an taisclann
lárnach urrús a hiarratas ar údarú chun institiúid chreidmheasa a ainmniú, mar
a cheanglaítear faoi Airteagal 52, a chur faoi bhráid údarás inniúil an
Bhallstáit ina bhfuil sí bunaithe. 2. Beidh san iarratas an
fhaisnéis ar fad atá riachtanach ionas gur féidir leis an údarás inniúil a
dheimhniú dó féin go bhfuil bunaithe ag an taisclann lárnach urrús agus na
hinstitiúidí creidmheasa ainmnithe, tráth an údaraithe, na socruithe ar fad atá
riachtanach chun a n‑oibleagáidí atá leagtha amach sa Rialachán seo a
chomhlíonadh. Beidh ann clár oibríochtaí ina leagfar amach na seirbhísí
coimhdeacha de chineál baincéireachta atá beartaithe, eagrúchán struchtúrach na
gcaidreamh idir an taisclann lárnach urrús agus an institiúid chreidmheasa
ainmnithe agus an chaoi a bhfuil sé i gceist ag an institiúid chreidmheasa sin
na ceanglais stuamachta a chomhlíonadh mar atá leagtha amach faoi Airteagal 57(1),
(3) agus (4). 3. Cuirfidh an t‑údarás
inniúil an nós imeachta i bhfeidhm faoi Airteagal 15(3) agus (6). 4. Rachaidh an t‑údarás
inniúil, roimh dó údarú a dheonú don taisclann lárnach urrús, i gcomhairle leis
na húdaráis seo a leanas: (a)
An t‑údarás ábhartha dá dtagraítear i bpointe
(a) d’Airteagal 11(1) maidir le cibé acu a bheidh nó nach mbeidh tionchar
ag soláthar beartaithe na seirbhísí ag an institiúid chreidmheasa ainmnithe ar
fheidhmiú an chórais socraíochta urrús arna oibriú ag an taisclann lárnach
urrús is iarratasóir; (b)
An t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 58(1)
maidir le cumas na n‑institiúidí creidmheasa na ceanglais stuamachta a
chomhlíonadh faoi Airteagal 57. 5. Forbróidh ESMA i gcomhairle
le comhaltaí an CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn an fhaisnéis
a sholáthróidh an taisclann lárnach urrús is iarratasóir don údarás inniúil a
shonrú. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla
rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí ó dháta theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin
theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis
an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 6. Forbróidh ESMA i gcomhairle
le comhaltaí an CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn
foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta
caighdeánacha a bhunú maidir le dul i gcomhairle leis na húdaráis dá
dtagraítear i mír 4 roimh dó údarú a dheonú. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur
chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí ó dháta theacht
i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin
theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 15 de
Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Airteagal 54
Leathnú ar sheirbhísí coimhdeacha de chineál
baincéireachta 1. Taisclann lárnach urrús a
bhfuil sé i gceist aici leathnú a dhéanamh ar na seirbhísí coimhdeacha de
chineál baincéireachta a ndéanann sí institiúid chreidmheasa a ainmniú ina leith,
cuirfidh sí iarraidh ar leathnú faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit ina
bhfuil an taisclann lárnach urrús sin bunaithe. 2. Beidh an iarraidh ar leathnú
faoi réir ag an nós imeachta faoi Airteagal 53. Airteagal 55
Údarú a tharraingt siar 1. Déanfaidh údarás inniúil an
Bhallstáit ina bhfuil an taisclann lárnach urrús bunaithe an t‑údarú a
tharraingt siar in aon cheann de na cásanna seo a leanas: (a)
i gcás nach n‑úsáideann an taisclann lárnach
urrús an t‑údarú laistigh de 12 mhí, i gcás ina dtréigeann sí an t‑údarú
go sainráite nó i gcás nach bhfuil seirbhísí ar bith curtha ar fáil ag an
institiúid chreidmheasa ainmnithe nó aon ghníomhaíocht déanta aici i rith na sé
mhí roimhe sin; (b)
i gcás ina bhfaigheann an taisclann lárnach urrús
an t‑údarú trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodhanna
neamhdhleathacha eile; (c)
i gcás nach bhfuil na coinníollacha faoinar
deonaíodh an t‑údarú á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an taisclann
lárnach urrús agus ag an institiúid chreidmheasa ainmnithe agus nach bhfuil na
gníomhaíochtaí leasúcháin atá iarrtha ag an údarás inniúil déanta aici laistigh
de thréimhse a shocrófar; (d)
i gcás ina bhfuil an taisclann lárnach urrús agus
an institiúid chreidmheasa ainmnithe tar éis na ceanglais atá leagtha amach sa
Rialachán seo a shárú go córasach agus go tromchúiseach. 2. Roimh dó údarú a tharraingt
siar, rachadh an t‑údarás inniúil i gcomhairle leis na húdaráis ábhartha
faoi phointe (a) d’Airteagal 11(1) agus leis na húdaráis dá dtagraítear in
Airteagal 58(1) maidir leis an ngá an t‑údarú a tharraingt siar
seachas i gcás ina bhfuil gá le cinneadh den sórt sin ar bhonn práinne. 3. Féadfaidh ESMA, aon údarás
ábhartha faoi phointe (a) d’Airteagal 11(1) agus aon údarás dá dtagraítear
in Airteagal 58(1) a iarraidh, tráth ar bith, go ndéanfaidh údarás inniúil
an Bhallstáit ina bhfuil an taisclann lárnach urrús bunaithe scrúdú féachaint
an bhfuil an taisclann lárnach urrús agus an institiúid chreidmheasa ainmnithe
fós ag comhlíonadh na gcoinníollacha faoina ndeonaítear an t‑údarú. 4. Féadfaidh an t‑údarás
inniúil an tarraingt siar a theorannú ionas nach mbainfidh sé ach le seirbhís,
le gníomhaíocht, nó le hionstraim airgeadais ar leith. Airteagal 56
Clár taisclann lárnach urrús 1. Tabharfar fógra do ESMA
maidir le cinntí arna nglacadh ag údaráis inniúla faoi Airteagal 52, Airteagal 54
agus Airteagal 55. 2. Cuirfidh ESMA an fhaisnéis
seo a leanas ar an liosta nach mór dó a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin
tiomnaithe i gcomhréir le hAirteagal 19(3): (a)
ainm gach taisclainne lárnaí urrús a bhí faoi réir
cinnidh faoi Airteagal 52, Airteagal 54 agus Airteagal 55; (b)
ainm gach institiúide creidmheasa ainmnithe; (c)
an liosta de sheirbhísí coimhdeacha de chineál
baincéireachta a bhfuil institiúid chreidmheasa ainmnithe údaraithe le soláthar
do rannpháirtithe na taisclainne lárnaí urrús. 3. Tabharfaidh na húdaráis
inniúla fógra do ESMA maidir leis na hinstitiúidí sin a chuireann seirbhísí
coimhdeacha de chineál baincéireachta ar fáil de réir cheanglais an dlí
náisiúnta 90 lá ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Airteagal 57
Ceanglais stuamachta is infheidhme maidir le hinstitiúidí
creidmheasa atá ainmnithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta
a chur ar fáil 1. Institiúid chreidmheasa atá
ainmnithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar,
cuirfidh sí na seirbhísí atá leagtha amach i Roinn C den Iarscríbhinn atá
cumhdaithe ag an údarú ar fáil. 2. Comhlíonfaidh institiúid
chreidmheasa atá ainmnithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta
a sholáthar aon reachtaíocht reatha nó aon reachtaíocht a bheidh ann amach
anseo is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa. 3. Comhlíonfaidh institiúid
chreidmheasa atá ainmnithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta
a sholáthar na ceanglais shonracha stuamachta seo a leanas maidir leis na
rioscaí creidmheasa a bhaineann leis na seirbhísí sin i dtaca le gach córas
socraíochta urrús: (a)
bfunóidh sí creat stóinsithe chun na rioscaí
creidmheasa comhfhreagracha a bhainistiú; (b)
sainaithneoidh sí foinsí an riosca creidmheasa sin
go minic agus go rialta, tomhaisfidh sí neamhchosaintí creidmheasa
comhfhreagracha agus déanfaidh sí faireachán orthu agus úsáidfidh sí uirlisí
iomchuí um bainistiú riosca chun na rioscaí sin a rialú; (c)
cumhdóidh sí go hiomlán neamhchosaintí creidmheasa
comhfhreagracha ar iasachtaithe aonair ag baint úsáide as comhthaobhacht agus
as acmhainní airgeadais coibhéiseacha eile; (d)
má theastaíonn comhthaobhacht chun a riosca
creidmheasa comhfhreagrach a bhainistiú, ní ghlacfaidh sí ach le comhthaobhacht
lena mbaineann riosca íseal creidmheasa, leachtachta agus margaidh; (e)
bunóidh sí agus forfheidhmeoidh sí caolchorrlaigh
choimeádacha iomchuí agus teorainneacha comhchruinnithe ar luachanna
comhthaobhachta atá bunaithe chun na neamhchosaintí creidmheasa dá dtagraítear
i bpointe (c) a chumhdach; (f)
cuirfidh sí i bhfeidhm socruithe a bheidh
ceangailteach ó thaobh dlí ionas gur féidir comhthaobhacht a cheannach nó a
chur i ngeall go pras, go háirithe i gcás comhthaobhachta trasteorann; (g)
leagfaidh sí síos teorainneacha ar a cuid
neamhchosaintí creidmheasa comhfhreagracha; (h)
déanfaidh sí anailís agus pleanálfaidh sí conas
aghaidh a thabhairt ar aon neamhchosaintí creidmheasa iarmharaigh a d’fhéadfadh
a bheith ann, glacfaidh sí rialacha agus nósanna imeachta chun na pleananna sin
a chur chun feidhme; (i)
ní sholáthróidh sí creidmheas ach amháin do
rannpháirtithe a bhfuil cuntais airgid acu léi; (j)
déanfaidh sí foráil le haghaidh nós imeachta
aisíocaíochta uathoibríoch maidir le creidmheas ionlae agus molfaidh sí gan creidmheas thar oíche a úsáid trí
bhíthin rátaí smachtbhannaí a bheidh díspreagthach. 4. Comhlíonfaidh institiúid
chreidmheasa atá ainmnithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta
a sholáthar na ceanglais shonracha stuamachta maidir leis na rioscaí
leachtachta a bhaineann leis na seirbhísí sin i dtaca le gach córas socraíochta
urrús: (a)
beidh creat stóinsithe aici chun a cuid rioscaí
leachtachta a thomhas, a bhainistiú agus chun faireachán a dhéanamh orthu
maidir le gach airgeadra den chóras socraíochta urrús a ngníomhaíonn sí mar
ghníomhaire socraíochta ina leith; (b)
déanfaidh sí faireachán leanúnach ar leibhéal na
sócmhainní leachtacha atá á sealbhú aici agus cinnfidh sí luach na sócmhainní
leachtacha atá ar fáil di agus caolchorrlaigh iomchuí ar na sócmhainní sin á
gcur san áireamh aici; (c)
déanfaidh sí na riachtanais agus na rioscaí
leachtachta atá aici a thomhas ar bhonn leanúnach; agus é sin á dhéanamh aici,
cuirfidh sí san áireamh an riosca leachtachta a ghineann mainneachtain an dá
rannpháirtí a bhfuil na neamhchosaintí is mó aici orthu; (d)
maolóidh sí na rioscaí leachtachta comhfhreagracha
le hacmhainní atá ar fáil láithreach amhail socruithe réamhchistiúcháin agus,
in éagmais sin, féachfaidh sí leis na línte creidmheasa is gá a fháil nó
socruithe dá samhail chun na riachtanais leachtachta chomhfhreagracha a
chumhdach agus gan é sin a dhéanamh ach amháin le hinstitiúidí a bhfuil próifíl
riosca agus margaidh leormhaith acu agus aithneoidh sí an riosca leachtachta a
thagann ó na hinstitiúidí sin, tomhaisfidh sí é agus déanfaidh sí faireachán
air; (e)
déanfaidh sí teorainneacha comhchruinnithe iomchuí
a bhunú agus a fhorfheidhmiú i gcás gach ceann de na soláthraithe leachtachta
comhfhreagracha lena n‑áirítear a máthairghnóthas agus fochuideachtaí; (f)
socróidh sí agus déanfaidh sí tástáil ar cibé an
leor na hacmhainní comhfhreagracha trí thástáil struis chuimsitheach a dhéanamh
go rialta; (g)
déanfaidh sí anailís agus pleanálfaidh sí conas
aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh leachtachta neamhurraithe, agus glacfaidh
sí rialacha agus nósanna imeachta chun pleananna den sórt sin a chur chun
feidhme; (h)
bunóidh sí a cuid seirbhísí creidmheasa ionlae ar
acmhainní comhréireacha agus ar acmhainní aibíochta den chineál céanna ar a
laghad, a chuimseoidh caipiteal, taiscí airgid agus socruithe iasachtaíochta; (i)
cuirfidh sí na hiarmhéideanna airgid
chomhfhreagracha i dtaisce i gcuntais thiomnaithe le bainc cheannais, i gcás
gur féidir sin a dhéanamh agus nuair atá siad ar fáil; (j)
áiritheoidh sí gur féidir léi an chomhthaobhacht
arna soláthar di ag custaiméir mainneachtana a athúsáid, ach sin a dhéanamh le
toiliú feasach an chustaiméara. 5. Forbróidh an ÚBE, i
gcomhairle le ESMA agus le comhaltaí an CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla
rialála chun an méid seo a leanas a shonrú: (a)
minicíocht an chreata chun tomhas agus faireachán a
dhéanamh ar neamhchosaint creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3
agus na cineálacha uirlisí bainistithe riosca a úsáidfear chun na rioscaí a
eascraíonn ó na neamhchosaintí sin a rialú; (b)
cad is acmhainní airgeadais coibhéiseacha ann chun
críocha phointe (c) de mhír 3; (c)
an cineál comhthaobhachta ar féidir a mheas gur
comhthaobhacht í a bhfuil riosca íseal creidmheasa, leachtachta agus margaidh
ag gabháil léi chun críocha phointe (d) de mhír 3; (d)
cad is caolchorrlaigh iomchuí ann chun críocha
phointe (e) de mhír 3 agus phointe (b) de mhír 4; (e)
na teorainneacha comhchruinnithe ar luachanna
comhthaobhachta dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 3, ar neamhchosaintí
creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (g) de mhír 3 agus ar sholáthraithe
leachtachta dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 4; (f)
cad is rátaí smachtbhannaí díspreagthacha ann chun
críocha phointe (j) de mhír 3; (g)
sonraí an chreata faireacháin dá dtagraítear i
bpointe (b) de mhír 4 agus na modheolaíochta chun luach na sócmhainní
leachtacha atá ar fáil a ríomh chun críocha phointe (b) de mhír 4 agus chun na
riachtanais agus na rioscaí leachtachta dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 4
a thomhas; (h)
cad is acmhainní atá ar fáil láithreach agus
próifíl riosca agus margaidh iomchuí chun críocha phointe (d) de mhír 4; (i)
minicíocht, cineál agus tréimhsí na dtástálacha
struis chun críocha phointe (f) de mhír 4; (j)
na critéir chun measúnú a dhéanamh ar cathain a
bheidh sé praiticiúil agus cathain a bheidh iarmhéideanna airgid ar fáil le cur
i dtaisce ar chuntais i mbainc cheannais chun críocha phointe (i) de mhír 4. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla
rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí ó dháta theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin
theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis
an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Airteagal 58
Maoirsiú ar institiúidí creidmheasa arna n‑ainmniú
chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar 1. Tá an t‑údarás inniúil
dá dtagraítear i dTreoir 2006/48/CE freagrach as údarú agus as maoirsiú
faoi na coinníollacha dá bhforáiltear sa Treoir sin de chuid na n‑institiúidí
creidmheasa arna n‑ainmniú chun seirbhísí coimhdeacha de chineál
baincéireachta a sholáthar agus maidir leis an gcaoi ina gcomhlíonann siad Airteagal 57(3)
agus (4) den Rialachán seo. 2. Déanfaidh an t‑údarás
inniúil dá dtagraítear in Airteagal 9 i gcomhairle leis an údarás inniúil
dá dtagraítear i mír 1 athbhreithniú agus meastóireacht ar bhonn bliantúil ar a
laghad an gcomhlíonann na hinstitiúidí creidmheasa ainmnithe Airteagal 57(1),
agus an dtugann na socruithe riachtanacha ar fad idir na hinstitiúidí
creidmheasa ainmnithe agus an taisclann lárnach urrús deis dóibh a gcuid
oibleagáidí atá leagtha amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh. 3. I bhfianaise chosaint na
rannpháirtithe sna córais socraíochta urrús arna n‑oibriú aici,
áiritheoidh taisclann lárnach urrús go mbeidh rochtain aici ón institiúid
chreidmheasa a ainmníonn sí ar gach faisnéis is gá chun críocha an Rialacháin
seo agus tabharfaidh sí tuairisc ar aon sáruithe ina leith chuig na húdaráis
inniúla dá dtagraítear i mír 1 agus in Airteagal 9. 4. Chun maoirseacht a bheidh
comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a áirithiú laistigh den Aontas ar
institiúidí creidmheasa atá ainmnithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál
baincéireachta a sholáthar, féadfaidh an ÚBE, i gcomhairle le ESMA, agus le
comhaltaí an CEBC, treoirlínte a eisiúint a bheidh dírithe ar údaráis inniúla i
gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Teideal V
Smachtbhannaí Airteagal 59
Smachtbhannaí agus bearta riaracháin 1. Leagfaidh na Ballstáit síos
na rialacha maidir leis na bearta agus smachtbhannaí riaracháin is infheidhme
sna himthosca atá sainithe in Airteagal 60 maidir leis na daoine atá
freagrach as sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad na
bearta uile is gá d’fhonn a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na
smachtbhannaí agus na bearta sin éifeachtúil, comhréireach agus
athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus
do ESMA laistigh de 24 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi na
rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún
agus do ESMA faoi aon leasú a dhéanfar orthu gan mhoill. 2. Beidh na húdaráis inniúla in
ann smachtbhannaí agus bearta riaracháin a chur i bhfeidhm maidir le taisclanna
lárnacha urrús, le hinstitiúidí creidmheasa ainmnithe, le comhaltaí a gcuid
comhlachtaí bainistíochta agus le haon duine eile a dhéanann rialú éifeachtach
ar a ngnó chomh maith lena gcur i bhfeidhm maidir le haon duine dlítheanach nó
nádúrtha eile atá freagrach as sárú a dhéanamh. 3. I bhfeidhmiú a gcumhachtaí
smachtbhannaí sna himthosca atá sainithe in Airteagal 60, comhoibreoidh
údaráis inniúla go dlúth lena áirithiú go soláthróidh na bearta agus
smachtbhannaí riaracháin torthaí inmhianaithe an Rialacháin seo agus
comhordóidh siad a ngníomhaíocht chun dúbailt agus forluí a d’fhéadfadh a
bheith ann a sheachaint agus bearta agus smachtbhannaí riaracháin á gcur i
bhfeidhm i ndáil leis na cásanna trasteorann sin i gcomhréir le hAirteagal 12. Airteagal 60
Cumhachtaí smachtbhannaí 1. Beidh feidhm ag an Airteagal seo
maidir leis na forálacha seo a leanas den Rialachán seo: (a)
soláthar seirbhísfí atá leagtha amach in Roinn A,
Roinn B agus Roinn C den Iarscríbhinn de shárú ar Airteagal 14, Airteagal 23
agus Airteagal 52; (b)
na húdaruithe a cheanglaítear faoi Airteagal 14
agus Airteagal 52 a fháil trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon
mhodhanna neamhdhleathacha eile dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 18(1),
agus i bpointe (b) d’Airteagal 55(1); (c)
mainneachtain taisclann lárnach urrús an caipiteal
riachtanach a shealbhú de shárú ar Airteagal 44(1); (d)
mainneachtain taisclann lárnach urrús na ceanglais
eagraíochtúla a chomhlíonadh de shárú ar Airteagal 24 go hAirteagal 28;
(e)
mainneachtain taisclann lárnach urrús na rialacha
maidir le gnó a dhéanamh a chomhlíonadh de shárú ar Airteagal 29 go hAirteagal 32; (f)
mainneachtain taisclann lárnach urrús na ceanglais
le haghaidh seirbhísí taisclainne lárnaí urrús a chomhlíonadh de shárú ar Airteagal 34
go hAirteagal 38; (g)
mainneachtain taisclann lárnach urrús na ceanglais
stuamachta a chomhlíonadh de shárú ar Airteagal 40 go hAirteagal 44; (h)
mainneachtain taisclann lárnach urrús na ceanglais
maidir le naisc idir thaisclanna lárnacha urrús a chomhlíonadh de shárú ar Airteagal 45; (i)
diúltú éagórach taisclanna lárnacha urrús go
héagórach cineálacha difriúla rochtana a dheonú de shárú ar Airteagal 47
go hAirteagal 51; (j)
mainneachtain institiúidí creidmheasa ainmnithe na
ceanglais shonracha stuamachta a bhaineann le rioscaí creidmheasa a
chomhlíonadh de shárú ar Airteagal 57(3); (k)
mainneachtain institiúidí creidmheasa ainmnithe
ceanglais shonracha stuamachta a bhaineann le rioscaí leachtachta a
chomhlíonadh de shárú ar Airteagal 57(4). 2. Gan dochar do chumhachtaí
maoirseachta na n‑údarás inniúil, beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla,
i gcás sáraithe dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, na
bearta agus na smachtbhannaí riaracháin seo a leanas ar a laghad a ghearradh: (a)
ráiteas poiblí ina léirítear an duine atá freagrach
as an sárú agus an cineál sáraithe; (b)
ordú á cheangal ar an duine atá freagrach as an
sárú scor den iompar atá i gceist agus gan an t‑iompar sin a dhéanamh
arís; (c)
na húdaruithe arna ndeonú faoi Airteagal 14
agus Airteagal 52 a tharraingt siar, i gcomhréir le hAirteagal 18
agus le hAirteagal 55; (d)
comhaltaí chomhlachtaí bainistíochta na n‑institiúidí
atá freagrach as sárú a chur as oifig; (e)
smachtbhannaí airgid riaracháin suas le dhá oiread
an bhrabúis a gnóthaíodh mar gheall ar shárú, i gcás inar féidir na méideanna
sin a chinneadh; (f)
maidir le duine nádúrtha, smachtbhannaí airgid
riaracháin suas le EUR 5 mhilliún nó suas le 10 % d’ioncam bliantúil
iomlán an duine sin sa bhliain féilire roimhe sin; (g)
maidir le duine dlítheanach, smachtbhannaí airgid
riaracháin suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine sin sa
bhliain gnó roimhe sin; i gcás ina bhfuil an gnóthas ina fhochuideachta de
mháthairghnóthas, is ionann an láimhdeachas bliantúil iomlán agus an
láimhdeachas bliantúil iomlán atá mar thoradh ar chuntas comhdhlúite
mháthairghnóthas deiridh an ghrúpa sa bhliain gnó roimhe sin. 3. D’fhéadfaí go mbeadh
cumhachtaí smachtbhannaí eile ag údaráis inniúla de bhreis orthu siúd dá
dtagraítear i mír 2 agus féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le leibhéil
níos airde smachtbhannaí airgid riaracháin ná iad siúd atá bunaithe sa mhír
sin. 4. Foilseofar gan aon mhoill
mhíchuí gach beart agus smachtbhanna riaracháin a fhorchuirtear i leith shárú
an Rialacháin seo, lena n‑áireofar ar a laghad faisnéis ar chineál agus
ar nádúr an tsáraithe agus ar chéannacht na ndaoine atá freagrach as, mura
gcuirfeadh nochtadh den sórt sin cobhsaíocht na margaí airgeadais i gcontúirt
go mór. I gcás ina ndéanfadh foilsiú dochar díréireach do na páirtithe lena
mbaineann, foilseoidh údaráis inniúla na bearta agus na smachtbhannaí ar bhonn
gan ainm. Agus na smachtbhannaí á bhfoilsiú, comhlíonfar
cearta bunúsacha mar atá leagtha amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais
Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus an saol
teaghlaigh a urramú, agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint. Airteagal 61
Smachtbhannaí a chur i bhfeidhm go héifeachtach 1. Agus cinneadh á dhéanamh
acu maidir le cineál agus le leibhéal na smachtbhannaí nó na mbeart riaracháin,
cuirfidh na húdaráis inniúla na critéir seo a leanas san áireamh: (a)
tromchúis agus fad an tsáraithe; (b)
leibhéal freagrachta an duine atá freagrach; (c)
méid agus neart airgeadais an duine atá freagrach,
arna léiriú le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó le
hioncam bliantúil an duine nádúrtha atá freagrach; (d)
tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá
freagrach, nó tábhacht na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach, nó
tábhacht na gcaillteanas do thríú páirtithe a díorthaíodh ón sárú, a mhéid is
féidir iad a chinneadh; (e)
leibhéal comhair an duine atá freagrach leis an
údarás inniúil, gan dochar don ghá atá le haisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an
duine sin, nó le haisíoc na gcaillteanas a sheachain an duine sin, a áirithiú; (f)
sáruithe roimhe sin ag an duine freagrach. 2. Féadfaidh údaráis inniúla
nithe eile a chur san áireamh má tá na nithe sin sonraithe sa dlí náisiúnta. Airteagal 62
Sáruithe a thuairisciú 1. Cuirfidh Ballstáit sásraí
éifeachtacha i bhfeidhm chun tuairisciú sháruithe an Rialacháin seo d’údaráis
inniúla a spreagadh. 2. Áireofar an méid seo a leanas
ar a laghad i measc na sásraí dá dtagraítear i mír 1: (a)
nósnna imeachta sainiúla maidir le tuairiscí ar
sháruithe a fháil agus a imscrúdú; (b)
cosaint leordhóthanach le haghaidh daoine a
thuairiscíonn sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann nó sáruithe iarbhír; (c)
cosaint sonraí pearsanta a bhaineann leis an duine
a thuairiscíonn sáruithe a d'fhéadfadh a bheith ann nó sáruithe iarbhír agus
leis an duine cúisithe araon i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos i
dTreoir 95/46/CE; (d)
nós imeachta iomchuí lena n‑áiritheofar ceart
na cosanta agus an ceart chun éisteacht a fháil atá ag an duine cúisithe sula
nglacfar cinneadh deireanach a bhaineann leis an duine sin, agus an ceart
chun leigheas éifeachtach a lorg os comhair binse in aghaidh aon chinnidh nó
aon bhirt a bhaineann leis an duine sin. Teideal VI
Gníomhartha tarmligthe, forálacha idirthréimhseacha, leasú
ar Threoir 98/26/CE agus forálacha críochnaitheacha Airteagal 63
Cumhachtaí a tharmligean Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64 i dtaobh Airteagail
2(2), 22(6), 23(1), 23(4), 30(1), 30(3), 37(1), 50(1), 50(2), 50(3), 51(2) agus
51(3). Airteagal 64
An tarmligean a fheidhmiú 1. Tugtar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá
leagtha síos san Airteagal seo. 2. Déanfar tarmligean na
cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 63 a thabhairt go ceann tréimhse
éiginnte ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. 3. Féadfaidh Parlaimint na
hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 63
a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh,
cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh
éifeacht leis an lá tar éis lá foilsithe an chinnidh in Iris Oifigiúil an
Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar sa chinneadh sin.
Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe
atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé
gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh
tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 63 i bhfeidhm ach amháin mura
mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle
laistigh de thréimhse dhá mhí ó tugadh fógra i dtaobh an ghnímh sin do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, nó más rud é, roimh dhul in éag na
tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a
chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid ina choinne. Cuirfear
dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón
gComhairle. Airteagal 65
Cumhachtaí cur chun feidhme Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh faoi Airteagal 23(6) agus faoin
tríú fomhír d'Airteagal 52(2). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin
a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 66(2). Airteagal 66
Nós imeachta coiste 1. Beidh an Coiste um Urrúis
Eorpacha arna bhunú le Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún[25] de chúnamh ag an gCoimisiún.
Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin. 2. Beidh feidhm ag Airteagal 5
de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 nuair a fheidhmeoidh an Coimisiún na
cumhachtaí chur chun feidhme a thugtar dó leis an Rialachán seo. Airteagal 67
Forálacha eatramhacha 1. I gcás institiúidí a bheidh
curtha in iúl do ESMA mar thaisclanna lárnacha urrús faoi na coinníollacha atá
leagtha amach faoi Airteagal 19(4), féachfaidh siad le gach údarú atá
riachtanach chun críocha an Rialacháin seo a fháil laistigh de dhá bhliain ó
dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. 2. Laistigh de dhá bhliain ó dháta
theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, féachfaidh taisclann lárnach urrús atá
bunaithe i dtríú tír le húdarú a fháil ó údarás inniúil an Bhallstáit sin ina
soláthraíonn an taisclann lárnach urrús a cuid seirbhísí nó ina bhfuil sé
beartaithe aici a cuid seirbhísí a sholáthar ar bhonn Airteagal 14, nó
féachfaidh sí le haitheantas a fháil ó ESMA i gcás ina bhfuil sé beartaithe
aici a cuid seirbhísí a sholáthar ar bhonn Airteagal 23. 3. I gcás ina bhfuil taisclann
lárnach urrús atá bunaithe i dtríú tír ag soláthar seirbhísí cheana féin i
mBallstát i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin ar dháta theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo, tabharfar cead don taisclann lárnach urrús sin
leanúint ar aghaidh ag soláthar seirbhísí go dtí go ndeonófar nó go ndiúltófar
an t‑údarú sin dá dtagraítear in Airteagal 14 nó an t‑aitheantas
dá dtagraítear in Airteagal 23. 4. Glacfar le naisc idir
taisclann lárnach urrús atá bunaithe i dtríú tír agus taisclanna lárnacha urrús
atá údaraithe sna Ballstáit go dtí go ndeonófar nó go ndiúltófar an t‑údarú
dá dtagraítear in Airteagal 14 nó an t‑aitheantas dá dtagraítear in Airteagal 23.
Airteagal 68
Leasú ar Threoir 98/26/CE 1. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad na chéad fhleisce de phointe (a) d'Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE: "- atá ainmnithe, gan dochar do
choinníollacha níos déine eile a bhfuil feidhm ghinearálta leo atá leagtha síos
leis an dlí náisiúnta, mar chóras agus atá curtha in iúl don Údarás Eorpach um
Urrúis agus Margaí ag an mBallstát a bhfuil a dhlí infheidhme, tar éis don
Bhallstát sin a bheith sásta i dtaobh leordhóthanacht rialacha an
chórais.". 2. Sé mhí ar a dhéanaí tar éis
don Rialachán seo teacht i bhfeidhm, glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit na
bearta is gá chun forálacha mhír 1 a chomhlíonadh agus cuirfidh siad an
méid sin in iúl don Choimisiún. Airteagal 69
Tuarascálacha agus athbhreithniú 1. Cuirfidh ESMA, i gcomhar leis
an Údarás Eorpach Baincéireachta agus na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 9
agus in Airteagal 11, tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin
ina soláthrófar measúnuithe ar threochtaí, ar rioscaí agus leochaileachtaí
féideartha agus, nuair is gá, moltaí maidir le gníomhaíocht choisctheach nó
cheartaitheach sna margaí le haghaidh seirbhísí arna gcumhdach ag an Rialachán
seo. Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil: (a)
Measúnú ar éifeachtúlacht socraíochta le haghaidh
oibríochtaí intíre agus trasteorann i gcás gach Ballstáit, arna bhunú ar líon
agus ar mhéid na dteipeanna socraíochta, ar líon na bpíonós dá dtagraítear in Airteagal 7(4),
líon agus méid na n‑idirbheart ceannach isteach dá dtagraítear in Airteagal 7(4)
agus ar aon chritéir ábhartha eile; (b)
Measúnú a dhéanann socraíocht a thomhas agus nach
dtarlaíonn sna córais socraíochta urrús arna n‑oibriú ag taisclanna
lárnacha urrús, arna bhunú ar líon agus ar mhéid na n‑idirbheart agus ar
aon chritéir ábhartha eile; (c)
Measúnú ar sholáthar trasteorann seirbhísí arna
gcumhdach ag an Rialachán seo, arna bhunú ar líon agus ar chineálacha na nasc
idir thaisclanna lárnacha urrús, líon na rannpháirtithe eachtracha sna córais
socraíochta urrús arna n‑oibriú ag taisclanna lárnacha urrús, líon agus
méid na n‑idirbeart a bhfuil na rannpháirtithe sin páirteach iontu, líon
na n‑eisitheoirí eachtracha a thaifeadann a gcuid urrús i dtaisclann
lárnach urrús i gcomhréir le hAirteagal 47, agus ar aon chritéir ábhartha
eile. 2. Cuirfear na tuarascálacha dá
dtagraítear i mír 1, a chumhdaíonn bliain féilire amháin, in iúl don Choimisiún
roimh 30 Aibreán den chéad bhliain féilire eile. Airteagal 70 Teacht
i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm 1. Tiocfaidh an Rialachán seo
i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an
Aontais Eorpaigh. 2. Beidh feidhm ag Airteagal 5
amhail ón 1 Eanáir 2015. 3. Beidh feidhm ag Airteagal 3(1)
amhail ón 1 Eanáir 2020. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7.3.2012 Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán
IARSCRÍBHINN Liosta
Seirbhísí Roinn
A
Seirbhísí lárnacha de chuid taisclann lárnach urrús 1. Taifeadadh tosaigh a dhéanamh
ar urrús i gcóras cuntais reatha ('seirbhís nótaire'); 2. Cuntais urrús a chothabháil
ar an leibhéal is uachtaraí ('seirbhís cothabhála lárnaí'); 3. Córas socraíochta urrús a
oibriú ('seirbhís socraíochta'). Roinn
B
Seirbhísí coimhdeacha nach seirbhísí baincéireachta iad de chuid na
dtaisclann lárnach urrús Seirbhísí a chuireann taisclanna lárnacha
urrús ar fáil a chuireann le feabhsú shábháilteacht, éifeachtúlacht agus
thrédhearcacht na margaí urrús, lena n‑áirítear: 1. Seirbhísí a bhaineann leis an
tseirbhís socraíochta, amhail: (a)
Sásra chun urrúis a thabhairt ar iasacht a eagrú,
mar ghníomhaire i measc rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús; (b)
Seirbhísí um bainistiú comhthaobhachta a sholáthar,
mar ghníomhaire i gcomhair rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús; (c)
Meaitseáil socraíochta, ródú orduithe, dearbhú
trádála, fíorú trádála. 2. Seirbhísí a bhaineann le
seirbhísí nótaire agus seirbhísí cothabhála lárnaí, amhail: (a)
Seirbhísí a bhaineann le cláir scairshealbhóirí; (b)
Tús a chur le próiseáil gníomhaíochtaí
corparáideacha, lena n‑áirítear cáin, cruinnithe ginearálta agus
seirbhísí faisnéise; (c)
Seirbhísí eisiúna nua, lena n‑áirítear cóid
ISIN agus cóid dá samhail a bhainistiú agus a leithdháileadh; (d)
Ródú agus próiseáil orduithe, bailiú agus próiseáil
táillí agus tuairisciú lena mbaineann. 3. Cuntais urrús a chothabháil i
ndáil leis an tseirbhís socraíochta, bainistiú comhthaobhachta agus seirbhísí
coimhdeacha eile. 4. Aon seirbhísí eile, amhail: (a)
Seirbhísí um bainistiú comhthaobhachta a sholáthar
mar ghníomhaire; (b)
Tuairisciú rialála a sholáthar; (c)
Sonraí agus staidreamh a sholáthar do bhiúrónna
margaidh/daonáirimh; (d)
Seirbhísí TF a sholáthar. Roinn
C
Seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta 1. Seirbhísí de chineál
baincéireachta do rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús a bhaineann leis an
tseirbhís socraíochta, amhail: (a)
Cuntais airgid a sholáthar; (b)
Glacadh le taiscí airgid; (c)
Creidmheas airgid a sholáthar; (d)
Urrúis a thabhairt ar iasacht. 2. Seirbhísí de chineál
baincéireachta a bhaineann leis na seirbhísí lárnacha nó leis na seirbhísí
coimhdeacha eile atá liostaithe i Roinn A agus i Roinn B, amhail: (a)
Cuntais airgid a sholáthar do shocraíocht agus
taiscí airgid a ghlacadh ó shealbhóirí cuntas socraíochta urrús; (b)
Urrúis a thabhairt ar iasacht do shealbhóirí cuntas
urrús; (c)
Seirbhísí de chineál baincéireachta a éascaíonn
próiseáil gníomhaíochtaí corparáideacha, amhail: –
(i) Réamh‑mhaoiniú ioncaim agus
fáltais fuascailte; –
(ii) Réamh‑mhaoiniú athéileamh
cánach. IARSCRÍBHINN RÁITEAS
AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal
an togra/tionscnaimh 1.2. Réimsí
beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 1.3. An
cineál togra/tionscnaimh 1.4. Cuspóirí
1.5. Na
forais leis an togra/tionscnamh 1.6 Fad
agus tionchar airgeadais 1.7. Modhanna
bainistíochta atá beartaithe 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha
faireacháin agus tuairiscithe 2.2. Córas
bainistíochta agus rialaithe 2.3. Bearta
chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil
an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear
tionchar 3.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair
oibríochtaí 3.2.3. An tionchar
a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin 3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam RÁITEAS
AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh Rialachán
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le socraíocht urrús san
Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena
leasaítear Treoir 98/26/CE 1.2. Réimsí beartais lena
mbaineann i gcreat ABM/ABB[26] Margadh
Inmheánach – Margaí airgeadais 1.3. An cineál togra/tionscnaimh ý Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua ¨Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht
nua a leanann treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht[27] ¨ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann
cheana ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua 1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha
ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe Cur
le sábháilteacht agus le héifeachtúlacht na margaí airgeadais; borradh a chur
faoin margadh inmheánach le haghaidh seirbhísí airgeadais 1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na
gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann Cuspóirí sonracha: I bhfianaise na gcuspóirí ginearálta thuas, táthar ag iarraidh na cuspóirí sonracha seo a leanas a bhaint amach: · Cur le sábháilteacht socraíochta trasteorann · Cur le héifeachtúlacht socraíochta trasteorann · Deis chothrom iomaíochta a áirithiú i gcomhair seirbhísí taisclainne lárnaí urrús 1.4.3. An toradh agus an tionchar a
bhfuil súil leis Sonraigh an tionchar a
bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe Is é aidhm an togra: · Cur le sábháilteacht agus éifeachtúlacht socraíochta trí thréimhsí socraíochta a chomhchuibhiú agus a áirithiú go n‑eiseofar tromlach mór na n‑urrús inaistrithe i bhfoirm cuntais reatha · Feabhas a chur ar araíonacht socraíochta trí chreat iomchuí comhchuibhithe a chruthú chun teipeanna socraíochta a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu · Na taisclanna lárnacha urrús go léir atá ag feidhmiú san AE a rialú go hiomchuí · Comhchuibheas ceanglas a áirithiú maidir le taisclanna lárnacha urrús agus comhordú maoirseachta ag rialtóirí náisiúnta a áirithiú · Costais socraíochta trasteorann ar infheisteoirí a laghdú · Níos mó roghanna a thabhairt d’eisitheoirí agus d’infheisteoirí trí rochtain ar thaisclanna lárnacha urrús a mhéadú · Deiseanna cothroma iomaíochta a mhéadú san iomaíocht idir seirbhísí taisclainne lárnaí urrús, rud a d'fhéadfadh cabhrú chun go mbeadh caighdeán níos airde agus táillí níos ísle ag eisitheoirí agus ag infheisteoirí maidir le seirbhísí taisclainne lárnaí urrús. 1.4.4. Táscairí a léiríonn toradh
agus tionchar Sonraigh na táscairí a
léiríonn faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh · Tuarascáil ina bhfuil measúnú ar éifeachtúlacht socraíochta i ngach margadh san AE. D’fhéadfaí líon agus méid na dteipeanna socraíochta (arna n‑idirdhealú ó thaobh idirbheart baile agus idirbheart trasteorann) a úsáid mar tháscairí, mar aon le méid na bpionós a ghearrfar ar taisclanna lárnacha urrús, líon na nósanna imeachta um cheannach isteach, agus líon na gcásanna ina gcuirfear ballraíocht ar fionraí mar gheall ar theipeanna córasacha i ndáil le socraíocht a dhéanamh · Tuarascáil ina dtomhaistear líon na n‑éileamh margaidh chun measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil gníomhaíochtaí corparáideacha níos éifeachtúla i ngeall ar chomhchuibhiú na dtréimhsí socraíochta · Tuarascáil ina dtomhaistear inmheánú socraíochta ag feighlithe taobh amuigh de na córais socraíochta urrús arna n‑oibriú ag taisclanna lárnacha urrús. Tá an fhaisnéis seo tábhachtach i dtéarmaí riosca chórasaigh agus chun cabhrú le measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil idirghabháil an AE riachtanach maidir leis seo · Tuarascáil ina ndéantar measúnú féachaint an bhfuil gníomhaíocht trasteorann ag méadú nó nach bhfuil. D’fhéadfaí a áireamh mar tháscairí líon na nasc idir thaisclanna lárnacha urrús, líon rannpháirtithe eachtracha sna taisclanna lárnacha urrús, líon na n‑idirbheart i gcomhair rannpháirtithe eachtracha agus líon na n‑eisitheoirí atá ag rochtain taisclann lárnach urrús eachtrach. · Tuarascáil ina ndéantar anailís ar phraghsanna san AE ar na príomhsheirbhísí taisclainne lárnaí urrús, amhail idirbhearta trasteorann agus baile a shocrú agus a choimeád slán · Suirbhé ar thaisclanna lárnacha urrús, ar eisitheoirí agus ar bhonneagair eile mhargaidh le measúnú a dhéanamh ar a mhéid a d’éirigh leis na bearta a rinneadh deireadh a chur le baic ar rochtain nó féachaint an bhfuil bacainní (bacainní praiticiúla nó dlítheanacha) ann fós 1.5. Na forais leis an
togra/tionscnamh 1.5.1. Na ceanglais is gá a shásamh
sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Mar thoradh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin sna Ballstáit: · Dhéanfaí tréimhsí socraíochta a chomhchuibhiú · D’eiseofaí tromlach mór na n‑urrús inaistrithe i bhfoirm cuntais reatha · Chuirfí le haraíonacht socraíochta trí chreat iomchuí comhchuibhithe a chruthú chun teipeanna socraíochta a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu · Rialófaí na taisclanna lárnacha urrús go léir atá ag feidhmiú san AE ar bhealach iomchuí, bunaithe ar an tsraith chéanna ceanglas · Dhéanfaí údarú agus maoirseacht na dtaisclann lárnach urrús a chomhchuibhiú agus bheadh comhordú feabhsaithe ann idir rialtóirí náisiúnta · Chuirfí leis an rochtain ar thaisclanna lárnacha urrús (ag eisitheoirí, ag taisclanna lárnacha urrús eile agus ag bonneagair eile mhargaidh) agus ó thaisclanna lárnacha urrús (ar thaisclanna lárnacha urrús eile agus ar bhonneagair eile mhargaidh) agus bheadh coinníollacha comhchuibhithe ann maidir le rochtain 1.5.2. Luach breise a bhaineann le
rannpháirteachas an AE · Is margaí trasteorann iad margaí airgeadais agus tá an tréith sin ag dul i méid i rith an ama. Is le hidirbhearta trasteorann go bunúsach a bhaineann na cineálacha fadhbanna arna n‑aithint ó thaobh seirbhísí taisclainne lárnaí urrús agus go háirithe ó thaobh socraíochta san AE. Dá bhrí sin, is cosúil gur bheag an éifeacht a bheadh ag leigheasanna a chuirfeadh Ballstáit aonair chun feidhme ar bhealach uathrialaitheach agus neamhchomhordaithe i gcomhthéacs trasteorann · Éilíonn nádúr sistéamach na dtaisclann lárnach urrús agus an chaoi a bhfuil siad ag éirí níos idirnasctha i gcónaí san Eoraip gur gá beart comhordaithe a dhéanamh fúthu. · Tá gnéithe gaolmhara clúdaithe faoin acquis communautaire atá ann cheana féin, go háirithe an Treoir maidir le Comhshocraíochtaí Comhthaobhacha Airgeadais, an Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta, an Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais (MiFID), an Treoir um Cheanglais Chaipitil chomh maith leis an Treoir maidir le Dlí Urrús a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Níor mhór go mbeadh aon togra nua ag teacht go cruinn le bearta sin an AE. Is trí iarracht chomhchoiteann is fearr a fhéadfar é seo a bhaint amach 1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó
thaithí chosúil roimhe seo Institiúidí
tábhachtacha i gcomhair na margaí airgeadais iad taisclanna lárnacha urrús sa
mhéid is go n‑áirithíonn siad taifeadadh agus slánchoimeád na n‑urrús
agus go n‑oibríonn siad na córais a áirithíonn socraíocht na n‑idirbheart
urrús, rud a chiallaíonn soláthar éifeachtach na n‑urrús i gcoinne
airgid. Mar sin, is bonneagair thábhachtacha de chuid na margaí airgeadais iad,
i dteannta ionad trádála, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála. Rialaítear
ionaid trádála leis an Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais,
agus rialófar contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála ar leibhéal an AE
nuair a fhormheasfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle rialachán maidir
le hidirbhearta díorthach, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála agus
nuair a thiocfaidh sé i bhfeidhm. Tá MiFID á chur i bhfeidhm ó Shamhain 2007 i
leith agus tá iomaíocht níos mó idir ionaid maidir le trádáil ionstraimí
airgeadais ann dá bharr, mar aon le rogha níos mó ag infheisteoirí maidir le
soláthraithe seirbhíse agus i dtéarmaí na n‑ionstraimí airgeadais atá ar
fáil. 1.5.4. Comhchuibheas agus
sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile Tá
saincheisteanna áirithe clúdaithe cheana féin faoi reachtaíocht reatha an
Aontais. Mar shampla, tá córais socraíochta urrús sainmhínithe cheana i
dTreoir 98/26/CE maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais
íocaíochta agus socraíochta urrús[28]
agus foráiltear le Treoir 2004/39/CE (MiFID) do rialacha áirithe maidir le
rochtain ag rannpháirtithe sa mhargadh ar an gcóras socraíochta urrús is rogha
leo. Tá saincheisteanna eile ar áireamh i moltaí an Choimisiúin. Mar shampla,
sa togra ón gCoimisiún maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de Bhabhtálacha
Mainneachtana Creidmheasa tugtar aghaidh freisin ar araíonacht socraíochta i
gcomhair catagóirí áirithe ionstraimí airgeadais, agus leagtar síos rialacha
maidir le himréiteach, próiseas a bhfuil dlúthbhaint aige le socraíocht, sa
togra ón gCoimisiún maidir le hidirbhearta díorthach, contrapháirtithe lárnacha
agus stórtha trádála. Tá an Rialachán atá beartaithe i gcomhréir le téacsanna
sin an Aontais. 1.6. Fad agus tionchar airgeadais ¨ Togra/tionscnamh d’fhad teoranta –
¨ Togra/tionscnamh in éifeacht ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB –
¨ Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB ý Togra/tionscnamh d’fhad neamhtheoranta –
Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh idir 2013
agus 2015, –
agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin. 1.7. Modhanna bainistíochta atá
beartaithe[29] ¨ Bainistíocht dhíreach láraithe ag an
gCoimisiún ¨ Bainistíocht indíreach láraithe trí na
cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig: –
¨ gníomhaireachtaí feidhmiúcháin –
ý comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[30] –
¨ comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean
de sheirbhís phoiblí acu –
¨ daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur
chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá
sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den
Rialachán Airgeadais ¨ Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit ¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha ¨ Comhbhainistíocht le heagraíochtaí
idirnáisiúnta (tabhair sonraí) I gcás ina
sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn
"Nótaí" le do thoil. Nótaí - 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus
tuairiscithe Sonraigh cé chomh
minic agus na coinníollacha. Foráiltear
le hAirteagal 81 den dréacht‑Rialachán lena mbunaítear an tÚdarás
Eorpach Urrús agus Margaí (ESMA) go ndéanfar meastóireacht ar an taithí arna
fáil mar thoradh ar obair ESMA laistigh de thrí bliana ón dáta a chuirtear tús
le hobair ESMA. Chun na críche sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil
ghinearálta a chuirfear ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an
gComhairle. 2.2. Córas bainistíochta agus
rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh Rinneadh Measúnú Tionchair i leith athchóiriú an chórais maoirseachta airgeadais san AE chun gabháil leis na dréacht‑Rialacháin lena mbunaítear an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme agus an tÚdarás Eorpach Urrús agus Margaí. Tá gá leis an acmhainn bhreise do ESMA dá bhforáiltear mar gheall ar an togra reatha chun ligean do ESMA a chuid inniúlachtaí a chur i gcrích agus go háirithe a ról a chomhlíonadh maidir leis an méid seo a leanas: · Córas feabhsaithe agus comhchuibhithe a áirithiú maidir le haraíonacht socraíochta trí chomhsheasmhacht a áirithiú i ndáil leis an bhfaireachán agus an tuairisciú a dhéantar ar theipeanna socraíochta agus trí chaighdeáin a dhréachtú i leith na mbeart chun teipeanna socraíochta a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu · Comhchuibhiú agus comhordú rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le taisclanna lárnacha urrús a áirithiú trí chaighdeáin a dhréachtú · Cur i bhfeidhm comhsheasmhach cumhachtaí rialála náisiúnta a atreisiú agus a áirithiú trí threoirlínte a eisiúint maidir leis an gcomhar idir údaráis agus trí chaighdeáin a dhréachtú ina sonraítear ábhar an iarratais ar údarú agus an fhaisnéis atá le soláthar d’údaráis inniúla agus atá le malartú idir údaráis chun críocha maoirseachta · Comhordú agus comhchuibhiú na gcoinníollacha a bhaineann le rochtain arna ceadú do ghnólachtaí tríú tír a áirithiú · Comhchuibhiú agus comhordú na rialacha a bhaineann le rochtain ar thaisclanna lárnacha urrús ag rannpháirtithe, eisitheoirí agus taisclanna lárnacha urrús eile, agus idir taisclanna lárnacha urrús agus bonneagair mhargaidh eile a áirithiú Ní fhéadfadh an easpa acmhainne seo comhlíonadh tráthúil agus éifeachtach ról ESMA a áirithiú. 2.2.2. Modhanna rialaithe
atá beartaithe Beidh
feidhm maidir le ról ESMA de réir an togra reatha freisin ag córais
bhainistíochta agus rialaithe mar a fhoráiltear dóibh i Rialachán ESMA. Cinnfidh
an Coimisiún ar an tsraith dheireanach táscairí chun measúnú a dhéanamh ar
fheidhmíocht ESMA tráth a dhéanfar an chéad mheastóireacht atá ina ceangal. I
gcás an mheasúnaithe dheireanaigh, beidh an tábhacht chéanna leis na táscairí
cainníochtúla is atá leis an bhfianaise cháilíochtúil a bailíodh le linn an
chomhairliúcháin. Déanfar meastóireacht nua gach trí bliana. 2.3. Bearta chun calaois agus
neamhrialtachtaí a chosc Sonraigh bearta
coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. Ar
mhaithe le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhlíthiúil eile a
chomhrac, beidh feidhm gan srian maidir le ESMA ag forálacha
Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna gcur
i gcrích ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF). Aontóidh
ESMA do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir
Pharlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na
gComhphobal Eorpach, maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an
Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus glacfaidh sé forálacha iomchuí
láithreach bonn maidir le foireann uile ESMA. Leagfar
amach go sainráite sna cinntí maidir le maoiniú agus sna comhaontuithe agus sna
hionstraimí cur chun feidhme a dtig astu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí
agus OLAF spotseiceálacha a chur i gcrích, más gá, ar thairbhithe airgid
atá íoctha amach ag ESMA agus ar chomhaltaí foirne atá freagrach as an airgead
sin a leithdháileadh. 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata
airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar · Línte buiséid atá ann cheana In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata
airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir [Tuairisc………………………...……….] || LD/LN ([31]) || ó thíortha CSTE[32] || ó thíortha is iarrthóirí[33] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais || 12.0404.01 [ESMA – Fóirdheontas faoi Theideal 1 agus faoi Theideal 2 (Caiteachas foirne agus riaracháin)] || LD || IS FÉIDIR || NÍ FÉIDIR || NÍ FÉIDIR || NÍ FÉIDIR · Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata
airgeadais ilbhliantúil. - 3.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a
mheastar a bheidh ar chaiteachas EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 1A || Iomaíochas le haghaidh Fáis agus Fostaíochta DG: MARKT || || || Bliain 2013[34] || Bliain 2014 || Bliain 2015 || || || IOMLÁN Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || || 12.0404.01 || Oibleagáidí || (1) || 0,385 || 0,354 || 0,354 || || || || || 1,093 Íocaíochtaí || (2) || 0,385 || 0,354 || 0,354 || || || || || 1,093 Leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach[35] || || || || || || || || Uimhir na líne buiséid || || (3) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí i gcomhair DG MARKT || Oibleagáidí || =1+1a +3 || 0,385 || 0,354 || 0,354 || || || || || 1,093 Íocaíochtaí || =2+2a+3 || 0,385 || 0,354 || 0,354 || || || || || 1,093 IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (4) || 0,385 || 0,354 || 0,354 || || || || || 1,093 Íocaíochtaí || (5) || 0,385 || 0,354 || 0,354 || || || || || 1,093 IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 1A den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || =4+ 6 || 0,385 || 0,354 || 0,354 || || || || || 1,093 Íocaíochtaí || =5+ 6 || 0,385 || 0,354 || 0,354 || || || || || 1,093 Nótaí: Baineann na leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí
thuas leis na cúraimí sonracha arna leithdháileadh ar ESMA de réir an togra: 1) Cúraimí a bhaineann le haraíonacht
socraíochta (2 chaighdeán rialála, treoirlíne amháin agus cúraimí stóir) Is é is aidhm do na bearta seo faireachán agus
tuairisciú comhsheasmhach ar theipeanna socraíochta a thabhairt isteach agus
teipeanna socraíochta a laghdú trí bhíthin bearta diana coisctheacha agus
pionóis a chur chun feidhme. Beidh ar ESMA dhá chaighdeán theicniúla rialála a
dhréachtú maidir leis na bearta chun teipeanna socraíochta a chosc, na huirlisí
faireacháin chun na teipeanna dóchúla a aithint, na bearta chun aghaidh a
thabhairt ar theipeanna agus sonraí an chórais faireacháin agus tuairiscithe i
leith teipeanna. Beidh ar ESMA treoirlínte a eisiúint chuig na
húdaráis lena áirithiú go ndéanfar na bearta chun teipeanna socraíochta a chosc
agus chun aghaidh a thabhairt orthu a fhorghníomhú ar bhealach comhsheasmhach,
éifeachtúil agus éifeachtach. Gheobhaidh ESMA na sonraí ábhartha faoi theipeanna
socraíochta ó na húdaráis inniúla freisin. 2) Cúraimí a bhaineann le húdarú agus
maoirseacht ar thaisclanna lárnacha urrús (3 chaighdeán rialála, 4 chaighdeán
cur chun feidhme, treoirlíne amháin, cúraimí stóir agus cúraimí buana) Is é is aidhm do na bearta seo creat údaraithe
agus maoirseachta comhsheasmhach a thabhairt isteach le haghaidh taisclann
lárnach urrús agus comhar idir údaráis a mhéadú. Ba cheart go laghdófaí, inter
alia, an t‑ualach rialála ar na taisclanna lárnacha urrús a bhfuil
oibríochtaí trasteorann acu de thoradh air seo. Beidh ar ESMA trí chaighdeán theicniúla rialála
agus ceithre chaighdeán theicniúla cur chun feidhme a dhréachtú maidir le
hábhar an iarratais ar údarú, leis an bhfaisnéis a chuireann taisclanna
lárnacha urrús ar fáil do na húdaráis inniúla, leis an bhfaisnéis a
mhalartaítear idir údaráis ar mhaithe le maoirseacht, agus leis an gcomhar idir
údaráis baile agus údaráis aíochta. Beidh ar ESMA treoirlínte a dhréachtú lena
áirithiú go mbeidh comhar comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach idir
údaráis sna measúnuithe is gá chun an Rialachán a chur i bhfeidhm. Beidh ar ESMA clár mionsonraithe de
ghníomhaíochtaí taisclainne lárnaí urrús san Aontas a choimeád, lena n‑áirítear
ainmneacha na dtaisclann lárnach urrús údaraithe agus na gcóras socraíochta
urrús atá á n‑oibriú ag taisclanna lárnacha urrús, na seirbhísí atá á
soláthar, na húdaráis atá i gceannas, taisclanna lárnacha urrús i dtríú
tíortha, etc. Beidh ról tábhachtach ag ESMA maidir le taisclanna
lárnacha urrús nach bhfuil san AE a bhfuil sé beartaithe acu brainse a bhunú nó
seirbhísí a sholáthar gan brainse a bhunú san Aontas nó a bhfuil sé beartaithe
acu nasc a chur ar bun le taisclann lárnach urrús san Aontas. Go háirithe beidh
ar ESMA measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil na taisclanna lárnacha urrús sin
faoi réir údaraithe éifeachtaigh agus maoirseachta éifeachtaí ina dtíortha
baile agus beidh air comhaontuithe comhair a bhunú leis na húdaráis inniúla sna
tíortha sin. Beidh roinnt cúraimí buana eile ag ESMA chomh
maith, lena n‑áirítear idiragairt a dhéanamh i gcás easaontas idir
údaráis baile agus údaráis aíochta agus a bheith ar an eolas i gcás cásanna
éigeandála. 3) Cúraimí a bhaineann leis na ceanglais ar
thaisclanna lárnacha urrús (8 gcaighdeán rialála, 2 chaighdeán cur chun
feidhme, treoirlíne amháin, cúraimí buana) Is é is aidhm do na bearta seo ceanglais
chomhsheasmhacha a thabhairt isteach le haghaidh taisclann lárnach urrús maidir
le cúrsaí rialachais chorparáidigh agus eagraíochtúil, gnó a dhéanamh,
seirbhísí agus creat stuamachta. Ba cheart go gcruthófaí timpeallacht níos
sábháilte le haghaidh seirbhísí taisclainne lárnaí urrús agus arís go laghdófaí
an t‑ualach rialála ar na taisclanna lárnacha urrús a bhfuil oibríochtaí
trasteorann acu. Beidh ar ESMA ocht gcaighdeán theicniúla rialála
agus dhá chaighdeán theicniúla cur chun feidhme a dhréachtú d’fhonn sonraí
áirithe a shonrú maidir le roinnt ceanglas rialála le haghaidh taisclann
lárnach urrús, eadhon maidir le cúrsaí eagraíochtúla, coinneáil taifead,
rochtain ag rannpháirtithe, réiteach cuntas urrús, leithscaradh cuntas urrús,
críochnaitheacht socraíochta, maolú riosca oibriúcháin, ceanglais chaipitil
agus naisc idir thaisclanna lárnacha urrús. Beidh ar ESMA treoirlínte a eisiúint maidir le
rialacha agus nósanna imeachta na dtaisclann lárnach urrús chun mainneachtain
rannpháirtí a bhainistiú. Beidh cúraimí buana ag ESMA chomh maith a
eascraíonn óna chumhacht idiragartha i gcás easaontas idir údaráis maidir le
rochtain ag rannpháirtithe ar thaisclanna lárnacha urrús. 4) Cúraimí a bhaineann leis na ceanglais
rochtana (3 chaighdeán rialála, cúraimí buana) Is é is aidhm do na bearta seo éifeachtúlacht a
mhéadú trí chead a thabhairt d’eisitheoirí agus d’infheisteoirí rochtain a
fháil ar an taisclann lárnach urrús is rogha leo. Beidh ar ESMA trí chaighdeán theicniúla cur chun
feidhme a dhréachtú i ndáil leis an nós imeachta maidir le rochtain ag
eisitheoirí ar thaisclanna lárnacha urrús, idir thaisclanna lárnacha urrús,
agus idir taisclanna lárnacha urrús agus bonneagair eile mhargaidh. Beidh cúraimí buana ag ESMA chomh maith a
eascraíonn óna chumhacht idiragartha i gcás easaontas idir údaráis maidir le
rochtain. 5) Cúraimí a bhaineann le faireachán agus
meastóireacht a dhéanamh ar an togra (2 thuarascáil bhliantúla) Beidh ar ESMA dhá thuarascáil bhliantúla a ullmhú,
ceann amháin chun éifeachtúlacht socraíochta a mheasúnú i gcás gach margaidh
san AE, bunaithe ar an tuairisciú caighdeánaithe ar theipeanna socraíochta ag
gníomhairí margaidh, agus ceann eile chun measúnú a dhéanamh féachaint an
bhfuil gníomhaíochta trasteorann ag méadú, bunaithe ar na sonraí arna
dtaifeadadh i gclár ESMA. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin " EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || || || Bliain 2013 || Bliain 2014 || Bliain 2015 || || || IOMLÁN DG: MARKT || Acmhainní daonna || 0 || 0 || 0 || || || || || Caiteachas riaracháin eile || 0 || 0 || 0 || || || || || IOMLÁN DG MARKT || Leithreasaí || 0 || 0 || 0 || || || || || IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || 0 || 0 || 0 || || || || || EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || || || Bliain 2013[36] || Bliain 2014 || Bliain 2015 || || || IOMLÁN IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || 0,385 || 0,354 || 0,354 || || || || || 1,093 Íocaíochtaí || 0,385 || 0,354 || 0,354 || || || || || 1,093 3.2.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi
chomhair oibríochtaí –
ý Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi
chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos: Leagtar cuspóirí sonracha an togra amach in 1.4.2.
Bainfear amach iad trí na bearta reachtaíochta atá beartaithe, atá le cur chun
feidhme ar an leibhéal náisiúnta, agus trí rannpháirtíocht ESMA. Cé nach féidir
aschuir uimhriúla thairbhiúla a chur i leith gach cuspóra oibriúcháin, déantar
cur síos ar ról ESMA agus ar an méid a rannchuidigh sé le cuspóirí an togra go
mionchruinn i roinn 3.2.1. 3.2.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin 3.2.3.1. Achoimre –
ý Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de
chineál riaracháin –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí
riaracháin mar a mhínítear thíos: 3.2.3.2. Na hacmhainní daonna a mheastar
a bheidh riachtanach –
ý Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar
a mhínítear thíos: Nóta: Ní bheidh gá le haon acmhainní daonna agus
riaracháin breise in Ard-Stiúrthóireacht MARKT mar thoradh ar an togra. Leanfar
ar aghaidh leis na hacmhainní atá in úsáid faoi láthair chun
Treoir 1997/9/CE a leanúint. 3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat
airgeadais ilbhliantúil reatha –
¨ Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais
ilbhliantúil reatha. –
ý Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais
ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo. Foráiltear leis an togra maidir le cúraimí breise a
bheidh le cur i gcrích ag ESMA. Éileoidh sé seo acmhainní breise faoi líne
buiséid 12.0404. –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i
bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[37]. 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú
páirtithe –
¨ Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú
páirtithe –
ý Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh‑mheasta
thíos: Leithreasaí in EUR milliún (go dtí an 3ú
deachúil) || Bliain 2013 || Bliain 2014 || Bliain 2015 || || || Iomlán Ballstáit, trí Mhaoirseoirí Náisiúnta an AE * || 0,577 || 0,531 || 0,531 || || || || || 1,639 IOMLÁN leithreasaí cómhaoinithe || 0,577 || 0,531 || 0,531 || || || || || 1,639 * Meastachán bunaithe
ar an meicníocht mhaoinithe reatha i rialachán ESMA (Ballstáit 60%, Comhphobal
40%). 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam –
ý Níl tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar an ioncam. –
¨ Tá an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh: –
¨ ar acmhainní dílse –
¨ ar ioncam ilghnéitheach Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas
Airgeadais Reachtach maidir le togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle maidir socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú
agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear
Treoir 98/26/CE Rinneadh na costais a bhaineann leis na
cúraimí atá le déanamh ag ESMA a mheas le haghaidh chaiteachas na foirne
(Teideal 1), i gcomhréir leis an aicmiú costais i ndréachtbhuiséad ESMA le
haghaidh 2012 a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin. Cuimsítear i dtogra an Choimisiúin forálacha
do ESMA chun thart ar 13 chaighdeán theicniúla rialála agus 9 gcaighdeán
theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt lena áirithiú go bhfuil forálacha de
chineál ardteicniúil curtha chun feidhme go comhsheasmhach ar fud an AE. Ina
theannta sin, beidh ar ESMA 3 threoirlíne a fhorbairt, den chuid is mó chun
comhar éifeachtúil agus éifeachtach idir údaráis a áirithiú, chomh maith le 2
thuarascáil bhliantúla chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar
éifeachtacht an Rialacháin, coinneoidh sé clár na dtaisclann lárnach urrús agus
beidh roinnt cúraimí buana eile aige. Maidir le huainiú, glacadh leis go dtiocfaidh
an Rialachán i bhfeidhm go luath in 2013, agus dá bhrí sin go mbeidh gá leis na
hacmhainní breise do ESMA ó 2013 i leith. Ní dhearnadh líon na mball foirne
breise a mheas ach le haghaidh na gcaighdeán teicniúil, na dtreoirlínte agus na
dtuarascálacha a bheidh le hullmhú ag ESMA; glacadh leis go mbeidh ESMA in ann
a chúraimí buana eile a chomhlíonadh, amhail cúraimí maidir le haitheantas do
thaisclanna lárnacha urrús nach bhfuil san AE agus eadráin idir údaráis agus a
bhaill foirne reatha. Maidir leis na cineálacha post, beidh oifigigh bhreise
beartais, dhlíthiúla agus measúnaithe tionchair go sonrach de dhíth maidir le
seachadadh rathúil agus tráthúil caighdeán teicniúil úr. Cuireadh na toimhdí seo a leanas i bhfeidhm
chun measúnú a dhéanamh ar thionchar líon na FTEanna a theastaíonn chun
caighdeáin theicniúla, treoirlínte agus tuarascálacha a fhorbairt: · Déanann oifigeach beartais amháin 5 chaighdeán theicniúla a dhréachtú
in aghaidh na bliana ar an meán, agus féadfaidh an t‑oifigeach beartais
céanna sin na treoirlínte nó tuarascálacha lena mbaineann a dhréachtú. Tuigtear
uaidh sin go bhfuil gá le 4 oifigeach beartais; · Tá oifigeach measúnaithe tionchair amháin de dhíth le haghaidh na
gcaighdeán teicniúil thuas; · Tá oifigeach dlíthiúil amháin de dhíth le haghaidh na gcaighdeán
teicniúil thuas. Fágann sé sin go bhfuil 6 FTE bhreise de
dhíth ó 2013 i leith. Glacadh leis go gcoinneofar an méadú sin ar
FTEanna in 2014 agus 2015 toisc gur cosúil nach gcuirfear na caighdeáin i
gcrích go dtí 2014 agus d’fhéadfadh gá a bheith le leasuithe orthu in 2015. Toimhdí eile: · Bunaithe ar dháileadh na FTEanna i ndréachtbhuiséad 2012, meastar go
gcuimsíonn an 6 FTE breise 4 gníomhairí shealadacha (74 %), 1
saineolaí náisiúnta ar iasacht (16 %) agus 1 ghníomhaire conarthach
(10 %); · Tá na meánchostais tuarastal bliantúil maidir le catagóirí éagsúla
pearsanra bunaithe ar threoir ón Ard-Stiúrthóireacht BUDG; · Comhéifeacht ualaithe tuarastail do Pháras de 1.27; · Costais oiliúna arna dtoimhdiú ag EUR 1,000 in aghaidh an FTE in
aghaidh na bliana; · Costais mhisin de EUR 10,000, a measadh bunaithe ar
dhréachtbhuiséad 2012 le haghaidh misean in aghaidh líon na ndaoine; · Costais a bhaineann le hearcaíocht (costais taistil, óstáin, scrúduithe
leighis, suiteáil agus liúntais eile, costais aistrithe, etc.) de
EUR 12,700, a measadh bunaithe ar dhréachtbhuiséad 2012 maidir le
hearcaíocht in aghaidh líon nua na ndaoine. Léirítear an modh chun an méadú sa bhuiséad a
theastaíonn a ríomh maidir leis na chéad trí bliana eile níos mine sa tábla
thíos. Léiríonn an ríomh go bhfuil 40% de na costais á gcistiú trí bhuiséad an
Chomhphobail. Cineál costais || Ríomh || Méid (sna mílte) || || 2013 || 2014 || 2015 || Iomlán || || || || || Teideal 1: Caiteachas foirne || || || || || || || || || || 11 Turarastail agus liúntais || || || || || - gníomhairí sealadacha || =4*127*1,27 || 645 || 645 || 645 || 1,935 - saineolaithe náisiúnta ar iasacht || =1*73*1,27 || 93 || 93 || 93 || 278 - gníomhairí ar conradh || =1*64*1,27 || 81 || 81 || 81 || 244 || || || || || 12 Caiteachas a bhaineann le hearcaíocht || =6*12,7 || 76 || || || 76 || || || || || 13 Speansaas misin || =6*10 || 60 || 60 || 60 || 180 || || || || || 15 Oiliúint || =6*1 || 6 || 6 || 6 || 18 || || || || || Iomlán Teideal 1: Caiteachas foirne || || 961 || 885 || 885 || 2,732 || || || || || Ranníocaíocht an Chomhphobail (40%) || || 385 || 354 || 354 || 1,093 Ranníocaíocht na mBallstát (60%) || || 577 || 531 || 531 || 1,639 Sa tábla seo a leanas éirítear an plean
bunaíochta arna bheartú maidir leis na ceithre phost do ghníomhairí sealadacha: Grúpa feidhme agus grád || Poist shealadacha || AD 8 || 1 AD 7 || 1 AD 6 || 1 AD 5 || 1 || AD iomlán || 4 [1] OJ L166, 11.6.1998, lch. 45 [2] IO L 145, 30.4.2004, lch. 1 [3] IO L166, 11.6.1998, lch. 45 [4] IO L 177, 30.6.2006, lch. 1. [5] COM(2010) 716, 8.12.2010 [6] IO C , , lch. . [7] IO C , , lch. . [8] IO L 166, 11.6.1998,
lch. 45. [9] FSB Reducing the moral hazard posed by systemically
important financial institutions (An ghuais mhorálta arna cruthú ag
institiúidí airgeadais tábhachtacha sistéamacha a laghdú) 20 Deireadh Fómhair
2010. [10] Conclúidí an 2911ú cruinniú den Chomhairle,
ECOFIN, 2 Nollaig 2008. [11] IO L 275, 25.10.2003, lch. 32. [12] IO L 145, 30.4.2004, lch. 1. [13] IO L 168, 27.6.2002, lch. 43. [14] IO L 222, 14.8.1978, lch 11. [15] IO L 193, 18.7.1983, lch. 1. [16] IO L 177, 30.6.2006, lch. 1. [17] European Code of Conduct for Clearing and Settlement
(An Cód Iompair Eorpach maidir le hImréiteach agus Socrú) arna shíniú ag FESE (Federation
of European Securities Exchanges (Cónaidhm Eorpach na Malartán Urrús)),
EACH (European Association of Clearing Houses (an Comhlachas Eorpach de
Thithe Imréitigh)) agus ECSDA (European Central Securities Depositories
Association (Comhlachas Eorpach na dTaisclann Lárnach Urrús)) an 7
Samhain 2006. [18] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31. [19] IO L 8, 12.1.2001, lch. 1. [20] IO L 331, 15.12.2010, lch. 84. [21] IO L 331, 15.12.2010, lch. 12. [22] IO L 15, 28.2.2011, lch. 13. [23] IO L 331,
15.12.2010, lch. 120. [24] IO L 177, 4.7.2008, lch. 6. [25] IO L 191, 13.7.2001, lch. 45. [26] ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an
bhuiséid de réir gníomhaíochtaí [27] Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den
Rialachán Airgeadais. [28] IO L166, 11.6.1998, lch. 45 [29] Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus
tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [30] Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den
Rialachán Airgeadais. [31] LD – Leithreasaí difreáilte / LN – Leithreasaí
neamhdhifreáilte [32] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [33] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a
d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí ó na Balcáin Thiar. [34] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun
feidhme an togra/tionscnaimh. [35] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar
mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí an AE (seanlínte "BA”), taighde
indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme. [36] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun
feidhme an togra/tionscnaimh. [37] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.