EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0290

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaigh víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha seachtracha agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaigh víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha seachtracha agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin

/* COM/2011/0290 final - COD 2011/0138 */

52011PC0290

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaigh víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha seachtracha agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaigh víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha seachtracha agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin /* COM/2011/0290 final - COD 2011/0138 */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS GINEARÁLTA AGUS FORAIS AN TOGRA

I gcomhréir le hAirteagal 62(2)(b)(i) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 539/2001[1] ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaigh víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha seachtracha Ballstát (dá ngairtear an liosta diúltach) agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (dá ngairtear an liosta dearfach). Tá na liostaí sin luaite in Airteagal 61 de Chonradh CE i measc na mbeart tionlacain atá nasctha go díreach le saorghluaiseacht daoine i limistéar de shaoirse, de shlándáil agus de cheartas.

Dá bhrí sin, ón tráth ar glacadh an Rialachán, táthar tar éis é a leasú ocht n-uaire[2]. Bhí na modhnuithe uile a rinneadh le gairid ar an Rialachán dírithe ar leasú na liostaí dearfacha víosaí agus diúltacha víosaí atá ina n-iarscríbhinn leis an Rialachán, agus bhain na leasuithe is déanaí acu sin le haistriú na Téaváine go dtí an liosta dearfach agus freisin leis an toradh a bhí ar an idirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí, is é sin an dá thír dheireanacha de thíortha na mBalcán Thiar, an Albáin agus an Bhoisnia-Heirseagaivéin, a aistriú go dtí an liosta dearfach.

Le roinnt blianta anuas, d'éirigh an riachtanas go ndéanfaí tuilleadh modhnuithe teicniúla freisin ar phríomhthéacs an Rialacháin, e.g. an deimhneacht dhlíthiúil a neartú trí rialacha a chur ar fáil le haghaidh dálaí áirithe nach raibh cuimsithe cheana faoin Rialachán agus coigeartú a dhéanamh ar shainmhínithe áirithe i ngeall ar athruithe a thainig as dlí díorthaithe, mar shampla glacadh an Chóid maidir le Víosaí (Rialachán ón gComhairle (CE) Uimh. 810/2009)[3].

Chomh maith leis sin, anois agus deich mbliana imithe thart ó cuimsíodh acquis Schengen i gcreat an AE agus ó bunaíodh an comhbheartas víosaí, ní foláir i gcomhréir le hAirteagal 77(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), dul chun cinn a dhéanamh le tuilleadh comhchuibhithe ar chomhbheartas víosaí an AE maidir le catagóirí áirithe atá liostaithe faoi Airteagal 4 den Rialachán agus a bhí á bhfágáil go dtí seo faoi chinntí aontaobhacha na mBallstát ar leith.

Agus mar fhocal scoir, i bhfianaise iarmhairtí theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, teastaíonn tuilleadh modhnuithe, lena n-áirítear clásal cosanta a thabhairt isteach agus modhnú a dhéanamh ar mheicníocht na cómhalartachta.

1.1. Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

Tá an modhnú seo ar an Rialachán dírithe ar an méid a leanas:

- foráil a dhéanamh maidir le clásal cosanta víosa lena gceadófar an tarscaoileadh víosa maidir le tríú tír atá ar an liosta dearfach a chur ar fionraí go sciobtha ar bhonn sealadach i gcás éigeandála, nuair atá freagairt phráinneach ag teastáil chun na deacrachtaí atá ag Ballstáit a réiteach;

- modhnú a dhéanamh ar fhorálacha áirithe, e.g. ar mheicníocht na cómhalartachta, ionas go gcomhlíonfaidh siad go hiomlán na forálacha gaolmhara den CFAE;

- a áirithiú, trí shainmhínithe iomchuí a fhoráil maidir le gearrfhanacht agus víosaí, go gcomhlíonfar an Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ón gComhairle lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód maidir le Víosaí)[4] atá i bhfeidhm ón 5 Aibrean 2010;

- a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 77(2)(a) den CFAE, trí na rialacha i leith dídeanaithe agus daoine gan stát a chomhlánú ionas go soiléireofar an córas víosaí a bhaineann leo siúd a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe nó in Éirinn, go gcinnfidh an Rialachán go hiomlán an mbeidh náisiúnach tríú tíre faoi réir an cheanglais víosa nó an mbeidh díolúine aige uaidh agus dá réir sin go gcuirfidh an Rialachán deimhneacht dhlíthiúil ar fáil;

- dul chun cinn a dhéanamh i ndáil leis an gcomhbheartas víosaí a chomhchuibhiú ina iomláine trí fhoráil a dhéanamh maidir le rialacha nua a bheidh níos comhchuibhithe maidir leis an ceanglas víosa nó leis an díolúine ón gceanglas víosa a bhaineann le catagóirí éagsúla náisiúnaigh tríú tíortha;

- rialacha soiléire a chur ar fáil maidir le ceanglas víosa nó díolúine ón gceanglas víosa i gcás sealbhóirí pasanna laissez-passer agus pasanna eile arna n-eisiúint ag eintitis áirithe atá faoi réir an dlí idirnáisiúnta, ach nach bhfuil incháilithe mar eagraíochtaí idir-rialtasacha idirnáisiúnta;

- forálacha nua a ghlacadh i dtaca le hoibleagáidí i gcás Ballstát áirithe a thig as comhaontuithe AE/idirnáisiúnta a chiallaíonn go bhfuil gá maolú ó na comhrialacha víosaí.

2. EILIMINTÍ AN TOGRA

2.1. Clásal cosanta víosa a bhunú chun léirscaoileadh víosaí a chur ar fionraí

An 8 Samhain 2010, ghlac an Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (CGB) tarscaoileadh víosa i gcás na hAlbáine agus na Boisnia-Heirseagaivéine d'ainneoin an drogaill a bhí ar Bhallstáit áirithe de bharr an mhéadaithe thapa a tháinig ar líon na n-iarratas ar thearmann i mBallstáit áirithe tar éis léirscaoileadh víosa a dheonú ar roinnt de thíortha na mBalcán Thiar. D'fhonn an chúis imní sin a chur san áireamh, d'eisigh an Coimisiún Ráiteas chun faireachán tar éis léirscaoileadh víosa a neartú, mar bheart práinne, i dtíortha na mBalcán Thiar a bhain léirscaoileadh víosa amach, agus dhearbhaigh sé go háirithe i gcás plódú tobann náisiúnaigh ó thríú tír amháin nó níos mó, lena n-áirítear náisiúnaigh ó na Balcáin Thiar, isteach i mBallstát amháin nó níos mó, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go nglacfaidh an Chomhairle bearta sealadacha chun tairbhe an Bhallstáit/na mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 78 den Chonradh, agus chun léirscaoileadh víosaí a fhionraí go sciobtha.

De thoradh an Ráitis ón gCoimisiún, ag deireadh mhí na Nollag 2010, thíolaic dhá Bhallstát doiciméad (doic. 18212/10 VISA 311 COMIX 842), ina molann siad clásal cosanta a chur isteach i Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle, ina dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún cinneadh a dhéanamh maidir le tarscaoileadh víosa a fhionraí go sealadach, i gcomhréir leis an nós imeachta coiste, ach coinníollacha áirithe a chomhlíonadh.

Chuideodh clásal cosanta le sláine na bpróiseas léirscaoilte víosa san am atá romhainn agus le hinchreidteacht a bhunú i leith an phobail.

Tá na Ballstáit tar éis tacaíocht ghinearálta a thabhairt don mholadh seo in SCIFA (an Coiste Straitéiseach um Inimirce, um Theorainneacha agus um Thearmann). Ba é comhdhearcadh na mBallstát go gcuirfeadh a leithéid de chlásal cosanta creat ginearálta ar fáil don todhchaí, gan é a bheith bainteach le tríú tíortha sonracha.

Bheadh an clásal comhlántach leis an gclásal cosanta in Airteagal 78(3) den CFAE ach ba chlásal ar leithligh a bheadh ann. Ba cheart é a chur i bhfeidhm mar bheart sealadach i gcásanna éigeandála a shonraítear go soiléir.

Ba cheart a dhearbhú go soiléir sa chlásal cosanta nach mbaineann sé ach le tarscaoileadh víosa go ceann gearrthréimhse, mar bheart práinne, ar bhonn critéar a shonraítear agus a threoirmharcáiltear go maith. Ní ceart an clásal a chur i ngníomh ach amháin i gcás éigeandála, i.e. má thagann athrú tobann ar an staid, mar shampla, nuair a mhéadaíonn na figiúirí ábhartha go tobann laistigh de thréimhse réasúnta gearr, agus i gcás inar gá freagairt phráinneach 'víosa' a thabhairt chun na deacrachtaí atá roimh na Ballstáit atá thíos leis an bhfadhb a réiteach, agus nuair nárbh iomchuí nó nár leor mar fhreagairt bearta atá le bunú ar Airteagal 78(3) den CFAE.

D'fhonn a bheith ábalta freagairt thapa a thabhairt ar na cásanna thuas, ghlacfaí cinneadh maidir le tarscaoileadh víosa a fhionraí go sealadach tríd an nós imeachta coiste i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 182/2011[5]: trí chumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún, bunaithe ar Airteagal 291 den CFAE.

Fiú más rud é go sainmhínítear go soiléir na coinníollacha chun clásal cosanta a chur i ngníomh, ní foláir don Choimisiún an staid a mheasúnú agus ní ceart aon uathoibreánachas a bheith de thoradh ar fhógraí ó na Ballstáit. Le linn measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht fionraí a chur le tarscaoileadh víosa do thríú tír, cuirfidh an Coimisiún san áireamh líon na mBallstát atá thíos le tarlú tobann aon cheann de na cásanna a liostaítear sa togra seo agus a dtionchar iomlán ar staid imirce an AE.

I gcomhréir leis na rialacha nós imeachta coiste i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, faoin nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an togra le haghaidh Cinnidh ón gCoimisiún lena bhfionraítear an tarscaoileadh víosa i gcás tríú tír amháin nó níos mó mar aon le doiciméid ábhartha eile, lena n-áirítear e.g. tuarascálacha a d'fhéadfadh teacht ó FRONTEX agus ó EASQ agus na fógraí tosaigh ó na Ballstáit, an tráth céanna agus comhaltaí an choiste.

I gcás tarscaoileadh víosa a fhionraí, is léir gur iomchuí an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú a chur i bhfeidhm. Tabharfaidh an coiste a thuairim uaidh trí thromlach cáilithe. Déanfar vótaí na gcomhaltaí a ualú ar mhodh atá leagtha síos san fhoráil ábhartha den Chonradh (Airteagal 238(3) den CFAE). I gcás ina dtugann an coiste tuairim dhearfach, glacfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme. I gcás ina dtugann an coiste tuairim dhearfach, glacfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme.

Beidh ceart grinnscrúdaithe ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle chun a áirithiú nach sáróidh an Coimisiún a chumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Ina theannta sin, ar mhaithe le trédhearcacht, d'fhéadfadh an Coimisiún barúlacha a mhalartú le Parlaimint na hEorpa arna iarraidh sin di, tar éis togra chun tarscaoileadh víosa a fhionraí go sealadach i dtríú tír amháin nó níos mó.

Roimh dheireadh thréimhse na fionraí sealadaí, chuirfeadh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, lena ngabhfadh, nuair a mheasfar gur iomchuí, togra chun Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 a leasú, i gcomhréir leis an gnáthnós imeachta reachtach, d'fhonn tríú tír a aistriú go dtí an liosta diúltach víosaí. Ina leithéid de chás, d'fhéadfaí an beart fionraí a fhadú trí chinneadh nua cur chun feidhme arna ghlacadh trí nós imeachta coiste go ceann uastréimhse naoi mí, rud a d'fhágfadh go leor ama ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle chun an togra ag leasú na liostaí i Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 a ghlacadh nó a dhiúltú.

2.2. Meicníocht na cómhalartachta a mhodhnú

Le linn an phróisis chódúcháin maidir le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, scrúdaigh Meitheal Comhairleach shaineolaithe dlí de chuid an Choimisiúin, na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa an bunús dlí tánaisteach arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 851/2005[6]. Leasaítear Airteagal 1(4)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 leis seo mar a leanas: 'Laistigh de 90 lá tar éis fhoilsiú an fhógra sin, cuirfidh an Coimisiún, i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, tuairisc chuig an gComhairle. Féadfaidh togra a bheith ag gabháil leis an tuarascáil ina ndéantar foráil maidir le hathbhunú sealadach an riachtanais víosa i gcás náisiúnach an tríú tír i gceist. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún an togra seo a thíolacadh tar éis plé a bheith déanta ar a thuarascáil sa Chomhairle. Gníomhóidh an Chomhairle ar na tograí sin trí thromlach cáilithe laistigh de thrí mhí.'

Mheas Grúpa Comhairleach na Seirbhísí Dlí gur bhunaigh an fhoráil sin bunús dlí tánaisteach nach léir go bhfuil sé dulta in éag, agus ar gá é a athscrúdú mar sin i bhfianaise bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 6 Bealtaine 2008 i gcás C-133/06 d'fhonn é a scriosadh nó a leasú.

Sa réimse ina bhfuil feidhm ag an gcomhchinnteoireacht, ní féidir ó thaobh dlí nós imeachta simplithe a fhoráil i reachtaíocht thánaisteach lena n-údaraítear don Chomhairle cinneadh a dhéanamh maidir le togra ón gCoimisiún, gan rannpháirtíocht Pharlaimint na hEorpa.

Dá bhrí sin, coimeádfar an fhoráil sin ach í leasaithe ar thaobh amháin, trína bhforáil go ndíreofar an tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus, ar an taobh eile, trí ról comhchinntitheach Pharlaimint na hEorpa a chur léi.

Leanfaidh an próiseas códúcháin agus cuirfear críoch leis chomh luath agus a ghlacfar an leasú reatha.

Sa chomhthéacs seo, ba cheart a lua go ndearna Ballstát moladh meicníocht reatha na cómhalartachta a mhodhnú d'fhonn é a dhéanamh níos éifeachtúla. De réir an mholta, bheadh ar an gCoimisiún togra a thíolacadh, laistigh de thréimhse an-ghearr, le haghaidh ceanglas víosa do náisiúnaigh tríú tír a athbhunú, rud nach gcuireann i leataobh an ceanglas víosa laistigh de thréimhse nach mó na 12 mhí ó tugadh isteach é i mBallstát.

Tá sé tábhachtach a chur i bhfios go láidir go sáródh an modhnú sin ar mheicníocht na cómhalartachta ceart eisiach tionscnaimh an Choimisiúin agus ní gá go nglacfaí an beart díoltais atá molta de thoradh ar an méid sin.

Maidir le meicníocht tosaigh na cómhalartachta atá luaite i Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 bhí uathoibreánachas áirithe inti cheana: ní raibh sé ina cheangal fógra a thabhairt i leith cásanna neamh-chómhalartachta. Bhí an Ballstát lenar bhain sé in ann cinneadh a dhéanamh fógra a thabhairt nó gan fógra a thabhairt. Ach i gcás inar tugadh fógra, bhí sé de cheangal ar na Ballstáit an ceanglas víosa do náisiúnaigh tríú tíortha lenar bhain sé a fhorchur go sealadach agus go huathoibríoch, 30 lá tar éis na fógraí a fháil, murar rud é gur chinn an Chomhairle a mhalairt.

Measadh gur laige i meicníocht tosaigh na cómhalartachta an t-uathoibreánachas seo agus tréigeadh é in 2005 mar rud nach mbeadh toradh uaidh. Níl aon chúis lena chreidiúint go mbeadh sé níos éifeachtúla anois.

Meastar go bhfuil meicníocht reatha na cómhalartachta, mar a modhnaíodh í in 2005, éifeachtúil ar an iomlán agus laghdaíodh na cásanna neamh-chómhalartachta go suntasach. Maidir leis sa cásanna neamh-chómhalartachta atá fágtha is cásanna iad den chuid is mó ina measann tríú tíortha nach gcomhlíonann Ballstáit áirithe critéir oibiachtúla le haghaidh tarscaoileadh víosa atá leagtha síos ag na tríú tíortha ina reachtaíocht náisiúnta.

Cé go mbreithnítear úsáid an nós imeachta coiste nuair atá an clásal cosanta á chur i bhfeidhm i gcásanna éigeandála arb iad a bpríomhthréithe coinníollacha atá sainithe go maith (féach pointe 2.3 thuas), i gcás ina dtugtar isteach an beart díoltais lena n-athbhunaítear an ceanglas víosa in aghaidh tríú tír i gcás neamh-chómhalartachta, ba cheart beartas seachtrach iomlán an Aontais Eorpaigh leis an tríú tír i gceist a chur san áireamh, gan aon uathoibreánachas, chomh maith le prionsabal na coimhdeachta i measc Bhallstáit an AE. Ba cheart measúnú polaitiúil a dhéanamh ar oiriúnacht a leithéide de bheart.

Thug formhór na mBallstát rabhadh faoi cheanglas víosa do náisiúnaigh tríú tíortha a (ath)fhorchur go 'huathoibríoch' i ngeall ar a impleachtaí polaitiúla agus mhol siad ina ionad sin cur chuige saincheaptha agus bearta sealadacha a chur i bhfeidhm i réimsí eile.

2.3. Víosa agus gearrfhanacht gan víosa a shainmhíniú

Leis an togra seo cuirtear an sainmhíniú ar 'víosa' ar chomhréim leis an sainmhíniú atá air sa Chód maidir le Víosaí. Dá réir sin, is éard atá i víosa údarú go ndéanfaí idirthuras trí chríoch na mBallstát nó go bhfanfaí ar chríoch na mBallstát ar feadh tréimhse nach faide ná trí mhí in aon tréimhse sé mhí ón dáta a rachfaí isteach den chéad uair ar chríoch na mBallstát.

Chun críocha an Rialacháin seo, ní áirítear an víosa idirthurais aerfoirt sa sainmhíniú seo, ós rud é gur sa Chód maidir le Víosaí atá an córas víosa is infheidhme ag Ballstáit maidir le náisiúnaigh tríú tíortha ar idirthuras trí aerfoirt idirnáisiúnta Ballstát agus is ann atá an córas á rialáil.

Beidh náisiúnaigh tríú tíortha atá sa liosta in Iarscríbhinn II díolmhaithe ón gceanglas atá leagtha síos i mír 1 i gcás fanachtaí nach faide ná trí mhí in aon tréimhse sé mhí i gcríoch na mBallstát.

Sa sainmhíniú seo cuirtear san áireamh freisin impleachtaí a thig as léirmhíniú na rialach maidir le gearrfhanacht trí mhí ó Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa i gcás 241/05[7].

2.4. Teifigh agus daoine gan stát atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe nó in Éirinn

Le leasú roimhe sin ar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 in 2006 (Rialachán (CE) Uimh. 1932/2006) beartaíodh cheana staid teifeach agus daoine gan stát a shoiléiriú trí na rialacha is infheidhme maidir le víosaí a choigeartú, ag déanamh idirdhealú idir na daoine atá ina gcónaí i mBallstát agus na daoine atá ina gcónaí i dtríú tír.

Ar bhonn an Phrótacail ar sheasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, a ghabhann mar iarscríbhinn leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, níl Éire ná an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 agus na leasuithe air. Dá bhrí sin, i gcás Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, ní mheastar go bhfuil an Ríocht Aontaithe agus Éire ina mBallstáit. Dá bhrí sin, i dtaca le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1932/2006 maidir le rialacha víosa is infheidhme maidir le teifigh agus daoine gan stát níl feidhm acu maidir leis na daoine sin nuair atá cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe nó in Éirinn.

Díríonn an togra reatha ar an staid mhíshasúil seo a réiteach trí fhoráil a áireamh sa Rialachán maidir le teifigh agus daoine gan stát atá ina gcónaí sa RA nó in Éirinn.

Toisc nach bhfuil aon aitheantas frithmhalartach víosaí ann agus nach bhfuil aon choibhéis idir cead cónaithe agus víosa sa chaidreamh, idir, ar thaobh amháin, an RA agus Éire agus, ar an taobh eile, Ballstáit Schengen, tugann an Rialachán saoirse do Bhallstáit cinneadh a dhéanamh ar bhonn indibhidiúil, maidir le díolúine ón gceanglas víosa nó ceanglas víosa don chatagóir seo daoine. Ba cheart fógra i leith na gcinntí náisiúnta sin a chur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán.

2.5. Cheanglas víosa/díolúine ón gceanglas víosa do chatagóirí áirithe arna liostú faoi Airteagal 4(1) a chomhchuibhiú

In Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 foráiltear go bhféadfaidh Ballstáit catagóirí difriúla náisiúnaigh tríú tíortha ar an liosta diúltach a dhíolmhú ar bhonn indibhidiúil ón cheanglas víosa nó na náisiúnaigh tríú tíortha sin ar an liosta dearfach a chur faoi réir an riachtanais víosa.

Tá an Coimisiún den tuairim, deich mbliana tar éis acquis Schengen a chomhtháthú san AE, go bhfuil sé thar am an chéad chéim eile a ghlacadh i dtreo comhbheartais víosa níos comhchuibhithe. Ba cheart iarrachtaí a dhéanamh an Conradh a chomhlíonadh go hiomlán trí chomhbheartas réadach víosaí a chruthú. Ar an gcúis seo, díríonn an togra seo ar shaoirse na mBallstát a theorannú i dtaca le tarscaoileadh víosa a bhronnadh nó cheanglas víosa a fhorchur do chatagóirí éagsúla daoine atá cumhdaithe ag Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 trí chomhrialacha breise maidir leis an cheanglas víosa a bhunú do roinnt de na catagóirí sin. Mar sin féin, cuirtear san áireamh freisin sa togra, na difríochtaí suntasacha reatha idir chleachtais na mBallstát i gcás catagóirí áirithe (amhail sealbhóirí pasanna taidhleoireachta nó seirbhíse) tríd an deis a choimeád do Bhallstáit leanúint de chinneadh a dhéanamh ar bhonn indibhidiúil maidir leis an díolúine ón gceanglas víosa nó an cheanglas víosa ach amháin i gcásanna ina gcaibidleodh an AE comhaontuithe um tharscaoileadh víosaí do na catagóirí seo le tríú tíortha.

2.5.1. Tuilleadh comhchuibhithe

Tá an Coimisiún ag lorg tuilleadh dul chun cinn i dtreo comhchuibhiú iomlán maidir leis na catagóirí in Airteagal 4(1), a bhfuil comhchuibhiú de facto nó samhailchomhchuibhiú ann ina leith cheana.

I gcomhréir leis na fógraí reatha a chuireann na Ballstáit ar fáil, tá aerchriú sibhialta atá díolmhaithe ón cheanglas víosa ag na Ballstáit go léir. In imthosca dá leithéidí, níl údar níos mó leis an deis a thabhairt do Bhallstáit cinneadh a dhéanamh go neamhshrianta maidir leis na catagóirí sin a dhíolmhú.

Maidir le haerchriú sibhialta , díolmhaíonn na Ballstáit uile ach amháin dhá Bhallstát na daoine sin ón cheanglas víosa i gcás cead saoire ar tír , agus coimeádann na Ballstáit uile ach amháin dhá Bhallstát an cheanglas víosa chun críoch idirthurais. Leagfar amach sa leasú seo, mar sin, an díolúine ón gceanglas víosa comhchuibhithe ginearálta don chéad chatagóir agus an cheanglas víosa don dara chatagóir faoi seach.

Níl ach Ballstát amháin a dhíolmhaíonn foireann eitilte agus freastalaithe ar eitiltí éigeandála nó tarrthála agus cúntóirí eile i gcás tubaiste nó tionóisce ón cheanglas víosa, agus mar sin cuirfidh an Rialachán seo deireadh leis an gcatagóir sin.

2.5.2. Na rialacha a chothabháil

I gcás chatagóir na gcriúnna sibhialta a loingsíonn longa ar uiscebhealaí intíre idirnáisiúnta choimeádfaí na forálacha reatha mar gur léir ó fhógraí na mBallstát go ndéanann na Ballstáit a bhfuil an Réin agus an Danóib ag gabháil tríd a gcríocha cleachtais éagsúla maidir leis an díolúine ón gceanglas víosa nó an cheanglas víosa is infheidhme maidir leis an gcatagóir sin. Ina theannta sin, tá obair reachtach ar siúl i Lárchoiste um Loingseoireacht na Réine (CCNR/Coiste na Réine) maidir leis an gceist seo, obair ar ceart í a chur san áireamh freisin.

Ní dhéanfadh an modhnú seo difear don deis atá ag Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le sealbhóirí laissez-passer arna eisiúint ag eagraíochtaí áirithe idir-rialtasacha ach oiread.

2.5.3. Foráil nua – I leith oibleagáidí a thig as comhaontuithe AE roimhe seo

Roimh bhunú chomhbheartas víosaí an AE, chuir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit comhaontuithe idirnáisiúnta i gcrích, amhail comhaontuithe comhlachais, le tríú tíortha, a bhaineann le i.e. gluaiseacht daoine agus seirbhísí, a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar an cheanglas víosa a fhorchuirtear ar náisiúnaigh tríú tíortha. Tá tosaíocht ag na comhaontuithe idirnáisiúnta sin arna gcur i gcrích ag an Aontas ar fhorálacha reachtaíocht thánaisteach an AE, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001. I gcás ina bhfuil 'clásal scoir' sna comhaontuithe idirnáisiúnta sin, d'fhéadfadh sé go mbeadh ceangal ar Bhallstáit áirithe maolú ó rialacha an chomhbheartais víosaí i gcomhréir lena reachtaíochtaí faoi seach agus lena gcleachtais is infheidhme/atá i bhfeidhm ar an dáta ar ar tháinig an clásal scoir i bhfeidhm dóibh.

Dá bhrí sin, molann an Coimisiún foráil a chur isteach in Airteagal 4 lena n-údaraítear na Ballstáit soláthróirí seirbhísí a dhíolmhú ón cheanglas víosa, a fhad agus is gá le go n-urramófar oibleagáidí idirnáisiúnta arna gcur i gcrích ag an gComhphobal roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 539/2001.

Tá an togra seo ag luí le rialú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 19 Feabhra 2009 i gcás C-228/06, Mehmet Soysal agus Ibrahim Savatli, inar rialaigh an Chúirt 'gur cheart Airteagal 41(1) den Phrótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais leis an Tuirc, arna síniú an 23 Samhain 1970 sa Bhruiséil, a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn go gcuireann sé cosc ar riachtanas a thabhairt isteach, amhail ó theacht i bhfeidhm an phrótacail sin, go gcaithfidh náisiúnaigh Thurcacha amhail na hachomharcóirí sna príomhimeachtaí víosa a bheith acu chun dul isteach i gcríoch Ballstáit chun seirbhísí a sholáthar ansin thar ceann gnólachta arna bhunú sa Tuirc, ós rud é, ar an dáta sin, nár éilíodh an víosa sin'.

In Airteagal 41 den Phrótacal Breise leagtar síos 'clásal scoir', ina n-ordaítear 'go staonfaidh na Páirtithe Conarthacha ó aon srianta nua maidir le saoirse bunaíochta agus saoirse seirbhísí a sholáthar' a thabhairt isteach eatarthu féin. Faoi láthair, ní fios don Choimisiún go dtairbhíonn tíortha eile seachas an Tuirc de 'chlásal scoir' dá leithéid arna bhunú trí chomhaontú idirnáisiúnta arna chur i gcrích leis an Aontas.

Tabharfaidh na Ballstáit lena mbaineann maolú dá leithéid fógra ina leith chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile.

2.5.4. Nós imeachta chun sealbhóirí pasanna taidhleoireachta agus seirbhíse ó thríú tíortha a dhíolmhú ón cheanglas víosa tar éis deireadh a chur le Rialachán (CE) Uimh. 789/2001 ón gComhairle[8].

Sa téacs reatha d'Airteagal 4(1) i Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 tagraítear do nós imeachta arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 789/2001 atá le leanúint nuair a chinneann Ballstát na sealbhóirí pasanna taidhleoireachta agus/nó na sealbhóirí pasanna seirbhíse ó thríú tír a dhíolmhú ón cheanglas víosa.

De bhun Rialachán (CE) Uimh. 789/2001, ba cheart do Bhallstáit, ar mian leo sealbhóirí pasanna taidhleoireachta agus seirbhíse ó thríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh faoi réir comhairle roimh ré a dhíolmhú, ba cheart dóibh tionscnamh reachtach a bheith curtha isteach acu, ar chinn an Chomhairle ina leith trí thromlach cáilithe (ó 2006 i leith).

Maidir le sealbhóirí na bpasanna sin ó thríú tíortha nach bhfuil faoi réir comhairle roimh ré, chuir Rialachán (CE) Uimh. 789/2001 de cheangal ar Bhallstáit díreach an Chomhairle a chur ar an eolas faoi aon leasuithe ar a rialacha víosaí (riachtanas nó díolúine).

Mar sin féin, táthar tar éis Rialachán (CE) Uimh. 789/2001 a aisghairm trí Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ón gComhairle lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí[9]. Measadh tar éis an Rialachán thuas a aisghairm, gurbh í an reachtaíocht iomchuí í chun na gnéithe 'nós imeachta' de chinntí náisiúnta maidir le cheanglas víosa nó díolúine ó víosa do na sealbhóirí pasanna sin Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, más gá.

Ar an dóigh sin, faoi chuimsiú an mhodhnaithe reatha, ní foláir scrúdú a dhéanamh an ceart nós imeachta cinnteoireachta ar leith a chur ar fáil i gcás inar mian le Ballstát deireadh a chur leis an cheanglas víosa do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta agus seirbhíse ó thríú tír faoi réir comhairle roimh ré.

Tá an Coimisiún den tuairim nach gá a leithéid de 'meicníocht chomhchinnteoireachta' shonrach a bhunú, don cheist seo, ar chúiseanna idirnáisiúnta agus substainteacha.

Maidir leis na gnéithe institiúideacha:

Tar éis idirthréimhse de chúig bliana dá bhforáiltear i gConradh Amstardam de Theideal IV de Chonradh CE (TEC) agus teacht i bhfeidhm an Chonartha nua ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní féidir le Ballstát, ó thaobh dlí, nós imeachta cinnteoireachta le ceart tionscnaimh a bhunú níos mó. Níl sé inghlactha fiú amháin, ó thaobh na n-institiúidí, glacadh leis go mbeadh moladh nó beart de chuid Ballstáit (deireadh a chur le cheanglas víosa do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta ó thríú tír faoi réir comhairle roimh ré) ina cheangal ar cheart tionscnaimh an Choimisiúin. Ní féidir a chur de cheangal ar an gCoimisiún togra a thíolacadh.

Thairis sin, dá mbunófaí nós imeachta 'comhchinneadh', ba cheart prionsabail agus nósanna imeachta dá bhforáiltear in CFAE a urramú (féach thuas maidir le meicníocht na cómhalartachta, pointe 2.2). Níorbh fhéidir leis an gComhairle cinneadh a dhéanamh ina haonar; ba cheart beart dá leithéid a ghlacadh tríd an nós imeachta comhchinnteoireachta in éineacht le Parlaimint na hEorpa.

Maidir leis na gnéithe substainteacha:

Maidir leis an gcinneadh comhairle roimh ré a lorg i dtaca le hiarratais ar víosaí arna dtaisceadh ag náisiúnaigh tríú tír áirithe (na catagóirí áirithe díobh), is cinneadh náisiúnta amháin é. Tugann dlúthpháirtíocht Schengen le tuiscint go ndéanann na Ballstáit eile na hiarratais ar víosaí lena mbaineann a chur le haghaidh comhairle roimh ré chuig an mBallstát iarrthach.

I bprionsabal, is cinneadh aontaobhach é freisin an cinneadh a dhéanann Ballstát an cheanglas víosa sealbhóirí pasanna taidhleoireachta agus seirbhíse tíortha atá ar an liosta diúltach a chur i leataobh. I bprionsabal, ní gá do na Ballstáit glacadh le bearta dá leithéidí: ar bhonn cinnidh dá leithéid, is féidir leis na taidhleoirí lena mbaineann taisteal gan víosa go dtí an Ballstát lena mbaineann, ach leanfaidh an gá atá le víosa a bheith acu chun taisteal go dtí na Ballstáit eile. Gan amhras, tá na taidhleoirí i láthair i limistéar Schengen gan teorainneacha inmheánacha, rud a d'fhéadfadh riosca áirithe a thabhairt le tuiscint.

Mar sin féin, ba cheart na heilimintí seo a leanas a mheabhrú:

- Má tá Ballstát amháin nó níos mó tar éis an oibleagáid atá ann do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta agus seirbhíse ó thríú tír áirithe a chur i leataobh roimh do Bhallstát eile an tír sin a chur ar liosta na dtíortha le haghaidh comhairle roimh ré, ní dhéantar difear ar bith do chur i leataobh an riachtanais víosa níos luaithe agus leanann sé d'fheidhm a bheith aige.

- Fiú más rud é i nós imeachta comhairle roimh ré go gcuireann Ballstát i gcoinne víosa a eisiúint d'iarratasóir, níl sé de cheangal ar an mBallstát atá ag próiseáil an iarratais ar víosa diúltú don víosa; is féidir leis a chinneadh víosa a eisiúint a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige, lena gceadaítear rochtain ar a chríoch ar an mbealach seo. Gan amhras, tá an duine i láthair i limistéar Schengen gan teorainneacha inmheánacha, rud – a d'fhéadfadh riosca áirithe a thabhairt le tuiscint – arís.

2.6. An staid a shoiléiriú agus an bunús dlí maidir leis an cheanglas víosa nó an díolúine ón gceanglas víosa a bhunú le haghaidh eintiteas eile atá faoi réir an dlí idirnáisiúnta a eisíonn pasanna taidhleoireachta nó seirbhíse nó laissez-passer dá gcuid comhaltaí, ach nach eagraíochtaí idir-rialtasacha iad.

Tá eintitis áirithe atá faoi réir an dlí idirnáisiúnta, a eisíonn pasanna taidhleoireachta nó seirbhíse nó laissez-passer. Ní eagraíochtaí idir-rialtasacha iad na heintitis seo, agus mar sin níl siad cumhdaithe faoi láthair ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001. Ar an taobh eile, áirítear iad sa Tábla de dhoiciméid taistil agus dhearbhaigh Ballstáit cibé ar aithin siad a ndoiciméid taistil nó nár aithin (mar shampla Ord Ceannach Míleata Mhálta).

Is gá go mbeadh na heintitis sin cumhdaithe ag Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 agus ba cheart do Bhallstáit cinneadh a dhéanamh agus fógra a thabhairt don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 5 faoina ndíolmhaíonn siad sealbóirí doiciméid taistil arna n-eisiúint ag na heintitis sin.

3. PRÍOMHEAGRAÍOCHTAÍ/PRÍOMHSHAINEOLAITHE A n DEACHTHAS I g COMHAIRLE LEO

Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit.

4. MEASÚNÚ TIONCHAIR

Níl aon ghá leis.

5. BUNÚS DLÍ

I bhfianaise an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFEA), forbairt ar an gcomhbheartas víosaí atá sa togra seo i gcomhréir le hAirteagal 77(2)(a) den CFAE.

6. PRIONSABAIL NA COMHRÉIREACHTA AGUS NA COIMHDEACHTA:

Liostaítear i Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaigh víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha seachtracha (an liosta diúltach) agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (an liosta dearfach).

Maidir leis an gcinneadh na liostaí a athrú, tíortha a aistriú ón liosta diúltach chuig an liosta dearfach nó a mhalairt, agus modhnuithe eile a dhéanamh ar an Rialachán freisin is laistigh d'inniúlacht eisiach an Aontais a thagann sé sin i gcomhréir le hAirteagal 77(2)(a) den CFAE. Is ionann é agus ábhar inar saothraíodh comhchuibhiú iomlán ar feadh tréimhse suntasaí ar chúiseanna éifeachtúlachta soiléire.

7. ROGHA IONSTRAIMÍ

Tá Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 le leasú le Rialachán.

8. IMPLEACHT BHUISÉADACH

Ní bhaineann aon impleacht do bhuiséad an AE leis an leasú atá beartaithe.

2011/0138 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaigh víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha seachtracha agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[10],

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí Náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

1. Bunaítear leis an Rialachán seo clásal cosanta víosa lena gceadaítear an tarscaoileadh víosa maidir le tríú tír atá ar an liosta deimhnitheach a chur ar fionraí go sciobtha agus ar bhonn sealadach i gcás éigeandála nuair atá freagairt phráinneach ag teastáil chun deacrachtaí atá ag Ballstát amháin nó níos mó a réiteach, ag cur san áireamh tionchar ginearálta na staide éigeandála ar an Aontas Eorpach ina iomláine.

2. D'fhonn coinníollacha comhionanna a áirithiú le haghaidh cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta maidir le meicníochtaí le haghaidh rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[11].

3. An mheicníocht cómhalartachta atá le cur chun feidhme má chinneann tír amháin de na tríú tíortha atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 náisiúnaigh Ballstáit amháin nó níos mó a chur faoi réir oibleagáide víosa, ní mór í a chur in oiriúint do theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin agus do chásdlí na Cúirte maidir le bunúis dlí thánaisteacha.

4. D'fhonn comhsheasmhacht a áirithiú le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí)[12], déanann an Rialachán seo an sainmhíniú ar víosa a ailíniú leis sainmhíniú sa Chód Víosaí.

5. Ba cheart tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh an comhbheartas víosaí a chomhchuibhiú ina iomláine a fhad a bhaineann leis na catagóirí eisceachtaí ar féidir leis na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leo de bhua Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001. Chuige sin, leasaíonn an Rialachán seo Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 a fhad a bhaineann leis na saincheisteanna sin ina bhfuil comhchuibhiú de facto nó leath-chomhchuibhiú ann cheana i ngeall ar chleachtais na mBallstát a bheith cóineasaithe.

6. Ó tharla nach bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1932/2006 maidir leis na rialacha is infheidhme i leith dídeanaithe agus daoine gan stát nuair atá cónaí ar na daoine sin sa Ríocht Aontaithe nó in Éirinn, is gá a shoiléiriú cé na ceanglais maidir le víosa atá ar dhídeanaithe áirithe agus ar dhaoine áirithe gan stát a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe nó in Éirinn. Ligeann an Rialachán seo do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le díolúine víosa a thabhairt don chatagóir sin daoine nó oibleagáid a chur orthu víosa a bheith acu. Déanfar cinntí náisiúnta den sórt sin a chur in iúl don Choimisiún.

7. Ag féachaint d'oibleagáidí áirithe atá ar na Ballstáit faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta a chuir an Chomhphobal i gcrích roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, oibleagáidí a fhágann gur gá imeacht ó na comhrialacha maidir le víosaí, tugtar isteach leis an Rialachán seo foráil lena ligtear do na Ballstáit díolúine ón gceanglas víosa a thabhairt do dhaoine a sholáthraíonn seirbhísí le linn a bhfanachta, a mhéad is gá chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh.

8. Cuireann an Rialachán seo bunús dlí ar fáil maidir le ceanglas nó díolúine víosa i gcás sealbhóirí pasanna laissez-passer , pasanna taidhleoireachta nó pasanna seirbhíse arna n-eisiúint ag eintitis áirithe faoi réir an dlí idirnáisiúnta, ar eintitis nach eagraíochtaí idir-rialtasacha idirnáisiúnta iad.

9. Is forbairt é an Rialachán seo ar acquis Schengen, i gcomhréir leis an bPrótacal lena lánpháirtítear acquis Schengen i gcreat an Aontais Eorpaigh, arna shainmhíniú in Iarscríbhinn A a ghabhann le Cinneadh 1999/435/CE[13] ón gComhairle an 20 Bealtaine 1999 maidir le acquis Schengen a shainiú d'fhonn a chinneadh, i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus forálacha ábhartha an Chonartha ar an Aontas Eorpach, an bunús dlí le gach foráil nó cinneadh arb iad an acquis.

10. A fhad a bhaineann leis an Íoslainn agus an Iorua, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le baint an dá stát sin le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen[14], rud a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin[15].

11. A fhad a bhaineann leis an Eilvéis, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le baint Chónaidhm na hEilvéise le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm, agus forbairt acquis Schengen[16], rud a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (B) de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh in éineacht le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle[17].

12. A fhad a bhaineann le Lichtinstéin, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail a síníodh idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le baint Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (B) de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh in éineacht le hAirteagal 3 de Chinneadh [xx/2011/AE] ón gComhairle. FN [tagairt don IO, arna ghlacadh 7.3.11; gan foilsiú go fóill][18].

13. Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen[19]. Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin agus ní bheidh sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

14. Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen[20]. Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin agus ní bheidh sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 mar seo a leanas:

15. leasaítear Airteagal 1 mar seo a leanas:

16. leasaítear mír 2 mar seo a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

"Beidh náisiúnaigh tríú tíortha atá sa liosta in Iarscríbhinn II díolmhaithe ón gceanglas atá leagtha síos i mír 1 i gcás fanachtaí nach faide ná trí mhí in aon tréimhse sé mhí ón dáta a thagann siad isteach i gcríoch na mBallstát den chéad uair."

(ii) sa dara fomhír, cuirtear isteach na fleasca seo a leanas:

- "baill d'aerchriú sibhialtach;

- baill de mhuirchriú sibhialtach nuair a théann siad i dtír, ar baill iad a bhfuil doiciméad aitheantais maraí acu arna eisiúint i gcomhréir le Coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair Uimh. 108 (1958) agus Uimh. 185 (2003), nó i gcomhréir le Coinbhinsiún Londan na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta 1965 (Coinbhinsiún FAL) maidir le muirthrácht idirnáisiúnta a éascú."

- i mír 4 cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

- "laistigh de 90 lá tar éis fhoilsiú an fhógra sin, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Féadfaidh a bheith ag gabháil leis an tuarascáil moladh ag déanamh forála maidir le hathbhunú sealadach an cheanglais víosa i gcás náisiúnaigh an tríú tír i gceist. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún an moladh seo a thíolacadh tar éis pléití ar an tuarascáil i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle. Is tríd an ngnáthnós imeachta reachtach a ghníomhóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i leith molta den sórt sin.

- Cuirtear an tAirteagal 1a a leanas isteach:

"Airteagal 1a – Clásal cosanta

1. Beidh feidhm ag mír 2 go mír 5 den Airteagal seo sa chás ina mbeidh Ballstát amháin nó níos mó i staid éigeandála a mbeidh aon cheann de na saintréithe seo a leanas ag baint léi:

17. méadú tobann 50 % ar a laghad, le linn tréimhse sé mhí, ar líon na náisiúnach tríú tíortha arna liostú in Iarscríbhinn II a fhaightear amach a bheith ag fanacht go neamhdhlíthiúil ar chríoch an Bhallstáit, i gcomparáid leis an tréimhse sé mhí roimhe sin;

18. méadú tobann 50 % ar a laghad, le linn tréimhse sé mhí, i gcomparáid leis an tréimhse sé mhí roimhe sin, ar líon na n-iarratas ar thearmann ó náisiúnaigh tríú tíortha arna liostú in Iarscríbhinn II a raibh an ráta glactha iarratas ar thearmann ina leith níos lú ná 3 % ar feadh na tréimhse sé mhí roimhe sin;

19. méadú tobann 50 % ar a laghad, le linn tréimhse sé mhí, ar líon na n-iarratas ar athligean isteach nár éirigh leo a tharchur Ballstát chuig tríú tír atá liostaithe in Iarscríbhinn II i leith a náisiúnach féin, i gcomparáid leis an tréimhse sé mhí roimhe sin;

2. Aon Bhallstát atá in aon cheann de na staideanna éigeandála a bhfuil tuairisc orthu i mír 1, féadfaidh sé fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith. Beidh foras cuí tugtha leis an bhfógra sin agus beidh ar áireamh ann sonraí agus staitisticí ábhartha mar aon le míniú mionsonraithe ar na réamhbhearta atá déanta ag an mBallstát lena mbaineann d'fhonn an staid a leigheas.

3. Scrúdóidh an Coimisiún an fógra agus cuirfidh sé san áireamh líon na mBallstát atá buailte ag aon cheann de na staideanna a bhfuil tuairisc orthu i mír 1 agus tionchar ginearálta na méaduithe ar chúrsaí imirce san Aontas i bhfianaise na sonraí arna soláthar ag an mBallstát agus i bhfianaise na dtuairiscí arna n-ullmhú ag FRONTEX agus/nó ag an Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn, agus, laistigh de thrí mhí tar éis dó iad a fháil, féadfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena bhfionrófar go ceann tréimhse sé mhí an díolúine ón gceanglas víosa atá ag náisiúnaigh an tríú tír lena mbaineann. Is i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4a(2) a ghlacfar an cinneadh cur chun feidhme. Cinnfear leis an gcinneadh cur chun feidhme an dáta a thiocfaidh fionraí na díolúine ón gceanglas víosa i bhfeidhm.

4. Roimh dheireadh thréimhse bailíochta an chinnidh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 3, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an mBallstát nó na Ballstáit lena mbaineann, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Féadfaidh moladh maidir leis an Rialachán seo a leasú a bheith ag gabháil leis an tuarascáil d'fhonn an tríú tír lena mbaineann a aistriú chuig Iarscríbhinn I.

5. I gcás ina molann an Coimisiún leasú ar an Rialachán seo d'fhonn tríú tír a aistriú chuig Iarscríbhinn I de bhun mhír 4, féadfaidh sé bailíocht an chinnidh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 3 a shíneadh go ceann tréimhse naoi mí ar a mhéad. Is i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4a(2) a ghlacfar an cinneadh bailíocht an chinnidh cur chun feidhme a shíneadh.

20. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

"Chun críocha an Rialacháin seo, ciallóidh 'víosa' údarú arna eisiúint ag Ballstát ar mhaithe le hidirthuras trí chríoch na mBallstát nó ar mhaithe le fanacht atá beartaithe iontu ar feadh tréimhse nach faide ná trí mhí in aon tréimhse sé mhí ón dáta a thagtar isteach den chéad uair i gcríoch na mBallstát."

21. Leasaítear Airteagal 4 mar seo a leanas:

22. cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí ón gceanglas víosa dá bhforáiltear le hAirteagal 1(1) nó ón díolúine ón gceanglas víosa dá bhforáiltear le hAirteagal 1(2) i gcás na ndaoine seo a leanas:

23. sealbhóirí pasanna taidhleoireachta, pasanna seirbhíse/oifigiúla nó pasanna speisialta;

24. criú sibhialtach long atá ag loingsiú in uiscí idirnáisiúnta;

25. sealbhóirí pasanna laissez-passer , pasanna taidhleoireachta nó pasanna seirbhíse arna n-eisiúint dá n-oifigigh ag eagraíochtaí idir-rialtasacha idirnáisiúnta áirithe nó ag eintitis eile atá faoi réir an dlí idirnáisiúnta.

26. i mír 2 cuirtear an pointe (d) a leanas isteach:

"(d) dídeanaithe agus daoine gan stát atá aitheanta agus daoine aitheanta eile nach bhfuil náisiúntacht aon tíre acu agus a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe nó in Éirinn agus a bhfuil doiciméad taistil acu arna eisiúint ag na Ballstáit sin."

27. Cuirtear mír 4 nua isteach:

"A mhéid a fhorchuirtear le cur i bhfeidhm Airteagal 41(1) den Phrótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an Tuirc agus an CE, féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí ón gceanglas víosa dá bhforáiltear le hAirteagal 1(1), maidir le náisiúnaigh de chuid na Tuirce a sholáthraíonn seirbhísí le linn a bhfanachta."

28. Cuirtear an tAirteagal 4a a leanas isteach:

"Airteagal 4a

An nós imeachta coiste

1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile is go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, [...]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa, Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán An tUachtarán

[1] IO L 81, 21.3.2001, lch. 1.

[2] Rialachán (CE) Uimh. 2414/2001 ón gComhairle an 7 Nollaig 2001 (IO L 327, 12.12.2001, lch. 1), Rialachán (CE) Uimh. 453/2003 ón gComhairle an 6 Márta 2003 (IO L 69, 13.3.2003, lch. 10), Rialachán (CE) Uimh. 851/2005 ón gComhairle an 2 Meitheamh 2005 (IO L 141, 4.6.2005, lch. 3), Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 ón gComhairle an 20 Samhain 2006 (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1), Rialachán (CE) Uimh. 1932/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 (IO L 405, 30.12.2006, lch. 23), Rialachán (CE) Uimh. 1244/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 (IO L 336, 18.12.2009, lch. 1), Rialachán (CE) Uimh. 1091/2010 ón gComhairle an 24 Samhain 2010 (IO L 329, 14.12.2010, lch. 1), agus Rialachán (CE) Uimh. 1211/2010 ón gComhairle 15 Nollaig 2010 (OJ L 339 22.12.2010, p.9)

[3] IO L 243, 15.9.2009, lch. 1.

[4] IO L 243, 15.9.2009, lch. 1.

[5] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

[6] IO L 141, 4.6.2005, lch. 3.

[7] I gcás 241/05 rialaigh Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa gur ceart Airteagal 20(1) den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn go dtagraíonn an téarma 'an chéad iontráil' san fhoráil sin, chomh maith leis an gcéad iontráil riamh ar chríocha na Stát Conarthach don chomhaontú sin, don chéad iontráil ar na críocha sin a tharlaíonn tar éis tréimhse sé mhí ón gcéad iontráil riamh sin dul in éag agus is tagairt é freisin d'aon chéad iontráil eile a tharlaíonn tar éis aon tréimhse nua sé mhí tar éis dáta níos luaithe na chéad iontrála dul in éag. Tá feidhm ag an méid seo – trí léirmhíniú analógach – maidir le fanachtaí ar bhonn víosa freisin.

Is éard atá i víosa gearrfhanachta víosa taistil atá bailí d'iontráil amháin nó dhá iontráil, ar an gcoinníoll nach mó na trí mhí in aon tréimhse sé mhí fad cuairte leanúnaí nó fad iomlán cuairteanna comhleanúnacha, ó dháta na chéad iontrála. Féadfaidh eachtrannaigh nach bhfuil faoi réir riachtanais víosa gluaiseacht faoi shaoirse laistigh de Stáit Schengen go ceann uastréimhse trí mhí le linn na chéad sé mhí tar éis dháta na chéad iontrála.

[8] IO L 116, 24.4.2001, lch. 2.

[9] IO L 243, 15.9.2009, lch. 1.

[10] IO C […], […], lch. […].

[11] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

[12] IO L 243, 15.9.2009, lch. 1.

[13] IO L 176, 10.7.1999, lch. 1.

[14] IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

[15] IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.

[16] IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

[17] IO L 53, 27.2.2008, lch. 1.

[18] IO L ……

[19] IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.

[20] IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.

Top