EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52011PC0285
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL concerning customs enforcement of intellectual property rights
RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla
RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla
/* COM/2011/0285 final - COD 2011/0137 */
RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla /* COM/2011/0285 final - COD 2011/0137 */
MEABHRÁN
MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA 1.1. Cúlra Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le
straitéis le haghaidh fáis inbhuanaithe chliste, “Eoraip 2020”[1], leagadh béim ar thábhacht na
nuálaíochta i ndáil le fás agus poist. Is gné bhunúsach den phríomhthosaíocht
sin iad Cearta Maoine Intleachtúla, toisc go n‑áiritheofar leo go mbainfear
sochair iomlána as gníomhaíochtaí taighde, nuálaíochta agus cruthaitheacha. Is
cúis imní atá ag dul i méid iad sáruithe ar chearta maoine intleachtúla agus an
trádáil in earraí a eascraíonn as na sáruithe sin, go háirithe sa gheilleagar
domhandaithe. I dteannta na n‑iarmhairtí eacnamaíocha a bheidh ann maidir le
tionscal, d'fhéadfadh na táirgí a dhéanann sárú sláinte agus sábháilteacht
tomhaltóirí a chur i mbaol. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Gníomh um
an Margadh Aonair[2],
mheabhraigh an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart do na húdaráis chustaim a
bheith in ann cosaint níos fearr a dhéanamh ar chearta maoine intleachtúla trí
bhíthin reachtaíochta athbhreithnithe. Déantar foráil i Rialachán (CE)
Uimh. 1383/2003 ón gComhairle maidir le gníomhaíocht chustaim i gcoinne
earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad cearta áirithe maoine
intleachtúla, agus is gné thábhachtach an méid sin de straitéis an AE maidir le
cearta maoine intleachtúla a chosaint agus a fhorghníomhú. I mí Mheán Fómhair
2008, thug an Chomhairle[3]
cuireadh don Choimisiún agus do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar an
Rialachán sin agus feabhsuithe ar an gcreat dlíthiúil maidir le gníomhaíocht i
gcoinne táirgí a sháraíonn na cearta sin a mholadh agus a mheasúnú. D’fhorbair an Coimisiún plean nua
gníomhaíochta do na húdaráis chustaim d’fhonn sáruithe ar chearta maoine
intleachtúla a chomhrac sna blianta 2009-2012. Cumhdaíonn príomhghnéithe an phlean
gníomhaíochta[4],
plean a d’ullmhaigh an Coimisiún agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle,
reachtaíocht, feidhmíocht oibríochtúil, comhar le lucht tionscail, comhar
idirnáisiúnta agus ardú feasachta. Ionchorpraíodh an t‑athbhreithniú a rinne an
Coimisiún ar an Rialachán sa phlean, agus rinneadh é i ndlúthchomhar leis na
Ballstáit trí bhíthin grúpa oibre a cuireadh le chéile faoi Chlár Custaim 2013.
Saineolaithe ó riaracháin chustaim na mBallstát a bhí sa ghrúpa oibre sin. Cúis imní do bhaill áirithe den Eagraíocht
Domhanda Trádála (EDT), d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, d’Eagraíochtaí
Neamhrialtasacha agus don tsochaí shibhialta ba ea na himeachtaí a tharla ag
deireadh 2008 nuair a rinne údaráis chustaim lastais cógais a bhí faoi bhealach
tríd an AE a chur i gcoinneáil. Maíodh go bhféadfadh beart den sórt sin cur
isteach ar thrádáil dhlisteanach i gcógais chineálacha, agus nach mbeadh na
bearta sin ag teacht le gealltanas an AE rochtain ar chógais sa domhan atá i
mbéal forbartha a éascú, rud a sháródh rialacha an EDT ar deireadh. De bharr
líon na n‑eachtraí coinneála, spreagadh díospóidí san EDT leis an India agus
leis an mBrasaíl ag cur i gcoinne an AE. Chuir an India agus an Bhrasaíl ábhair
imní in iúl le linn chomhairliúcháin ábhartha an EDT leis an AE freisin, agus
is léir ón méid sin go bhféadfadh tuilleadh soiléirithe dul chun tairbhe
reachtaíocht ábhartha an AE maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis
chustaim ar mhaoin intleachtúil d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú. 1.2. Comhsheasmhacht le beartais
eile de chuid an AE Tá an togra seo ag teacht le beartas
seanbhunaithe agus straitéis sheanbhunaithe an Aontais maidir le cearta maoine
intleachtúla a chosaint. Bhí tionchar ag an mbeartas sin ar roinnt
Teachtaireachtaí ón gCoimisiún, amhail Eoraip 2020 agus an Teachtaireacht
maidir le Gníomh um an Margadh Aonair[5].
Nuair a chosnaítear maoin intleachtúil, spreagtar nuálaíocht agus bíonn
tionchar dearfach ag forghníomhú éifeachtach ar fhostaíocht, ar thomhaltóirí
agus ar an tsochaí ina hiomláine. Comhlánaíonn an forghníomhú a dhéanann údaráis
chustaim ar chearta maoine intleachtúla ag an teorainn forghníomhú ar an
margadh inmheánach, agus comhlánaíonn sé tionscnaimh trádála le tríú tíortha i
bhfóraim idirnáisiúnta. Is cuid dhílis é an togra den chreat straitéiseach a
bhfuil cur síos déanta air sa Teachtaireacht nua ón gCoimisiún maidir le
Margadh Aonair le haghaidh Ceart Maoine Intleachtúla an [Bealtaine 2011]. 2. TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN
LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR 2.1. Comhairliúchán Poiblí Rinneadh comhairliúchán poiblí chun a áirithiú
gur tugadh go leor deiseanna do na geallseablbhóirí ar fad bheith páirteach san
athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003. Mar thoradh ar an
gcomhairliúchán poiblí, tháinig aighneachtaí ó 89 geallsealbhóir as réimsí
éagsúla lena n‑áirítear sealbhóirí cirt, soláthraithe seirbhísí a bhaineann le
trádáil idirnáisiúnta amhail seoltóirí agus iompróirí, dlíodóirí, institiúidí
acadúla, Eagraíochtaí Neamhrialtasacha, údaráis phoiblí agus saoránaigh. Ba iad na saincheisteanna ba mhó a tharraing
aird na bhfreagróirí, raon feidhme an Rialacháin maidir leis na cásanna ina
ndéanann na húdaráis chustaim gníomhaíocht, réimse na gceart maoine
intleachtúla a chumhdaíonn an Rialachán, an nós imeachta simplithe go
ginearálta, agus i ndáil le coinsíneachtaí beaga, agus an costas a bhaineann le
hearraí a stóráil agus a scriosadh. 2.2. Measúnú tionchair Sa tuarascáil ar an measúnú tionchair,
rinneadh roghanna beartais maidir le bearta agus nósanna imeachta custaim a
bhaineann le forghníomhú ceart maoine intleachtúla ag an teorainn a aithint
agus a mheasúnú. Ba iad na príomhréimsí a cumhdaíodh: an raon feidhme maidir le
forghníomhú ceart maoine intleachtúla ag an teorainn a neartú; dul i gceann na
n‑ualaí forghníomhaithe atá ar údaráis chustaim, ar shealbhóirí cirt agus ar
gheallsealbhóirí eile ó thaobh riaracháin agus eacnamaíochta de; agus an gá atá
le héifeachtacht agus comhsheasmhacht a áirithiú i gcás na n‑oibleagáidí
dlíthiúla ábhartha ar fad. Scrúdaíodh sa tuarascáil ar an measúnú
tionchair trí rogha éagsúla, agus roinnt foroghanna nuair b’ábhartha. Rinneadh
foráil sa chéad rogha maidir le 'cás bunlíne', mar a thugtar air. Faoin rogha
sin, ní dhéanfadh an Coimisiún aon ghníomhaíocht agus choinneofaí an status
quo. Rinneadh foráil sa dara rogha maidir le bearta áirithe neamhreachtacha
i.e. go molfadh an Coimisiún tionscnaimh oiliúna, treoirlínte a fhorbairt agus
dea-chleachtais a mhalartú. Ba é an tríú rogha go molfadh an Coimisiún
leasaithe ar an gcreat dlíthiúil a bhí ann cheana. Faoin rogha sin, d’fhéadfadh
foroghanna éagsúla a bheith ar fáil le haghaidh gach ceann de na fadhbanna
sainaitheanta. · Má tá an Coimisiún chun freagairt shásúil a thabhairt ar iarraidh na
Comhairle athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht agus ar na hábhair imní a
chuir na geallsealbhóirí in iúl le linn an phróisis chomhairliúcháin maidir le
raon feidhme agus cur chun feidhme na reachtaíochta reatha, ba cheart Rogha 1 a
chur as an áireamh. · Ní rachadh Rogha 2 i gceann na bhfadhbanna sainaitheanta ina n‑iomláine.
Bheadh treoirlínte agus nótaí míniúcháin ina gcúnamh chun na nósanna imeachta
is infheidhme nó chun cur i bhfeidhm phrionsabail ghinearálta an dlí a
shoiléiriú. Ní bheadh na bearta neamhreachtacha sin in ann dul i gceann roinnt
de na cuspóirí maidir le raon feidhme ceart maoine intleachtúla a leathnú nó
nósanna imeachta éigeantacha a thabhairt isteach ar fud an Aontais, áfach. · Is le Rogha 3 a bheadh an deimhneacht dhlíthiúil ba mhó go n‑áireofaí
cearta maoine intleachtúla nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo, go ndéanfaí
nósanna imeachta a chomhchuibhiú agus go déanfaí soiléiriú ar nósanna imeachta.
Tugadh dhá fhorogha faoin rogha seo. Rinneadh foráil i bhforogha 1 maidir leis
na cineálacha féideartha sáruithe a leathnú chun cearta atá cumhdaithe cheana
féin leis an Rialachán seo a áireamh, mar shampla, cearta maidir le hearraí a
mbaineann aon sárú ar chearta trádmhairc leo, agus ní góchumadh amháin.
Cuimsíodh forogha 1 i bhforogha 2 agus leathnaíodh leis raon feidhme reatha an
Rialacháin i dtéarmaí na gceart maoine intleachtúla a bhí cumhdaithe. Ba é tátal a bhí ar an measúnú tionchair gurbh
é an réiteach ab fhearr ab oiriúnaí, an Rialachán a leasú chun déileáil leis na
fadhbanna ar fad a sainaithníodh agus toradh cothrom a áirithiú i leith
catagóirí uile na ndaoine faoi thionchar an Rialacháin. 3. BUNÚS DLÍ AGUS COIMHDEACHT Is cuid de chreat an chomhbheartais tráchtála
iad gnéithe tráchtála na maoine intleachtúla. Foráiltear le hAirteagal 207
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cumhachtaí chun bearta a
ghlacadh d’fhonn an comhbheartas tráchtála a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, is
é Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an
togra seo. Baineann an Rialachán le gnéithe tráchtála na
gceart maoine intleachtúla a mhéid a dhéileálann sé le beartas a chuireann ar
chumas údaráis chustaim cearta maoine intleachtúla a fhorghníomhú ag an
teorainn ar earraí a dhéantar a thrádáil go hidirnáisiúnta. Foráiltear le
hAirteagal 3(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go mbeidh
inniúlacht eisiach ag an Aontas Eorpach i réimse an chomhbheartais tráchtála. 4. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA Ní bheidh aon tionchar ag an togra ar
acmhainní daonna ná ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, níl ag
gabháil leis an ráiteas airgeadais dá bhforáiltear le hAirteagal 28 den
Rialachán Airgeadais (Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón
gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais
is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach). 5. LEASUITHE Aithníodh san athbhreithniú roinnt feabhsuithe
ar an gcreat dlíthiúil a measadh a bheith riachtanach chun na forálacha a
neartú maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorghníomhú, agus soiléireacht
dhlíthiúil na bhforálacha á háirithiú san am céanna. Tá sé beartaithe, dá bhrí
sin, an dréacht‑Rialachán nua atá ag gabháil leis seo a chur in ionad Rialachán
(CE) Uimh. 1383/2003. D’fhonn forghníomhú a neartú, tá sé beartaithe
an raon feidhme atá cumhdaithe le Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 a
leathnú trí thrádainmneacha, topagrafaíocht táirgí leathsheoltóra agus cuspaí
áisiúlachta a áireamh. Tá sé beartaithe freisin raon feidhme an Rialacháin a
leathnú tríd na sáruithe atá mar thoradh ar thrádáil chomhthreomhar agus gléasanna
chun teacht timpeall ar bhearta teicneolaíochta a áireamh, mar aon le sáruithe
eile ar chearta atá á bhforghníomhú cheana féin ag na húdaráis chustaim. Choinneodh an Rialachán seo cumas rialaithe na
n‑údarás custaim chun críche cearta maoine intleachtúla a fhorghníomhú, i ngach
cás ina mbeadh na hearraí faoina maoirseacht, agus chuirfí béim ar an
idirdhealú idir gnéithe nós imeachta na reachtaíochta agus an dlí substainteach
maidir le maoin intleachtúil. Ina theannta sin, thabharfadh an Rialachán isteach
freisin, nósanna imeachta a chuirfeadh ar chumas na n‑údarás custaim, faoi
choinníollacha áirithe, earraí a thabhairt suas lena scriosadh gan dul i mbun
imeachtaí foirmiúla agus costasacha dlí. Dhéanfaí iad sin a idirdhealú i
bhfianaise an chineáil sáraithe. Maidir le hearraí góchumtha agus bradacha, i
gcás nach gcuirfeadh an t‑úinéir i gcoinne scriosadh na n‑earraí, ghlacfaí leis
go gcomhaontaíonn sé lena scriosadh ach i gcásanna eile, bheadh ar úinéir na n‑earraí
a chur in iúl go follasach go gcomhaontaíonn sé lena scriosadh. I gcás nach
dtiocfaí ar chomhaontú, bheadh ar an sealbhóir cirt imeachtaí dlí a thionscnamh
chun an sárú a léiriú; mura ndéanfaí sin, scaoilfí na hearraí. Tá nós imeachta sonrach beartaithe freisin le
haghaidh coinsíneachtaí beaga earraí a bhfuil amhras fúthu gur earraí góchumtha
agus bradacha iad, agus atá cumhdaithe le hiarratas. Bheifí in ann earraí a
scriosadh gan an sealbhóir cirt a thabhairt isteach sa scéal in a leithéid de
chás. Tá forálacha breise beartaithe freisin d’fhonn
a áirithiú go gcosnófar leasanna trádálaithe dlisteanacha i gcoinne mí-úsáide a
d'fhéadfaí a bhaint as nósanna imeachta forghníomhaithe na n‑údarás custaim,
agus chun prionsabal na Cairte um Chearta Bunúsacha a chomhtháthú sa Rialachán.
Chuige sin, dhéanfaí soiléiriú sa Rialachán ar na hamlínte maidir le hearraí a
bhfuil amhras fúthu a choinneáil, na coinníollacha faoina gcuirfeadh údaráis
chustaim faisnéis faoi choinsíneachtaí ar aghaidh go sealbhóirí cirt, na
coinníollacha maidir leis an nós imeachta lena gceadaítear scriosadh na n‑earraí
atá faoi rialú custaim agus a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad cearta
maoine intleachtúla, ach amháin i gcás góchumtha agus píoráideachta, agus ceart
cosanta. Ar an mbealach sin, uirlis fhorghníomhaithe níos láidre a bheadh sa
rialachán nua agus chuirfí, dá bhrí sin, le dlisteanacht ghníomhaíocht na n‑údarás
custaim. Tá aird geallsealbhóirí éagsúla tarraingthe ar shaincheist na gcostas
maidir le stóráil agus le scriosadh na n‑earraí a dhéanann sárú. Bheadh foráil
sa Rialachán i gcónaí go gcumhdódh na sealbhóirí cirt a iarrann gníomhaíocht ó
na húdaráis chustaim na costais maidir le stóráil agus le scriosadh na n‑earraí,
costais arna dtabhú go díreach ag na húdaráis chustaim, cé nach mbeadh cosc
orthu gníomhaíocht dhlíthiúil a dhéanamh chun na costais sin a fháil ar ais ón
bpríomhpháirtí faoi dhliteanas. Tá sé beartaithe, áfach, eisceacht thábhachtach
a thabhairt isteach i gcás coinsíneachtaí beaga, agus sa chás sin chumhdódh na
húdaráis chustaim na costais stórála agus scriosta. 2011/0137 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann
údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[6], Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpach
um Chosaint Sonraí, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1)
Sa rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 25 Meán
Fómhair 2008 maidir le plean cuimsitheach Eorpach um fhrith‑ghóchumadh
agus frith‑phíoráideacht[7],
d’iarr an Chomhairle go ndéanfaí athbhreithniú ar Rialachán (CE)
Uimh. 1383/2003 ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir le gníomhaíocht
chustaim in aghaidh earraí a bhfuil amhras fúthú go sáraíonn siad cearta
áirithe maoine intleachtúla agus maidir leis na bearta atá le déanamh in
aghaidh earraí a fhaightear amach gur sháraigh siad na cearta sin[8]. (2)
Déantar dochar suntasach do shealbhóirí cirt,
monaróirí atá géilliúil don dlí agus do thrádálaithe nuair a dhéantar earraí a
sháraíonn cearta maoine intleachtúla a mhargú. Ina theannta sin, meallann sé
tomhaltóirí agus d’fhéadfadh sé a sláinte agus a sábháilteacht a chur i mbaol
dá dheasca. Ba cheart na hearraí sin a choinneáil ón margadh, a mhéad is
féidir, agus ba cheart bearta a ghlacadh chun déileáil leis an ngníomhaíocht
neamhdhleathach sin gan cur isteach ar thrádáil dhlisteanach. (3)
Léiríodh san athbhreithniú ar Rialachán (CE)
Uimh. 1383/2003 go raibh gá le feabhsuithe áirithe ar an gcreat dlíthiúil
chun forghníomhú ceart maoine intleachtúla a neartú agus chun soiléireacht chuí
dhlíthiúil a áirithiú agus, ar an dóigh sin, forbairtí i réimse na
heacnamaíochta, na tráchtála agus an dlí á gcur san áireamh. (4)
Ba cheart do na húdaráis chustaim a bheith in ann
rialú a dhéanamh ar earraí atá, nó ba cheart a bheith, faoi réir maoirseachta
custaim i gcríoch chustaim an Aontais, d’fhonn cearta maoine intleachtúla a
fhorghníomhú. Úsáid chuí acmhainní is ea cearta maoine intleachtúla a
fhorghníomhú ag an teorainn, is cuma cén áit a bhfuil na hearraí, nó ar cheart
iad a bheith, faoi “maoirseacht chustaim” mar atá sainmhínithe i Rialachán
(CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle ag bunú Chód Custaim an Chomhphobail[9]. Nuair a choinníonn údaráis
chustaim earraí ag an teorainn, níl gá ach le nós imeachta dlíthiúil amháin, ach
bheadh gá le roinnt nósanna imeachta ar leithligh chun an leibhéal céanna
forghníomhaithe a chur i bhfeidhm maidir le hearraí ar an margadh, earraí a dí‑chombhailíodh
agus a seachadadh ar mhiondíoltóirí. Ba cheart eisceacht a dhéanamh i gcás
earraí a scaoiltear i saorchúrsaíocht faoin gcóras úsáide deiridh toisc go
bhfanann na hearraí sin faoi mhaoirseacht chustaim cé go scaoiltear i
saorchúrsaíocht iad. Is iomchuí freisin gan an Rialachán a chur i bhfeidhm
maidir le hearraí a iompaíonn paisinéirí ina mbagáiste pearsanta ar chuntar gur
chun críche a n‑úsáide pearsanta féin atá na hearraí sin agus nach dtugann aon
ní le fios go bhfuil aon bhaint ag trácht tráchtála leo. (5)
Ní chumhdaíonn Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003
cearta áirithe maoine intleachtúla agus roinnt sáruithe ar leithligh. D’fhonn
forghníomhú ceart maoine intleachtúla a neartú, ba cheart rialú custaim a
leathnú d'fhonn sáruithe eile a chumhdach, amhail sáruithe atá mar thoradh ar
thrádáil chomhthreomhar chomh maith le sáruithe eile ar chearta atá forghníomhaithe
cheana féin ag údaráis chustaim ach nach bhfuil cumhdaithe le Rialachán (CE)
Uimh. 1383/2003. Chun na críche céanna, is iomchuí ainmneacha trádála a
áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo, chomh maith leis na cearta atá
cumhdaithe cheana féin le Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003, a mhéid a
dhéantar iad a chosaint mar chearta eisiacha maoine faoin dlí náisiúnta, agus
topagrafaíocht táirgí leathsheoltóra, cuspaí áisiúlachta agus gléasanna chun
teacht timpeall ar bhearta teicneolaíochta, mar aon le ceart eisiach maoine
intleachtúla ar bith arna bhunú le reachtaíocht an Aontais. (6)
Tá ar áireamh sa Rialachán seo rialacha nós
imeachta le haghaidh údarás custaim. Dá réir sin, ní thugtar isteach leis an
Rialachán seo aon chritéar nua maidir lena chinntiú gurb ann do shárú ar an dlí
maoine intleachtúla is infheidhme. (7)
Níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh do
na forálacha maidir le hinniúlacht na gcúirteanna, go háirithe forálacha sin
Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle maidir le dlínse agus
breithiúnais i gcúrsaí sibhialta agus tráchtála a aithint agus a fhorghníomhú[10]. (8)
Aon duine, is cuma cé acu sealbhóir cirt mhaoine
intleachtúla é nó nach ea, atá in ann imeachtaí dlí a thionscnamh ina ainm féin
maidir le sárú féideartha ar an gceart sin, ba cheart teideal a bheith aige
iarratas ar ghníomhaíocht ó na húdaráis chustaim a chur isteach. (9)
D’fhonn a áirithiú go déanfar cearta maoine
intleachtúla a fhorghníomhú ar fud an Aontais, is iomchuí a fhoráil, i gcás ina
ndéanfaidh duine atá i dteideal iarratas ar ghníomhaíocht a chur isteach
forghníomhú cirt mhaoine intleachtúla a chumhdaíonn críoch iomlán an Aontais a
lorg, gur féidir leis an duine sin iarraidh ar údaráis chustaim Ballstáit
cinneadh a dhéanamh lena gceanglaítear ar údaráis chustaim an Bhallstáit sin
agus aon Bhallstáit eile áit a bhfuil forghníomhú an chirt mhaoine intleachtúla
á lorg gníomhaíochta a dhéanamh. (10)
D’fhonn a áirithiú go ndéanfar cearta maoine
intleachtúla a fhorghníomhú go tapa, ba cheart a fhoráil go bhféadfaidh údaráis
chustaim, i gcás ina bhfuil amhras orthu, ar bhonn fianaise leordhóthanaí, go
sáraíonn earraí atá faoina maoirseacht ceart maoine intleachtúla, scaoileadh na
n‑earraí sin a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, ar a dtionscnamh féin nó ar
iarratas, d’fhonn na daoine atá i dteideal iarratas ar ghníomhaíocht ó na
húdaráis chustaim a chumasú imeachtaí a thionscnamh chun a chinneadh an
ndearnadh sárú ar cheart maoine intleachtúla. (11)
I gcás nach earraí góchumtha ná bradacha iad earraí
a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad cearta maoine intleachtúl, d'fhéadfadh
deacracht a bheith ag na húdaráis chustaim cinneadh a dhéanamh ar bhonn
scrúdaithe súl amháin, an bhfuil sárú déanta ar cheart maoine intleachtúla. Is
iomchuí, dá bhri sin, a fhoráil go ndéanfar imeachtaí a thionscnamh, ach amháin
má aontaíonn na páirtithe lena mbaineann, is é sin sealbhóir na n‑earraí agus
an sealbhóir cirt, na hearraí a thabhairt suas lena scriosadh. Ba cheart gur
faoi na húdaráis inniúla a dhéileálann leis na himeachtaí sin a bheadh sé a
chinneadh ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla, agus na cinntí iomchuí a
dhéanamh maidir leis na sáruithe ar na cearta maoine intleachtúla lena
mbaineann. (12)
Faoi Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003, féadfaidh
na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta lena gceadaítear earraí
áirithe a scriosadh gan oibleagáid a bheith orthu imeachtaí a thionscnamh
d’fhonn a fháil amach ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla. Faoi mar a
aithníodh sa Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Nollaig 2008 maidir le
tionchar an ghóchumtha ar thrádáil idirnáisiúnta[11], d’éirigh go maith leis an nós
imeachta sin sna Ballstáit ina raibh fáil air. Dá bhrí sin, ba cheart an nós
imeachta sin a bheith éigeantach i gcás na sáruithe soiléire sin a aithneoidh
na húdaráis chustaim gan dua le scrúdú súl amháin, agus ba cheart é a chur i
bhfeidhm ar iarratas ón sealbhóir cirt, i gcás nach gcuirfidh an dearbhóir nó
sealbhóir na n‑earraí in aghaidh an scriosta. (13)
D’fhonn an t‑ualach riaracháin agus na costais a
ísliú a mhéad is féidir, ba cheart nós imeachta sonrach a thabhairt isteach le
haghaidh coinsíneachtaí beaga d’earraí góchumtha agus bradacha sa chaoi is go
bhféadfaí earraí a scriosadh gan chomhaontú an tsealbhóra cirt. D’fhonn na
tairseacha a bhunú maidir le cinneadh a dhéanamh cad is coinsíneacht beag ann,
ba cheart don Rialachán seo an chumhacht a tharmligean don Choimisiún
gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh i
gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Tá sé tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn na
hoibre ullmhúcháin, comhairliúchán le saineolaí san áireamh. (14)
Agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á
dtarraingt suas aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar na
doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí
chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. (15)
Ar mhaithe le tuilleadh soiléireachta ó thaobh an
dlí de, agus d’fhonn leasanna trádálaithe dlisteanacha a chosaint ar aon
mhí-úsáid a d'fhéadfaí a bhaint as na forálacha maidir le forghníomhú a
dhéanamh ag teorainneacha, is iomchuí na hamlínte a bhaineann leis na nithe seo
a leanas a mhodhnú: coinneáil earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad
ceart maoine intleachtúla; na coinníollacha faoina gcuirfidh údaráis chustaim
faisnéis faoi choinsíneachtaí ar aghaidh chuig sealbhóirí cirt; na
coinníollacha a bhaineann leis an nós imeachta maidir leis na hearraí atá faoi
rialú custaim mar gheall ar amhras a bheith fúthu go sáraíonn siad ceart maoine
intleachtúla, seachas i gcás earraí góchumtha agus bradacha. Is iomchuí freisin
foráil a thabhairt isteach a chuirfidh ar chumas shealbhóir na n‑earraí a
dtuairimí a chur in iúl sula ndeánfaidh lucht riaracháin custaim cinneadh a
mbeadh tionchar diúltach aige air. (16)
Agus cineál sealadach agus coisctheach na mbeart a
ghlac na húdaráis chustaim sa réimse seo chomh maith le coinbhleacht leasanna
na bpáirtithe a bhfuil tionchar ag na bearta orthu á gcur san áireamh, ba
cheart roinnt gnéithe de na nósanna imeachta a oiriúnú d’fhonn cur i bhfeidhm
rianúil an Rialacháin a áirithiú, agus cearta na bpáirtithe lena mbaineann á n‑urramú
ag an am céanna. Dá bhrí sin, maidir leis na fógraí éagsúla atá beartaithe leis
an Rialachán seo, ba cheart do na húdaráis chustaim fógra a thabhairt don duine
is iomchuí, ar bhonn na ndoiciméad a bhaineann leis an gcóras custaim nó ar
bhonn stádas na n‑earraí. Ba cheart na tréimhsí atá leagtha síos sa Rialachán
seo maidir leis na fógraí arna gceangal a chomhaireamh ón uair a chuirfidh na
húdaráis chustaim ar aghaidh iad d’fhonn tréimhsí na bhfograí ar fad a
chuirtear chuig na páirtithe lena mbaineann a ailíniú. Trí lá oibre ba cheart a
bheith sa tréimhse a dtabharfar cead éisteachta lena linn roimh chinneadh
díobhálach a ghlacadh, ós rud é gur iarr sealbhóirí na gcinntí lena nglactar le
hiarratais ar ghníomhaíocht ar bhonn deonach ar na húdaráis chustaim
gníomhaíocht a dhéanamh agus ós rud é gur gá do na dearbhóirí nó do shealbhóirí
na n‑earraí a bheith ar an eolas faoi stádas na n‑earraí féin nuair a chuirtear
faoi mhaoirseacht chustaim iad. I gcás an nós imeachta shonraigh a bhaineann le
coinsíneachtaí beaga, nuair is dócha go mbeidh na tomhaltóirí bainteach go
díreach leis agus nach féidir a bheith ag súil go mbeidh siad chomh
díograiseach céanna le hoibreoirí eacnamaíocha eile maidir le foirmiúlachtaí
custaim, ba cheart síneadh suntasach a chur leis an tréimhse sin. (17)
Faoin “Dearbhú maidir le Comhaontú TRIPS agus
Sláinte Phoiblí" a ghlac Comhdáil Airí na hEagraíochta Domhanda Trádála
(EDT) in Doha an 14 Samhain 2001, is féidir agus is cóir Comhaontú TRIPS a
thuiscint agus a chur chun feidhme ar bhealach a thacóidh le ceart Bhaill an
EDT sláinte phoiblí a chosaint, go háirithe chun rochtain ar chógais don uile
duine a chur chun cinn. I gcás cógas atá faoi bhealach trí chríoch an Aontais
Eorpaigh, go háirithe, nuair nach bhfuil sa turas thar an gcríoch sin, le
trádstóráil nó gan é, le toirtbhriseadh nó gan é, le hathruithe ar an modh
iompair nó gan iad, nuair nach bhfuil ann ach cuid den turas iomlán a thosaíonn
agus a chríochnaíonn lasmuigh de chríoch an Aontais, ba cheart do na húdaráis
chustaim, agus measúnú á dhéanamh acu ar an riosca i ndáil le sárú an chirt
mhaoine intleachtúla, an dóchúlacht go ndéanfaí na hearraí sin a atreorú go
margadh an Aontais a chur san áireamh. (18)
Ar mhaithe le héifeachtúlacht, ba cheart feidhm a
bheith ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta
1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus
maidir le comhair idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go
gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i
gceart[12]. (19)
Ba cheart go rialódh reachtaíocht na mBallstát
dliteanas na n‑údarás custaim, cé nár cheart sealbhóir an chinnidh a bheith i
dteideal cúitimh i gcás ina nglacfaidh na húdaráis chustaim le hiarratas ar
ghníomhaíocht mura n‑aimsíonn oifig chustaim na hearraí sin agus má scoiltear
iad nó mura nglactar gníomhaíocht chun iad a choinneáil. (20)
Ós rud é nach ndéanann na húdaráis chustaim gníomhaíocht
gan iarratas a bheith faighte acu roimh ré, is iomchuí a fhoráil go ndéanfaidh
sealbhóir an chinnidh lena nglactar le hiarratas ar ghníomhaíocht ó na húdaráis
chustaim na costais ar fad a aisíoc a thabhaigh na húdaráis chustaim nuair a
rinne siad gníomhaíocht chun cearta maoine intleachtúla an tsealbhóra a
fhorghníomhú. Mar sin féin, níor cheart é sin a bheith ina chosc ar shealbhóir
an chinnidh cúiteamh a lorg ón té a rinne sárú nó ó dhaoine eile a d’fhéadfaí a
mheas a bheith faoi dhliteanas de réir reachtaíocht an Bhallstáit lena
mbaineann. Na costais agus na damáistí a thabhaíonn daoine, seachas lucht
riaracháin chustaim, de bharr gníomhaíochta custaim nuair a choinnítear na
hearraí ar bhonn éilimh ó thríú páirtí maidir le mhaoin intleachtúil, ba cheart
go rialódh an reachtaíocht shonrach iad i ngach cás ar leith. (21)
Is éard a bheidh i gceist leis an gcaoi a
dhéanfaidh údaráis chustaim forghníomhú ar dhlí maoine intleachtúla, aistriú
sonraí i dtaobh cinntí a bhaineann le hiarratais ar ghníomhaíocht. Cumhdaítear
sonraí pearsanta i bpróiseáil na sonraí sin agus ba cheart an phróiseáil sin a
dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais mar atá leagtha amach, go háirithe, i
dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le
sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt
sin[13]
agus i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le
hinstitiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail a bheith ag próiseáil sonraí
pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[14]. (22)
D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú
maidir le cur chun feidhme na bhforálacha a bhaineann leis na foirmeacha i
ndáil le hiarratas ar ghníomhaíocht ó na húdaráis chustaim agus maidir le
síneadh a iarraidh ar an tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le glacadh ag údaráis
chustaim gníomhaíocht lena linn, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a
thabhairt don Choimisiún, eadhon an chumhacht chun foirmeacha caighdeánacha a
bhunú. (23)
Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir
le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011[15]
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos
na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí maidir le
rialú na mBallstát ar fheidhmiú chumhachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin.
Cé go dtagann ábhar fhorálacha an Rialacháin seo atá le cur chun feidhme faoi
raon feidhme an chomhbheartais tráchtála, ba cheart, i bhfianaise cineál agus
tionchar na ngníomhartha cur chun feidhme, an nós imeachta comhairliúcháin a
úsáid lena nglacadh. (24)
Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003
a aisghairm, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: CAIBIDIL I ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE Airteagal 1 Ábhar
agus Raon Feidhme 1. Leagtar amach sa Rialachán
seo na coinníollacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfaidh na húdaráis
chustaim gníomhaíocht i gcás ina bhfuil earraí a bhfuil amhras fúthu go
sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla faoi réir, nó ba cheart a bheith faoi
réir, maoirseachta custaim laistigh de chríoch custaim an Aontais. 2. Ní bheidh feidhm ag an
Rialachán seo maidir le hearraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht faoin gcóras
úsáide deiridh laistigh de bhrí Airteagal 82 de Rialachán (CEE)
Uimh. 2913/92 ón gComhairle. 3. Ní dhéanfaidh an Rialachán
seo difear ar bith do dhlíthe na mBallstát nó an Aontais maidir le maoin
intleachtúil. 4. Ní bheidh feidhm ag an
Rialachán seo maidir le hearraí neamhthráchtála atá i mbagáiste pearsanta an
taistealaí. Airteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an
Rialacháin seo: (1)
ciallaíonn 'ceart maoine intleachtúla': (a)
trádmharc; (b)
dearadh; (c)
cóipcheart nó aon cheart gaolmhar dá bhforáiltear
i reachtaíocht Ballstáit; (d)
sonra geografach; (e)
paitinn dá foráiltear i reachtaíocht Ballstáit; (f)
teastas forlíontach cosanta le haghaidh táirgí
míochaine dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 469/ 2009 ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle[16]; (g)
teastas forlíontach cosanta le haghaidh táirgí
cosanta plandaí dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1610/ 96 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[17]; (h)
ceart cosanta Comhphobail maidir le cineálacha
plandaí, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle[18]; (i)
ceart maidir le cineálacha plandaí dá foráiltear i
reachtaíocht Ballstáit; (j)
topagrafaíocht táirge leathsheoltóra dá foráiltear
i reachtaíocht Ballstáit; (k)
cuspa áisiúlachta dá foráiltear i reachtaíocht
Ballstáit; (l)
trádainm a mhéid a dhéantar é a chosaint mar
cheart eisiach maoine intleachtúla le reachtaíocht Ballstáit; (m)
aon cheart eile a bhunaítear mar cheart eisiach
maoine intleachtúla le reachtaíocht an Aontais; (2)
ciallaíonn 'trádmharc': (a)
trádmharc Comhphobail dá bhforáiltear i Rialachán
(CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle[19];
(b)
trádmharc arna chlárú i mBallstát nó, i gcás na
Beilge, na hÍsiltíre nó Lucsamburg, arna chlárú in Oifig Maoine Intleachtúla
Benelux; (c)
trádmharc arna chlárú faoi shocruithe idirnáisiúnta
a bhfuil éifeacht acu i mBallstát; (d)
trádmharc arna chlárú faoi shocruithe idirnáisiúnta
a bhfuil éifeacht acu san Aontas; (3)
ciallaíonn 'dearadh': (a)
dearadh Comhphobail dá bhforáiltear i Rialachán
(CE) Uimh. 6/2002[20];
(b)
dearadh arna chlárú i mBallstát; (c)
dearadh arna chlárú faoi shocruithe idirnáisiúnta a
bhfuil éifeacht acu i mBallstát; (d)
dearadh arna chlárú faoi shocruithe idirnáisiúnta a
bhfuil éifeacht acu san Aontas; (4)
ciallaíonn 'sonra geografach': (a)
sonra geografach nó sonrúchán tionscnaimh atá
cosanta i gcás earraí talmhaíochta agus bia-ábhair dá bhforáiltear i Rialachán
(CE) Uimh. 510/2006 ón gComhairle[21]; (b)
sonrúchán tionscnaimh nó sonra geografach le
haghaidh fíona dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007[22]; (c)
sonrúchán geografach le haghaidh fíona chumhraithe
dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1601/1991 ón gComhairle[23]; (d)
sonra geografach le haghaidh deochanna
biotáilleacha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[24]; (e)
sonra geografach le haghaidh tairgí
seachas fíonta, deochanna biotáilleacha, táirgí talmhaíochta nó bia-ábhar a
mhéid a bhunaítear é mar cheart eisiach maoine intleachtúla le reachtaíocht an
Bhallstáit nó an Aontais; (f)
sonra geografach dá bhforáiltear sna Comhaontuithe
idir an tAontas agus tríú tíortha atá liostaithe amhlaidh sna Comhaontuithe
sin; (5)
ciallaíonn 'earraí góchumtha': (a)
earraí atá faoi réir gníomhaíochta a sháraíonn
trádmharc agus a bhfuil trádmharc in úsáid gan údarú acu arb ionann é agus
trádmharc atá cláraithe go bailí maidir leis an gcineál céanna earra, nó nach
féidir a bhunghnéithe a idirdhealú ón trádmharc sin; (b)
earraí atá faoi réir gníomhaíochta a sháraíonn
sonra geografach agus ar a bhfuil ainm nó téarma atá cosanta i ndáil leis an
sonra geografach sin nó a ndéantar cur síos orthu le hainm nó téarma den
chineál sin; (6)
ciallaíonn 'earraí bradacha' earraí atá faoi réir
gníomhaíochta a sháraíonn cóipcheart nó ceart gaolmhar nó dearadh, ar cóipeanna
iad a rinneadh gan toiliú shealbhóir an chóipchirt nó an chirt ghaolmhair nó an
deartha, is cuma an bhfuil sé cláraithe nó nach bhfuil, nó gan toiliú duine
arna údarú ag an sealbhóir sin i dtír an táirgthe; (7)
ciallaíonn 'earraí a bhfuil amhras fúthu go
sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla', earraí a bhfuil a fianaise
leordhóthanach ina leith a shásaíonn na húdaráis chustaim gur earraí prima
facie iad sa Bhallstát ina bhfuil na hearraí sin: (a)
earraí eile atá faoi réir gníomhaíochta a
sháraíonn ceart maoine intleachtúla de réir dhlí an Aontais nó dhlí an
Bhallstáit sin; (b)
gléasanna, táirgí nó comhpháirteanna a théann
timpeall ar aon teicneolaíocht, gléas nó comhpháirt a dhéanann, agus iad ag feidhmiú
mar is gnáth, gníomhartha a chosc nó a shrianadh i ndáil le hoibreacha nach
bhfuil údaraithe ag sealbhóir cirt aon chóipchirt nó aon chirt a bhaineann le
cóipcheart agus ar oibreacha iad a sháraíonn dlí an Bhallstáit sin; (c)
aon mhúnla nó maitrís atá deartha nó oiriúnaithe
go sonrach chun earraí a sháraíonn ceart maoine intleachtúla a mhonarú, má
sháraíonn na múnlaí nó na maitrísí sin ceart an tsealbhóra cirt faoi dhlí an
Aontais nó faoi dhlí an Bhallstáit sin; (8)
ciallaíonn 'iarratas' iarraidh a dhéantar leis na
húdaráis chustaim ar ghníomhaíocht a dhéanamh i gcás ina bhfuil amhras ann go
sáraíonn earraí ceart maoine intleachtúla; (9)
ciallaíonn 'iarratas náisiúnta' iarratas lena n‑iarrtar
ar údaráis chustaim Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh sa Bhallstát sin; (10)
ciallaíonn 'iarratas ón Aontas' iarratas arna chur
isteach i mBallstát amháin lena n‑iarrtar ar údaráis chustaim an Bhallstáit sin
agus Ballstáit amháin eile nó níos mó, gníomhaíocht a dhéanamh ina mBallstáit
féin; (11)
ciallaíonn 'iarratasóir' an duine a chuireann
isteach iarratas ina ainm féin; (12)
ciallaíonn 'sealbhóir na n‑earraí' an duine arb é
úinéir na n‑earraí é nó an duine a bhfuil ceart comhchosúil diúscartha aige ina
leith nó a bhfuil smacht fisiciúil aige orthu; (13)
ciallaíonn 'dearbhóir' an dearbhóir dá dtagraítear
in Airteagal (4)18 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92; (14)
ciallaíonn 'scriosadh' scriosadh fisiciúil,
athchúrsáil nó diúscairt earraí go neamhspleách ó bhealaí tráchtála, ar shlí
nach ndéanfar shealbhóir an chinnidh lena nglactar leis an iarratas a ghortú; (15)
ciallaíonn 'maoirseacht chustaim' an mhaoirseacht a
dhéanann údaráis chustaim dá dtagraítear in Airteagal (4)13 de Rialachán
(CEE) Uimh. 2913/92; (16)
ciallaíonn 'críoch chustaim an Aontais' críoch
chustaim an Chomhphobail dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (CEE)
Uimh. 2913/92; (17)
ciallaíonn 'scaoileadh na n‑earraí' an beart trína
gcuireann na húdaráis chustaim earraí ar fáil chun na gcríoch atá sonraithe don
nós imeachta custaim faoina gcuirtear iad; Airteagal 3 An
dlí is infheidhme Gan dochar d’Airteagal 8 de Rialachán
(CE) Uimh. 864/2007[25],
beidh feidhm ag dlí an Bhallstáit ina n‑aimsítear na hearraí i gceann de na
cásanna dá dtagraítear in Airteagal 1(1) chun críche a chinneadh an bhfuil
amhras ann an sáraítear ceart maoine intleachtúla de bharr úsáid na n‑earraí
sin, nó ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla de bharr a n‑úsáide. CAIBIDIL II IARRATAIS AR GHNÍOMHAÍOCHT Ó NA hÚDARÁIS
CHUSTAIM Roinn 1 Iarratais ar ghníomhaíocht a chur isteach Airteagal 4 Daoine
atá i dteideal iarratas a chur isteach 1. Ar na daoine a bheidh in ann
iarratas náisiúnta nó iarratas ón Aontas a chur isteach beidh: (a) sealbhóirí ceart maoine intleachtúla; (b) comhlachtaí bainistíochta um comhchearta
maoine intleachtúla a aithnítear go rialta ceart a bheith acu ionadaíocht a
dhéanamh ar shealbhóirí cóipcheart nó ceart gaolmhar; (c) comhlachtaí um chosaint ghairmiúil a
aithnítear go rialta ceart a bheith acu ionadaíocht a dhéanamh ar shealbhóirí
ceart maoine intleachtúla; (d) grúpaí de réir bhrí Airteagal 5(1)
de Rialachán (CE) Uimh. 510/2006, nó grúpaí táirgeoirí de réir bhrí
Airteagal 118(e) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, nó grúpaí
táirgeoirí dá samhail dá bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais a rialaíonn
sonraí geografacha agus a dhéanann ionadaíocht ar tháirgeoirí sonra
gheografaigh, nó ionadaithe na ngrúpaí sin; oibreoirí atá i dteideal sonra
geografach a úsáid; agus comhlachtaí iniúchta is inniúil maidir le sonra
geografach den chineál sin; 2. I dteannta na ndaoine atá
leagtha amach i mír 1, beidh na daoine seo a leanas i dteideal iarratas
náisiúnta a chur isteach: (a) gach duine eile atá údaraithe cearta
maoine intleachtúla a úsáid; (b) grúpaí táirgeoirí dá bhforáiltear i
reachtaíocht na mBallstát a rialaíonn sonraí geografacha agus a dhéanann
ionadaíocht ar tháirgeoirí sonra gheografaigh nó ionadaithe na ngrúpaí sin,
oibreoirí atá i dteideal sonra geografach a úsáid, mar aon le comhlachtaí
iniúchta is inniúil maidir le sonra geografach den chineál sin; 3. I dteannta na ndaoine atá
luaite i mír 1, beidh sealbhóir ceadúnas eisiach a chumhdaíonn críoch chustaim
an Aontais i dteideal iarratas ón Aontas a chur isteach. 4. Ní foláir do na daoine ar fad
atá i dteideal iarratas a chur isteach faoi mhír 1, mír 2 agus mír 3, a bheith
in ann imeachtaí a thionscnamh maidir le sárú ceart maoine intleachtúla sa
Bhallstát ina n‑aimsítear na hearraí. Airteagal 5 Cearta
maoine intleachtúla arna gcumhdach le hiarratais ón Aontas Féadfar iarratas ón Aontas a chur isteach
maidir le haon cheart maoine intleachtúla a bhfuil feidhm leis ar fud an
Aontais. Airteagal 6 Iarratais
a chur isteach 1. Féadfaidh na daoine dá
dtagraítear in Airteagal 4 gníomhaíocht ó na húdaráis chustaim a iarraidh
i gcás ina bhfuil amhras ann go sáraíonn úsáid earraí ceart maoine
intleachtúla, trí iarratas a chur isteach chuig an roinn inniúil chustaim.
Déanfar an t‑iarratas ar an bhfoirm dá dtagraítear i mír 3. 2. Ainmneoidh gach Ballstát an
roinn chustaim is inniúil maidir le hiarratais a fháil agus a phróiseáil.
Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas dá réir sin, agus foilseoidh an
Coimisiún liosta na rann inniúil custaim arna n‑ainmniú ag na Ballstáit. 3. Bunóidh an Coimisiún foirm
iarratais trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur
chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá
dtagraítear in Airteagal 29(2). Ar an bhfoirm, iarrfar ar an iarratasóir an
fhaisnéis seo a leanas, go háirithe, a sholáthar: (a)
sonraí an iarratasóra; (b)
stádas an iarratasóra de réir bhrí
Airteagal 4; (c)
na doiciméid tacaíochta atá le soláthar chun go
mbeidh an roinn chustaim sásta go bhfuil an t‑iarratasóir i dteideal an t‑iarratas
a chur isteach; (d)
daoine nádúrtha nó dlítheanacha a dhéanann
ionadaíocht ar an iarratasóir a chumhachtú, i gcomhréir le reachtaíocht an
Bhallstáit ina gcomhdaítear an t‑iarratas; (e)
an ceart nó na cearta maoine intleachtúla atá le
forghníomhú; (f)
i gcás iarratais ón Aontas, an Ballstát nó na
Ballstáit ina n‑iarrtar gníomhaíocht chustaim; (g)
sonraí sonracha agus teicniúla maidir leis na
hearraí barántúla, lena n‑áirítear íomhánna nuair is iomchuí; (h)
an fhaisnéis, atá le cur leis an bhfoirm, atá ag
teastáil chun go n‑aithneoidh na húdaráis chustaim gan dua na hearraí i
dtrácht; (i)
aon fhaisnéis is ábhartha maidir le hanailís agus
measúnú na n‑údarás custaim ar an riosca i ndáil le sárú an chirt mhaoine
intleachtúla/na gceart maoine intleachtúla lena mbaineann; (j)
ainm(neacha) agus seoladh/seoltaí an ionadaí/na n‑ionadaithe
atá i bhfeighil cúrsaí dlíthiúla agus teicniúla; (k)
gealltanas an iarratasóra fógra a thabhairt don
roinn inniúil chustaim maidir le haon cheann de na cásanna atá leagtha síos in
Airteagal 14; (l)
gealltanas an iarratasóra aon fhaisnéis is ábhartha
d'anailís agus measúnú na n‑údarás custaim ar an riosca i ndáil le sárú an
chirt mhaoine intleachtúla/na gceart maoine intleachtúla lena mbaineann a chur
ar aghaidh agus a nuashonrú; (m)
gealltanas an iarratasóra dliteanas a ghlacadh faoi
na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 26; (n)
gealltanas an iarratasóra na costais dá dtagraítear
in Airteagal 27 a sheasamh faoi na coinníollacha atá leagtha síos san
Airteagal sin; (o)
gealltanas an iarratasóra go nglacann sé leis go
bpróiseálfaidh an Coimisiún na sonraí a sholáthróidh sé; 4. I gcás ina mbeidh córais
ríomhairithe ar fáil chun críche iarratais a fháil agus a phróiseáil, úsáidfear
teicnící leictreonacha um phróiseáil sonraí chun iarratais a chur isteach. 5. I gcás ina gcuirfear isteach
iarratas tar éis do na húdaráis chustaim fógra a thabhairt maidir le scaoileadh
na n‑earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 17(4),
comhlíonfaidh an t‑iarratas sin na ceanglais bhreise seo thíos: (a) cuirfear faoi bhráid na roinne inniúla
custaim é laistigh de cheithre lá oibre ón uair a thabharfar fógra maidir le
scaoileadh na n‑earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil; (b) iarratas náisiúnta a bheidh ann; (c) beidh an fhaisnéis a cheanglaítear le mír
3 ann. Mar sin féin, beidh cead ag an iarratasóir na sonraí dá dtagraítear i
mír 3, litreacha (g) go (i) a fhágáil ar lár. Roinn 2 Cinntí maidir le hiarratais
ar ghníomhaíocht Airteagal 7 Iarratais
a phróiseáil 1. Nuair a mheasfaidh an roinn
inniúil chustaim, ar iarratas a fháil di, nach bhfuil an fhaisnéis ar fad atá
ceangailte faoi Airteagal 6(3) san iarratas sin, iarrfaidh an roinn
inniúil chustaim ar an iarratasóir an fhaisnéis atá in easnamh a sholáthar
laistigh de 10 lá oibre ón uair a sheolfar an fógra. Ina leithéid de chásanna, cuirfear an teorainn ama
dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 8 ar fionraí go dtí go
bhfaighfear an fhaisnéis ábhartha. 2. I gcás nach soláthróidh an t‑iarratasóir
an fhaisnéis atá in easnamh laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1,
diúltóidh an roinn inniúil chustaim don iarratas. 3. Ní ghearrfar táille ar an
iarratasóir chun na costais riaracháin a eascraíonn as próiseáil an iarratais a
chumhdach. Airteagal 8 Fógra
a thabhairt maidir leis na cinntí lena nglacfar le hiarratais ar ghníomhaíocht
nó lena ndiúltófar iad Tabharfaidh an roinn inniúil chustaim fógra don
iarratasóir maidir lena cinneadh lena nglacfar leis an iarratas nó lena
ndiúltófar é laistigh de 30 lá oibre ón uair a fhaighfear an t‑iarratas. I gcás inar cuireadh an t‑iarratasóir ar an
eolas cheana féin gur chuir na húdaráis chustaim scaoileadh na n‑earraí ar
fionraí nó gur choinnigh siad iad, tabharfaidh an roinn inniúil chustaim fógra
don iarratasóir maidir lena cinneadh lena nglacfar leis an iarratas nó lena
ndiúltófar é laistigh de lá oibre amháin ón uair a fhaighfear an t‑iarratas. Airteagal 9 Cinntí
maidir le hiarratais ar ghníomhaíocht 1. Cinntí lena nglactar le hiarratas
náisiúnta, cinntí lena gcúlghairtear nó lena leasaítear na cinntí sin, agus
cinntí a chuireann síneadh leis an tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le déanamh ag
údaráis chustaim lena linn, beidh éifeacht acu sa Bhallstát inar comhdaíodh an
t‑iarratas náisiúnta ó dháta a nglactha amach. 2. Cinntí lena nglactar le
hiarratas ón Aontas, cinntí lena gcúlghairtear nó lena leasaítear na cinntí
sin, agus cinntí a chuireann síneadh leis an tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le
glacadh ag údaráis chustaim lena linn, beidh éifeacht acu mar seo a leanas: (a)
sa Bhallstát inar comhdaíodh an t‑iarratas, ó dháta
a nglactha amach; (b)
sna Ballstáit eile ar fad ina n‑iarrtar
gníomhaíocht ó na húdaráis chustaim, ón dáta ar a dtugtar fógra do na húdaráis
chustaim i gcomhréir le hAirteagal 13(2) agus ar an gcuntar go bhfuil a
chuid oibleagáidí comhlíonta ag sealbhóir an chinnidh faoi
Airteagal 27(3). Airteagal 10 Tréimhse
a mbeidh gníomhaíocht le glacadh ag údaráis chustaim lena linn 1. Nuair a ghlacfaidh sé le
hiarratas, sonróidh an roinn inniúil chustaim an tréimhse a mbeidh gníomhaíocht
le glacadh ag údaráis chustaim lena linn. Cuirfear tús leis an tréimhse sin ar dháta glactha
an chinnidh lena nglactar leis an iarratas, agus ní bheidh sí níos faide ná
bliain amháin. 2. I gcás nach mbeidh san
iarratas a chuirfear isteach tar éis fógra a fháil ó na húdaráis chustaim
maidir le scaoileadh na n‑earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil i
gcomhréir le hAirteagal 17(4), na sonraí dá dtagraítear in
Airteagal 6(3), (g) go (i), ní ghlacfar leis an iarratas ach amháin a fhad
a bhaineann le scaoileadh na n‑earraí sin a chur ar fionraí nó iad a
choinneáil. 3. I gcás ina dtagann deireadh
le héifeacht cirt maoine intleachtúla, nó i gcás nach é an t‑iarratasóir an
duine atá i dteideal iarratas a chur isteach a thuilleadh ar chúiseanna
éagsúla, ní dhéanfaidh na húdaráis chustaim aon ghníomhaíocht. Déanfaidh na
húdaráis chustaim a ghlac leis an gcinneadh lenar glacadh leis an iarratas, an
cinneadh sin a chúlghairm nó a leasú dá réir. Airteagal 11 Síneadh
na tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le glacadh ag údaráis chustaim lena linn 1. Nuair a rachaidh an tréimhse
in éag a mbeidh gníomhaíocht le déanamh ag údaráis chustaim lena linn, agus
faoi réir aon fhiach atá dlite do na húdaráis chustaim faoin Rialachán seo a
bheith scaoilte roimhe sin ag sealbhóir an chinnidh, féadfaidh an roinn
chustaim a ghlac an cinneadh tosaigh, ar iarraidh ó shealbhóir an chinnidh lena
nglactar leis an iarratas, síneadh a chur leis an tréimhse sin. 2. I gcás ina ndéanfar iarraidh ar
an tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le glacadh ag údaráis chustaim lena linn a
shíneadh laistigh de thréimhse níos lú ná 30 lá oibre ó dhul in éag an chinnidh
sin, féadfaidh an roinn inniúil chustaim an síneadh sin a dhiúltú. 3. Léireofar san iarraidh ar shíneadh
na tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le glacadh ag údaráis chustaim lena linn aon
athrú ar an bhfaisnéis a soláthraítear faoi Airteagal 6(3). 4. Tabharfaidh an roinn inniúil
chustaim fógra maidir lena cinneadh i ndáil leis an síneadh do shealbhóir an
chinnidh lena nglactar leis an iarratas laistigh de 30 lá oibre ón uair a
fhaighfear iarraidh sin. 5. An tréimhse shínithe a mbeidh
gníomhaíocht le glacadh ag na húdaráis chustaim lena linn, tósóidh sí ar an
dáta a ghlacfar an cinneadh lena dtugtar an síneadh, agus ní bheidh sí níos
faide ná bliain amháin. I gcás ina dtagann deireadh le héifeacht cirt
maoine intleachtúla, nó i gcás nach é an t‑iarratasóir an duine atá i dteideal
iarratas a chur isteach a thuilleadh ar chúiseanna éagsúla, ní dhéanfaidh na húdaráis
chustaim aon ghníomhaíocht. Déanfaidh na húdaráis chustaim a ghlac leis an
gcinneadh maidir le síneadh a thabhairt, an cinneadh sin a chúlghairm nó a
leasú dá réir. 6. Ní ghearrfar táille ar
shealbhóir an chinnidh chun na costais riaracháin a eascraíonn as próiseáil na
hiarrta ar shíneadh a chumhdach. 7. Bunóidh an Coimisiún foirm
iarrata le haghaidh sínithe trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar
na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta
comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2). Airteagal 12 An
cinneadh maidir le cearta maoine intleachtúla a leasú Féadfaidh an roinn
inniúil chustaim a ghlac an cinneadh lena nglactar leis an iarratas, ar
iarraidh ó shealbhóir an chinnidh sin, liosta na gceart maoine intleachtúla sa
chinneadh sin a leasú. I gcás cinnidh
lena nglactar le hiarratas ón Aontas, beidh aon leasú ina mbeidh foráil maidir
le cur leis na cearta maoine intleachtúla teoranta do na cearta maoine
intleachtúla sin atá cumhdaithe le hAirteagal 5. Airteagal 13 Na
hoibleagáidí i ndáil le fógra a thabhairt atá ar an roinn inniúil chustaim 1. Déanfaidh an roinn inniúil
chustaim ar cuireadh iarratas náisiúnta faoina bráid na cinntí seo a leanas a
chur ar aghaidh chuig oifigí custaim a Ballstáit, a luaithe a ghlacfar iad: (a)
a cinntí lena nglactar le hiarratas náisiúnta; (b)
a cinntí lena gcúlghairtear cinntí lena nglactar le
hiarratas náisiúnta; (c)
a cinntí lena leasaítear cinntí lena nglactar le
hiarratas náisiúnta; (d)
a cinntí a chuireann síneadh leis an tréimhse a
mbeidh gníomhaíocht le glacadh ag údaráis chustaim lena linn. 2. Déanfaidh an roinn inniúil
chustaim ar cuireadh iarratas ón Aontais faoina bráid na cinntí seo a leanas a
chur ar aghaidh chuig roinn inniúil chustaim an Bhallstáit nó an mBallstát atá
luaite san iarratas ón Aontas: (a)
cinntí lena nglactar le hiarratas ón Aontas; (b)
cinntí lena gcúlghairtear cinntí lena nglactar le
hiarratas ón Aontas; (c)
cinntí lena gcúlghairtear cinntí lena nglactar le
hiarratas ón Aontas; (d)
cinntí lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse a mbeidh
gníomhaíocht le glacadh ag údaráis chustaim lena linn nó lena ndiúltaítear an
tréimhse sin a shíneadh. (e)
cinntí lena gcuirtear gníomhaíochtaí na n‑údarás
custaim ar fionraí faoi Airteagal 15(2). Cuirfidh roinn inniúil chustaim an Bhallstáit/na
mBallstát atá luaite san iarratas ón Aontas na cinntí sin ar aghaidh láithreach
chuig a n‑oifigí custaim féin. 3. A luaithe a bheidh bunachar
sonraí lárnach an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 31(3) i
bhfeidhm, déanfar tríd an mbunachar sonraí sin na haistrithe sonraí ar fad
maidir le cinntí a bhaineann le hiarratais ar ghníomhaíocht, na doiciméid a
ghabhann leo agus fógraí a dhéantar idir údaráis chustaim na mBallstát . Airteagal 14 Na
hoibleagáidí i ndáil le fógra a thabhairt atá ar shealbhóir an chinnidh lena
nglactar leis an iarratas Tabharfaidh
sealbhóir an chinnidh lena nglactar leis an iarratas fógra don roinn inniúil
chustaim a ghlac an cinneadh sin faoi aon cheann acu seo a leanas: (a) nach bhfuil éifeacht a thuilleadh le
ceart maoine intleachtúla arna chumhdach lena iarratas; (b) nach é sealbhóir an chinnidh, ar
chúiseanna éagsúla, an duine atá i dteideal an t‑iarratas a chur isteach a
thuilleadh; (c) leasuithe ar an bhfaisnéis a
cheanglaítear le hAirteagal 6(3). Airteagal 15 Mainneachtan
shealbhóir an chinnidh lena nglactar le hiarratas a chuid oibleagáidí a
chomhlíonadh 1. I gcás ina n‑úsáidfidh
sealbhóir an chinnidh lena nglactar le hiarratas an fhaisnéis a sholáthraíonn
na húdaráis chustaim chun críocha seachas na críocha sin dá bhforáiltear in Airteagal 19,
féadfaidh an roinn inniúil chustaim: (a) an cinneadh lena nglactar leis an
iarratas sa Bhallstát inar soláthraíodh nó inar úsáideadh an fhaisnéis a chur
ar fionraí go dtí go rachaidh an tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le glacadh ag
na húdaráis chustaim lena linn in éag; (b) diúltú síneadh a chur leis an tréimhse a
mbeidh gníomhaíocht le glacadh ag údaráis chustaim lena linn. 2. Féadfaidh an roinn inniúil
chustaim cinneadh a dhéanamh gníomhaíocht na n‑údarás custaim a chur ar fionraí
go dtí go rachaidh an tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le glacadh ag na húdaráis
sin lena linn in éag, i gcás: (a) nach gcomhlíonfaidh sealbhóir an chinnidh
a chuid oibleagáidí i ndáil le fógra a thabhairt faoi Airteagal 14; (b) nach gcomhlíonfaidh sealbhóir an chinnidh
ceanglais Airteagal 18(2) maidir le samplaí a chur ar ais; (c) nach gcomhlíonfaidh sealbhóir an chinnidh
a chuid oibleagáidí faoi Airteagal 27(1) agus (3) maidir le costais agus
aistriúchán; (d) nach dtionscnóidh sealbhóir an chinnidh
imeachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 20(1), 23(4) nó 24(9). I gcás iarratas ón Aontas, ní bheidh éifeacht ag
an gcinneadh maidir le gníomhaíochtaí na n‑údarás custaim a chur ar fionraí ach
sa Bhallstát ina ndéantar an cinneadh sin. CAIBIDIL III FORÁLACHA A RIALAÍONN GNÍOMHAÍOCHT NA
nÚDARÁS CUSTAIM Roinn 1 Scaoileadh earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn
siad ceart maoine inlteachtúla a chur ar fionraí nó na hearraí
sin a choinneáil Airteagal 16 Scaoileadh
na n‑earraí a chur ar fionraí nó na hearraí a choinneáil tar éis glacadh le
hiarratas 1. I gcás ina n‑aithneoidh
údaráis chustaim Ballstáit, i gceann amháin de na cásanna dá dtagraítear in
Airteagal 1(1), earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad ceart maoine
intleachtúla arna chumhdach le cinneadh lena nglactar le hiarratas ar
ghníomhaíocht, glacfaidh siad cinneadh scaoileadh na n‑earraí a chur ar fionraí
nó iad a choinneáil. 2. Sula nglacfaidh na húdaráis
chustaim cinneadh maidir le scaoileadh na n‑earraí a chur ar fionraí nó iad a
choinneáil, féadfaidh siad iarraidh ar shealbhóir an chinnidh lena nglactar
leis an iarratas, aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar dóibh. Féadfaidh na
húdaráis chustaim faisnéis a sholáthar do shealbhóir an chinnidh freisin maidir
le líon iarbhír na n‑ítimí, nó a líon measta, cineál na n‑ítimí agus íomhánna
díobh de réir mar is iomchuí. 3. Sula nglacfaidh na húdaráis
chustaim an cinneadh maidir le scaoileadh na n‑earraí a chur ar fionraí nó iad
a choinneáil, cuirfidh siad a rún in iúl don dearbhóir nó, i gcásanna ina
bhfuil na hearraí le coinneáil, do shealbhóir na n‑earraí. Tabharfar an deis
don dearbhóir nó do shealbhóir na n‑earraí a thuairimí a chur in iúl laistigh
de thrí lá oibre ón uair a sheoltar an teachtaireacht sin. 4. Tabharfaidh na húdaráis
chustaim fógra do shealbhóir an chinnidh lena nglactar le hiarratas agus do
dhearbhóir nó sealbhóir na n‑earraí maidir lena gcinneadh scaoileadh na n‑earraí
a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, laistigh de lá oibre amháin ón uair a
ghlactar a gcinneadh. Áireofar san fhógra a thabharfar don dearbhóir nó
do shealbhóir na n‑earraí faisnéis ar na hiarmhairtí dlíthiúla dá bhforáiltear
le hAirteagal 20 maidir le hearraí seachas earraí góchumtha agus bradacha
agus dá bhforáiltear le hAirteagal 23 maidir le hearraí góchumtha agus
bradacha. 5. Cuirfidh na húdaráis chustaim
sealbhóir an chinnidh lena nglactar leis an iarratas agus an dearbhóir nó
sealbhóir na n‑earraí ar an eolas faoi líon iarbhír nó faoi líon measta na n‑earraí,
faoin gcineál iarbhír earraí nó faoin gcineál measta, lena n‑áirítear íomhánna
de na hearraí sin de réir mar is iomchuí, ar earraí iad ar cuireadh a
scaoileadh ar fionraí nó a coinníodh. 6. I gcás ina mbreathnaítear ar
níos mó ná duine amháin mar shealbhóir na n‑earraí, ní bheidh ar na húdaráis
chustaim níos mó ná duine amháin a chur ar an eolas. Airteagal 17 Scaoileadh
na n‑earraí a chur ar fionraí nó na hearraí a choinneáil gan glacadh le
hiarratas 1. I gcás ina n‑aithneoidh na
húdaráis chustaim, le linn gníomhaíochta i gceann amháin de na cásanna dá
dtagraítear in Airteagal 1(1), earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn
siad ceart maoine intleachtúla, féadfaidh siad scaoileadh na n‑earraí sin a
chur ar fionraí nó iad a choinneáil sula bhfaigheann siad fógra maidir le
cinneadh lena nglactar le hiarratas i ndáil leis na hearraí sin. 2. Sula nglacfaidh na húdaráis
chustaim an cinneadh maidir le scaoileadh na n‑earraí a chur ar fionraí nó iad
a choinneáil féadfaidh siad, gan aon fhaisnéis a nochtadh seachas líon iarbhír
nó líon measta na n‑ítimí, cineál na n‑ítimí agus íomhánna díobh, de réir mar
is iomchuí, iarraidh ar aon duine atá i dteideal iarratas a chur isteach maidir
le sárú líomhainte ceart maoine intleachtúla, aon fhaisnéis ábhartha a
sholáthar dóibh. 3. Sula nglacfaidh na húdaráis
chustaim cinneadh maidir le scaoileadh na n‑earraí a chur ar fionraí nó iad a
choinneáil, cuirfidh siad a rún in iúl don dearbhóir nó, i gcásanna ina mbeidh
na hearraí le coinneáil, do shealbhóir na n‑earraí. Tabharfar an deis don
dearbhóir nó do shealbhóir na n‑earraí a thuairimí a chur in iúl laistigh de
thrí lá oibre ón uair a sheoltar an teachtaireacht sin. 4. Tabharfaidh na húdaráis
chustaim fógra d’aon duine atá i dteideal iarratas a chur isteach maidir le
sárú líomhainte ceart maoine intleachtúla i leith scaoileadh na n‑earraí a chur
ar fionraí nó iad a choinneáil, agus tabharfar an fógra sin laistigh de lá
oibre amháin ón uair a dhéanfar scaoileadh na n‑earraí a chur ar fionraí nó a
dhéanfar iad a choinneáil. 5. Glacfaidh na húdaráis
chustaim le scaoileadh na n‑earraí nó cuirfidh siad deireadh lena gcoinneáil a
luaithe a bheidh na foirmiúlachtaí custaim ar fad curtha i gcrích sna cásanna
seo a leanas: (a) i gcás nach mbeidh aon duine aitheanta
acu atá i dteideal iarratas a chur isteach maidir leis an sárú líomhainte ceart
maoine intleachtúla laistigh de lá oibre amháin ón uair a dhéanfar scaoileadh
na n‑earraí a chur ar fionraí, nó a dhéanfar iad a choinneáil; (b) i gcás nach mbeidh iarratas faighte nó
diúltaithe acu i gcomhréir le hAirteagal 6(5). Tabharfaidh na húdaráis chustaim fógra don dearbhóir
nó do shealbhóir na n‑earraí maidir lena gcinneadh scaoileadh na n‑earraí a
chur ar fionraí nó iad a choinneáil, laistigh de lá oibre amháin ón lá a
ghlactar a gcinneadh. 6. Ní bheidh feidhm ag an
Airteagal seo maidir le hearraí meatacha. Airteagal 18 Iniúchadh agus sampláil a dhéanamh ar earraí ar cuireadh a scaoileadh
ar fionraí nó a coinníodh. 1. Tabharfaidh na húdaráis
chustaim an deis do shealbhóir an chinnidh lena nglactar leis an iarratas agus
don dearbhóir nó do shealbhóir na n‑earraí iniúchadh a dhéanamh ar na hearraí
ar cuireadh a scaoileadh ar fionraí nó a coinníodh. 2. Féadfaidh na húdaráis
chustaim samplaí a ghlacadh agus féadfaidh siad samplaí a sholáthar do
shealbhóir an chinnidh lena nglactar le hiarratas, ar iarraidh uaidh, chun críocha
anailíse, agus chun na gcríoch sin amháin, agus chun an nós imeachta a dhéanfar
ina dhiaidh sin i ndáil le hearraí góchumtha agus bradacha a éascú. Aon anailís
a dhéanfar ar na samplaí sin, deanfar í faoi fhreagracht shealbhóir an chinnidh
lena nglactar le hiarratas. Nuair is féidir, cuirfear na samplaí ar ais nuair
a bheidh an anailís theicniúil curtha i gcrích agus sula scaoilfear na hearraí
nó sula gcuirfear deireadh lena gcoinneáil. 3. Soláthróidh na húdaráis
chustaim na nithe seo a leanas do shealbhóir an chinnidh lena nglactar le
hiarratas, ar iarraidh agus más eol iad: ainmneacha agus seoltaí an choinsíní,
an choinsíneora, an dearbhóra nó shealbhóir na n‑earraí, an nós imeachta
custaim agus tír thionscnaimh, áit bhunaidh, agus ceann scríbe earraí a bhfuil
amhras fúthu go sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla. 4. Cinnfidh gach Ballstát na
coinníollacha faoina stórálfar na hearraí le linn na tréimhse ina bhfuil an
scaoileadh ar fionraí nó na tréimhse coinneála, lena n‑áirítear forálacha
maidir le costais. Airteagal 19 Úsáid
faisnéise áirithe a bheith ceadmhach do shealbhóir an chinnidh lena nglactar le
hiarratas I gcás ina bhfuil
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 18(3) faighte ag sealbhóir an
chinnidh lena nglactar leis an iarratas, ní fhéadfaidh an sealbhóir an
fhaisnéis sin a fháil ach chun na gcríoch seo a leanas: (a) imeachtaí a thionscnaimh chun a
chinneadh ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla; (b) cúiteamh a lorg ón té a rinne sárú
nó ó dhaoine eile i gcás ina scriostar earraí i gcomhréir le
hAirteagal 20(3) nó le hAirteagal 23(3). Roinn 2 imeachtaí a thionscnamh agus luath‑scaoileadh earraí Airteagal 20 Imeachtaí
a thionscnamh 1. I gcás ina mbeidh amhras faoi
earraí seachas na hearraí sin arna gcumhdach le hAirteagal 23 agus le
hAirteagal 24, go sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla, tionscnóidh
sealbhóir an chinnidh lena nglactar le hiarratas imeachtaí chun a chinneadh ar
sáraíodh ceart maoine intleachtúla laistigh de 10 lá oibre ón uair a seoladh an
cinneadh maidir le scaoileadh na n‑earraí a chur ar fionraí nó iad a
choinneáil. I gcás earraí meatacha a bhfuil amhras fúthu go
sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla, tréimhse trí lá oibre ón uair a
sheoltar an cinneadh maidir le scaoileadh na n‑earraí a chur ar fionraí nó iad
a choinneáil a bheidh sa tréimhse chun na himeachtaí dá dtagraítear sa chéad
fhomhír a thionscnamh. 2. Glacfaidh na húdaráis
chustaim le scaoileadh na n‑earraí nó cuirfidh siad deireadh lena gcoinneáil a
luaithe a bheidh na foirmiúlachtaí custaim ar fad curtha i gcrích i gcás nach
gcuireann sealbhóir an chinnidh lena nglactar leis an iarratas ar an eolas iad,
laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, faoi aon cheann acu seo a leanas: (a) imeachtaí a thionscnaimh chun a chinneadh
ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla; (b) comhaontú i scríbhinn idir sealbhóir an
chinnidh lena nglactar le hiarratas agus sealbhóir na n‑earraí maidir leis na
hearraí a thabhairt suas lena scriosadh. 3. I gcás an chomhaontaithe
maidir leis na hearraí a thabhairt suas lena scriosadh dá dtagraítear i mír
2(b), déanfar an scriosadh faoi rialú custaim ar chostas shealbhóir an chinnidh
lena nglactar leis an iarratas agus faoina fhreagracht, ach amháin má
shonraítear a mhalairt i reachtaíocht an Bhallstáit ina scriostar na hearraí. 4. Féadfaidh na húdaráis
chustaim síneadh 10 lá oibre ar a mhéad a chur leis an tréimhse dá dtagraítear
sa chéad fhomhír de mhír 1 ar iarraidh ó shealbhóir an chinnidh lena nglactar
le hiarratas sna cásanna iomchuí. I gcás earraí meatacha, ní chuirfear síneadh leis
an tréimhse dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1. Airteagal 21 Luath‑scaoileadh
earraí 1. I gcás ina bhfuil fógra
tugtha d’údaráis chustaim maidir le himeachtaí a thionscnamh chun a chinneadh
ar sáraíodh ceart maidir le dearadh, paitinn, cuspa áisiúlachtaí nó cineál
planda nuair atá an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 20 imithe in
éag, féadfaidh an dearbhóir nó sealbhóir na n‑earraí iarraidh ar na húdaráis
chustaim na hearraí a scaoileadh nó deireadh a chur lena gcoinneáil. Ní scaoilfidh na húdaráis chustaim na hearraí ná
ní chuirfidh siad deireadh lena gcoinneáil ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar
na coinníollacha seo a leanas: (a) go bhfuil urrús curtha ar fáil ag an
dearbhóir nó ag sealbhóir na n‑earraí; (b) nach bhfuil bearta réamhchúraim údaraithe
ag an údarás is inniúil maidir lena chinneadh ar sáraíodh ceart maoine
intleachtúla; (c) go bhfuil na foirmiúlachtaí custaim ar
fad curtha i gcrích. 2. Déanfaidh an dearbhóir nó
sealbhóir na n‑earraí an t‑urrús dá dtagraítear i mír 1(a) a sholáthar laistigh
de 10 lá oibre ón dáta ar a bhfaighidh na húdaráis chustaim an iarraidh dá
dtagraítear i mír 1. 3. Socróidh na húdaráis chustaim
méid an urrúis ard go leor chun go gcosnófar leasanna shealbhóir an chinnidh
lena nglactar leis an iarratas. 4. Má sholáthraítear an t‑urrús,
ní dhéanfaidh sé difear do na réitigh dhlíthiúla eile atá ar fáil do shealbhóir
an chinnidh lena nglactar leis an iarratas. Airteagal 22 Bearta atá toirmiscthe ag na húdaráis
chustaim i ndáil le hearraí a thugtar suas lena scriosadh 1. Maidir le hearraí a thugtar
suas lena scriosadh faoi Airteagal 20, Airteagal 23 nó
Airteagal 24: (a) ní scaoilfear le haghaidh
saorchúrsaíochta iad; (b) ní thabharfar amach ó chríoch custaim an
Aontais iad; (c) ní dhéanfar iad a onnmhairiú; (d) ní dhéanfar iad a ath‑onnmhairiú; (e) ní chuirfear nós imeachta fionraíochta i
bhfeidhm orthu; (f) ní chuirfear i limistéar saor ná i
dtrádstóras saor iad. 2. Féadfaidh na húdaráis
chustaim cead a thabhairt na hearraí dá dtagraítear i mír 1 a bhogadh faoi
mhaoirseacht chustaim idir áiteanna éagsúla laistigh de chríoch chustaim an
Aontais d'fhonn iad a scriosadh faoi rialú custaim. Roinn 3 Earraí góchumtha agus bradacha Airteagal 23 Scriosadh
agus imeachtaí a thionscnamh 1. Féadfar earraí a bhfuil
amhras fúthu gur earraí góchumtha nó earraí bradacha iad a scriosadh faoi rialú
custaim agus ní bheidh aon ghá ann a chinneadh an bhfuil ceart maoine
intleachtúla á sárú faoi dhlí an Bhallstáit ina n‑aimsítear na hearraí, i gcás
ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas: (a)
gur chuir sealbhóir an chinnidh lena nglactar leis
an iarratas in iúl i scríbhinn do na húdaráis chustaim a chomhaontú maidir leis
na hearraí a scriosadh laistigh de 10 lá oibre, nó laistigh de thrí lá oibre i
gcás earraí meatacha, ón uair a sheolfar an cinneadh maidir le scaoileadh na n‑earraí
a chur ar fionraí nó iad a choinneáil; (b)
gur dhearbhaigh an dearbhóir nó sealbhóir na n‑earraí
i scríbhinn do na húdaráis chustaim a chomhaontú maidir leis na hearraí a
scriosadh laistigh de 10 lá oibre, nó laistigh de thrí lá oibre i gcás earraí
meatacha, ón uair a sheolfar an cinneadh maidir le scaoileadh na n‑earraí a
chur ar fionraí nó iad a choinneáil; 2. I gcás nach bhfuil sé
dearbhaithe ag an dearbhóir nó sealbhóir na n‑earraí go gcomhaontaíonn sé le
scriosadh na n‑earraí laistigh de na tréimhsí atá leagtha amach i mír 1(b), nó
nach bhfuil sé curtha in iúl do na húdaráis chustaim a ghlac an cinneadh maidir
le scaoileadh na n‑earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, go bhfuil sé i
gcoinne a scriosta, féadfaidh na húdaráis chustaim a mheas go gcomhaontaíonn an
dearbhóir nó sealbhóir na n‑earraí lena scriosadh. Cuirfidh na húdaráis chustaim sealbhóir an
chinnidh lena nglactar le hiarratas ar an eolas dá réir sin. I gcás ina gcuirfidh an dearbhóir nó sealbhóir na
n‑earraí i gcoinne scriosadh na n‑earraí, cuirfidh na húdaráis chustaim an méid
sin in iúl do shealbhóir an chinnidh lena nglactar le hiarratas. 3. Déanfar an scriosadh faoi
rialú custaim, ar chostas shealbhóir an chinnidh lena nglactar leis an iarratas
agus faoina fhreagracht sin, ach amháin má shonraítear a mhalairt i
reachtaíocht an Bhallstáit ina scriostar na hearraí. Féadfar samplaí a ghlacadh
roimh an scriosadh. 4. I gcás nach bhfuil comhaontú
ann faoin scriosadh, tionscnóidh sealbhóir an chinnidh lena nglactar leis an
iarratas imeachtaí chun a chinneadh ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla, agus
déanfaidh sé sin laistigh de 10 lá oibre, nó laistigh de thrí lá oibre i gcás
earraí meatacha, maidir le seoladh an chinnidh i ndáil le scaoileadh na n‑earraí
a chur ar fionraí nó iad a choinneáil. Féadfaidh na húdaráis chustaim síneadh 10 lá oibre
ar a mhéad a chur leis na tréimhsí dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar iarraidh
ó shealbhóir an chinnidh lena nglactar le hiarratas sna cásanna iomchuí. Ní chuirfear síneadh leis na tréimhsí sin i gcás
earraí meatacha. 5. Glacfaidh na húdaráis
chustaim le scaoileadh na n‑earraí nó cuirfidh siad deireadh lena gcoinneáil,
de réir mar is iomchuí, a luaithe a bheidh na foirmiúlachtaí custaim ar fad
curtha i gcrích, i gcás nár chuir sealbhóir an chinnidh lena nglactar leis an
iarratas faisnéis ar fáil dóibh maidir le haon cheann acu seo a leanas: (a)
a chomhaontú i dtaobh an scriosta laistigh de na
tréimhsí dá dtagraítear i mír 1(a); (b)
imeachtaí a thionscamh chun a chinneadh ar sáraíodh
ceart maoine intleachtúla laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 4. Airteagal 24 Nós
imeachta sonrach maidir le hearraí a scriosadh i gcoinsíneachtaí beaga 1. Beidh feidhm ag an Airteagal
seo maidir le hearraí i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a
leanas: (a)
earraí a bhfuil amhras fúthu gur earraí góchumtha
nó earraí bradacha iad; (b)
earraí nach earraí meatacha iad; (c)
earraí arna gcumhdach le cinneadh lena nglactar le
hiarratas; (d)
earraí a iompraítear ina gcoinsíneachtaí beaga. 2. Ní bheidh feidhm ag
Airteagal 16(3), (4) agus (5) ná ag Airteagal 18(2). 3. Nuair a thabharfaidh
na húdaráis chustaim fógra maidir lena gcinneadh i ndáil le scaoileadh na n‑earraí
a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, laistigh de lá oibre amháin tar éis an
cinneadh sin a ghlacadh, cuirfidh siad an méid seo a leanas in iúl don
dearbhóir nó do shealbhóir na n‑earraí: (a) rún na n‑údarás custaim na hearraí a
scriosadh, (b) cearta an dearbhóra nó shealbhóir na n‑earraí
faoi mír 4 agus mír 5. 4. Tabharfar an deis don
dearbhóir nó do shealbhóir na n‑earraí a thuairimí a chur in iúl laistigh de 20
lá oibre ón uair a sheolfar an cinneadh maidir le scaoileadh na n‑earraí a chur
ar fionraí nó iad a choinneáil. 5. Féadfar na hearraí lena
mbaineann a scriosadh i gcás ina ndearbhóidh an dearbhóir nó sealbhóir na n‑earraí do na húdaráis chustaim go gcomhaontaíonn sé le
scriosadh na n‑earraí, laistigh de 20 lá oibre ón uair a sheolfar an cinneadh
maidir le scaoileadh na n‑earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil. 6. I gcás nach bhfuil sé
dearbhaithe ag an dearbhóir nó sealbhóir na n‑earraí go gcomhaontaíonn sé le
scriosadh na n‑earraí laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 5, nó nach
bhfuil fógra tugtha aige do na húdaráis chustaim a ghlac an cinneadh maidir le
scaoileadh na n‑earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, go bhfuil sé i
gcoinne a scriosta, féadfaidh na húdaráis chustaim a mheas go gcomhaontaíonn an
dearbhóir nó sealbhóir na n‑earraí lena scriosadh. 7. Déanfar an scriosadh faoi
rialú custaim agus ar chostas na n‑údarás custaim. 8. I gcás ina gcuirfidh an
dearbhóir nó sealbhóir na n‑earraí i gcoinne scriosadh na n‑earraí, cuirfidh na
húdaráis chustaim an méid sin in iúl do shealbhóir an chinnidh lena nglactar le
hiarratas agus cuirfidh sé in iúl freisin líon agus cineál na n‑ítimí, lena n‑áirítear
íomhánna de na hítimí sin nuair is iomchuí. 9. Glacfaidh na húdaráis
chustaim le scaoileadh na n‑earraí nó cuirfidh siad deireadh lena gcoinneáil,
de réir mar is iomchuí, a luaithe a bheidh na foirmiúlachtaí custaim ar fad
curtha i gcrích, i gcás nach bhfuil faisnéis faighte uathu ó shealbhóir an
chinnidh lena nglactar leis an iarratas ar thionscnamh imeachtaí chun a
chinneadh ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla laistigh de 10 lá oibre ó
seoladh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 8. 10. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30
maidir leis na tairsigh a shainíonn coinsíneachtaí beaga chun críche an
Airteagail seo. CAIBIDIL IV DLITEANAS, COSTAIS AGUS PIONÓIS Airteagal 25 Dliteanas
na n‑údarás custaim Gan dochar do
reachtaíocht infheidhme na mBallstát, ní thabharfaidh cinneadh lena nglactar le
hiarratas teideal do shealbhóir an chinnidh cúiteamh a fháil i gcás nach
mbraitheann oifig chustaim earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad ceart
maoine intleachtúla, agus i gcás ina scaoiltear na hearraí sin, nó i gcás nach
ndéantar aon ghníomhaíocht chun iad a choinneáil. Airteagal 26 Dliteanas
shealbhóir an chinnidh lena nglactar le hiarratas I gcás ina gcuirtear
deireadh le nós imeachta a tionscnaíodh go cuí de bhun an Rialacháin seo de
bharr gníomhaíochta nó neamhghnímh a rinne sealbhóir an chinnidh lena nglactar
leis an iarratas nó i gcás ina ndearbhaítear ina dhiaidh sin nach sáraíonn na
hearraí ceart maoine intleachtúla, beidh sealbhóir an chinnidh maidir le
glacadh le hiarratas faoi dhliteanas ag na daoine atá i gceann de na cásanna dá
dtagraítear in Airteagal 1(1) i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit
inar aimsíodh na hearraí. Airteagal 27 Costais 1. I gcás ina n‑iarrfaidh na
húdaráis chustaim a leithéid, íocfaidh sealbhóir an chinnidh lena nglactar le
hiarratas na costais ar fad a thabhaíonn lucht riaracháin chustaim mar thoradh
ar earraí a choimeád faoi mhaoirseacht chustaim i gcomhréir le hAirteagal 16
agus le hAirteagal 17 agus mar thoradh ar scriosadh earraí i gcomhréir le
hAirteagal 20 agus le hAirteagal 23. 2. Beidh an tAirteagal seo gan
dochar do cheart shealbhóir an chinnidh lena nglactar le hiarratas cúiteamh a
lorg ón té a rinne sárú nó ó dhaoine eile i gcomhréir le reachtaíocht an
Bhallstáit inar aimsíodh na hearraí. 3. Soláthróidh sealbhóir an
chinnidh lena nglactar le hiarratas ón Aontas aon aistriúchán atá ag teastáil ó
na húdaráis chustaim atá le gníomhaíocht a ghlacadh maidir leis na hearraí a
bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla, agus íocfaidh
sé as an aistriúchán sin. Airteagal 28 Smachtbhannaí
riaracháin Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir
le smachtbhannaí riaracháin is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha an
Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá d’fhonn a áirithiú go
gcuirfear i bhfeidhm iad. Ní mór na smachtbhannaí riaracháin dá bhforáiltear a
bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún
maidir leis na forálacha sin laistigh de sé mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill má dhéantar aon leasú
ar na forálacha sin ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh. CAIBIDIL V COISTE, TOSCAIREACHT AGUS FORÁLACHA
CRÍOCHNAITHEACHA Airteagal 29 An
nós imeachta coiste 1. Beidh de chúnamh ag an
gCoimisiún an Coiste um an gCód Custaim a bunaíodh le hAirteagal 247a agus
le hAirteagal 248a de Rialachán (CE) Uimh. 2913/92 ón
gComhairle. Is é a bheidh sa Choiste sin Coiste de réir bhrí
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 2. I gcás ina dtagraítear don
mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011. Airteagal 30 An
tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na
gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Tabharfar tarmligean na
cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 24(10) don Choimisiún go ceann
tréimhse éiginnte ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. 3. Féadfaidh Parlaimint na
hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in
Airteagal 24(10) a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairme
deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht
leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh
sin a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon
ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé
gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do
Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún. 5. Ní thiocfaidh gníomh
tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 24(10) i bhfeidhm ach amháin i
gcás nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de
thréimhse 2 mhí ón uair a tugadh fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don
Chomhairle maidir leis an ngníomh sin nó i gcás ina gcuirfidh Parlaimint na
hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún roimh dhul in éag na
tréimhse sin, nach gcuirfidh siad i gcoinne an ghnímh. Cuirfear 2 mhí leis an
tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. Airteagal 31 Aistriú
sonraí maidir le cinntí a bhaineann le hiarratas ar ghníomhaíocht idir na Ballstáit
agus an Coimisiún 1. Tabharfaidh na ranna inniúla
custaim fógra don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas: (a) iarratais ar ghníomhaíocht, lena n‑áirítear
aon ghrianghraif, íomhánna, bróisiúir; (b) cinntí lena nglactar le hiarratais; (c) aon chinntí a chuireann síneadh leis an
tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le glacadh ag na húdaráis chustaim lena linn, nó
cinntí a dhéanann an cinneadh lena nglactar leis an iarratas a chúlghairm nó a
leasú; (d) cinneadh lena nglactar leis an iarratas a
chur ar fionraí. 2. Gan dochar d’fhorálacha
Airteagal 24(g) de Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle, i gcás
ina gcuirfear scaoileadh na n‑earraí ar fionraí nó ina gcoinneofar na hearraí,
cuirfidh na húdaráis chustaim aon fhaisnéis ábhartha, lena n‑áirítear sonraí
maidir leis na hearraí, ceart maoine intleachtúla, nósanna imeachta agus
iompar, ar aghaidh chuig an gCoimisiún. 3. Déanfar an fhaisnéis ar fad
dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a stóráil i mbunachar sonraí
lárnach an Choimisiúin. 4. Cuirfidh an Coimisiún an
fhaisnéis ábhartha dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 ar fáil
d’údaráis chustaim na mBallstát i bhfoirm leictreonach. Airteagal 32 Forálacha
cosanta sonraí 1. Déanfar próiseáil sonraí
pearsanta i mbunachar sonraí lárnach an Choimisiúin i gcomhréir le
Rialachán (CE) Uimh. 45/2001[26]
agus faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí. 2. Déanfaidh na húdaráis inniúla
sna Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Treoir 95/46/CE[27] agus faoi mhaoirseacht údarás
neamhspleách poiblí an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 28 den
Treoir seo. Airteagal 33 Tréimhsí,
dátaí agus teorainneacha ama Beidh feidhm ag na
rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama atá
leagtha amach i Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle[28]. Airteagal 34 Cúnamh
frithpháirteach riaracháin Beidh feidhm le
forálacha Rialachán (CE) Uimh. 515/97. Airteagal 35 Aisghairm Aisghairtear
Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 le héifeacht ón XX-XX-20XX. Forléireofar
tagairtí a dhéanfar don Rialachán aisghairthe mar thagairtí don Rialachán seo. Airteagal 36 Forálacha idirthréimhseacha Beidh iarratais ar
ghníomhaíocht a nglacfar leo i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003
ón gComhairle bailí go ceann na tréimhse atá sonraithe sa chinneadh lena
nglactar leis an iarratas, ar tréimhse í a mbeidh gníomhaíocht le glacadh ag na
húdaráis chustaim lena linn, agus ní chuirfear síneadh leis an tréimhse sin. Airteagal 37 Teacht
i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm Tiocfaidh an
Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm le
hAirteagal 24(1) go (9) ón XX.XX20XX, áfach. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] Teachtaireacht ón gCoimisiún, Eoraip 2020. Straitéis
maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach. An Bhruiséil -
COIM(2010) 2020, 3.3.2010 [2] Teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2011: An
Gníomh um an Margadh Aonair – COIM(2011) 206. [3] Rún ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2008 maidir le
plean cuimsitheach Eorpach um fhrith‑góchumadhh agus frith‑phíoráideacht (IO C
253, 4.10.2008, lch.1). [4] Rún ón gComhairle an 16 Márta 2009 maidir le Plean
Gníomhaíochta Údaráis Chustaim an AE d’fhonn sáruithe ar chearta maoine
intleachtúla a chomhrac sna blianta 2009-2012 (IO C 71, 25.3.2009, Lch. 1). [5] Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Samhain 2010: “I dTreo
Gnímh um an Margadh Aonair,” COIM(2010)608 leagan críochnaitheach2. [6] IO C [7] IO C 253, 4.10.2008, Lch. 1. [8] IO L 196, 2.8.2003, Lch. 7. [9] IO L 302, 19.10.1992,
lch 1. [10] IO L 12, 16.1.2001, Lch. 1. [11] Rún 2008/2133/INI [12] IO L 82, 22.3.1997, Lch. 1. [13] IO L 281, 23.11.1995, Lch. 31. [14] IO L 8, 12.1.2001, Lch. 1. [15] IO L 55, 28.2.2011, Lch. 13 [16] IO L 152, 16.6.2009, Lch. 1. [17] IO L 198, 8.8.1996, Lch. 30. [18] IO L 227, 1.9.1994, Lch. 1. [19] IO L 78, 24.3.2009, Lch. 1. [20] IO L 3, 5.1.2002, Lch. 1. [21] IO L 93, 31.3.2006, Lch. 12. [22] IO L 148, 6.6.2008, Lch. 1. [23] IO L 149, 14.6.1991, Lch. 1. [24] IO L 39, 13.2.2008, Lch. 16. [25] IO L199, 31.7.2007, lch.40. [26] IO L 8, 12.1.2001, Lch. 1. [27] IO L 281, 23.11.1995, Lch. 31. [28] IO L 124, 8.6.1971, Lch. 1.